30

© CCEA 2018

  • Upload
    others

  • View
    5

  • Download
    0

Embed Size (px)

Citation preview

Page 1: © CCEA 2018

© CCEA 2018

Page 2: © CCEA 2018

SERENA WILLIAMS

beatha le bua

Serana Williams Book.indd 1 09/03/2018 12:53

Page 3: © CCEA 2018

Pictiúr Clúdaigh © PCN Photography / Alamy Stock Photo

Pictiúir le © Alamy Stock Photo

Arna tháirgeadh agus arna fhoilsiú ag CCEA

Gach ceart ar cosaint. Ní féidir cuid ar bith den leabhar seo aathfhoilsiú i gcruth ar bith nó ar dhóigh ar bith gan cead a fháil roimh ré ó CCEA.

Serana Williams Book.indd 2 09/03/2018 12:53

Page 4: © CCEA 2018

SER

ENA

WIL

LIA

MS

beatha le bua

Serana Williams Book.indd 3 09/03/2018 12:53

Page 5: © CCEA 2018

ooooooooooooooooaooooofooooo

0ooxooooooooowooooo

>ooooooodoooozooooooooooooooooooooo0o

4

SERENA WILLIAMS

Intreoir

Tá Serena Williams ar na himreoirí leadóige is fearr a bhí riamh ann is dócha. Chruthaigh sí sin minic go leor ó thosaigh sí ag imirt go proifisiúnta sa bhliain 1995 nuair nach raibh sí ach 14 bliana d’aois, rud nár chóir di a dhéanamh go dtí go mbeadh sí 16 bliana d’aois. Tá na comórtais is tábhachtaí ar domhan sa leadóg uilig bainte aici ó shin, níos mó ná uair amháin, san Astráil, sa Bhreatain, sa Frainc agus sna Stáit Aontaithe. Is iomaí duais agus gradam atá bainte aici. Tá clú agus cáil uirthi anois ar fud an domhain. Tá sí ar na lúthchleasaithe is saibhre ar domhan fosta. Tá dúil mhór ag a lán daoine inti mar gheall ar a bhfuil bainte amach aici agus mar gheall ar an stíl imeartha a thug sí isteach sa leadóg. Idir í féin agus a deirfiúr Venus, atá fíormhaith mar imreoir leadóige fosta, d’athraigh siad an cluiche sin go mór.

Serana Williams Book.indd 4 09/03/2018 12:53

Page 6: © CCEA 2018

5

oooooooo

0oooooooaooooofo0ooooxoooo

<oooowooooooooodoooozoooooooooooooooooooooooooo0o0

SERENA WILLIAMS

© HENK KOSTER / ALAMY STOCK PHOTO

Serana Williams Book.indd 5 09/03/2018 12:53

Page 7: © CCEA 2018

ooooooooooooooooaooooofooooo

0ooxooooooooowooooo

>ooooooodoooozooooooooooooooooooooo0o

6

SERENA WILLIAMS

Cé go bhfuil a saol mar imreoir leadóige proifisiúnta ag teacht chun deiridh anois, is féidir léi a bheith bródúil as a bhfuil déanta aici agus bainte amach aici. Cé hí an bhean iontach seo, mar sin, agus cad é a spreag í le bheith ar na daoine is so-aitheanta ar domhan?

Cúlra

Rugadh Serena Williams in Michigan i dtuaisceart na Stát Aontaithe ar an 26 Meán Fómhair 1981. Bhí deirfiúr amháin aici, Venus, agus triúr leathdheirfiúracha aici fosta. Thosaigh sí ag imirt leadóige nuair nach raibh sí ach 3 bliana d’aois. Ba é a hathair, Richard Williams, is mó a spreag í féin agus Venus sa leadóg. Nuair a bhí sí 9 mbliana d’aois chuaigh siad a chónaí in Florida i ndeisceart na tíre sa dóigh go dtiocfadh leo freastal ar acadamh leadóige ansin. Ach cé gur léir go rachadh siad leis an leadóg go proifisiúnta am éigin, rinne

