49
Comhoibriú um Fhorbairt, Éire tuarascáil bhliantúil 2003

Comhoibriú um Fhorbairt, Éire - Irish Aid...SPA Clár Speisialta um an Afraic SWAPs Cur Chuige Fairsing Earnála TEC Teicneolaíochtaí an Eolais agus na Cumarsáide UNAIDS Gníomhaireacht

  • Upload
    others

  • View
    2

  • Download
    0

Embed Size (px)

Citation preview

Page 1: Comhoibriú um Fhorbairt, Éire - Irish Aid...SPA Clár Speisialta um an Afraic SWAPs Cur Chuige Fairsing Earnála TEC Teicneolaíochtaí an Eolais agus na Cumarsáide UNAIDS Gníomhaireacht

Comhoibriúum Fhorbairt,Éire

tuarascáil bhliantúil 2003

Page 2: Comhoibriú um Fhorbairt, Éire - Irish Aid...SPA Clár Speisialta um an Afraic SWAPs Cur Chuige Fairsing Earnála TEC Teicneolaíochtaí an Eolais agus na Cumarsáide UNAIDS Gníomhaireacht

CLÁR NA n-ÁBHARGiorrúcháin Roghnaithe 3

Brollach 5

Athbhreithniú Piaraí an Choiste um Chúnamh Forbartha (DAC) 7

Dúshláin Nua 1 10

Spriocanna Forbartha na Mílaoise: Cé chomh fada agus atáimid? Le Jeffrey Sachs 10

Clár Déthaobhach 13

An Aetóip 15

Achoimre ar an gClár 15

Fócas ar an Tír: Ó fhreagairt éigeandála go forbairt fhad-théarmach 16

Leosóta 19

Achoimre ar an gClár 19

Fócas ar an Tír: Oideachas 20

Mósaimbíc 23

Achoimre ar an gClár 23

Fócas ar an Tír: Comhchuibhiú i ngníomh 27

An Tansáin 29

Achoimre ar an gClár 29

Fócas ar an Tír: An Dara Straitéis um Laghdú na Bochtaineachta de chuid na Tansáine 31

Uganda 33

Achoimre ar an gClár 33

Fócas ar an Tír: Oideachas 35

An tSaimbia 39

Achoimre ar an gClár 39

Fócas ar an Tír: Cúige an Tuaiscirt – cosa ar an talamh 41

An Tíomór Thoir 43

Achoimre ar an gClár 43

Fócas ar an Tír: An Coimisiún um fháiltiú, fhírinne agus athmhuintearas 46

Tíortha Eile 49

An Afraic Theas 50

An tSiombáib 53

Na Balcáin - Comhlathas na Stát Neamhspleách 55

Dúshláin Nua 2 56

An Chosaiv – Daoine Óga ag Cur Síos Orthu Féin 56

An Phalaistín 58

Dúshláin Nua 3 60

Comhchuibhiú agus a Rannchuidiú le hÉifeachtúlacht an Chúnaimh 60

www.dci.gov.ie leathnach 1

Page 3: Comhoibriú um Fhorbairt, Éire - Irish Aid...SPA Clár Speisialta um an Afraic SWAPs Cur Chuige Fairsing Earnála TEC Teicneolaíochtaí an Eolais agus na Cumarsáide UNAIDS Gníomhaireacht

tuarascáil bhliantúilleathnach 2

Éigeandáil agus Aisghabháil 63

Foiritint Éigeandala agus Cúnamh Aisghabhala 64

Comhpháirtíocht leis an tSochaí Shibhialta 69

Comhpháirtíocht leis an tSochaí Shibhialta 70

An Ghníomhaireacht um Sheirbhís Phearsanta Thar Lear (APSO) 74

Fócas Nua ar Chearta an Duine agus ar Fhorbairt 75

Dúshláin Nua 4 77

Míchumas agus Forbairt

Cúnamh Forbartha Iltaobhach 79

Na Náisiúin Aontaithe 80

EagraÍochtaí Thalamhaíochta agus Bhia na Náisiúin Aontaithe 82

An tAontas Eorpach 84

Comh-mhaoiniú le Gníomhaireachtaí Iltaobhacha 85

Dúshláin Nua 5 87

An Ghné Fhorbartha de Chainteanna Trádála na hEagraíochta Domhanda Trádála (WTO)

Measúnacht agus Iniúchadh 91

Oideachas Forbartha 93

Eolas agus Cumarsáidí 96

An Bord Comhairleach 97

Comhaltachtaí agus Oiliúint 99

Ionad ioliuna agus Acmhainní APSO - 2003 101

Dúshláin Nua 6 102

VEID/SEIF

Page 4: Comhoibriú um Fhorbairt, Éire - Irish Aid...SPA Clár Speisialta um an Afraic SWAPs Cur Chuige Fairsing Earnála TEC Teicneolaíochtaí an Eolais agus na Cumarsáide UNAIDS Gníomhaireacht

ABPs Cláir Cheantar-BhunaitheACBF Fondúireacht na hAfraice um Fhorbairt

Acmhainne ADEA An Cumann um Fhorbairt an Oideachais sanAfraic AE An tAontas EorpachAfDB Banc Forbartha na hAfraiceAMSCO An Comhlacht Afracach um Sheirbhísí

Bainistíochta APSO An Ghníomhaireacht um Sheirbhís

Phearsanta Thar LearCFÉ Comhoibriú um Fhorbairt, ÉireCGIAR Grúpa Comhairleach um Thaighde

Idirnáisiúnta Talmhaíochta CHAL Cumann Sláinte Críostaíochta LeosótaCIS Comhlathas na Stát NeamhspleáchDAC An Coiste Comhairleach ForbarthaFAO An Eagraíocht Bhia agus ThalmhaíochtHIPC Tíortha Bochta atá in Ard-FhiachaIAVI An Tionscnamh Idirnáisiúnta um Vacsaín

SEIFICOS An Chomhairle do Mhic Léinn idir náisiúnta

in ÉirinnICRC Coiste Idirnáisiúnta na Croise DeirgeIFAD An Ciste Idirnáisiúnta um Fhorbairt

ThalmhaíochtaIIEP An Institiúid Idirnáisiúnta um Phleanáil

Oideachais ILO Eagraíocht Idirnáisiúnta Saothair IMRS Seirbhís Acmhainne do Mhisinéirí na

hÉireannIMU Aontas Mhisinéirí na hÉireannMAPS Scéimeanna um Chlár IlbhliantúilMDGs Spriocanna Forbartha na MílaoiseNA Na Náisiúin Aontaithe

NGO Eagraíocht Neamh-RialtasachODA Cúnamh Forbartha Thar LearOECD An Eagraíocht um Chomhoibriú agus

Fhorbairt EacnamaíochOSCE An Eagraíocht um Shlándáil agus

Chomhoibriú san EoraipPFA Plean um an AfraicPRS Straitéis um Laghdú na BochtaineachtaPRSP Plean/Páipéar na Straitéise um Laghdú na

BochtaineachtaRC/RC An Chros Dhearg / An Corrán DeargSPA Clár Speisialta um an AfraicSWAPs Cur Chuige Fairsing EarnálaTEC Teicneolaíochtaí an Eolais agus na

CumarsáideUNAIDS Gníomhaireacht na Náisiún Aontaithe um

SEIFUNDP/HDI Clár Forbartha na Náisiún Aontaithe / An t-

Innéacs Forbartha DaonnaUNEP Clár Comhshaoil na Náisiún AontaitheUNESC Comhairle Eacnamaíoch agus Sóisialta na

Náisiún AontaitheUNHCR Ard-Choimisinéir na Náisiún Aontaithe do

Dhídeanaithe UNHCHR Ard-Choimisinéir na Náisiún Aontaithe um

Chearta an DuineUNICEF Ciste na Náisiún Aontaithe um Leanaí UNRWA Gníomhaireacht na Náisiún Aontaithe um

Fhóirithint agus OibreachaVEID/SEIF HIV/AIDSWB An Banc DomhandaWFP Clár Domhanda an BhiaWHO An Eagraíocht Dhomhanda SláinteWTO An Eagraíocht Dhomhanda Trádála

www.dci.gov.ie leathnach 3

GIORRÚCHÁIN ROGHNAITHE

Page 5: Comhoibriú um Fhorbairt, Éire - Irish Aid...SPA Clár Speisialta um an Afraic SWAPs Cur Chuige Fairsing Earnála TEC Teicneolaíochtaí an Eolais agus na Cumarsáide UNAIDS Gníomhaireacht

tuarascáil bhliantúilleathnach 4

Bóthar Mkata idir Kilosaagus Melele sa Tansáin. © Comhoibriúum Fhorbairt, Éire/Pieternella Pieterse

Page 6: Comhoibriú um Fhorbairt, Éire - Irish Aid...SPA Clár Speisialta um an Afraic SWAPs Cur Chuige Fairsing Earnála TEC Teicneolaíochtaí an Eolais agus na Cumarsáide UNAIDS Gníomhaireacht

www.dci.gov.ie leathnach 5

Thug an bhliain 2003 líon mhór-chasadh tábhachtach faoideara do chlár an Rialtais um chúnamh do thíortha atá imbéal forbartha, Comhoibriú um Fhorbairt, Éire.

Ar an gcéad dul síos, i mí na Samhna 2003, fuair ár gclárard-mholadh ó Choiste an OECD um Chúnamh Forbarthaas a chaighdeán ard agus as a éifeachtúlacht agus as afhócas géar ar laghdú na bochtaineachta. Dhearbhaigh anbreithiúnas fíor-dhearfach seo a cheadaigh ár bpiaraí gobhfuil Éire suite ar thús cadhnaíochta i measc nambronntóirí idirnáisiúnta um chabhair. Mar an tAire ag abhfuil an fhreagracht as clár Chomhoibriú um Fhorbairt,Éire, is cúis áthais dom an t-aontú cairdiúil seo dár n-obaira fháil ón eadránaí atá aitheanta go hidirnáisiúnta docháilíocht agus do chaighdeáin i gcúnamh forbartha. BhíAthbhreithniú Piaraí an Choiste um Chúnamh Forbartha(DAC) mar mholadh don Rialtas as an tiomantas athaispeánamar inár bhfreagairt do mhór-dhúshláinfhorbartha lenár linn agus as an gcaighdeán ard agus as antionchar a bhí ag ár n-iarrachtaí thar ceann na ndaoine isboichte ar domhan.

Ar an dara dul síos, thóg mé líon céim chun feasacht anphobail i gcoitinne ar ár gclár a mhéadú, a thosaigh lehathrú ainm agus le cruthú suímh ghréasáin thiomnaithe.

Ar an tríú dul síos, tharraing mé treoracha nua don chlár, áthógáil isteach i líon réimse a leathnóidh ár scileanna agusár saineolas agus a mhéadóidh an tionchar atá againn arlaghdú na bochtaineachta sa domhan atá i mbéalforbartha.

Ag cur leis an taithí a fuair mé roimhe seo mar Aire Stáitdo Thrádáil, chonaic mé deiseanna dár gclár chun leas abhaint as na mór-athruithe i ngeilleagar na hÉireann tharna tréimhse deich mbliana nó mar sin a chuaigh thart aguschun ceachta a fhoghlaim ón bpróiseas seo a chuideodhlinn dul chun cinn níos tapa a dhéanamh i dtreo árgcuspóirí forbartha.

Tá sochar mór bainte againn in Éirinn le blianta beagaanuas as fhorbairt na Teicneolaíochta Eolais agusCumarsáide (TEC). Tá cuideachtaí TEC, eachtrannach agusdúchasach araon, ina bhfostóirí tábhachtacha. Tá nateicneolaíochtaí ag cuidiú chun ár dtáirgeacht náisiúnta amhéadú agus chun ár n-iomaíochas a neartú. Tá siad suitefreisin ag lár mhór-iarracht chun seachadadh sheirbhísí anRialtais a thabhairt isteach sa ré nua-aoiseach.Le linn an iomaí cruinniú a bhí agam le hAirí ón ár gclár-

thíortha san Afraic fho-Shahára,luaitear de shíor rathúlacht nahÉireann maidir le leas a bhaint asTEC chun a forbairt fhéin a churchun cinn. Cé go bhfuil na hAiríseo buíoch as an gcabhairfhlaithiúil a thugann Éire dádtíortha, is éard atá a gcuid Rialtaisag iarraidh thar aon ní eile ná chungeilleagair rathúla a bheith acu lehearnálacha príobháideachabeomhara a bhféadfadh nahacmhainní a fhorbairt chun anbhochtaineacht a throid.

I gcaibidlíocht ar na saincheisteannaseo le hionadaithe ó earnáilphríobháideach na hÉireann,chuaigh an dea-thoil ata ag a lándaoine san earnáil phríobháideach, an réimse TEC sanáireamh, ina luí orm, chun a seirbhísí a ofráil go deonachagus chun a saineolas a úsáid chun sochair na dtíortha atá imbéal forbartha.

Le linn na bliana 2003 sheol mé trí thionscnamh idir-nasctha a d’oscail peirspictíochtaí nua do Chomhoibriú umFhorbairt, Éire, sna réimsí éagsúla seo.

Bhunaigh mé Tascfhórsa um TEC agus Fhorbairt chuncomhairle a chur orm maidir le straitéis dár gclár sa réimseseo. Áiríodh sa Tascfhórsa, faoi chathaoirleachtéifeachtach an t-Uas. Aidan Eames, ionadaithe ó nahearnálacha príobháideacha agus poiblí, eagraíochtaíneamh-rialtasacha, saineolaithe ar fhorbairt agus luchtléinn. Foilsíodh a thuarascáil agus an straitéis um TEC agusFhorbairt i mí na Nollag 2003. Díríonn an straitéis um TECagus Fhorbairt ar cheithre eochair-réimse: rochtain leathanagus chothrom ar na TECanna, beartas, straitéis agusrialachán um TEC, dea-rialachas agus úsáid éifeachtachagus éifeachtúil na TECanna i soláthar na seirbhíse poiblí.Cuireann sé san áireamh freisin úsáid fhéidearthashaorálaithe ó earnáil phríobháideach na hÉireann iseachadadh an chúnaimh.

Bhain an dara tionscnamh, atá bainteach, le cur chun cinnan shaorálachais. Ag tógáil an tionscnamh seo ar aghaidh(dá ngairtear "Saorálaí 21"), fuair mé spreagadh trí antiomantas gnaíúil ag na mílte saorálaí a chabhraigh lerathúlacht na gCluichí Speisialta Oilimpeacha, agus trí an

BROLLACH

Page 7: Comhoibriú um Fhorbairt, Éire - Irish Aid...SPA Clár Speisialta um an Afraic SWAPs Cur Chuige Fairsing Earnála TEC Teicneolaíochtaí an Eolais agus na Cumarsáide UNAIDS Gníomhaireacht

líon mór tairiscint dhíograiseach do thacaíocht óshaorálaithe fhéideartha san earnáil phríobháideach.

D’fhógair mé an tionscnamh "Saorálaí 21" ar an 5 Nollaig2003, Lá Idirnáisiúnta na Saorálaithe. Ba é an cuspóir a bhíleis ná ár bhfreagairt a nuachóiriú agus a nuashonrú ar anspéis leanúnach ag mórán Éireannach chun a n-am agus ascileanna a sholáthar ar bhonn deonach chun cuidiú lelaghdú na bochtaineachta agus na fulaingthe sa domhanatá i mbéal forbartha. Tugann sé ar aghaidh agusforbraíonn sé an obair shonraíoch a rinneadh thar breis istríocha bliain ag APSO, a comhtháthaíodh le Comhoibriúum Fhorbairt, Éire, ag deireadh na bliana 2003.

Ceapadh mo thríú thionscnamh chun Comhoibriú umFhorbairt, Éire, agus earnáil phríobháideach na hÉireann athabhairt níos cóngaraí dá chéile. Feicim a lán buntáistítrínár naisc a neartú le hearnáil phríobháideach nahÉireann atá ag éirí níos domhanda in aghaidh an lae agustrí scrúdú a dhéanamh ar conas gur féidir linn oibriú aslámha a chéile chun troid i gcoinne na bochtaineachtaagus na héagothroime domhanda. Tá Fóram don EarnáilPhríobháideach bunaithe agam dá bhrí sin, faoichathaoirleacht an Uas. Liam Fitzgerald, a thugann lechéile Comhoibriú um Fhorbairt, Éire, cuideachtaíleasmhara san earnáil phríobháideach agus FiontraíochtÉireann. Feicim an Fóram mar fheithicil don chaibidlíochtagus don chomhpháirtíocht le hearnáil phríobháideach nahÉireann a chabhróidh, inter alia, le hacmhainn nahearnála príobháidí dúchasaí a fhorbairt inár gclár-thíorthaagus a rannchuideoidh dá réir sin, lena bhforbairt.Díreoidh an Fóram ar an gcéad dul síos ar an earnáil TECagus ar thalmhaíocht agus táirgeadh bia.

Tógtha le chéile, creidim go bhfuil clár Chomhoibriú umFhorbairt, Éire, seolta i dtreoracha nua corraitheacha ag andtrí thionscnamh seo – TECanna agus Forbairt, "Saorálaí21" agus an Fóram don Earnáil Phríobháideach. Tá siaddírithe ar ár gclár a nuachóiriú, ar fhreagairt a thabhairt arna héilimh atáimid ag fáil ónár gcomhpháirtithe sna clár-thíortha agus ar an gciste mór de shaineolas atá againn inÉirinn anois san ard-theicneolaíocht. Soláthraíonn siadbunsraith chun na naisc idir Comhoibriú um Fhorbairt,Éire, agus geilleagar domhanda nua-aimseartha nahÉireann a neartú. Agus cinntíonn siad go ndéanfaidh Éirerannchuidiú níos éifeachtaí fós leis an obair fhíor-dhúshlánach chun na coinníollacha ina maireann nadaoine is boichte ar domhan a fheabhsú.

Tom Kitt T.D.Aire Stáit do Chomhoibriú agus do Chearta Daonna

tuarascáil bhliantúilleathnach 6

Page 8: Comhoibriú um Fhorbairt, Éire - Irish Aid...SPA Clár Speisialta um an Afraic SWAPs Cur Chuige Fairsing Earnála TEC Teicneolaíochtaí an Eolais agus na Cumarsáide UNAIDS Gníomhaireacht

Don dara uair i dtréimhse ceithre bliana shaothraigh Éirean moladh a fuair sí óna comhghleacaithe bronntóra anbhliain seo caite do chaighdeán agus do ghairmiúlacht aclár forbartha oifigiúil.

In athbhreithniú sa bhliain 1999, chinn an CoisteComhairleach Forbartha de chuid an OECD (an DAC) goraibh clár na hÉireann de réir na gcleachtas ab fhearr, goraibh laghdú na bochtaineachta ag a lár, go raibh béimláidir ar shláinte agus ar oideachas, go raibh inscne ápríomhshruthú thar iomlán an chláir agus go raibh curchun cinn an dea-rialachais comhtháite i ngach clár tíre.

Ceithre bliana níos déanaí i 2003 rinne an DAC tagairt dothraidisiún fhada dhlúthpháirtíochta na hÉireann leis naboicht agus leis na díshealbhaithe ag a raibh tionchar armhúnla chlár na hÉireann. Don dara uair thug an DAC lefios go dtabhaíonn an clár clú ar féin trí an bhfócas géar arlaghdú na bochtaineachta agus trí fhócas ar fud an chláirdo Spriocanna Forbartha na Mílaoise.

Thug sé faoi deara go n-imdháileann Éire leath dácionroinnt iomlán don chlár go dtí na tíortha is lúforbartha, an cionmhaireacht is airde as iomlán ball anDAC. Lean sé ag rá go raibh fócas tosaíochta chlár nahÉireann ar shláinte agus ar oideachas comhlánaithe anoistrí thiomantas láidir chun dul i ngleic leis an bpaindéimVEID/SEIF. Dúirt sé freisin go bhfanann an cúnamh do‘éigeandálaí dearmadta’ ina thosaíocht agus gur thug anDAC faoi deara go raibh buíochas mór ag dul do Éirinnmar chomhpháirtí comhoibritheach sa Tansáin.

Luaigh an DAC tiomantas na hÉireann do fhorbairt agusdúirt sé go raibh sé tábhachtach feasacht agus úinéireachtan phobail ar fhís, ar éachtaí agus ar dhúshláin an chláir afhorbairt.

Maidir leis an saincheist um chionroinnt agus sprioc naNA, thug an t-Athbhreithniú an fhás ollmhór i gcistiú leblianta beaga anuas faoi deara, d’admhaigh sé an dúshlándiongbháilte atá ann chun sprioc na NA a bhaint amach

www.dci.gov.ie leathnach 7

ATHBHREITHNIÚ PIARAÍ ANCHOISTE CHOMHAIRLIGHFORBARTHA (DAC) ARÉIRINN 2003.

An Próiseas Athbhreithnithe Piaraí

Tá ionadaithe ó dhá thír bhronntóra is fiche ar Choistean OECD Comhairleach Forbartha (an DAC) agusdéanann sé athbhreithnithe thréimhsiúla ar chláirfhorbartha na mballstát faoi leith, agus athbhreithniú argach ball chuile cheithre bliana.

Cuireann ionadaithe ó dhá bhall den DAC an t-athbhreithniú i gcrích le cabhair ó fheidhmeannaighrúnaíochta an DAC.

Tá líon céim san athbhreithniú. Soláthraíonn an tír lenambaineann meamram cuimsitheach a thugannmionchuntas ar an gclár. Tugann foireann anAthbhreithnithe cuairt allamuigh ar chlár. Níos déanaítugtar cuairt ar an bpríomhchathair agus cuirtear gachpáirtí leasmhar faoi agallamh.

Ullmhaíonn foireann an Athbhreithnithe dréacht-thuarascáil agus dá éis eagraítear cruinniú den DACiomlán ag a gceistíonn baill an DAC ionadaithesinsearacha an chláir atá faoi athbhreithniú. Eisítear antuarascáil dheiridh go luath dá éis sin.

I gcás na hÉireann, bhí an Bheilg agus an Eilvéis inaléirmheastóirí, agus ba nuálaíocht sa chuairt allamuigh(chuig an Tansáin) í an chomh-mheasúnacht ar chláir ócheithre thír bhronntóra, an Danmhairg, an Fhionlainn,an tSeapáin agus Éire.

Foilsíodh an Tuarascáil Athbhreithnithe i mí na Nollag2003.

Page 9: Comhoibriú um Fhorbairt, Éire - Irish Aid...SPA Clár Speisialta um an Afraic SWAPs Cur Chuige Fairsing Earnála TEC Teicneolaíochtaí an Eolais agus na Cumarsáide UNAIDS Gníomhaireacht

tuarascáil bhliantúilleathnach 8

Tá Scoil Dugda ar cheann de

bhreis is dosaen bunscoil a

thóg Self Help Development

International le tacaíocht ó

Chomhoibriú um Fhorbairt,

Éire,san Aetóip thar na

tréimhse deich mbliana a

chuaigh thart. Le

caoinchead

Page 10: Comhoibriú um Fhorbairt, Éire - Irish Aid...SPA Clár Speisialta um an Afraic SWAPs Cur Chuige Fairsing Earnála TEC Teicneolaíochtaí an Eolais agus na Cumarsáide UNAIDS Gníomhaireacht

faoi 2007 agus mhaígh sé gur chóir an clár tús a chur leisan bpleanáil do conas a ndéanfaí an cionroinnt de €1billiún a chruthódh sprioc na NA a bhainistiú. Mhol sé gurchóir go mbeadh ardú mór ar mhéid an chistiúcháin sabhliain 2005 a bheadh ríthábhachtach chun roinntfhuinnimh i dtreo sprioc na NA a aththógáil. Thug an DACfaoi deara le haiféala freisin an dul as feidhm dethiomantas trí bliana ar chionroinnt don Chlár Éireannacha bhí i bhfeidhm le linn an athbhreithnithe Piaraí deireanaíagus mhol sé a aischur.

