4
BHUEL! Samhain 2008 ! Ionad na Gaeilge Labhartha Eagarthóir:Nuala de Búrca Ócáid ar leith chun An Tuamach, An Ríordánach agus An Riadach a cheiliúradh Oireachtas na Gaeilge – Corcaigh, 26 Deireadh Fómhair – 2 Samhain 2008. Dé Máirt 28 Deireadh Fómhair, 4.15 pm – 6.45 pm, Halla Devere, Áras na Mac Léinn: Ócáid speisialta chun saol agus saothar an triúr Seán (Ó Riada, Ó Tuama, Ó Ríordáin) a cheiliúradh, faoi choimirce Bhord Gaeilge na hOllscoile, COC Ceol, Filíocht, Drámaíocht, Prós Cuid de na buaicphointí Fáiltiú, Bia agus Deoch Aitheasc ag Uachtarán an Oireachtais, Donnchadh Ó hAodha Oscailt ag Uachtarán COC An Dr Micheál Ó Murchú Liam Ó hÉigeartaigh ina Chathaoirleach, Ceol clasaiceach an Riadaigh á sheinm. Grúpa ceoil de mhic léinn Roinn an Cheoil, COC le Mel Mercier, Aoife Grainbhéal, ag seinm cheoil thraidisiúnta an Riadaigh Léamh filíochta, sleachta roghnaithe ag na léitheoirí as saothar Uí Ríordáin & Uí Thuama Léitheoirí: Liam Ó Muirthile, Seán Ó Coileáin Drámaíocht, sceitseanna roghnaithe as drámaí an Tuamaigh Liam Ó Mathúna, Liam Mac an Mhaoir Prós de chuid an Riordánaigh agus an Tuamaigh le Stiofán Ó Cadhla agus Nuala Ní Dhomhnaill Ceol Traidisiúnta de chuid an Riadaigh le mic léinn na hOllscoile Amhráin le Eoiní Maidhc agus le Muintir Shúilleabháin, Cúil Aodh FÁILTE ROIMH CHÁCH

îc id ar leith chun An Tuamach, An R ord nach agus An ... · Ionad na Gaeilge Labhartha Eagarth ir:Nuala de B rca îc id ar leith chun An Tuamach, An R ord nach agus An Riadach a

  • Upload
    others

  • View
    2

  • Download
    0

Embed Size (px)

Citation preview

  • BH

    UEL!

    Sam

    ha

    in 2

    00

    8

    !

    Io

    na

    d n

    a G

    aeil

    ge L

    abh

    ar

    th

    a E

    ag

    ar

    th

    óir

    :Nu

    ala

    de B

    úr

    ca

    Ócáid ar leith chun An Tuamach, An Ríordánach agus An Riadach a cheil iúradh

    Oireachtas na Gaeilge – Corcaigh, 26 Deireadh Fómhair – 2

    Samhain 2008.

    Dé Máirt 28 Deireadh Fómhair, 4.15 pm – 6.45 pm, Halla Devere, Áras na Mac Léinn: Ócáid speisialta chun saol agus saothar an triúr Seán (Ó Riada, Ó Tuama, Ó

    Ríordáin) a cheiliúradh, faoi choimirce Bhord Gaeilge na hOllscoile, COC

    Ceol, Filíocht, Drámaíocht, Prós

    Cuid de na buaicphointí

    Fáiltiú, Bia agus Deoch Aitheasc ag Uachtarán an Oireachtais, Donnchadh Ó hAodha

    Oscailt ag Uachtarán COC An Dr Micheál Ó Murchú Liam Ó hÉigeartaigh ina Chathaoirleach, Ceol clasaiceach an Riadaigh á sheinm.

