22

beatha le bua · 2019. 6. 26. · bhfad agus fuair siad colscaradh i 1964 nuair a bhí Barack iontach óg JC739 CEA_Obama A5 Book (YELLOW).indd 6 30/03/2012 14:34. o o o o o o o o

  • Upload
    others

  • View
    0

  • Download
    0

Embed Size (px)

Citation preview

  • beatha le bua

    JC739 CEA_Obama A5 Book (YELLOW).indd 1 29/03/2012 14:56

  • Pictiúr Clúdaigh © AFP/Getty Images.

    Pictiúr le © Getty Images.

    Arna tháirgeadh agus arna fhoilsiú ag CCEA.

    Gach ceart ar cosaint. Ní féidir cuid ar bith den leabhar seo a athfhoilsiú i gcruth ar bith nó ar dhóigh ar bith gan cead a fháil roimh ré ó CCEA.

    JC739 CEA_Obama A5 Book (YELLOW).indd 2 29/03/2012 14:56

  • BA

    RA

    CK

    OB

    AM

    Abeatha le bua

    JC739 CEA_Obama A5 Book (YELLOW).indd 3 29/03/2012 14:56

  • ooooooooooooooooaooooofooooo

    0ooxooooooooowooooo

    >ooooooodoooozooooooooooooooooooooo0o

    4

    Is é Barack Obama an 44ú hUachtarán ar Stáit Aontaithe Mheiriceá. Níor rud iontach sin ach gurb é Obama an chéad Uachtarán ar na Stáit a tháinig ón chine ghorm ansin. Rinneadh Uachtarán de ar 3ú Eanáir 2008 agus cuireadh fáilte mhór roimhe, ní amháin sna Stáit ach ar fud an domhain. Bhí dúil mhór ag daoine ann gan dabht, ach cén fáth? Bhí go leor daoine ag dúil leis an chéad Uachtarán ghorm a bheith ann i Meiriceá agus bhí siad ag súil gur rud maith é sin. Ach bhí i bhfad níos mó ná sin i gceist. Is é an fáth is mó, b’fhéidir, a raibh daoine ag dúil leis ná gur thug sé dóchas do dhaoine arís. Ar feadh fada go leor roimhe sin, bhí go leor daoine gan dóchas agus cogaí ar siúl san Iaráic agus san Afganastáin. Ar a bharr sin, bhí cúrsaí eacnamaíochta ag dul in olcas fosta ar fud an domhain.

    B A R A C K O B A M A

    JC739 CEA_Obama A5 Book (YELLOW).indd 4 29/03/2012 14:56

  • oooooooo

    0oooooooaooooofo0ooooxoooo

    <oooowooooooooodoooozoooooooooooooooooooooooooo0o0

    5

    B A R A C K O B A M A

    © GETTY IMAGES

    JC739 CEA_Obama A5 Book (YELLOW).indd 5 29/03/2012 14:56

  • ooooooooooooooooaooooofooooo

    0ooxooooooooowooooo

    >ooooooodoooozooooooooooooooooooooo0o

    6

    B A R A C K O B A M A

    Ach nuair a tháinig Barack Obama chun tosaigh agus nuair a d’fhógair sé gur mhaith leis a bheith ina Uachtarán ar Stáit Aontaithe Mheiriceá, chonaic daoine duine iontach dóchasach. Spreag sé cuid mhór daoine lena chuid cainte agus lena óráidí. Ní raibh daoine sna Stáit chomh dóchasach ó aimsir J. F. Kennedy sna 1960í.

    Cúlra Rugadh Barack Hussein Obama ar 4ú Lúnasa 1961 in Honolulu, Hawaii. Bean gheal a bhí ina mháthair, Ann Dunham, agus b'as Éirinn a tháinig a sinsir. Fear gorm a bhí ina athair, Barack Obama a bhí air mar ainm fosta, agus b'as an Chéinia ó dhúchas é. Casadh ar a chéile a thuismitheoirí nuair a bhí siad ar ollscoil. Phós siad i Mí Feabhra 1961. Ach níor mhair an pósadh i bhfad agus fuair siad colscaradh i 1964 nuair a bhí Barack iontach óg

    JC739 CEA_Obama A5 Book (YELLOW).indd 6 30/03/2012 14:34

  • oooooooo

    0oooooooaooooofo0ooooxoooo

    <oooowooooooooodoooozoooooooooooooooooooooooooo0o0

    7

    B A R A C K O B A M A

    go fóill. D’imigh a athair ar ais chun na Céinia arís agus ní fhaca Barack óg é ach uair amháin eile ina dhiaidh sin. Fuair a athair bás sa bhliain 1982 i dtimpiste bhóthair.

