13
clár comórtha céad bliain Centenary Programme dún laoghaire-ráth an dúin dún laoghaire-rathdown

1916 - 2016 Commemorations in Dún Laoghaire Rathdown

Embed Size (px)

DESCRIPTION

Official Listing of the events planned to mark the centenary of the 1916 Easter Rising in Dún Laoghaire Rathdown.

Citation preview

clár comórtha céad bliainCentenary Programme

dún laoghaire-ráth an dúin—

dún laoghaire-rathdown

clár comórtha céad bliain dún laoghaire-ráth an dúin

2 3

The Seven Programme Strands Seacht Snáithe an Chláir

State and Local Ceremonial Searmanais Stáit agus Áitiúla

Historical Reflection Machnamh ar an Stair

The Living Language An Teanga Bheo

Youth and Imagination An Óige agus an tSamhlaíocht

Cultural Expression Léiriú Cultúrtha

Community Participation Rannpháirtíocht Phobail

Global and Diaspora Éireannaigh ar fud an Domhain agus an Diaspóra

the ireland 2016 centenary programme is built on Seven Programme Strands which, taken together, reflect the themes of Remembering, Reconciling, Presenting, Imagining and Celebrating. The programme will continue to grow and develop over the coming months. To see the updated programme, other county programmes and the national programme for 2016, please visit www.ireland.ie

tá éire 2016: clár comórtha céad bliain bunaithe ar Sheacht Snáithe an Chláir, agus nuair a thógtar iad sin i dteannta a chéile, léiríonn siad na téamaí Cuimhneamh, Athmhuintearas, Cur i Láthair, Samhlú agus Ceiliúradh. Leanfar ar aghaidh le fás agus forbairt na gclár sna míonna amach romhainn. Leis an gclár nuashonraithe a fheiceáil, chomh maith le cláir chontaetha eile agus an clár náisiúnta le haghaidh 2016, téigh chuig www.ireland.ie

Formal commemorative events, focused on remembering and honouring those who took part in the Easter Rising, and especially those who gave their lives.

Beidh imeachtaí foirmiúla comóraidh ann a bheidh dírithe ar na daoine a ghlac páirt in Éirí Amach na Cásca, go háirithe iad siúd a thug a mbeatha lena linn, a thabhairt chun cuimhne agus a onórú.

A range of history-based activities and initiatives, designed to deepen and broaden our understanding of the events of 1916 and that pivotal period in our history.

Beidh réimse gníomhaíochtaí agus tionscnamh staire ann a cheapfar chun ár dtuiscint ar imeachtaí 1916 agus an tréimhse ríthábhachtach sin inár stair a dhoimhniú agus a leathnú.

Encouraging widespread citizen engagement in 1916 related events, involving the broadest possible community and voluntary sector participation in towns and villages throughout the country.

Saoránaigh a spreagadh le páirt a ghlacadh in imeachtaí a bhainfidh le 1916, sa chaoi is go mbeidh an rannpháirtíocht is mó is féidir ag na hearnálacha deonacha agus pobail i mbailte agus i sráidbhailte ar fud na tíre.

Placing children and young people at the centre of the Ireland 2016 Centenary Programme and integrating historical exploration with a range of imaginative activities.

Cuirfear leanaí agus daoine óga i gcroílár Éire 2016: Clár Comórtha Céad Bliain agus déanfar iniúchadh ar cheisteanna staire a chomhtháthú le réimse gníomhaíochtaí samhlaíocha.

Working with our creative community and arts organisations to reflect on our past, our present and our future, with a focus on 1916.

Oibriú lenár bpobal cruthaitheach agus eagraíochtaí ealaíon chun machnamh a dhéanamh ar an am atá thart in Éirinn, ar an saol atá ann faoi láthair agus ar a bhfuil i ndán dúinn amach anseo, agus béim faoi leith ar chuimhneachán 1916.

Inviting the global Irish family and friends of Ireland from all over the world to join us in remembering, reflecting and re-imagining.

Cuireadh a thabhairt do chlanna Gael ó gach cearn den domhan agus do chairde na hÉireann a bheith linn agus muid ag cuimhneamh, ag déanamh machnaimh agus ag athshamhlú.

Reflecting on the central place of the Irish language in the ideals of the Revolutionary Generation and celebrating the language through a diverse programme of events.

Cuirfear clár ilghnéitheach imeachtaí ar siúl mar léiriú ar áit lárnach na Gaeilge in idéil na glúine réabhlóidí agus chun an teanga a cheiliúradh.

clár comórtha céad bliain dún laoghaire-ráth an dúin

4 5

Ag tráth Éirí Amach 1916, cheap go leor daoine go raibh an daonra sa cheantar atá cumhdaithe anois ag Dún Laoghaire-Ráth an Dúin ar son na hAontachta. Agus bhí go leor fianaise leis sin. Tugadh Kingstown ar phríomhbhaile an cheantair, a bhí ainmnithe in onóir na cuairte a thug an Rí Seoirse IV air go luath sa naoú haois déag, agus liostáil na mílte duine ón gceantar seo i bhfórsaí na Breataine i rith an Chogaidh Mhóir. Nuair a bhain trúpaí na Breataine an áit amach ar a dtugtar anois calafort Dhún Laoghaire, bhailigh daoine thart chun misneach a thabhairt dóibh.

Gabhann taobh eile leis an scéal, áfach. D’imir na daoine a chónaigh sa cheantar, nó a raibh baint acu leis an gceantar atá cumhdaithe anois ag Dún Laoghaire-Ráth an Dúin ról tábhachtach in Éirí Amach 1916.

Ghlac breis agus aon chéad agus seachtó duine ón gceantar seo páirt san Éirí Amach. Ba líon suntasach é seo as an iomlán foriomlán. Bhí aithne mhaith ar chuid de na daoine seo. Ina measc, bhí Sir Roger Casement, a rugadh i gCuas an Ghainimh, a gabhadh ar Thrá na Beannaí an 21 Aibreán fad a rinneadh iarracht chun airm Ghearmánacha a thabhairt i dtír chun tacú leis an Éirí Amach, agus an Maor John MacBride, a d’fhág a theach i nGlas Tuathail Luan Cásca chun casadh lena dheartháir ag an traein, ach ansin a ghlac páirt san Éirí Amach. Cuireadh Casement agus MacBride chun báis mar gheall ar a ngníomhartha agus maraíodh Patrick Doyle sa troid i dTeach Chlann Liam. Tá a scéalta féin ag breis agus 160 duine eile ón gCarraig Dhubh, Stigh Lorgan, Deilginis, Baile na Manach, Cill Tiarnáin, Cill Iníon Léinín, Baile na nGabhar, Dún Laoghaire, Cluain Sceach, Cnoc Mhuirfean, Cábán tSíle, Áth an Ghainimh, Baile an Teampaill, Gráinseach an Déin, Baile an Bhóthair, Carraig an tSionnaigh, Carraig Mhaighin agus Gleann Cuilinn. Tagann ár gclár faoi chuimsiú na gcatagóirí comórtha agus stairiúla, go príomha. Mar gheall go bhfuil an ceantar chomh gar sin do na himeachtaí agus na gníomhaíochtaí a bheidh ag titim amach i Lár Chathair Bhaile Átha Cliath, díríonn an chuid is mó dár n-imeachtaí ar na ceangail áitiúla le hÉirí Amach 1916.

Ar ndóigh, déanfaidh muid na himeachtaí a éascú agus a spreagadh ar fud snáitheanna an chláir i gcaitheamh na mbliana, agus tabharfaidh muid tacaíocht ghníomhach don Chlár Comórtha Céad Bliain náisiúnta.

Beidh go leor d’iarrachtaí na Comhairle dírithe ar Reilig Ghráinseach an Déin. Tá os cionn 120 duine a bhaineann leis an Éirí Amach curtha sa reilig seo. Go dtí seo, tá go leor d’uaigheanna an tuairim is 50 sibhialtach a maraíodh san Éirí Amach, ar tugadh iad chuig an reilig mar ‘íospartaigh an chogaidh’, gan mharcáil. Tá seo á chur ina cheart ag foireann na reilige. Anuas air sin, beidh Taispeántas 1916 de chuid DL-RD ar siúl, coimisiúnófar saothar comórtha ealaíne, beidh turais threoraithe ar siúl, beidh imeacht tábhachtach stáit ar bun i rith 2016 agus foilseofar leabhar ar an Reilig agus ar Éirí Amach na Cásca.

