28
Meán Fómhair 2013 Meán Fómhair 2013 Meán Fómhair 2013 • Smaointe Polaitíochta: Saoirse d’Albain le Seán Ó Loingsigh • Lorca agus na Léinte le Alan Titley • Gearrscéal ó Eibhlín & Diarmaid Ó Tuama • Patrick Pearse: Collected Plays á mheas ag Mairéad Ní Chinnéide • Saoránach versus Parlaimint na hEorpa le Pádraig B. Ó Laighin • Íomhá chlúdaigh: Ciarraí v Baile Átha Cliath le Paul Downey Feasta, Imleabhar 66, Uimhir 9 ISSN 0014-8946 €5

Feasta | Meán Fómhair 2013

Embed Size (px)

DESCRIPTION

 

Citation preview

Page 1: Feasta | Meán Fómhair 2013

Meán Fómhair 2013Meán Fómhair 2013Meán Fómhair 2013

• Smaointe Polaitíochta: Saoirse d’Albain le Seán Ó Loingsigh• Lorca agus na Léinte le Alan Titley

• Gearrscéal ó Eibhlín & Diarmaid Ó Tuama• Patrick Pearse: Collected Plays á mheas ag Mairéad Ní Chinnéide• Saoránach versus Parlaimint na hEorpa le Pádraig B. Ó Laighin

• Íomhá chlúdaigh: Ciarraí v Baile Átha Cliath le Paul Downey

Feasta, Imleabhar 66, Uimhir 9ISSN 0014-8946

€5

Page 2: Feasta | Meán Fómhair 2013
Page 3: Feasta | Meán Fómhair 2013

www.feasta.ie Feasta, Meán Fómhair 20133

— Clár —— Clár —• Eagarfhocal: An Straitéis 20 Bliain agus an Ghaeltacht ..... 4• Smaointe Polaitíochta le Seán Ó Loingsigh ....................... 5• Dán: Lorca agus na Léinte le Alan Titley ........................... 6• Nóinín, scéal le hEibhlín Ní Thuama-Briggs (arna aistriú ón

mBéarla ag Diarmaid Ó Tuama) ........................................ 7• Dánta le Mícheál Ó hAllmhuráin & Gearóid Ó Clérigh ...... 8• Ár nGalar agus ár nGá, Colm Ó Tórna ar a mharanadh .... 9• Quebéc, Louis Riel agus Éire le Seán Ua Cearnaigh ......... 12• Anseo agus Ansiúd ................................................... 13 & 16• Patrick Pearse: Collected Plays / Drámaí an Phiarsaigh, Eag:

Róisín Ní Ghairbhí agus Eugene McNulty, á mheas agMairéad Ní Chinnéide ...................................................... 14

• Saoránach versus Parlaimint na hEorpa, bua suntasach arson na teanga, le Pádraig B. Ó Laighin ............................. 15

• Meallta ag Malick, tráchtann Mícheál Ó hAodha ar The Treeof Life, stiúrtha ag Terrence Malick .................................. 17

• An Barr Bua, eag. Pádraig Mac Piarais. Cóirithe ag AindriasÓ Cathasaigh, á chur i láthair ag Aengus Ó Snodaigh ...... 19

• Smuf le Alan Titley á mheas ag Peadar de Blúit. Impí Linbh,dán le Ralph de Prendergast ............................................ 21

• Tuige Nach is Tuige Go…? Meáin na Sámaise san Iorua lePádraig Ó Snodaigh .......................................................... 22

• Suaimhneas agus Míshuaimhneas le Seán A. Mac Mathúna,á mheas ag Brian Ó Dochartaí ......................................... 23

• Land of Dreams á mheas ag Peadar Bairéad ................... 24• Athbheochan na hAthbheochana, Micheál Mac Gréil, SJ ... 25• Blúiríní le Pádraig Mac Fhearghusa .................................. 26

© Feasta agus na Scríbhneoirí

• Ciarraí v Baile Átha Cliath, ón taispeántas le Paul Downeyag Gailearaí Frank Lewis, Lána na Smachtlainne,

An tSráid Nua, Cill Airne, 3 Meán Fómh. - 31 Deir. Fómhair.Fón: 353 (0)64 6631108 Rp: [email protected]

EagarfhocalEagarfhocalMeán Fómhair 2013Meán Fómhair 2013

REIVIÚREIVIÚden Smaointeachas Éireannachden Smaointeachas Éireannachlitríocht, eolaíocht, polaitíochtlitríocht, eolaíocht, polaitíocht

• Feasta tríd an bpost!12 eagrán tríd an bpost ar €75

(€100 lasmuigh den Eoraip)Donnchadh Ó hAodha,

Cúil Aodha, Maigh Chromtha Co. Chorcaí.353-(0)87-2421267

Suíomh idirlín: www.feasta.ie• Eagarthóir

Pádraig Mac Fhearghusa, Feasta, 43 Na Cluainte, Trá Lí, Co. Chiarraí, Éire.

Fón: 353-(0)66-7124169.Ríomhphost: [email protected]

• FoilsitheoiríCONRADH NA GAEILGE

Ní gá gurb ionann na tuairimí a nochtar in aon áitsan iris seo agus tuairimí Chonradh na Gaeilge.

NNíl aon amhras ná gur chuir gluaiseacht na Gaeilge aguspobal na teanga i gcoitinne na múrtha fáilte roimh anStraitéis 20 Bliain don Ghaeilge nuair a foilsíodh í ar

dtús in 2010. Bhí dóchas go hard, ní don chéad uair, go raibhan teanga curtha anois ar bhóthar a slánaithe. Fiú anghéarchéim eacnamaíoch, níor bhain sí mórán den dóchas.Nach raibh an saol mór ag cur fáilte roimpi, lucht rialtais aguspolaiteoirí Dála agus Seanaid, den uile chineál, ina measc!