Maidir le fócas an chláir, mhol an DAC gur chóir do Éirinna hidirphlé leis na seacht ‘Clár-Thír’ reatha a leathnú agusa dhaingniú agus leanúint lena cur chuige faichilleachmaidir lena réimse gheografach a shíneadh.

Sa chaoi chéanna, maidir lena comhpháirtíocht legníomhaireachtaí na NA, mhaígh an DAC di leanúint lehidirphlé straitéiseach agus chéimnithe le líon áirithegníomhaireacht. I ndáil le VEID/SEIF, mhol an t-Athbhreithniú uas-scálú den idirphlé reatha agusmeasúnacht ar thionchar na n-iarrachtaí go dtí seo.

Thug an DAC faoi deara go dtiomnaíonn Éire, igcomparáid le tíortha bronntóra eile, roinn mheasarthamhór dá Cúnamh Oifigiúil Forbartha (ODA) doeagraíochtaí neamh-rialtasacha. Mhaígh sé gur chóir goleanfaí leis an gcur chuige straitéiseach reatha leheagraíochtaí neamh-rialtasacha le fócas níos láidre ar

phríomhshruthú na saincheisteanna trasghearrtha (inscne,rialachas, VEID/SEIF agus an comhshaol), agus ariniúchadh, monatóireacht agus measúnacht níoscéimnithe trí chomheagraíochtaí neamh-rialtasacha.

Thug an DAC an cur chuige níos straitéisí atá ag clár nahÉireann faoi deara maidir lena hidirphlé le héigeandálaíagus le haisghabháil iar-éigeandála a bhainistiú. Mhol séleanúint ar aghaidh leis seo agus mhaígh sé ina theanntasin treoirlínte níos soiléire a fhorbairt, lena n-áirítearstraitéis fhágála do idirphlé dhaonchairdiúla nó, nuair iscuí, do thacaíocht leanúnach a bheadh comhtháite istraitéisí forbartha iar-choimhlinte níos fad-théarmaí.

Ba cúis imní don DAC é an leanúnachas idir an beartasforbartha agus gnéithe eile den bheartas eachtrannach(bhí an talmhaíocht mar fhócas faoi leith dá bhfiosrúcháin)agus d’fháiltigh sé roimh bhunú aonaid um leanúnachaslaistigh den chlár chun iarrachtaí a chomhordú chun dul igceann na ceiste.

Ar deireadh, thug an DAC faoi deara go ndearnadh roinntdul chun cinn idir an dá Athbhreithniú Piaraí i 1999 agus i2003 maidir le cumas bainistíochta an chláir Éireannaigh.Dúirt sé, áfach, nárbh fholáir d’Éirinn a foireann, asaineolas speisialtóireachta agus a scileanna bainistíochtaforbartha a mhéadú chun an lámh in uachtar a choimeádar chlár atá ag fás de réir a chéile.

www.dci.gov.ie leathnach 9

Page 11: Comhoibriú um Fhorbairt, Éire - Irish Aid...SPA Clár Speisialta um an Afraic SWAPs Cur Chuige Fairsing Earnála TEC Teicneolaíochtaí an Eolais agus na Cumarsáide UNAIDS Gníomhaireacht

An tOllamh Jeffrey D. SachsStiúrthóir, Tionscadal na MílaoiseComhairleoir Speisialta don Ard-Rúnaí na N.A.ar Spriocanna Forbartha na Mílaoise

Ag Tionól na Mílaoise i mí Mheán Fómhair 2000, chuirceannairí domhanda a n-ainmneacha le socrú domhandachun an dúbhochtaineacht a laghdú i bhForógra na Mílaoise.Arna iarraidh ag Spriocanna Forbartha na Mílaoise (MDGs),a baineadh as Forógra na Mílaoise, tá laghdú cinntitheach aran dúbhochtaineacht thar a heochair-ghnéithe – ioncam,ocras, galar, truailliú an chomhshaoil, agus easpa rochtana arbhunsheirbhísí agus ar bhonneagar bunúsach. Ta sétábhachtach go sonraíonn na MDGs amchlár soiléir um dhulchun cinn, leis an mbliain 2015 mar an príomh-spriocdhátachun go mbeadh an ráta bochtaineachta gearrtha ina leith.Sonraítear iontu freisin go bhfuil na tíortha saibhre agusbochta tiomanta oibriú as lámha a chéile chun na spriocannaseo a bhaint amach.

Táimid ag dul isteach anois sa tréimhse deich mblianadeireanach den tiomantas sin, gan ach deich mbliana gairidfágtha go dtí 2015. In ainneoin an mhéid atá i ngeall –spriocanna idirnáisiúnta á mbaint amach go sollúnta indomhan atá ar mire chun dul chun cinn a dhéanamh igcoinne sciúirsí ársa agus nua-aimseartha – nílimid i ngar ná igcóngar do Spriocanna Forbartha na Mílaoise a chur i gcríchin a lán páirteanna den domhan. Ar fud an chuid is mó denAfraic fho-Shahára, ní éireoidh le tíortha cuid nó ceachtar dena spriocanna a bhaint amach má leantar leis na rianta atáann i láthair na huaire. I réigiúin eile – go háirithe san ÁiseLáir, sna hAindéas, i gcuid de Imchuach an Mhuir Chairib,agus i gcuid de Dheisceart agus de Oirthear na hÁise – tácónaí ar na mílte duine fíor-bhocht nach ndeachaigh angealltanas um laghdú na bochtaineachta i bhfeidhm ar a saoilgo bunúsach fós.

Ní shin le rá nach bhfuil mórán bainte amach ar fud andomhain áfach. Tá dul chun cinn suntasach eacnamaíochagus sóisialta imithe i bhfeidhm ar a lán réigiúin, go mórmhór cuid de Oirthear agus de Dheisceart na hÁise, a bhí

greamaithe roimhe sin i ndúbhochtaineacht fhorleathan.Tugann an dul chun cinn seo, dar ndóigh, dóchas gur féidirna spriocanna a bhaint amach i ngach tír den domhan. Ní hégur dúshlán iad na MDGs, áfach, chun dul chun cinn abhaint amach i réigiúin áirithe agus i gceantair faoi leith. Isbeag an sólás é an argóint do dhílleachtaí SEIF na hAfraicego bhfuil an cupán forbartha "leath-lán" de bharr an dul chuncinn tapa atá déanta sa tSín. Tá tiomanta ag an domhancuidiú le náisiúin i ngach réigiún chun deireadh a chur leis andúbhochtaineacht. Ach fós tá na céadta mílte duine, snaceantair is boichte ar domhan, á bhfágáil ar gcúl.

Tugann Tionscadal na Mílaoise, dá bhfuil an onóir agam é astiúradh thar ceann an Ard-Rúnaí, fáthmheas bunúsachamháin ar an staid, agus ofrálann sé moladh lárnach amháindó. Is é ár bhfáthmheas bunúsach ná nach bhfuil na próisisdhomhanda ina n-imoibríonn tíortha saibhre agus bochta andomhain chun dul i gceann na bochtaineachta fós inacmhainn chun na MDGs a bhaint amach. Níl na MDGs fósina gcuspóirí feidhme do laghdú na bochtaineachta. Níl aninfheistíocht phoiblí, an t-athchóiriú beartais, ná na próisisbhailiúcháin ná monatóireachta sonraí sách dána fós chun naspriocanna a chur i gcrích. Ag an leibhéal idirnáisiúnta, nílcleachtais na ngníomhaireachtaí bronntóra, na n-institiúidíiltaobhacha, na gclár um chúnamh forbartha, na mbeartastrádála, ná idirphlé na hearnála príobháidí, dírithe fós ar naMDGs a bhaint amach. I ngach ceann de na próisis agus dena gníomhaíochtaí idircheanglaithe seo, déantar tagairt dona MDGs mar sprioc normatach, ach ní mar bhunsraith fósdo cheapadh beartais praiticiúil.

Is é ár moladh ná na spriocanna a lonnú ag lár gach straitéisnáisiúnta agus idirnáisiúnta um laghdú na bochtaineachta. Táorainn gluaiseacht ó fhocail go gníomh. Má dhéantar seo,d’fhéadfaí na MDGs a bhaint amach fós i ngach uile tír. Isleor dúinn deich mbliana, ach fós ar éigean gur leor iad,chun go nascfadh na heochair-pháirtithe leasmhara saphróiseas seo le chéile – na rialtais i dtíortha íseal-ioncaim, agcomhpháirtithe forbartha, na hinstitiúidí idirnáisiúnta, anearnáil phríobháideach, an tsochaí shibhialta agus cumainneolaíochta agus teicneolaíochta an domhain – i slí

tuarascáil bhliantúilleathnach 10

DÚSHLÁIN NUA 1SPRIOCANNA FORBARTHA NA MÍLAOISE – CÉ CHOMHFADA AGUS ATÁIMID?

Page 12: Comhoibriú um Fhorbairt, Éire - Irish Aid...SPA Clár Speisialta um an Afraic SWAPs Cur Chuige Fairsing Earnála TEC Teicneolaíochtaí an Eolais agus na Cumarsáide UNAIDS Gníomhaireacht

fheidhmiúil chun na spriocanna a bhaint amach. Tá roinntcéimeanna ann gur féidir le bronntóirí a thógáil chun cabhrúleis an dul chun cinn i dtreo na MDGs a spreagadh.

I dtosach báire, tá sé riachtanach go mbreathnódh na tíorthagur bronntóirí iad ar na spriocanna mar mhionchuspóirí tharléaslíne 10 mbliana. Ba chóir go mbeadh na MDGs lonnaitheag lár gach straitéis náisiúnta agus idirnáisiúnta um laghdú nabochtaineachta agus ag lár gach straitéis um chúnamhdéthaobhach. Is í an dara céim ná go gcaithfidh tíortha gurbronntóirí iad tacaíocht a thabhairt do chur chuigeriachtanas-bhunaithe i dtreo na spriocanna. Go dtí seo, níraibh Straitéisí na dtíortha atá i mbéal forbartha um Laghdúna Bochtaineachta (PRSs) sprioc-dhírithe ná riachtanas-bhunaithe; thosaíodar le leibhéal áirithe de mhaoiniúseachtrach ó na bronntóirí, agus rinneadar a seacht ndícheallleis an leibhéal acmhainne sin. In ionad seo, ionas gombainfear na MDGs amach, ba chóir go nglacfadh gach tírar domhan atá fós ag fulaingt ón dúbhochtaineacht StraitéisPRS a oibríonn droim ar ais ó chuspóirí na bliana 2015 chunan t-ord infheistíochta agus na hathruithe beartais a aithint abheadh riachtanach chun na spriocanna a bhaint amach.Cruthóidh sé seo de ghnáth Straitéisí PRS atá i bhfad níosdána ná iad siúd atá á dtáirgeadh i láthair na huaire, agusbeidh leibhéil níos airde de thacaíocht bhronntóra ag teastáildóibh.

Tá Tionscadail na Mílaoise ag obair le sraith tír atá i mbéalforbartha (lena n-áirítear an Chambóid, an PhoblachtDhoiminiceach, an Aetóip, Gána, an tSeineagáil, anTáidsíceastáin, an Tansáin, Uganda agus Éimin) chun tacúleo maidir le Straitéisí PRS a cheapadh atá bunaithe ar naMDGs. Tá gach uile tír díobh seo tiomanta do na MDGs, tá an-aireachtaí Rialtais, a sochaithe sibhialta, agus páirtitheleasmhara eile cumasaithe acu chun oibriú le chéile gotrédhearcach agus go fuinniúil i dtreo phleanannariachtanas-bhunaithe dáiríre a scríobh. Caithfidh na tíortha arbronntóirí iad tacaíocht a thabhairt don chur chuigeriachtanas-bhunaithe seo i ngach tír atá i mbéal forbartha,cibé go nochtfadh an toradh deiridh bearna airgeadais idirsin atá ag teastáil ó na tíortha i mbéal forbartha chun naMDGs a chur i gcrích agus sin a bhfuil in acmhainn acu acheannach go hinmheánach.

An tríú céim ná go gcaithfidh na bronntóirí tús a chur lecomhlíonadh a dtiomantais chun leibhéil leordhóthanachade mhaoiniú (i.e. méadú suntasach) a thabhairt. Tá a lán dena tíortha íseal-ioncaim nach bhfuil fós ag an gcéimbheartaithe chun na MDGs a chomhlíonadh i bhfostú i

ngaiste na bochtaineachta, trína bhfuil easpa sláinte,oideachais agus bonneagair fhisicigh réamhriachtanaigh annchun fás eacnamaíoch a bhaint amach. Cé go bhfuil droch-rialachas ina shaincheist in a lán tíortha, tá a lán tíortha dea-rialaithe ann atá ró-mhall lena bhfás agus lena ndul chuncinn eacnamaíoch i dtreo na spriocanna. Is í an dháiríreachtná go bhfuil a lán de na tíortha seo ró-bhocht chun íoc as aninfheistíocht atá riachtanach chun fás eacnamaíochinbhuanaithe a bhaint amach agus chun na spriocanna achomhlíonadh, agus gurb é seo an fáth go bhfuil an ról aghlacann an maoiniú ó bhronntóirí chomh tábhachtach sin.

Tá tiomantais idirnáisiúnta sínithe arís agus arís eile ag natíortha bronntóra chun an cúnamh forbartha thar lear (ODA)a mhéadú. I gComhaontú Monterrey na bliana 2002, gheallsiad go sonrach "iarrachtaí coincréiteacha a dhéanamh idtreo an chuspóra de 0.7 faoin gcéad den olltáirgeachtnáisiúnta [i gcúnamh oifigiúil forbartha]" – agus mar mhalairtar sin thug na tíortha atá i mbéal forbartha tiomantas dodhea-rialachas agus do dhea-úsáid acmhainní. Cúpla mí dáéis sin, ag an gCruinniú Mullaigh um Fhorbairt Inbhuanaithei Johannesburg, d’athdhearbhaigh ballstáit na NáisiúnAontaithe a dtiomantas do laghdú na bochtaineachta agusdo chosaint an chomhshaoil, arís ag leagan na MDGs ag láran bheartais forbartha idirnáisiúnta. Níl na leibhéil dechistiúchán ag leibhéal sách dána áfach, chun céim araghaidh a dhéanamh. Níl ach cúig thír go dtí seo a bhain antiomantas sin de 0.7% amach. Tabharfaidh Éireteachtaireacht shoiléir agus chinntitheach don domhan deréir mar a ghluaiseann sí i dtreo an chuspóra sin óna leibhéalreatha de 0.40%, agus ag sroicheadh 0.7% sa bhliain 2007mar a gheall sí.

Ar dheireadh thiar thall, feabhsóidh na bronntóiríéifeachtúlacht a n-iarrachtaí cabhracha go mór trí iontaoibh abheith acu i meicníochtaí do sheachadadh cabhrach a bhfuila dea-obair cruthaithe cheana. Ba chóir go mbeadh anCumann Forbartha Idirnáisiúnta (IDA) de chuid an BhaincDhomhanda ina phointe comhtheagmhála chun ansreabhadh cabhrach a mhéadú. Ba chóir don chéad bhabhtaeile de shreabhadh an IDA (dá ngairtear athsholáthar IDA-14) ach go háirithe, eisíocaíochtaí an IDA a fhilleadh faoi thríó thuairim is $8 billiún in aghaidh na bliana inniu, in iasachtaíden chuid is mó, chuig timpeall $25 billiún in aghaidh nabliana, i ndeontais den chuid is mó, le linn na mbliantafioscacha 2006-8.

Soláthraíonn an IDA foirm fhíor-rathúil de chúnamhforbartha agus is féidir feabhas a dhéanamh ar sin fós.

www.dci.gov.ie leathnach 11

Page 13: Comhoibriú um Fhorbairt, Éire - Irish Aid...SPA Clár Speisialta um an Afraic SWAPs Cur Chuige Fairsing Earnála TEC Teicneolaíochtaí an Eolais agus na Cumarsáide UNAIDS Gníomhaireacht

Déanann sé cúig rud tábhachtach. I dtús báire,soláthraíonn sé an sreabhadh aonair is mó ar domhan dechúnamh forbartha ar íseal-chostas do thíortha bochta, cénár leor é agus cé nár ag costas atá íseal go leor é. Tugannan IDA tiomantais i láthair na huaire do thimpeall $8 billiúnin aghaidh na bliana, as a bhfuil 80% i bhfoirm iasachtaífad-théarmacha le ráta úis íseal agus an fuíoll i bhfoirmdheontais thar barr amach. Sa dara cás, treoraíonn sé aeisíocaíochtaí i dtreo na gcuspóirí arna n-aithint ag natíortha gur glacadóirí iad. Sa tríú cás, déanann an IDAacmhainní na mbronntóirí a chomhchuibhiú. De ghnáth,céasann na 22 bronntóir as na tíortha saibhre rialtais nanglacadóirí trí sheasamh ar thionscadail chabhracha faoileith a ligean do gach bronntóir a "bhratach a chur artaispeáint". I gcás an IDA, áfach, aontaíonn rialtais nambronntóirí, go heagnaí, a n-acmhainní a gcomhroinnt igciseán amháin ionas gur féidir leis tacú le straitéisshainiúil na tíre gur glacadóir í. Sa cheathrú cás, geallannan IDA a acmhainní thar léaslíne ama de thrí-blianaseachas timthriall buiséid bliana mar is gnách ó bhronntóirde chabhair dhéthaobhach. Sa chúigiú cás, díríonn sé ar achionroinnt a bhunú ar dhea-fheidhmíocht, ag úsáidtáscairí do rialachas agus do bhainistiú eacnamaíoch.

Am do Chéim Ar AghaidhLe linn na bliana seo caite, bhí an clár idirnáisiúnta dírithego mór ar shaincheisteanna na slándála, nasceimhlitheoireachta agus an chogaidh. Tá na StáitAontaithe, mar shampla, ag caitheamh tuairim is 30 uairníos mó ar chúrsaí míleata ná ar chúnamh forbartha,timpeall $450 billiún in aghaidh na bliana i gcomparáid le$15 billiún. Tá seo in ainneoin na fírinne glan gombraitheann cobhsaíocht dhomhanda go mór ar na boichtis boichte a tharraingt aníos as na coinníollacha fodhaonnatrí uisce óil shábháilte, rochtain ar shláintíocht, cothúleordhóthanach, oideachas agus cúram sláinte a sholáthardóibh. Chinnteodh na céimeanna seo go ndéanfaí i bhfadníos mó i dtreo dhul i ngleic leis an neamhsheasmhachtmórthimpeall an domhain seachas cur chuige míleata,agus ar chostas i bhfad níos ísle leis. Is amhlaidh atá godtugann réamhmheastacháin Thionscadail na Mílaoise lefios go bhféadfaí na MDGs a bhaint amach i dtíortha dea-rialaithe an domhain ar thimpeall $50-75 billiún dechúnamh ODA breise gach bliain (a fhágfadh na tíorthagur bronntóirí iad fós faoi bhun a dtiomantas de 0.7% denOTI).

Ba ócáid ar leith a bhí i gCruinniú Mullaigh na Mílaoise dechomhdhearcadh domhanda ar chlár forbartha nua. Iséard atá ag teastáil anois ná céim ar aghaidh dhomhandade ghníomhú. Soláthraíonn an bhliain seo chugainn andeis don chéim ar aghaidh sin, go háirithe an cruinniúmullaigh ard-leibhéil um dhul chun cinn ó Fhorógra naMílaoise a thionólfar sna Náisiúin Aontaithe i bhFómhar nabliana 2005. Ag an ócáid seo, beidh ar an domhan "pleangnó" a shíniú chun na MDGs a bhaint amach sa tréimhsedeich mbliana atá fágtha. Tá orainn gluaiseacht ó fhocailgo gníomh. Má dhéantar seo, d’fhéadfaí na spriocanna abhaint amach fós i ngach uile tír. Is leor dúinn deichmbliana, ach fós ar éigean gur leor iad, chun rathúlacht achur i gcrích, ag glacadh leis go nascfadh na heochair-pháirtithe leasmhara atá sa phróiseas seo le chéile – narialtais i dtíortha íseal-ioncaim, a gcomhpháirtitheforbartha, na hinstitiúidí idirnáisiúnta, an earnáilphríobháideach, an tsochaí shibhialta agus cumainneolaíochta agus teicneolaíochta an domhain – i slífheidhmiúil chun na spriocanna a bhaint amach. Is féidirleis na bronntóirí seasamh lena dtaobh den mhargadh trí an-iarrachtaí a threisiú go suntasach agus trí dheireadh achur leis an gcaint faoi "thuirse na mbronntóirí" sularcuireadh tús fós leis na hiarrachtaí méadaithe i dtreo naMDGs fiú amháin!

Is féidir le hÉirinn ról millteanach a ghlacadh uirthi féinchun an pobal bronntóra a ghalbhánú i dtreo thacaíocht athabhairt do chur chuige riachtanas-bhunaithe agus domhéadú sa chúnamh ODA. Bhí cinnireacht mhorálta nahÉireann ar na saincheisteanna seo ar fheabhas – lena n-áirítear glórtha fuinniúla Mháire Mhic Róibín agus Bono acloiseadh ar fud an domhain mar aon leis na mílte saorálaícabhrach Éireannach a oibríonn go dian i measc nambocht is boichte.