Cuireann na himeachtaí pobail go mór le héagsúlacht na bliana agus léiríonn siad tuiscint shamhlaíoch agus dhomhain araon ar an Éirí Amach, agus ar an bpáirt a ghlac muintir an cheantair seo san imeacht ríthábhachtach seo i stair na hÉireann. Creidimid go bhfuil snáitheanna an-tréana amharclannaíochta agus ceolmhara fud fad ár gcláir.

Spreagaimid gach duine ní hamháin chun páirt a ghlacadh sna príomhimeachtaí náisiúnta, a bhfuil an t-ádh dearg orainn bheith chomh gar dóibh, ach chun na scéalta faoi Éirí Amach na Cásca atá ar leac an dorais a fhoghlaim agus a cheiliúradh.

Foreword Brollach

At the time of the 1916 Rising the area now covered by Dún Laoghaire-Rathdown had a population that in the popular mind was pro-Unionist. And there was much to substantiate that. The main town of the area was Kingstown, named in honour of a visit of George IV in the early nineteenth century while during the Great War thousands of people from this area enlisted in the British forces. When British troops arrived at what is now Dún Laoghaire harbour, people came to cheer them.

However, there is another side to the story. The people who lived in, or were associated with, the area that is now covered by Dún Laoghaire-Rathdown played a significant in the 1916 Rising.

More than one hundred and seventy people from this area took part in the Rising, a significant number out of the overall total. Some of these are well known. Among them are Sir Roger Casement, born in Sandycove, who was captured at Banna Strand on 21 April during an attempt to land German weapons to support the Rising, Major John MacBride who left his house in Glasthule on Easter Monday to meet his brother off the train in Dublin, but who joined the Rising. Both (Casement and MacBride were executed for their actions) and Patrick Doyle killed in the fighting in Clanwilliam House. The more than 160 others from Blackrock, Dundrum, Stillorgan, Dalkey, Monkstown, Kilternan, Killiney, Goatstown, Dún Laoghaire, Clonskeagh, Mount Merrion, Cabinteely, Sandyford, Churchtown, Deansgrange, Booterstown, Foxrock, Carrickmines and Glencullen also have their stories.

Our programme is one that generally falls into the commemorative and historical categories. Being so close to the events and activities taking place in Dublin City Centre most of our events focus on the local connections with the 1916 Rising.

We will of course facilitate and encourage the events across all programme strands as the year progresses, and we will actively support the national Centenary Programme.

Deansgrange Cemetery will be the focus of much of the Council’s efforts. Over 120 people associated with the Rising are buried within its grounds. To date many of the graves of the 50 or so civilians killed in the Rising, brought to the cemetery as ‘victims of war’, have been unmarked. This is being rectified by the cemetery staff. There will also be a DLR 1916 Exhibition, the commissioning of a commemorative piece of art, guided tours, a significant state event during 2016 and the publication of a book on the Cemetery and the Easter Rising.

The community events provide great texture to the year and show both an imaginative and an in-depth understanding of the Rising and the role that the people of this area played in this seminal event in Irish history. We believe we have particularly strong theatrical and musical strands running through our programme.

We encourage everyone to not only partake in the main national events which we are very fortunate to be in close proximity to, but to also to learn about and celebrate the stories of the Easter Rising that are on our doorstep.

clár comórtha céad bliain dún laoghaire-ráth an dúin

6 7

Programme An Clár

Ceremonial Searmanais

date tbc dáta le deimhniú

Deansgrange CemeteryReilig Ghráinseach an Déin

A State Occasion at

Deansgrange Cemetery

A State Occasion during which wreaths will be laid at significant graves and the Proclamation read to mark the importance of the cemetery and its associations with the 1916 Rising. There will also be the unveiling of a 2016 Commemorative Sculpture commissioned by Dún Laoghaire-Rathdown County Council. The cemetery in one of the most significant contemporary locations associated with the Rising and is the resting place of Irish Volunteers, British soldiers and civilians who all lost their lives during Easter Week as well as those who fought and for Irish freedom in 1916 and were later buried in the cemetery.

Ócáid Stáit ag Reilig Ghráinseach an Déin

Ócáid Stáit ina leagfar fleasca ar na huaigheanna tábhachtacha agus ina léifear an Forógra chun tábhacht na Reilige agus an nasc a bhí aici le hÉirí Amach 1916 a thabhairt chun suntais. Anuas air sin, déanfar Dealbh Chomórtha 2016, atá coimisiúnaithe ag Comhairle Contae Dhún Laoghaire-Ráth an Dúin, a chur i láthair go poiblí. Tá an reilig ar cheann de na láithreacha comhaimseartha is tábhachtaí a bhaineann leis an Éirí Amach agus is í áit suain Óglaigh na hÉireann, shaighdiúirí na Breataine agus sibhialtach a maraíodh i rith Sheachtain na Cásca, mar aon leo siúd a throid ar son shaoirse na hÉireann i 1916 agus ar cuireadh ní ba dhéanaí sa reilig iad.

date and locations tbc dáta agus na láithreacha le deimhniú

1916 Gardens of Remembrance

Two gardens of remembrance will be opened in two of our public parks, one on the east side and one on the west side of the county. These gardens featuring a granite copy of the 1916 Proclamation flagpole and seven trees to represent the seven signatories of the proclamation will be enduring legacies of the centenary of the 1916 Rising.

Gairdíní Cuimhneacháin 1916

Osclófar dhá ghairdín cuimhneacháin in dhá cheann dár bpáirceanna poiblí–ceann amháin ar an taobh Thoir agus ceann eile ar an taobh Thiar den Chontae. Beidh macasamhlú eibhir de chrann brataí Fhorógra 1916 agus seacht gcrann ar son sheachtar sínitheoirí an Fhorógra sna gairdíní seo mar leagáidí marthanacha de chuid chomóradh Éirí Amach 1916.

date tbc dáta le deimhniú

Michael Mallin Station, Dún LaoghaireStáisiún Mhíchíl Uí Mhealláin, Dún Laoghaire

Mallin Station event

Iarnrod Eireann will be producing an installation at Michael Mallin Station, Dún Laoghaire, to mark the centenary of the Rising.

Imeacht Stáisiún Uí Mhealláin

Beidh ealaín suiteála á cruthú ag Iarnród Éireann ag Stáisiún Mhíchíl Uí Mhealláin, Dún Laoghaire, chun comóradh céad bliain an Éirí Amach a cheiliúradh.

Deangrange Cemetery Reilig Ghráinseach an Déin

Deangrange Cemetery Graves

The unmarked graves of the 16 civilians killed during the Rising will be marked and properly presented by Dún Laoghaire-Rathdown County Council. To date these grave have had no headstones or markers.

Uaigheanna Reilig Ghráinseach an Déin

Déanfaidh Comhairle Contae Dhún Laoghaire-Ráth an Dúin Uaigheanna gan Mharcáil na 16 Shibhialtach a maraíodh i rith an Éirí Amach a mharcáil agus a chur i láthair i gceart. Go dtí seo, ní raibh aon chlocha cinn nó marcóirí ag na huaigheanna seo.

Historical Reflection Machnamh ar an Stair

november 2015 samhain 2015

To be launched at Deansgrange LibraryLe seoladh ag Leabharlann Ghráinseach an Déin

Launch of Book: Deansgrange

Cemetery and the Easter

Rising, by Ray Bateson

Deansgrange Cemetery is ne of the most significant cemeteries in Dublin. A centre of social history of the county for nearly 150 years the cemetery is also the resting place of many people associated with the 1916 Rising. There are Irish Volunteers who fought and died during the Rising as well as British soldiers and a large number of civilians. In addition there are many people who were involved in the Rising but

who survived and were later buried in this important cemetery. This book will give a unique, informative and touching insight into the people and events of the Rising.

