8

Clár · 2019. 6. 26. · Caibidil 12 Smaoiníonn Shmuel Ar Fhreagra Ar Cheist Bruno 52 Caibidil 13 An Buidéal Fíona 56 Caibidil 14 Insíonn Bruno Bréag, Rud Atá Measartha Intuigthe

  • Upload
    others

  • View
    0

  • Download
    0

Embed Size (px)

Citation preview

  • 1

    ClárRéamhrá 2Scileanna Traschuraclaim 3 Áiseanna Úsáideacha 5 Clúdach an Leabhair 6Caibidil ar Chaibidil 7

    Caibidil 1 Faigheann Bruno Rud Éigin Amach 8Caibidil 2 An Teach Nua 12Caibidil 3 An Duine Gan Dóchas 16Caibidil 4 An Méid A Chonaic Siad Amach Ar An Fhuinneog 20Caibidil 5 Thar Teorainn An tAm Ar Fad Gan Eisceacht Ar Bith 24Caibidil 6 An Cailín Aimsire A Shaothraigh Barraíocht 28Caibidil 7 An Dóigh Ar Chuir Máthair I gCéill Gur Di Féin A

    Bhí An Chreidiúint Ag Dul 32Caibidil 8 An Fáth A nDeachaigh Mamó Amach De Rúchladh 36Caibidil 9 Cuimhníonn Bruno Go dTaitníodh Taiscéaladh Leis 40Caibidil 10 An Ponc A nDearnadh Bricín De A nDearnadh

    Ball Datha De A nDearnadh Cruth De A nDearnadh Gasúr De 44

    Caibidil 11 An Fürher 48Caibidil 12 Smaoiníonn Shmuel Ar Fhreagra Ar Cheist Bruno 52Caibidil 13 An Buidéal Fíona 56Caibidil 14 Insíonn Bruno Bréag, Rud Atá Measartha Intuigthe 60Caibidil 15 Rud Éigin Nár Chóir Dó A Dhéanamh 64Caibidil 16 An Bearradh Gruaige 68Caibidil 17 Faigheann Máthair A Bealach Féin 72Caibidil 18 An Eachtra Dheireanach Á Cumadh 76Caibidil 19 An Rud A Tharla An Lá Dár gCionn 80Caibidil 20 An Chaibidil Dheireanach 84

    Gníomhaíochtaí Breise 87 Teideal na gCaibidlí 87 Na Príomhcharachtair 88 Téamaí 89Aguisín 1 – Léarscáil na hEorpa 90Aguisín 2 – Na Carachtair 91

    Leabhrán Oibre An Gasúr A Chaith Pitseámaí Stríocacha

  • Leab

    hrán

    Oib

    re A

    n Ga

    súr A

    Cha

    ith

    Pits

    eám

    aí S

    trío

    cach

    a

    2

    RéamhráBaineann An Gasúr A Chaith Pitseámaí Stríocacha le cairdeas a d’fhás idir beirt ghasúr i rith an dara Cogadh Domhanda. Cé go raibh éagsúlachtaí móra idir an dá phríomhcharachtar fuair siad amach go raibh siad cosúil lena chéile ar go leor dóigheanna chomh maith.

    D’aistrigh Bruno ón teach iontach a bhí ag a theaghlach i mBeirlín go dtí áit uaigneach faoin tuath i bhfad ón chathair, áit ar bhuail sé le cara nua darbh ainm Shmuel.

    Tá cuid mhór téamaí éagsúla sa leabhar: cairdeas, stair, cogadh, claontacht, ciníochas, neamhchiontacht, daonnacht agus foréigean.

    Is fearr taighde a dhéanamh roimh ré ar an stair a bhaineann leis an tréimhse seo: na Naitsithe, na Giúdaigh, na campaí báis agus na fáthanna ar tharla an tUileloscadh.

  • Intreoir

    3

    Scileanna TraschuraclaimTá gníomhaíochtaí éagsúla le déanamh bunaithe ar na Scileanna Traschuraclaim: Cumarsáid, Úsáid na Matamaitice agus Úsáid TFC. Tugtar deis foghlaim nasctha a chur chun cinn idir ranna éagsúla sa scoil le gníomhaíochtaí bunaithe ar réimse ábhar, mar shampla Stair, Ealaín agus Dearadh, Tíreolaíocht agus Drámaíocht.

    Úsáidtear siombailí leis an ghné ar leith den scil traschuraclaim a chur in iúl.

    Cumarsáid

    Éisteacht, Tuiscint agus Labhairt: – Rólghlacadh – Cur i Láthair / Óráid – Plé Grúpa

    Léitheoireacht: – Freagairt do théacsanna liteartha, meáin éagsúla san áireamh – Freagairt do théacsanna neamhliteartha, meáin éagsúla san áireamh – Taighde

    Scríbhneoireacht: – Pearsanta / Reacaireacht – Feidhmiúil / Idirbheartaíocht – Dioscúrsach / Áititheach

