Nuachtlitir | Conradh na Gaeilge | Nollaig 2005

Preview:

DESCRIPTION

Suite: Glaschú Tuarastal: £21k pro rata (20 uair sa tseachtain) Tréimhse: Beidh an post seo ar fáil ar feadh sé mhí ag an tús ach táthar ag súil le síneadh ama a chur leis sin. Cuir CV roimh 9ú Nollaig 2005 chuig: cecilia.mcdaid@tesco.net. Tuilleadh eolais ó: Mairéad Uí Ghallchóir, 00 44 (0)141 589 4041 Má tá tuairim agat faoin ábhar seo thuas ná bíodh leisce ar bith ort páirt a ghla- cadh sa vótaíocht ar www.cnag.ie. OIFIGEACH FORBARTHA GAEILGE, GLASCHÚ Eagrán 2

Citation preview

Eagrán 2 Nuachtlitir Mhíosúil Chonradh na Gaeilge 1 Nollaig 2005

SAN EAGRÁN SEO:SAN EAGRÁN SEO:

1. LÉIRSIÚ I GCOINNEPHOLASAITHE OIDEACHAISFHINE GAEL

2. BAINISTEOIR NUASHEACHTAIN NA GAEILGE

3. LEABHRÁN OIDEACHAIS ANCHONARTHA

4. OÍCHE CHOMÓRTHASHÉAMAIS UÍ CHEALLAIGH

5. TRÁTH NA GCEIST CHRAOBHMHUINTIR NA TÍRE

6. CROSFHOCAL MHÓR NANOLLAG

7. IMEACHTAÍ MHÍ NA NOLLAG

8. COMHFHREAGRAS & EILE

Ar 16 Céadaoin 2005 d'eagraigh na GaeilÓga, a chláraigh mar chraobh denChonradh le déanaí, léirsiú mór chuigOifigí Fhine Gael lena míshástacht faoipholasaithe nua an Pháirtí sin a chur in iúl.Ghlac suas le 300 duine páirt sa léirsiú sinagus i measc na ndaoine a bhí ann bhíUachtarán Chonradh na Gaeilge, DáithíMac Cárthaigh, Pádraig Breandán ÓLeidhin agus Seán Ó hAdhmaill,Cathaoirleach, Na Gaeil Óga.Ag oifigí Fhine Gael an lá sin bronnadhcóip de leabhrán oideachais Chonradh naGaeilge, 1+1+1 Ceist na dTeangacha igCóras Oideachais na hÉireann (atá arfáil, saor in aisce, ón Ard-Oifig), ar EndaKenny agus labhair Seán Ó hAdhmaillagus Dáithí Mac Cárthaigh ar na fáthannanár cheart do mhuintir na hÉireannglacadh le polasaithe Fhine Gael. Agus éag labhairt ar an lá leag Dáithí MacCárthaigh béim ar na nithe seo a leanas:

1. Bhí fadhb ann le múineadh na mata-maitice le cúpla bliain anuas. Táthar agceapadh siollabas nua le dul i ngleic leisan bhfadhb. Nárbh fhearr an cur chuigeseo i gcás na Gaeilge.2. Is scil í an Ghaeilge, cosúil le gach

teanga eile, a thógann tú leat le cleach-tadh. Ní féidir teanga a chramáil. Igcomhthéacs chóras na bpointe bheadhan-bhrú ar scoláirí dul le hábhair ar féidira chramáil don Ardteist in ionad dul donGhaeilge - ábhar nach féidir a chramáil.3. Dá gcuirfí iachall ar scoláire rogha adhéanamh idir an Ghaeilge agus ábhara bheadh riachtanach dá g(h)airmbheatha amach anseo (mar shampla,bitheolaíocht nó ceimic i gcás leighis) níbheadh aon rogha ag an scoláire achéirí as an nGaeilge.4. Is iomaí scoil a d'éireodh as Gaeilge amhúineadh don Ardteist ar fad.

