12
45 www.nervecentre.org/teachingdividedhistories MODÚL 5: CEACHT 4: PLEAN CEACHTA MODÚL 5. CATH AN SOMME 4: RÓL NA NÉIREANNACH I GCATH AN SOMME CEACHT 4. © IW M (Q 80279) CUR SÍOS AR AN CHEACHT Cuirtear béim i gCeacht a Ceathair ar ról agus cion na nÉireannach ag Cath an Somme agus na híobairtí móra a rinne siad. Fiosrófar sa cheacht an cath ag Guillemont a tharla níos moille in 1916 agus líon iomlán na marbh ó ar fud na hÉireann a taifeadadh. CUSPÓIRÍ AN CHEACHTA TORTHAÍ AN CHEACHTA 1. Bheith in ann míniú a thabhairt ar ghníomhartha an 36ú Rannán (Ulaidh) agus an 16ú Rannán (Éireannach) le linn an chatha. 2. Na híobairtí a rinne fir ó ar fud na hÉireann a shainaithint. 3. Meáin dhigiteacha a úsáid le cuspóirí 1&2 a léiriú. Beidh na daltaí in ann cuimhneamh ar ghníomhartha an 36ú agus an 16ú Rannán ag a gcathanna éagsúla. Tuigfidh na daltaí an dóigh ar cailleadh a lán daoine i gceantair áirithe mar gheall ar mhodhanna earcaíochta. Scileanna TFC a úsáid le tuiscint ar an ábhar a chur in iúl. BILEOGA EOLAIS AGUS TREORACHA DIGITEACH BOGEARRAÍ CRUA- EARRAÍ • Eochairfhaisnéis Cheacht 4 • Tascleathán M5L4 • Scéalchlár Cruthaithe Greannáin • Scéalchlár Eagarthóireacht Fuaime • Áiseanna Breise Molta • Bogearraí Cruthaithe Greannán • Bogearraí Eagarthóireacht Fuaime • Clár Bán • Ríomhairí / Ríomhairí Glúine • Cluasáin / Micreafóin

CEACHT CUR SÍOS AR AN CHEACHT 4....48 MODÚL 5: CEACHT 4: EOCHAIRFHAISNÉIS MODÚL 5. CATH AN SOMME 4: RÓL NA nÉIREANNACH I gCATH AN SOMMEBhí fir ó Éirinn ag troid ina lán codanna

  • Upload
    others

  • View
    1

  • Download
    0

Embed Size (px)

Citation preview

Page 1: CEACHT CUR SÍOS AR AN CHEACHT 4....48 MODÚL 5: CEACHT 4: EOCHAIRFHAISNÉIS MODÚL 5. CATH AN SOMME 4: RÓL NA nÉIREANNACH I gCATH AN SOMMEBhí fir ó Éirinn ag troid ina lán codanna

45www.nervecentre.org/teachingdividedhistories MODÚL 5: CEACHT 4: PLEAN CEACHTA

MODÚL 5. CATH AN SOMME 4: RÓL NA nÉIREANNACH I gCATH AN SOMME

CEACHT

4.

© IWM (Q 80279)

CUR SÍOS AR AN CHEACHT

Cuirtear béim i gCeacht a Ceathair ar ról agus cion na nÉireannach ag Cath an Somme agus na híobairtí móra a rinne siad. Fiosrófar sa cheacht an cath ag Guillemont a tharla níos moille in 1916 agus líon iomlán na marbh ó ar fud na hÉireann a taifeadadh.

CUSPÓIRÍ AN CHEACHTA TORTHAÍ AN CHEACHTA

1. Bheith in ann míniú a thabhairt ar ghníomhartha an 36ú Rannán (Ulaidh) agus an 16ú Rannán (Éireannach) le linn an chatha.

2. Na híobairtí a rinne fir ó ar fud na hÉireann a shainaithint.

3. Meáin dhigiteacha a úsáid le cuspóirí 1&2 a léiriú.

• Beidh na daltaí in ann cuimhneamh ar ghníomhartha an 36ú agus an 16ú Rannán ag a gcathanna éagsúla.

• Tuigfidh na daltaí an dóigh ar cailleadh a lán daoine i gceantair áirithe mar gheall ar mhodhanna earcaíochta.

• Scileanna TFC a úsáid le tuiscint ar an ábhar a chur in iúl.