    Phós a mháthair fear eile, duine as an Indinéis darb ainm Lolo Soetoro. B’éigean dó filleadh ar an Indinéis sa bhliain 1967 agus chuaigh siad a chónaí in Jakarta. D’fhan Barack óg ceithre bliana ina chónaí agus ar scoil ann go dtí go raibh sé 10 d’aois. Cuireadh Barack ar ais go Honolulu ansin agus d’fhan sé ag tuismitheoirí a mháthar. Chuaigh sé ar scoil phríobháideach ar dtús agus ansin ar ardscoil ina dhiaidh sin. Ní fhaca sé mórán dá mháthair le linn an ama sin. Tháinig sí ar ais go Hawaii sa bhliain 1994 ach fuair sí bás bliain ina dhiaidh sin le hailse.

    JC739 CEA_Obama A5 Book (YELLOW).indd 7 29/03/2012 14:56

  • B A R A C K

    JC739 CEA_Obama A5 Book (YELLOW).indd 8 29/03/2012 14:56

  • O B A M A

    © GETTY IMAGES

    JC739 CEA_Obama A5 Book (YELLOW).indd 9 29/03/2012 14:56

  • ooooooooooooooooaooooofooooo

    0ooxooooooooowooooo

    >ooooooodoooozooooooooooooooooooooo0o

    1 0

    B A R A C K O B A M A

    Suim sa pholaitíocht

    Cé gur fear gorm a bhí ina athair agus gur bean gheal a bhí ina mháthair, is cosúil nár chuir sin isteach ar Obama óg ar bhealach ar bith. Ghlac sé leis mar rud nádúrtha ina shaol. Bhí meascán de chultúir éagsúla in Hawaii agus chuaigh sin go mór i bhfeidhm air mar dhuine óg. Bhí daoine ábalta a bheith beo lena chéile gan a bheith ag troid le chéile de thairbhe dhath an chraicinn. Dúirt sé ina dhiaidh sin gur rud iontach tábhachtach é meas a bheith ag daoine ar a chéile agus gur cuma faoin dath atá ar chraiceann duine.

    Chuaigh Obama ar ollscoil in Los Angeles i 1979. Is ansin a rinne sé a chéad óráid phoiblí agus é ag caint in éadan na cinedheighilte san Afraic Theas. Ba léir gur duine é a bhí ag dul a bheith ar son na mbocht agus ar son daoine faoi chois. Chuaigh sé go hOllscoil Columbia i Nua-Eabhrac ina dhiaidh sin i 1981 agus rinne sé staidéar ar an pholaitíocht.

    JC739 CEA_Obama A5 Book (YELLOW).indd 10 29/03/2012 14:56

  • oooooooo

    0oooooooaooooofo0ooooxoooo

    <oooowooooooooodoooozoooooooooooooooooooooooooo0o0

    1 1

    B A R A C K O B A M A

    © GETTY IMAGES

    JC739 CEA_Obama A5 Book (YELLOW).indd 11 29/03/2012 14:56

  • ooooooooooooooooaooooofooooo

    0ooxooooooooowooooo

    >ooooooodoooozooooooooooooooooooooo0o

    1 2

    Bhí an chuma ag teacht air go raibh sé ag dul a bheith ina pholaiteoir gan dabht. Bhain sé céim amach sa bhliain 1983. Chaith sé roinnt blianta ina dhiaidh sin ag obair le grúpaí pobail. Sa bhliain 1988 chuaigh sé ar an ollscoil chlúiteach Harvard le céim sa dlí a dhéanamh. Sa bhliain 1991 chuaigh sé go Chicago agus chaith sé roinnt blianta mar léachtóir in Ollscoil Chicago go dtí 2004.

    Saol sa pholaitíocht

    Ghlac Obama céim mhór sa pholaitíocht nuair a toghadh mar Sheanadóir é in Chicago sa bhliain 1996. D’fhás a chlú sna Stáit mar pholaiteoir agus toghadh mar Sheanadóir é i Seanad Stáit Aontaithe Mheiriceá i 2004. As sin amach, ba léir gur dhuine speisialta é agus d’fhás a chlú agus a cháil dá réir. I Mí Feabhra 2007 d’fhógair sé go raibh sé ag dul a rith sa

