43
Airgead sa Bhaile Aonad Téamach Blianta 3 & 4

Airgead sa Bhaile Aonad Téamach · 2019. 6. 26. · 1 Tá an tAonad Téamach seo nasctha le Cúrsaí Baile agus le hÓcáidí Ceiliúrtha, Smaointe le Foghlaim a Nascadh (SFN) do

  • Upload
    others

  • View
    0

  • Download
    0

Embed Size (px)

Citation preview

  • Airgead sa BhaileAonad Téamach

    Foilseachán CCEA © 2012

    Blianta 3 & 4

    MoneyAtHome_COVER_IM.indd 1 28/03/2012 16:13:15

  • Clár

    Gníomhaíocht a hAon Airgead sa Bhaile 5Gníomhaíocht a Dó Buiséad a Fhiosrú 6Gníomhaíocht a Trí Buiséad Baile 7

    Deis do Thaispeántas Ranga: Gluais d’Fhocail Airgeadais 8Gníomhaíocht a Ceathair Spraoi Siopadóireachta: Ullmhú 9

    Gníomhaíocht a Cúig Spraoi Siopadóireachta: Cuairt ar Shiopa 10

    Gníomhaíocht a Sé Spraoi Siopadóireachta: Súil Siar ar Admhálacha 11

    Gníomhaíocht a Seacht Cóisir a Phleanáil sa Bhaile 15Gníomhaíocht a hOcht Cóisir a Phleanáil ar Scoil 16Gníomhaíocht a Naoi Fógraí sna Meáin! 17

    Gníomhaíocht a Deich Cliste le hAirgead 21Gníomhaíocht a hAon Deag Tomhais an Praghas 22

    Gníomhaíocht a Dó Dhéag Cad é Ba Chóir Dúinn a Dhéanamh? 23

    Gníomhaíocht a Trí Déag Airgead i dTíortha eile 24Gníomhaíocht a CeathairDéag Cruachás Nuala 25

    Rannán 01Cad é Mar a Úsáidimid Airgead sa Bhaile?

    Rannán 02Cad é Mar a Thig Linn Éirí Níos Freagraí Maidir le hairgead?

    Rannán 03Cad é Mar a Thig Linn Airgead a Úsáid ar Dhóigh Níos Freagraí?

    Faoin Aonad Téamach Seo 1

    Áiseanna 27

    Deiseanna d’ Fhoghlaim Bhreise 28Áiseanna Breise Molta 40Gluais 41

    ThematicUnit_3&4_MoneyAtHome_IM.indd 1 02/04/2012 11:49:49

  • Admhálacha

    Is mian le CCEA buíochas a ghabháil le Jill Hunniford, as a cuidiú leis an Aonad Téamach seo a fhorbairt, agus is mian linn fosta aitheantas a thabhairt d’fhoireann agus do dhaltaí St John the Baptist Primary School, Port an Dúnáin, as íomhánna de na daltaí a chur ar fáil.

    ThematicUnit_3&4_MoneyAtHome_IM.indd 2 28/03/2012 16:12:20

  • 1

    Tá an tAonad Téamach seo nasctha le Cúrsaí Baile agus le hÓcáidí Ceiliúrtha, Smaointe le Foghlaim a Nascadh (SFN) do Bhliain 3/4. Foghlaimeoidh na páistí san aonad seo faoi phleanáil airgeadais sa bhaile. Déanfaidh siad machnamh ar an dóigh le hairgead a chaitheamh go céillí agus ar an tábhacht atá le buiséadú ina saol baile.

    Faoin Aonad Téamach Seo

    Léireoidh réimse gníomhaíochtaí an dóigh a n-úsáidimid airgead inár saol laethúil. Fiosróidh na páistí cineálacha éagsúla airgeadra agus na dóigheanna a dtig leo a gcuid airgid féin a choigilt don am atá le teacht. Déanfaidh siad machnamh ar an dóigh a ndéanann siad féin cinntí a bhaineann le hairgead agus ar an dóigh a dtéann seo i bhfeidhm ar dhaoine eile.

    Cuirtear réimse de mhodheolaíochtaí teagaisc i láthair in Airgead sa Bhaile a thacaíonn le foghlaim ghníomhach ar bhonn fiosraithe, i

    gcás páistí aonair agus grúpaí araon. Beidh deis ag na páistí páirt a ghlacadh i réimse dúshlán smaointeoireachta, fadhbréitigh agus cinnteoireachta, ina ndéanfar naisc le pobal áitiúil na scoile agus leis an mhórphobal.

    Cuireann an tAonad Téamach seo deiseanna ar fáil do pháistí cuid de na scileanna a chomhlíonann riachtanais reachtúla Churaclam Thuaisceart Éireann ag Eochairchéim 1 a fhorbairt. Tugtar achoimre ar fhócas an aonaid seo thíos:

    Cuspóir ChuraclamThuaisceart Éireann

    An duine óg a fhorbairt mar rannpháirtí sa gheilleagar agussa tsochaí

    Aidhm Tá d’aidhm ag an aonad seo páistí a spreagadh le:• Tuiscint a fhorbairt ar an dóigh a n-úsáidtear airgead sa bhaile;• A smaointeoireacht a fhorbairt trí réimse dúshlán fadhbréitigh

    agus cinnteoireachta; agus• Leis an dóigh a dtig le cinntí airgeadais dul i bhfeidhm ní hamháin

    orthu féin, ach ar a scoil, ar a bpobal agus ar a dteaghlach a thuiscint.

    Croíghné Feasacht Eacnamaíochta

    Scileanna Smaointeoireachta agus Ábaltachtaí Pearsanta [SSÁP]

    Tá fócas ar Bainistiú Eolais, Scileanna Smaointeoireachta agus Cinnteoireacht:

    Bainistiú Eolais:• Smaointe na bpáistí féin agus smaointe daoine eile a úsáid le teacht ar

    fhoinsí eolais; agus• Eolas a roghnú, a rangú, a chur i gcomparáid agus a mheas.

    Smaointeoireacht, Fadhbréiteach agus Cinnteoireacht:• Réitigh fhéideartha a chruthú, cur chuige eile a thriail agus torthaí a

    mheas;• Roghanna a scrúdú agus buntáistí agus míbhuntáistí a mheas; agus• Éisteacht go gníomhach agus barúlacha a roinnt.Beidh deiseanna ann fosta scileanna a bhaineann le Bheith Cruthaitheach agus Ag Obair le Daoine Eile a fhorbairt.

    ThematicUnit_3&4_MoneyAtHome_IM.indd 1 28/03/2012 16:12:20

  • 2

    Scileanna Traschuraclaim

    Tarraingítear aird ar chuspóirí foghlama a bhaineann leis na scileanna traschuraclaim, nuair is cuí. Is iad na scileanna traschuraclaim:• Cumarsáid (Cum);• Úsáid na Matamaitice [ÚMata]; agus• Úsáid TFC [ÚTFC].

    An Fhoghlaim a Nascadh Cuireann an tAonad Téamach seo deiseanna ar fáil do mhúinteoirí foghlaim a nascadh trasna na réimsí seo a leanas:• Forbairt Phearsanta agus Comhthuiscint;• Matamaitic agus Uimhearthacht; agus• An Domhan Thart Orainn.

    Faoi Ábaltacht Airgeadais(Oideachas Airgeadais)

    Díríonn an tAonad Téamach seo ar ábaltacht airgeadais páistí a fhorbairt. Tá 3 ghné i gceist le hábaltacht airgeadais, a thacaíonn lena chéile agus atá idirnasctha:

    Eolas agus Tuiscint Airgeadais:• Coincheap an airgid a thuiscint.• Cá has a dtagann sé?• Cá dtéann sé?

    Scileanna agus Cumas Airgeadais:• A bheith eolach ar an dóigh le hairgead a

    láimhseáil agus a bhainistiú.• Cad é mar atá sé ar intinn againn ár

    gcaiteachas a láimhseáil?• Cad é mar a thig linn bunriosca agus toradh

    a luacháil?

    Freagracht Airgeadais:• Roghanna pearsanta saoil a dhéanamh agus

    machnamh a dhéanamh ar eitic an airgid.• An dtéann na roghanna a dhéanaimid i

    bhfeidhm ar dhaoine eile? Má théann, cén dóigh?

    Is mar thoradh ar ghníomhaíochtaí a bhaineann le hábaltacht airgeadais a fhorbairt, amhail na cinn a gcuirtear síos orthu san aonad seo, a spreagtar freagracht airgeadais sa bhaile. Foghlaimíonn páistí trína gcuid eispéireas uilig, go háirithe na cinn sin a bhfuil torthaí praiticiúla orthu. Tá seo fíor i gcás oideachas airgeadais fosta. Bíonn tuairimí na bpáistí bunaithe ar na heispéiris a bhíonn acu ag aois óg. Mar sin, is féidir le cinntí agus le roghanna airgeadais, amhail na cinn a gcuirtear síos orthu sa leabhrán seo, cuidiú le páistí a ról mar rannpháirtithe sa tsochaí, sa gheilleagar agus sa timpeallacht a fhorbairt.

    ThematicUnit_3&4_MoneyAtHome_IM.indd 2 28/03/2012 16:12:21

  • Cad é Mar a Úsáidimid Airgead sa Bhaile?