Mar ba dhual dúinn ní rabhamar féin gan ár n-agúis. Ba é a bhíbeartaithe don Ghaeilge sa státseirbhís, i bhfianaise androchbhail ina raibh sí ansin, an ghné ba mheasa ar fad. Agusag leanúint uaidh sin ní rabhamar sásta, ní hé chomh mór singo raibh an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta i bhfeighil comhordaithe agus cur i bhfeidhm na Straitéise, achgur i bpáirt le coistí idir-rannacha a bhí sé sin le déanamh. Anbhféadfaí a bheith muiníneach as dúthracht dreama a raibhoiread neamhairde léirithe acu maidir leis an teanga?

Bhí nithe eile i gceist, ar ndóigh: An Ghaeltacht, mar shampla,agus an bhéim a bhain le pleanáil agus pleananna teanga: níGaeltacht a bheadh ann feasta ach Limistéir Phleanála TeangaGhaeltachta, faoi mar nár ghnáthshaoránaigh iadsan a bhí inagcónaí ann, nó go raibh siad ar a dtriail ar chuma éigin. Luamarár n-imní faoin easpa daonnachta agus conas mar a ghlacfadhmuintir na Gaeltachta le teoiriciúlacht agus acadúlacht, agusbhíomar imníoch freisin faoin laghdú stádais a bhí i gceist igcás an Údaráis, go háirithe maidir le ceart an phobail a n-ionadaithe féin a roghnú ar an mBord.

Pé olc maith iad, tá na hathruithe seo tar éis tarlú, agus anoistá Tuarascáil ar Dhul Chun Cinn: 2010 – 2013 na Straitéisecurtha i láthair ag Aire Stáit na Gaeltachta. Mura bhféadfaí ará go bhfuil aon mhaolú déanta ar na hagúis a luaitear thuasde thoradh na tuarascála, tá an beart sin déanta. Go deimhintá súil againn nach bhfíorófar oiread agus ceann amháin dárn-ábhair imní.

I gcás na Gaeltachta, go háirithe, ba mhaith linn ar an ócáid seobéim a leagann ar chuid de na nithe is mó a chabhraíonn lebuanseasamh na teanga ansin, bíodh gur fada go leor díobhseanbhunaithe agus ina gcuid den ghnáthshaol sa Ghaeltachtfaoin am seo. Tá na comharchumainn ag feidhmiú go fóill agusis maith ann iad. Is amhlaidh freisin i gcás na naíonraí agus igcás na hóige i gcoitinne. Agus is breá linn a léamh sa Tuarascáilgo bhfuil 19 n-oifigeach Gaeilge fostaithe ag coistí i gceantairéagsúla ar fud na tíre. Treise le gach uile dhuine díobh. ◊

Page 4: Feasta | Meán Fómhair 2013

www.feasta.ie Feasta, Meán Fómhair 20134

‘An dteastaíonn uait go mbeadh Albain ina tír neamhspleách?’‘An dteastaíonn uait go mbeadh Albain ina tír neamhspleách?’

NNach beag an tsuim a chuirtearanseo in Éirinn i gcúrsaílaethúla agus go háirithe i

gcúrsaí polaitíochta na hAlban, d’ainneoin a bhfuil de cheangail óthaobh na staire idir an dá thír agus andá mhuintir, gan trácht ar aon chor aran dlúthnasc atá eadrainn ó thaobh nateanga a labhraíodh go coitianta sa dáthír ní i bhfad ó shin? Nach dhá ghéagden teanga chéanna atá i gceist gobunúsach. Tá sé ina nasc breise, arndóigh, go bhfuil an teanga shinsearthaseo faoi mhórbhrú anseo agus thall.

Ach ní cúrsaí teanga atá i gceist againnan iarracht seo ach cúrsaí polaitíochta.Ba i 1999, gan mórán coinne leis, a fuairAlbain a parlaimint féin tar éis trí chéadbliain a chaitheamh faoi riail dhíreachón bparlaimint i Londain, ach ba lú fósan choinne a bhí leis go mbeadh anScottish National Party, PàrtaidhNàiseanta na h-Alba sa seanteanga, imbun rialtais ansin faoin mbliain 2007.Is polaiteoir fíor chumasach é AlexSalmond atá anois i gceannas ar an SNPagus ina Chéad-Aire sa rialtas. Má shíl achomhpholaiteoirí sa Bhreatain, saPhairtí Caomhach agus i bPáirtí anLucht Oibre, go háirithe, gurleathamadán a bhí ann, tá fios a mhalairt anois acu.

Tá éirithe thar barr le Alex Salmond godtí seo, ach tá an dúshlán is mó ar fadroimis go fóill. Faoi cheann blianareachtáilfear reifreann ina thír dhúchaisagus is í an cheist a bheidh á cur ná: ‘An

dteastaíonn uait gombeadh Albain ina tírneamhspleách?’ Faoiláthair deir napobalbhreitheannagur freagra diúltach abheidh i gceist, ach iscinnte nach féidir talamh slán adhéanamh de gur

mar sin a bheidh lá an reifrinn. Tá anbhearna ag laghdú, agus tá ag éirí gomaith leis an tír faoin neamhspleáchasteoranta atá i gceist ann faoi láthair. Godeimhin is é an baol is mó do Salmondná go ndéarfaidh go leor: ‘Táimid agdéanamh go maith mar atá, cén fáthdúinn dul sa tseans ar neamhspleáchasiomlán?’

Anois le déanaí tá casadh eile tagtha sascéal seo, agus aisteach go leor is ar an

shaothraigh an talamh leis na cianta,agus gur tharla sé sin le lántoil an rialtais i Londain.