Serana Williams Book.indd 6 09/03/2018 12:53

Page 8: © CCEA 2018

7

oooooooo

0oooooooaooooofo0ooooxoooo

<oooowooooooooodoooozoooooooooooooooooooooooooo0o0

SERENA WILLIAMS

© ZUMA PRESS, INC / ALAMY STOCK PHOTO

Serana Williams Book.indd 7 09/03/2018 12:53

Page 9: © CCEA 2018

ooooooooooooooooaooooofooooo

0ooxooooooooowooooo

>ooooooodoooozooooooooooooooooooooo0o

8

SERENA WILLIAMS

an t-athair cinnte de go raibh gnáthshaol acu agus iad ag fás aníos.

Rinne sé cinnte de go bhfuair siad oideachas maith ag an am chéanna. Ba ag an am sin chomh maith a mhothaigh siad an ciníochas sna Stáit Aontaithe den chéad uair. Níorbh fhada go raibh Serena ag forbairt agus ag feabhsú go mór sa leadóg agus bhain sí cuid mhór cluichí agus comórtas faoi aois. Faoin am a raibh sí 10 mbliana d’aois, ba léir go raibh sí speisialta agus go raibh sí ag dul a bheith fíormhaith ag an leibhéal is airde. Ansin, rinne a hathair cinneadh cinniúnach nuair a bhain sé í amach as an acadamh leadóige. Shocraigh sé go mbeadh sé féin ina bhainisteoir aici agus ag a deirfíur Venus. Ba é sin a cinneadh is mó agus is fearr, b’fhéidir, cinneadh a chuidigh leis an bheirt acu forbairt agus feabhsú sa chluiche sna blianta ina dhiaidh sin.

Serana Williams Book.indd 8 09/03/2018 12:53

Page 10: © CCEA 2018

oooooooo

0oooooooaooooofo0ooooxoooo

<oooowooooooooodoooozoooooooooooooooooooooooooo0o0

9

SERENA WILLIAMS

Na luathbhlianta

Faoin am a raibh sí 14 bliana d’aois mhothaigh Serena go raibh sí réidh le tiontú ina himreoir proifisiúnta cé go raibh sí iontach óg go fóill. Chuir sí isteach ar chomórtas proifisiúnta in California in 1995 ach diúltaíodh í cionn is go raibh sí ró-óg. Ní mó ná sásta a bhí sí ar ndóigh. Níos moille sa bhliain sin fuair sí cead imirt i gcomórtas eile i gCeanada ach níor éirigh go maith léi. Níor ghlac sí páirt i gcomórtas ar bith eile go dtí 1997 nuair a d’imir sí in Chicago. Ag an am seo bhí sí sa 304ú háit ar domhan. Bhí giota fada le dul aici go fóill mar imreoir leadóige. Mar sin féin, chuir sí iontas ar dhaoine nuair a bhuail sí beirt de na himreoirí is fearr ar domhan ag an am sin, mar a bhí Mary Pierce, a bhí sa 7ú háit ar domhan, agus Monica Seles, a bhí sa 4ú háit ar domhan. Baineadh geit as cuid mhór daoine nuair a tharla sin.

Serana Williams Book.indd 9 20/03/2018 09:44

Page 11: © CCEA 2018

Serana Williams Book.indd 10 09/03/2018 12:53

Page 12: © CCEA 2018

SERENA WILLIAMS

© AF ARCHIVE / ALAMY STOCK PHOTO

Serana Williams Book.indd 11 09/03/2018 12:53

Page 13: © CCEA 2018

ooooooooooooooooaooooofooooo

0ooxooooooooowooooo

>ooooooodoooozooooooooooooooooooooo0o

1 2

SERENA WILLIAMS

Cé nár bhain sí an comórtas sa deireadh, ba léir go raibh imreoir speisialta nua ag teacht chun tosaigh. Faoi dheireadh na bliana sin, bhog sí suas go dtí an 99ú háit ar domhan.