    RA

    NN

    ÁN

    01

    ThematicUnit_3&4_MoneyAtHome_IM.indd 3 28/03/2012 16:12:21

  • ThematicUnit_3&4_MoneyAtHome_IM.indd 4 28/03/2012 16:12:22

  • 5

    Rannán 01 Cad é Mar a Úsáidimid Airgead sa Bhaile?

    Is é a dhéanfaidh na páistí:• tuiscint a fhorbairt ar úsáid airgid sa bhaile

    i gcomhthéacs an turais sheachtainiúil siopadóireachta [ÚMata];

    • scileanna uimhearthachta a úsáid le fadhbanna simplí laethúla a réiteach [ÚMata]; agus

    • roghanna simplí agus cinntí airgeadais a dhéanamh (SSÁP).

    Abair leis na páistí go mbeidh siad ag foghlaim faoi airgead sna seachtainí amach rompu. Mínigh don rang go bhfiosróidh siad an tábhacht atá leis an dóigh a gcaithimid ár gcuid airgid sa ghníomhaíocht, i gcomhthéacs an turais sheachtainiúil siopadóireachta.

    Mar réamhghníomhaíocht, iarr ar na páistí smaoineamh faoin dóigh a gcaithfeadh siad féin airgead. Spreag iad lena gcuid smaointe agus roghanna a thaifeadadh tríd an chur chuige Bís Ealaíne* a úsáid. Bain úsáid as na ceisteanna seo a leanas le plé a spreagadh:• Cad chuige a ndearna tú na roghanna sin?• Cad é mar a rachadh costas na n-earraí i

    bhfeidhm ar do roghanna?• An dtig leat cibé rud is mian leat a cheannach?

    I ndiaidh an phlé ranga seo, cuir na páistí ina ngrúpaí le tabhairt faoin ghníomhaíocht Tonnadóir Smaointe* agus cuir a gcuid roghanna in ord tosaíochta.

    Gníomhaíocht a hAonAirgead sa Bhaile

    Cuspóirí Foghlama Molta

    Gníomhaíochtaí Foghlama agusTeagaisc Molta

    Iarr ar na páistí smaoineamh ar na ceisteanna seo a leanas:• Cá has a dtagann an t-airgead atá againn sa

    bhaile?• Cad air a gcaithimid an t-airgead atá againn sa

    bhaile?• Cad iad na roghanna a dhéanann do

    thuismitheoirí/cúramóirí sula gceannaíonn siad rud éigin?

    • Cad é mar a íocann do thuismitheoirí/cúramóirí as na hearraí a cheannaíonn siad?

    • An gceannaíonn do thuismitheoirí/cúramóirí gach rud atá siad a iarraidh nó atá de dhíth orthu an t-am ar fad?

    Tabhair litir do gach páiste lena tabhairt dá t(h)uismitheoirí/cúramóirí, ina gcuirtear síos ar an ábhar agus an fhoghlaim bhaile a bheidh i gceist [Áis A]. Sa chéad ghníomhaíocht foghlama bhaile, caithfear dialann siopadóireachta a dhéanamh leis an dóigh a gcaitear cuid den airgead sa bhaile a thaifeadadh [Áis B]. Iarr ar na páistí an dialann a chomhlánú thar na ceithre seachtaine amach rompu. Pléigí dialann na bpáistí agus na cineálacha earraí a thaifead siad don tseachtain sin gach Aoine.

    * Féach Foghlaim Ghníomhach agus Modhanna Gníomhacha Teagaisc d’Eochairchéimeanna 1&2.

    ThematicUnit_3&4_MoneyAtHome_IM.indd 5 28/03/2012 16:12:22

  • 6

    Airgead sa Bhaile

    Is é a dhéanfaidh na páistí:• smaointe agus féidearthachtaí a chruthú [SSÁP];

    agus• tuiscint a fhorbairt ar chiall an fhocail ‘buiséad’.

    Mínigh do na páistí go bhfuil siad ag dul a fhiosrú cad is ‘buiséad’ ann. Mar réamhghníomhaíocht, iarr orthu smaoineamh ar an chiall atá leis an fhocal. Bain úsáid as foclóir simplí do pháistí le tús a chur leis an phlé. Iarr ar na páistí na ceisteanna seo a leanas a phlé:• Cá háit ar chuala tú an focal ‘buiséad’ roimhe seo?• An mbíonn an buiséad céanna ag gach teaghlach?

    Cad chuige nach mbíonn?• Cad chuige a bhfuil sé tábhachtach do do

    thuismitheoirí/cúramóirí cloí le buiséad?• Cad é mar a thiocfadh leat cuidiú leo cloí leis an

    bhuiséad teaghlaigh?• Cad chuige a bhfuil sé tábhachtach buiséad a

    bheith agat féin chomh maith?

    Gníomhaíocht a DóBuiséad a Fhiosrú

    Cuspóirí Foghlama Molta

    Gníomhaíochtaí Foghlama agusTeagaisc Molta

    Scríobh gach ceist ar smeach-chairt nó ar leathanach A3. Cuir teorainn ama leis an ghníomhaíocht, agus tabhair ar na páistí a bheith ag obair i ngrúpaí (ceist amháin do gach grúpa) lena gcuid smaointe agus freagairtí a thaifeadadh agus Bailiúchán Poistíní* in úsáid acu. Ansin cuir na leathanaigh thart ar an rang mar a bheadh Timpeallán* ann. Bíodh mioncheistiú ann ina dhiaidh sin le smaointe na bpáistí a phlé.

    Iarr ar na páistí machnamh a dhéanamh ar an fhoghlaim atá déanta acu. Gabh siar ar na roghanna a rinne siad i nGníomhaíocht a hAon faoi na dóigheanna a bhféadfaí airgead a chaitheamh. Bain úsáid as na Bíseanna Ealaíne* a rinne siad mar thúsphointe, agus cuir na ceisteanna seo a leanas orthu:• An mbeadh athrú ar bith ar na roghanna a rinne

    sibh anois agus machnamh déanta againn ar bhuiséadú?

    • An dtig libh samplaí a thabhairt de na rudaí sin a chosnaíonn airgead agus a bhíonn ag brath ar bhuiséad (saoire, éadaí, teach, troscán, carr, srl.)?

    * Féach Foghlaim Ghníomhach agus Modhanna Gníomhacha Teagaisc d’Eochairchéimeanna 1&2.

    ThematicUnit_3&4_MoneyAtHome_IM.indd 6 28/03/2012 16:12:23

  • 7

    Rannán 01 Cad é Mar a Úsáidimid Airgead sa Bhaile?

    Mínigh don rang go ndeánfaidh siad an tábhacht atá le buiséad a úsáid sa bhaile a fhiosrú go mion. Iarr orthu bheith ag obair i mbeirteanna le fiosrú a dhéanamh ar an dóigh a gcaithfeadh siad buiséad, agus leis na roghanna a phlé. Bain úsáid as an Phraghasliosta in Áis C, agus as Áis D, Buiséad a Chaitheamh, chomh maith. [Cuir an ‘Buiséad atá le Caitheamh’ in oiriúint do chumas na bpáistí.]

    Bain úsáid as Smaoinigh, Gabh i mBeirt agus Gabh i bPáirt* le smaointe a fháil ó na páistí faoi na rudaí a shíleann siad a gcaitheann a dtuismitheoirí/cúramóirí airgead orthu. Bain úsáid as an bhuiséad shamplach thíos le costais a phlé:

    Buiséad Seachtainiúil £350

    Bia £100

    Éadaí £0

    Carr £50

    Leictreachas £50

    Costais scoile £40

    Cíos/Morgáiste £100

    Coigilteas £10

    Gníomhaíocht a TríBuiséad Baile

    Cuspóirí Foghlama Molta

    Gníomhaíochtaí Foghlama agusTeagaisc Molta

    Is é a dhéanfaidh na páistí:• foghlaim faoin bhuiséad baile a úsáideann a

    dtuismitheoirí/cúramóirí nuair a dhéanann siad an tsiopadóireacht sheachtainiúil;

    • suimeanna airgid a shuimiú agus a dhealú agus na scileanna seo a úsáid le fadhbanna a réiteach [ÚMata]; agus

    • tosú ar fhocail nua airgeadais a fhoghlaim [ÚMata].

    Fiafraigh, mar shampla:• Cad chuige nach gcaitear airgead ar bith ar éadaí?• Cad iad na hearraí is daoire?• Cad chuige a mbíonn earraí éagsúla i gceist i

    mbuiséad?• Cad chuige a mbeadh buiséad mar seo ag

    tusimitheoirí/cúramóirí?

    Mar ghníomhaíocht bhreise, thiocfadh leis na páistí cluichí siopadóireachta a bhaineann le bheith ag cloí le buiséad a imirt. De rogha air sin, d’fhéadfadh siad cluichí ón leabhar Cúrsaí Airgid a Thuiscint a imirt, atá ar fáil ag www.nicurriculum.org.uk.

    Pléigí dialann siopadóireachta na bpáistí [Áis B], agus iarr orthu labhairt lena dtuismitheoirí/cúramóirí faoin tábhacht atá le buiséad seachtainiúil agus iad ag déanamh cinntí faoin dóigh le hairgead an teaghlaigh a chaitheamh.

    * Féach Foghlaim Ghníomhach agus Modhanna Gníomhacha Teagaisc d’Eochairchéimeanna 1&2.