Is féidir linn céim ar aghaidh a chruthú i dtreo na MDGs,lena bhfad níos lú ná 1% de OTI an domhain shaibhir agusdeireadh a chur leis an dúbhochtaineacht fhéin dá luaitheseachas dá mhoille. Is í seo an eochair do dhomhan níossábháilte. Is í an chéad chéim na chun amharc arSpriocanna Forbartha na Mílaoise le dáiríreacht agus iad achur i ngníomh go cinntitheach sna blianta atá amachromhainn.

tuarascáil bhliantúilleathnach 12

Page 14: Comhoibriú um Fhorbairt, Éire - Irish Aid...SPA Clár Speisialta um an Afraic SWAPs Cur Chuige Fairsing Earnála TEC Teicneolaíochtaí an Eolais agus na Cumarsáide UNAIDS Gníomhaireacht

Clár déthaobhach

leathnach 13

Baineann Cecilia Alphonso úsáidas an uisce ó phíopa seastaroinnte de Chomhlacht SholáthairUisce Bhaile Kilosa sa Tansáin ©Comhoibriú um Fhorbairt, Éire/Pieternella Pieterse

Page 15: Comhoibriú um Fhorbairt, Éire - Irish Aid...SPA Clár Speisialta um an Afraic SWAPs Cur Chuige Fairsing Earnála TEC Teicneolaíochtaí an Eolais agus na Cumarsáide UNAIDS Gníomhaireacht

tuarascáil bhliantúilleathnach 14

Is feirmeoirí le gabháltas beag iad Wosena Girma agus a clann atá ag obair le Self Help DevelopmentInternational san Aetóip le trí bliana anuas. Le caoinchead ó H. McDonagh, SHDI

Page 16: Comhoibriú um Fhorbairt, Éire - Irish Aid...SPA Clár Speisialta um an Afraic SWAPs Cur Chuige Fairsing Earnála TEC Teicneolaíochtaí an Eolais agus na Cumarsáide UNAIDS Gníomhaireacht

Achoimre ar an gClár

Tá an Aetóip ar cheann de na tíortha is boichte ar domhan,a rangaíodh ag uimhir 169 as 175 tír ar Innéacs ForbarthaDaonna (HDI) an UNDP. Tá an tír an-spleách arthalmhaíocht bháisteach-chothaithe, rud a fhágann í an-soghonta do chroitheadh seachtrach mar thriomach nómar phraghasluainithe do thráchtearraí (an dá fhadhb achuaigh i bhfeidhm uirthi go mór sa bhliain 2003). Tá anmíchothú go forleathan agus tá an ionghabháil chalra doleath an daonra faoi bhun an íosluacha molta. Táriachtanais acmhainne ollmhóra ag gach leibhéal agus tápáirt thábhachtach ag an gcúnamh forbartha i ngeilleagarna hAetóipe. É sin ráite, tá an méid cúnaimh a fhaightearíseal de réir dhaonra na tíre agus a leibhéal bochtaineachta.Tá cionmhaireacht mheasartha mhór den chúnamh seocurtha ar leath taobh do chuspóirí daonchairdiúla, rud achiallaíonn go bhfuil níos lú fágtha do chur chun cinn naforbartha inbhuanaithe, fhad-théarmaí.

Bhí 2003 ina bliain dheacair don Aetóip. Tharla an triomachba mheasa sa tír ó 1984/85, le beagnach 14 milliún duine(as daonra iomlán de 67 milliún) ag lorg cúnaimh bhia.Rinneadh tubaiste dhaonnúil a sheachaint ámh le feidhmiúéifeachtach na gcóras luath-rabhaidh agus réamhaisnéisebarr mar aon le freagairt thráthúil agus chuí ó bhronntóirí.Ní dhearnadh mórán dul chun cinn maidir le réiteach areasaontas teorainne na hAetóipe leis an Eiritré aguscuireadh tréaniarracht thaidhleoireachta idirnáisiúntaisteach i gcaomhnú an phróisis shíochána sobhriste.

D’ainneoin na dúshláin seo áfach, d’éirigh le Rialtas nahAetóipe a fhócas a choimeád ar an iarracht chun mór-riachtanais fhorbartha na tíre a chomhlíonadh. Rinneadhtuilleadh forbairt ar bheartais an rialtais um laghdú nabochtaineachta, um fhás eacnamaíoch agus um athchóiriú

an riaracháin phoiblí agus um dhílárú polaitiúil agusriaracháin agus cuireadh i bhfeidhm iad. D’eascaircomhpháirtíocht réalaíoch idir an rialtas agus na bronntóiríthart ar an bPáipéar Straitéise um Laghdú naBochtaineachta (PRSP) – dar teideal an Clár um FhorbairtInbhuanaithe agus um Laghdú na Bochtaineachta.

D’éiligh líon eochair-athrú san Aetóip, an clár leanúnachum dhílárú Rialtas na hAetóipe ach go háirithe,athbhreithniú de chur chuige Chomhoibriú um Fhorbairt,Éire, i ndáil le cúnamh a sheachadadh. Chuir an clár umdhílárú, a fuair réidh i ndáiríre leis an gcriosleibhéalriaracháin, na Cláir Cheantar-Bhunaithe (ABP) a bhí áseachadadh ar fud na gcriosanna as feidhm. Mar thoradh arseo, dúnadh síos cláir Chomhoibriú um Fhorbairt, Éire, snaCriosanna Sidama, Gurage agus Siltie agus sna CriosannaThoir agus Thuaidh de Tigray agus forbraíodh clár nua leseachadadh ar fud an réigiúin Tigray. Tá an clár nuaréigiúnach seo dírithe ar na gnéithe is fearr de na cláir ABPa chur san áireamh, agus ag an am céanna freagairt athabhairt ar dháiríreachtaí nua. D’infheistigh Comhoibriúum Fhorbairt, Éire, €5.185m mar thaca le Réigiún Tigray sabhliain 2003 agus €6.843m le linn dó idirphlé dhíreach nagclár i SNNPR a thógáil as dé réir a chéile i Siltie, Sidamaagus Gurage. D’ainneoin an chulaithe ó na cláirthraidisiúnta ABP sa Deisceart, coimeádann Comhoibriú umFhorbairt, Éire, leibhéal suntasach infheistíochta sa réigiúntrí thacaíocht le hinfheistíocht earnála sa Sláinte, sanOideachas agus i VEID/SEIF. Thairis sin, tá sé beartaitheagainn ár dtiomantais do na criosanna a choinneáil trí thacúle cur i gcrích líon tionscadal bonneagair sa bhliain 2004.

Sa bhliain 2003, thug Comhoibriú um Fhorbairt, Éire,freagairt ar an ngéarchéim dhaonnúil trí €6.25 milliúna chur ar fáil do idirghabhálacha éigeandála sna réimsísláinte, cothaithe, uisce agus sláintíochta. Tá daonraíleochaileacha san Aetóip áfach, atá fós ag tabhairt aghaidh

www.dci.gov.ie leathnach 15

CABHAIR DHÉTHAOBHACH CHUIG AN AETÓIP: €25.77mDAONRA (2003): 70milliúnHDI 2003: 169ú (as 175)

AN AETÓIPAN AETÓIP

Page 17: Comhoibriú um Fhorbairt, Éire - Irish Aid...SPA Clár Speisialta um an Afraic SWAPs Cur Chuige Fairsing Earnála TEC Teicneolaíochtaí an Eolais agus na Cumarsáide UNAIDS Gníomhaireacht

ar leibhéil éigeandála mhíchothaithe, ar bhagairtí cáinteachadá slite beatha trí chaitheamh na sócmhainní agus arleochaileacht do ghalracht agus do mhortlaíocht. Dá réir sin,bhí neamhdhaingne bhia ina mhór-cheist do dhíospóireachtbheartais agus do ghníomhú san Aetóip sa bhliain 2003.Ghlac Comhoibriú um Fhorbairt, Éire, páirt ghníomhach saMheitheal Oibre Teicniúil ard-leibhéil donChomhghuaillíocht Nua um Shlándáil Bhia san Aetóip inéineacht leis an rialtas, le bronntóirí eile agus le hionadaitheón tsochaí shibhialta. (Féach an fócas ar an téama thíos)Chuir an grúpa pacáiste de ghníomhartha slándála bia lechéile a bhí dírithe ar dhul i gceann na mbunchúiseannaslándála bia laistigh de thréimhse trí go cúig bhliana.Leithdháil Comhoibriú um Fhorbairt, Éire, €870,541 idtacaíocht dhíreach le cláir shlándála bia sa bhliain 2003, gomór mhór le Clár Comhtháite Slándála Bia an Réigiúin Tigray.

Lean Comhoibriú um Fhorbairt, Éire, leis an dara bliain dáthacaíocht do Chlár Forbartha trí-bliana Rialtas nahAetóipe um an Earnáil Shláinte, ag cionroinnt €4.1mdó, agus ag caitheamh €1.2m ar Shláinte trí na gCláirCheantar-Bhunaithe (ABP). I measc na réimsí a fuairtacaíocht bhí soláthar cógaisíochta, imdhíonadh, rialú armhaláire, forbairt acmhainní daonna agus bainistiú sláinteagus córais fhaisnéise.

Lean Comhoibriú um Fhorbairt, Éire, ag dul i gceann nafadhbanna a bhaineann leis an gcaighdeán ísealOideachais san Aetóip, fadhbanna a cruthaíodh i bpáirttrí mhéadú ar an líon dalta cláraithe agus ar an rátafreastail. Leithdháil Comhoibriú um Fhorbairt, Éire,€2,845m ar an earnáil Oideachais mar thaca le ceannachtéacsleabhair, mar aon le hinfheistíocht i gclár forbarthamúinteora comh-mhaoinithe ag il-bhronntóirí.

Tá sé measta gur ionann ráta leitheadúlachta VEID/SEIFna hAetóipe agus 6.6%. Leithdháil Comhoibriú umFhorbairt, Éire, €1.255m ar an earnáil seo, ag solátharcistiú agus comhairle don Oifig Náisiúnta um Chosaintagus um Rialú an VEID/SEIF i dtreo fhorfheidhmiú phleanstraitéiseach an Rialtais. Ghlac Comhoibriú um Fhorbairt,Éire, feidhm cheannródaí ar féin chun ról na ngníomhairíón tSochaí Shibhialta a neartú sa bhfreagairt ar an eipidéimVEID/SEIF, i gcomhthéacs an chreatlaí náisiúnta straitéisí.

Thacaigh Comhoibriú um Fhorbairt, Éire, le líongníomhaíocht i réimse an rialachais pholaitiúil aguseacnamaíoch, ag caitheamh iomlán €1.521m. Áiríodhsna gníomhaíochtaí seo an Tionscadal um Acmhainn na

Parlaiminte a Fhorbairt (ag cur le hacmhainn na Parlaimintechun an dlí a cheapadh agus a mhaoirsiú), an Clár umAcmhainn na hEarnála Poiblí a Fhorbairt (ag tacú lehathchóiriú, forbairt acmhainne agus dílárú nastátseirbhíse) agus tacaíocht don phróiseas toghcháin (tríthacaíocht a thabhairt do ghníomhaíochtaí oideachais).Cabhraímid freisin le heagraíochtaí na sochaí sibhialtadúchasaí a rannpháirtiú sna mór-cheisteanna poiblí agusthugamar maoiniú do thionscadail a mhol siad.

I measc na réimsí eile a fuair tacaíocht ó Chomhoibriú umFhorbairt, Éire, bhí Bóithre, Uisce, Ollscoil Jimma agusMicrairgeadas.

Fócas ar an Tír: Ag Déileáil leis naFíricí Crua: Ag aithint an riachtanasbogadh ó Fhreagairt Éigeandála goForbairt níos Fhad-Théarmaí

Tá taithí ag an Aetóip, le dhá scór bliain anuas, ar mhíchothúainsealach agus léanmhar, ar mhéadú i líon an daonra, armhéadú in iondúlacht na dtriomaigh, agus ar ghluaiseachtaíagus ar athghluaiseachtaí de ghéarchéimeanna daonnúla. Idtréimhsí inar thit báisteach mhaith agus dá ngairtear‘gnáthbhlianta’ orthu fiú amháin, bíonn cúnamhdaonchairdiúil ag teastáil ó beagnach sé mhilliún duine. Marfhreagairt, tá cúnamh faighte ag an Aetóip i bhfoirmmhéideanna ollmhóra de bhiachabhair atá ag dul i méid.Léiríonn taithí áfach, nach gcuireann an bhiachabhair réiteachinbhuanaithe ar fáil chun dul i ngleic leis an mbochtaineachtainsealach. Spreag géarchéim dhaonnúil na bliana 2003aitheantas don riachtanas ar athrú paraidíme, ag bogadh níosfaide ó chóras bliantúil de agairt éigeandála agus dechlaonadh biachabhrach i dtreo chóras cosanta sóisialta marchur chuige a thugann cosaint i gcoinne anás agus a leagansíos bunsraith do fhorbairt. Ba sa chomhthéacs seo athionscain an rialtas bunú na "Comhghuaillíochta Nua umShlándáil Bhia san Aetóip" sa bhliain 2003.

Freagairt Éigeandála 2003Tá de réir tréithe ag géarchéim dhaonnúil na bliana 2003go raibh sí ar cheann de na héigeandálaí ba fhorleithneagus ba thubaistí a bhuail an Aetóip riamh anall. Cé gurtharla mór-thriomach sa tréimhse 2002/2003, bhí anbhaint chéanna ag údar na géarchéime daonnúla leis napróisis shóisialta, eacnamaíocha, pholaitiúla aguschomhshaoil. Cé gur cuimhníodh air, ar an mórchóir, marghéarchéim bhia, bhí ar dhaonraí leochaileacha na

tuarascáil bhliantúilleathnach 16

Page 18: Comhoibriú um Fhorbairt, Éire - Irish Aid...SPA Clár Speisialta um an Afraic SWAPs Cur Chuige Fairsing Earnála TEC Teicneolaíochtaí an Eolais agus na Cumarsáide UNAIDS Gníomhaireacht

hAetóipe aghaidh a thabhairt ar bhagairtí cáinteacha dáslite beatha, fad agus a bhí an leochaileacht do ghalrachtagus do mhortlaíocht ceangailte go díreach le géarchéimsa chóras cúraim shláinte.

Chabhraigh an chomhfhreagairt ar an éigeandáil ó Rialtas nahAetóipe, ó bhronntóirí idirnáisiúnta, gníomhaireachtaí naN.A., eagraíochtaí neamh-rialtasacha agus ó phobail nahAetóipe féin (le luach timpeall US$554 milliún i 2003) ledaonraí leochaileacha chun an chuid ba mheasa denghéarchéim dhaonnúil a sheachaint. I measc nabpríomhghníomhaíochtaí a fuair tacaíocht ó Chomhoibriúum Fhorbairt, Éire (ina phacáiste €6.25 milliún deidirghabhálacha daonchairdiúla) bhí soláthar ciondálacha biaéigeandála trí Chlár Domhanda an Bhia, tacaíocht doidirghabhálacha bia-ábhar forlíontach agus teiripeachéigeandála mar aon le do uisce éigeandála trí UNICEF,tacaíocht do eagraíochtaí neamh-rialtasacha Éireannacha doidirghabhálacha éigeandála bia agus sláinte, tacaíocht dochomhpháirtithe an rialtais um dháileadh síl éigeandála, umullmhacht mhaláire, agus um oiliúint na n-oibrithe sláinte archothú teiripeach. In ainneoin na dúshláin scanrúla, shábháilna hidirghabhálacha daonchairdiúla a lán daoine, choimeádsiad clanna le chéile, mar aon le muinín an dhaonra i dtoilRialtas na hAetóipe agus an phobail idirnáisiúnta chuncabhrú le daoine in am an ghátair. Níos tábhachtaí fós,rinneadar cúnamh a sheachadadh chuig áiteanna cónaithena ndaoine, ag seachaint amhlaidh go dtiocfadh daonraíleochaileacha le chéile i gcampaí agus in ionaid chothaithemhóra, áit a mbíonn an baol is mó galair agus báis.

Chinn an fhreagairt éigeandála ámh cor cinniúnach sachaoi a n-amharcann an rialtas agus na bronntóirí anois armhianach na ngéarchéimeanna a thiteann amach

beagnach gach bliain san Aetóip. Tá tuiscint ag fás de réira chéile i measc na mbronntóirí agus an rialtas nár féidirionadh a bheith orainn a thuilleadh i ngeall ar éigeandálaía bhuaileann an Aetóip gach dara bliain. Freisin, tá an t-aitheantas ann anois go bhfuil iomlán cás de idir 6-7milliún duine ann atá biachabhair uathu go bliantúil. Is éan dúshlán ná freagairt a thabhairt i slí níos sothuartha arna riachtanais leanúnacha ainsealacha seo mar aon letacaíocht a sholáthar a thógfaidh sócmhainní nadteaghlaigh leochaileacha don todhchaí.

Ag foghlaim ón am atá caite, ag tabhairt freagairtar an am i láthair agus ag ullmhú don todhchaíGhlac Comhoibriú um Fhorbairt, Éire páirt ghníomhach inéineacht le comhpháirtithe an rialtais, bronntóiríidirnáisiúnta eile agus ionadaithe ó eagraíochtaí neamh-rialtasacha i meitheal oibre teicniúil ard-leibhéil naComhghuaillíochta um Shlándáil Bhia chun pacáistea chur le chéile in a bhfuil gníomhartha pras slándála bia atádírithe ar dhul i gceann bhunchúiseanna na slándála bialaistigh de thréimhse trí nó cúig bliana. Toradh tábhachtachatá le hobair na Comhghuaillíochta ná foirmliú ClárNáisiúnta um Líontán Sábhála chun cúig mhilliún duine athógáil amach as an gcóras éigeandála biachabhrach agusiad a chur isteach faoi chlár ilbhliantúil um líontán sábhála asheachadfaidh acmhainní tráthúla, sásúla agus ráthaíochtado theaghlaigh (i bhfoirm airgid agus bia araon). Tá súil gogcuirfear an clár um Líontán Sábhála i bhfeidhm sa bhliain2004 agus go dtacóidh Comhoibriú um Fhorbairt, Éire, inéineacht leis an Rialtas agus le bronntóirí eile, leforfheidhmiú agus le maoiniú an chláir. Beidh an tacaíochtdo líontáin shábhála táirgiúla ina ghné thábhachtach dechur chuige um chláir nua a thionscnóidh Comhoibriú umFhorbairt, Éire, sa bhliain 2004.

www.dci.gov.ie leathnach 17

Chonacthas fás mór ar líon na ndaltaí le cúig bliana anuas i mBunscoil Dugda, a thóg Self HelpDevelopment Ireland san Aetóip le tacaíocht ó Chomhoibriú um Fhorbairt, Éire, ó 40 dalta goleibhéal reatha le 1,600. Le caoinchead ó H. McDonagh, SHDI

Page 19: Comhoibriú um Fhorbairt, Éire - Irish Aid...SPA Clár Speisialta um an Afraic SWAPs Cur Chuige Fairsing Earnála TEC Teicneolaíochtaí an Eolais agus na Cumarsáide UNAIDS Gníomhaireacht

tuarascáil bhliantúilleathnach 18

Daltaí scoile in ardchríocha Leosóta. Le caoinchead ó Tara Shine

Page 20: Comhoibriú um Fhorbairt, Éire - Irish Aid...SPA Clár Speisialta um an Afraic SWAPs Cur Chuige Fairsing Earnála TEC Teicneolaíochtaí an Eolais agus na Cumarsáide UNAIDS Gníomhaireacht

Achoimre ar an gClárTá dul chun cinn suntasach déanta ag Leosóta thar natréimhse deich mbliana ó tháinig deireadh leis angcinedheighilt. Cé go bhfuil sí fós ar cheann de na 50 tír isboichte ar domhan, chuidigh réimse bearta um athchóiriú atugadh isteach le blianta beaga anuas leis an dearcadhpolaitiúil agus eacnamaíoch a athrú i dtreo feabhais. Tátimpeallacht chobhsaí i réim anois tar éis Olltoghchánrathúil na bliana 2002 as a d’eascair Tionól Náisiúntailpháirtí le córas coiste feidhmiúil uile-pháirtí. Measann alán tráchtairí gur mór-chor cinniúnach i stair Leosóta a bhí idToghchán na bliana 2002. Mar aon leis an staid pholaitiúila chobhsú, thug sé an deis do Leosóta raon bearta umathchóiriú agus um nuachóiriú a chur chun cinn go mór,agus dá mba rud é go gcomhlíonfaí seo go rathúil, ba chóirdó céim fhada a chinntiú i dtreo na hoidhreachta lagachainde thréimhse iar-Neamhspleáchais dheacair a chealú.

Bunaithe sa bhliain 1975, tá Leosóta ar an gclár tíredéthaobhach is faide atá á stiúradh ag Comhoibriú umFhorbairt, Éire (CFÉ). Tá Éire ar an bpríomhbhronntóirdéthaobhach sa tír sin anois, ag soláthar tacaíochtairgeadais ar ionann is breis agus €10 milliún í gach bliainthar na tréimhse trí bliana a chuaigh thart. Mar ba chóir abheith i dtír atá sa chatagóir is lú forbartha, bíonnrannchuidiú na hÉireann dírithe den chuid is mó arbhearta um laghdú na bochtaineachta i sláinte, inoideachas agus um fheabhsú na mbonneagar tuaithe.Leanann CFÉ lena fhreagairt ar an ngéarchéim VEID/SEIFtrí mhéadú tacaíochta do eagraíochtaí pobalbhunaitheagus do iarrachtaí príomhshrutha ag roinnt Airí.

Tá comhpháirtíocht fhorbartha an CFÉ le Rialtas Leosóta taréis dul tríd ath-threoshuíomh straitéiseach thar na tréimhsecúig bliana a chuaigh thart gan CFÉ ag bainistiú a thionscadailfhéin sa réimse a thuilleadh. Tá an mhórchuid acmhainní á n-

imdháileadh anois trí Aireachtaí earnála cuí agus trí líoncomhpháirtí neamh-rialtasach, an CHAL, Cumann SláinteCríostaíochta Leosóta ach go háirithe. Caitheann foireann anCFÉ cuid mhór ama anois ag déanamh idirphlé lecomhghleacaithe in Aireachtaí éagsúla agus ingníomhaireachtaí eile, ag tacú le hiarrachtaí pleanála agus lefeidhmiú cláir, lena n-áirítear tuairisciú agus measúnacht. Leisan mbealach seo chun an gnó a stiúradh tugtar easnaimhriaracháin an chórais ar thús cadhnaíochta na gcainteanna idirna comhpháirtithe agus cuirtear béim ar an tábhacht chun rólna mbronntóirí seachtracha a athshainmhíniú sachomhthéacs chun an cumas riaracháin a athbhunú aguschun na spriocanna do sheachadadh seirbhíse inbhuanaithethar an gcóras iomlán a bhaint amach.

Is iad na príomhpháirteanna i dtacaíocht an CFÉ i Leosótaná sláinte, oideachas, rochtain na tuaithe, VEID/SEIF agusathchóiriú na hearnála poiblí agus rialachas.

An Earnáil ShláinteChuir CFÉ acmhainní airgeadais ar fáil mar thaca le cláir anAireachta Sláinte agus an CHAL sna réimsí bunchúraimshláinte agus feabhsúcháin ar an mbonneagar. Seo aleanas roinnt samplaí: an Feachtas Náisiúnta umImdhíonadh i gcoinne an Bhruitíneach; oiliúint agusathoiliúint na n-oibrithe Sláinte Pobail; an clár Comhtháiteum Fhaireachán agus um Fhreagairt do Ghalair; an clárFairtheora VEID a thug le fios meánráta leitheadúlachtanáisiúnta de 30% i measc fhreastalaithe ag clinicíréamhbhreithe. I dteannta seo, chuir CFÉ tacaíochtshubstaintiúil ar fáil do Chlár iomlán an Aireachta umAthchóiriú na hEarnála Sláinte taobh le tacaíocht ó raonbronntóir lena n-áirítear an Banc Domhanda agusgníomhaireachtaí de chuid na Náisiún Aontaithe. Maidir leforbairt acmhainne, lean CFÉ lena thacaíocht do (aguspléadáil ar son) shocrú níos dlúth idir an Aireacht agus anCHAL a ceapadh chun seirbhís shláinte níos comhtháite

www.dci.gov.ie leathnach 19

CABHAIR DHÉTHAOBHACH CHUIG LEOSÓTA I 2003: €10.68 milliúnDAONRA: 1.8 milliúnHDI 2003: 137ú (as 175)

LEOSÓTALEOSÓTA

Page 21: Comhoibriú um Fhorbairt, Éire - Irish Aid...SPA Clár Speisialta um an Afraic SWAPs Cur Chuige Fairsing Earnála TEC Teicneolaíochtaí an Eolais agus na Cumarsáide UNAIDS Gníomhaireacht

agus níos comhionann a sholáthar do mhuintir Leosóta ingach cearn den tír.