Sa bhliain 1998 ghlac sí páirt i gcomórtas san Astráil den chéad uair. Arís eile, chuir sí iontas ar dhaoine nuair a bhuail sí Lindsay Davenport, a bhí sa 3ú háit ar domhan ag an am, sa chluiche ceathrú ceannais, ach chaill sí an cluiche leathcheannais. D’imir sí san ‘Australian Open’ fosta ina dhiaidh sin. Bhain sí an chéad bhabhta maith go leor ach bhuail a deirfiúr Venus í sa chéad bhabhta eile. I rith na bliana sin d’imir sí in éadan cuid de na himreoirí is fearr ar domhan, ach níor bhain sí aon chomórtas mór mar imreoir aonair. D’éirigh go maith léi ag imirt cluichí dúbailte lena deirfiúr, áfach. Faoi dheireadh na bliana sin bhog sí suas go dtí an 20ú háit ar domhan. Cé nár bhain sí mórán, bhí sí ag dul sa treo cheart go gasta.

Serana Williams Book.indd 12 09/03/2018 12:53

Page 14: © CCEA 2018

oooooooo

0oooooooaooooofo0ooooxoooo

<oooowooooooooodoooozoooooooooooooooooooooooooo0o0

1 3

SERENA WILLIAMS

I mbarr a réime

Níor éirigh le Serena a bheith i mbarr a réime thar oíche. Rinne sí sin de réir a chéile agus trí obair chrua. Sa bhliain 1999 bhain sí an chéad chomórtas mar imreoir aonair proifisiúnta sa Fhrainc. Bhain sí cluichí eile ach chaill sí go leor fosta. Arís eile, d’éirigh go geal léi nuair a d’imir sí lena deirfiúr sna cluichí dúbailte. D’éirigh go geal léi chomh maith sa ‘US Open’ nuair a bhain sí an comórtas sin – ceann de na comórtais is tábhachtaí sa leadóg. Faoi dheireadh na bliana bhí sí sa 4ú háit ar domhan.

Sa bhliain 2000 níor éirigh léi i ngach comórtas ach oiread. Bhain sí cuid acu agus chaill sí cuid acu fosta. D’éirigh léi an cluiche leathcheannais a bhaint amach in Wimbledon ach bhuail a deirfiúr arís í. Bhain sí féin agus Venus bonn óir sna Cluichí Oilimpeacha an bhliain sin san Astráil chomh maith. Faoi

Serana Williams Book.indd 13 20/03/2018 09:44

Page 15: © CCEA 2018

ooooooooooooooooaooooofooooo

0ooxooooooooowooooo

>ooooooodoooozooooooooooooooooooooo0o

1 4

SERENA WILLIAMS

dheireadh na bliana bhog sí síos giota beag go dtí an 6ú háit ar domhan. Sa bhliain 2001, bhí an scéal céanna ann; chaill sí agus bhain sna comórtais mhóra, agus faoi dheireadh na bliana sin bhí sí sa 6ú háit go fóill.

Ba sa bhliain 2002 a tháinig Serena go barr a réime mar is ceart. Chomh maith le go leor eile a bhaint, bhuail sí a deirfiúr sa chluiche ceannais in Wimbledon. Ar a bharr sin, bhí an chéad áit ar domhan bainte amach aici. Sa bhliain sin bhain sí trí ilchraobh (grand slam) i ndiaidh a chéile. Sa bhliain 2003 bhain sí cuid mhór arís, comórtas Wimbledon ina measc. Faoin am seo bhí sí ar na himreoirí is fearr riamh i measc mhná na leadóige, dar le cuid mhór daoine. Bhí sí ar aon chéim anois le leithéidí Billie Jean King, Chris Evert, Martina Navratilova, Steffi Graf, Martina Hingis agus Lindsay Davenport, gan trácht ar a deirfiúr mhór féin Venus.