    ThematicUnit_3&4_MoneyAtHome_IM.indd 7 28/03/2012 16:12:24

  • 8

    Airgead sa Bhaile

    Thiocfadh leat gluais a chur ar líne éadaigh sa seomra ranga. Lig do na páistí focail nua agus an chiall atá leo a chrochadh ar an líne de réir mar a fhorbraítear a stór focal airgeadais. Ar dtús, iarr ar na páistí a sainmhínithe féin a scríobh, ansin cuir iad seo i gcomparáid leis an sainmhíniú i bhfoclóir cuí, sula socraíonn sibh ar shainmhíniú le chéile.

    Deis do Thaispeántas Ranga:Gluais d’Fhocail Airgeadais

    Cuspóirí Foghlama Molta

    Gníomhaíochtaí Foghlama agusTeagaisc Molta

    Is é a dhéanfaidh na páistí:• teanga thuairisciúil a úsáid ar mhaithe le héifeacht

    faoi leith [Cum].

    Moltar roinnt focal don ghluais i ndiaidh cuid de na gníomhaíochtaí san aonad seo. B’fhéidir gur mhaith leat focail eile a chur leo, i ndiaidh daoibh plé ranga a dheanamh.

    Focail nua don ghluais:

    airgead, caitheamh airgid, buiséad, costas.

    ThematicUnit_3&4_MoneyAtHome_IM.indd 8 28/03/2012 16:12:26

  • 9

    Rannán 01 Cad é Mar a Úsáidimid Airgead sa Bhaile?

    Mínigh do na páistí go bhfiosróidh siad an tábhacht atá le buiséadú ina dteaghlach féin sa ghníomhaíocht seo. Beidh siad ag ligean orthu féin go bhfuil siad ag ceannach earraí i siopa.

    Más féidir, bíodh deis ag na páistí amharc ar shuímh ghréasáin siopaí agus ar phraghasliostaí – praghsanna ón siopa a mbeidh siad ag tabhairt cuairte air mar chuid de Ghníomhaíocht a Cúig, más féidir. Is fiú smaoineamh ar iad a thabhairt chuig siopa a bhfuil comharthaí i nGaeilge ann.

    Iarr ar na páistí bheith ag obair i bpéirí le 3 earra ba mhaith leo a cheannach a roghnú ó na praghasliostaí nó ón idirlíon. Cuir cóipeanna den liosta siopadóireachta bán [Áis E] ar fáil ar a dtig leis na páistí a gcuid roghanna a thaifeadadh.

    Cuir na ceisteanna fadhbréitigh seo a leanas:• Cad é a thug tú faoi deara faoi phraghsanna na

    n-earraí a roghnaigh tú?• Ar thug tú faoi deara go raibh praghsanna éagsúla

    ar earraí áirithe de réir a mbranda?• Cad é mar a dhéanann tú rogha idir pónairí Heinz,

    mar shampla, agus pónairí Tesco?

    Iarr ar na páistí na ceisteanna seo a leanas a fhiosrú ina bpéirí:• an dtig leo cloí le buiséad £3?• an bhfuil go leor airgid acu le rud éigin a

    cheannach dóibh féin?• cá mhéad airgid a chaith siad? agus• cén briseadh a gheobhadh siad?

    Gníomhaíocht a CeathairSpraoi Siopadóireachta: Ullmhú

    Cuspóirí Foghlama Molta Gníomhaíochtaí Foghlama agusTeagaisc Molta

    Is é a dhéanfaidh na páistí:• an tábhacht atá le bheith cúramach le hairgead a

    thuiscint;• an tábhacht atá le luach ar airgead agus leis an

    mhargadh is fearr a fháil a phlé [ÚMata]; agus• faisnéis ó fhoinse dhigiteach áirithe a aimsiú, a

    roghnú agus a úsáid [ÚTFC].

    ThematicUnit_3&4_MoneyAtHome_IM.indd 9 28/03/2012 16:12:27

  • 10

    Airgead sa Bhaile

    Mínigh do na páistí go bhfiosróidh siad an tábhacht atá le buiséadú ina dteaghlach féin sa ghníomhaíocht seo. Mar ghníomhaíocht foghlama bhaile, iarr orthu £3 agus liosta de 3 earra a cheannaíonn a dtuismitheoirí/cúramóirí de ghnáth a thabhairt isteach, agus iad seo a thaifeadadh ar Áis E.

    Déan cinnte de ar dtús go mbeidh go leor daoine fásta ar fáil leis an rang a thabhairt ar cuairt chuig an siopa. Maidir leis na costais taistil, má théann an scoil i dteagmháil le ceann de na hollmhargaí móra, tá seans ann go gcuideoidh an t-ollmhargadh leis na costais a íoc.

    Mínigh an plean don chuairt siopadóireachta do na páistí. Go díreach roimh an chuairt, bheadh sé ina chuidiú dá n-amharcfadh sibh ar phlean den siopa ar a mbeadh suíomh na bpríomhearraí marcáilte. Thiocfadh leis na páistí fáisc-chláir agus an plean den siopa a thabhairt leo le cuidiú leo sa tasc.

    Cuir na páistí i ngrúpaí cuí de réir na gcineálacha earraí atá ar a liosta, b’fhéidir. Cuir teorainn ama leis an ghníomhaíocht [ag brath ar an siopa] le cuidiú leis na páistí díriú ar an tasc.

    Gníomhaíocht a CúigSpraoi Siopadóireachta:Cuairt ar Shiopa

    Cuspóirí Foghlama Molta

    Gníomhaíochtaí Foghlama agusTeagaisc Molta

    Is é a dhéanfaidh na páistí:• cuairt a thabhairt ar shiopa agus airgead a

    bhaineann le buiséad baile a chaitheamh [ÚMata];• roghanna a chumadh [SSÁP]; agus• na praghsanna atá ar roinnt earraí sa siopa a chur

    i gcomparáid agus i gcodarsnacht lena chéile [ÚMata].

    Déan cinnte de go bhfaighidh na páistí treoir shoiléir maidir lena bhfuil le fáil acu agus leis na tascanna atá le déanamh acu. Ba cheart do na páistí:• cuimhneamh gur in áit phoiblí a bheidh siad agus

    go gcaithfidh siad gníomhú go freagrach;• cloí lena liostaí agus na hearraí is fóirsteanaí le

    ceannach a aimsiú;• cuimhneamh go bhféadfadh go mbeidh an rud

    céanna ar díol faoi iliomad brandaí;• smaoineamh faoin chostas agus roghanna á

    ndéanamh acu;• na daoine eile sa teaghlach a chur san áireamh

    [cé acu a bheidh a roghanna fóirsteanach do gach duine nó nach mbeidh]; agus

    • na praghsanna a thaifeadadh go cúramach taobh leis na hearraí a liostaigh siad ar an bhileog oibre [Áis E].

    Labhair leis na páistí faoin dóigh a bhféadfadh siad tabhairt faoi ghníomhaíocht fadhbréitigh, a bheidh mar chuid dá gcuairt ar shiopa. Caithfidh siad a áireamh cé acu atá go leor airgid fágtha acu le rud éigin a cheannach dóibh féin i ndiaidh dóibh na trí earra ar an liosta siopadóireachta a cheannach. Má tá go leor acu, ba cheart dóibh an t-earra agus a chostas a thaifeadadh ar an bhileog oibre [Áis É].

    Cinntigh nach mbeidh na páistí gortach leis na roghanna d’earraí ar a liosta le bheith in ann rud éigin a roghnú dóibh féin! Is iad na trí earra atá de dhíth orthu an tosaíocht, agus cuir béim air sin.

    I rith na cuairte, seans go roghnóidh tusa nó na páistí roinnt earraí atá ar thairiscint speisialta, amhail ‘2 ar 1’ nó ‘ceannaigh ceann faigh ceann saor’. Is féidir leat na dóigheanna seo le hairgead a choigilt a lua sa phlé ranga i nGníomhaíocht a Sé.

    ThematicUnit_3&4_MoneyAtHome_IM.indd 10 28/03/2012 16:12:27

  • 11

    Rannán 01 Cad é Mar a Úsáidimid Airgead sa Bhaile?

    Mínigh don rang go mbeidh siad ag fiosrú sa ghníomhaíocht seo a n-admhálacha féin le praghsanna a chur i gcomparáid agus i gcodarsnacht le chéile. Amharcfaidh siad fosta ar admhálacha ó shiopadóireacht teaghlaigh agus smaoineoidh siad faoin éifeacht a d’fhéadfadh a bheith le tairiscintí speisialta ar an bhuiséad sa bhaile. Mar réamhghníomhaíocht, d’fhéadfadh na páistí an chuairt ar shiopa a mheasúnú trí Measúnú Clár Dairteanna*.

    Tarraing admháil mhór [méid póstaeir] mar mhúnla le haibhsiú agus le míniú don rang na cineálacha faisnéise a fhaightear ar admhálacha. Dírigh ar na codanna sin d’admhálacha na bpáistí a aimsiú atá ina dtaifead ar a gceannacháin. D’fhéadfadh siad an costas iomlán agus an briseadh a tugadh dóibh a aimsiú, chomh maith le súil a choinneáil ar thairiscintí speisialta agus ar an dóigh a ndéantar lacáistí a thaifeadadh.