Fáiltíonn an Conradh roimh gach cabhairle cinntiú nach gcuirtear polasaitheoideachais Fhine Gael i bhfeidhm.

Léirsiú i gcoinne Pholasaithe Nua Gaeilge Fhine GaelLéirsiú i gcoinne Pholasaithe Nua Gaeilge Fhine Gael

Maoinithe ag: 1.

Vótaíocht Nua ar ShuíomhVótaíocht Nua ar ShuíomhIdirlín an ChonarthaIdirlín an Chonartha

• Ba cheart• Níor cheart

Má tá tuairim agat faoinábhar seo thuas ná bíodhleisce ar bith ort páirt a ghla-cadh sa vótaíocht arwww.cnag.ie.

Is féidir vóta a chaitheamh ardhá vótaíocht éagsúla eile arShuíomh Idirlín an Chonarthamaidir le hAcht nadTeangacha Oifigiúla 2003agus maidir le hábhair oidíagus a gcuid traenála.

Trasna1 deaslabhartha (12)5 cosc (3)8 uaigneach; singil (8)9 duine a imríonn draíocht (5)10 comhaireamh; cuntas (7)11 scamall geal a éiríonn as uisce beirithe (3)14 stuama (9)16 ceann de chúig éirim an choirp (6)19 farraige mhór (6)21 easpa (9)24 áit a gcoinnítear éin (7)25 cur leis an bhfírinne; áiféis (7)28 madra uisce (9)31 seal ama; tréimhse (3)33 cealgaire; brathadóir (9)34 cuairteoir; lóistéir (3)36 deifir (8)37 nós; béas (4)38 cúrsa staidéir (8)

Síos2 roinn; rannóg (7)3 píosa searbh scríbhneoireachta (4)4 duine an-bheag ar fad (5)6 slat tomhais (9)7 teorainn (6)12 foclóir i ndeireadh scríbhinne (6)13 cladach cloch (8)15 comhrá (8)17 dlí a ritheann parlaimint (4)

18 an-bheag ar fad (7)20 slat láidir sailí (3)21 talamh i seilbh duine; glacadh seilbhe (9)22 scoil ar leith do naonáin (7)23 pinc (8)26 glór caointeach brónach (7)27 triail; blúire (8)29 áibhéil; amaidí (6)30 bailiúchán; cnuasach (7)32 mar; cosúil le (6)35 múchadh (4)36 giota filíochta (3)

Dearbhán 30 Euro don Siopa Leabhar le buachan. Buaiteoir mhí naSamhna: Seán de Búrca, Co. Bhaile Átha Cliath. Cuir an crosfhocalchuig: An Crosfhocal, 6 Sráid Fhearchair, Áth Cliath 2.

Crosfhocal Mór na NollagCrosfhocal Mór na Nollag

4. Más spéis leat ábhar a chur ar fáil don nuachtlitir seo déan teagmháil linn san Ard-Oifig

Ceapadh Orla Nic Shuibhne mar

Bhainisteoir nua ar Sheachtain na Gaeilge,

ar an Luan, 28 Samhain 2005. Beidh Orla

ag gabháil i mbun a cúramaí nua ón 3

Eanáir ar aghaidh agus beidh sí lonnaithe

in Ard-Oifig Chonradh na Gaeilge, 6 Sráid

Fhearchair go lánaimseartha.

Is é seo a leanas a dúirt Orla faoi na dúsh-

láin éagsúla atá roimpi mar bhainisteoir ar

Sheachtain na Gaeilge:

“Tá mé ag súil go mór le dul i mbun oibre

le Seachtain na Gaeilge Teo. agus tá mé

ag súil, ach go háirithe, le forbairt a

dhéanamh ar an obair mhór a rinne an

bainisteoir a bhí ann romham. Níl amhras

ar bith ach go bhfuil dúshláin éagsúla

mhóra romham

agus, mar sin, tá mé

ag súil le haghaidh a

thabhairt ar na dúsh-

láin sin tar éis

Nollag.”