BILEOGA EOLAIS AGUS TREORACHA

DIGITEACH BOGEARRAÍ CRUA-EARRAÍ

• Eochairfhaisnéis Cheacht 4

• Tascleathán M5L4

• Scéalchlár Cruthaithe Greannáin

• Scéalchlár Eagarthóireacht Fuaime

• Áiseanna Breise Molta

• Bogearraí Cruthaithe Greannán

• Bogearraí Eagarthóireacht Fuaime

• Clár Bán

• Ríomhairí / Ríomhairí Glúine

• Cluasáin / Micreafóin

Page 2: CEACHT CUR SÍOS AR AN CHEACHT 4....48 MODÚL 5: CEACHT 4: EOCHAIRFHAISNÉIS MODÚL 5. CATH AN SOMME 4: RÓL NA nÉIREANNACH I gCATH AN SOMMEBhí fir ó Éirinn ag troid ina lán codanna

46 www.nervecentre.org/teachingdividedhistoriesMODÚL 5: CEACHT 4: PLEAN CEACHTA

MODÚL 5. CATH AN SOMME 4: RÓL NA nÉIREANNACH I gCATH AN SOMME

© IWM (Q 64)

GNÍOMHAÍOCHT TORTHAÍ FOGHLAMA

Tús– Taispeáin do na daltaí roinnt íomhánna de thrinsí ón Fhronta Thiar – íomhánna a fuair tú ón idirlíon roimh an cheacht. Mínigh do na daltaí na cineálacha tascanna agus gníomhartha a bheadh ar na fir a dhéanamh sna dálaí plódaithe.

Nuair a amharcfaidh siad ar na híomhánna, beidh léargas ag na daltaí ar shaol an chogaidh ag an fhronta agus ar na cineálacha gníomhartha a bhí ar na fir a dhéanamh ar bhonn laethúil.

Beidh rogha gníomhaíochtaí ag múinteoirí ón Eochairfhaisnéis leis na daltaí a spreagadh.

Thiocfadh le múinteoirí an rang a scoilt ina ghrúpaí agus iarraidh ar na daltaí na pointí plé a úsáid le gnéithe den Eochairfhaisnéis a phlé. Ansin roinnfidh na daltaí na rudaí a phléigh siad leis an rang.

De rogha air sin, thiocfadh le múinteoirí na Ceisteanna Tosaigh / Forbartha a úsáid do phlé grúpa nó le heolas daoine aonair a thástáil.

Tabharfaidh an ghníomhaíocht foghlaim ghníomhach deis do na daltaí foghlaim a dhéanamh agus eolas a roinnt i ngrúpaí agus ansin an méid a d'fhoghlaim siad a chur in iúl don rang.

*Más féidir, lig do na daltaí an topaic a fhiosrú ar an idirlíon – áiseanna breise molta/inneall cuardaigh.

Tá an Eochairfhaisnéis ceaptha an fhaisnéis sa topaic a chlúdach agus na cuspóirí foghlama a chomhlíonadh.

Tá na ceisteanna plé ar an Eochairfhaisnéis ceaptha na cuspóirí foghlama a chomhlíonadh leis an idirghníomhaíocht agus le C&F.

Tá na ceisteanna ar an bhileog eolais ceaptha na cuspóirí foghlama a chomhlíonadh as na daltaí an fhaisnéis a thuiscint agus a chur i bhfeidhm.

Ba cheart go dtabharfadh na gníomhaíochtaí éagsúla deiseanna foghlama do na daltaí agus iad ag idirghníomhú. Déanfaidh na gníomhaíochtaí eolas a dhaingniú agus plé a spreagadh fosta.

Plé iomlánach – Amharc ar agallamh físeáin le hiarshaighdiúirí Ultacha agus iad ag filleadh ar an Somme i ndiaidh 60 bliain (Áiseanna Breise Molta 2) agus pléigh na smaointe agus na mothúcháin a bheadh ag na fir agus iad ag filleadh ar an láthair chatha.

Ba cheart go dtuigfeadh na daltaí ón phlé seo an bród a bhí ar Éireannaigh as a ngníomhartha ag an Somme, agus an fáth a raibh dreamanna áirithe níos toilteanaí ná dreamanna eile cuimhne agus comóradh a dhéanamh air.