    Gníomhaíocht a SéSpraoi Siopadóireachta:Súil Siar ar Admhálacha

    Cuspóirí Foghlama Molta

    Gníomhaíochtaí Foghlama agusTeagaisc Molta

    Is é a dhéanfaidh na páistí:• machnamh ar na roghanna agus ar na

    ceannacháin a rinne siad i rith na spraoi siopadóireachta [SSÁP];

    • labhairt ar luach an airgid i gcomhthéacs a siopadóireachta féin agus na roghanna a rinne siad; agus

    • amharc ar admhálacha agus iad a úsáid le gnáthfhadhbanna laethúla a réiteach. [ÚMata].

    I ndiaidh an phlé seo, d’fhéadfadh na páistí gníomhaíocht Colláis* a dhéanamh leis na ceannacháin a rinne siad a léiriú, na hadmhálacha in úsáid acu mar chuid den taispeántas. Treoraigh an rang le plé bunaithe ar na colláisí:• An féidir leo a n-admhálacha a léamh?• An bhfuil a fhios acu an chiall atá leo?• Cad é mar a rinne siad buiséadú?• An raibh siad in ann rud éigin a cheannach doíbh

    féin? • Mura raibh, cad chuige nach raibh?

    Iarr ar na páistí admháil siopadóireachta ón bhaile a thabhairt isteach mar ábhar pléite. Cuir na páistí ina ngrúpaí, agus úsáid na ceisteanna seo a leanas le plé a spreagadh:• Cé na hearraí éagsúla a cheannaigh do

    thuismitheoirí/cúramóirí sa siopa?• Cé na rudaí a thaifead a n-admháil?• An mbíonn an chuma chéanna ar na hadmhálacha

    uilig, nó an bhfuil siad difriúil lena chéile?• Cad é mar a rinneadh tairiscintí speisialta a

    thaifeadadh ar an admháil?• Cad é mar a d’íoc do thuismitheoirí/cúramóirí as a

    n-earraí – le hairgead tirim, le cárta nó le seic?

    Iarr ar gach grúpa cinneadh a dhéanamh ar na cúig rud is tábhachtaí atá faighte amach acu faoi admhálacha agus tuarascáil a thabhairt orthu don rang i seisiún iomlánach.

    Focal nua gluaise:

    admháil

    * Féach Foghlaim Ghníomhach agus Modhanna Gníomhacha Teagaisc d’Eochairchéimeanna 1&2.

    ThematicUnit_3&4_MoneyAtHome_IM.indd 11 28/03/2012 16:12:27

  • Cad é Mar a Thig Linn Éirí Níos Freagraí Maidir le hairgead?

    RA

    NN

    ÁN

    02

    ThematicUnit_3&4_MoneyAtHome_IM.indd 13 02/04/2012 11:51:31

  • ThematicUnit_3&4_MoneyAtHome_IM.indd 14 28/03/2012 16:12:28

  • 15

    Rannán 02 Cad é Mar a Thig Linn Éirí Níos Freagraí Maidir le Hairgead?

    Is é a dhéanfaidh na páistí: Gníomhaíochtaí Foghlama agusTeagaisc Molta

    Gníomhaíocht a SeachtCóisir a Phleanáil sa Bhaile

    Is é a dhéanfaidh na páistí:• cóisir bhreithlae a phleanáil don teach agus

    buiséad ar intinn acu [SSÁP];• labhairt ar a bpleananna agus ar dhóigheanna ar

    féidir airgead a choigilt; agus• faisnéis ó fhoinse dhigiteach a tugadh a aimsiú, a

    roghnú agus a úsáid [ÚTFC].

    Mínigh don rang go mbeidh siad ag déanamh pleananna sa ghníomhaíocht seo le haghaidh cóisir shamhailteach bhaile. Is é an cuspóir atá acu an oiread airgid is lú is féidir a chaitheamh ach am maith a bheith acu mar sin féin.

    Mar réamhghníomhaíocht, iarr ar na páistí Bailiúchán Poistíní* a úsáid le smaointe a chruthú faoina mbeidh de dhíth orthu le cóisir bhaile a phleanáil. Cuir na páistí ina ngrúpaí agus úsáid Teimpléad GRÁ (Gach Rud san Áireamh) [féach Áis F] agus Timpeallán* le ligean do na páistí smaoineamh ar gach rud a bheadh de dhíth orthu do na cóisirí.

    Ansin iarr ar na páistí bheith ag obair ina mbeirteanna, socrú a dhéanamh maidir leis an bhia, na cluichí agus na duaiseanna is cuí don chóisir, gan a ligean chun dearmaid gur cheart dóibh iarracht a dhéanamh an oiread airgid is lú is féidir leo a chaitheamh. Mol dóibh machnamh a dhéanamh ar a bpleananna a athrú le hearraí níos saoire a úsáid, nó is féidir go mbeidh siad in ann roinnt earraí a fháil saor in aisce. Mar shampla, b’fhéidir go roghnódh siad páipéar athchúrsála a úsáid le pacáiste a chlúdach do ‘cuir thart an beart’. I ndiaidh an phlé, scríobhfaidh páistí liosta de na hearraí a bheidh orthu a cheannach.

    Cuir praghasliostaí siopadóireachta agus/nó suímh ghréasáin siopadóireachta ar fáil. Iarr ar na páistí, iad go fóill ag obair ina mbeirteanna, praghas na n-earraí a bheidh de dhíth orthu don chóisir a fháil amach agus a dtorthaí a thaifeadadh ar an dóigh is cuí: i bhfoirm pictiúir, mar liosta nó i dtábla.

    * Féach Foghlaim Ghníomhach agus Modhanna Gníomhacha Teagaisc d’Eochairchéimeanna 1&2.

    ThematicUnit_3&4_MoneyAtHome_IM.indd 15 28/03/2012 16:12:29

  • 16

    Airgead sa Bhaile

    Cuspóirí Foghlama Molta

    Gníomhaíochtaí Foghlama agusTeagaisc Molta

    Gníomhaíocht a hOchtCóisir a Phleanáil ar Scoil

    Is é a dhéanfaidh na páistí:• labhairt ar luach an airgid agus ar dhóigheanna ar

    féidir é a chaitheamh [ÚMata]; agus• smaoineamh ar dhóigheanna le hairgead a choigilt

    i gcomhthéacs buiséid do chóisir [ÚMata].

    Mínigh don rang go mbeidh siad ag fiosrú sa ghníomhaíocht seo an dóigh ar féidir leo airgead a choigilt agus iad ag pleanáil cóisir speisialta ar scoil. Agus iad á dhéanamh seo beidh orthu machnamh ar an dóigh le roinnt cluichí a dhéanamh nó a imirt agus ar dhuaiseanna a chur ar fáil ar bhuiséad teoranta.

    Mar réamhghníomhaíocht iarr ar na páistí torthaí an taighde a rinne siad i nGníomhaíocht a Seacht a roinnt leis an rang.

    D’fhéadfadh na páistí, ina ngrúpaí, smaointe don chóisir nach mbeadh costas ag baint leo a chruthú trí mhodh Tonnadóir Smaointe*. D’fhéadfadh gach grúpa ansin na cúig smaointe is fearr aige a chur i láthair don rang agus an dóigh a gcoigleodh siad airgead a mhíniú.

    Seo thíos roinnt samplaí de smaointe a d’fhéadfadh bheith ag na páistí, ach tá smaoineamh ar bith bailí más féidir é a dhéanamh:• Earra le haghaidh ‘duaise’ a dhéanamh.• A gcuirí féin a chruthú.• Seanpháipéar fillte a úsáid le haghaidh ‘cuir thart

    an beart’ agus le haghaidh málaí cóisire.• Sifín agus leacht níocháin a úsáid le boilgeoga

    séidte a dhéanamh.• Borróga, cístí agus milseáin a dhéanamh sa rang.• Cártaí duaise nó gealltanais a dhéanamh, mar

    shampla, geábh saor in aisce ar rothar nó ar chairtín, nó ‘lá súgartha le bréagán’.

    Leag síos buiséad cuí don chóisir, ansin cuir le chéile plean mór ranga don chóisir i gcomhar leis na páistí. Úsáid Vótáil Cnaipí* le socrú a dhéanamh ar bhia, ar chluichí agus ar dhuaiseanna.

    Mar ghníomhaíocht ranga, thiocfadh libh costas an imeachta iomláin a áireamh agus na coigiltí a rinneadh a phlé.

    * Féach Foghlaim Ghníomhach agus Modhanna Gníomhacha Teagaisc d’Eochairchéimeanna 1&2.

    ThematicUnit_3&4_MoneyAtHome_IM.indd 16 02/04/2012 14:15:57

  • 17

    Rannán 02 Cad é Mar a Thig Linn Éirí Níos Freagraí Maidir le Hairgead?

    Cuspóirí Foghlama Molta

    Gníomhaíochtaí Foghlama agusTeagaisc Molta

    Gníomhaíocht a NaoiFógraí sna Meáin!

    Mínigh don rang go mbeidh siad ag amharc ar fhógraí sa ghníomhaíocht seo agus ag fiosrú na ndóigheanna a dtéann siad i bhfeidhm ar a roghanna. Mar réamhghníomhaíocht, iarr ar na páistí ina ngrúpaí éagsúlacht fógraí i nuachtáin agus in irisí a bhreathnú. Iarr orthu na cinn is fearr leo a shocrú agus na fáthanna atá leis sin. D’fhéadfadh siad roinnt fógraí a ghearradh amach as irisí agus as nuachtáin agus iad a rangú in ord tosaíochta.