    B A R A C K O B A M A

    JC739 CEA_Obama A5 Book (YELLOW).indd 12 29/03/2012 14:56

  • toghchán don Uachtaránacht i 2008. Ba iad ‘an dóchas’ agus ‘an t-athrú’ an dá rud is mó a mhol sé. Ba é ‘Yes we can’ an mana aige agus é ag caint leis na mílte duine. Spreag sin cuid mhór daoine i Meiriceá. Roghnaigh Páirtí na nDaonlathach é le rith in éadan John McCain as an Pháirtí Phoblachtánach. Ba ghéar an rás a bhí ann ach bhain Obama sa deireadh nuair a fuair sé 53% de na vótaí sa toghchán. Bhí ceiliúradh iontach ann, ní amháin sna Stáit ach ar fud an domhain. Bhí daoine ag dúil anois leis an ‘dóchas’ agus leis an ‘athrú’ sin.

    oooooooo

    0oooooooaooooofo0ooooxoooo

    <oooowooooooooodoooozoooooooooooooooooooooooooo0o0

    1 3

    B A R A C K O B A M A

    JC739 CEA_Obama A5 Book (YELLOW).indd 13 29/03/2012 14:56

  • B A R A C K

    JC739 CEA_Obama A5 Book (YELLOW).indd 14 29/03/2012 14:56

  • O B A M A

    © AFP/GETTY IMAGES

    JC739 CEA_Obama A5 Book (YELLOW).indd 15 29/03/2012 14:56

  • ooooooooooooooooaooooofooooo

    0ooxooooooooowooooo

    >ooooooodoooozooooooooooooooooooooo0o

    1 6

    B A R A C K O B A M A

    I mbarr a réime

    Is iomaí duais agus ónóir a tugadh do Obama ó shin amhail ‘Duine na Bliana’. I nDeireadh Fómhair 2009 bhain sé Duais Nobel na Síochána mar gheall ar a iarrachtaí deireadh a chur le cogadh. Ní raibh gach duine sásta leis sin, áfach, nó shíl siad go raibh sé rud beag róluath duais mar sin a thabhairt dó. Mar sin féin, is duine é a spreagann daoine go fóill lena chuid cainte agus leis an dearcadh aige. Bhí go leor a bhí thar a bheith sásta leis nuair a d’ordaigh sé ionsaí in éadán Osama Bin Laden ina maraíodh é. Bhí go leor eile nach raibh sásta leis sin, ar ndóigh. Tá sé pósta ar Michelle agus tá dúil mhór ag daoine inti sin fosta, nó is cosúil go bhfuil sise lán chomh maith leis féin ag caint agus ag spreagadh daoine.

    JC739 CEA_Obama A5 Book (YELLOW).indd 16 29/03/2012 14:56

  • oooooooo

    0oooooooaooooofo0ooooxoooo

    <oooowooooooooodoooozoooooooooooooooooooooooooo0o0

    1 7

    B A R A C K O B A M A

    © AFP/GETTY IMAGES

    JC739 CEA_Obama A5 Book (YELLOW).indd 17 29/03/2012 14:56

  • ooooooooooooooooaooooofooooo

    0ooxooooooooowooooo

    >ooooooodoooozooooooooooooooooooooo0o

    1 8

    B A R A C K O B A M A

    Cuairt ar Éirinn

    Spreag Obama muintir na hÉireann go mór fosta nuair a thug sé cuairt ar an tír i Mí na Bealtaine 2011. Ba mhian leis cuairt a thabhairt ar an áit ar rugadh a shinsir i Muine Gall, Contae Uíbh Fhailí. Chonaic an saol mór é sa phub áitiúil ag ól pionta Guinness! Ach ba i mBaile Átha Cliath a bhuail sé le muintir na hÉireann mar is ceart nuair a rinne sé óráid spreagúil taobh amuigh de Choláiste na Tríonóide. Mheall sé daoine lena chaint, lena ghreann agus lena ‘dhóchas’. Ní dhéanfaidh Gaeilgeoirí dearmad de ach oiread nuair a labhair sé Gaeilge chomh maith le gach rud eile. B'ansin a fuair muid an mana clúiteach sin i nGaeilge den chéad uair – ‘Is féidir linn!’

    JC739 CEA_Obama A5 Book (YELLOW).indd 18 29/03/2012 14:56

  • oooooooo

    0oooooooaooooofo0ooooxoooo

    <oooowooooooooodoooozoooooooooooooooooooooooooo0o0

    1 9

    B A R A C K O B A M A

    © AFP/GETTY IMAGES

    JC739 CEA_Obama A5 Book (YELLOW).indd 19 29/03/2012 14:56

  • JC739 CEA_Obama A5 Book (YELLOW).indd 20 29/03/2012 14:56