OideachasCé gur lean an CFÉ ag cabhrú chun scéim an Rialtais umBhunoideachas in Aisce a tugadh isteach sa bhliain 2000 amhaoiniú, tá an béim ag athrú níos mó de réir a chéile idtreo shaincheisteanna na gcaighdeán cáilíochta agus anchumais institiúidigh. Chinntigh CFÉ gur tugadh aird ar naceantair is iargúlta sa tír maidir le foirgnimh nua scoileagus le soláthar múinteoireachta agus ábhar foghlamtha.Ag leibhéal institiúideach, mhol an CFÉ go gcuirfí béimníos láidre ar shaincheisteanna beartas agus ar ábharriaracháin bainteach. Le tacaíocht ón CFÉ, cuireadh tús lehobair ar bhunú Údaráis Náisiúnta do Cháilíochtaí agus arneartú Aonaid Phleanála an Aireachta Oideachais. Déanfaran cur chuige seo a chothabháil sna blianta atá le theachtde réir mar a chinnteoidh an CFÉ go n-oibreoidh nabronntóirí le chéile i slí níos dlúth chun ní amháinspriocanna cainníochtúla a bhaint amach ach freisinspriocanna caighdeáin agus seachadta seirbhíse.

Feabhsúcháin sa Bhonneagar Tuaithe Tá easnaimh bhonneagair mhillteanacha ag Leosóta;tógfaidh sé cúpla scór bliain sula mbeidh nabunchaighdeáin dáilte go measartha maith ar fud na tíre.Idir an dá linn lean an CFÉ lena thacaíocht nach beag dofheabhsúcháin ar rochtain na tuaithe agus ar sholáthairtíuisce i gceantair atá níos iargúlta. Tugadh daichead is anaoi scéim uisce do bhailte beaga chun críche sa bhliain2003 ag tabhairt soláthairtí sábháilte uisce laistigh de achargearr do dhaonra iomlán de bhreis is 26,000. ChoimeádCFÉ a thacaíocht do chlár an Aireachta Oibreacha umfheabhsú na mbóithre tuaithe, agus tógadh iomlán naoindroichead coisithe le cistí an CFÉ i 2003. É sin ráite, is aran réimse fhorbartha acmhainne atá an bhéim á churanois. Tá CFÉ mar cheannródaí ar an iarracht chun ionchurna mbronntóirí a chomhordú i slí níos éifeachtaí sna rannauisce agus bóithre/droichid tuaithe den Aireacht.

VEID/SEIFTá Leosóta fós ar cheann de na tíortha ar domhan inarndeachaigh an galar i bhfeidhm go mór uirthi le rátaleitheadúlachta atá measta ag breis is 30%. Chinn an Rialtas, idtreo dheireadh na bliana 2003, Coimisiún Náisiúnta umSEIF a bhunú, a ceapadh chun comhordú níos fearr adhéanamh ar an iarracht náisiúnta agus chun práinn níos móa thabhairt do fhreagairt gach pháirtí leasmhar. Ar feitheamhbhunú na struchtúir nua, dhírigh CFÉ a thacaíocht ar líoneagraíocht neamh-rialtasach cáiliúil, mar Positive Action ach

go háirithe, agus ar thacú le hobair a bhaineann leVEID/SEIF sna Aireachtaí Oideachais agus Talmhaíochta.Tugadh tacaíocht freisin do shuirbhé iompraíochtamianadóirí, a mheastar go traidisiúnta mar cheann de napríomhiompróirí gnách den víreas. Thionscain luchtbainistíochta an CFÉ clár um phoist oibre inmheánacha, aguscuireadh tús freisin i 2003 le príomhshruthú na riachtanaisSEIF i ngach gné de chlár an CFÉ.

Rialachas agus AthchóiriúTá saincheisteanna rialachais agus riaracháin go lárnach ismaoineamh an CFÉ le blianta beaga anuas de réir mar ad’fhás an bhéim ar thacaíocht a thabhairt do chláir earnálanáisiúnta an Rialtais fhéin. Is réimse mheasartha nua í seodon CFÉ áfach agus tá sé fós sa phróiseas forbartha. Tálíon gníomh leanúnach ar siúl ag Leosóta do nuachóiriúagus do athchóiriú, ceann dóibh siúd, Clár na hEarnálaPoiblí um Fheabhsú agus um Athchóiriú (PSIRP), atá inafheithicil fhollasach do rannpháirtíocht an bhronntóra. Tátacaíocht á thabhairt ag CFÉ le tamall de bhlianta donghné acmhainní daonna den PSRIP ag a bhfuil torthaímaithe. I measc ghníomhaíochtaí eile atá ag fáil tacaíocht óCFÉ tá: cur i gcrích dhá cháipéis thábhachtach, viz. anPáipéar Straitéise um Fhís Náisiúnta agus um Laghdú naBochtaineachta, agus tá beartaithe an dá cheann a fhoilsiúsa chéad leath de 2004; an clár um athchóiriú denBhainistíocht Airgeadais Poiblí atá á chur i ngníomh ag anAireacht Airgeadais; obair Oifig an Ombudsman agusAonad Frith-Bhreabaireachta ag an Aireacht Dlí agus Cirt.

Fócas ar an Tír : Oideachas

Ar oíche chinn bhliana na Mílaoise, d’fhógair RialtasLeosóta go rabhadar chun oideachas in aisce a thabhairtisteach ar bhonn céimithe mar chuid dá fhreagairt ar andúshlán do Spriocanna Forbartha na Mílaoise. Don chéaduair riamh i stair na tíre, chinn an Stát freagracht iomlán aghlacadh ar féin as soláthar an bhunoideachais. Mar a bhíi dtromlach na dtíortha Afracacha, bhí an t-oideachas iLeosóta á sholáthar den chuid is mó ag na heaglaisíéagsúla a thosaigh i lár an 19ú céad agus a mhair go dtí anNeamhspleáchas. Le linn na tréimhse coilíneachta, thóg anRialtas cúpla iar-bhunscoil a d’fhan, ar gach cuma eile,neamhshuimiúil den chuid is mó do riachtanaisoideachasúla na tíre. Tar éis an neamhspleáchais sa bhliain1966, chruthaigh Rialtas nua Leosóta comhpháirtíochtaíleis na hEaglaisí agus le tuismitheoirí chun cuidiú leis antsoláthair oideachais a mhaoiniú.

tuarascáil bhliantúilleathnach 20

Page 22: Comhoibriú um Fhorbairt, Éire - Irish Aid...SPA Clár Speisialta um an Afraic SWAPs Cur Chuige Fairsing Earnála TEC Teicneolaíochtaí an Eolais agus na Cumarsáide UNAIDS Gníomhaireacht

Le tabhairt isteach an FPE (Bunoideachas in Aisce) i Leosótasa bhliain 2000, d’athraigh Comhoibriú um Fhorbairt, Éire,an mór-bhronntóir déthaobhach sa tír, a chur chuige gotapa mar fhreagairt ar an staid úr. In áit tacaíocht a thabhairtdo thionscadail bheaga scoile aonaracha i gceantair iargúltana tíre, chuir sé tús le caibidlíocht chuimsitheach leis anRialtas lárnach a bhí dírithe ar chuidiú leis an AireachtOideachais chun an beartas nua FPE a phleanáil agus a churi bhfeidhm. Dhírigh tacaíocht na hÉireann den chuid is móar shaincheisteanna inrochtana, tógáil na seomraí rangaagus soláthar oiliúint do mhúinteoirí, le claonadh i dtreo nagceantar sléibhtiúil i Leosóta ina bhfuil cónaí ar na pobail isimeallaí agus is mó atá ar mhíbhuntáiste. Tá clár tógálascoile luasghéaraithe ar siúl i Leosóta ón mbliain 2000 letacaíocht láidir Éireannach. Go traidisiúnta faigheann nacailíní Basotho oideachas níos fearr ná na buachaillí, ar ambíonn an dualgas an chuid is mó dá mblianta óige achaitheamh ag buachailleacht bó. Cuireadh tús mar sin, letabhairt isteach an FPE, le scéal nua go huile agus gohiomlán do na buachaillí le mór-impleachtaísóisialta/eacnamaíocha mar aon le himpleachtaíoideachasúla. Tugann tuairiscí le fios anois go bhfuil feabhastagtha ar ráta freastail na mbuachaillí, sna míonnaGeimhridh féin fiú amháin, agus feabhas i gclárú goginearálta, i ngach ceantar inar cuireadh seomraí ranga arfáil iontu.

Leis an bhfeabhas i rochtain, tá saincheisteanna anchaighdeáin á dtabhairt chun suntais anois. Dá bhrí sin, ónmbliain 2002 i leith, tá Comhoibriú um Fhorbairt, Éire, agdíriú níos minice ar oiliúint na múinteoirí agus ar sholátharábhair múinteoireachta/foghlamtha. Thacaigh Éire le bunúan Chreatlaí Náisiúnta um Cháilíochtaí. Ullmhaíodhdréacht-Bhille parlaiminte le linn na bliana 2003 a ceapadhchun Údarás do Cháilíochtaí a bhunú i Leosóta tar éischomhairliú fairsing le páirtithe leasmhara cuí. Maoiníodhan próiseas comhairliúcháin den chuid is mó tríChomhoibriú um Fhorbairt, Éire. Cuireadh cleachtadhcomhairliúcháin chosúlach um oideachas na múinteoirí arsiúl i 2003 agus ullmhaíodh dréacht-bheartas le cúnamh óchistiú Éireannach.

Tá ról criticiúil ag an oideachas sa troid i gcoinne VEID/SEIF,dá bhrí sin tá tacaíocht um phríomhshruthú VEID/SEIF sanearnáil ríthábhachtach. Dámhadh sparánachtaí arnamaoiniú ag Éirinn ar scoláirí ardscoile i gceantair sléibhtiúlaiargúlta trí chlár arna chur i bhfeidhm ag Lesotho Save theChildren. Cuimsíonn sé tacaíocht phobalbhunaithe agusscoil-bhunaithe VEID/SEIF do dhaltaí a ndeachaigh an galari bhfeidhm orthu. Tá múinteoirí agus pobail trealmhaithe lebunscileanna tacaíochta a ceapadh chun cuidiú le páistíleanacht ar aghaidh sa scoil, i gcásanna ina bhfuil natuismitheoirí tinn nó básaithe.

www.dci.gov.ie leathnach 21

Léibheannú Sorghum i sléibhte Leosóta. Le caoinchead ó Tara Shine

Page 23: Comhoibriú um Fhorbairt, Éire - Irish Aid...SPA Clár Speisialta um an Afraic SWAPs Cur Chuige Fairsing Earnála TEC Teicneolaíochtaí an Eolais agus na Cumarsáide UNAIDS Gníomhaireacht

tuarascáil bhliantúilleathnach 22

(ó chlé) Iar-Uachtarán na Stát Aontaithe Bill Clinton, an tUas. Ira Magaziner, Aire Stáit Tom Kitt TD agus an Taoiseach BertieAhern, TD, ag seoladh i mBaile Átha Cliath do chomhpháirtíocht VEID/SEIF (HIV/AIDS) Fhondúireacht Clinton – Éire um an Mhósaimbíc (grianghraf: Maxwells) Iúil 2003

Page 24: Comhoibriú um Fhorbairt, Éire - Irish Aid...SPA Clár Speisialta um an Afraic SWAPs Cur Chuige Fairsing Earnála TEC Teicneolaíochtaí an Eolais agus na Cumarsáide UNAIDS Gníomhaireacht

Achoimre ar an gClárCé go bhfuil an Mhósaimbíc fós ar cheann de na tíortha isboichte ar domhan, tá Rialtas Mhósaimbíc tiomanta goláidir an bhochtaineacht agus an éagothroime a laghdú. Táan tiomantas seo soiléirithe sa Phlean Gníomhaíochta umLaghdú na Dúbhochtaineachta 2001-2005 (an PARPA). Ódheireadh an chogaidh cathartha sa bhliain 1992, tá fáseacnamaíoch fíor-ghasta bainte amach ag an tír agustugann na suirbhéanna is déanaí le fios go bhfuilcomhiarrachtaí an Rialtais agus na mbronntóirí ag tosú letionchar a bheith acu ar leibhéil na bochtaineachta1.

Chuir Comhoibriú um Fhorbairt, Éire, tús le clár cúnaimhdon Mhósaimbíc sa bhliain 1996, ag obair ag an leibhéallárnach agus sna proibhinsí Inhambane agus Niassa. Tá fásthapa tagtha ar an gclár ó shin i leith agus léirigh buiséadna bliana 2003 de €32 milliún an comhthéacs polaitiúil,eacnamaíoch agus institiúideach spreagúil ina bhfuilcúnamh forbartha á sholáthar sa Mhósaimbíc. Tá anPáipéar Straitéise Tíre (CSP) reatha ailínithe go soiléir leisan PARPA agus cuirtear béim láidir ar thacú leis an Rialtaschun an CSP a chur i bhfeidhm. Le linn na bliana 2003cuireadh críoch leis an bpróiseas chun CSP nua a fhorbairtag clúdach na tréimhse 2004-2006.

SláinteIs eochairghné den PARPA í an tSláinte, a chruthaíonn annasc idir shláinte níos fearr agus briseadh síos timthriall nabochtaineachta. Mar thoradh ar laige chóras sláinteMhósaimbíc, dhírigh cúnamh Chomhoibriú um Fhorbairt,Éire, ar an earnáil ina hiomláine. Cuirtear tacaíocht ag anleibhéal lárnach ar fáil trí shocruithe um chistiúcháncomhroinnte. Sna Proibhinsí Inhambane agus Niassa,

cuirimid cistiú ar fáil go díreach chuig an Aireacht Sláinte.Le linn na bliana, thug an dá Phroibhinse, mar aon leis anAireacht Sláinte lárnach, a bpleananna straitéise donearnáil shláinte chun críche agus seoladh iad. D’éirigh leisna meicníochtaí comhroinnte an phleanáil agus anbhuiséadú a chomhchuibhiú mar réamhtheachtaire ag anAireacht do ullmhú phlean bliantúil feidhme cuimsitheachagus buiséad don earnáil shláinte.

Oideachas Is iad príomhchuspóirí an PARPA san earnáil oideachais náan rochtain a mhéadú, an caighdeán agus anéifeachtúlacht a fheabhsú, agus na costais a ísliú dosholáthar oideachais. Sa bhliain 1998, sheol an Rialtas anPlean Straitéise um an Earnáil Oideachais. Tá físstraitéiseach ag an bplean don earnáil, a dhírigh ar gachleibhéal oideachais, agus sonraítear ann cuspóirí agustosaíochtaí soiléire. Tá Comhoibriú um Fhorbairt, Éire,gníomhach, in éineacht le bronntóirí eile, chun cuidiú leisan Aireacht Oideachais (MINED) an plean straitéiseach achur i bhfeidhm. Baineann sé seo le cabhrú chun ancumas bainistíochta pleanála agus airgeadaisfheidhmeannaigh an oideachais ag leibhéal náisiúnta agusproibhinse a neartú. Tá céim shuntasach chun tosaightógtha ag an bpróiseas le déanaí le bunú an ChisteTacaíochta um an Earnáil Oideachais (ESSF) agus táimid archeann de naoi ngrúpa a gheall a dtacaíocht airgeadaisdon oideachas a imdháileadh tríd an gCiste lárnach seo.Leanamar le linn na bliana 2003 ag cur cistiú ar fáil marthaca leis an gcóras náisiúnta imdháilte leabhar dobhunscoileanna.

www.dci.gov.ie leathnach 23

CABHAIR DHÉTHAOBHACH CHUIG AN MHÓSAIMBÍC I 2003: €32.93 milliúnDAONRA: 19.6 milliúnHDI 2003: 170ú (as 175)

ANMHÓSAIMBÍC

AN MHÓSAIMBÍC

1 Tugann an Suirbhé ar Theaghlaigh 2003 le fios gur thit leibhéil na dúbhochtaineachta ó 69% i 1997 go 54% i 2003, leis an titim is suntasaí i gceantairthuaithe.

Page 25: Comhoibriú um Fhorbairt, Éire - Irish Aid...SPA Clár Speisialta um an Afraic SWAPs Cur Chuige Fairsing Earnála TEC Teicneolaíochtaí an Eolais agus na Cumarsáide UNAIDS Gníomhaireacht

Talmhaíocht agus Forbairt na TuaitheÓ tharla go bhfuil gníomhaíochtaí talmhaíochtatábhachtach do thromlach mhuintir na Mósaimbíce, iseochair-réimse tacaíochta í an talmhaíocht agus forbairt natuaithe do Chomhoibriú um Fhorbairt, Éire. Imdháiltear antacaíocht seo trí PROAGRI, an clár náisiúnta um fhorbairtna talmhaíochta. D’éirigh le PROAGRI an cumasinstitiúideach a bhunú atá riachtanach chun an AireachtTalmhaíochta a chumasú chun freagracht a ghlacadh asfhorbairt na hearnála. Lig sé freisin do bhronntóirígluaiseacht ar shiúl ón gcleachtas traidisiúnta dethacaíocht do thionscadail sheasaimh aonair i bhfách lefoirm thacaíochta níos leanúnaí agus níos trédhearcaí.Bunaíodh córais bhainistíochta airgeadais faoi PROAGRI,tá feabhas tagtha ar na próisis phleanála agus tá méadúseasta déanta de réir a chéile ar dhílárú na n-acmhainníchuig Oifigigh Proibhinse.

Rialachas agus Athchóiriú na hEarnála PoiblíAr feadh na bliana 2003, thacaigh Comhoibriú umFhorbairt, Éire, leis an rialtas agus lena chomhpháirtithe,lena n-áirítear an UNDP, san réimsí Cirt, Riail agus Reacht,an Pharlaimint agus forbairt na meán. Thugamar tacaíochtfreisin do shochaí shibhialta núíosach Mhósaimbíc chun arannpháirt a neartú i monatóireacht na breabaireachtaagus i gcur chun cinn chearta an duine agus andhaonlathais.

Is ball sinn de ghrúpa bronntóirí a bhfuil baint acu letacaíocht a thabhairt do phróiseas athchóirithe na hearnálapoiblí sa Mhósaimbíc. Le linn na bliana 2003, chuir angrúpa an clár athchóirithe chun cinn i dtrí shlí: trí chabhrúchun éifeachtúlacht an Chláir Oiliúna don Riarachán Poiblía fheabhsú; trí thacaíocht a thabhairt don aonad teicniúilatá freagrach as athchóirithe na hearnála poiblí a chur ibhfeidhm (UTRESP); agus trí rannchuidiú leis an gclárUNDP atá dírithe ar fheidhmíocht na hearnála poiblí afheabhsú ag an leibhéal proibhinse.

Beartais Mhicreacnamaíochta agus AirgeadaisDhíríomar sa bhliain 2003 ar ár staid mar bhall den ghrúpatacaíochta buiséid a chomhdhlúthú, grúpa a mhéadaigh ilíon na mball ó 11 go 14 le linn na bliana. Soláthraíonn angrúpa tacaíocht ghinearálta buiséid do Mhósaimbíc arbhonn Chomhchláir arna chomhaontú idir an Rialtas agusna bronntóirí sa bhliain 2001. Trí thacaíocht bhuiséiddhíreach a sholáthar, tá éirithe leis an gComhchlár cuidiúleis an Rialtas chun fás eacnamaíoch thapa a bhaint amachlaistigh de thimpeallacht mhicreacnamaíochta

buanseasmhach. D’eascair feabhsuithe ón gClár seo iseachadadh na seirbhíse sóisialta, i bhforbairt anbhonneagair, agus i gcumas na n-acmhainní daonna. Baiad na héachtaí ba shuntasaí sa bhliain 2003 ná: (i) forbairtan Chreatlaí um Mheasúnacht Fheidhmíochta (PAF) marionstraim chun dul chun cinn an Rialtais i gcur i bhfeidhman PARP a mheas; agus (ii) forbairt Mheamram Tuisceana(MoU) ina sonraítear coinníollacha na comhpháirtíochtaidir an Rialtas agus a chomhpháirtithe um thacaíochtbhuiséid.

VEID/SEIF (HIV/AIDS)Cé go ndeachaigh an galar i bhfeidhm go mall ar anMósaimbíc, tá an tír anois i measc na ndeich dtír is móbuailte ar domhan ag VEID/SEIF. Thug Comhoibriú umFhorbairt, Éire, freagairt sholúbtha agus chomhordaithe aran staid seo. Cuimsítear sa fhreagairt, príomhshruthú nagcúraimí VEID/SEIF thar ár gclár iomlán, ár n-ionchur ibhforbairt Phlean Straitéise na hAireachta Sláinte umVEID/SEIF a mhéadú, leanúint lenár dtacaíocht donChomhairle Náisiúnta um SEIF agus cúnamh airgeadaisdíreach a sholáthar do eagraíochtaí roghnaithe neamh-rialtasacha atá bainteach le gníomhaíochtaí um chosc agusum oideachas.

Fondúireacht ClintonSa bhliain 2002, shínigh Éire comhaontú comhpháirtíochtaleis an bhFondúireacht Clinton. Faoin gComhaontú, tá Éiretiomanta $ 40 milliún a sholáthar thar tréimhse cúig blianado Aireacht Sláinte Mhósaimbíc do roll amach chláirchomhtháite um VEID/SEIF a chinnteoidh tabhairt isteachcomhpháirt chúraim agus chóireála. Rinneadh íocaíochtthosaigh de €1 milliún sa bhliain 2003. Mar ullmhúchándon roll amach, bhí baint ghníomhach againn le tacaíochta thabhairt do fhorbairt Phlean Straitéise um VEID/SEIFdon earnáil shláinte, a bhéas mar chreatlachchuimsitheach do mhéadú na ngíomhaíochtaí um choscagus um chóireáil.