Seoladh an leabhair Deansgrange Cemetery

and the Easter Rising, le Ray Bateson

Tá Reilig Ghráinseach an Déin ar cheann de na reiligí is tábhachtaí i mBaile Átha Cliath. Tá an reilig mar ionad staire sóisialta an chontae ar feadh nach mór 150 bliain agus is í áit suain go leor scéalta a bhaineann le hÉirí Amach 1916. Tá Óglaigh na hÉireann a throid agus a maraíodh i rith an Éirí Amach, mar aon le saighdiúirí na Breataine agus líon mór sibhialtach curtha sa reilig. Chomh maith leis sin, tá go leor daoine curtha ann a raibh páirt acu san Éirí Amach ach a thug a gcosa leo agus ar cuireadh anseo iad ní ba dhéanaí sa reilig thábhachtach seo. Cuirfear

léargas uathúil faisnéiseach spreagtha ar fáil sa leabhar seo ar na daoine agus na himeachtaí a bhain leis an Éirí Amach.

clár comórtha céad bliain dún laoghaire-ráth an dúin

8 9

november 2015 samhain 2015

To be launched at Dlr Lexicon, Dún LaoghaireLe seoladh ag Dlr Lexicon, Dún Laoghaire

DLR 2016 Book Launch by

Coiste Éirí Amach 1916 DLR

A book to celebrate some of the key figures from Dún Laoghaire-Rathdown who were involved in the Rising. Organised by Coiste Éirí Amach 1916 DLR in conjunction with DLR County Council.

Seoladh Leabhar DL-RD 2016, le

Coiste Éirí Amach 1916 DL-RD.

Leabhar ina gceiliúrfar cuid de na príomhdhaoine móra le rá ó Dhún Laoghaire-Ráth an Dúin a raibh baint acu san Éirí Amach. Eagraithe ag Coiste Éirí Amach 1916 DL-RD i gcomhar le Comhairle Contae DL-RD.

07.01.16 8:00pm

Community Centre, North Avenue, Mount MerrionIonad Pobail, an Ascaill Thuaidh, Cnoc Mhuirfean

Road to the Rising - The Parts

Played by the Arms Landings

from the Asgard and the Kelpie:

A talk by Pat Murphy

This illustrated talk presents the life of the Asgard’s 23 day voyage, accompanied by the Kelpie, to collect guns and ammunition for the Irish Volunteers and the landing of them in Howth in July 1914. Organised by the Mount Merrion Historical Society.

Road to the Rising - The Parts Played

by the Arms Landings from the Asgard

and the Kelpie: Caint le Pat Murphy

Cuireann an chaint le léaráidí seo eachtraí aistear 23 lá an Asgard, i gcuideachta an Kelpie, chun gunnaí agus armlón a bhailiú d’Óglaigh na hÉireann agus iad a thabhairt i dtír i mBinn Éadair in Iúil 1914 i láthair. Eagraithe ag Cumann Staire Chnoc Mhuirfean.

14.01.16 7:00pm

Dlr Lexicon, Dún LaoghaireDlr Lexicon, Dún Laoghaire

Social Conditions in Kingstown

and Dublin in 1916, a lecture

by Padraig Yeates

Padraig Yeates is one of the best known and most respected historians of this period of Irish history. In this lecture he will set the social context for the Rising giving particular reference to the Kingstown area, so often portrayed as one of genteel wealth and a pro-Union population but where the reality was often quite different. Organised by Coiste Éirí Amach 1916 DLR in conjunction with DLR County Council.

Social Conditions in Kingstown and

Dublin in 1916, léacht le Pádraig Yeates

Tá Pádraig Yeates ar dhuine de na staraithe is mó aithne agus is mó a bhfuil meas air den tréimhse seo i stair na hÉireann. Sa léacht seo, leagfaidh sé amach an comhthéacs sóisialta ina bhfuil an tÉirí Amach agus tagairt ar leith á déanamh do cheantar Kingstown, a léirítear é mar cheantar ina raibh rachmas cúirtéiseach agus daonra ar son na hAontachta, ach nach amhlaidh a bhí i gceist, i bhfírinne. Eagraithe ag Coiste Éirí Amach 1916 DL-RD i gcomhar le Comhairle Contae DL-RD.

21.01.16 7:00pm

Marlay House, RathfarnhamTeach Marlay, Ráth Fearnáin

Countess Markievicz, a

lecture by Ann Matthews

Countess Markievicz was one of the central figures of the Easter Rising and had associations with the Sandyford area. During the Rising she was second in command at the Stephen’s Green garrison. She is a person who still continues to fascinate. Historian Ann Matthews lectures at NUI Maynooth on Women and War and Republican women and iconography and is the author of a number of publications including Renegades: Irish Republican Women 1900-1922 Organised by Coiste Éirí Amach 1916 DLR in conjunction with DLR County Council.

Countess Markievicz, léacht

le Ann Matthews

Bhí an Chuntaois Markievicz ar dhuine de phríomhphearsana Éirí Amach na Cásca agus bhí baint aici le ceantar Áth an Ghainimh. I rith an Éirí Amach, bhí sí ina leascheannasaí ag garastún Fhaiche Stiabhna. Duine í atá mar ábhar iontais go fóill. Léachtóirí í an staraí, Ann Matthews, ag OÉ Má Nuad, in ábhair a bhaineann le Mná agus Cogadh agus Mná Poblachtacha agus Íocónagrafaíocht agus tá sí ina húdar ar roinnt foilseachán, ‘Renegades: Irish Republican Women 1900-1922’, ina measc. Eagraithe ag Coiste Éirí Amach 1916 DL-RD i gcomhar le Comhairle Contae DL-RD.

28.01.16 7:00pm

Dlr Lexicon, Dún LaoghaireDlr Lexicon, Dún Laoghaire

Deansgrange Cemetery and 1916

Rising, a lecture by Jamie Moran

Jamie Moran is the author of Deansgrange Cemetery: Stories from Beyond the Grave. In this lecture he will outline some of the many stories of people associated with the Rising who are buried in the cemetery.Organised by Coiste Éirí Amach 1916 DLR in conjunction with DLR County Council.

Deansgrange Cemetery and 1916

Rising, léacht le Jamie Moran

Is é Jamie Moran údar ‘Deansgrange Cemetery: Stories from Beyond the Grave’. Sa léacht seo, tabharfaidh sé cuntas ar scéalta iomadúla na ndaoine a raibh baint acu leis an Éirí Amach atá curtha sa reilig.Eagraithe ag Coiste Éirí Amach 1916 DL-RD i gcomhar le Comhairle Contae DL-RD.

11.02.16 7:00pm

Dlr Lexicon, Dún LaoghaireDlr Lexicon, Dún Laoghaire

Patrick Moran Irish Volunteer and

Trade Unionist, a lecture May Moran

May Moran, the niece of Patrick Moran, will tell the fascinating story of her uncle. Originally from Roscommon he in the Blackrock and Dún Laoghaire areas. He was a labour activist and a republican. He took part in the 1916 Rising and was subsequently interned in Frongoch. During the War of Independence he was a leading Irish Volunteer. He was executed by the British in March 1921.Organised by Coiste Éirí Amach 1916 DLR in conjunction with DLR County Council.

Léacht ar Patrick Moran Irish Volunteer

and Trade Unionist le May Moran

Inseoidh May Moran, nia le Patrick Moran, scéal iontais a huncail. Ba as Ros Comáin ó dhúchas é agus chónaigh sé i gceantair na Carraige Duibhe agus Dhún Laoghaire. Ba ghníomhaíoch saothair agus poblachtach é. Ghlac sé páirt in Éirí Amach 1916 agus imtheorannaíodh é ina dhiaidh sin in Frongoch. I rith Chogadh na Saoirse, ba phríomh-Óglach Éireannach é. Chuir an Bhreatain chun báis é i Márta 1921.Eagraithe ag Coiste Éirí Amach 1916 DL-RD i gcomhar le Comhairle Contae DL-RD.

clár comórtha céad bliain dún laoghaire-ráth an dúin

10 11

01.02.16–30.09.16 open cemetery hours uaireanta oscailte na reilige

Deansgrange CemeteryReilig Ghráinseach an Déin

DLR and the 1916 Rising:

an exhibition

Curated by historian Conor Dodd this specially produced exhibition will tell the story of the 1916 Rising using the people and personal experiences of those associated with the area now covered by Dún Laoghaire-Rathdown. There were over 170 people from this area who were involved in the Rising. They range from two of the executed, Sir Roger Casement and Major John MacBride to those who played less well known but also significant parts in the Rising. The exhibition will be located in Deansgrange Cemetery, where over 100 people involved in the Rising are buried. Organised by DLR County Council.