Ní hé, is dócha, an oiread sin eolais atáagainn sa tír seo ar an slad seo a tharladár ndaoine muinteartha in Albain. Bhígorta acu mar a bhí againn féin, agus nílamhras ná gur baineadh úsáid as ansin,mar a baineadh anseo, chun daoine abhí ar an gcaolchuid a dhíbirt. Chual -amar, gan amhras, faoi na ‘Clearances’,‘Fuadach nan Gàidheal’ agus ‘Bliadhnanan Caorach’ mar a tugadh orthu sateanga dhúchais. Is beag tuiscint atáagainn i ndáiríre ar an uafás agus easpadaonnachta a bhí i gceist. Lean an bánúseo ó dheireadh na hochtú haoise déagisteach go lár an chéid ina dhiaidh sin.Seachas an Gorta Mór féin, a raibh anaigne chéanna ar a chúl, is ar éigean gurtharla aon ní chomh holc leis anseo.

SSa scéal seo deintear dearmad arghné thábhachtach den stair,agus an mhór dhifríocht idir ar

tharla anseo in Éirinn agus thall in Albain. Is in 1879 a bunaíodh Conradhna Talún i gCaisleán a’ Bharraigh agusdaoine mór le rá mar Micheál MacDaibhéid agus Parnell i gceannas air. Nígan stró agus achrann, ach mar thoradhar an gcorraíl agus gríosú a eagraíodhthar thréimse cúig bliana is fiche, a ritheadh na hachtanna talún éagsúla trínar ceann aíodh an chuid is mó dethalamh na hÉireann ó na tiarnaí talún.

Ba réabhlóid shóisialta a bhí curtha igcrích, bíodh gur ‘talamh na hÉireann iseilbh mhuintir na hÉireann’ a bhí marmhana ag an Daibhéideach: beag anbaol gur tharla sé sin ná go dtarlóidhach oiread. I ndeireadh na dála, níortharla aon athrú den chineál céanna inAlbain. Bíodh go raibh a leagan féin deChonradh na Talún acu, ba ar scála ibhfad róbheag é chun go mbeadh aontoradh fónta air.

Is aisteach leis, ar ndóigh, go mbeadhoiread le rá i Sasana faoi cheistúinéireachta talún in Albain. Tar éis antsaoil rithfeadh sé le duine réasúnta gurbeag de dhifear idir an staid ina bhfuilcúrsaí seilbhe sa dá thír. B’fhéidir gurmeasa na cúrsaí sin i Sasana, fiú, samhéid nach í an uasaicme amháin atá iseilbh na réimsí talún ach baill den ríochas féin, an Bhanríon féin agus amac Prionsa na Breataine Bige sanáireamh. Is é an difear is mó idir chóras

taobh eile den teorainn i Sasana is mó athosaigh sé. Tá cáil mhór ar an ‘Glorious12th’ in Albain. Sin an dáta i lár Lúnasaa thosaíonn séasúr seilge sa tír sin, achgo háirithe foghlaeireacht na gcearcfraoigh. Ócáid mhór ar fad a bhíonn annag an dream ar a ngairtear an ardaicme,murab amhlaidh é ag an gcearcfhraoigh bhocht.

AAch ar chúis éigin i mbliana tharr -aing an ócáid aird ar cheistúinéireacht na talún in Albain,

bíodh gur fíor gur bhunaigh an rialtasdream ar a dtugtar ‘The Scottish LandReform Review Group’ in 2012 chunceist seo na húinéareachta a iniúchadh.Pé ní, tá aird dírithe arís ar fhadhb a bhí follasach leis na cianta. Tá, a deirtearlinn, leath na hAlban i seilbh 432 úinéir.Is beag sólás do mhuintir na tíre sin gursliocht na seantaoiseach dúchasachcuid mhór de na húinéirí seo, agus gurle slad agus le héigean agus le gorta acuireadh as seilbh na daoine a

SmaointeSmaointePolaitíochtaPolaitíochta

Seán Ó LoingsighÓcáid mhór ar fad a bhíonn

ann ag an dream ar angairtear an ardaicme, murab

amhlaidh é ag an gcearcfhraoigh bhocht.

CearcFhraoigh

Page 5: Feasta | Meán Fómhair 2013

Pleanáil agus Buanú Teanga, Dioplóma nuaPleanáil agus Buanú Teanga, Dioplóma nua

SSheol an tAireStáit, Donnchadh Mac Fhionnlaoich Dioplóma nua saPhleanáil agus sa Bhuanú Teanga in Ionad OÉ Gaillimh, Gaoth Dob-

hair, Co. Dhún na nGall ar an 25 Iúil. Tá an Dioplóma á thairiscint agOÉ Gaillimh i gcomhar le hÚdarás na Gaeltachta. Cúrsa páirtaim-seartha thar dhá bhliain atá i gceist leis an dioplóma seo a thabhar-faidh deis do rannpháirtithe eolas agus oiliúint fheidhmeach a fháil arstraitéisí buanaithe teanga agus leas-chleachtais na pleanála teanga.Tá an cúrsa dírithe ar oibrithe pobail agus teanga sna ceantairphleanála teanga a luaitear in Acht na Gaeltachta. Beidh an cúrsa seofeiliúnach dóibh siúd atá ag obair in earnáil na Gaeilge go náisiúntaagus an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge á fheidhmiú acu.

D’fháiltigh an tAire Stáit Mac Fhionnlaoich roimh an Dioplóma úr: ‘Cinntíonn Acht na Gaeltachta go mbeidh tábhacht as cuimse le tograí buanaithe teanga a thabhairt chun cinn go náisiúnta agus i meascphobal na Gaeltachta go mór mór. Cuideoidh an cúrsa seo le cumasúphobal na teanga chomh maith le forbairt feidhmiú na Straitéise 20Bliain don Ghaeilge. Úsáid stuama acmhainní atá sa chomhpháirtíochtseo idir Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge agus Údarás naGaeltachta.’