    Grúpa ceoil de mhic léinn Roinn an Cheoil, COC le Mel Mercier, Aoife Grainbhéal, ag seinm cheoil thraidisiúnta an Riadaigh

    Léamh filíochta, sleachta roghnaithe ag na léitheoirí as saothar Uí Ríordáin & Uí

    Thuama Léitheoirí: Liam Ó Muirthile, Seán Ó Coileáin

    Drámaíocht, sceitseanna roghnaithe as drámaí an Tuamaigh

    Liam Ó Mathúna, Liam Mac an Mhaoir

    Prós de chuid an Riordánaigh agus an Tuamaigh le Stiofán Ó Cadhla agus Nuala Ní Dhomhnaill

    Ceol Traidisiúnta de chuid an Riadaigh le mic léinn na hOllscoile

    Amhráin le Eoiní Maidhc agus le Muintir Shúilleabháin, Cúil Aodh

    FÁILTE ROIMH CHÁCH

  • Conas 'tánn sibh? Fáilte romhaibh go

    Coláiste na hOllscoile Corcaigh. Tá súil

    agam go bhfuil sibh ag baint taitnimh as

    bheith anseo is as saol an choláiste go dtí

    seo. Is slí mhaith iad na cumainn chun

    cairde nua a dhéanamh i gcaitheamh na

    bliana. Mar sin, bígí i bhur mbaill de

    chúpla ceann agus bígí páirteach ins an Chuallacht, an cumann gaelach go háirithe!

    Buailimid le chéile chun an Ghaeilge a

    labhairt agus bíonn an-spraoi againn. Má tá

    fonn ar éinne páirt a ghlacadh, beidh fáilte

    Uí Cheallaigh romhaibh go léir. Is cuma

    muna bhfuilir ag staidéar na teanga mar

    ábhar nó muna gceapair go bhfuil do

    chaighdeán Gaeilge chomh hard sin. Bíonn

    imeachtaí difriúla ar siúl a oireann do gach

    duine.

    Casaimid ar a chéile gach oíche Chéadaoin.

    Beidh ceol, karaoke, turas mistéireach,

    cóisirí agus go leor eile ar siúl againn gach

    téarma. Chomh maith leo san, bímid ins an

    tSeomra Caidrimh gach Déardaoin ag 1pm

    le haghaidh tae is brioscaí agus bíd chomh deas.

    Bígí linn i mbliana agus chífimid ann sibh!

    Is féidir leat tuilleadh eolais a fháil ar an

    suíomh seo -

    www.bebo.com/AnChuallacht nó seol

    ríomhphost chuig:

    [email protected]

    Neil Ó Briain

    An Cumann Drámaíochta

    Is sinne Cumann Drámaíochta na Gaolainne anseo i gColáiste na hOllscoile Corcaigh. Cumann beag atá ionainn. Glacaimid páirt i bhFéile Drámaíochta na gColáistí Tríú Leibhéil gach bliain agus téimid go roinnt féilte eile timpeall na tíre ar nós Féile Chorca Dhuibhne i gCiarraí. Tosóimid ag cleachtadh i gceart i mí na Samhna de ghnáth nó i mí Eanáir agus buailimid le chéile go minic chun dráma a chleachtadh thart ar cheithre uair sa tseachtain nuair a bhíonn comórtas ann. Bíonn an-chraic againn ag cleachtadh le chéile in Áras na Mac Léinn nó sa tSeomra Caidrimh in Áras Uí Rathaille. Chuireamar “An Lasair Choille” ar stáitse faoi dhó, i mBaile Átha Cliath agus ar an bhFeothanaigh anuraidh agus bhuamar duaiseanna don aisteoireacht agus don stiúrthóireacht araon. Má tá suim agat bheith ag aisteoireacht trí mheán na Gaeilge i mbliana, bí linn! Is cuma má tá mionpháirt nó príomhpháirt uait. Beidh dráma nua-scríofa á léiriú againn i mbliana. Beidh deis agat do rogha rud a dhéanamh, pé rud a bhaineann le dráma Gaeilge a chur ar an stáitse; stiúrthóireacht, léiritheoireacht, cúrsaí ceoil, cúrsaí ealaíona nó cúrsaí éadaí, srl. Táim cinnte go mbainfidh tú taitneamh agus tairbhe as! Bhí ár gcéad chruinniú againn le déanaí agus bhí seans againn aithne a chur ar a chéile, coiste nua a thoghadh agus pleananna na bliana a phlé. Fairigí ar na póstaeir don chéad chruinniú eile! Pádraig Ó Súilleabháin, 087 9732704.