Page 3: CEACHT CUR SÍOS AR AN CHEACHT 4....48 MODÚL 5: CEACHT 4: EOCHAIRFHAISNÉIS MODÚL 5. CATH AN SOMME 4: RÓL NA nÉIREANNACH I gCATH AN SOMMEBhí fir ó Éirinn ag troid ina lán codanna

47www.nervecentre.org/teachingdividedhistories MODÚL 5: CEACHT 4: EOCHAIRFHAISNÉIS

MODÚL 5. CATH AN SOMME 4: RÓL NA nÉIREANNACH I gCATH AN SOMME

RÓL NA nÉIREANNACH I gCATH AN SOMMEBa chomhrac míleata ollmhór é Cath an Somme ina raibh breis agus trí mhilliún fear ag troid le linn shamhradh, fhómhar agus gheimhreadh 1916. Cé gur beag líon na nÉireannach san iomlán sin, is mór an chuimhne atá ar a dtionchar, go háirithe ar an chéad lá den chath. Cuimhnítear le bród inniu ar chion an 36ú Rannán (Ulaidh) go háirithe ar 1ú Mí Iúil, 1916, ach bhí ról suntasach ag saighdiúirí Éireannacha i rannáin agus i gcathláin eile fosta.

THAR BHARR AN TRINSE AMACHI ndiaidh dóibh gluaiseacht chun tosaigh ar 7.30am ar an 1 Iúil, níorbh fhada gur léir d’fhir an 36ú Rannán (Ulaidh) nach ndearnadh fórsaí na Gearmáine a chloí chomh hiomlán agus a tugadh le fios dóibh. Agus na hUltaigh ag dul i dtreo na línte Gearmánacha, scaoileadh sliogáin, gránáidí agus lámhach meaisínghunnaí leo. Is cuimhin leo siúd a tháinig slán ón chéad ‘bhrú mór’ ar 1 Iúil radhairc ghránna amhail comrádaithe a bhí gafa ar shreang dheilgneach agus, dá bharr, ina marcanna éasca do na meaisínghunnadóirí Gearmánacha, agus comrádaithe eile ar mharaigh pléascadh gránáidí nó ar ghortaigh srapnal

iad. Bhí drochthionchar ar phobail ar fud na Breataine agus na hÉireann mar gur earcaíodh na fir i gcathláin chomrádaithe.

Ba é an 36ú Rannán (Ulaidh) an t-aon rannán in Arm na Breataine a bhain línte tánaisteacha na nGearmánach amach ach, gan tacaíocht ó rannáin eile leis an tsuíomh sin a chosaint agus a choinneáil, is beag an tionchar a bhí ag a n-iarrachtaí ar an ionsaí san iomlán. Nuair a shocraigh rudaí síos i ndiaidh na chéad laethanta den chath, tuigeadh go raibh 5,500 ball den 36ú Rannán (Ulaidh) marbh, gortaithe nó ar iarraidh (leathchuid den rannán iomlán agus 10% de thaismigh na Breataine). Ina dhiaidh sin bogadh an rannán ar shiúl ón Somme, níos faide ó thuaidh feadh an Fhronta Thiar.

EOCHAIR FHAISNÉIS

© IWM (Q 64)

FIR A LIOSTÁIL I dTEANNTA A CHÉILE Ó CHEANTAR NÓ IONAD OIBRE AR LEITH A BHÍ I gCATHLÁN COMRÁDAITHE. Tugadh gealltanas dóibh dá bharr go mbeadh cead acu traenáil agus fanacht le chéile agus troid taobh le taobh lena chéile. Mar gheall air seo, d’fhéadfadh glúin iomlán bás a fháil sa chath. Bhí seo thar a bheith coitianta i mBéal Feirste, mar ar chaill ceantair iomlána den chathair líon mór fear óg.

CAD É AN RUD É CATHLÁN COMRÁDAITHE?

4.

Page 4: CEACHT CUR SÍOS AR AN CHEACHT 4....48 MODÚL 5: CEACHT 4: EOCHAIRFHAISNÉIS MODÚL 5. CATH AN SOMME 4: RÓL NA nÉIREANNACH I gCATH AN SOMMEBhí fir ó Éirinn ag troid ina lán codanna

48 MODÚL 5: CEACHT 4: EOCHAIRFHAISNÉIS

MODÚL 5. CATH AN SOMME 4: RÓL NA nÉIREANNACH I gCATH AN SOMME

Bhí fir ó Éirinn ag troid ina lán codanna den arm agus, mar sin de, is deacair teacht ar fhigiúr beacht do líon iomlán na dtaismeach Éireannach. Maraíodh beagnach 2,000 ball den 36ú Rannán (Ulaidh) ar an chéad lá den chath, eachtra a bhfuil tionchar aici ar phobail go fóill sa lá atá inniu ann. Bronnadh naoi gCros Victoria ar bhaill dá chuid le crógacht an 36ú Rannáin (Ulaidh) le linn an chogaidh a aithint. Cuimhnítear ar a gcrógacht inniu fosta le leachtanna cuimhneacháin, múrphictiúir agus comóradh. Chaill na cathláin Éireannacha líon uafásach fear ag Cath an Somme ach throid siad ag a lán cathanna eile le linn an chuid eile den chogadh, Messines agus Ypres in 1917 agus in 1918 ina measc.