InscneRinneadh measúnacht a chur i gcrích ar chomhionannasinscne i gclár Mhósaimbíc sa bhliain 2003. Rinne anmeasúnacht moltaí do oiliúint inscne agus d’aithin sí bealaíinar bhféadfaí saincheisteanna comhionannais inscne achomhtháthú níos fearr sa chlár tíre. Forbraíodh agusglacadh le straitéis inscne le linn na bliana lena raibh ancuspóir an comhionannas inscne a phríomhshruthú ar fudan chláir.

tuarascáil bhliantúilleathnach 24

Page 26: Comhoibriú um Fhorbairt, Éire - Irish Aid...SPA Clár Speisialta um an Afraic SWAPs Cur Chuige Fairsing Earnála TEC Teicneolaíochtaí an Eolais agus na Cumarsáide UNAIDS Gníomhaireacht

Na Cláir Cheantar-Bhunaithe (ABPs)Leanamar lenár dtacaíocht do phéire de na proibhinsí isbochtaithe sa tír – Niassa sa Tuaisceart agus Inhambane saDeisceart. Ba é cuspóir straitéiseach an dá chlár ná ancumas institiúideach agus daonna ag gach leibhéal denrialtas proibhinse agus de phobail áitiúla a fheabhsú, chunseirbhísí ar ard-chaighdeán a sholáthar atá trédhearcachagus cuntasach do na daoine agus atá sofhreagrach dágcuid riachtanais. Chríochnaigh athbhreithniú ar chlárInhambane sa bhliain 2003, go raibh na Cláir Cheantar-

Bhunaithe an-ábhartha de bharr thréith lárnaí an rialtais iMósaimbíc, mar go dtógtar a lán eochair-chinntí umbheartas agus um chistiú i Maputo. Cruthaíonn seo anstaid leis an gclaonadh nach bhfaigheann na réigiúin isboichte acmhainní leordhóthanacha ón rialtas lárnach. Baeochair-ghníomhaíocht le linn na bliana í an tacaíocht dofhorbairt leanúnach do phlean bliantúil feidhme rialtas naproibhinse (PES). Dhírigh an plean ar eochair-earnálacha athugann faoiseamh don bhochtaineacht, ach go háirithe,sláinte, oideachas, uisce agus sláintíocht, bóithre na

www.dci.gov.ie leathnach 25

Ag bailiú farae dá thionscadal um chothú na gcoiníní. Le caoinchead ó Tara Shine

Page 27: Comhoibriú um Fhorbairt, Éire - Irish Aid...SPA Clár Speisialta um an Afraic SWAPs Cur Chuige Fairsing Earnála TEC Teicneolaíochtaí an Eolais agus na Cumarsáide UNAIDS Gníomhaireacht

tuarascáil bhliantúilleathnach 26

Díoltóir torthaí saMhósaimbíc ar anmbóthar go Inhambane.Le caoinchead ó Tara Shine

Page 28: Comhoibriú um Fhorbairt, Éire - Irish Aid...SPA Clár Speisialta um an Afraic SWAPs Cur Chuige Fairsing Earnála TEC Teicneolaíochtaí an Eolais agus na Cumarsáide UNAIDS Gníomhaireacht

tuaithe, VEID/SEIF, talmhaíocht agus ag glanadhmianaigh. Le linn na bliana 2003, rinneamar comhchuibhiúbreise ar ár nósanna imeachta leo sin de Rialtas naProibhinse agus bronntóirí eile, ag a raibh an aidhm an t-ualach riaracháin a bhaint ó eochair-fheidhmeannaighrialtais i mbainistiú na tacaíochta ó bhronntóirí.

Fócas ar an Tír: Comhchuibhiú ingníomh

D’fhormheas Comhairle na n-Airí straitéis Mhósaimbíc umlaghdú na bochtaineachta (PARPA, 2001-2005) sa bhliain2001. Cuireann sí béim ar fhás eacnamaíoch, arinfheistíocht phoiblí i gcaipiteal daonna agus arbhonneagar táirgiúil, agus ar athchóiriú institiúideachchun an timpeallacht do infheistíocht phríobháideach afheabhsú. Baineann forfheidhmiú na straitéise le sé réimsetosaíochta do ghníomhú: sláinte, oideachas, bonneagar,talmhaíocht agus forbairt na tuaithe, rialachas, agusbeartais mhicreacnamaíochta agus airgeadais. Tá antacaíocht arna sholáthar don Mhósaimbíc ag Comhoibriúum Fhorbairt, Éire, agus ag gach bronntóir eile frámaithethart ar an straitéis seo. Fógraíonn forfheidhmiú rathúil anPARPA go bhfuil toradh díbhinní ag cionmhaireacht mhórdár infheistíocht. Ach conas a dhéanann tír forfheidhmiúagus cur chun cinn i leith laghdú na bochtaineachta athomhas?

Ó thús na bliana 2003 tá Rialtas Mhósaimbíc agus achomhpháirtithe um thacaíocht bhuiséid ag iarraidhpróiseas monatóireachta amháin a fhorbairt mar aon lecomhphlean mhaoinithe timpeall ar nósanna imeachtaagus ar thuairiscithe an Rialtais fhéin, lena n-áiríteartuairiscithe um fhorghníomhú an bhuiséid, an PARPA agusan Plean Eacnamaíoch agus Sóisialta. Aontaíodh gur chóirgo mbeadh Creatlach ilbhliantúil um MheasúnachtFheidhmíochta (PAF) cuimsithe sa phróiseasmonatóireachta do bhronntóirí rannpháirteacha. Is maitrísí an PAF de athchóirithe beartais agus institiúideach, letáscairí monatóireachta atá dírithe ar thorthaí agus letagarmharcanna do dhul chun cinn, dá bhfuil an Rialtassásta a bheith freagrach as agus faoi choinne a n-aontódhbronntóirí tacaíocht bhuiséid a sholáthar i slite níossothuartha.

Mar a aontaíodh i mí Mheán Fómhair 2003, cuimsíteartáscairí agus tagarmharcanna sonracha sa mhaitrís PAFchun monatóireacht a dhéanamh ar an dul chun cinn donbhliain 2004 mar aon le táscairí agus le tagarmharcannatáscacha do na blianta ina dhiaidh sin. Tá súil nuashonrú adhéanamh ar an maitrís dhá uair sa bhliain, trí phróiseascomhairliúcháin le dhá chéim faoi chinnireacht an Rialtais.Is éard a bheadh sa chéad chéim ná meithleacha oibreearnáil-shonracha a aithneodh eochair-tháscairí earnála,agus sa dara chéim meitheal oibre comhordaithe, faoistiúir an Aireachta Pleanála agus Airgeadais, a cheanglódhle chéile na táscairí earnáil-shonracha i maitrís amháin athugann na tosaíochtaí foriomlána don tréimhse atá faoiathbhreithniú le fios.

Is smaoineamh coincréiteach i bhfocail é an tionscnamhPAF den chomhdhearcadh atá ag fás i meascchomhpháirtithe forbartha thart ar roinnt mhódúlachtchabhrach: (i) Tá bronntóirí an PAF tiomanta cúnamh asholáthar i slite atá ailínithe níos fearr le cuspóirí forbarthaMhósaimbíc fhéin; (ii) ar choinníoll go bhforbróidh anMhósaimbíc dea-theist go dtí seo, tá súil ag bronntóirí anPAF sreabhadh cabhrach níos sothuartha agus níos fad-théarmaí a chur ar fáil, agus (iii) aontaíonn bronntóirí anPAF go gciallóidh an tsothuarthacht coinníollacht de réir achéile a fhaightear i slí níos dírí sa PARPA.

In iarracht chun méid níos airde de shothuarthacht, dechinnteacht agus de shlándáil a thabhairt isteach saphróiseas, forbraíodh próiseas comhlántach freisin donfhorbairt PAF. Le linn na bliana 2003 d’oibrigh nabronntóirí as lámha a chéile chun Meamram Tuisceana atháirgeadh, a baineadh as an gComhaontú a aontaíodhroimhe seo. I mí na Nollag roinneadh é seo leis an Rialtasagus rinneadh cáipéis chríochnaitheach, ina sonrófarcoinníollacha na comhpháirtíochta, a sceidealadh donbhliain 2004, sa chaoi sin ag cur colún eile leis anbpróiseas comhchuibhithe atá faoi lán tseoil saMhósaimbíc anois.

www.dci.gov.ie leathnach 27

Page 29: Comhoibriú um Fhorbairt, Éire - Irish Aid...SPA Clár Speisialta um an Afraic SWAPs Cur Chuige Fairsing Earnála TEC Teicneolaíochtaí an Eolais agus na Cumarsáide UNAIDS Gníomhaireacht

tuarascáil bhliantúilleathnach 28

Tá rochtain ag níos mó páistí sa Tansáin ar bhainne gabhair úr ó cuireadh tús le gabhair dhéirí arna dtacú ag an CIS © Comhoibriú um Fhorbairt, Éire/ Pieternella Pieterse

Page 30: Comhoibriú um Fhorbairt, Éire - Irish Aid...SPA Clár Speisialta um an Afraic SWAPs Cur Chuige Fairsing Earnála TEC Teicneolaíochtaí an Eolais agus na Cumarsáide UNAIDS Gníomhaireacht

Achoimre ar an gClár

Leanadh le clár seasta na Tansáine de léirscaoileadh agus deathchóiriú eacnamaíoch le linn na bliana 2003. Cuireadh anfhás ar gcúl, áfach, nuair a theip ar na báistí ag a raibh antoradh gur tharla triomach fadaithe ar fud a lán den tír. Tá antriomach seo ar an gceann is dáiríre i stair dheireanach naTansáine, ag cruthú ganntanais bhia fhorleathana agusarduithe i gcostais an bhia. Bhí freagairt an Rialtais an-éifeachtach agus chabhraigh sí chun aon anbhuain asheachaint, ag léiriú an tseasmhacht sa tír. D’fhreagairComhoibriú um Fhorbairt, Éire, ar an ngéarchéim leranníocaíocht do cheannach síl agus arbhair. Ní amháin aran bhfás go raibh tionchar ag an triomach ach freisin arbhoilsciú, ar an mbuiséad agus ar leas na ndaoine baleochailí. D’éirigh leo an chobhsaíocht mhicreacnamaíochtaa chothabháil ámh, in ainneoin éifeachtaí aimhleasacha anthriomaigh. Bhí an teacht aniar a léirigh an geilleagar agusan t-airgeadas poiblí de thairbhe iarrachtaí an Rialtais chunan t-easnamh fioscach a thabhairt faoi smacht agus chungeilleagar na tíre seo atá bunaithe go mór ar thalmhaíocht aléirscaoileadh agus a éagsúlú.

Rinneadh Páipéar Straitéise Tíre (2003-2005) reatha dechuid Chomhoibriú um Fhorbairt, Éire, a fhormheas i2002. Is iad na príomhpháirteanna den chlár ná: forbairtna ndúichí; rialachas, cearta an duine & daonlathú;talmhaíocht, acmhainní nádúrtha & an comhshaol;oideachas; sláinte & tacaíocht bhuiséid do laghdú nabochtaineachta. Tá an clár ailínithe go dlúth le Straitéis naTansáine um Laghdú na Bochtaineachta (2000-2004).Chonacthas sa bhliain 2003 tús á chur le hullmhúcháin dofhorbairt an dara Straitéis um Laghdú na Bochtaineachta(PRSII), a chuimseoidh an tréimhse 2005-2009.

Forbairt na nDúichíChríochnaigh clár na hÉireann athbhreithniú ar an dtrí chlárceantar-bhunaithe i Ulanga, Kilombero agus Muheza atá agfáil tacaíocht uaidh i láthair na huaire. D’aithin ár spriocannaum chistiú earnálacha tosaíochta: sláinte, oideachas,soláthar uisce agus forbairt acmhainne do fhoireann nadúiche. Cuirtear tacaíocht ar fáil freisin do uasghrádú nambóithre agus do thionscadail atá dírithe ar na cleachtaisagus ar an táirgeacht thalmhaíochta a fheabhsú. Léiríonn nagcéad thorthaí ón athbhreithniú go bhfuil riachtanas ann doathstruchtúrú straitéiseach a dhéanamh ar thacaíochtÉireannach do chláir cheantar-bhunaithe trí chur chuige atácomhchuibhithe leis na bronntóirí.

Rialachas, Cearta an Duine & DaonlathúTá an tacaíocht ón gclár Éireannach do chearta anduine/daonlathú dírithe ar fheasacht na ndaoine ar a gceartadaonna agus ar chuntasacht institiúidí an Stáit dá saoránaigha mhéadú. Cuimsíonn gné an rialachais réimse idirghabháillena n-áirítear an tacaíocht don Chlár um Athchóiriú anRialtais Áitiúil (LGRP), an Clár um Fhorbairt na nDúichí,Cumann na nÚdarás Áitiúil sa Tansáin, an Clár Comhtháiteum Athchóiriú na Seirbhíse Poiblí agus Fondúireacht naSochaí Sibhialta. Ligeann an meascán idirghabhála seod’Éirinn, ar an taobh amháin de, cos a choinneáil le forbairtímaidir leis na bunathchóirithe agus ar an dtaobh eile de, súil achoinneáil ar fhorfheidhmiú na n-athchóirithe ag an leibhéaldúiche. Tá an LGRP dírithe ar sheachadadh na seirbhíse afheabhsú ag leibhéal áitiúil agus ar thógáil meicníochtaíéifeachtacha chun troid i gcoinne na breabaireachta, arinstitiúidí a neartú agus ar bheartais a fheabhsú.

Talmhaíocht, Acmhainní Nádúrtha & AnComhshaolTá cónaí ar bhreis is 80% de dhaonra na Tansáine igceantair thuaithe agus braitheann siad ar an talmhaíocht,a rannchuidíonn le timpeall 50% den Olltáirgeacht Intíre

www.dci.gov.ie leathnach 29

CABHAIR DHÉTHAOBHACH CHUIG AN TANSÁIN I 2003: €20,71 milliún DAONRA: 35.6 milliúnHDI 2003: 160 (as 175)

AN TANSÁINAN TANSÁIN

Page 31: Comhoibriú um Fhorbairt, Éire - Irish Aid...SPA Clár Speisialta um an Afraic SWAPs Cur Chuige Fairsing Earnála TEC Teicneolaíochtaí an Eolais agus na Cumarsáide UNAIDS Gníomhaireacht

(OTI) agus le 54% de thuilleamh an náisiúin ó mhalairteachtrach. Tá forbairt na talmhaíochta ríthábhachtach dofhorbairt eacnamaíoch náisiúnta agus do laghdú nabochtaineachta araon. Mar aon leis an ngné thalmhaíochtaden trí chlár ceantar-bhunaithe, tacaíonn Comhoibriú umFhorbairt, Éire, le líon clár san earnáil agus tá rólceannródaithe glactha aige chun comhchuibhiú an chuirchuige ag comhpháirtithe forbartha a chinntiú. Is í anidirghabháil is mó atá ag Éirinn ná an tacaíocht don Chlárum Fhorbairt na hEarnála Talmhaíochta (ASDP). Tácreatlach curtha ar fáil ag an ASDP a chumasaíonn anrialtas áitiúil agus na pobail áitiúla a bpróisis phleanála arialú agus a bhunaíonn timpeallacht a spreaganninfheistíocht ón earnáil phoiblí i ngach gné denthalmhaíocht. Airítear i measc chláir eile a fuair tacaíocht,an Clár um Chaomhnú & um Fhorbairt Chreasa CóstaTanga, a cheanglaíonn caomhnú an chreasa cósta leforbairt phobail; agus an Clár um Thaighde & umShíneadh atá Dírithe ar Chliaint an Chreasa Thoir, alorgaíonn éileamh na bhfeirmeoirí ar mhodhannafeabhsaithe do tháirgeadh a shásamh agus ar an gclár abhogadh i dtreo chomhtháthú laistigh den ASDP.

OideachasTá Rialtas na Tansáine ag cur Plean Forbartha cúig bhlianaum Oideachas Bunscoile (PEDP) 2002-2006 i bhfeidhm iláthair na huaire, le tacaíocht ó chomhpháirtithe forbartha.Tá an tacaíocht seo an-thábhachtach i ngeall ar chinneadhde chuid an Rialtais le déanaí chun deireadh a chur le táillído pháistí bunscoile. Tá an PEDP dírithe go sonrach archeithre eochair-chuspóir a bhaint amach; méadú i gclárú,feabhas ar an gcaighdeán, forbairt acmhainne agus nasocruithe institiúideacha a neartú. Tá tacaíocht nahÉireann dírithe ar chaighdeáin a fheabhsú in oideachasbunscoile agus táthar á imdháileadh i láthair na huaire trían gCiste Ciseáin do fhorbairt an oideachais bhunscoile.Soláthraíonn Comhoibriú um Fhorbairt, Éire, cúnamhfreisin do Haki Elimu, eagraíocht áitiúil neamh-rialtasach adhíríonn ar rialachas ag leibhéal bunscoile agus níossainiúla fós, ar rannpháirt na mban, na bhfear agus naleanaí a neartú i reáchtáil a gcóras oideachais.

SláinteÁirítear i measc na tacaíochta don earnáil shláinte nacomhpháirtíochtaí leis an Aireacht Sláinte agus lebronntóirí eile a threisiú agus forbairt leanúnach ar ChurChuige Fairsing san Earnáil Shláinte, a thugann tús áite doghníomhaíochtaí faoi leith agus a dhéanann plé arleithdháileadh na n-acmhainní agus ar ranníocaíochtaíchuig an gCiste Ciseáin um Shláinte. Is iad na

príomhchuspóirí ná na leibhéil imdhíonta a ardú; seirbhísísaotharlainne liachta agus na meabhair-sláinte a fheabhsú;oifigigh ainéistéiseacha a oiliúint; caighdeán na hoiliúnaparaimhíochaine a fheabhsú; cianoideachas a fhorbairt sanearnáil shláinte; clár na Tansáine um athchóiriú na hearnálasláinte a chur chun cinn; taighde feidhme ábhartha achothú; agus an troid i gcoinne VEID/SEIF.

VEID/SEIF D’fhorbair Coimisiún na Tansáine um SEIF (TACAIDS), faoioifig an Phríomh-Aire, Creatlach Straitéiseach NáisiúntaIlearnála um VEID/SEIF (2003-2007), i gcomhar le gachpáirtí leasmhar. Tá méadú suntasach tagtha ar thacaíochtna hÉireann do idirghabhálacha VEID/SEIF de réir naCreatlaí Straitéisí Ilearnála agus straitéis thíre na hÉireanndon Tansáin. Ghlac TACAIDS an ról chun an fhreagairtnáisiúnta a chomhordú tar éis an chéad shuirbhé náisiúntaVEID/SEIF, lenar thug Comhoibriú um Fhorbairt, Éire,tacaíocht. Tugadh cistiú freisin don fheachtas ISHI, clár umathrú iompair a bhí dírithe ar an aos óg; don tionscadalMKV, atá dírithe ar tharchur VEID agus GGT agus arthoirchis nach raibh súil leo i measc dhaoine óga; agusdon Chlár um Shláinte agus um Oideachas Scoile (SHEP),a earcaíonn, a oileann agus a thacaíonn le céimí scoile maroiliúnóirí deonacha do shláinte piaraí agus imlonnaítear iadi scoileanna tuaithe iar-bhunscoile agus i bpobail thuaitheden chuid is mó do thréimhse ocht mí. Fuair an Clúdachum Chistiúchán Tapa (RFE) cistí chun freastal ar an darababhta de thograí ó eagraíochtaí na sochaí sibhialta.Déanfar athbhreithniú ar an RFE i mí an Mheithimh 2004chun an dul chun cinn a chinntiú agus chun a áisiúlachtmar mheicníocht do mhaoiniú na dtionscnamh VEID/SEIFsa mheán-théarma a mheas.

Tacaíocht Bhuiséid do Laghdú na BochtaineachtaThug Éire tacaíocht i dtosach do fhaoiseamh ó fhiachas trían gCiste Fiacha Iltaobhach (MDF), tionscnamhiltaobhach, a lorg na hacmhainní atá ar fáil do chaiteachasin eochair-earnálacha sóisialta a mhéadú agus cabhrú leisan Tansáin na coinníollacha do chuimsiú i gclár an BhaincDhomhanda um fhaoiseamh ó fhiachas, an TionscnamhFeabhsaithe um Thíortha Bochta atá in Ard-Fhiacha (HIPC)a bhaint amach. Baineadh an cuspóir seo amach agdeireadh na bliana 2001 nuair a d’fhógair an BancDomhanda críochphointe don Tansáin chun cáiliú faoinHIPC. Agus a cuspóir bainte amach aici, athraíodh anMDF go clár tacaíochta ilearnála dar teideal, ÁisThacaíochta Buiséid um Laghdú na Bochtaineachta(PRBS). Soláthraíonn an PRBS a fhaigheann tacaíocht óÉirinn agus ó bhronntóirí eile, mar aon le ón mBanc

tuarascáil bhliantúilleathnach 30

Page 32: Comhoibriú um Fhorbairt, Éire - Irish Aid...SPA Clár Speisialta um an Afraic SWAPs Cur Chuige Fairsing Earnála TEC Teicneolaíochtaí an Eolais agus na Cumarsáide UNAIDS Gníomhaireacht

Domhanda, tacaíocht bhuiséid dhírithe chuig Rialtas naTansáine ag a bhfuil an aidhm cúnamh a thabhairt donRialtas chun soláthar inbhuanaithe a chinntiú doearnálacha tosaíochta a ainmníodh sa Chlár Straitéise umLaghdú na Bochtaineachta. Braitheann an eisíocaíocht ardhul chun cinn shásúil den Chreatlach um MheasúnachtFheidhmíochta atá faoi réir ag athbhreithnithe de chuidghrúpa bronntóra an PRBS.

Fócas ar an Tír: An Dara Straitéis umLaghdú na Bochtaineachta de chuidna Tansáine

Tugadh an chéad Straitéis um Laghdú na Bochtaineachta(PRS I) de chuid na Tansáine chun críche i mí DheireadhFómhair 2000. Is iad tosaíochtaí an PRS I, a chlúdaigh antréimhse 2000 – 2004, ná an bhochtaineacht ioncaim alaghdú, caighdeán na beatha agus an dea-bhail shóisialta afheabhsú, timpeallacht atá fabhrach do fhorbairt a bhaintamach agus a chothabháil, agus dea-rialachas aguscuntasacht a chur chun cinn. Bunaíodh an PRS I archomhpháirtíocht leathan ag páirtithe leasmhara éagsúlalena n-áirítear eagraíochtaí neamh-rialtasacha, grúpaícreidimh-bhunaithe, ionadaithe ó na ceardchumainn agusón earnáil phoiblí.

Sa bhliain 2004, tá an Tansáin ag forbairt an dara Straitéisum Laghdú na Bochtaineachta. Tá PRS II dírithe ar thógáilos cionn na ceachta a foghlaimíodh le linn an PRS I abheith á fhorbairt agus á chur i bhfeidhm agus an tioncharar an mbochtaineacht a threisiú. Tá sé ríthábhachtach doChomhoibriú um Fhorbairt, Éire, agus do chomhpháirtitheforbartha eile go mbeadh an PRS II faoi úinéireacht agagus go mbeadh monatóireacht á dhéanamh air ag gnáth-Thansánaigh agus go léireodh sé plean gnó cuimsitheachdo fhorbairt leanúnach na Tansáine.

Le linn na bliana 2003, chuaigh Comhoibriú um Fhorbairt,Éire, i mbun cainte le grúpaí den tsochaí shóisialta a bhí agdul i ngleic le cúraimí maidir le cearta talún agus rialachas,ag tabhairt tacaíocht dóibh chun idirphlé éifeachtach adhéanamh ar fhorbairt an PRS II trí phléadáil atá bunaithear fhianaise.Sampla amháin de thacaíocht Chomhoibriú um Fhorbairt,Éire, ná ár gcúnamh do ghrúpa áitiúil den tsochaíshibhialta, Foireann na nDlíodóirí um GhníomhúComhshaoil (LEAT), a rinne taighde ar thionchar namianadóireachta ar mhór-scála ar an mbochtaineacht agus

díothú shlite bheatha na mianadóirí ceirde. Spreagtuarascáil an ghrúpa seo mar aon lena phléadáil agus lenascaipeadh feasachta ina dhiaidh sin glaonna do ghníomhúag an tionscal mianadóireachta i ndáil le laghdú nabochtaineachta. I measc na moltaí bhí gur chóir glórthaagus dearcaidh na bpobal i gceantair mhianadóireachta achur san áireamh le linn fhorbairt an PRS II; tacú le pobailmhianadóireachta chun diúltú do chúngruithecorparáideacha státurraithe ar a gcearta agus ar a slitebeatha; agus oibriú i dtreo Coimisiún um Chearta anDuine níos éifeachtaí a bhaint amach, a bheadh inacmhainn gach éileamh a bheadh éifeacht aige archúiteamh do ghortú pearsanta agus do chailliúint ceartamaoine a imscrúdú.