DL-RD agus Éirí Amach 1916: taispeántas

Is é an staraí, Conor Dodd, coimeádaí an taispeántais seo a cuireadh le chéile go sainchuspóireach agus a inseoidh scéal Éirí Amach 1916 agus na daoine agus na heispéiris phearsanta á n-úsáid a bhain leis an gceantar atá cumhdaithe anois ag Dún Laoghaire-Ráth an Dúin. Bhí baint ag os cionn 170 duine ón gceantar seo san Éirí Amach. Ina measc, tá beirt díobh siúd a cuireadh chun báis, Sir Roger Casement agus an Major John MacBride, agus iad siúd a ghlac páirteanna san Éirí Amach nach bhfuil an oiread céanna cur amach orthu ach ar bhain tábhacht leo mar sin féin. Beidh an taispeántas seo lonnaithe i Reilig Ghráinseach an Déin, áit a bhfuil os cionn 100 duine a raibh baint acu leis an Éirí Amach curtha. Eagraithe ag Comhairle Contae DL-RD.

15.02.16 Minutes from the Townships

Archives from 1916:

An online exhibition

DLR County Council holds the minutes to the Kingstown, Blackrock, Killiney and Ballybrack and Dalkey townships. As the Rising was being planned in secret what were the main concerns of the people who managed this part of Dublin? And when the Rising took place what was their response? Research by Ronan Stewart. Organised by DLR County Council.

Miontuairiscí ó Chartlanna an

Bhailecheantair ó 1916: Taispeántas ar líne

Tá na miontuairiscí le bailecheantair Kingstown, na Carraige Duibhe, Chill Iníon Léinín agus an Bhaile Bhric agus Dheilginse á gcoimeád ag Comhairle Contae DL-RD. Mar gheall go raibh an tÉirí Amach á phleanáil go rúnda, cén príomhbhuarthaí a bhí ar na daoine a rinne an chuid seo de Bhaile Átha Cliath a bhainistiú? Agus cad a bhí i gceist lena bhfreagairt nuair a tharla an tÉirí Amach? Taighde le Ronan Stewart. Eagraithe ag Comhairle Contae DL-RD.

18.02.16 7:00pm

Dlr Lexicon, Dún LaoghaireDlr Lexicon, Dún Laoghaire

The Sherwood Foresters from Dún

Laoghaire to The Battle of Mount

Street: a lecture by Billy Campbell

This lecture will follow the story of the arrival of British troops who arrived in the port of Dún Laoghaire from where they marched into the city. On their way they became involved in one of the fiercest battles of the Rising at Mount Street. Organised by Coiste Éirí Amach 1916 DLR in conjunction with DLR County Council.

The Sherwood Foresters from Dún

Laoghaire to The Battle of Mount

Street: léacht le Billy Campbell

Leanfaidh an léacht seo an scéal faoi theacht i dtír thrúpaí na Breataine a bhain caladh Dhún Laoghaire amach, ónar mháirseáil siad isteach chuig an gcathair. Ar a mbealach, bhí baint acu i gceann de na cathanna b’fhíochmhaire den Éirí Amach ag Sráid an Mhóta. Eagraithe ag Coiste Éirí Amach 1916 DL-RD i gcomhar le Comhairle Contae DL-RD.

25.02.16 7:00pm

Dlr Lexicon, Dún LaoghaireDlr Lexicon, Dún Laoghaire

Roger Casement, a lecture

by Angus Mitchell

Roger Casement was born in Doyle’s Cottage, Lawson Terrace, Sandycove in 1864. Casement worked for the British consular service. His reports into human rights abuses by the Belgian government in the Congo earned him the Order of Saint Michael and Saint George in 1905. He was later knighted for his report on the abuse of rubber industry workers in Peru. However, by the time he left the consular service he had become disillusioned with the activities of the British Empire. During World War One he fostered relations with Germany and on Good Friday 1916 was arrested at Banna Strand, County Kerry after landing from a German submarine. He was executed for High Treason on 3 August, 1916. Angus Mitchell edited and annotated The Amazon Journal of Roger Casement. His work has appeared in various international, academic and mainstream journals. Organised by Coiste Éirí Amach 1916 DLR in conjunction with DLR County Council.

Roger Casement, léacht le Angus Mitchell

Rugadh Roger Casement i dTeachín Uí Dhubhghaill, Ardán Lawson, Cuas an Ghainimh in 1864. D’oibrigh Casement do sheirbhís chonsalachta na Breataine. Bhain sé Ord Naomh Mícheál agus Naomh Seoirse amach mar gheall ar a thuairiscí ar threascairt ar chearta an duine ag rialtas na Beilge sa Chongó i 1905. Bronnadh ridireacht air, ina dhiaidh sin, as a thuairisc ar mhí-úsáid a bhaint as oibrithe i dtionscal an rubair i bPeiriú. Faoin tráth a d’fhág sé an tseirbhís chonsalachta, áfach, b’ábhar díomá dó gníomhaíochtaí Impireacht na Breataine. I rith an Chéad Chogaidh Domhanda, chothaigh sé caidreamh leis an nGearmáin agus gabhadh é Aoine an Chéasta 1916 ag Trá na Beannaí, Contae Chiarraí i ndiaidh dó teacht i dtír ó fhomhuireán Gearmánach. Cuireadh chun báis é mar gheall ar Ardtréas an 3 Lúnasa, 1916. Rinne Angus Mitchell The Amazon Journal of Roger Casement a chur in eagar agus a anótáil. Bhí a shaothar le sonrú in irisí éagsúla idirnáisiúnta, acadúla agus príomhshrutha. Eagraithe ag Coiste Éirí Amach 1916 DL-RD i gcomhar le Comhairle Contae DL-RD.

03.03.16 7:00pm

Dlr Lexicon, Dún LaoghaireDlr Lexicon, Dún Laoghaire

Captain Jack White, a lecture

by Dr. Leo Keohane

Dr Leo Keohane is the author of Captain Jack White: Imperialism, Anarchism and the Irish Citizen Army. Captain Jack White was a Boer War hero and renowned anarchist and the founder of the Irish Citizen Army. White associated with key Irish activists and literati of the early twentieth century including HG Wells, DH Lawrence, Tolstoy, GB Shaw, Conan Doyle, Sean O’Casey and Countess Markievicz. Organised by Coiste Éirí Amach 1916 DLR in conjunction with DLR County Council.

Captain Jack White, léacht

leis an Dr Leo Keohane

Is é an Dr Leo Keohane údar ‘Captain Jack White: Imperialism, Anarchism and the Irish Citizen Army’. Ba laoch i gCogadh na mBórach é an Captaen Jack White agus b’ainrialaí clúiteach agus ba bhunaitheoir Arm Cathartha na hÉireann é. Bhí caidreamh ag White le príomhghníomhaithe agus le haos liteartha na hÉireann go luath san fhichiú haois, HG Wells, DH Lawrence, Tolstoy, GB Shaw, Conan Doyle, Seán O’Casey agus an Chuntaois Markievicz ina measc. Eagraithe ag Coiste Éirí Amach 1916 DL-RD i gcomhar le Comhairle Contae DL-RD.

clár comórtha céad bliain dún laoghaire-ráth an dúin

12 13

09.02.16–13.02.16

Dún LaoghaireDún Laoghaire

Mountains to Sea DLR Book Festival

- Voices of the 1916 Easter Rising

In the annual edition of one of the most popular book festivals in Ireland there will be an evening featuring letters, speeches, poems and eyewitness accounts of the 1916 Rising read by a stellar cast of actors and authors. This will be a unique event that will recreate the dramatic events of Easter 1916 in vivid immediacy. For further details see www.mountainstosea.ie. Organised by DLR Co. Co.

Féile Leabhar Mountains to Sea DLR–

Glóir Éirí Amach na Cásca 1916

In eagrán bliantúil ceann de na féilte leabhar is mó a bhfuil tóir uirthi, cuirfear tráthnóna de litreacha, óráidí, dánta agus cuntais ó fhinnéithe súl ar Éirí Amach 1916 ar siúl, a dhéanfaidh grúpa cumasach aisteoirí agus údar a léamh. Imeacht uathúil a bheidh ann seo a dhéanfaidh imeachtaí drámatúla Cháisc 1916 a athchruthú le neasacht bheoga. Chun teacht ar bhreis sonraí, féach www.mountainstosea.ie. Eagraithe ag Comhairle Contae DL-RD.