    Úsáid na Matamaitice

    Úsáid TFC

  • Leab

    hrán

    Oib

    re A

    n Ga

    súr A

    Cha

    ith

    Pits

    eám

    aí S

    trío

    cach

    a

    4

    Scileanna Smaointeoireachta agus Ábaltachtaí Pearsanta

    Tugtar deiseanna agus comhthéacsanna do na daltaí le go mbeidh siad ábalta a gcuid Scileanna Smaointeoireachta agus Ábaltachtaí Pearsanta a fhorbairt. • Eolas a Bhainistiú • Smaointeoireacht, Fadhbréiteach agus Cinnteoireacht • A Bheith Cruthaitheach • Ag Obair le Daoine Eile • Féinbhainistiú

    Na Réimsí Foghlama (Foghlaim Nasctha)

    • Na hEalaíona: Ealaín agus Dearadh, Ceol agus Drámaíocht • Timpeallacht agus Sochaí: Stair agus Tíreolaíocht • Eolaíocht agus Teicneolaíocht • Foghlaim don tSaol agus don Obair• Teagasc Reiligiúin

    Eochair-Eilimintí: Mórphictiúr an Churaclaim ag Eochairchéim 3

    • Tuiscint Phearsanta • Comhthuiscint • Sláinte Phearsanta • Meon Morálta • Feasacht Spioradálta

    • Saoránacht • Tuiscint Chultúrtha • Feasacht ar na Meáin Cumarsáide • Feasacht Eiticiúil

    • Infhostaitheacht • Feasacht Eacnamaíoch • Oideachas d’Fhorbairt Inbhuanaithe

  • Intreoir

    5

    Áiseanna Úsáideacha

    CumarsáidNa Seicliostaí Cumarsáide mar shampla an cárta ar ‘Nótaí a scríobh’.

    StairAn Dara Cogadh Domhanda: Stair d’Eochairchéim 3 TÉ: Staidéar i ndiaidh 1900, CCEA 2012

    Measúnú: Na Leibhéil de Dhul Chun CinnLeibhéil de Dhul Chun Cinn (Cumarsáid)

  • Leab

    hrán

    Oib

    re A

    n Ga

    súr A

    Cha

    ith

    Pits

    eám

    aí S

    trío

    cach

    a

    6

    Cúl an Leabhair Tá Bruno naoi mbliana d’aois agus níl faic ar eolas aige faoin Réiteach Deiridh nó faoin Uileloscadh. Tá sé dall ar na cruálachtaí uafásacha atá á ndéanamh ag a thír féin ar mhuintir na hEorpa. Níl ar eolas aige ach go bhfuiltear i ndiaidh é a bhogadh amach as teach compordach i mBeirlín go dtí teach i gceantar bánaithe, áit nach bhfuil rud ar bith le déanamh aige ná duine ar bith inti le bheith ag súgradh leis. Is é sin go dtí go mbuaileann sé le Shmuel, gasúr a bhfuil saol aisteach comhthreomhar á chaitheamh aige ar an taobh eile den sconsa sreinge tadhlach agus atá gléasta in éide pitseámaí stríocacha mar atá na daoine eile san áit sin.

    Mar gheall ar an chairdeas seo le Shmuel, tugtar Bruno amach as an neamhchiontacht agus foilsítear scéala dó. Agus an rud a bhfuil sé mar chuid de á fhiosrú aige, i ngan fhios dó féin, is cinntedearfa go ndéanfar é a ionsú isteach sa phróiseas thubaisteach ar fad.

    Léigh an píosa ar chúl an leabhair. Pléigí i mbeirteanna an méid atá ann.

    Amharc ar chlúdach an leabhair agus scríobh síos an chéad rud a ritheann leat faoi na pointí seo a leanas: • An teideal

    • An pictiúr

    • An t-aoisghrúpa lena mbaineann sé

    • An meallann sé an léitheoir? Cén dóigh?

    Clúdach an Leabhair

  • Intreoir

    7

    Caibidil ar ChaibidilTá gníomhaíochtaí anseo do gach caibidil sa leabhar. Níl sé i gceist go gclúdófar gach rud atá sa leabhrán seo. Is féidir na gníomhaíochtaí is fóirsteanaí a roghnú.

    Úsáidtear an múnla céanna i ngach caibidil. Tugtar liosta de na focail dheacra ag tús gach caibidle. Is féidir gníomhaíochtaí éagsúla a dhéanamh leis na focail sin. Tá cúpla sampla thíos: • ó chomhthéacs na habairte oibrigh amach an chiall atá leis na focail seo

    agus scríobh ar bhealach eile iad.

    • cuardaigh san fhoclóir iad: – Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta (www.tearma.ie) – foclóir.ie (www.focloir.ie) – foclóir beag ar líne (www.csis.ul.ie/focloir/)

    • cuir in abairt eile iad.

    Tugtar liosta de chuid de na frásaí a úsáidtear sa chaibidil. Déantar seole haird a dhíriú ar shaibhreas na teanga.

    Tá ceisteanna ann bunaithe ar fhianaise ón chaibidil, ceisteanna tátalacha nuair is gá léamh idir na línte agus ceisteanna smaointeoireachta a chuideoidh le Scileanna Smaointeoireachta agus Ábaltachtaí Pearsanta a fhorbairt. Tugtar deiseanna do na daltaí faisnéis, smaointe, barúlacha agus mothúcháin a chur in iúl.

    Tá gníomhaíochtaí éagsúla i ngach caibidil bunaithe ar réimse ábhar.