Bhí sampla eile sa Dúiche Kilosa áit a thacaigh Comhoibriúum Fhorbairt, Éire, le staidéar arna choimisiúnú ag anRialtas chun anailís a dhéanamh ar mhéid agus arbhunchúiseanna na coimhlinte idir phobail thréadachaagus fheirmeoireachta agus chun moltaí a fhorbairt maidirle conas dul i gceann na faidhbe. Rinneadhsaincheisteanna ar rialachas agus ar easpa eolais maidir lecearta faoin Acht Talún 1999 a scrúdú aguscomhaontaíodh moltaí ar conas gluaiseacht ar aghaidh.Scaipeadh an tuarascáil go forleathan chuig an rialtas aguschuig bronntóirí a thacaigh le saincheisteanna tréadachaagus chuir sí líonraí de eagraíochtaí neamh-rialtasacha abhfuil baint acu le pléadáil do chearta talún ar an eolas. Imí na Samhna, d’éascaíomar ceardlann freisin doeagraíochtaí neamh-rialtasacha a bhfuil baint acu le ceartatalún agus le rialachas chun taithí a mhalartú, chuncomhfhoghlaim a chur chun cinn agus chun go gcuirfeadhna comhpháirtithe a chéile in iúl ar thionscnaimh reathamaidir le forbairt an PRS II.

Tá súil ag Comhoibriú um Fhorbairt, Éire, agus agcomhpháirtithe forbartha eile sa Tansáin an tacaíochtdhíreach chuig an rialtas a mhéadú chun na tosaíochtaí asonraítear sa PRS a bhaint amach. Trí chabhair a thabhairtdon tsochaí shibhialta chun a bheith rannpháirteach ibpróiseas forbartha an PRS II, táimid ag féachaint chuigego mbeidh glórtha agus taithí laethúil ghnáth-Thansánaigh, go mór mhór i leith cearta talún agusrialachas, neadaithe sa PRS, agus go gcuideoidh siad seochun cosán forbartha na Tansáine a mhúnlú sa bhliain2004 agus ar aghaidh.

www.dci.gov.ie leathnach 31

Page 33: Comhoibriú um Fhorbairt, Éire - Irish Aid...SPA Clár Speisialta um an Afraic SWAPs Cur Chuige Fairsing Earnála TEC Teicneolaíochtaí an Eolais agus na Cumarsáide UNAIDS Gníomhaireacht

tuarascáil bhliantúilleathnach 32

Rochtain fhurasta ar uisce óil shábháilte do dhaltaí scoile

Page 34: Comhoibriú um Fhorbairt, Éire - Irish Aid...SPA Clár Speisialta um an Afraic SWAPs Cur Chuige Fairsing Earnála TEC Teicneolaíochtaí an Eolais agus na Cumarsáide UNAIDS Gníomhaireacht

Achoimre ar an gClár

Chonacthas tús á chur le próiseas trasdula polaitiúil i Ugandasa bhliain 2003 agus tá súil go dtiocfaidh sé chun buaice letoghcháin ilpháirtí na hUachtaránachta agus na Parlaiminte i2006. Tá fáilte curtha roimh an ngluaiseacht i dtreothoghcháin ilpháirtí ag comhpháirtithe forbartha Uganda. Aran drochuair, chuaigh an choimhlint i dTuaisceart Uganda indéine sa tréimhse, as a d’eascair géarchéim dhaonnúil lebreis is 1.5 milliún duine díláithrithe ann. Sholáthair Éirecúnamh éigeandála faoin gclár tíre do dhaoine díláithrithedon chéad uair riamh sa bhliain 2003. Lasmuigh dátheorainneacha tháinig feabhas ar an bpróiseas chun anchobhsaíocht a fhorbairt le haistarraingt ag Uganda agus agtíortha comharsana eile dá dtrúpaí ó PhoblachtDhaonlathach an Chongó i mí Aibreán 2003. Lehidirghabháil an fhórsa ilnáisiúnta faoi chinnireacht naFraince, agus an fórsa mór de chuid na N.A. (MONUC) atháinig i gcomharbas air i mí Mheán Fómhair 2003, agus andul chun cinn sa phróiseas foriomlán síochána i bPoblachtDhaonlathach an Chongó, tá na hionchais do chobhsaíochtsa réigiún ag dul i bhfeabhas.

Le linn na bliana 2003, thosaigh Rialtas an Uganda, inéineacht leis an bpobal bronntóra, an tsochaí shibhialtaagus an earnáil phríobháideach, ar a chreatlach fhorbartha,an Plean Gníomhaíochta um Dhíothú na Bochtaineachta(PEAP) a athmheas, chun a chinntiú go leanfadh sé ag dul igceann na ndúshlán agus na dtosaíochtaí a bhí ag teacht iréim. Cé go ndearnadh dul chun cinn suntasach le bliantabeaga anuas, i dtéarmaí foriomlána, ó thaobh laghdú nabochtaineachta de, is cúis imní í an t-ardú bochtaineachta imeasc chlanna na tuaithe, mar aon le marbhántacht deeochair-tháscairí forbartha sóisialta. Tá na buntosaíochtaí

um ghníomhú atá sa PEAP nua ag athbhunú an tslándáilagus ag déileáil le cúiseanna na coimhlinte, ag athbhunú anfhás inbhuanaithe in ioncaim na mbocht, ag dul i ngleic lesaincheisteanna um chaighdeán agus um an ráta fágála sabhunoideachas agus ag feabhsú mortlaíocht mháithreachaagus naíonán. Ba í 2003 an bhliain dheireanach i bpáipéarstraitéise tíre Chomhoibriú um Fhorbairt, Éire, dontréimhse 2000-2003. Cuireadh measúnacht neamhspleáchden straitéis seo i bhfeidhm i mí Mheán Fómhair 2003, marullmhúchán do fhorbairt an CSP don tréimhse 2004-2006.D’aontaigh an mheasúnacht le treo agus le réimse an chláiragus mheas sí gur "rannchuidigh an t-athrú go tacaíochtearnála agus bhuiséid le dul chun cinn suntasach i Ugandai dtreo eochair-spriocanna forbartha na mílaoise agus gurchabhraigh sé le cur chuige comhpháirtíochta a fhorbairtnach bhfuil gan phriacal ach ag a bhfuil an acmhainninstitiúidí Uganda a neartú agus a straitéis umbhochtaineacht a dhaingniú"1

Lean clár Uganda de Chomhoibriú um Fhorbairt, Éire, lenafhócas láidir ar fhorbairt na hearnála sóisialta, ar dhea-rialachas agus ar réiteach coimhlinte agus ar fhorbairt natuaithe.

An Comhthéacs EacnamaíochLe linn na bliana 2003 tá cobhsaíocht leanúnach léirithe aggeilleagar Uganda, le fás maith eacnamaíoch agus le rátaíseal boilscithe. Níl na rátaí fáis chomh hard agus a bhí snablianta roimhe seo áfach; chuaigh an titim sa phraghasdomhanda do chaife thar blianta beaga anuas i bhfeidhmgo dochrach ar an ngeilleagar, le fás bheartaithe i 2003/04de 5.6% den OTI i gcomparáid le meánráta de 6.5% tharna deich mbliana a chuaigh thart. Beidh feidhmíocht nahearnála talmhaíochta agus an riachtanas do éagsúlú sagheilleagar ina eochair do fhás bhreise eacnamaíoch agus

www.dci.gov.ie leathnach 33

CABHAIR DHÉTHAOBHACH CHUIG UGANDA I 2003: €34.32 milliún DAONRA: 24.7 milliúnHDI 2003: 147 (as 175)

UGANDA

1 Mokoro Ltd. (2003) measúnacht ar Straitéis Thíre Uganda 2000-2003, do Chomhoibriú um Fhorbairt, Éire. P.17

Page 35: Comhoibriú um Fhorbairt, Éire - Irish Aid...SPA Clár Speisialta um an Afraic SWAPs Cur Chuige Fairsing Earnála TEC Teicneolaíochtaí an Eolais agus na Cumarsáide UNAIDS Gníomhaireacht

do laghdú breise na bochtaineachta. Chun na críocha seo,tá an Rialtas ag dul ar aghaidh lena Phlean um NuachóiriúTalmhaíochta (PMA) a bhfuil súil go n-athstruchtúróidh séan earnáil agus go dtáirgfidh sé torthaí dearfacha thar nablianta atá le theacht. Tá an Rialtas ag leanacht le beartasacmhainneach chun a easnamh fioscach a ísliú, mar gobhfeictear go bhfuil leibhéil arda de chaiteachas poiblí agplódú gníomhaíocht na hearnála príobháidí sa gheilleagar.Is cuspóir tábhachtach é an ghiniúint ioncaim baile amhéadú, atá fós íseal (12.1% den OTI) de réir chaighdeáinna hAfraice fho-Shahára.

Tacaíocht BhuiséidTá an tacaíocht bhuiséid arna sholáthar ag Comhoibriú umFhorbairt, Éire, a imdháiltear anois trí an gCiste umGhníomhú na Bochtaineachta (PAF)2, ceaptha chun anRialtas a chumasú chun obair ar son fhás eacnamaíoch thapaagus inbhuanaithe, le tacaíocht ó na beartais bhocht-bhácha.San iomlán, tá timpeall aon trian de chlár tíre foriomlán nahÉireann cuimsithe ag an tacaíocht PAF. Go lárnach dó seotagann an comhordú le bronntóirí eile de thacaíochtbhuiséid agus an leibhéal forbartha de chomhairliú le RialtasUganda ar fhrámú an bhuiséid bhliantúil, chun buaice sanAthbhreithniú um Chaiteachas Poiblí gach Bealtaine. Is é anCreidmheas Tacaíochta um Laghdú na Bochtaineachta atáfaoi stiúir an Bhainc Dhomhanda – a thacaíonn le PleanGníomhaíochta Uganda um Dhíothú na Bochtaineachta – anmheicníocht a úsáidtear do mheasúnacht fheidhmíochta, doleagan síos na spriocanna agus na táscairí feidhme agus dochainteanna leis an Rialtas.

DílárúTar éis athbhreithniú na gClár Ceantar-Bhunaithe i 2002,chuir Comhoibriú um Fhorbairt, Éire, próiseas trasdula ibhfeidhm, inar cuimsíodh fáil réidh céim ar chéim letacaíocht dhíreach do na Dúichí Humi, Kibaale agusKiboga agus díriú isteach ar na tionscnaimh atá dírithe arfud na tíre den Tionscadal um Fhorbairt an Rialtais Áitiúil(LGDP II). Tá an Tionscadal LGPD II – tús le cur chuige dodhílárú ar fud na hearnála lena raibh líon bronntóirbainteach – dírithe ar sheachadadh na mbunseirbhísí afheabhsú chun an fhás eacnamaíoch agus laghdú nabochtaineachta a spreagadh trí fheidhmíochtinstitiúideach an Rialtais a fheabhsú. Bhí páirt ghníomhachag Comhoibriú um Fhorbairt, Éire Uganda, i gceapadh anchláir seo. Tá Éire ag tabhairt tacaíocht freisin don Straitéisum Dhílárú Fioscach. Idir an dá linn, tá an clár Éireannach

ag cothabháil a chomhpháirtíocht le trí dhúiche tríthacaíocht sna réimsí - forbairt acmhainne, tacaíocht dontsochaí shibhialta agus don earnáil phríobháideach, maraon le príomhshruthú VEID/SEIF.

Talmhaíocht agus TáirgeadhLean Éire lena tacaíocht don ghéag sínte talmhaíochta denPhlean um Nuachóiriú Talmhaíochta – na SeirbhísíNáisiúnta um Chomhairle Thalmhaíochta (NAADS).Léirigh an t-athbhreithniú PEAP an riachtanas le tuilleadhacmhainní a infheistiú i dtáirgeadh (talmhaíochta), atá inaearnáil thosaíochta, má tá tromlach mhuintir Uganda chunan bhochtaineacht a sheachaint.

Rialachas agus CeartasSa bhliain 2003, d’fhan idirphlé na hÉireann sa Chlár umRialachas agus um Cheartas dírithe ar an Earnáil Chirt, Riailagus Reacht (ECRR), lena n-áirítear ceartas don óige; ceartaan duine; frith-bhreabaireacht; réiteach coimhlinte; tacaíochtdon Pharlaimint; daonlathú; agus cúnamh daonchairdiúil.Cláraíodh dul chun cinn nach beag maidir le hathchóirithebeartais, dlíthiúla agus institiúideacha sna réimsí seo. Táacmhainní teoranta daonna agus airgeadais fós ina dhúshlándo fhorfheidhmiú an chláir athchóirithe thar na hearnálachaseo. Ghlac Éire agus bronntóirí eile ról gníomhach chun cláirathchóirithe a chur chun cinn leis an ECRR, le CoimisiúnUganda um Chearta an Duine, leis an gCoimisiún umPhardún, leis an Stiúrthóireacht um Eitic agus um Ionracas,le Foireann Chigireachta an Rialtais, le hEagraíochtaí Neamh-Rialtasacha agus eile. Beidh talmhú an dhea-rialachais agus abhunchreidimh de thrédhearcacht, cuntasacht, cirt,comhpháirtíocht, oscailteacht agus dlisteanacht thar gachearnáil ina ghné láidir de chlár Chomhoibriú um Fhorbairt,Éire Uganda, thar thréimhse an chéad CSP eile.

VEID/SEIF In ainneoin na dtreochtaí meáite in ionfhabhtú VEID, bhíbreoiteacht a bhain le VEID fós ar an gcúis ba mhó lemortlaíocht i measc dhaoine fásta aois 15-49 bliain d’aois, lebuaicphointe thart ar 28-34 bliain. As iomlán 1 milliún amheastar a bheith ag maireachtáil leis an ngalar, tá teiripefhrith-aisvíreasach riachtanach do 200,000 duine agus tá rátana n-ionfhabhtaithe nua timpeall ar 5 dhuine gach nóiméad.Is é an fócas reatha do Uganda, dá bhrí sin, na straitéisí umchosc a chothromú le hiarrachtaí cóireála do dhaoine atá agmaireachtáil le VEID/SEIF.

tuarascáil bhliantúilleathnach 34

2 Bunaíodh an Ciste um Ghníomhú na Bochtaineachta den chéad uair mar chaoi chun féachaint chuige go raibh cistí a osclaíodh suas tríathsceidealadh fiachais á n-úsáid chun tacaíocht a thabhairt do earnálacha mar an tsláinte agus an t-oideachas. Ina fhoirm fhorbartha tá an Ciste, atácomhdhéanta as cistiú Ugandach agus na mbronntóirí agus fós dírithe ar an earnáil shóisialta, cosanta i gcoinne luaineachtaí buiséadacha.

Page 36: Comhoibriú um Fhorbairt, Éire - Irish Aid...SPA Clár Speisialta um an Afraic SWAPs Cur Chuige Fairsing Earnála TEC Teicneolaíochtaí an Eolais agus na Cumarsáide UNAIDS Gníomhaireacht

Thacaigh an clár Éireannach sa bhliain 2003 le méadú ó scálana freagartha ilearnála ar VEID/SEIF ag leibhéal náisiúntaagus dúiche araon. Rinneadh an tacaíocht a imdháileadh trídan Rialtas lárnach chun comhordú náisiúnta a neartú, aguschun príomhshruthú an VEID/SEIF san earnáil oideachais aéascú. Rinneadh measúnacht ar an dtrí chlár dúiche doVEID/SEIF leis an gcuspóir an chéad chéim eile dethacaíocht dhúiche a chur in iúl, agus éascaíodh eagraíochtaína sochaí sibhialta chun cumhdach seachadadh seirbhíse amhéadú.

Sláinte Cuimsíodh 17% de bhuiséad na bliana 2003 le tacaíochtChomhoibriú um Fhorbairt, Éire, do earnáil shláinteUganda. As an méid seo, ba tacaíocht chomharthaithedon bhunchúram sláinte 85% de, agus úsáideadh 15%chun tacaíocht a thabhairt do fhorfheidhmiú an chláiroiliúna um bhunchúram sláinte a chuir an FhondúireachtAfracach um Leigheas agus um Thaighde (AMREF) ibhfeidhm i gcomhar leis an Aireacht Sláinte. Tá na rataíarda de mhortlaíocht mháithreacha agus naíonán fós inachúis mhór imní do Uganda.

Fócas ar an Tír: Oideachas

Is gné thábhachtach de chlár na hÉireann i Uganda í antacaíocht don oideachas. Ó 1997 i leith, tá tacaíocht ásholáthar do fhorfheidhmiú an Chláir um BhunoideachasUilíoch (UPE). Is é an toradh a bhí leis an gclár UPE náméadú ar an líon páiste cláraithe sna bunscoileanna ó 2.9milliún go 7.3 milliún i 2003. Tá an rochtain ar an oideachasdo chlanna níos boichte agus do pháistí le riachtanais

speisialta cinntithe ag an gclár. Chun coinneáil suas leis anméadú i líon na bpáistí, tá méadú tagtha freisin ar líon naseomraí ranga trí dheontas do áiseanna scoile a sholáthardo na dúichí. Cuirtear deontas ar fáil do scoileanna freisindo bhunábhair fhoghlamtha fad agus atá iarrachtaíleanúnacha ar siúl chun na múinteoirí neamhoilte a oiliúintagus chun tacaíocht a thabhairt do fhorbairt leanúnachgairmiúil na dteagascóirí. Tugann an tacaíocht earnála óChomhoibriú um Fhorbairt, Éire, don oideachas cúnamhdo na cláir seo. Cuireadh 26% de bhuiséad na bliana 2003isteach san earnáil oideachais i 2003.

Ag feabhsú an caighdeán oideachaisEochair-dhúshlán don earnáil is ea an caighdeánoideachais a fheabhsú agus a chinntiú go gcríochnóidhpáistí a mbunscolaíocht. Caithfear dul i gceann na faidhbefágála scoile agus an neamhláithreachais i measc dhaltaímar aon le neamhláithreachas na múinteoirí. LeanannComhoibriú um Fhorbairt, Éire, lena thacaíocht doiarrachtaí na hAireachta Sláinte chun an caighdeán afheabhsú. Cuireadh cúnamh teicniúil ar fáil sa bhliain 2003do athchóiriú na straitéise forbartha múinteora agus dofhorbairt bheartais agus straitéise chun TEC a ionchorprúsan oideachas. Ag an leibhéal dúiche, cuireadh taighde igcrích sna dúichí Kumi, Kiboga agus Kibaale chun a fháilamach cén fáth a fhágann páistí an scoil agus cad arannchuidíonn le scoileanna a fheidhmíonn go maith. Sachúig dhúiche Rwenzori, thug Comhoibriú um Fhorbairt,Éire, tacaíocht do phróiseas taighde gníomhaíochta inarndearna príomhoidí, cigirí agus teagascóirí áitiúla anailís arna fachtóirí a rannchuidíonn le feabhsú na scoile. Tá nacúiseanna do fhágáil na scoile an-chasta agus baineannsiad le caighdeán an oideachais i scoileanna mar aon le

www.dci.gov.ie leathnach 35

An tAire Stáit Tom Kitt TD ag tabhairt cuairt ar champa dídeanaithe Ntoroko, i dtuaisceart Uganda (grianghraf: Frank Sheridan)

Page 37: Comhoibriú um Fhorbairt, Éire - Irish Aid...SPA Clár Speisialta um an Afraic SWAPs Cur Chuige Fairsing Earnála TEC Teicneolaíochtaí an Eolais agus na Cumarsáide UNAIDS Gníomhaireacht

tuarascáil bhliantúilleathnach 36

Scolaire ábalta ag ullmhú dáscrúdaithe, ag súil le háit abhaint amach sa Choláiste Oiliúna do MhúinteoiríBunscoile. Le caoinchead óAnne O'Keefe

Page 38: Comhoibriú um Fhorbairt, Éire - Irish Aid...SPA Clár Speisialta um an Afraic SWAPs Cur Chuige Fairsing Earnála TEC Teicneolaíochtaí an Eolais agus na Cumarsáide UNAIDS Gníomhaireacht

fachtóirí sóisialta-eacnamaíochta agus cultúrtha. Insíonnglórtha na bpáistí dúinn na deacrachtaí a bhíonn os agcomhair sa bhaile.

"tugann ár dtuismitheoirí obair tí dúinn a bhíonn orainn adhéanamh nuair ba chóir dúinn a bheith ag léamh leabhairagus ag déanamh ár n-obair bhaile. Deireann siad linn freisinnach bhfuil dóthain airgid acu chun pairifín a cheannach"

"Tá go leor obair sa bhaile i.e. ag iompair na naíonáin, agdul faoi choinne uisce, ag níochán plátaí agus éadaí.Cuireann cuid de na tuismitheoirí a dhéanann alcól iallachort cabhrú leo chun é a bhruith."

Tá fíorais an thaighde agus an próiseas féin, a chabhraighchun acmhainn an phearsanra oideachais áitiúil afhorbairt, á n-úsáid chun cuidiú leis na dúichí acmhainní achionroinnt i slí níos éifeachtaí ar réimsí a rannchuidíonn leteagasc agus le foghlaim fheabhsaithe. Áirítear ina meascan bainistiú scoile a fheabhsú, ag díriú ar scríobh agus arléamh agus na naisc scoileanna pobail a fheabhsú.Cuireadh tús freisin i 2003 le próiseas athchóirithecuraclaim ag leibhéal bunscoile agus leanfar é seo lehathchóiriú ar churaclam oideachais na múinteoirí. ChuirÉire críoch le hathchóirithe freisin ar an gColáiste CanonApolo do Mhúinteoirí Bunscoile i Rwenzori sa bhliain2003 agus cuireadh tús le hullmhúcháin do chlár píolótachum oideachas TEC do mhúinteoirí.

Rochtain ar an oideachas iar-bhunscoile Tá rochtain ar an oideachas iar-bhunscoile tábhachtachfreisin chun a chinntiú go gcríochnaíonn páistí a n-

oideachas bunscoile. Chríochnaigh an chéad ghrúpa depháistí UPE na scrúdaithe fágála bunscoile i mí na Samhna2003. Sa bhliain 2002 ní raibh ach a dhóthain áiteanna iscoileanna iar-bhunoideachais chun freastal a dhéanamh ar50% den lucht fágála bunscoile. Tá an Aireacht Oideachais,le cúnamh ó Éirinn agus ó bhronntóirí eile, ag obair armhéadú an oideachais iar-bhunscoile mar chuid defhorbairt an Phlean Straitéisigh um an Earnáil Oideachais 2 (ESSP2). Lena chois seo, chur Comhoibriú um Fhorbairt,Éire, measúnacht riachtanais i gcrích ar stádas anoideachais iar-bhunscoile i Karamoja, réigiún tréadach inoir-thuaisceart Uganda agus ceann de na réigiúin is mó atáfaoi mhíbhuntáiste maidir le rochtain ar an oideachas iar-bhunscoile. Bhí cainteanna ag Comhoibriú um Fhorbairt,Éire, leis an Aireacht Oideachais agus le húdaráis dhúiche iKaramoja maidir le tacaíocht chomharthaithe donoideachas iar-bhunscoile sa réigiún.