10.03.16 7:00pm

Dlr Lexicon, Dún LaoghaireDlr Lexicon, Dún Laoghaire

Michael Mallin: a lecture

by Brian Hughes

In 1966 Dun Laoghaire Railway station was renamed Mallin Station in honour of one of the executed leaders of the Rising. In this talk Brian Hughes, author of Michael Mallin: 16 Lives, will tell the story of Michael Mallin, former British soldier, who commanded the garrison of rebels in St Stephen’s Green and the College of Surgeons during Easter Week. He was Chief-of-Staff and second-in-command to James Connolly in the Irish Citizen Army. Organised by Coiste Éirí Amach 1916 DLR in conjunction with DLR County Council.

Michael Mallin: léacht le Brian Hughes

I 1966, athainmníodh Stáisiún Iarnróid Dhún Laoghaire mar Stáisiún Uí Mhealláin in onóir duine de cheannairí an Éirí Amach a cuireadh chun báis. Inseoidh Brian Hughes, údar ‘Michael Mallin: 16 Lives’, i gcaitheamh a chainte, scéal Mhichíl Uí Mhealláin, iar-shaighdiúir na Breataine, a bhí i gceannas ar gharastún reibiliúnach i bhFaiche Stiabhna agus ag Coláiste na Máinlianna i rith sheachtain na Cásca. Ba Cheann Foirne agus leascheannasaí é le James Connolly in Arm Cathartha na hÉireann. Eagraithe ag Coiste Éirí Amach 1916 DL-RD i gcomhar le Comhairle Contae DL-RD.

23.03.16 7:00pm

Dlr LexiconDlr Lexicon

Major John MacBride, a

lecture by Donal Fallon

On Easter Monday morning Major John MacBride left his home at Spencer Villas, Glasthule, to meet his brother off the train in Dublin–he was to be the best man at his wedding. However, when this former soldier of the Boer War saw that a Rising was about to start he joined the Volunteers. Although he did not play a key role in the Rising he was executed in Kilmainham Jail. Donal Fallon is an historian and a guide with Historical Walking Tours of Dublin and one of the founder of the award-winning blog on Dublin life and culture, ‘Come Here to Me’.Organised by Coiste Éirí Amach 1916 DLR in conjunction with DLR County Council.

Major John MacBride, léacht le Dónal Fallon

Maidin Luan Cásca, d’fhág an Maor John MacBride a theach ag Bailtíní Spencer, Glas Tuathail, chun casadh lena dheartháir ag an traein i mBaile Átha Cliath–ba ghearr go mbeadh sé mar fhinné fir ag a bhainis. Nuair a thug an t-iarshaighdiúir seo de Chogadh na mBórach faoi deara go raibh Éirí Amach ar tí tosú, chuaigh sé leis na hÓglaigh. Cé nach raibh páirt aige san Éirí Amach, cuireadh chun báis i bPríosún Chill Mhaighneann é. Is staraí, treoraí le Turais Stairiúla Siúil Bhaile Átha Cliath agus duine de bhunaitheoirí an bhlag ar bheatha agus cultúr Bhaile Átha Cliath a bhain gradam amach, ‘Come Here to Me’ é Dónal Fallon.Eagraithe ag Coiste Éirí Amach 1916 DL-RD i gcomhar le Comhairle Contae DL-RD.

clár comórtha céad bliain dún laoghaire-ráth an dúin

14 15

National Maritime MuseumMariners Church, Haigh Terrace, Dún LaoghaireAn Músaem Náisiúnta MuiríSéipéal an Mhairnéalaigh, Ardán Haigh, Dún Laoghaire

National Maritime Museum of

Ireland Lectures and Exhibitions

The National Maritime Museum of Ireland will be producing an extensive programme of maritime related lectures and displays for the 1916 Commemorations. These will include:

• The landing of German guns by Asgard in Howth on 26th July 1914 including a display of two guns from the famous yacht.• The gun running voyage of Conor O’Brien’s yacht Kelpie and the subsequent landing of guns at Kilcoole by the steam yacht Chotah on 1st August 1914.• Roger Casement’s association with Dun Laoghaire Rathdown and his fateful landing from U-19 on Banna Strand on 21st April 1916 leading to his execution in Pentonville Prison on 3rd August 1916.• The ill-fated voyage of the Aud from Lubeck to its scuttling off the Daunt Rock on 22nd April 1916, including the visit of Aud survivors to Ireland in 1966.• The role of Dun Laoghaire based HMY Helga in shelling Boland’s Mill and Liberty Hall during the 1916 Rising and her subsequent career.• The life of John de Courcy Ireland author of the Sea and the Easter Rising 1916, coinciding with the tenth anniversary of his death on the 4th April 2016.

Display boards featuring the above will be complemented by on-screen presentations of historic material in the Museum, a facsimile reproduction of the book The Sea and the Easter Rising 1916 will be produced in addition to other local history and maritime themes, artefacts and publications related to the period.For updates see www.mariner.ie

Léachtaí agus Taispeántais Mhúsaem

Náisiúnta Muirí na hÉireann

Beidh clár fairsing de léachtaí agus de thaispeántais mhuirí á gcur le chéile ag Músaem Náisiúnta Muirí na hÉireann do Chomóradh 1916. Ina measc seo:

• Beidh teacht i dtír gunnaí Gearmánacha san Asgard i mBinn Éadair an 26 Iúil 1914.• Lena n-áirítear taispeántas de dhá ghunna ón luamh clúiteach• Aistear iompair gunnaí luamh Conor O’Brien, an Kelpie agus gunnaí a thógáil i dtír ina dhiaidh sin ag Cill Chomhghaill ag an luamh gaile, an Chotah an 1 Lúnasa 1914.• An bhaint a bhí ag Roger Casement le Dún Laoghaire-Ráth an Dúin agus a theacht i dtír cinniúnach ón U-19 ar Thrá na Beannaí an 21 Aibreán 1916, as ar eascair gur cuireadh chun báis é i bPríosún Pentonville an 3 Lúnasa 1916.• Aistear an Aud ó Lubeck, nach mbeadh an rath air, go dtí gur scuitléaladh é amach ó Charraig Daunt an 22 Aibreán 1916 mar aon leis an gcuairt a thug marthanóirí an Aud ar Éirinn i 1966.• Ról HMY Helga a bhí bunaithe i nDún Laoghaire chun Muileann Uí Bheolláin agus Halla na Saoirse a bhuamáil i rith Éirí Amach 1916 agus an ghairm a bhí aici ina dhiaidh sin.• Beatha John de Courcy Ireland, údar The Sea and the Easter Rising 1916, i gcomhthráth le comóradh deich mbliana a bháis an 4 Aibreán 2016.

Cuirfidh cur i láthair ar scáileán d’ábhar stairiúil sa Mhúsaem le cláir thaispeána ar a mbeidh an méid thuas, atáirgeadh macasamhlach den leabhar, The Sea and the Easter Rising 1916, anuas ar théamaí staire áitiúla agus muirí, iarsmaí agus foilseacháin eile a bhaineann leis an tréimhse.Chun teacht ar an nuacht is déanaí, féach www.mariner.ie

date tbc dáta le deimhniú

Conference to take place at IADT, Kill Avenue, Dún LaoghaireBeidh an chomhdháil le bheith ar siúl ag IADT, Ascaill na Cille, Dún Laoghaire

Conference: The Other 1916

Organised by the Department of Humanities and Arts Management, IADT, Dún Laoghaire, this conference will look at ‘the everyday of 1916’ including literature, film, heritage, labour, gender, family, diaspora and the Great War. It will consider new and innovative debates about the national narrative of 1916, re-imagining alternative histories to 1916 and undertaking inclusive and interactive civic engagement with the local and national community in relation to collective memory.See www.iadt.ie for details.