RANNÁIN EILE A THROIDThroid a lán Éireannach nach raibh sa 36ú Rannán (Ulaidh) ag Cath an Somme. Le linn uafás an chéad lá den chath ar 1 Iúil, bhí saighdiúirí Éireannacha i rannáin éagsúla eile den arm in ionad. Bhí na Northumberland Fusiliers, arbh fhearr aithne orthu mar “The Tyneside Irish Brigade”, cosúil leis an 36ú Rannán (Ulaidh) sa mhéid gur aonad de na cathláin chomrádaithe a bhí ann, aonad ina raibh aithne ag na baill ar a chéile sular thosaigh an cogadh. D’fhulaing an bhriogáid seo mar a d’fhulaing a macasamhlacha Ultacha agus cailleadh a lán dá cuid fear sa chéad lá den chath. Ba bhaill den 16ú Rannán (Éireannach) iad mórchuid na nÉireannach a throid sa chuid eile de Chath an Somme. Glanmhalairt an 36ú Rannán, a bheag nó a mhór, a bhí sa rannán seo ó earcaíodh go príomha é ó bhaill d’Óglaigh na hÉireann. Ní raibh an 16ú Rannán (Éireannach) páirteach sa chéad lá den chath, ach cuimhnítear ar chion a mball sna cathanna faoi choinne Guillemont agus Ginchy idir an 3ú agus an 9ú Meán Fómhair, 1916. Bhí ról suntasach ag an Rannán i ngabháil na mbailte ach chaill sé a lán fear. Idir an 1ú agus an 10ú Meán Fómhair, chaill an rannán 4,090 fear agus 224 oifigeach.

Líon na marbh ag an Somme

Briotanaigh (ar a n-áirítear Éireannaigh)GearmánaighFrancaigh

500,000 423,500

200,000

Tá McFadzean (McFadden) á chomóradh ar mhúrphictiúir sa lá atá inniu ann. Ar mhaidin an 1ú Iúil, bhí McFadden ag ullmhú le dul thar bharr an trinse amach nuair a thit bosca gránáidí láimhe isteach i dtrinse. Agus é ag súil le drochthoradh, léim sé ar an bhosca lena chlúdach agus thug sé a bheatha. Bronnadh a bhonn ar a athair ag searmanas i bPálás Buckingham an bhliain dár gcionn.

DUINE DE NA DAOINE A FUAIR CROS VICTORIA NÁ WILLIAM MCFADZEAN (MCFADDEN), A BHÍ 20 BLIAIN D’AOIS.

1.))) PLÉ Cad chuige a mbeadh fir toilteanach liostáil i ‘gcathlán comrádaithe’?

Page 5: CEACHT CUR SÍOS AR AN CHEACHT 4....48 MODÚL 5: CEACHT 4: EOCHAIRFHAISNÉIS MODÚL 5. CATH AN SOMME 4: RÓL NA nÉIREANNACH I gCATH AN SOMMEBhí fir ó Éirinn ag troid ina lán codanna

49www.nervecentre.org/teachingdividedhistories MODÚL 5: CEACHT 4: EOCHAIRFHAISNÉIS

MODÚL 5. CATH AN SOMME 4: RÓL NA nÉIREANNACH I gCATH AN SOMME

LÍON IOMLÁN NA MARBH ÉIREANNACH LE LINN AN CHOGAIDHSan iomlán, tá ainmneacha beagnach 50,000 duine a fuair bás le linn an Chéad Chogaidh Dhomhanda in ocht n-imleabhar de thaifid chogaidh Éireannacha. Orthu seo, luaigh 30,000 duine gurb í Éire tír a mbreithe, agus bhí 11,000 duine eile ann, idir fhir agus mhná, ó ar fud na Breataine a d’amharc orthu féin mar Éireannaigh nó d’oidhreacht Éireannach nó a throid le reisimint Éireannach. Níor taifeadadh áit bhreithe don chorradh le 7,000 duine eile. Sa léarscáil thíos, sonraítear na contaetha ar leith lenar bhain na 30,986 taismeach a luaigh gurbh í Éire a mbaile.