    Agus na páistí ag obair sna grúpaí céanna, úsáid modh Bís Ealaíne* le taispeántas a dhéanamh de na gnéithe d’fhógra a chothaíonn mian sna páistí an fógra a léamh agus an t-earra a cheannach, mar shampla, pictiúir dhathannacha nó téacs áititheach. D’fhéadfadh an rang amharc ar na Bíseanna Ealaíne uilig ansin agus comhthréithe iontu a aithint. Treoraigh plé ranga ar an ghá atá le fógraí agus ar an fháth a ndírítear iad ar aoisghrúpa na bpáistí. Cuir an focal ‘meáin’ i láthair na bpáistí.

    Iarr ar na páistí smaoineamh faoi fhógraí a fheiceann siad ar an teilifís. Úsáid modh Smaoinigh, Gabh i mBeirt agus Gabh i bPáirt* le plé a dhéanamh ar na fógraí seo agus cad é a mheallann na páistí leis na táirgí atá fógartha a cheannach.

    Mar rang, pléigí cad chuige a meallann a lán fógraí páistí cé nach mbíonn an t-airgead acu leis na táirgí a cheannach.

    Gníomhaíocht RoghnachMar iarghníomhaíocht, iarr ar na páistí machnamh ar tháirge a thaitníonn go mór leo. Úsáid pacáiste TFC le fógra a dhearadh a spreagfaidh daoine leis an táirge a cheannach.

    Focail nua ghluaise:

    meáin, fógraí

    * Féach Foghlaim Ghníomhach agus Modhanna Gníomhacha Teagaisc d’Eochairchéimeanna 1&2.

    Is é a dhéanfaidh na páistí:• fógraíocht sna meáin a thuiscint [Cum];• roinnt de na cineálacha coitianta fógraí a aithint;

    agus• téacs agus íomhánna ar scáileán a chumadh, a

    chur in eagar agus a chomhcheangal [ÚTFC].

    ThematicUnit_3&4_MoneyAtHome_IM.indd 17 28/03/2012 16:12:31

  • 19

    Cad é Mar a Thig Linn Airgead a Úsáid ar Dhóigh

    Níos Freagraí?03

    RA

    NN

    ÁN

    ThematicUnit_3&4_MoneyAtHome_IM.indd 19 28/03/2012 16:12:31

  • 20

    Airgead sa Bhaile

    ThematicUnit_3&4_MoneyAtHome_IM.indd 20 28/03/2012 16:12:32

  • 21

    Rannán 03 Cad é Mar a Thig Linn Airgead a Úsáid ar Dhóigh Níos Freagraí?

    Cuspóirí Foghlama Molta

    Gníomhaíochtaí Foghlama agusTeagaisc Molta

    Gníomhaíocht a DeichCliste le hAirgead

    Is é a dhéanfaidh na páistí:• tuiscint a bheith acu go bhfuasclaíonn daoine

    fadhbanna airgid ar a lán dóigheanna éagsúla [ÚMata];

    • na hiarmhairtí atá le hairgead a chailleadh nó le hairgead a bheith goidte uathu a thuiscint; agus

    • páirt a ghlacadh i ngníomhaíocht dhrámata agus a smaointe a roinnt le daoine eile [Cum].

    Mar réamhghníomhaiocht, iarr ar na páistí machnamh ar dhóigheanna a bhfuil an t-airgead tábhachtach ina saol.

    Cuir an rang ina bpléghrúpaí beaga. Úsáid an bhileog Déanamh Cinntí Airgid [Áis G] le leidchártaí aonair a dhéanamh. Ceadaigh am do gach grúpa gach ceann de na leideanna a phlé, mol cinntí agus roghanna a d’fhéadfadh siad a dhéanamh agus socraigh réitigh. D’fhéadfá seo a leanúint le plé ranga ar réitigh na bpáistí agus ar an dóigh le déileáil le roghanna airgid ar bith eile a bheidh le déanamh acu.

    Iarr ar gach grúpa ceann de na leideanna a roghnú agus, trí smaointe a roinnt, freagairt chuí ar an fhadhb a dhrámú. Thiocfadh leo seo a roinnt ansin leis an chuid eile den rang.

    Focail nua ghluaise:

    daor, freagrach, coigil, banc, cumann foirgníochta, bosca airgid, comhar creidmheasa, oifig an phoist

    ThematicUnit_3&4_MoneyAtHome_IM.indd 21 02/04/2012 11:52:22

  • 22

    Airgead sa Bhaile

    Cuspóirí Foghlama Molta

    Gníomhaíochtaí Foghlama agusTeagaisc Molta

    Gníomhaíocht a hAon DéagTomhais an Praghas

    Is é a dhéanfaidh na páistí:• labhairt ar luach an airgid agus ar dhóigheanna

    éagsúla le híoc (cártaí creidmheasa agus cártaí dochair) [ÚMata]; agus

    • bileoga simplí buiséid le caiteachas a thaifeadadh a úsáid [ÚMata].

    Mínigh don rang go mbeidh siad ag imirt cluiche dar teideal ‘Tomhais an Praghas’ mar réamhghníomhaíocht. Tóg in airde lipéid nó pictiúir éagsúla d’earraí laethúla, amhail bosca calóg arbhair, banana, leabhar agus uaireadóir. Iarr ar na páistí, ina mbeirteanna, na praghsanna a thomhas agus a dtuairimí a scríobh ar chlár bán nó ar phíosa páipéir. Ansin nocht na fíorphraghsanna agus tabhair ar na páistí an fhaisnéis a thaifeadadh ar bhileog shimplí buiséid [Áis H]. Gheobhaidh siad pointe má bhí a dtomhas faoi 50p den fhíorphraghas. Is iad an bheirt is mó pointí ag an deireadh na buaiteoirí.

    Treoraigh plé ranga ar an difear sa luach atá ag earraí éagsúla le tógáil ar an réamhghníomhaíocht a rinneadh. Cuir ar a súile don rang nach ionann méid ruda agus praghas ruda: mar shampla, ní daoire ná uaireadóir é bosca calóg arbhair.

    Anois agus liosta praghsanna ag na páistí, iarr orthu smaoineamh ar dhóigheanna a n-íocann daoine fásta as a siopadóireacht. D’fhéadfá fíorchártaí creidmheasa nó dochair agus fíorsheiceanna a úsáid [cé gur ag dul as faisean atá seiceanna], nó, mar mhalairt, Colossial Cards a úsáid [féach www.pfeg.org] leis na dóigheanna a n-íocann daoine as earraí a mhíniú.

    Is féidir go mbeidh ort na téarmaí seo a leanas a mhíniú:• cuntas bainc: seirbhís a sholáthraíonn an banc le

    hairgead a choinneáil do dhaoine;• cárta dochair: cárta a bhaineann airgead as

    cuntas bainc nuair a cheannaíonn daoine rud [caithfidh go leor airgid a bheith sa chuntas bainc];

    • cárta creidmheasa: cárta a ligeann do dhaoine rud a cheannach anois agus íoc as níos moille nuair a thiocfadh an bille; agus

    • seic: is nóta gealltanais é seic a thugtar don siopa mar íocaíocht. Seoltar an tseic chuig an bhanc agus íocann an banc an t-airgead as cuntas bainc an duine.

    D’fhéadfadh na páistí ansin seanchártai a úsáid le híoc as earraí i siopa ranga.

    Focail nua ghluaise:

    creidmheas, dochar, cuntas bainc, seic

    ThematicUnit_3&4_MoneyAtHome_IM.indd 22 28/03/2012 16:12:33

  • 23

    Rannán 03 Cad é Mar a Thig Linn Airgead a Úsáid ar Dhóigh Níos Freagraí?

    Cuspóirí Foghlama Molta Gníomhaíochtaí Foghlama agusTeagaisc Molta

    Gníomhaíocht a Dó DhéagCad é Ba Chóir Dúinn a Dhéanamh?

    Is é a dhéanfaidh na páistí:• an dóigh le hidirbheartú, éisteacht agus tacú le

    chéile a fhoghlaim[SSÁP];• machnamh ar chás faoi leith [SSÁP]; agus• a smaointe féin a chruinniú le chéile agus cinntiú

    ar dhearcadh [SSÁP].

    Mínigh don rang go mbeidh siad ag fiosrú cásanna sa ghníomhaíocht seo ina mbeidh orthu roinnt cinntí agus roghanna airgeadais a dhéanamh.

    Cuir an rang ina dhá ngrúpa agus leag amach ina Ciorcail Imrothlacha* iad. Abair leis na páistí go mbeidh siad ag plé ábhair le páirtí amháin agus ansin ag bogadh leis an ábhar céanna a phlé le páirtí eile. Mínigh do na páistí gur féidir go mbeidh dearcadh ag gach duine atá difriúil lena dhearcadh féin, agus go bhfuil seo maith go leor a fhad is atá bunús lena ndearcadh siúd.