Comhdháil: The Other 1916

Tá an chomhdháil seo eagraithe ag an Roinn Daonnachtaí agus Bainistíochta Ealaíon, an IADT, Dún Laoghaire, agus caithfear súil ar ‘gnáthshaol 1916’, an litríocht, scannáin, oidhreacht, saothar, inscne, an teaghlach, diaspóra agus an Cogadh Mór ina measc. Déanfar breithniú ar dhíospóireachtaí nua agus nuálacha faoi scéal náisiúnta 1916, déanfar athshamhlú ar startha malartacha i dtaobh 1916 agus tabharfar faoi rannpháirtíocht chuimsitheach agus idirghníomhach leis an bpobal áitiúil agus náisiúnta maidir leis an gcomhchuimhne.Féach www.iadt.ie chun teacht ar shonraí.

date tbc dáta le deimhniú

NCADNCAD

Creating the Manifesto

Two talks on history of Manifestos, a week long programme on Manifesto Creation and Printing of Manifestos offsite at NCADExhibition of DLR created Manifestos, as well as a look at history of Manifestos. National College of Art and Design in conjunction with Dún Laoghaire-Rathdown County Council. For further information see www.dlrcoco.ie (Libraries).

An Forógra a Chruthú

Dhá chaint ar stair Fhorógraí, clár seachtaine a bhaineann le Forógra a Chruthú agus Forógraí a Phriontáil in NCADTaispeántas d’Fhorógraí cruthaithe in DL-RD, chomh maith le staidéar ar stair Fhorógraí. An Coláiste Náisiúnta Ealaíne is Deartha i gcomhar le Comhairle Contae Dhún Laoghaire-Ráth an Dúin. Le haghaidh tuilleadh eolais féach www.dlrcoco.ie (Leabharlanna).

06.09.16–24.10.16

DLR Lexicon, Dún LaoghaireDLR Lexicon, Dún Laoghaire

1916 Dublin: A City at a

Time of Revolution

Tutor Michael Doran will lead an 8 week course in partnership with UCD. This course will examine the social and political conditions that existed in Dublin at the time of the Rising. There will also be a focus on the planning, impact and public reaction to the Rising. UCD Adult Education Course in conjunction with Dún Laoghaire-Rathdown County Council.

Baile Átha Cliath 1916: Cathair

i dTráth Réabhlóide

Stiúrfaidh an teagascóir Michael Doran cúrsa ocht seachtaine i gcomhar le UCD. Déanfar iniúchadh sa chúrsa ar na coinníollacha sóisialta agus polaitiúla a bhí i mBaile Átha Cliath tráth an Éirí Amach. Díreofar freisin ar phleanáil an Éirí Amach, an tionchar a bhí aige agus mar a d’fhreagair an pobal dó. Cúrsa Oideachais Aosaigh UCD i gcomhar le Comhairle Contae Dhún Laoghaire–Ráth an Dúin.

clár comórtha céad bliain dún laoghaire-ráth an dúin

16 17

Cultural Expression Léiriú Cultúrtha

11.10.15

Cultúrlann na hÉireann, MonkstownCultúrlann na hÉireann, Baile na Manach

A Historic Depiction of 1916 by

Comhaltas Macalla na hÉireann

This will consist of top class musicians, singers and dancers from the four provinces. The narrators will be Seán Ó Sé and Alice Fitzgerald. The producer is Siobhán Ní Chonaráin who has produced many of the acclaimed Comhaltas shows that have toured the world.

Léiriú Stairiúil ar 1916 le Comhaltas

Macalla na hÉireann

Beidh scoth na gceoltóirí, na n-amhránaithe agus na rinceoirí ó na ceithre chúige bainteach ann seo. Is iad Seán Ó Sé agus Alice Fitzgerald na scéalaithe a bheidh ann. Is í Siobhán Ní Chonaráin an léiritheoir, a léirigh go leor de thaispeántais an Chomhaltais a bhain moladh amach agus a chuaigh ar turas timpeall an domhain.

11/18/25/27.01.16 7:00pm

Booterstown Community Centre, Rock Road, opposite the Bird Marsh at Grotto AvenueIonad Pobail Bhaile an Bhóthair, Bóthar na Carraige, trasna ó Riasc na nÉan ag Ascaill an Fhochla

13/20.01.16 7:00pm

Dlr Lexicon, Dún LaoghaireDlr Lexicon, Dún Laoghaire

‘Pull Down a Horseman’,

a play by Eugene McCabe

Pull Down a Horseman depicts a secret meeting between Pearse and Connolly as to whether and when to go ahead with the Rising. The dramatic conflict comes out of their expression of their differing political philosophies and perspectives. The incident described, which is believed to have taken place in a cottage in South county Dublin in the early Spring, 1916, has a basis in historical research. The play was written in 1966 to commemorate the Rising’s 50th Anniversary and first presented by the Abbey theatre. Eugene McCabe is one of Ireland’s leading playwrights.

‘Pull Down a Horseman’,

dráma le Eugene McCabe

Léirítear in Pull Down a Horseman, cruinniú rúnda idir an Piarsach agus an Conghaileach maidir le cibé acu chun leanúint ar aghaidh nó gan leanúint ar aghaidh leis an Éirí Amach. Eascraíonn an choimhlint dhrámatúil nuair a léiríonn siad a bhfealsúnachtaí agus dearcthaí polaitiúla éagsúla. Ábhar taighde stairiúil is ea an eachtra ar a ndéantar cur síos, a chreidtear a tharla i dteachín i mBaile Átha Cliath theas go luath in Earrach 1916. Scríobhadh an dráma i 1966 chun Comóradh 50 Bliain an Éirí Amach a cheiliúradh agus léiríodh den chéad uair é in Amharclann na Mainistreach. Tá Eugene McCabe ar dhuine de na drámadóirí is mó le rá in Éirinn. Ionad Pobail Bhaile an Bhóthair, Bóthar na Carraige, trasna ó Riasc na nÉan ag Ascaill an Fhochla.

17.02.16 8:00pm

Pavilion Theatre, Dún LaoghaireAmharclann an Phailliúin, Dún Laoghaire

1616-1916 - The Road to the Rising

The culture, music and songs that sustained generations and inspired the men and women of 1916. Music by ‘The Bonny Men’ under the direction of Maitiú Ó Casaide, TG4 Young Musician of the Year 2015 and musical director of the internationally acclaimed Fighting Irish concert of The Gathering Ireland 2013. Pavilion Theatre, Dún Laoghaire, Co. Dublin. Further info: www.familyhistory.ie and www.thebonnymen.ie Organised by the Genealogical Society of Ireland in conjunction with DLR County Council.

1616-1916 - An Bóthar chun an Éirí Amach

An cultúr, an ceol agus na hamhráin a chothaigh na glúnta agus a spreag fir agus mná 1916. Ceol le ‘The Bonny Men’ faoi stiúir Mhaitiú Uí Chasaide, Ceoltóir Óg TG4 na Bliana 2015 agus stiúrthóir ceoil na ceolchoirme ‘Fighting Irish’ de chuid The Gathering Ireland 2013, a bhain moladh idirnáisiúnta amach. Amharclann an Phailliúin, Dún Laoghaire, Contae Bhaile Átha Cliath. Breis faisnéise: www.familyhistory.ie agus www.thebonnymen.ie Eagraithe ag Cumann Ginealais na hÉireann i gcomhar le Comhairle Contae DL-RD.

31.03.16–01.04.16 8:00pm

Pavilion Theatre, Dún LaoghaireAmharclann an Phailliúin, Dún Laoghaire

Madame de Markievicz on Trial

A play by Ann Matthews, directed by Anthony Fox. Madame de Markievicz on Trial is a drama centred around Constance Markievicz depicting an event in Dublin at Easter in 1916 when a policeman was fatally shot. It is set in a courtroom and a prison cell during the autumn of 1917 and the dialogue is largely based on the extensive speeches made by Markievicz during this time. The testimonies of the witnesses are interwoven to show that Madam was a normal multi-dimensional woman in contrast to the usual one-dimensional icon frequently presented. The audience will be the ultimate judge, as they leave the theatre to decide to issue an ‘innocent’ or ‘guilty’ verdict.For further information see www.paviliontheatre.ie