*Níor shonraigh 741 duine eile cén contae arbh as iad ach luaigh

siad Éire

Dún na nGall 700

Tír Eoghain 1,059

Doire 1,356 Aontroim

5,221

An Dún 2,048

Ard Mhacha 1,117

Fear Manach 498

Muineachán 343

An Cabhán 421

Liatroim 250

Sligeach 250

Maigh Eo 720

Gaillimh 754

An Clár 362

Ciarraí 437

Corcaigh 2,244

Luimneach 820

Tiobraid Árann 1,050

Port Láirge 634

Loch Garman 529

Cill Chainnigh 469

Laois 368

Uíbh Fhailí 435 Cill Dara

580Cill Mhantáin

444

Baile Átha Cliath 4,918

Ceatharlach 324

Lú 449

An Mhí 341An Iarmhí

416

Longfort 210

Ros Comáin 333

© IWM Q 4415

2.))) PLÉ Cad chuige a bhfuil sé tábhachtach le tamall anuas do phobail i dTuaisceart Éireann gníomhartha na bhfear a throid ag an Somme agus sa chogadh a cheiliúradh agus a chomóradh?

Page 6: CEACHT CUR SÍOS AR AN CHEACHT 4....48 MODÚL 5: CEACHT 4: EOCHAIRFHAISNÉIS MODÚL 5. CATH AN SOMME 4: RÓL NA nÉIREANNACH I gCATH AN SOMMEBhí fir ó Éirinn ag troid ina lán codanna

50 www.nervecentre.org/teachingdividedhistoriesMODÚL 5: CEACHT 4: EOCHAIRFHAISNÉIS

MODÚL 5. CATH AN SOMME 4: RÓL NA nÉIREANNACH I gCATH AN SOMME

DEARCTHAÍ

1. “ Chonaic mé Éireannaigh ón tuaisceart agus ón deisceart a rinne dearmad ar an easaontas sheanbhunaithe a bhí eatarthu agus a throid taobh le taobh, iad sásta a mbeatha a thabhairt ar mhaithe leis an chúis chéanna.”

An Marascal Ferdinand Foch, Ardcheannasaí Fhórsaí na gComhghuaillithe, Mí na Samhna 1928

3. “ An troid is ábhalmhóire, is buanfasaí, is gruama, is éadairbhí agus is fuiltí dár troideadh riamh i stair na cogaíochta.”

An Príomh-Aire David Lloyd George agus é ag machnamh ar Chath an Somme

2. “ Fuair baill den 16ú Rannán (Éireannach) bás ní mar a fhaigheann cladhairí bás, ach mar shaighdiúirí na saoirse, a n-aghaidh dírithe ar lámhach an chatha, agus iad ag creidiúint go raibh fuil a gcroí á doirteadh amach le saoirse an domhain a chosaint. Ar an drochuair, ní raibh síocháin ná saoirse i ndán d’Éirinn i ndiaidh an chogaidh, ach coimhlint agus cos ar bolg.”

Thug Joe Devlin, Feisire d’Iarthar Bhéal Feirste, aitheantas in 1919 do na saighdiúirí ón cheantar a maraíodh sa chogadh

Page 7: CEACHT CUR SÍOS AR AN CHEACHT 4....48 MODÚL 5: CEACHT 4: EOCHAIRFHAISNÉIS MODÚL 5. CATH AN SOMME 4: RÓL NA nÉIREANNACH I gCATH AN SOMMEBhí fir ó Éirinn ag troid ina lán codanna

51www.nervecentre.org/teachingdividedhistories MODÚL 5: CEACHT 4: EOCHAIRFHAISNÉIS

MODÚL 5. CATH AN SOMME 4: RÓL NA nÉIREANNACH I gCATH AN SOMME

2. Cad é an t-ainm a tugadh ar ghrúpaí fir a liostáil agus a throid le chéile?

CEISTEANNA

1. Cá mhéad fear, a bheag nó a mhór, a bhí ag troid ag Cath an Somme?

3. Cá mhéad ball den 36ú Rannán (Ulaidh) a maraíodh ar an chéad lá den chath?

4. Cén bonn a bronnadh ar naonúr ón 36ú Rannán (Ulaidh) as a gcuid crógachta?

?

?

GNÍOMHAÍOCHT BHREISE 1: Luaigh trí dhóigh dhifriúla a ndearnadh baill den 36ú Rannán (Ulaidh) a chúiteamh nó a chuimhneamh as a gcrógacht.

++

5. Cá mhéad saighdiúir agus oifigeach den 16ú Rannán (Éireannach) a maraíodh 1ú-10ú Meán Fómhair, 1916?

Líon na marbh a taifeadadh le linn an Chéad Chogaidh Dhomhanda

Ulaidh

An Mhumhain

Laighin

Connachta

GNÍOMHAÍOCHT BHREISE 2: Comhlánaigh an tábla seo a leanas bunaithe ar fhaisnéis sa léarscáil líon na marbh thuas.