Serana Williams Book.indd 14 09/03/2018 12:53

Page 16: © CCEA 2018

1 5

oooooooo

0oooooooaooooofo0ooooxoooo

<oooowooooooooodoooozoooooooooooooooooooooooooo0o0

SERENA WILLIAMS

© REUTERS / ALAMY STOCK PHOTO

Serana Williams Book.indd 15 09/03/2018 12:53

Page 17: © CCEA 2018

ooooooooooooooooaooooofooooo

0ooxooooooooowooooo

>ooooooodoooozooooooooooooooooooooo0o

1 6

SERENA WILLIAMS

Thuas seal thíos seal

Ar an drochuair, ghortaigh sí a glúin i gcomórtas Wimbledon in 2003. Shíl sí ar dtús nach mbeadh i gceist ach sos 6 seachtaine ar shiúl ón chluiche, ach bhí sé níos measa ná a shíl sí. Sa deireadh, bhí uirthi 8 mí a ghlacadh le teacht ar ais chuici féin. I mí an Mhárta 2004 d’imir sí sa chéad chomórtas ó gortaíodh í agus bhain sí sin. Bhí cuma mhaith ar rudaí agus shíl daoine go raibh sí ar an bhealach ar ais go barr a réime arís, ach ní mar sin a bhí. Chaill sí sa chluiche ceathrú ceannais sa Chomórtas Oscailte sa Fhrainc. Ansin, bhuail an t-imreoir Rúiseach, Maria Sharapova, í sa chluiche ceannais in Wimbledon. I gcomórtas oscailte eile i Meiriceá, níos moille sa bhliain, bhuail Linday Davenport í sa chluiche ceannais agus arís eile i gcomórtas eile ina dhiaidh sin. Thit sí siar go dtí an 10ú háit ar domhan fosta.

Serana Williams Book.indd 16 09/03/2018 12:53

Page 18: © CCEA 2018

1 7

oooooooo

0oooooooaooooofo0ooooxoooo

<oooowooooooooodoooozoooooooooooooooooooooooooo0o0

SERENA WILLIAMS

© PCN PHOTOGRAPHY / ALAMY ST

OCK PHOTO

Serana Williams Book.indd 17 09/03/2018 12:53

Page 19: © CCEA 2018

ooooooooooooooooaooooofooooo

0ooxooooooooowooooo

>ooooooodoooozooooooooooooooooooooo0o

1 8

SERENA WILLIAMS

Bhí sí thuas seal thíos seal gan dabht. Bhí daoine in amhras faoin am seo go dtiocfadh léi teacht ar ais go dtí an chéad áit arís.

Tharla an rud céanna sa bhliain 2005. Bhain sí comórtas tábhachtach san Astráil maith go leor, ach chaill sí sna comórtais mhóra eile i rith na bliana. Ag deireadh na bliana bhí sí san 11ú háit ar domhan. Sa Chomórtas Oscailte san Astráil in 2006, buaileadh í sa 3ú babhta. Dúirt sí gur chaill sí an cluiche cionn is go raibh sí gortaithe. Ach is cosúil go raibh scéal eile ar fad ann, is é sin go raibh an galar dubhach uirthi, rud a d’fhág í faoi ghruaim i rith an ama agus sin an fáth nach raibh sí chomh maith agus a bhí sí roimhe. Faoin am seo thit sí siar go dtí an 139ú háit ar domhan, an áit is ísle aici le blianta. Ghlac sí 6 mhí eile ar shiúl ón leadóg arís le teacht ar ais chuici féin.

Bhí an chuma ar an scéal nach dtiocfadh sí ar ais chuici féin ná chuig an leadóg ach oiread.

Serana Williams Book.indd 18 09/03/2018 12:53

Page 20: © CCEA 2018

oooooooo

0oooooooaooooofo0ooooxoooo

<oooowooooooooodoooozoooooooooooooooooooooooooo0o0

1 9

SERENA WILLIAMS

Ansin, is cosúil gur bhuail sí le cailín óg de thimpiste agus gur labhair an cailín óg léi. Cibé rud a dúirt an cailín óg léi, spreag sí Serena go mór. Shocraigh sí ar theacht ar ais. Cé nár bhain sí aon chomórtas mór an bhliain sin, ba léir go raibh a croí sa leadóg arís agus go raibh sí ag éirí níos láidre de réir a chéile. Chríochnaigh sí an bhliain sin sa 95ú áit.