    D’fhéadfá tabhairt ar na páistí cuid de na ceisteanna thíos a phlé, ag brath ar an am atá ar fáil agus ar aibíocht an ranga:• Cad é a dhéanfá dá dtiocfá ar £100 ar an tsráid?• Samhlaigh go bhfaca tú an cara is fearr leat ag

    baint airgid as cóta duine eile. Cad é a dhéanfá?• Cad chuige a mbailímid airgead do charthanas?

    Úsáid seisiún faisnéisithe i ndiaidh an phlé ar gach ceist le ligean do na páistí tuairimí a nochtadh.

    Mar iarghníomhaíocht, d’fhéadfadh na páistí Clár Graifití* a chruthú bunaithe ar na ceisteanna atá pléite acu.

    * Féach Foghlaim Ghníomhach agus Modhanna Gníomhacha Teagaisc d’Eochairchéimeanna 1&2.

    ThematicUnit_3&4_MoneyAtHome_IM.indd 23 28/03/2012 16:12:34

  • 24

    Airgead sa Bhaile

    Cuspóirí Foghlama Molta Gníomhaíochtaí Foghlama agusTeagaisc Molta

    Gníomhaíocht a Trí DhéagAirgead i dTíortha eile

    Is é a dhéanfaidh na páistí:• tuiscint a bheith acu go bhfuil cineálacha éagsúla

    airgid i dtíortha eile [ÚMata]; agus• airgeadraí difriúla a chur i gcomparáid le chéile

    [ÚMata].

    Mínigh don rang go mbeidh siad ag fiosrú cineálacha éagsúla airgid nó airgeadra. Iarr orthu roinnt euronna nó dollar a thabhairt isteach ón bhaile, má tá a leithéid acu. Úsáid an t-airgead seo má tá sé ar fáil nó iarr ar an bhanc áitiúil nótaí agus boinn in airgeadraí éagsúla a thabhairt ar iasacht don scoil lena dtaispeáint mar eiseamláirí.

    Mar réamhghníomhaíocht iarr ar na páistí liosta a dhéanamh de thíortha a bhfuil eolas acu fúthu ina n-úsáidtear an euro nó an dollar. D’fhéadfadh páistí léarscáil mhór den Eoraip a fhiosrú agus na tíortha uilig ina n-úsáidtear an euro a shainaithint. D’fhéadfadh siad fosta léarscáil de Stáit Aontaithe Mheiriceá, ina n-úsáidtear an dollar SA, a fhiosrú. Tabhair do na páistí, ina ngrúpaí, samplaí de na nótaí agus iarr orthu na comhthréithe agus na difríochtaí a shainaithint.

    Mínigh do na páistí go bhfuil siad ag dul a fháil amach costas earraí éagsúla a cheannódh siad ar saoire. Lig doíbh bheith ag obair ina mbeirteanna, agus Áis I in úsáid acu, le costas roinnt earraí a chur i gcomparáid le chéile agus leis an tír ar mhaith leo cuairt a thabhairt uirthi a shocrú.

    Mar iarghníomhaíocht, d’fhéadfadh na páistí iarracht a dhéanamh euronna, dollair nó puint steirling a tharraingt nó cré a úsáid le boinn a dhéanamh. Thiocfadh leo iad seo a úsáid in am súgartha struchtúrtha dá mbeadh na páistí ag cruthú radhairc ó laethanta saoire nó ó ghníomhaíocht taistil nó ó oifig an phoist.

    Focail nua ghluaise:

    airgeadra, euro, dollar, punt steirling

    ThematicUnit_3&4_MoneyAtHome_IM.indd 24 28/03/2012 16:12:35

  • 25

    Rannán 03 Cad é Mar a Thig Linn Airgead a Úsáid ar Dhóigh Níos Freagraí?

    Cuspóirí Foghlama Molta Gníomhaíochtaí Foghlama agusTeagaisc Molta

    Gníomhaíocht a Ceathair DéagCruachás Nuala

    Is é a dhéanfaidh na páistí:• an chosúlacht idir ceisteanna i scéal agus a saol

    féin a cheangal le chéile[Cum];• na hiarmhairtí atá le hairgead a chailleadh a

    thuiscint;• eolas a bheith acu faoin dóigh le hairgead a

    choigilt; agus• téacs agus íomhánna ar scáileán a chumadh, a

    chur in eagar agus a chomhcheangal [ÚTFC].

    Mínigh don rang go bhfuil siad ag dul a éisteacht go han-chúramach le scéal. Ansin tá siad ag dul a fhreagairt roinnt ceisteanna ar a bheith cúramach le hairgead agus ar airgead a choigilt.

    Mar réamhghníomhaíocht, fiafraigh den rang an bhfuil a fhios acu cad is coigilteas ann agus cad é mar is féidir leo airgead a choigilt. Úsáid modh ABC [Ar eolas – Ba mhaith liom a bheith ar eolas – Cad é atá foghlamtha?]* le heolas na bpáistí ar choigilteas agus lenar mhaith leo a fháil amach faoi choigilteas a chinntiú.

    Ansin léigh an scéal faoi Chruachás Nuala [Áis J] le sosanna ag na pointí molta leis na ceisteanna a thagann aníos a phlé.

    I ndiaidh an phlé ranga d’fhéadfadh na páistí súil siar a chaitheamh ar a ABC agus ceisteanna ar bith nár pléadh a phlé.

    Labhair leis na páistí faoi choigilteas agus faoi na dóigheanna le hairgead a choinneáil sábháilte, mar shampla, i mbanc, i gcomhar creidmheasa, in oifig an phoist nó i gcumann foirgníochta.

    Mar ghníomhaíocht bhreise d’fhéadfadh na páistí TFC a úsáid le póstaeir a tháirgeadh a aibhseoidh an gá nó na buntáistí atá le coigilteas a dhéanamh.

    Mar gníomhachtaí níos dúshlánaí is féidir dul i dteagmháil leis an chomhlacht Young Enterprise a bhíonn ag obair sna scoileanna chun topaicí a bhaineann leis an eacnamaíocht a theagasc. Seo é an suíomh idirlín atá acu: www.young-enterprise.org

    * Féach Foghlaim Ghníomhach agus Modhanna Gníomhacha Teagaisc d’Eochairchéimeanna 1&2.

    ThematicUnit_3&4_MoneyAtHome_IM.indd 25 28/03/2012 16:12:36

  • 27

    Áiseanna

    ThematicUnit_3&4_MoneyAtHome_IM.indd 27 28/03/2012 16:12:36

  • 28

    Deiseanna d’FhoghlaimBhreise

    • Tabhair téama an airgid isteach i súgradh strúchtúrtha – d’fhéadfá banc, cumann foirgníochta nó siopa a chur ar bun.

    • Tabhair cuireadh d’ionadaí ó bhanc nó ó chomhar creidmheasa teacht isteach sa scoil le scéim choigiltis a bhunú agus leis na buntáistí a bhaineann le coigilteas a phlé.

    • Faigh cluichí nua nach mbeadh costas ag baint leo, go háirithe cluichí don chlós súgartha. Iarr smaointe ar na páistí.

    • Smaoinigh ar iarraidh ar na páistí an t-eolas atá foghlamtha acu faoi airgead a insint do ranganna eile (b’fhéidir ag tionól scoile).

    • Reáchtáil taispeántas ealaíne leis na gníomhaíochtaí atá déanta acu a thaispeáint.

    • Lig do na páistí boscaí airgid a dhéanamh as earraí fuíll nó as cré.

    • Iarr ar na páistí cuntas a choinneáil ar an bhrabach a rinneadh le linn ócáid carthanachta sa scoil.

    • Iarr ar na páistí dialann chaite airgid a choinneáil ar feadh seachtaine. D’fhéadfadh siad an t-airgead a caitheadh a thaifeadadh sa bhaile gach tráthnóna [airgead a úsáidtear ar scoil, mar shampla, airgead don dinnéar, san áireamh].

    ThematicUnit_3&4_MoneyAtHome_IM.indd 28 28/03/2012 16:12:38

  • 29

    Áis ALitir

    A Thuismitheoir/A Chúramóir, a chara

    I rith an téarma seo ar scoil, beidh na páistí ag foghlaim faoi bheith freagrach le hairgead sa bhaile.

    Beidh deiseanna éagsúla agat baint a bheith agat le foghlaim do pháiste. Beidh mé ag iarraidh ort:

    •dialann ghearr siopadóireachta a choinneáil is féidir leat a úsáid leis na roghanna a dhéanann tú agus tú ag siopadóireacht a phlé;

    •an dóigh a gcaitear airgead an teaghlaigh a phlé le do pháiste;•admháil siopadóireacht teaghlaigh a sholáthar;•liosta de thrí earra a sholáthar do do pháiste agus £3 a thabhairt dó

    leis na hearraí ar an liosta a cheannach; agus•euronna nó dollair a sholáthar má tá a leithéid agat.

    Mar chuid den tionscadal seo, tá súil againn cuairt a thabhairt ar ollmhargadh nó ar shiopa áitiúil agus deis a thabhairt do pháistí fíorairgead a chaitheamh. Táimid ag dúil go mbeidh airgead fágtha dó féin as an £3 i ndiaidh don pháiste na trí earra ar do liosta a cheannach.

    I rith an tionscadail beidh mé ag cur gníomhaíochtaí éagsúla mar obair bhaile abhaile le do pháiste a spreagadh le machnamh ar chinntí airgeadais sa bhaile agus ar na roghanna is gá duit a dhéanamh.