Roimhe seo chaith

Orla seal ag obair

mar Ard-Cheannaire i gColáiste

Cholmcille, Gaoth Dobhair, mar Oifigeach

Riaracháin leis na nGúm (2000-2002), mar

Oifigeach Gaeilge le Comhairle Chontae

Ros Comáin (2002-2004) agus mar mhúin-

teoir meánscoile i gColáiste Dhúlaigh, An

Chúlóg, go dtí mí na Nollag 2005.

(Tuilleadh Eolais: eolas@cnag.ie)

Bainisteoir Nua Sheachtain na GaeilgeBainisteoir Nua Sheachtain na Gaeilge

Post á fhógairt i gConradh naPost á fhógairt i gConradh naGaeilge, GlaschúGaeilge, Glaschú

OIFIGEACH FORBARTHA GAEILGE, GLASCHÚ

Suite: GlaschúTuarastal: £21k pro rata (20 uair sa tseachtain)Tréimhse: Beidh an post seo ar fáil ar feadh sé mhí agan tús ach táthar ag súil le síneadh ama a chur leis sin.Cuir CV roimh 9ú Nollaig 2005chuig: cecilia.mcdaid@tesco.net.Tuilleadh eolais ó: Mairéad Uí Ghallchóir, 00 44 (0)141 589 4041

Comhfhreagras & EileComhfhreagras & EileFreagra do Enda Kenny ó InisA Chara,Is trua linne, baill Choiste Chraobh na hInse deChonradh na Gaeilge moladh cheannaire Fhine Gael,Enda Kenny, go gcuirfí deireadh leis an nGaeilge marphríomhábhar don Ardteistiméireacht. Siad na cúisean-na ná:1. Tar éis 10 mbliana de thacaíocht ón uile pháirtí ineartú na Gaeilge, faoi mar is léir ó ardú stádais donteanga san Aontas Eorpach agus reachtaíocht Acht nadTeangacha Oifigiúla 2003, cuireann moladh an UasalKenny todhchaí agus leas na teanga i mbaol mór debharr shuathadh míchuíosach an olltoghcháin seochugainn, agus ní áit í sin chun plé réasúnta adhéanamh ar phríomhpholasaí náisiúnta teanga, faoimar atá léirithe sna díospóireachtaí a deineadh ar annGaeilge le 75 bliain anuas.2. Dá ndéanfaí cinneadh go gcuirfí deireadh lemúineadh na Gaeilge ag leibhéal an TeastaisShóisearaigh b'ionann sin agus críoch ar mhúineadh naGaeilge sna meánscoileanna. Ní foláir dúinn impleachtaímholtaí teanga an Uasal Kenny a cheistiú, fiú i gcásfiabhras toghchánaíochta.3. Sa saol atá inniu ann, tá mórchuid gluaiseachtaí pobailmaraon le teangacha agus cultúir iasachta feicthe agmuintir na hÉireann sa tír seo, rud a shaibhríonn cultúriomlán ár muintire. Is ábhar díomá go bhfuil moladh seoFhine Gael ar tí mórdhochar a dhéanamh dár n-oidhreacht náisiúnta, más é go gcuitear i bhfeidhm é.Is tréith fhiúntais i gceannaire glacadh go ndearna sébotún. An dtógfaidh an tUasal Kenny an chéim tháb-hachtach seo agus an moladh dochrach seo a chur arceal?Is sinne,Roibeard Ó Ceallaigh, Domhnall Ó Loinsigh, Seán Ó

Ceallaigh, Máire Ní Mhaoileoin, Nóirín Uí Cheallaigh,Pádraig Mac Mathúna, Tomás de Staic, Eoin ÓCeallaigh.

Conradh na Gaeilge, Inis, Co. an Chláir.