Ar ais go barr a réime

Gheall Serena di féin go dtiocfadh sí ar ais mar imreoir den chéad scoth agus go mbainfeadh sí barr a réime amach arís. Bhí go leor daoine in amhras faoi sin, rud a chuir brú mór uirthi. Ghlac sí páirt i gcomórtas beag san Astráil agus cé go raibh slaghdán uirthi agus spuaic ina cos, bhain sí an cluiche ceannais amach. Shíl daoine nach raibh seans ar bith aici in éadan Maria Sharapova sa chluiche sin, ach bhain sí sa deireadh mar sin féin. Moladh go hard í as an bhua sin. Bhí

Serana Williams Book.indd 19 20/03/2018 09:44

Page 21: © CCEA 2018

ooooooooooooooooaooooofooooo

0ooxooooooooowooooo

>ooooooodoooozooooooooooooooooooooo0o

2 0

SERENA WILLIAMS

an chuma ar an scéal go raibh sí ag teacht ar ais go barr a réime arís. Ach níor tharla sin thar oíche ach oiread. Bhain sí cluichí móra maith go leor ach gortaíodh í cúpla uair fosta, rud a d’fhág í ag streachailt go minic fosta. Faoi dheireadh 2007 bhí sí sa 7ú háit.

Bhí 2008 mórán mar an gcéanna ach bhí Serena ag éirí níos láidre agus níos fearr de réir a chéile. Faoi dheireadh na bliana sin bhí sí sa 2ú háit ar domhan. In 2009 bhuail sí a deirfiúr Venus arís sa chluiche ceannais in Wimbledon. Chríochnaigh sí an bhliain sin ar ais sa chéad áit ar domhan. Chomh maith le bheith ag éirí níos láidre, bhí sí ag éirí níos saibhre fosta. Is cosúil gur shaothraigh sí níos mó ná 6 mhilliún dollar an bhliain sin.

Lean sí ar aghaidh mar sin sna blianta ina dhiaidh sin ag baint cuid de na comórtais is tábhachtaí, agus faoi dheireadh

Serana Williams Book.indd 20 09/03/2018 12:53

Page 22: © CCEA 2018

2 1

oooooooo

0oooooooaooooofo0ooooxoooo

<oooowooooooooodoooozoooooooooooooooooooooooooo0o0

SERENA WILLIAMS

© EDB IMAGE ARCHIVE / ALAMY

STOCK PHOTO

Serana Williams Book.indd 21 09/03/2018 12:53

Page 23: © CCEA 2018

ooooooooooooooooaooooofooooo

0ooxooooooooowooooo

>ooooooodoooozooooooooooooooooooooo0o

2 2

SERENA WILLIAMS

2013 bhí sí ag saothrú níos mó ná 12 mhilliún dollar sa bhliain. Chomh maith le cuid mhór gradam agus duaiseanna éagsúla a bhaint le linn an ama sin, bhí sí ar na mná spóirt is saibhre ar domhan. Shaothraigh sí 4 mhilliún dollar in aon chomórtas amháin, is é sin an Comórtas Oscailte sna Stáit Aontaithe in 2014, an duais is mó airgid riamh.

Faoi 2015 bhí sí 30 bliain d’aois agus cé go síleann roinnt daoine go bhfuil sin measartha aosta d’imreoir proifisiúnta sa leadóg, bhí Serena chomh maith agus a bhí sí riamh in ainneoin gur ghortaigh sí féin cúpla uair. D’fhan sí sa chéad áit ar domhan go dtí Meán Fómhair 2016. Bhain sí an Comórtas Oscailte san Astráil arís don 7ú uair in 2017, rud nach ndearna imreoir ar bith eile go dtí sin. Ansin, i ndiaidh an chomórtais sin, d’fhógair sí go raibh sí ag dúil le leanbh agus chuir sin deireadh le comórtas ar bith eile an bhliain sin.