TASC 1Cé go raibh a lán tíortha eile páirteach i gCath an Somme, agus ar an Fhronta Thiar, tá an taifead atá againn ar chion na nÉireannach sa chogadh thar a bheith sonraithe. Déan taighde ar ghníomhartha an 36ú Rannán (Ulaidh), an 10ú Rannán (Éireannach) agus an 16ú Rannán (Éireannach) sa chuid eile den chogadh. Cad iad na cathanna eile a raibh siad páirteach iontu? Cad iad na héachtaí eile a rinne na rannáin seo?Dear bileog/póstaer aon leathanaigh bunaithe ar do chuid torthaí. Úsáid íomhánna, léaráidí agus téacs le do chuid torthaí a thaifeadadh. Fiosraigh daoine clúiteacha ó ar fud na hÉireann fosta, lena n-áirítear iad siúd ar bronnadh boinn orthu nó a thug a rannán chun catha.

TASC 2Déan taighde ar chuntais finné súl den chath ó dhaoine a bhí páirteach i gCath an Somme ina gcuireann siad síos ar a dtaithí phearsanta ar dhul thar bharr an trinse amach agus ar na híomhánna a chonaic siad.Aimsigh trí chuntas phearsanta dhifriúla ó shaighdiúirí Éireannacha a léiríonn gnéithe éagsúla den tsaol sa chogadh.

Page 8: CEACHT CUR SÍOS AR AN CHEACHT 4....48 MODÚL 5: CEACHT 4: EOCHAIRFHAISNÉIS MODÚL 5. CATH AN SOMME 4: RÓL NA nÉIREANNACH I gCATH AN SOMMEBhí fir ó Éirinn ag troid ina lán codanna

52 www.nervecentre.org/teachingdividedhistoriesMODÚL 5: CEACHT 4: EOCHAIRFHAISNÉIS

MODÚL 5. CATH AN SOMME 4: RÓL NA nÉIREANNACH I gCATH AN SOMME

ÁISEANNA BREISE MOLTA1) https://www.youtube.com/watch?v=kpCUFw-EnNw - Físeáin ó

roimh an chath agus ina dhiaidh 2) http://www.rte.ie/archives/exhibitions/1011-ireland-and-the-

great-war/1017-aftermath/315391-ulster-veterans-leave-for-commemoration/ - Iarshaighdiúirí Ultacha ar a mbealach chuig an Somme i ndiaidh 60 bliain

3) http://www.bbc.co.uk/programmes/p01s9d4d - Scéal banna ó Dhoire a d’iompair druma go dtí an cath

4) http://www.bbc.co.uk/programmes/p022v09v - Saighdiúirí Éireannacha a throid sa chogadh a chuimhneamh

5) http://www.irishtimes.com/culture/heritage/sacrifice-of-irishmen-who-died-in-first-world-war-marked-by-president-1.1891612 - Cuimhníonn Éire ar fhir a fuair bás sa Chéad Chogadh Domhanda

6) http://www.lisburntoday.co.uk/news/local-news/lisburn-war-hero-remembered-1-6224200 - Laoch cogaidh de chuid Lios na gCearrbhach a chuimhneamh

7) http://www.belfasttelegraph.co.uk/news/local-national/northern-ireland/first-world-war-centenary-vc-hero-mcfadzeans-death-penny-brought-back-to-somme-30481311.html - Comóradh ar ról Billy McFadden ag an Somme

8) http://www.irishtimes.com/news/ireland/irish-news/band-of-brothers-one-family-s-story-of-the-first-world-war-1.1885281 - Scéal teaghlach Éireannach amháin a chuaigh chun cogaidh

Déanfaidh na daltaí taighde ar roinnt Éireannach a bhí páirteach i gCath an Somme agus i gcathanna eile sa Chéad Chogadh Domhanda.

Scríobhfaidh na daltaí an oiread faisnéise agus is féidir leo a aimsiú ar gach duine ar Tascleathán M5L4, go háirithe: an cath a raibh siad páirteach ann; na gradaim nó na boinn a fuair siad, má fuair siad ceann ar bith; an bhfuair siad bás le linn an chogaidh, agus má fuair, cá háit; cad é mar a chuimhnítear ar na fir inniu, má chuimhnítear; agus faisnéis eile a bhaineann lena gcarachtar.