Craobhacha nuaCeadaíodh na craobhacha nua seo a leanas: CraobhRos Comáin, Craobh Dhúiche Cholmáin, Craobh Aontasna nGael Óg, Cumann Gaelach Ollscoil Chathair BhaileÁtha Cliath, agus Craobh Mhuintir na Tíre.

Síntiús na nGaelBa mhaith leis an Uachtarán, Dáithí Mac Cárthaighbuíochas a ghabháil le Muintir Uí Ceallaigh - Seánagus Nóirín, Inis, Co. an Chláir - as síntiús a ghla-cadh leis an gConradh. Guíonn sé gach rath orthusna crannchuir éagsúla a bhaineann leis an síntiúsamach anseo.

(Tuilleadh eolais: eolas@cnag.ie)Conradh na Gaeilge, Clár Chlainne Mhuiris,Feis na Samhna 2005

Bhí breis agus 400 duine óg páirteach i bhFeis naSamhna 2005 i gClár Chlainne Mhuiris ar an Satharn 19Samhain. Bhí ardchaighdeán ceoil agus Gaeilge annagus bhain gach duine taitneamh as an lá.

(Tuilleadh eolais: 094 9371744)

2. Más spéis leat ábhar a chur ar fáil don nuachtlitir seo déan teagmháil linn san Ard-Oifig Más spéis leat ábhar a chur ar fáil don nuachtlitir seo déan teagmháil linn san Ard-Oifig 3.

Tháinig roinnt eagraíochtaí le chéile 19 Samhain armhaithe le beatha agus saothar Shéamais UíCheallaigh a chomóradh i mBaile Locha Riach, Co.na Gaillimhe. Scríbhneoir, file, tírghráthóir agusball de Chonradh na Gaeilge a bhí ann agus tion-char nach beag aige ar a cheantar dúchais go fóill.Ba é an eagraíocht 'Gaeilge Locha Riach' astiúirigh an ócáid agus a thug na heagraíochtaí eilele chéile le cuimhneachán ar leith a dhéanamh arbheatha agus ar shaothar Uí Cheallaigh. Osclaíodh an oíche leis an ngrúpa drámaíochta'The Semus O'Kelly Players' a léigh 'TheHomecoming' leis an údar áitiúil. Ina dhiaidh sin,craoladh 'The Weaver's Grave' le cead ó RTÉ aléirigh an dráma siar i 1961. Sa bhliain chéanna,d'éirigh leis an dráma raidió duais idirnáisiúnta abhuachaint 'The Prix Italia Prize'. Ansin, ba iad Conradh na Gaeilge a thug cuireadhdo Mhícheál Mac Donnacha, iriseoir agus staraí,léacht comórtha a thabhairt ar bheatha ShéamaisUí Cheallaigh. Bhí go leor le foghlaim ag an luchtéisteachta óir chaith Ó Ceallaigh neart ama i

gcuideachta laochra móra liteartha, mar JamesJoyce, agus polaitiúla, mar Arthur Griffith, lenalinn. Cailleadh é ar 14/11/1918 i 6 SráidFhearchair, Baile Átha Cliath, Ardoifig Shinn Féinag an am, Conradh na Gaeilge lonnaithe annanois. Le clabhsúr a chur leis an oíche, bhí seisiún ceoilann a d'eagraigh an chraobh áit iúi l deChomhaltas Ceoltóirí Éireann. Cuireadhsiamsaíocht ar fáil le ceol, amhránaíocht, sean-chas, filíocht agus damhsa.

Chuir Craobh Conradh na Gaeilge i Leamhcán

Tráth na gCeist Boird ar siúl ar 26ú Samhain, i

gClub Chonradh na Gaei lge. Bhí Jamie Ó

Tuama mar Fhear an Tí ar Thráth na gCeist.

Leagadh ceisteanna an-ghl ice amach, mar

shampla, 'Cén sliabh is airde a bhí ann sula

raibh 'Mount Everest' ann?'