Leag Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta, Steve Ó Cualáin,béim ar thorthaí foghlama an chúrsa: ‘Beidh an cúrsa seo fóinteachdo phobail atá ag iarraidh an chuid is fearr den phleanáil teanga athabhairt leo agus a chur i bhfeidhm de réir chúinsí a gceantracha féin.’

Dúirt Dónall Ó Braonáin, Príomhfheidhmeannach Acadamh nahOllscolaíochta Gaeilge, OÉ Gaillimh: ‘Cúrsa éseo a tharraingeoidh ar an léann teanga ach adhéanfaidh freastal ar riachtanais phobail sanam céanna. Beidh scoth na tacaíochta foghlamaag mic léinn an chúrsa seo, agus beidh sé feil-iúnach dóibh siúd ar spéis leo ceist na pleanálateanga a scrúdú ar bhealach solúbtha agussaoráideach.’

De bharr scaipeadh tíreolaíoch na rannpháirtithe, bainfear leas as teicneolaíocht nuálach foghlama leis an Dioplóma seo a chur ar fáil.Beidh deis ag mic léinn an chúrsa a gclár ama staidéir féin a leaganamach agus a chur in oiriúint dá gcúinsí féin. Tabharfar an oiliúint chuíríomhaireachta do rannpháirtithe an chúrsa ag seisiúin speisialta ionduchtaithe agus déanfar an cúrsa a eagrú ar bhealach a laghdóidhualach taistil na mac léinn idir Méan Fómhair 2013 agus Márta 2014.Clúdóidh an siollabas réimse cuimsitheach ábhar a bhaineann leis anbPleanáil Teanga agus gheobhaidh na rannpháirtithe oiliúint snabealaí is éifeachtaí le tabhairt faoi thograí buanaithe teanga a leaganamach dá bpobal féin. Sa chéad bhliain den chúrsa, beidh béim ar leithar an tsochtheangeolaíocht agus ar chultúr agus ar chomhthéacs naGaeltachta comhaimseartha.Fáiltítear roimh iarratais ó dhaoine atá ag obair in earnáil na forbarthateanga nó pobail sa Ghaeltacht, nó in earnáil na Gaeilge go náisiúnta,agus ó dhaoine eile a bhfuil spéis acu san ábhar seo. Beidh táille laghdaithe ar an gcúrsa seo ag OÉ Gaillimh mar bheartas taca dophróiseas na pleanála teanga sa Ghaeltacht. Moltar do rannpháirtitheatá ag obair san earnáil phobail agus teanga sa Ghaeltacht clárú ar-líneagus teagmháil a dhéanamh le hoifigí réigiúnacha Údarás naGaeltachta le deiseanna tacaíochta a fhiosrú.Ó chlé: Séamas Ó Gallachóir, Údarás na Gaeltachta; Eunan Mac Cuinn -eagáin, Bord an Údaráis; An tAire Stáit Mac Fhionnlaoch; Seán ÓCuireáin, Bord an Údaráis; Diarmaid Ó Mordha, Roinn Ealaíon,Oidhreachta & Gaeltachta; agus Dónall Ó Braonáin, Príomhfheidhm -eannach, Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, OÉ Gaillimh.◊

www.feasta.ie

ríochais na Breataine agus an córas maratá i dtíortha eile san Eoraip ná anseilbh seo ar réimsí ollmhóra de thalamh na tíre. Is léir, áfach, nachgcuireann sé as do mhuintir Shasana.pé ní faoi mhuintir na hAlban.

Tá, gan amhras, préamhacha ag angceist seo i bhfad siar sa stair, siaramach go dtí Díscaoileadh na Mainis -

treacha le linnréimeas AnraíVIII. Más é an ríochas agusan uas aicme ismó a bhí inabhun, agus namanaigh agusan ghnáth -

mhuintir is mó a bhí thíos leis, is saintagus sciobadh talún ar scála ollmhór abhí mar thoradh air. Ní sa Bhreatainamháin a tharla an droch obair seo, agusis é an meon céanna a spreag impiriúl -achas i gcoitinne, pé áit ar domhan atharla sé sin.

Mar a dúradh, is aisteach go bhfuil ancheist seo tagtha chun cinn anois arís iSasana, go háirithe nuair atá an reifreann seo ag tarlú in Albain, agus

gurb iad is dóichí a thiocfaidh i dtír airná Alex Salmond agus a PháirtíNáisiúnta. Céard é ár ndearcadh anseoin Éirinn? Céard é dearcadh an rialtais,mar ní dócha gur ábhar é ina bhfuil anoiread sin suime ag an ngnáth -shaoránach. Dá bhféadfaí, ó thaobh nastaire, a bheith ag súil go mbeadh an rialtas anseo i bhfábhar Salmond agusan neamhspleáchais, is féidir nach amhlaidh a bheidh ar aon chor.

II s féidir leis gur mó is suim leis an rialtas pé tionchar a bheidh ag antoradh ar ár mballraíocht san Aontas

Eorpach. Féach go ndúirt LucindaCreighton, sular éirigh sí as a post maraire stáit, go gcaithfeadh Albain neamh-spleách iarratas a dhéanamh athuair, dámbeadh uathu leanúint lena mball-raíocht san Aontas. Ní raibh aon díocasmór le brath sa ráiteas sin.

Cad é an dearcadh i dTuaisceart Éireann? Níor dheacair a thuar,b’fhéidir, go mbeadh Náisiúnaithe inafhábhar agus Aontachtaithe inaaghaidh. I bhfianaise na staire agusceangail stairiúla ag an dá thaobh lehAlbain, an mbeidh ról nó páirt acu sareifreann seo, nó an mbeadh aon

fháilte roimh a leithéid? Is beag achualathas go dtí seo agus is féidir gurmar sin a leanfaidh sé. Agus an mbeidhbaint ag cúrsaí teanga leis an scéal, péan Béarla nó Gaeilge, Gáidhlig nó Ultais,mar a ghlaotar anois ar an teanga sin, abheidh i gceist?