    AN

    CH

    UA

    LLA

    CH

    T

  • C

    um

    an

    n a

    n c

    he

    oil

    Th

    ra

    idis

    iún

    ta

    Is breá leis an ‘Tradsoc’ an ceol Gaelach a chur chun cinn timpeall an choláiste agus timpeall na cathrach, leis. Bíonn seisiúin agus ceolchoirmeacha againn gach seachtain maraon le ceolchoirm bhliantiúl na mac léinn, céilí agus buaicphointe an cheoil in UCC, Tradfest. Bímid sa Spailpín Fánach thart ar 9:30pm gach Luan. Is seisiún do chách é seo agus pléimid scéalta agus traidisiún na n-amhrán go minic. Is cuma má sheinneann tú, má chanann tú nó más mian leat a bheith ag éisteacht, cuirfear fáilte romhat. Bíonn ár gceolchoirm sheachtainiúil ar siúl gach Céadaoin ag 1:10pm sa Seomra Caidrimh, Áras Uí Rathaille. Le linn na mblianta, tá cuid de na ceoltóirí is fearr sa tír tar éis seinnt anseo; Tomás Ó Canainn, Noel Hill, Mel Mercier, Siobhán Peoples agus Murty Ryan, Gerry Holland, Christy Leahy agus daoine eile nach iad. Le linn na bliana, beidh ‘Dathanna na gContaetha’, cóisir na Samhna agus na Nollag maraon le mórán ceolchoirmeacha a thugann an-seans do mhic léinn an choláiste dul ar stáitse iad féin agus a bheith ag éisteacht le ceoltóirí eile, leis. Beidh Tradfest ar siúl idir 28 Eanáir - 1 Feabhra i mbliana. D'éirigh go hiontach leis an Tradsoc anuraidh le ‘Beoga’ agus ‘Liz Doherty and Friends’. Táimid ag iarraidh feabhas a chur air sin i mbliana le Frankie Gavin agus Hibernian Rhapsody. Eagrófar ár gcomórtas cumadóireachta, léacht Uí Riada, céilí agus ranganna ar an sean-nós, chomh maith. Ná déanaigí dearmad go mbeidh an-chuid ag tarlú timpeall na cathrach agus is cinnte go bhfuil sárbhliain i ndán dúinn i mbliana. Bígí linn!!

    Eagarfhocal

    Fáilte go chéad eagrán na bliana 2008/2009. Más mian le héinne alt,

    léirmheas, dán nó fógra a scríobh don chéad eagrán eile cuir do phíosa go hOifig na Gaeilge Labhartha nó cuir

    ríomhphost chugam ag [email protected]

    Comórtas

    Tionóladh an chéad Oireachtas

    riamh sa bhliain:

    a. 1902 b. 1922 c. 1897

    Dearbhán !40 (An Post) an duais!

    Seol do fhreagra a, b nó c chugam ag [email protected] nó cuir do fhreagra go hOifig na Gaeilge Labhartha faoin 7 Samhain.

    Ná Caill

    Oireachtas na

    Samhna 2008

    26 deireadh

    Fómhair – 2

    Samhain

    www.antoireachtas

    .ie

  • Cúrsa i mBunscileanna

    Ríomhaireachta

    Áit:

    Ionad na Gaeilge Labhartha, G01 Áras Uí Rathaille, UCC

    Am: Dé Céadaoin 5:00 – 7:00pm

    Dáta Tosaigh: 29 Deireadh Fómhair 2008

    Dírithe ar: Daoine atá ag iarraidh ríomhaireacht a fhoghlaim don chéad uair agus ar

    dhaoine atá ag iarraidh roinnt dul chun cinn a dhéanamh le

    ríomhaireacht.

    Ábhar: Litir/Aiste/Bileog Eolais a chur le chéile i Microsoft Word

    Taispeántas a chur le chéile i Microsoft PowerPoint

    An Ghaeilge agus Teicneolaíocht na Faisnéise

    Táille: !50

    Fad an Chúrsa: 7 seachtaine Clárú: Tabhair d’ainm d’Oifig na Gaeilge Labhartha @ 021-4902314 roimh an 27ú

    Deireadh Fómhair 2008.

    Tuilleadh eolais: Ríomhphost: [email protected]

    Guthán: (021) 4903794

    Fáilte Roimh Gach Éinne

    C

    r F

    óg

    ra

    í