Na dúshláin don todhchaíIs é an dúshlán don Aireacht Oideachais agus dáchomhpháirtithe bronntóra don todhchaí ná nagnóthachain a rinneadh ó tugadh isteach an clár UPE achothabháil. Beidh comhiarrachtaí gach chomhpháirtí dedhíth chun caighdeán an bhunoideachais a fheabhsú, chunan t-oideachas iar-bhunscoile a fhairsingiú agus chun córastreasach a fhorbairt atá inacmhainneach agus sofhreagrachdo riachtanais shóisialta agus eacnamaíochta Uganda. Isiad sin an t-Aireacht Oideachais, tuismitheoirí, bronntóirí,an tsochaí shibhialta agus an earnáil phríobháideach.

www.dci.gov.ie leathnach 37

Athchóirithe ag an gColáiste Canon Apolo do Mhúinteoirí Bunscoile a tugadh chun críche i 2003

Page 39: Comhoibriú um Fhorbairt, Éire - Irish Aid...SPA Clár Speisialta um an Afraic SWAPs Cur Chuige Fairsing Earnála TEC Teicneolaíochtaí an Eolais agus na Cumarsáide UNAIDS Gníomhaireacht

tuarascáil bhliantúilleathnach 38

Clann óg i réigiún Copperbelt na Saimbia atá cloíte le VEID/SEIF (grianghraf: Frank Sheridan)

Page 40: Comhoibriú um Fhorbairt, Éire - Irish Aid...SPA Clár Speisialta um an Afraic SWAPs Cur Chuige Fairsing Earnála TEC Teicneolaíochtaí an Eolais agus na Cumarsáide UNAIDS Gníomhaireacht

Achoimre ar an gClár

Chuaigh na deacrachtaí a bhí ag Rialtas na Saimbia leis angCiste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta (IMF) ar dháshaincheist shuntasach go mór i bhfeidhm ar an staideacnamaíoch sa tír. Bhain ceann amháin acu leis anseasamh pobalachais a thóg an tUachtarán ar an gceistmaidir le príobháidiú na gcuideachtaí stát, atá go lárnachdon tSaimbia chun spriocanna maicreacnamaíochta áirithea bhaint amach. Thit an dara ceann amach mar thoradh arróchaiteachas trom buiséid a tharraing an Rialtas ar féintrína dhéileálacha ar phacáistí tuarastail le ceardchumainnna seirbhíse poiblí. Ba é an tionchar a bhí aige seo ná ÁisFháis an IMF um Laghdú na Bochtaineachta a chur ar athlóagus ionchas na Saimbia chun Críochphointe an HIPC abhaint amach i 2003 a chur ar gcúl. Ar dhóigh eile, bhí líontáscaire eacnamaíoch dearfach ann – feabhas ar phraghasan chopair, cuireadh fómhar maith isteach, agus sháraighan ráta fáis de 5.1% an sprioc (cé go cúlánta) de 4.5%.

VEID/SEIF Tá VEID/SEIF ar an mbagairt is mó go hinargóinte chun anbhochtaineacht ainsealach a théann i bhfeidhm ar 79% dedhaonra na Saimbia a shárú. Ba í straitéis Chomhoibriú umFhorbairt, Éire, ná cuidiú leis na daoine a ndeachaigh angalar i bhfeidhm orthu agus leis na daoine ionfhabhtaithe aggach leibhéal ón teaghlach go dtí an leibhéal náisiúnta. Sabhliain 2003 thugamar tacaíocht do chláir um Dhílleachtaíagus um Leanaí Leochaileacha i bpéire de na naoibProibhinsí sa tSaimbia. Chuaigh na hidirghabhálacha seo ibhfeidhm ar iomlán measta de 50,000 leanbh dílleachtachagus in anás. Chabhraigh an tacaíocht do thionscnaimh umChúram Teaghlach-Bhunaithe ní amháin leo siúd atá buailteag SEIF, ach freisin lena gclanna atá ag sracadh chun an lámhin uachtar a fháil ar a riachtanais maoithneacha agusábhartha. Ag leibhéal náisiúnta, tá tacaíocht tugtha agComhoibriú um Fhorbairt, Éire, do fheidhmiú éifeachtach na

Comhairle Náisiúnta um SEIF atá freagrach as gachidirghabháil a bhaineann le VEID/SEIF sa tír a chomhordú.Tá céim chun tosaigh tógtha ag Éire chun cuidiú le feidhmchomhordaithe na Comhairle Náisiúnta um SEIF sna naoibProibhinse a neartú. I ngach ceann de na hidirghabhálachaseo tá gné thábhachtach pléadála a théann i láthair ardhaoine ar bhonn leanúnach le dáiríreacht an ionfhabhtaitheVEID/SEIF agus conas ar chóir do dhaoine an eipidéim adhí-náiriú, cur chuige trócaireach a ghlacadh i ndáil leo siúdatá ionfhabhtaithe cheana, agus conas iad féin a iompar imbealaí a chabhróidh chun scaipeadh galair atá ag déanamhbagairt do gach gné de shaol na Saimbia a chur ar gcúl faoidheireadh.

Dea-RialachasCosúil le VEID/SEIF, is saincheist thrasgearrtha é an dea-rialachas, atá ríthábhachtach do fhorbairt inbhuanaitheagus ceist a bhféadfadh bagairt a dhéanamh do gachiarracht chun caighdeán na beatha a ardú do dhaoine,mura dtéitear sa tóir air go dian. Fréamhaithe sa chuspóirlárnach de rannpháirtíocht na saoránach, dhírigh straitéisthacaíochta Chomhoibriú um Fhorbairt, Éire, arthionscnaimh a bhfuil baint acu le rialachas ar cheithreleibhéal sa bhliain 2003. I dtosach báire leanamar letacaíocht a thabhairt do chumasú eagraíochtaí de chuid nasochaí sibhialta chun páirt a ghlacadh sa díospóireachtáitiúil agus náisiúnta ar shaincheisteanna gur comhspéisshóisialta iad. An dara leibhéal ná gur thugamar tacaíochtgo réamhghníomhach do bheartas nua Rialtas na Saimbiaum dhílárú, ag a bhfuil an cuspóir an seachadadh seirbhíseagus an comhordú forbartha a dhílárú go hinstitiúidí atátofa go háitiúil. An tríú leibhéal ná gur dhíríomar arfheidhmeanna na parlaiminte agus na bparlaiminteach aathchóiriú leis an gcuspóir na hionadaithe tofa náisiúnta adhéanamh níos freagraí, níos sofhreagraí agus níos dúshlánaías bheartais an rialtais. Ar deireadh, thacaíomar le hathruithebunúsacha sa rialachas eacnamaíoch, cruthú na meicníochtaí

www.dci.gov.ie leathnach 39

CABHAIR DHÉTHAOBHACH CHUIG AN TSAIMBIA I 2003: €14.65 milliún DAONRA: 10.8 milliúnHDI 2003: 163ú (as 175)

AN TSAIMBIA

AN TSAIMBIA

Page 41: Comhoibriú um Fhorbairt, Éire - Irish Aid...SPA Clár Speisialta um an Afraic SWAPs Cur Chuige Fairsing Earnála TEC Teicneolaíochtaí an Eolais agus na Cumarsáide UNAIDS Gníomhaireacht

bainistíochta airgeadais áitiúla agus náisiúnta ach go háirithe,chun cabhrú leis an trédhearcacht a chinntiú, chun an cumasdo mhí-úsáid na n-acmhainní poiblí a íoslaghdú, agusrannchuidiú leis an bpróiseas náisiúnta buiséid a dhíriú arStraitéis na Saimbia um Laghdú na Bochtaineachta.

OideachasDhírigh tacaíocht Chomhoibriú um Fhorbairt, Éire, donearnáil oideachais sa bhliain 2003 den chuid is mó arPhlean Straitéiseach an Aireachta Oideachais 2003-2007.Rinneadh tacaíocht don Phlean seo a chomhroinnt letacaíocht ó bhronntóirí eile agus cuireadh ar fáil é do gachgníomhaíocht den earnáil mórthimpeall na tíre, aguscomhtharthaíodh roinn de chun an próiseas díláraithe ibProibhinse an Tuaiscirt a phíolótú a bhí dírithe arsheachadadh na seirbhíse oideachais a fheabhsú agleibhéal na dúiche agus ina dhiaidh sin ag leibhéal nascoile. De réir a thiomantais do idirphlé na sochaí sibhialtasan earnáil a éascú, sholáthair Comhoibriú um Fhorbairt,Éire, cistiú do thionscnaimh de chuid na sochaí sibhialta.

Tugadh an Plean isteach sa bhliain 2003 leis an gcuspóir nascileanna do laghdú na bochtaineachta, do fhostaíocht agusdo fhás eacnamaíoch a mhéadú, chun na críocha, rochtainchothrom ar oideachas agus ar oiliúint cuí ar ard-chaighdeán a sholáthar a chuimsíonn idirghabhálachaVEID/SEIF thar na dtrí fho-earnáil (bun, ard agus treasach).Mar thoradh ar na meicníochta cistithe comhroinnte, bhí anseans ag gach bunscoil maoiniú a fháil gach téarma doriarachán na scoile lena raibh beartaithe seachadadh anoideachais a fheabhsú. Ina theannta seo, tháinig feabhasmhór ar sholáthar na n-ábhar múinteoireachta agusfoghlamtha agus bhí na múinteoirí in acmhainn páirt aghlacadh i ngníomhaíochtaí scoil-bhunaithe um fheabhsúscileanna. Ar an iomlán, chonacthas méadú ar líon nabpáistí cláraithe ag na leibhéil bhunscoile agus ardscoile i2003.

Tá Comhoibriú um Fhorbairt, Éire, ina eochair-chomhpháirtísan earnáil oideachais sa tSaimbia. Glacaimid páirt i ngachfóram bainistíochta tábhachtach agus bainimid úsáid astuseo chun páirt a ghlacadh i monatóireacht agus chunrannchuidiú le próiseas cinnteoireachta na gclár. Chuir antacaíocht chomharthaithe do Phroibhinse an Tuaiscirt ar árgcumas monatóireacht bhunaidh a dhéanamh arfhorfheidhmiú an Phlean agus úsáid a bhaint as an aiseolasdo chinnteoireacht agus do chainteanna saineolacha leis anAireacht Oideachais.

SláinteCaitheadh leath den €2,966,056 a infheistíodh san earnáilshláinte ar an gCur Chuige Fairsing Earnála (SWAp), atádírithe ar fhorbairt na gcóras sláinte dúiche. Chonacthas lelinn na bliana méadú an SWAp chun gach ospidéal achuimsiú ann. Ghlac Comhoibriú um Fhorbairt, Éire, róllárnach chun an próiseas seo a éascú trí thacaíocht athabhairt do na ceardlanna tionscnaimh náisiúnta agus dona misinéirí um mheasúnacht acmhainne i ngach ospidéal.Ar chomhuain, leanamar leis an acmhainn institiúideach agan leibhéal lárnach a neartú.

Ag tógáil os cionn ár n-idirghabhálacha rathúla roimhe seo satsláinte atáirgthe, thosaíomar sa bhliain 2003, i gcomhar leisan Aireacht Sláinte, ar thionscadal chun scoil chnáimhseachaisi bProibhinse an Tuaiscirt a mhéadú chun rannchuidiú leleibhéal an fhreastail oilte le linn bhreithe a ardú (eochair-straitéis chun mortlaíocht na máithreach a ísliú).

Leanamar lenár dtacaíocht do fheabhsú na seirbhísísaotharlainne liachta agus ach go háirithe, an fhorbairtacmhainní daonna a bhaineann leis. Cuireadh méadú anCholáiste Ndola do na hEolaíochtaí Bithleighis i gcríchagus tugadh í do Rialtas na Saimbia i mí DheireadhFómhair 2003.

Uisce agus Sláintíocht Agus gan ach rochtain ar uisce shábháilte ag 49.1% dedhaonra na Saimbia agus gan ach 14.9% ag a bhfuilrochtain ar áiseanna leithris chearta, tá an cumhdachseirbhísí uisce agus sláintíochta fós an-íseal. De bharr natábhachta a bhaineann le cumhdach uisce agus sláintíochtaoiriúnach do fhorbairt an duine, aithníonn Rialtas naSaimbia an riachtanas chun feidhmíocht na hearnála afheabhsú ionas go n-ardófar a seasamh sóisialta aguseacnamaíoch. Chuir an Rialtas, le tacaíocht ó Chomhoibriúum Fhorbairt, Éire, agus ó chomhpháirtithe eile, tús lepróiseas chun an comhordú de ghníomhaíochtaí agleibhéal náisiúnta faoin earnáil a fheabhsú, d’fhonntacaíocht níos fearr agus maoiniú comhordaithe a éascú doleibhéil rialtais níos ísle agus do na pobail.

Thug Comhoibriú um Fhorbairt, Éire, tacaíocht ibProibhinse an Tuaiscirt do struchtúir phroibhinse agusdhúiche an Rialtais chun an tsoláthair de uisce agus deshláintíocht shábháilte a éascú do cheantair thuaithe. Lelinn na bliana, bhain timpeall 100,000 duine sochar as 348pointe uisce a tógadh as an nua. Tógadh 117 leithreas Poil

tuarascáil bhliantúilleathnach 40

Page 42: Comhoibriú um Fhorbairt, Éire - Irish Aid...SPA Clár Speisialta um an Afraic SWAPs Cur Chuige Fairsing Earnála TEC Teicneolaíochtaí an Eolais agus na Cumarsáide UNAIDS Gníomhaireacht

Feabhsaithe Aeruithe ag ionaid shláinte agus i scoileanna.D’éascaíomar freisin tráchtálú an tsoláthair sheirbhíseuisce agus sláintíochta uirbigh mar bhealach amháin chunrochtain ar uisce sábháilte agus ar shláintíocht a mhéadúdo bhochta na gcathracha.

Fócas ar an Tír: Cúige an Tuaiscirt –"Cosa ar an Talamh" ag Comhoibriúum Fhorbairt, Éire

Samhlaigh ceantar dhá uair go leith chomh mór le hÉirinn.Samhlaigh ceantar ina maireann 81% den daonra indúbhochtaineacht, áit a fhaigheann 180 as gach 1,000páiste bás roimh a 5ú bhreithlá, agus áit, má bhíonn an t-ádh leat, go mbeidh súil agat maireachtáil go dtí anchnagaois mhaith de 45 bliain. Seo í an Cúige an Tuaiscirtsa tSaimbia. Seo an áit a bhfuil Comhoibriú um Fhorbairt,Éire, tiomanta cabhrú le pobail an lámh in uachtar a fháil aran angar biorach.

Tá an bhochtaineacht a théann i bhfeidhm ar thromlachmhuintir an Cúige an Tuaiscirt iolraithe ag an bpaindéimSEIF ag a bhfuil an chuid is mó de na haoisghrúpaí isacmhainneacha ídithe aige go tréan. Is ar na mná agus arna leanaí is mó a théann sé i bhfeidhm. Tá ciorcal lochtachde bhochtaineacht ann, nach bhfuil á bhriseadh ach gomall, trína bhfuil básanna SEIF-bhainteacha agus galairainsealacha ag déanamh cúis chun leochaileacht nandaoine is boichte don ghalar a mhéadú. Tá cur chuigeChomhoibriú um Fhorbairt, Éire, don thacaíochtfhorbartha dírithe amhlaidh ar straitéisí um laghdú nabochtaineachta a ceapadh i gcomhar le hinstitiúidí áitiúlaagus a thugann aird bhreithiúnach dá réir sin ar iargúltachtthromlach na bpobal, ar bhóithre a bhíonn dothrasnaithego minic agus ar an deacracht chun soláthraithe seirbhíseoilte mar mhúinteoirí agus mar oibrithe sláinte amhealladh. Dá réir sin, cumadh comhpháirtíochtaí lecomhpháirtithe forbartha eile mar Chumann Forbartha nahÍsiltíre (SNV) agus Ciste Infheistíochta Sóisialta naSaimbia (ZAMSIF) a fuair tacaíocht ón mBanc Domhanda.

Is í an fhís atá mar bhunsraith ag ár dtacaíocht ná "chun achinntiú go bhforbróidh an Rialtas, an tsochaí shibhialtaagus an earnáil phríobháideach na sochair do na pobail".De réir na físe seo chinn an bhliain 2003 comhdhlúthú dechomhpháirtíochtaí le pobail agus le húdaráis áitiúla athéann i gceann na saincheisteanna sláinte, oideachais,

uisce agus sláintíochta, VEID/SEIF, agus an dea-rialachais.Ina theannta seo, thionscain Comhoibriú um Fhorbairt,Éire, staidéar dar teideal "Slite Beatha a fheabhsú dotheaghlaigh ar a ndeachaigh VEID/SEIF i bhfeidhm orthusa Cúige an Tuaiscirt". Cuirfidh an staidéar seo bunsraith arfáil chun straitéisí nua a fhorbairt ag a mbeidh tionchar arfhorbairt bhocht-bhách agus an bonn sócmhainne dotheaghlaigh leochaileacha do VEID/SEIF a neartú.

Ba iad forbairtí spreagúla na bliana 2003 ná méadú sa rátaúinéireachta ag pobail agus ag údaráis áitiúla araon,acmhainn phleanála fheabhsaithe, agus níos mó aird archaighdeán an rialachais. Áirítear i measc na dtorthaíinláimhsithe: soláthar 348 saoráid uisce; solátharcumarsáide raidió do 12 Bhord Oideachais Dhúiche agusdo 10 n-ionad sláinte tuaithe; ísliú ó 3 lá go 4 uair anchloig an am a thógtar chun mná torracha a chur chuigionad sláinte tuaithe (agus i gcás na n-ionad sláinte igcóngar, ó uair go leith go 30 nóiméad); agus tacaíochtbhia fhorlíontach arna sholáthar do 100 teaghlach agus do500 dílleachta agus leanbh leochaileach.

Ceacht thábhachtach atá foghlamtha ón dtacaíochtatáimid á sholáthar sa Cúige an Tuaiscirt ná nár féidirforbairt a bhaint amach le straitéis aonarach amháin ach tríchomhchur-chuige tras-earnála i réimsí mar mhaolú agusmar chosc ar thionchar an VEID/SEIF. Tá rannpháirtíochtna saoránach i mbainistiú forbartha ríthábhachtach freisin,trí chur chuige rannpháirteach i leith phleanáil agus i leithchomhairliúchán leathan lena páirtithe leasmhara amhéadaíonn an ráta úinéireachta pobail de phróisis agusde chórais. Lena chois seo, caithfear plé leanúnach achothabháil le comhpháirtithe forbartha eile chun an curchuige a chomhchuibhiú, chun dúbláil a sheachaint aguschun féachaint chuige go mbeidh riachtanais na bpobalmar phríomhfhócas dár n-iarrachtaí i gcónaí. In a lánbealaí, tá tacaíocht Chomhoibriú um Fhorbairt, Éire, donCúige an Tuaiscirt ar an ngné is suntasaí de thacaíocht nahÉireann do phobal na Saimbia.

www.dci.gov.ie leathnach 41

Page 43: Comhoibriú um Fhorbairt, Éire - Irish Aid...SPA Clár Speisialta um an Afraic SWAPs Cur Chuige Fairsing Earnála TEC Teicneolaíochtaí an Eolais agus na Cumarsáide UNAIDS Gníomhaireacht

tuarascáil bhliantúilleathnach 42

Bean sa Tíomór Thoir (Timor-Leste). Le caoinchead ó Seán Hoy

Page 44: Comhoibriú um Fhorbairt, Éire - Irish Aid...SPA Clár Speisialta um an Afraic SWAPs Cur Chuige Fairsing Earnála TEC Teicneolaíochtaí an Eolais agus na Cumarsáide UNAIDS Gníomhaireacht

Achoimre ar an gClár

Ba í 2003 an chéad bhliain iomlán de neamhspleáchas agTimor-Leste. Bhí an chothabháil shlándála aguschobhsaíochta fós ina shaincheist thosaíochta do RialtasTimor-Leste ag tosach na bliana, i gcomhthéacs laghdúméide mhisean síochánaíochta na Naisiúin Aontaithe(UNMISET) agus a bhfreagrachtaí póilíneachta a thabhairtar láimh don fhórsa náisiúnta póilíneachta.

Bhog an fócas ina dhiaidh sin i dtreo shaincheisteanna nacuntasachta, na trédhearcachta agus an dhea-rialachais.Chuir an Rialtas líon ceardlann ar an gcóras cirt aguspóilíneachta i láthair mar aon le comhdháil idirnáisiúntaum thrédhearcacht agus um chuntasacht. Lena chois sin,tháinig cúraimí fioscacha sa bhealach maidir le moill ar ansreabhadh ioncaim a bhí beartaithe ó tháirgeadh ola agusgáis. Thóg an Rialtas céimeanna chun an caiteachas a ísliú inuashonrú lár-bhliana an bhuiséid ach d’agair sé tacaíochtleanúnach leis an bpobal bronntóra don bhuiséad samheán-théarma.

Cuireadh tús le cainteanna leis an Astráil faoi amchlár doidirbheartaíocht ar a gcomhtheorainn mhuirí. Beidh toradhcothrom ar shaincheist na n-ioncam ó ola agus ó ghásríthábhachtach chun go mbeidh Timor-Leste in acmhainnan fhorbairt fhad-théarmach a mhaoiniú.

Neartaíodh an caidreamh idir Éire agus Timor-Leste le linnna bliana nuair a thug an tUachtarán Xanana Gusmãocuairt oifigiúil ar Bhaile Átha Cliath mar chuid dá thurasgairid Eorpach. Bhí cruinnithe aige leis an Taoiseach, leisan Tánaiste, leis an Aire Stáit do Fhorbairt, leis an Aire Stáitdo Chosaint agus le grúpaí aonaracha agus leheagraíochtaí neamh-rialtasacha a bhfuil ceangal acu leTimor-Leste.

I mí an Mhárta 2003, d’ainmnigh an tAire Stáit do Forbairt,an tUas. Tom Kitt TD, Timor-Leste mar an seachtú clár-thírde chuid na hÉireann agus an chéad clár-thír san Áise.Tharla seo ar chomhuain le formheas straitéis thíre trí-bliana de chuid Chomhoibriú um Fhorbairt, Éire, do Timor-Leste 2003-2005, ag a bhfuil an cuspóir tacaíocht athabhairt do Rialtas Timor-Leste agus don tsochaíshibhialta ina n-iarrachtaí chun cobhsaíocht a chothabháilagus chun an bhochtaineacht a laghdú trí sheachadadhseirbhísí, trí fhorbairt acmhainne institiúideach agus tríneartú an rialachais. Tá cúig réimse sa chlár:

• An Clár um Thacaíocht Thrasdula

• Forbairt Acmhainne

• Rialtas Áitiúil

• Comhionannas Inscne

• Cearta an Duine agus Daonlathú

An Clár um Thacaíocht Thrasdula (TSP)Ligean an Clár um Thacaíocht Thrasdula do chistí nambronntóirí a imdháileadh isteach i mbuiséad náisiúntaTimor-Leste trí chiste iontaobhais an Bhainc Dhomhanda.Soláthraíonn sé tacaíocht bhuiséid do fhorfheidhmiúPhlean Forbartha Náisiúnta Timor-Leste, ag a bhfuil dháphríomhchuspóir:

1) An bhochtaineacht a laghdú i ngach earnáil agusréigiún sa náisiún; agus

2) Fás eacnamaíoch atá cothrom agus inbhuanaithe a churchun cinn.