——◊————◊——Bhí díospóireacht spéisiúil, nó argóintmar ba chruinne a rá, ar siúl le déanaíina raibh Mícheál Mac Dúbhghaill agus Fintan O’Toole – cé eile! – páirteach,maraon le Stephen Collins, arís ón IrishTimes, agus scríbhneoir eagarfhocal anSunday Business Post. Bhí O’Toole ag rágo raibh teipithe ar an Stát seo againneagus ar thrí phríomhghéaga rialacháinan stáit, an pharlaimint, an córas riaracháin, agus an bhreithiúnacht. Bhían dream eile go láidir ina aghaidh agusiad ag rá go raibh sé ag dul thar fóir.Níor mhiste an argóint ar aon chuma.

Is dócha go mbraitear go raibh go leorgeallta ag an rialtas roimh an toghchán,agus gur beag a atá déanta i ndáiríreseachas an reifreann seo atá glaoite faoinSeanad. Féach nach n-aontaíonn gachduine leis sin ach oiread. B’fhéidir gombeadh an reifreann céanna suimiúil.◊◊

AlexSalmond

Page 6: Feasta | Meán Fómhair 2013

www.feasta.ie Feasta, Meán Fómhair 20136

LORCA AGUS NA LÉINTE,LORCA AGUS NA LÉINTE, le Alan Titleyle Alan TitleyTháinig siad ort sa deireadh, a Fhir Dhorcha, tráth nach

raibh d’anam ag eitilt idir an fothrach págánach agusan Ardeaglais naofa

Tusa ar léim an spiorad ionat nuair a chuala tú antseanbhean ag rá gur chóir an pota a bhaint anuasnuair a chrom an t-uisce ag gáirí

Tusa a chaith clocha leis an ngealach agus gur tháinigsiad ar ais ina dtáinruathair mar bháillíní beaga óir

Tusa a lean an bóthar a bhí plúchta le nóiníní ar a raibhlosáin ildaite ag déanamh aoibhnis le chéile ar imeallan mhachaire

Tusa a dúirt gur chaith Íosa a óige ag leanúint naseangán ina gcró beatha agus gur dhein tú féin maran gcéanna le hiontas

Tusa a d’fhiafraigh cad ab fhiú cogaí fíochmhara na feolanuair gurbh í corraíl chorrach an anama an t-aoncheist amháin

Tusa a mhaígh in ainneoin na n-ollamh gurbh ionann abheith id fhear dána agus aghaidh gach córais riamhamach

Tusa a chonaic an t-iasc airgid ag léim chun greim abhaint as na réaltaí agus tú ag snámh i dteangafhairsing na Spáinnise

Tusa a chuala na feochain óir ag séideadh ar fud anghaineamhlaigh agus an stoirm fan theorainn imeall -bhord an tsneachta

Tusa a rinne rince leis an rós leointe a raibh alltacht airag clúmh donndorcha an mhaidneachain ar a mhása

Tusa a shonraigh an chruinne go hiomlán i nduslach naslí ach a raibh scáil fhada mar eireaball le gach sciolla díobh

Tusa a thuig gur gáire is ea an saol i gceartlár phaidrínan bháis agus nach é gángarach an duine ach angrá ina chroí a mheánn

Tusa a mheas nach raibh do dhiongbhála d’fhísí focal ag bithlingeadh ar fud na reanna móra ina raibh d’aisling ag fanacht

Tusa arbh shoiléir duit go raibh síolta an chéastaneadaithe thíos faoi bhun tuí an chliabháin sa bhráidshaor sholasmhar shéimh

Tusa ar theastaigh uait a bheith ina fhiliméala i moichena maidine glaise agus id chroí lán lán le teacht nahoíche

Tusa a d’fhiafraigh má bhí an aisling gorm cad ba bhríleis an neamhurchóid mura raibh saigheada ar bithag an ngrá

Tusa a sháigh do chloigeann an fhuinneog amach ionasgo bhféadfadh scian na gaoithe sceilpeanna ramhraa bhaint as

Tusa a bhí torrach le dánta nár scríobhadh riamh agusan duibhe ionat ag ceol le cleagar clipeanta na gcreabhar

Tusa inar chodail cnámharlach na mílte peidhleacánlaistigh ded mhúrtha agus gur ghluais daoscar boggaotha thar do leiceann

Tusa ar mhinic ar cailleadh tú ar son go bhféadfadh an gearradh ionat tú a choimeád id dhúiseacht bheoga

Tusa a raibh eagla ort a bheith id thamhan gan ghéagagan bhláth gan chré chun piast an éadóchais ionata chothú

Tusa a bhí beo riamh faoi scáil na ndeor ach nach bhfacabóthar díreach d’aon saghas i gcathair ghríobháinna beatha

Tusa a raibh na réaltaí ag crith id chroí agus na rósannago léir ar do ghrua chomh geal leis an bpian a bhí indán duit

Tusa a chreid go raibh na mairbh níos beo sa Spáinn nái dtír ar bith eile de chuid na cruinne agus gur fíoraíodh sin i ndeireadh na preibe

Tusa a shiúil an bealach go fiata idir Dia agus Dionysiusach gur fhionn tú nach raibh aon difear eatarthu indeireadh na feide

I ndeireadh na feide ní raibh aon difear idir Dia agusDionysius agus an Diabhal nuair a thugadar amachar shlabhra láimhe tú le seanmhúinteoir scoile arleathchois go hÁit an Chloiginn Fuente Grande araibh an tobar ann ag bárcadh fola cheana féin

Cheana féin bhí na corpáin eile réidh ullamh achsocraíodh go gcéasfaí tú idir beirt toreador agusansin le toil na léinte gorma cuireadh piléir idcheann, id chliabh, id chabhail, id chroí, idchraiceann, agus dhá cheann suas id thóin ar eaglana heagla, agus na heagla, agus ar eagla go n-éireofá arís ar chúis ar bith tar éis trí lá nó tríocha bliain

Federico Garcia Lorca, (1898 – 1936) mórfhile agus drámadóir de chuid na Spáinne. Rugadh é i Fuente Vaqueros, in aice Granada. Dúnmharaíodh é ag tús ChogadhCathartha na Spáinne. Ní bhfuarthas a chorp riamh.