    Bheimis buíoch as do thacaíocht agus as do chomhoibriú sa tionscadal seo agus táimid buíoch as do shuim agus do pháiste ag forbairt a scileanna airgeadais.

    Le meas

    _______________

    Lógó naScoile

    ThematicUnit_3&4_MoneyAtHome_IM.indd 29 28/03/2012 16:12:38

  • 30

    Áis BGníomhaíocht Bhaile:Dialann SiopadóireachtaIs dialann siopadóireachta a chomhlánóidh tú sa bhaile í seo. Bain úsáid aisti le labhairt faoi na roghanna a dhéanann do thuismitheoirí/cúramoiri agus iad ag siopadóireacht. Roghnaigh lá amháin siopadóireachta gach seachtain agus taifead díreach cúig cinn de na hearraí a ceannaíodh.

    Dáta Earraí Costas

    Seachtain 1

    ________________________________________________________________________________________________

    ________________________________

    Seachtain 2

    ________________________________________________________________________________________________

    ________________________________

    Seachtain 3

    ________________________________________________________________________________________________

    ________________________________

    Seachtain 4

    ________________________________________________________________________________________________

    ________________________________

    ThematicUnit_3&4_MoneyAtHome_IM.indd 30 28/03/2012 16:12:38

  • 31

    Áis CRéalt: Praghasliosta

    UachtarReoite 45pCáis 40p Arán 60p

    Torthaí 35pBainne 30pIm 80p

    Brioscaí 65pBrioscáin 25pMilseáin 20pGreannán 55pPeannLuaidhe 15p Subh 40p

    Scriosán 10pLeabhar 70p

    ThematicUnit_3&4_MoneyAtHome_IM.indd 31 28/03/2012 16:12:42

  • 32

    Áis DBuiséad a Chaitheamh

    An méid a thig liom a chaitheamh: _________________

    Roghnaigh le cara na hearraí a cheannódh sibh leis an bhuiséad a thug an múinteoir daoibh.Bainigí úsáid as an Phraghasliosta. Machnaígí ar bhur roghanna.

    Liosta

    Earra Costas

    Iomlán

    ThematicUnit_3&4_MoneyAtHome_IM.indd 32 28/03/2012 16:12:42

  • 33

    Áis EMo Liosta Siopadóireachta

    Ainm: ______________________________________

    Ollmhargadh: ________________________________

    Earra Costas

    1.

    2.

    3.

    Earra breise [mo rogha]

    Iomlán

    ThematicUnit_3&4_MoneyAtHome_IM.indd 33 28/03/2012 16:12:43

  • 34

    Áis FTeimpléad GRÁ

    Beidh do ghrúpa ag pleanáil cóisir a chosnóidh a laghad airgid is féidir.Smaoinígí ar an bhia, ar na cluichí agus ar na duaiseanna a scaipfidh sibh ag an chóisir.

    Cuimhnígí a laghad airgid is féidir libh a chaitheamh a chaitheamh!

    Bia Rudaí maithe faoinár roghanna

    Drochrudaí faoinár roghanna

    Cluichí Rudaí maithe faoinár roghanna

    Drochrudaí faoinár roghanna

    Duaiseanna Rudaí maithe faoinár roghanna

    Drochrudaí faoinár roghanna

    ThematicUnit_3&4_MoneyAtHome_IM.indd 34 28/03/2012 16:12:43

  • 35

    Áis GCinntí Airgid a DhéanamhIs féidir an bhileog seo a fhótachóipeáil, a lannú agus a ghearradh le haghaidh gníomhaíocht ghrúpa nó ranga. Lig do pháistí aonair cárta le plé a roghnú go randamach. Ba cheart an mhuinín a bheith ag gach páiste a smaointe agus a thuairimí a chur chun tosaigh.

    Chaill mé nóta £5 a thugMamó dom.Cad é ba cheart dom a dhéanamh?

    Ba mhaith linn mar theaghlach dul chun na Spáinne ar saoire an bhliain seo chugainn.Cad é mar a thiocfadh liom cuidiú le hairgead a choigilt lena haghaidh?

    Bhris mise agus mo chairde fuinneog mo mháthar le liathróid.Cad é ba cheart dúinn a dhéanamh?

    Cad é mar a thiocfadh liom airgead a shaothrú sa bhaile le coigilteas a dhéanamh le haghaidh rud speisialta?

    Chonaic mé ar an teilifís an rud ba mhaith liom don Nollaig. Tá sé an-daor.Cad é ba cheart dom a dhéanamh?

    Bhí £3 phunt agam i mo chóta don chlubleabhar ar scoil. Tá an t-airgead ar iarraidh.Cad é ba cheart dom a dhéanamh?

    Deir Mamaí go dtig liom bronntanas beag a fháil do mo bhreithlá.Ba mhaith liom rothar.Cad é ba cheart dom a dhéanamh?

    D’iarr mo chara iasacht £2 orm. Thug mé an t-airgead dó. Níor thug sé é ar ais dom go fóill.Cad é ba cheart dom a dhéanamh?

    Thug Mamaí airgead dom le rudaí a cheannach sa siopa ach ní cuimhin liom na rudaí a dúirt sé liom a cheannach.Cad é ba cheart dom a dhéanamh?

    Ba mhaith liom cluiche speisialta Playstation a cheannach, ach níl go leor airgid agam.Cad é ba cheart dom a dhéanamh?

    Tá a lán bonn 2p agus 5p curtha i dtaisce agam.Cad é ba cheart dom a dhéanamh leo?

    Déan liosta de mhianta. Scríobh na rudaí ba mhaith leat a cheannach, an ceann is tábhachtaí ar dtús.

    ThematicUnit_3&4_MoneyAtHome_IM.indd 35 28/03/2012 16:12:43

  • 36

    Áis HTomhais an Praghas!

    Earra Costas

    Iomlán

    ThematicUnit_3&4_MoneyAtHome_IM.indd 36 28/03/2012 16:12:44

  • 37

    Áis ICaiteachas Saoire

    Earra Costas

    Iomlán

    Agus iad ar saoire caitheann ár dteaghlaigh airgead ar a lán rudaí éagsúla. Is féidir go mbeidh orainn cineálacha difriúla airgid nó airgeadra a úsáid. Sa tábla thíos, léirítear praghsanna ina ndollair SA [$], ina euronna [€] agus ina bpuint steirling [£].

    Má tá tú in ann cuimhneamh ar phraghas rud éigin a cheannaigh tú agus tú ar saoire, cuir isteach sa tábla é.

    Earra Dollair [$] Euro [€] Steirling [£]

    Buidéal Coca Cola $1.25 €2.50 £1.00

    Burgar $4.50 €6.00 £3.50

    Uachtar Reoite $1.25 €2.00 £0.90

    Cupán Caife $3.50 €4.00 £2.50

    Barra Mars $0.70 €0.90 £0.65

    Liathróid $5.50 €10.00 £5.00

    Smaoinigh ar cá háit ar mhaith leat dul ar saoire. Roghnaigh tír ina n-úsáidtear puint steirling, euronna nó dollair SA.

    Cén tír ar mhaith leat cuairt a thabhairt uirthi? __________________________________________________

    Cé na trí earra ba mhaith leat a cheannach dá rachfá go dtí an tír a roghnaigh tú?

    Earra Costas

    ThematicUnit_3&4_MoneyAtHome_IM.indd 37 28/03/2012 16:12:44

  • 38

    Áis JCruachás Nuala

    Bhí Nuala ina cónaí i dteach beag faoin tuath. D’oibrigh a Mamaí agus a Daidí ar fheirm lámh leo ag pacáil glasraí d’ollmhargadh mór.

    Is minic a chuaigh Nuala chuig an fheirm lena tuismitheoirí ag deireadh na seachtaine. Lá amháin bhí gach duine gnóthach ag baint prátaí sna páirceanna. Chuidigh Nuala leo, agus thug an tUas Mac Gabhann, feirmeoir, £10 di as prátaí a bhaint.

    Bhí lúcháir ar Nuala! Ní raibh £10 aici riamh roimhe. D’oibrigh a tuismitheoirí go crua ach ní bhíodh mórán airgid acu do Nuala. Ní bhíodh airgead póca aici ach amháin um Nollaig agus ar a lá breithe.

    Mhothaigh Nuala iontach sásta! Cad é a thiocfadh léi a cheannach? Bhí a hintinn ag dul ó ábhar go hábhar, ag déanamh liostaí fada de rudaí a bhí sí a iarraidh.

    Agus í ag rith abhaile, ar shála a tuismitheoirí, baineadh tuisle as Nuala go tobann agus thit sí. Sciorr an t-airgead amach as a lámh agus shleamhnaigh síos trí ghráta isteach i ndraein ar thaobh an bhóthair.

    Thosaigh Nuala a chaoineadh. Cad é ba cheart di a dhéanamh? Cad é mar a thiocfadh léi a cuid airgid a fháil ar ais?

    Iarr smaointe ar an rang faoi na rudaí a thiocfadh le Nuala a dhéanamh.

    Dheifrigh Mamaí agus Daidí aniar le cuidiú a thabhairt do Nuala. Thóg Daidí an gráta ach bhí an nóta bainc imithe as radharc. Bhí an chuma ar an scéal go raibh sé caillte. Shiúil Nuala abhaile faoi chroí trom. Shíl sí nach mbeadh seans ann £10 a bheith aici choíche arís.