Serana Williams Book.indd 22 09/03/2018 12:53

Page 24: © CCEA 2018

2 3

oooooooo

0oooooooaooooofo0ooooxoooo

<oooowooooooooodoooozoooooooooooooooooooooooooo0o0

SERENA WILLIAMS

© JUERGEN HASENKOPF / ALAMY STOCK PHOTO

Serana Williams Book.indd 23 09/03/2018 12:53

Page 25: © CCEA 2018

ooooooooooooooooaooooofooooo

0ooxooooooooowooooo

>ooooooodoooozooooooooooooooooooooo0o

2 4

SERENA WILLIAMS

Oidhreacht

Beidh Serena Williams 36 bliain d’aois i Meán Fómhair 2017 agus beidh a chéad pháiste aici. Tá seans éigin ann go dtiocfaidh sí ar ais arís mar imreoir leadóige den scoth. Ach is cuma mura ndéanann sí sin nó tá an oiread sin bainte amach aici cheana féin. Níl rud ar bith eile le cruthú aici. Tá na comórtais is tábhachtaí bainte aici níos mó ná uair amháin, tá go leor leor duaiseanna agus gradam bronnta uirthi, agus tá níos mó ama caite aici mar an t-imreoir is fearr sa leadóg ná duine ar bith eile. Ach tá níos mó ná imreoir leadóige i gceist i gcás Serena. Tá cuid mhór rudaí eile déanta aici fosta. Mar shampla, déanann sí obair charthanach do ghrúpaí éagsúla, UNESCO san áireamh, go háirithe do pháistí bochta. Tá rudaí éagsúla déanta aici ar chláir theilifíse, aisteoireacht san áireamh. Tá sí ina cara mór ag roinnt ceoltóirí móra amhail Byoncé agus tá sí le feiceáil i gcuid de na físeáin a rinne Byoncé. Tá roinnt leabhar scríofa aici. Scríobh sí faoina

Serana Williams Book.indd 24 09/03/2018 12:53

Page 26: © CCEA 2018

oooooooo

0oooooooaooooofo0ooooxoooo

<oooowooooooooodoooozoooooooooooooooooooooooooo0o0

2 5

SERENA WILLIAMS

saol féin ina dírbheathaisnéis féin dar teideal On the Line. Ba í a deirfiúr Venus an céile comhraic is mó a bhí aici, b’fhéidir, agus is minic a d’imir siad in éadan a chéile. Ba mhinice a bhain Serena sna cluichí sin, ach d’fhan siad mar chairde fosta. D’imir siad go minic le chéile mar bheirt sna cluichí dúbailte. I ndeireadh na dála, ní raibh mórán sa difear idir í féin agus Venus. Nuair a d’éirigh Venus tinn de bharr cúrsaí bia agus go raibh uirthi tiontú ina veigeán, rinne Serena amhlaidh le tacú lena deirfiúr. Cé gur bhain sí cuid mhór sa leadóg, ní raibh sé furasta aici riamh. B’éigean di bheith ag obair go crua i rith a saoil. Nuair a gortaíodh í, d’oibrigh sí go crua le teacht ar ais chuici féin. Chuidigh a láidreacht go mór léi, ach léirigh sí díograis agus dúthracht i gcónaí fosta agus spreag sí na mílte ar fud an domhain. Tá cuid mhór déanta aici don leadóg agus tá cuid mhór déanta aici do dhaoine eile chomh maith. Is laoch iontach í gan dabht, ach cérbh í an t-imreoir is fearr, dar leat, Serena nó Venus?

Serana Williams Book.indd 25 20/03/2018 09:44

Page 27: © CCEA 2018

Serana Williams Book 2.indd 26 13/03/2018 11:13:47

Page 28: © CCEA 2018

oooooooo

0oooooooaooooofo0ooooxoooo

<oooowooooooooodoooozoooooooooooooooooooooooooo0o0

2 7

SERENA WILLIAMS

© ACTION PLUS SPORTS IMAGES / ALAMY STOCK PHOTO

SERENA WILLIAMS

Serana Williams Book 2.indd 27 13/03/2018 11:13:48

Page 29: © CCEA 2018

SERENA WILLIAMS

Serana Williams Book.indd 28 09/03/2018 12:53

Page 30: © CCEA 2018

© CCEA 2018