Page 7: Feasta | Meán Fómhair 2013

www.feasta.ie Feasta, Meán Fómhair 20137

NÓINÍNNÓINÍNScéal le hEibhlín Ní Thuama-Briggs

(arna aistriú ón mBéarla ag Diarmaid Ó Tuama)

TTá cuimhne ghlé ghlinn bhrónachagam ar an tréimhse ó thús mhíDheireadh Fómhair go dtí

deireadh mhí na Nollag 1943. Ní raibhmé ach ceithre bliana go leith d’aoisagus, cé gur cuid den stair anois iad nanithe go léir a tharla ag an am, líontarmo chroí le doilíos agus le briseadh croíle linn féilte na Samhna agus na hAidbhinte i gcónaí.

Buaileadh Seáinín le babhta tinnis. Óndara leath de Mhí na Samhna araghaidh ní raibh ach teannas agus strusle brath inár measc. Bhíodh Mam agusDaid de shíor ag iarraidhorainn a bheith ciúinagus gan a bheith agdéanamh an iomarcacainte. Níor ligeadhdúinn móránteagmhála a bheithagainn leis an leanbhach oiread; agus iarradhorainn a bheith beagán ní bathuisceanaí go dtí go dtiocfadh beagánbisigh air. Chuireamar stailc suas, faoimar a dhéanfadh páiste ar bith, ach bhísé fánach againn.

Thosaigh mo thuismitheoirí agsealaíocht le chéile − ag fanacht ina suí irith na hoíche. Bhíodh tine ar lasadhacu sa pharlús agus thógaidís árndeartháirín fiabhrasach amach as achliabhán agus choinnídís lena mbaclainneacha é – an leaidín bocht aganálú go torannach guagach nó agmeamhlach faoi mar a dhéanfadh piscín.

Bhíodh idir imní agus mhearbhallorainne, na páistí, agus muid ag dul a luíistoíche. Thagadh sceoin orainn nuair achloisimis an chasacht ghéar uafásach,a bhíodh ag ciapadh ár dtuismitheoiríde ló is d’oíche. Thagadh an dochtúirchun an tí gach lá. Bhí leaba shealadachag mo thuismitheoirí sa pharlús agus lassiad solas breise taobh amuigh dárseomra codlata − le misneach a thabhairt dúinn le linn na n-oícheantadorcha imníocha sin. Agus, an rud bamheasa ar fad ná nach raibh cead agduine ar bith againn Seáinín a phógadha thuilleadh. An triuch a bhí air.

Oíche amháin, le linn dúinn a bheith saleaba, bhí mé féin agus Brian ag caint osíseal le chéile, sa chaoi nach mbeimis agcur isteach ar ár dtuismitheoirí bochtaná ar Sheáinín a bhí thíos sa pharlús.Bhí imní an domhain orainn beirt.

‘B’fhéidir go bhfaighidh Seáinín bás,’arsa Brian i gcogar.

‘Bás?’ arsa mise.

‘’Sea,’ ar seisean. ‘B’fhéidir go bhfaighidh sé bás agus go rachaidh sésuas ar neamh.’

‘Cén fáth? Cad chuige?’

‘Mar tá sé tinn. Rachaidh sé suas arneamh.’

‘Cá bhfuil neamh?’

‘Áit atá ann a mbeidh Seáinín igcuideachta an linbh Íosa,’ arsa Brian.

‘I gcuideachta an linbh Íosa?’

‘’Sea, i gcuideachta Dé sna flaithis.B’fhéidir go gcloisfimid an bhean sí.’

‘An bhean sí?’

‘’Sea, a Eibhlín, Tá a fhios agat go gclois-tear an bhean sí sula bhfaigheann duinebás?’

‘Cén cineál fuaime a dhéanann anbhean sí’

‘Níl a fhios agam.’

Ní raibh fuaim le cloisteáil thíosstaighre. Ní raibh an chasacht ghéar náan t-análú torannach le cloisteáil athuilleadh. Bheartaíomar go rachaimissíos chun cuairt a thabhairt ar Sheáinínsula n-imeodh sé suas ar neamh.

Síos linn ar ár mbarraicíní. Nuair ashroicheamar doras an pharlúis chuirBrian a mhéar lena bheol. Bhí Mamagus Daid ina suí ar an tolg, iad fáiscthele chéile i lombharróg. Bhí an leanbhina luí sa chliabhán le taobh antseomra, in aice le bord beag a raibhcupán tae leath-ólta air. Bhí momháthair ag caoineadh go bog.

‘Uis! Uis!’ arsa Daid. ‘Caithfimid abheith dóchasach agus misniúil.’

Bhí mé féin agus Brian scanraithe inármbeatha. Ní rabhamar ar ár suaimh-

neas, ná níor mhaith linn go mbéarfaíorainn. Ach, ar aghaidh linn, pé scéal é,agus shleamhnaíomar anonn chuig angcliabhán agus chuamar i bhfolach faoinéadach a bhí ar crochadh ón mbord.Chualamar análú piachánach ón leanbhanois agus thosaigh an fhuaim ag gluaiseacht ar fud an tí.