TASC MALARTACH

Page 9: CEACHT CUR SÍOS AR AN CHEACHT 4....48 MODÚL 5: CEACHT 4: EOCHAIRFHAISNÉIS MODÚL 5. CATH AN SOMME 4: RÓL NA nÉIREANNACH I gCATH AN SOMMEBhí fir ó Éirinn ag troid ina lán codanna

www.nervecentre.org/teachingdividedhistories PRIONTÁIL

MODÚL 5. CATH AN SOMME 4: RÓL NA nÉIREANNACH I gCATH AN SOMME

Duine: Robert Quigg

Cur síos:

Duine: Tom Kettle

Cur síos:

Duine: Willie Redmond

Cur síos:

Duine: William McFadzean

Cur síos:

MODÚL 5: CEACHT 4: TASCLEATHÁN M5L4

Page 10: CEACHT CUR SÍOS AR AN CHEACHT 4....48 MODÚL 5: CEACHT 4: EOCHAIRFHAISNÉIS MODÚL 5. CATH AN SOMME 4: RÓL NA nÉIREANNACH I gCATH AN SOMMEBhí fir ó Éirinn ag troid ina lán codanna

54 www.nervecentre.org/teachingdividedhistoriesMODÚL 5: CEACHT 4: TASCANNA DIGITEACHA

MODÚL 5. CATH AN SOMME 4: RÓL NA nÉIREANNACH I gCATH AN SOMME

TASCANNA DIGITEACHA

CUR SÍOS AR AN TASCÚsáidfidh na daltaí bogearraí cruthaithe greannáin (m.sh. Comic Life) le greannán aon leathanaigh a chruthú a dhíreoidh ar eachtraí an Somme. Dírigh ar ghníomhartha an 36ú Rannán (Ulaidh) nó an 16ú Rannán (Éireannach) agus déan taighde ar íomhánna agus ar faisnéis ón idirlíon a úsáidfidh tú leis an scéal a insint sa ghreannán. (De rogha air sin, is féidir leis an mhúinteoir íomhánna agus faisnéis a fháil roimh an cheacht)

PLEANGheofar íomhánna agus faisnéis ón idirlíon agus dearfar iad ina scéalchlár.

• Cuirfidh an múinteoir téarmaí cuardaigh ar fáil do na daltaí agus gheobhaidh siad íomhánna agus téacs fóirsteanach ón idirlíon - iarr ar na daltaí machnamh a dhéanamh ar iontaofacht agus oibiachtúlacht na faisnéise a fhaigheann siad.

• Aimseoidh agus roghnóidh na daltaí íomhánna/téacs atá le húsáid agus sábhálfaidh siad iad go cuí i bhfillteán tiomnaithe ar a bhfuil comhadainm ciallmhar.

• Coinneoidh na daltaí cuntas ar na suíomhanna ar thug siad cuairt orthu i ndoiciméad a shábhálfaidh siad.

• Úsáidfidh na daltaí na híomhánna agus an fhaisnéis a fuair siad agus dearfaidh siad a ngreannán ar scéalchlár.

DÉANÚsáidfidh na daltaí íomhánna agus bolgáin chainte/boscaí fotheidil le cur síos ar ghníomhartha ceann amháin de na rannáin agus ar ar tharla. Úsáidfidh na daltaí 3 íomhá ar a laghad a fuair siad. B’fhéidir go dtabharfadh roinnt daltaí fáth a ndeachaigh eachtraí ceachtar den dá Rannán chun sochair do ghnéithe eile den chogadh. Déanfaidh na daltaí an píosa oibre a easpórtáil i bhformáid comhaid chuí (m.sh. JPEG) lena chríochnú.

• Spreag na daltaí le smaoineamh ar mhéid agus ar stíl an chló, méid agus bearradh na n-íomhánna, na dathanna a úsáidtear agus na huirlisí atá ar fáil dóibh sa phacáiste bogearraí.

• Cuir i gcuimhne do na daltaí a gcuid oibre a shábháil i bhfillteán tiomnaithe ar a bhfuil comhadainm ciallmhar.

SÚIL SIARTabhair deis do na daltaí obair a chéile a fheiceáil. Cuir an obair is fearr ar taispeáint ar an chlár bhán nó ligean do na daltaí siúl thart an seomra leis an deis sin a thabhairt dóibh.

Iarr ar na daltaí, i bhfianaise an aiseolais ó dhaltaí eile, a roghanna agus cinntí a chosaint, agus deacrachtaí ar bith le cruthú an chomhaid scannáin a lua. Is féidir é seo a dhéanamh i ndoiciméad a shábhálfaidh siad.