Madame de Markievicz on Trial

Dráma le Ann Matthews, á stiúradh ag Anthony Fox. Dráma is ea ‘Madame de Markievicz on Trial’ atá bunaithe ar an gCuntaois Markievicz a dhéanann léiriú ar imeacht i mBaile Átha Cliath um Cháisc na bliana 1916 nuair a maraíodh póilín tar éis go ndearnadh é a lámhach. Tá sé bunaithe i seomra cúirte agus i gcillín príosúin i rith fhómhar na bliana 1917 agus tá an dialóg bunaithe go príomha ar na hóráidí fairsinge a rinne Markievicz le linn na tréimhse seo. Tá teistiméireachtaí na bhfinnéithe fite fuaite lena thaispeáint gur ghnáthbhean iltoiseach í Markievicz i gcodarsnacht leis an ngnáthíocón aontoiseach a léirítear go minic. Is é an lucht féachana a thabharfaidh an breithiúnas ar deireadh, nuair a fhágfaidh siad an amharclann le cinneadh a dhéanamh ar cibé acu chun fíorasc ciontachta nó neamhchiontachta a eisiúint.Chun teacht ar bhreis faisnéise, féach www.paviliontheatre.ie

clár comórtha céad bliain dún laoghaire-ráth an dúin

18 19

date tbc dáta le deimhniú

‘Thread softly’: Dun Emer and the

Cuala Industries–women at work

in the age of revolution, by Dr

Éimear O’Connor Founded initially by Evelyn Gleeson, and Elizabeth and Susan Yeats, the Dun Emer Industries provided training for women in needle craft and printing. ‘Thread Softly’ will examine the life and times of the Dun Emer and Cuala Industries in the context of the turbulent age that encompassed the First World War, the Easter Rising, and subsequent events. Dr. O’Connor is a Research Associate with TRIARC-Irish Art Research Centre, Trinity College Dublin. She specialises in the development of Irish art and its social, economic, political, and cultural contexts, from 1850 to 1970. Organised by Coiste Éirí Amach 1916 DLR in conjunction with DLR County Council.

‘Thread softly’: Dun Emer and the Cuala

Industries–women at work in the age of

revolution, leis an Dr Éimear O’Connor

Chuir Tionscail Dhun Emer, bunaithe ar dtús ag Evelyn Gleeson agus Elizabeth agus Susan Yeats, oiliúint ar fáil do mhná ar cheirdeanna fuála agus ar phriontáil. In ‘Thread Softly’, déanfar iniúchadh ar shaol agus ré Thionscail Dhun Emer agus Cuala i gcomhthéacs na linne suaite inar tharla an Chéad Chogadh Domhanda, Éirí Amach na Cásca, agus an méid a thit amach mar thoradh orthu. Is Comhlach Taighde í an Dr. O’Connor le TRIARC-Ionad Taighde ar Ealaín na hÉireann, Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath. Díríonn sí ar fhorbairt ealaín Éireannach agus a chomhthéacs sóisialta, eacnamaíoch, polaitiúil agus cultúrtha, ó 1850 go 1970. Á eagrú ag Coiste Éirí Amach 1916 DLR i gcomhar le Comhairle Contae DLR.

10–21.05.16

Mill Theatre, DundrumAmharclann an Mhuilinn, Dún Droma

‘Good Evening Mr Collins’

by Tom McIntyre

In 1916 Michael Collins was Adjutant to Joseph Plunkett and was sent to prison in Frangoch. He was twenty six years old. ‘Good Evening Mr Collins’ is a light-hearted yet truthful look at the life of a young man who lived in very dark times. Through music, comedy, drama and movement, it traces his adventures over the six years from 1916 to his death at Beal na mBlath in 1922.‘Good Evening Mr Collins’ will involve over 30 actors, musicians and theatre makers. The aim is to reimagine and present a youthful picture of the men of the Easter Rising, remembering how young and free many of them were at the start of the rebellion and looking at the consequences of their decisions on our country, one hundred year later. For more information see www.milltheatre.ie.Organised by Mill Productions in conjunction with DLR County Council.

‘Good Evening Mr Collins’ le Tom McIntyre

I 1916, bhí Mícheál Ó Coileán ina Aidiúnach le Joseph Plunkett agus cuireadh chun príosúin é in Frangoch. Bhí sé fiche a sé bliain d’aois. Léiriú sona ach fírinneach é ‘Good Evening Mr Collins’ de shaol fir óig a chónaigh i dtráth an-doicheallach. Rianaítear a chuid eachtraí i gcaitheamh na sé bliana ó 1916 go dtí go bhfuair sé bás ag Béal na mBláth i 1922 tríd an gceol, an greann agus gluaiseacht.Beidh os cionn 30 aisteoir, ceoltóir agus déantóir téatair bainteach i ‘Good Evening Mr Collins’. Is é an cuspóir íomhá óg a léiriú d’fhir Éirí Amach na Cásca, agus cuimhneamh ar a óige agus a shaoire a bhí go leor díobh ag tús an éirí amach agus súil a chaitheamh ar an tionchar a d’imir iarmhairtí a gcinntí ar ár dtír, céad bliain ina dhiaidh sin. Chun teacht ar bhreis faisnéise, féach www.milltheatre.ie.Eagraithe ag Mill Productions i gcomhar le Comhairle Contae DL-RD.

clár comórtha céad bliain dún laoghaire-ráth an dúin

20 21

end of june to beginning of september. tours of house weekly. days to be confirmed ó dheireadh mheithimh go tús mheán fómhair. beidh turais ar siúl gach seachtain. tá na laethanta le deimhniú

Cabinteely House, Cabinteely ParkTeach Chábán tSíle, Páirc Chábán tSíle

Tours of the Home of Joe McGrath,

Cabinteely House

Joe McGrath fought in Marrowbone Lane in 1916. Arrested after the Rising he was interned in Wormwood Scrubs and Brixton Prison in England. He was later elected for Sinn Féin and played a key role in Irish affairs during the War of Independence and Civil War. McGrath later became a significant businessman and was the founder of the Irish Hospital Sweepstakes. He purchased Cabinteely House and its grounds. This event is organised by DLR County Council. This will be part of the Council’s Summer of Heritage Programme.See www.dlrevents.ie for further details.

Turais ar theach Joe McGrath,

Teach Chábán tSíle

Throid Joe McGrath i Lána Mhuire Mhaith i 1916. Gabhadh é i ndiaidh an Éirí Amach agus imtheorannaíodh é i bPríosúin Wormwood Scrubs agus Brixton i Sasana. Toghadh é le haghaidh Shinn Féin ina dhiaidh sin agus ghlac sé páirt i ngnóthaí Éireannacha i rith Chogadh na Saoirse agus an Chogaidh Chathartha. B’fhear gnó tábhachtach é McGrath níos déanaí agus ba é bunaitheoir Scuabgheall Ospidéil na hÉireann é. Cheannaigh sé Teach Chábán tSíle agus na tailte mórthimpeall air. Tá an t-imeacht seo eagraithe ag Comhairle Contae DL-RD. Beidh seo mar chuid de Chlár Shamhradh Oidhreachta na Comhairle.Chun teacht ar bhreis sonraí, féach www.dlrevents.ie.

end of june to beginning of september. tours of cemetery weekly. days to be confirmed ó dheireadh mheithimh go tús mheán fómhair. beidh turais ar an reilig ar siúl gach seachtain. tá na laethanta le deimhniú

Deansgrange CemeteryReilig Ghráinseach an Déin

Tours of Deansgrange Cemetery

Deansgrange Cemetery is the resting place for over 120 people who were involved in the Easter Rising. Some were Irish Volunteers who died fighting in the Rising. There are also British soldiers and a number of civilians. These tours are given by cemetery staff and provide a fascinating insight into the Rising. This will be part of the Council’s Summer of Heritage Programme.See www.dlrevents.ie for further details.

Turais ar Reilig Ghráinseach an Déin

Is é Reilig Ghráinseach an Déin áit suain os cionn 120 duine a raibh baint acu in Éirí Amach na Cásca. B’Óglaigh na hÉireann cuid díobh a maraíodh agus iad ag troid san Éirí Amach. Anuas air sin, tá saighdiúirí na Breataine agus roinnt sibhialtach curtha ina measc. Cuireann foireann na reilige na turais seo ar fáil agus tugann siad léargas iontais ar an Éirí Amach. Beidh seo mar chuid de Chlár Shamhradh Oidhreachta na Comhairle.Ó dheireadh Mheithimh go tús Mheán Fómhair. Chun teacht ar bhreis sonraí, féach www.dlrevents.ie.

easter 2016 The 1916 Song Project

This research and performance project which is being devised and produced by Michael Fortune and Aileen Lambert features ten traditional singers from throughout the island of Ireland who will compose, research and present a body of traditional songs based on the 1916 Rising and the events surrounding it. A concert featuring these songs will take place during Easter 2016 Dún Laoghaire-Rathdown. For further information see www.the1916songproject.com

Tionscadal Amhrán 1916

Mar chuid den tionscadal taighde agus taibhithe seo, atá á cheapadh agus á léiriú ag Michael Fortune agus Aileen Lambert, beidh deichniúr ceoltóirí traidisiúnta as áiteanna ar fud oileán na hÉireann ag cumadh, ag déanamh taighde agus ag cur cnuasach amhrán traidisiúnta i láthair bunaithe ar imeachtaí Éirí Amach 1916. Cuirfear ceolchoirm ar siúl um Cháisc 2016 Dhún Laoghaire–Ráth an Dúin, ina gcanfar na hamhráin sin. Le haghaidh tuilleadh eolais féach www.the1916songproject.com

Community Participation Rannpháirtíocht Phobail

10.03.16 11:00am

Park House, StillorganTeach na Páirce, Stigh Lorgan

Park House 2016: Remembering

our Past, Imagining our Future

Park House is a resource centre for people with physical disabilities. An event portraying and celebrating the personal links to 1916 of the people who attend Park House Resource Centre and of those in the local community.