Níl a fhios agam ó thalamh an domhaincén fáth ar smaoiníomar ar an siúcra.B’fhéidir gur shíleamar gur rudspeisialta é i ngeall ar an gciondáil a bhíi bhfeidhm le linn an chogaidhdhomhanda. Ach shíleamar gur ‘mannaó neamh’, a bhí sa siúcra agusbheartaíomar cúpla gráinne ónmbabhla, a bhí ar an mbord, a thabhairtdo Sheáinín bocht.

TThugamar sracfhéachaint ar árdtuis mitheoirí. Bhí siad ag caintos íseal agus ag déanamh

comhbhróin le chéile. D’éirigh linn árgcinn a ardú os cionn an bhoird, cúplagráinne siúcra a thógáil as an mbabhlaagus iad a chur le beola Sheáinín. Cé gorabhamar scanraithe inár mbeatha,shíleamar go dtaitneodh sé leis. Tar éisdúinn an gníomh cróga sin a chur igcrích, d’éirigh linn sleamhnú in airdestaighre arís i ngan fhios dár dtuismith -eoirí − a bhuíochas sin den solas a bhíar lasadh ar léibheann an staighre. Murach an lagsholas sin, ní bheadh séde dhánacht ionainn a leithéid de rud adhéanamh sa dorchadas!

D’fhan fuaim phiachánach análúSheáinín i mo chluasa go dtí gur thosaigh an codladh ag titim orm −nuair a chnag Mam go héadrom ar andoras. Bhí an siúcra ar bhéal Sheáiníntugtha faoi deara aici! Labhair sí go láchcineálta linn ar feadh tamaill aguschuimil sí go ceanúil ar mo chlár éadainmé le linn di a bheith ag caint. Nílcuimhne ar bith agam ar a raibh le ráaici, ach tá cuimhne mhaith agam ar angcaoi dheas ghrámhar ar chaith sí linn.Ar deireadh thiar shocraigh sí ant-éadach go deas néata tharttimpeall orainn agus rug barróg an duine orainn.

Ba le linn na hoíche sin a fuairSeáinín bás.

An mhaidin dár gcionn, tugadhisteach sa pharlús, inár nduine agusinár nduine, sinn − chun an t-aingealgleoite a fheiceáil agus é ina luí sa chliabhán. Bhí sé leagtha amach gohálainn ag mo mháthair − é gléasta inaghúna baiste. Bhí sé ina luí ansin go

Page 8: Feasta | Meán Fómhair 2013

www.feasta.ie Feasta, Meán Fómhair 20138

ciúin socair. Bhí dhá choinneal ardalasta ar dhá thaobh an bhoird agusníorbh fhada gur tháinig daoine isteachagus gur thosaigh siad ag guí.

Bhí clú agus cáil ar Mham sa cheantarag an am sin, mar b’ise a sheinneadh anarmóin ag an Aifreann ar an Domhnach.Dá bhrí sin, tháinig cuairteoirí isteachchugainn ó chian is ó chóngar. Labhair

siad faoi leanaí eile sa cheantar a fuairbás ón triuch i rith na bliana. Bhí

mé féin agus Brian fáiscthe lenahucht ag Mam agus í agcaoineadh i rith an ama.

Ní raibh Seáinín ach seachtseachtaine d’aois nuair a

sciobadh uainn é. Ní cuimhinliom cén uair ar tugadh an cónra

beag bán isteach chun an tí, ach iscuimhin liom go maith nár ligeadh isteach sa pharlús sinn go dtí gursocraíodh an corpán beag bídeach isteach ann.

Glaodh isteach ansin orainn. Bhí Seáinínina luí ansin agus sról geal bán tharttimpeall air. Bhí sé chomh bán lesneachta agus a lámha beaga bídeachaina luí gan chorraí ar gach taobh de. Bhíloinnir ghorm ar chraiceann a chláréadain agus baineadh geit asam nuair aphóg mé é agus nuair a leag mé lámh ara aghaidh álainn, a bhí chomh fuar lemarmar sa seomra teolaí sin.

Ar ámharaí an tsaoil, thug seanchara dechuid mo thuismitheoirí cuairt orainn le

linn na faire. Ba ghrianghrafadór denscoth é, a raibh cónaí air ar an gClochánLiath, baile mór cúig mhíle ó Alt anChorráin, áit a raibh cónaí orainn féin agan am. Ar chaoi éigin, d’éirigh leis ceada fháil ó mo thuismitheoirí cúpla pictiúrcuimhneacháin a ghlacadh de momháthair ag breathnú go brónach ar amac marbh. Ghlac sé na pictiúir sin gostuama ealaíonta sa chaoi go bhféadfaípian agus cumha mo mháthar a choinneáil ar phár.

An tráthnóna céanna, thiomáin Mamagus Daid an bóthar fada ó Dhún nanGall go Contae na Gaillimhe i gcarr abhí tógtha amach ar cíos acu, an cónraagus an corpán sa suíochán cúil. Tamallroimhe sin léadh an tAifreann sa pharlús. Chruinnigh cairde aguscomharsana, mar sciath chosanta, tharttimpeall orainn le linn don chlúdachbán a bheith á chur ar an gcónra. I bhfaiteadh na súl bhí aghaidhshoineanta an linbh glanta as radharc.

NNuair a bhí na paidreacha ráite,thit ciúnas ar a raibh i láthair.Chroith an tAthair Mac

Cumhaill uisce coisricthe ar chlúdachan chónra agus iompraíodh ant-ualach beag go sollúnta amach andoras tosaigh. Tamall roimhe sin,mhínigh Daid do gach aon duine gombeadh Seáinín ag imeacht uainnagus go leagfaí taobh le Mamó é iMaigh Locha, Contae na Gaillimhe. Tugadh geallúint dúinn go dtabharfaí

chun na huaighe sinn am éigin le linnan tsamhraidh ina dhiaidh sin.