TASC CRUTHAITHE GREANNÁIN

Page 11: CEACHT CUR SÍOS AR AN CHEACHT 4....48 MODÚL 5: CEACHT 4: EOCHAIRFHAISNÉIS MODÚL 5. CATH AN SOMME 4: RÓL NA nÉIREANNACH I gCATH AN SOMMEBhí fir ó Éirinn ag troid ina lán codanna

55www.nervecentre.org/teachingdividedhistories MODÚL 5: CEACHT 4: TASCANNA DIGITEACHA

MODÚL 5. CATH AN SOMME 4: RÓL NA nÉIREANNACH I gCATH AN SOMME

AUDACITY

CUR SÍOS AR AN TASCBeidh daltaí ag obair i mbeirteanna le script a scríobh d’agallamh le duine ó Éirinn a fuair Cros Victoria, leithéidí Robert Quigg, a thabharfaidh léargas ar na tosca a bhí roimh na saighdiúirí. Déanfaidh siad taifeadadh agus eagarthóireacht ar an script. Sonrófar sa script an chineál cáis a raibh an buaiteoir páirteach ann agus an dóigh ar léirigh a chuid gníomhartha crógacht. Amharc ar thuairiscí nuachta, físeáin, cuntais ó fhinnéithe súl srl. leis an topaic a thaighde. Scríobhfaidh an bheirt script ansin bunaithe ar an fhaisnéis a ndearna siad taighde uirthi d’agallamh raidió idir tuairisceoir agus buaiteoir boinn. Mairfidh an taifeadadh 1 nóiméad ar a laghad.

PLEANGheofar faisnéis ón idirlíon agus úsáidfear í le script a scríobh.

• Cuirfidh an múinteoir téarmaí cuardaigh ar fáil do na daltaí agus aimseoidh siad íomhánna, físeáin agus ailt nuachta chuí ón idirlíon – iarr ar na daltaí smaoineamh ar iontaofacht agus ar oibiachtúlacht na faisnéise a gheobhaidh siad.

• Aimseoidh agus roghnóidh na daltaí faisnéis atá le húsáid agus sábhálfaidh siad í go cuí i bhfillteán tiomnaithe ar a bhfuil comhadainm ciallmhar (d’fhéadfaí gur íomhánna nó sleachta a bheadh ann, a bhí ina gcuidiú leo a scripteanna a scríobh).

• Coinneoidh na daltaí cuntas ar na suíomhanna ar thug siad cuairt orthu i ndoiciméad a shábhálfaidh siad.

DÉANÚsáidfidh na daltaí an fheidhm taifid ar na bogearraí eagarthóireacht fuaime (m.sh. Audacity) lena script a thaifeadadh agus uirlisí éagsúla eagarthóireachta lena dtaifeadadh a chur in eagar (m.sh. uirlis roghnúcháin, uirlis aistrithe ama, cóirigh, ciúnas, srl.). Nuair a bheidh an taifeadadh curtha in eagar, déanfaidh an bheirt an comhad fuaime a easpórtáil i bhformáid comhaid chuí (WAV / MP3).

• Spreag na daltaí le machnamh a dhéanamh ar mhothúcháin an chraoltóra atá i gceist agus ar bhailíocht na faisnéise sa chraoladh. Thig le daltaí maisíochtaí na mbogearraí a thriail ach caithfidh siad smaoineamh ar riachtanas agus oiriúnacht na maisíochtaí seo.

• Cuir i gcuimhne do na daltaí a gcuid oibre a shábháil i bhfillteán tiomnaithe ar a bhfuil comhadainm ciallmhar.

SÚIL SIARTabhair deis do na daltaí éisteacht le hobair a chéile. Seinn an obair is fearr nó lig do na daltaí siúl thart an seomra leis an deis sin a thabhairt dóibh.

Iarr ar na daltaí, i bhfianaise an aiseolais ó dhaltaí eile, a roghanna agus cinntí a chosaint, agus deacrachtaí ar bith le cruthú an chomhaid fuaime a lua. Is féidir é seo a dhéanamh i ndoiciméad a shábhálfaidh siad.

TASC EAGAR- THÓIREACHT FUAIME

TASCANNA DIGITEACHA

Page 12: CEACHT CUR SÍOS AR AN CHEACHT 4....48 MODÚL 5: CEACHT 4: EOCHAIRFHAISNÉIS MODÚL 5. CATH AN SOMME 4: RÓL NA nÉIREANNACH I gCATH AN SOMMEBhí fir ó Éirinn ag troid ina lán codanna

www.nervecentre.org/teachingdividedhistories