Bhí neart spotduaiseanna le buachan ar an

oíche, chomh maith, don chéad duine suas le

péire stocaí nó don chead duine suas le gach

uile bhonn airgid (1c, 2c, 5c, 10c...) agus bhí ar

an duine a rinne sin amhrán a chasadh, dar

ndóigh, as Gaeilge.

Tá lucht Chraobh Mhuintir na Tíre an-bhuíoch

de na daoine a thug urraíocht dóibh agus de na

daoine a tháinig chuig an Quiz Boird chun

tacaíocht a thabhairt.

Bhain gach duine an-taitneamh as agus tá siad

ag súil go leanfar ar aghaidh leis an dul chun

cinn atá á dhéanamh ag an gCraobh.

Tráth na gCeist Chraobh Tráth na gCeist Chraobh Mhuintir na Tíre sa ChlubMhuintir na Tíre sa Chlub

Oíche Chomórtha Shéamais Uí Cheallaigh.Oíche Chomórtha Shéamais Uí Cheallaigh.

Seoladh Leabhrán Oideachais Chonradh na Gaeilge

tar éis Sheimineár an Oireachtais ar an Satharn 5

Samhain 2003. Is é atá sa leabhar seo ná sraith cain-

teanna a tugadh ag Comhdháil Oideachais an

Chonartha ar 14 Iúil 2005 agus is as na cainteanna sin

a d'eascair cuid mhaith de pholasaithe oideachais an

Chonartha. Tá an leabhar seo ar fáil saor in aisce ón

Ard-Oifig.

(Tuilleadh Eolais: eolas@cnag.ie)

LeabhránLeabhránOideachais anOideachais an

Chonartha Chonartha Seolta Seolta

Imeachtaí Mhí na NollagImeachtaí Mhí na NollagCraobh LearphoillBíonn bunrang Gaeilge ar siúl gach Luan óna 6.00 go dtía 8.00 in Ollscoil Learphoill, 126 Mount Pleasant,Liverpool (fón 0151 794 6900). Ríomhphost: cont-ed@liverpool.ac.uk Gach oíche Déardaoin bíonn OícheTG4 agus Comhrá ann idir 8pm-10pm: An Tuath Nuaagus Ros na Rún. St Michael's Irish Centre, 6 BoundaryLane, West Derby Road, Everton L 6 5JG (fón 0151 2631808).Craobh Chaisleán na Deirge & Craobh Mhic ChrosáinTá cuid mhór ranganna éagsúla dírithe ar leibhéiléagsúla á reáchtáil ag Craobh Chaisleán na Deirge agusagus Craobh Mhic Chrosáin de Chonradh na Gaeilge.Má tá tuilleadh eolais de dhíth ort faoi na ranganna seois féidir glaoch a chur ar 028 71 883300.

(Tuilleadh Eolais: www.cnag.ie)

An Ard-ChraobhBeidh Fleá na Nollag (Cóisir mhór na Nollag doGhaeilgeoirí agus do Chairde na Gaeilge) ar siúl inÓstán Mont Clare, Dé Sathairn, 3 Nollaig idir a haonagus a sé a chlog. Dinnéar ceithre chúrsa a bheidh annagus beidh táille 40 euro air sin. Beidh ceol, rince,amhránaíocht, carúil na Nollag, aíonna speisialta agusgo leor leor eile ann ar an oíche. Íoctar seicean-na/dréachtanna bainc/orduithe poist leis an Ard-Chraobh:Bláthnaid Ní Mhurchú, 60 Bóthar Chluain Chaoin,An Charraig Dhubh, Co. Bhaile Átha Cliath.

(Tuilleadh Eolais: www.cnag.ie)Eolas GinearáltaN.B. Is é 31 Nollaig 2005 an dáta deiridh chun clárú marchraobh don bhliain seo chugainn. Ní mór a bheithcláraithe le vóta a bheith agat ag an Ard-Fheis.

Recommended