    D’amharc Nuala ar an Nuacht an tráthnóna sin ar an teilifís. Bhí an láithreoir ag míniú a luachmhaire atá an t-uisce [níos luachmhaire fiú ná an t-airgead!]. Agus í ag amharc ar an teilifís, bhuail smaoineamh Nuala.

    Iarr smaointe ar an rang faoin smaoineamh a bhuail Nuala.

    Bhí Nuala meáite ar go leor airgid a choigilt le caillteanas an £10 a chlúdach. An lá arna mhárach, thug a Mamaí agus a Daidí £1 an duine di. Bhí an-trua acu do Nuala nuair a chaill sí an £10. ‘Tabharfaidh mise agus Mamaí £1 an duine duit,’ arsa Daidí. ‘D’fhéadfadh sin cuidiú leat rud éigin ba mhaith leat a cheannach.’

    Ghabh Nuala buíochas lena tuismitheoirí agus chuir sí an dá bhonn go cúramach ina bosca airgid.

    Seachtain ina dhiaidh sin, thug Mamó Nuala £1 eile di as a gairdín a ghlanadh agus as a chosán a scuabadh. Ní raibh Mamó rómhaith ar a cosa níos mó agus bhí cuidiú breise de dhíth uirthi. Ghlac Nuala an bonn luachmhar gur chuir sí é ina bosca airgid fosta.

    An deireadh seachtaine dar gcionn, bhí Nuala ag cuidiú ar an fheirm in éineacht lena tuismitheoirí, agus thug an tUas Mac Gabhann £2 di. ‘Sin mar luach saothair ar na jabanna breise a rinne tú sa pháirc inniu,’ arsa an tUas Mac Gabhann agus aoibh an gháire air.

    Bhí Nuala iontach corraithe! Anois bheadh £5 aici sa bhosca airgid!

    Bhí deireadh foghlamtha ag Nuala sa rang ar scoil ar airgead a choigilt agus ar an dóigh ar féidir le bainc, le cumainn foirgníochta agus le cumainn chreidmheasa cuidiú a thabhairt.

    ThematicUnit_3&4_MoneyAtHome_IM.indd 38 28/03/2012 16:12:44

  • 39

    Áis JCruachás Nuala (ar lean)

    ‘Tá mé ag smaoineamh ar chuntas coigiltis a oscailt,’ arsa Nuala lena tuismitheoirí tráthnóna amháin. ‘Dúirt an fear ón bhanc a tháinig go dtí an scoil inniu go bhféadfaidh an banc mo chuid airgid a ghlacadh agus é a choinneáil sábháilte – agus cuirfear cúpla pingin sa bhreis i mo chuntas.’ Bhí Mamaí agus Daidí sásta go raibh Nuala ag foghlaim an dóigh le hairgead a choigilt agus an dóigh le bheith cúramach le hairgead.

    D’oscail Nuala a cuntas coigiltis agus thosaigh sí a smaoineamh ar dhóigheanna a bhféadfadh sí cuidiú le Mamaí agus Daidí airgead a choigilt. Cé go raibh an bheirt acu ag obair, níor shaothraigh siad mórán airgid. Bhí ar Mhamaí agus ar Dhaidí bheith cúramach maidir le caitheamh airgid.

    Bhí a fhios ag Nuala go raibh buiséad airgid a d’fhéadfadh siad a chaitheamh gach seachtain ag a Mamaí agus Daidí. Smaoinigh sí ar dhóigheanna éagsúla a bhféadfadh sí cuidiú leo leis an bhuiséad teaghlaigh.

    Pléigí le chéile dóigheanna ar féidir le Nuala cuidiú lena tuismitheoirí airgead

    a choigilt as an bhuiséad teaghlaigh.

    Stad Nuala de bheith ag iarradh milseán gach uair a chuaigh sí a shiopadóireacht lena Mamaí. Bhí cuma sheanchaite ar a bróga dearga is fearr ach, i ndiaidh do Mhamaí snas a chur orthu agus sála nua a chur orthu, ní raibh cuma ró-olc orthu.

    Dheisigh Daidí na coscáin agus an slabhra ar a rothar. Ansin ghlan Nuala an rothar ó bhun go barr agus chuir sí snas ar na codanna cróim. Ba gheall le rothar nua a rothar agus cuma lonrach air. Ní raibh aon ghá le rothar nua. [Bhí rothar nua ar liosta na mianta aici.]

    Go díograiseach, mhúch Nuala soilse sa teach agus dhruid sí sconnaí le fuinneamh a shábháil.Bhí lámh ag Mamó ar an fhuáil. Chóirigh sí an bríste géine ab fhearr le Nuala trí shuaitheantas spóirt a fhuáil thar an pholl ar an chos dheas. Mhothaigh Nuala go maith – ní raibh sé chomh holc sin airgead a choigilt!

    Chuir Mamaí agus Daidí Nuala iontas an domhain uirthi i ndiaidh cúpla mí. ‘A Nuala, tá sé tugtha faoi deara againn an dóigh nach bhfuil tú ag iarraidh orainn na rudaí uilig is maith leat sna siopaí a cheannach duit,’ arsa Daidí. ‘Níor sháraigh muid an buiséad teaghlaigh agus choigil muid rud beag airgid fiú!’ arsa Mamaí. ‘Ba mhaith linn £5 a thabhairt duit mar chineál speisialta mar go raibh tú chomh tuisceanach agus chomh cúramach le do chuid éadaigh uilig.’

    Bhí lúcháir ar Nuala! Bhí an sprioc £10 bainte amach aici. Smaoinigh sí ar feadh bomaite agus ansin d’fhiafraigh sí dá tuismitheoirí an raibh cead aici cuidiú a thabhairt do pháistí ó thíortha i bhfad i gcéin nach raibh go leor airgid acu. D’aontaigh tuismitheoirí Nuala gur smaoineamh maith a bhí ann.

    Chuir sí a £5 go cúramach i gclúdach ar a raibh seoladh TG4, an áit a bhfaca sí an tuairisc ar airgead a úsáid le toibreacha uisce a dhéanamh i dtír Afracach. D’iarr siad síntiúis le toibreacha a thochailt sa dóigh nach mbeadh ar theaghlaigh siúl rófhada lena gcuid uisce laethúil a fháil.

    Bhí a lán foghlamtha ag Nuala le míonna anuas. Cailleadh airgead, coiglíodh airgead agus tugadh airgead do dhaoine nach raibh chomh hádhúil léi féin.

    Tá tábhacht leis an airgead, ar sise léi féin, ach ba chorraitheach an rud bheith ag beartú an dóigh le hairgead a choigilt agus a chaitheamh go céillí – agus is dúshlán é!

    ThematicUnit_3&4_MoneyAtHome_IM.indd 39 02/04/2012 12:02:22

  • 40

    Áiseanna Breise Molta

    LeabhairSiopadóireacht gan Stadle Tony BradmanFoilsitheoir: Carroll Education LimitedISBN: 1 84450 086 1

    Bronntanas Lá Breithele Liz WeirFoilsitheoir: CCEA

    Ag Siopadóireacht le MamaíSéidean SíFoilsitheoir: An GúmISBN: 1 85791 492 9

    Ócáid AirgidCuraclam Thuaisceart ÉireannFoilsitheoir: CCEA

    An Chailleach ag an mBancle Johnathan SaintFoilsitheoir: Carroll HeinemanISBN: 1 84450027 6

    Suíomhanna Gréasáinwww.nicurriculum.org.uk/fc

    www.pfeg.org

    www.moneyinstructor.com

    www.moneymanagement.org

    www.sainsburys.co.uk

    www.day-tripper.net/supermarket-france.html

    www.young-enterprise.org

    ThematicUnit_3&4_MoneyAtHome_IM.indd 40 28/03/2012 16:12:45

  • 41

    Gluais

    Admháil Receipt

    Airgeadais Financial

    Airgeadas Finance

    Airgeadra Currency

    Áititheach Persuasive

    Buiséadú Budgeting

    Coigil Save (money)

    Coigilt Airgid Saving money (in sense of putting it in the bank)

    Coigilteas Savings

    Comhar Creidmheasa Credit Union Cumann Foirgníochta Building Society

    Dochar Debit

    Eitic Ethics

    Idirnasctha Interconnected

    Modheolaíocht Methodology

    Pleanálaí Planner Punt Steirling Sterling

    Seisiún iomlánach Plenary session Táirge Product

    ThematicUnit_3&4_MoneyAtHome_IM.indd 41 28/03/2012 16:12:45

  • Ní ghlacann CCEA le freagracht ná le dliteanas ar bith as aon ábhar atá á sholáthar nó atá ar fáil ar aon cheann de na suímh ghréasáin nasctha agus ní fhormhuiníonn sé de riachtanas na tuairimí a luaitear orthu. Ní féidir linn a ráthú go n-oibreoidh na naisc seo an t-am ar fad agus níl smacht ar bith againn ar rochtain na leathanach nasctha.

    ThematicUnit_3&4_MoneyAtHome_IM.indd 42 28/03/2012 16:12:45

  • Airgead sa BhaileAonad Téamach

    Foilseachán CCEA © 2012

    Blianta 3 & 4

    MoneyAtHome_COVER_IM.indd 1 28/03/2012 16:13:15