Teach na Páirce 2016: Cuimhneamh ar an

Am atá Caite, ár dTodhchaí a Shamhlú

Ionad acmhainní do dhaoine atá faoi mhíchumas fisiceach atá i dTeach na Páirce. Imeacht ina léirítear agus ina gceiliúrtar na ceangail phearsanta le 1916 a bhí ag na daoine a fhreastalaíonn ar Ionad Acmhainní Theach na Páirce agus acu siúd sa phobal áitiúil.

09.04.16 11:00am

Loughlinstown Baile Uí Lachnáin

Loughlinstown, Ballybrack

and Shanganagh Men’s Shed

1916-2016 Mural Opening

The Loughlinstown, Ballybrack and Shanganagh Men’s Shed will paint a 1916 themed mural in their premises highlighting the local connection between the area and the 1916 Rising by incorporating images of the four volunteers killed in the Rising who are buried in Deansgrange Cemetery. The mural will be open to the public and the launch will be accompanied by traditional music, poetry and drama.

Oscailt Múrphictiúir 1916-2016

Chumann Fear Bhaile Uí Lachnáin,

an Bhaile Bhric agus Sheangánaí

Déanfaidh Cumann Fear Bhaile Uí Lachnáin, an Bhaile Bhric agus Sheangánaí múrphictiúr de théama 1916 a phéinteáil ina n-áitreabh a leagfaidh an bhéim ar an gceangal áitiúil leis an gceantar agus le hÉirí Amach 1916 trí íomhánna den cheathrar óglach a chuimsiú a maraíodh san Éirí Amach atá curtha i Reilig Ghráinseach an Déin. Beidh an múrphictiúr oscailte don phobal agus beidh ceol traidisiúnta, filíocht agus dráma i dteannta an tseolta.

clár comórtha céad bliain dún laoghaire-ráth an dúin

22 23

end of june to beginning of september. tours of weekly. days to be confirmed ó dheireadh mheithimh go tús mheán fómhair. beidh turais ar siúl gach seachtain. tá na laethanta le deimhniú

Tours of Milltown and Dundrum

featuring the story of Patrick Doyle

Patrick Doyle was killed during the Easter Rising. He fought at Mount Street which was one of the most significant battles of Easter Week. Patrick Doyle lived in the Milltown area and is buried in St. Nahi’s Graveyard in Dundrum. These tours will be part of the Council’s Summer of Heritage Programme. See www.dlrevents.ie for further details.

Turais ar Bhaile an Mhuilinn agus ar Dhún

Droma ina n-insítear scéal Patrick Doyle

Maraíodh Patrick Doyle i rith Éirí Amach na Cásca. Throid sé ar Shráid an Mhóta, a bhí ar cheann de na cathanna ba thábhachtaí i rith Sheachtain na Cásca. Chónaigh Patrick Doyle i gceantar Bhaile an Mhuilinn agus tá sé curtha i Reilig Naomh Nahi i nDún Droma. Beidh na turais seo mar chuid de Chlár Shamhradh Oidhreachta na Comhairle.Ó dheireadh Mheithimh go tús Mheán Fómhair. Chun teacht ar bhreis sonraí, féach www.dlrevents.ie.

2016

The Archive and Research Centre of the Genealogical Society of Ireland, Dún Laoghaire, Co. Dublin

Where Were Your Ancestors in 1916?

The Archive and Research Centre of the Genealogical Society of Ireland at the Carlisle Pier, Dún Laoghaire, Co. Dublin is open every Wednesday from 10.30hrs to 16.30hrs and every Saturday from 14.00hrs to 17.00hrs throughout the 1916 Rising Centenary year providing free family history research advice. See: www.familyhistory.ie

Cá raibh do Shinsir i 1916?

Tá Ionad Cartlainne agus Taighde Chumann Ginealais na hÉireann ag Cé Carlisle, Dún Laoghaire, Contae Bhaile Átha Cliath ar oscailt gach Céadaoin idir 10.30 agus 16:30 agus gach Satharn idir 14.00 agus 17.00 i gcaitheamh bhliain Chomóradh Céad Bliain Éirí Amach 1916. Soláthraítear comhairle saor in aisce ar thaighde a dhéanamh ar stair theaghlaigh. Féach: www.familyhistory.ie

february–april 2016 feabhra–aibreán 2016

Dlr Lexicon Dún Laoghaire Dlr Lexicon Dún Laoghaire

Irish Life and Lore: Dún-

Laoghaire-Rathdown 1916

Oral History Collection by

Maurice and Jane O’Keeffe

Recordings of over 33 people associated with the Dún Laoghaire-Rathdown area who were related to or had connections with key figures of 1916. This is part of a wider Dublin area project by Irish Life and Lore. This will include a talk, an exhibition of photos and display of artefacts.For further information see website libraries.dlrcoco.ie

Irish Life and Lore: Dún-Laoghaire-

Rathdown 1916 Oral History Collection

le Maurice agus Jane O’Keeffe

Taifid a rinneadh de níos mó ná 33 duine a raibh baint acu le ceantar Dún Laoghaire–Ráth an Dúin agus raibh gaol nó ceangal acu le príomhphearsana 1916. Tá sé seo mar chuid de thionscadal níos leithne i mBaile Átha Cliath i gcoitinne, atá faoi stiúir Irish Life and Lore. Áirítear air caint, taispeántas grianghraf agus taispeántas déantús.Le haghaidh tuilleadh eolais féach libraries.dlrcoco.ie

an coiste comórtha dún laoghaire-ráth an dúin

Richard Shakespeare

Tim Carey

An Comhairleoir Marie Baker

An Comhairleoir Karl Gill

An Comhairleoir Mary Hanafin

An Comhairleoir Catherine Martin

An Comhairleoir Michael Merrigan

An Comhairleoir Shane O’Brien

An Comhairleoir Denis O’Callaghan

Deirdre Baber

Barry Dempsey

John McCann

Mairead Owens

Kenneth Redmond

James Ryan

comhordaitheoir éire 2016 dún laoghaire-ráth an dúin:

Le haghaidh tuilleadh eolais faoin gClár seo déan teagmháil, le do thoil, lenár gComhordaitheoir 2016:

Tim Carey r: [email protected] g: 0863837342 i: www.dublincity.ie

dún laoghaire-rathdown centenary committee

Richard Shakespeare

Tim Carey

Cllr. Marie Baker

Cllr. Karl Gill

Cllr. Mary Hanafin

Cllr. Catherine Martin

Cllr. Michael Merrigan

Cllr. Shane O’Brien

Cllr. Denis O’Callaghan

Deirdre Baber

Barry Dempsey

John McCann

Mairead Owens

Kenneth Redmond

James Ryan

dún laoghaire-rathdown ireland 2016 coordinator:

For further information about this Programme please contact our 2016 Coordinator:

Tim Carey e: [email protected] t: 0863837342 w: www.dublincity.ie

Dún Laoghaire-Rathdown, County Hall, Marine Road, Dún Laoghaire, County Dublin

e: [email protected] t: 00 353 1 2054700w: www.dlrcoco.ie

Dún Laoghaire-Rath an Dúin, Halla an Chontae, Bóthar na Mara, Dún Laoghaire, Contae Bhaile Átha Cliath

r: [email protected] g: 00 353 1 2054700i: www.dlrcoco.ie

ireland.ie