Déantar an TSP a chomhaontú go bliantúil ag RialtasTimor-Leste agus ag a chomhpháirtithe maoinithe. Tógtargníomhaíochtaí an chláir ó phlean gníomhaíochta bliantúilan Rialtais agus léiríonn siad na tosaíochtaí is airde.Úsáidtear maitrís ghníomhaíochta, le torthaí agus le

www.dci.gov.ie leathnach 43

CABHAIR DHÉTHAOBHACH CHUIG TIMOR-LESTE I 2003: €2.94 milliún DAONRA: 0.74 milliúnHDI 2003: 158 (as 175)

TIMOR-LESTETIMOR-LESTE

AN AUSTRÁIL

Page 45: Comhoibriú um Fhorbairt, Éire - Irish Aid...SPA Clár Speisialta um an Afraic SWAPs Cur Chuige Fairsing Earnála TEC Teicneolaíochtaí an Eolais agus na Cumarsáide UNAIDS Gníomhaireacht

táscairí soiléire, chun monatóireacht a dhéanamh ar anbhforfheidhmiú. Ba iad eochair-thosaíochtaí na bliana2003:

1. Rialachas lena gcuimsítear an Rialtas Áitiúil, Bainistiú nahEarnála Poiblí, Pleanáil do Laghdú na Bochtaineachtaagus Bainistiú an Chaiteachais Phoiblí, InstitiúidíMaoirseachta, Riail agus Reacht; agus Ceartas

2. Seachadadh Seirbhíse ag díriú ar Shláinte agus arOideachas

3. Cruthú Poist trí Fhorbairt na hEarnála Príobháidí,Talmhaíocht agus Oibreacha Poiblí

Is bealach imdháilte tábhachtach é an TSP freisin dochaibidlíocht idir na gcomhpháirtithe bronntóra agus anRialtas ar shaincheisteanna mar rialachas, laghdú nabochtaineachta agus seachadadh seirbhíse ar ard-chaighdeán. Sholáthar Éire ranníocaíocht de €1,500,000don TSP I sa bhliain 2003.

Forbairt AcmhainneTar éis an neamhspleáchais sa bhliain 2002, chuaighnáisiúnaigh Timor-Leste i gceannas ar an gcuid ba mhó defheidhmeanna riaracháin an Rialtais ó riarachán na N.A.roimhe sin. Go minic, áfach, ní raibh na scileanna ná an taithíriachtanach acu dá bhfeidhmeanna nua agus d’fhan antacaíocht do fhorbairt acmhainne ríthábhachtach sa chuid bamhó de réimsí an riaracháin phoiblí. Cuireadh é seo ar fáil idhá shlí, trí an gclár UNMISET um thacaíocht do shibhialtaighagus trí chlár UNDP um Phoist Fhorbartha a lonnaighcomhairleoirí idirnáisiúnta in oifigí an rialtais chun tacaíochtagus oiliúint a thabhairt don fhoireann náisiúnta. Tá 22 postcomhairleora maoinithe ag Éire go dtí seo agus tugadhranníocaíocht de €400,000 don chlár UNDP sa bhliain 2003chun comhairleoirí a mhaoiniú sna réimsí seo a leanas -Cearta an Duine, Oideachas, Teicneolaíocht an Eolais,Ateangaireacht/Aistriúchán, Airgeadas agus Cumarsáidí.

Scrúdaigh Éire bealaí eile freisin chun acmhainn a fhorbairtlaistigh den tseirbhís phoiblí, ag díriú ar réimse na h-ateangaireachta agus an aistriúcháin, atá ríthábhachtach dothír ag a bhfuil cheithre theanga feidhme. Ba é an toradh abhí aige seo ná clár píolótach chun aistritheoirí agusateangairí a oiliúint don earnáil chirt, agus a bhféadfadh aleathnú go réimsí eile den rialtas sa todhchaí.

Sholáthair Éire saineolaí freisin ar InfheistíochtEachtrannach agus ar Fhorbairt na hEarnála Príobháidíchun oifig an Uachtaráin a chomhairliú ar fhorbairt

bheartais sna réimsí seo agus mhaoinigh sí ceardlanncomhairliúcháin do pháirtithe leasmhara ar an dréacht-reachtaíocht um infheistíocht eachtrannach.

Thug Comhoibriú um Fhorbairt, Éire, ranníocaíocht de€404,000 do ghníomhaíochtaí forbartha acmhainne sabhliain 2003.

Rialachas Áitiúil agus an Clár ForbarthaIs rialtas an-láraithe i gcoitinne é Rialtas Timor-Leste, ganaon fhéinriail agus fíor-bheagán acmhainní ag an riarachánáitiúil. É sin ráite, tá tiomantas bunreachtúil ann do dhílárúagus do rialtas áitiúil tofa a bheadh freagrach as nasaoránaigh.

Ar iarraidh ó údaráis Timor-Leste, thug Éire maoiniú i gcóirstaidéar ar na roghanna do struchtúr an rialtais áitiúil marchéim thosaigh chun bearta um rialtas áitiúil ashainmhíniú. Cuireann an staidéar, a tugadh chun críchesa bhliain 2003, líon rogha i láthair le hanailís ar conas abhféadfadh gach ceann acu rannchuidiú chun na tríchuspóir beartais a baineadh as an mBunreacht agus as anbplean forbartha náisiúnta a bhaint amach:

• Dlisteanacht, údarás agus cobhsaíocht pholaitiúil stáitníos láidre

• Deis mhéadaithe do ghlór agus do chumasú nasaoránach

• Feabhas i seachadadh na mbunseirbhísí

Cuimsíodh ann freisin anailís ar na himpleachtaí airgeadais abheadh ag na roghanna éagsúla. Tá an staidéar á mheas agúdaráis Timor-Leste. Ba chóir tús a chur leis an dara céimden tionscadal ina gcuimseofar forbairt bheartais, dréachtúreachtaíochta agus plean forfheidhmithe sa bhliain 2004.

Thug Comhoibriú um Fhorbairt, Éire, ranníocaíocht de€372,348 don chlár sa bhliain 2003.

An Clár um Ghníomhú Díreach don Tíomór Thoir(ETDAP)Is áis é an clár ETDAP do dheontais bheaga asholáthraíonn deontais suas go US$20,000 do ghrúpaípobail, do eagraíochtaí neamh-rialtasacha agus doghníomhaireachtaí rialtasacha chun tionscail bheaga,phobalbhunaithe a chur i gcrích i gceithre dhúiche(Oecussi, Covalima, Ainaro agus Viqueque), mar aon leroinnt tionscnaimh náisiúnta. Bhain na tionscadail iscoitianta le seomraí ranga a athshlánú nó seomraí ranga

tuarascáil bhliantúilleathnach 44

Page 46: Comhoibriú um Fhorbairt, Éire - Irish Aid...SPA Clár Speisialta um an Afraic SWAPs Cur Chuige Fairsing Earnála TEC Teicneolaíochtaí an Eolais agus na Cumarsáide UNAIDS Gníomhaireacht

leath-bhuanseasmhacha a thógáil do bhunscoileanna.Áirítear i measc thionscadail eile ionaid shláinte, soláthairtíuisce, sláintíocht, droichid agus hallaí pobail. Fuair líontionscnamh oiliúna cistiú do oifigigh forbartha pobail snafo-dhúichí. Ag leibhéal náisiúnta mhaoinigh Comhoibriúum Fhorbairt, Éire, clár um theagascóirí piaraí arVEID/SEIF (HIV/AIDS) mar aon le clár um fheasachtVEID/SEIF le linn an lae Domhanda SEIF.

Fuair iomlán 32 tionscadal cistiú faoin gclár, a chuidíonnchun muinín agus acmhainn na ngrúpaí pobail áitiúla agusna n-eagraíochtaí neamh-rialtasacha a fhorbairt agus chunpobail a chumasú chun dul i ngleic lena dtosaíochtaíforbartha féin. Tugann sé an acmhainn don Oifig umChomhoibriú Forbartha chun monatóireacht a dhéanamhar chláir fhorbartha rialtais mar aon le léargas ar chúraimína ndaoine agus na ngrúpaí áitiúla.

Chaith Comhoibriú um Fhorbairt, Éire, iomlán €137,738ar thionscadail um dheontais bheaga sa bhliain 2003.

Cur Chun Cinn an Dhaonlathais agus Chearta anDuineTá tacaíocht á thabhairt ag Comhoibriú um Fhorbairt, Éire,do obair an Choimisiúin um Fháiltiú, Fhírinne agusAthmhuintearas ón mbliain 2001. Sa bhliain 2003sholáthraíomar deontas neamh-chomhartha tosaigh de€150,00 mar thaca le hoibríochtaí an Choimisiúin. Cuireadhan dara deontas de €85,000 ar fáil i mí na Nollag 2003.

Cur Chun Cinn an Chomhionannais InscneTá gnóthachain nach beag déanta ag Timor-Leste ó 1999 ileith, maidir le gluaiseacht i dtreo chomhionannas inscne,mar a fhoráiltear dó sa Bhunreacht agus sa PhleanForbartha Náisiúnta. Níl tuiscint fós, áfach, ag a lán demhuintir Timor-Leste ar chearta na mban ná ar anriachtanas chun comhionannas inscne a chur san áireamhagus leantar le leithcheal a dhéanamh ar mhná, go mórmhór maidir le húinéireacht na sócmhainní, le rochtain arsheirbhísí sóisialta agus eacnamaíochta agus le páirt aghlacadh sna próisis cinnteoireachta.

Tá ról ceannródaithe glactha ag Comhoibriú um Fhorbairt,Éire, chun an comhionannas inscne a chur chun cinn agus achosaint i dTimor-Leste trí thacaíocht a thabhairt don Oifigum Chur Chun Cinn an Chomhionannais, atá lonnaithe inOifig an Phríomh-Aire, lena hiarrachtaí chun cláir um inscnesa rialtas a phríomhshruthú, chun comhionannas inscne achur chun cinn agus chun mná a chumasú. Áiríodh leis seoComhairleoir Beartais lán-aimseartha a sholáthar don Oifig.Cuireadh tacaíocht ar fáil freisin do chomhlachtaí dentsochaí shibhialta atá gníomhach sa réimse seo lena n-áirítear REDE Feto, líonra na n-eagraíochtaí ban agus MorisRasik, institiúid mhicrairgeadais a phrobhann iasachtaí domhná bochta na tuaithe.

In ainneoin an thiomantais láidir pholaitiúil dochomhionannas inscne, tá an acmhainn ag leibhéil earnálachun inscne a phríomhshruthú an-lag agus beidh

www.dci.gov.ie leathnach 45

Gort ríse sa Tíomór Thoir. Le caoinchead ó Seán Hoy

Page 47: Comhoibriú um Fhorbairt, Éire - Irish Aid...SPA Clár Speisialta um an Afraic SWAPs Cur Chuige Fairsing Earnála TEC Teicneolaíochtaí an Eolais agus na Cumarsáide UNAIDS Gníomhaireacht

iarrachtaí agus tacaíocht leanúnach riachtanach san fhad-théarma chun a chinntiú go gcumhdófar rúin anbhunreachta agus an phlean forbartha náisiúnta.

Thug Comhoibriú um Fhorbairt, Éire, ranníocaíocht de€154,612 don chlár inscne sa bhliain 2003.

Fóirithint Éigeandála BiaMar aon lena clár tíre, thugamar ranníocaíocht de€150,000 i dtreo agairt de chuid Chlár Domhanda an Bhiado tacaíocht éigeandála bia do cheantair áirithe i dTimor-Leste inar theip ar na barra de bharr mheascán dethriomach agus de thuilte.

Fócas ar an Tír

An Coimisiún um Fháiltiú, Fhírinne agusAthmhuintearasTá na blianta fada de fhoréigean agus de shárú chearta anduine fulaingthe ag muintir Timor-Leste ó am an chogaidhchathartha gairid sa bhliain 1974, trí 24 bliain defhorghabháil Indinéiseach agus a tháinig chun buaice leisan bhforéigean a lean an bhallóid um neamhspleáchas faoiurraíocht na N.A. i mí Mheán Fómhair 1999. Meastar gobhfuil an t-athmhuintearas ina ghné bhunúsach dothodhchaí Timor-Leste. Bunaíodh Coimisiún um Fháiltiú,Fhírinne agus Athmhuintearas sa Tíomór Thoir i mí Iúil2001 chun dul i gceann oidhreachta na scoilte, nacoimhlinte agus sháruithe chearta an duine den am atácaite, le seachadadh an cheartais mar eochairpháirt de.

Is iad cuspóirí an Choimisiúin ná:

• Sáruithe chearta an duine ag gach taobh sa TíomórThoir ó mhí Aibreán 1974 go mí Dheireadh Fómhair1999 a dhoiciméadú i gcomhthéacs na coimhlinte umneamhspleáchas do Thíomór Thoir.

• Taifead náisiúnta stairiúil a tháirgeadh de sháruithe anam atá caite a bheadh déanta suas as ráitis ó nahíospairtigh agus ó lucht a ndéanta, fianaisí a tugadh lelinn éisteachta poiblí, taighde ábhartha agusaighneachtaí ó fhoinsí seachtracha.

• Chun na próisis athmhuintearais phobail agus ath-lánpháirtiú (fáiltiú) ag leibhéal pobail a éascú idir luchtdhéanta na mionchoireanna, na híospairtigh, agus abpobail agus chun tacaíocht a thabhairt do namarthanóirí/íospairtigh sin a ghlacann páirt i bpróisisan Choimisiúin.

• Chun tuarascáil dheiridh a tháirgeadh ina mbeadh achinneadh fíorais agus moltaí coincréiteacha donRialtas agus don phobal chun atarlú sháruithe cheartaan duine a sheachaint, chun riachtanais na n-íospairtigha chomhlíonadh, agus chun cultúr de shíocháin agus deurraim do chearta an duine a chur chun cinn.

Tá cúig réimse in obair an choimisiúin: ag lorg na fírinne;athmhuintearas pobail; fáiltiú agus tacaíocht doíospairtigh; for-rochtain don Tíomór Thiar; agus cumarsáidagus for-rochtain phoiblí.

Ag Lorg na FírinneDéanann an réimse um Lorg na Fírinne doiciméadú arsháruithe chearta an duine ag gach taobh sa Tíomór Thoirle linn na tréimhse 1974-1999 trí ráitis a bhreacadh síos gorianúil i ngach dúiche, trí thaighde ábhartha, trí éisteachtaípoiblí, agus trí aighneachtaí doiciméid agus eolais ó fhoinsíseachtracha. Tá súil ag an gCoimisiún a sprioc bheartaithede 8,700 ráiteas a shárú.Tar éis do fhoireann léitheoiríráitis na ráitis a iniúchadh agus a chódú, déanfar na sonraía iontráil ar bhunachar sonraí.

Tá anailís á dhéanamh ar na ráitis faoi 10 mór-théama dechearta an duine:

• Gorta agus díláithriú éigeantach

• Struchtúir, beartais agus cleachtais airm agus phóilínína hIndinéise.

• Struchtúir, beartais agus cleachtais an FRETILIN1 agusan FALINTIL2

• Príosúnacht pholaitiúil, ceastóireacht agus imeacht asamharc éigeantach

• Áir

• Líon na Marbh

• Leanaí agus an t-aos óg

• Mná agus an choimhlint, mar íospairtigh agus marghníomhaithe

• Coimhlint idir na páirtí polaitiúla agus an cogadhcathartha

• Ról na ngníomhairí idirnáisiúnta ar an tsaoirsefhéinrialaithe

Baineann an taighde le heolas a bhaint as ráitis ón allamuigh,as litríocht ábhartha agus as ábhar cartlainne, mar aon lehagallaimh agus aighneachtaí a lorg ó shaineolaithe,finnéithe, eochair-ghníomhairí agus eagraíochtaí cuí. Tá an

tuarascáil bhliantúilleathnach 46

1 FRETELIN, an Tosach Catha Réabhlóideach um Thíomór Thoir Neamhspleách, an chéad pháirtí polaitiúil agus atá i Rialtas.2 FALINTIL, na Fórsaí Armtha um Thíomór Thoir Neamhspleách, an gluaiseacht eadarnaíoch i bhfabhar neamhspleáchas.

Page 48: Comhoibriú um Fhorbairt, Éire - Irish Aid...SPA Clár Speisialta um an Afraic SWAPs Cur Chuige Fairsing Earnála TEC Teicneolaíochtaí an Eolais agus na Cumarsáide UNAIDS Gníomhaireacht

Coimisiún ag obair i gcomhar le FOKUPERS, eagraíocht banTíomórach, maidir le taighde a dhéanamh ar mhná agus anchoimhlint. D’fhostaigh an Coimisiún seirbhísí ELSAM,eagraíocht neamh-rialtasach atá lonnaithe i Jakarta, chuntaighde a dhéanamh ar bheartais na hIndinéise sa TíomórThoir. D’fhorbair an Coimisiún comhpháirtíocht freisin lecomhghuaillíocht de eagraíochtaí neamh-rialtasacha saTíomór Thiar chun eolas a scaipeadh faoi obair anChoimisiúin sa Tíomór Thiar agus chun ráitis a bhailiú i meascphobal an Tíomór Thoir atá fós sa Tíomór Thiar.

Faoi a mhandáid um Lorg na Fírinne, tionólann anCoimisiún éisteachtaí poiblí go náisiúnta agus gohidirnáisiúnta. Is é an cuspóir atá leis na héisteachtaí seoná tuiscint an Choimisiúin agus an phobail maidir leheochair-réimsí nó samplaí de shárú chearta an duine athreisiú agus aitheantas an phobail a mhéadú arfheiniméin agus ar imeachtaí áirithe, agus sa chaoi seorannchuidiú le cneasú an phobail.

Athmhuintearas Pobail Éascaíonn an Coimisiún próisis athmhuintearais phobail domhionchoireanna agus do ghnímh eile atá díobhálach donphobal. Caithfidh lucht a dhéanta teacht chun tosaigh dádheoin féin agus a chion a admháil i bhfoirm ráitis.Cuirtear an ráiteas seo ar aghaidh chuid Oifig an Ard-Ionchúisitheora d’fhonn a chinntiú go bhfuil sé oiriúnachdo phróiseas athmhuintearais phobail. Leis an bhformheasseo, eagraíonn foireann an Choimisiúin éisteacht saphobal. Le linn na héisteachta, labhraíonn lucht a dhéanta,na híospairtigh agus baill den phobal os comhair phainéalde cheannairí pobail uasail faoi stiúir ChoimisinéirRéigiúnaigh a éascaíonn réiteach ar na cionta a rinneadh.

Fáiltiú agus Tacaíocht do ÍospairtighFaoina mhandáid um Fháiltiú agus um Thacaíocht doÍospairtigh, is é ról an Choimisiúin ná éisteacht leis namarthanóirí/íospairtigh, aithint agus urraim a thabhairt dádtaithí, agus rannchuidiú leis an bpróiseas cneasaithe trí:q chruinnithe poiblí a eagrú sna pobail mar chuid denphróiseas íogaireachta faoin gCoimisiún; q thacaíocht a thabhairt do mharthanóirí/íospairtigh desháruithe chearta an duine de réir mar a ghlacann nadaoine seo páirt i bpróisis an Choimisiúin (amhail agdéanamh ráitis, ag tabhairt fianaise le linn éisteachtapoiblí, ag glacadh páirt i bpróisis athmhuintearais anphobail); q chainteanna grúpa ar an tionchar a bhí ag sáruithechearta an duine ar na pobail nó dá ngairtear mapáilphobail a éascú; ag cuidiú le marthanóirí trí iad a chur i

gcomhairle le gníomhaireachtaí cuí; agus q moltaí a aithint don Tuarascáil Dheiridh a bhaineann letacaíocht do íospairtigh de sháruithe chearta an duine.

For-rochtain don Tíomór ThiarBaineann sé seo leis an iarracht chun feasacht agustuiscint ar mhandáid an Choimisiúin i measc dhídeanaitheagus eochair-cheannairí a mhéadú, lena n-áirítear conas arféidir leis an gCoimisiún cuidiú chun iad siúd a rinnedíobháil dá bpobail a ath-lánpháirtiú. Tá an Coimisiún agobair i gcomhpháirtíocht le 18 ball de eagraíochtaí neamh-rialtasacha sa Tíomór Thiar. Tá na heagraíochtaí neamh-rialtasacha seo ag cuir gníomhaíochtaí i gcrích chun eolasa scaipeadh i gceithre dhúiche den Tíomór Thiar. Tá an clárá chur i gcrích i gcomhar le Rialtas Timor-Leste agus leRialtas na hIndinéise araon.

Faisnéis Phoiblí agus For-rochtain na bPobalTá tógáil feasachta ar obair an Choimisiúin á dhéanamh trífheachtas phoiblí oideachais agus meáin. Craoltar clárraidió an Choimisiúin, "Dalan ba Dame" ("Bóthar naSíochána") gach seachtain ar Radio Timor Leste (RTL) agustá cainteanna ar siúl chun é a chraoladh ar an raidió pobailsna dúichí. Sholáthair Cainéal Teilifíse Timor Leste (TVTL)tuairisciú ar líon éisteacht athmhuintearais phobail maraon le trí éisteacht phobail náisiúnta a chlúdach. Tá T-léinte, greamaitheoirí, póstaeir, brataí agus bróisiúir faoibhunghníomhaíochtaí an Choimisiúin táirgthe ag afhoireann agus baintear úsáid as na hábhair seo le linn anphróisis íogaireachta sna fo-dhúichí. Eagraíonn anfhoireann comhdhálacha nuachta go rialta le CoimisinéiríNáisiúnta agus leis na meáin agus dáileann sí eisiúintínuachta faoi ghníomhaíochtaí éagsúla an Choimisiúin.

Tacaíocht CFÉ don ChoimisiúnBhí tacaíocht á sholáthar ag Comhoibriú um Fhorbairt,Éire, do obair an Choimisiúin ó cuireadh tús leis.Chuireamar deontas beag de US$1,200 ar fáil donChoimisiún chun tuarascáil um mheasúnacht thógála achur i gcrích ar Phríosún Comarca a athshlánaíodh lebheith ina oifigí don Choimisiún. Leanamar seo le deontasneamh-chomhartha de €150,000 a leithdháileadh ar angCoimisiún sa bhliain 2002 mar aitheantas ar Lá anNeamhspleáchais. Sa bhliain 2003 ranníocamar €190,000breise leis an gcoimisiún. Ina theannta seo bhí ionadaitheó Chomhoibriú um Fhorbairt, Éire, i láthair ag a lánéisteachtaí poiblí agus ag imeachtaí eile a d’eagraigh anCoimisiún agus thug a lán cuairteoirí Éireannacha cuairt aroifigí an Choimisiúin.

www.dci.gov.ie leathnach 47

Page 49: Comhoibriú um Fhorbairt, Éire - Irish Aid...SPA Clár Speisialta um an Afraic SWAPs Cur Chuige Fairsing Earnála TEC Teicneolaíochtaí an Eolais agus na Cumarsáide UNAIDS Gníomhaireacht

tuarascáil bhliantúilleathnach 48