Le linn do mo thuismitheoirí a bheith arshiúl ar an aistear brónach go Gaillimh,fágadh sinne – Brian, Marcas, Máireagus mé féin – faoi chúram nagcomharsan in Alt an Chorráin. Tácuimhne mhaith agam ar a bheith i moluí i leaba choimhthíoch an oíche sinagus mé ag iarraidh aistear brónachm’athar agus mo mháthar i ndorchadasfuar tais na hoíche – agus an leanbh inaluí sa chónra sa suíochán cúil – ashamhlú.

Taobh istigh de choicís, bhí ar mo thuismitheoirí iad féin a chroitheadh lechéile agus iarracht chróga a dhéanamhan Nollaig a cheiliúradh de réir spioradna féile. Is cuimhin liom na coinnle abheith ar lasadh sna fuinneoga, na stocaí ar crochadh in aice na tine agusna maisiúcháin dhearga agus ghlasa,cloigíní óir orthu, ar crochadh óntsíleáil. Ach, ina ainneoin sin agus uile,ba bhrónach an Nollaig í. Chuamar ar árnglúine agus ghuíomar le Seáinín, ant-aingeal nua sna flaithis, agus labh -raíomar faoi le chéile − ach lean pian anbhróin ar feadh i bhfad ina dhiaidh sin.

Ó am go chéile anois, agus mé agbreathnú ar na soilse dearga ar thithena ndaoine le linn féile na Nollag,buaileann an smaoineamh mé gombíonn scéalta bróin agus dóchais lehinsint ag daoine in ainneoin sonas nahócáide.◊

AMACH ANSEO?AMACH ANSEO?

le Gearóid Ó Clérighle Gearóid Ó ClérighComhairle na nAirí Theas agus Thuaidhsea chas ár dteanga féin chuig smacht géar Gall,ag urú ár ndúchais go réigiúnach fann,amhail Ghaidhlic na hAlban agus Breatnais iar-náisiúin.

Is geal linn radharc d’fháil ar adharca fada ar bhuaibhis is tnúth linn nósanna ár gcomharsana thar Mhuir Mheann,an tAngla-dhomhandas is rogha linn lenár ndéanamh teannas ár gcéim ard sa tsaol, tráth gur sinn is díol trua,

ár bhfréamha go faon agus gan daonnacht sa léannollscoile ach traenáil in earnáil na bhfeidhmagus ‘know-how’, is an kow tow orainn roimh fheachtais K'ung-fu-tzu

lenár saint chun saibhris giodh gurb ainnis ár scéal,oidhreacht ár sinnsear ó is brón mór gur chaill,ach go maire sí go samizdatach, agus seacht n-uaire go rúnda.

——◊——K'ung-fu-tzu, 550 - 479 r. Ch., ardfhealsamh na Síneach. Is uaidha ainmnítear na hInstitiúidi Confúicias in ollscoileanna an Iarthair,a maoiníonn Rialtas na Síne iad ar choinníolacha polaitiúla.

CÉRBH Í PEIG?CÉRBH Í PEIG?conas a mhíneofá a saol do dhéagóirgo bhfuil a cheann teann le heolaíochtis le heolas bailithe ar ollraon na n-óg

an ndéarfá leis go raibh a gas féin an-ógnuair ab éigean di sclábhaíochta fhulaingt ag freastal ar ghlaoch gach gnó

nó gur ghéill sí grá a croí do bhádóira thuig go maith eacnamaíochtna farraige le soláthar a chur ar bhord

nó an gcaithfeá solas ar an lom-anróa mhúscail í le filíochta phósadh le fealsúnacht mar anamcheol

nó an ndaorfá a beo mar a dhéantar go hiondúilag rá gur chum sí leabhar bróin fén mBlascaod Mór

Mícheál Ó hAllmhuráinMícheál Ó hAllmhuráin

Page 9: Feasta | Meán Fómhair 2013

www.feasta.ie Feasta, Meán Fómhair 20139

AAn fás agus an éabhlóid, i dteannta saothrú tuiscintífoirfe tola, réasúnaíochta agus imfhiosacha, a chinntigh gur doimhníodh an t-aitheantas a

thugaimid do luach agus raison d’etre na beatha daonna.Iomlánú leanúnach é, in ainneoin é a bheith bacach, iomlánúa gclaochlaítear dá bharr ár dtuiscint ar dhínit, stádas,cumais agus teid líochtaí ár leithéidne ar dhroim ár gCruinne.

Teidlíochtaí iad a bhaineann go dlúth linn uile ‘gan eisceachtar bith’, agus is gá go ndearbhófaí iad mar bhunphrionsabailbhuana an chirt agus na córa ar an saol seo. Teidlíochtaí iada chuir eann oibleagáid orainn uile dá chéile, agus ar cheartiad a aithint mar shlat tomhais mhorálta dhoshéanta inárbplé lena chéile. Is oibleagáid phríomha choinsiasa iad samhéid go mbaineann siad le caitheamh an tSaibhir leis anDaibhir, oibleagáid a chuireann de dhualgas orainne sadomhan forbartha féachaint chuige go gcealófar gach éagóira luíonn ar ár gcomhdhaoine i ngach cearn den chruinne abhaineann linn.

Má ghlacann saoránaigh i gcoitinne leis an tasc seo,claochlóidh sé meanma agus cultúr ár linne fud fad na cruinne: toil choitianta na maitheasa a fhuascailt. Is é tasccinniúnach ár linne go dtógfar na chéad choiscéimeannadúshlánacha misniúla, chomh fada agus is féidir linn, i dtreofíorú na físe seo – agus ní gan dua a thógfar iad. Is oibleagáidé sin atá leagtha ar gach mac máthar sa domhan forbarthago háirithe, agus is i gcaibidil reatha scéal an Duine a chomh-líonfar é: ‘Today it is not nearly enough merely to be a saint,but we must have the saintliness demanded by the presentmoment, a new saintliness, itself also without precedent…. Anew type of sanctity … is almost equivalent to a new revel -ation of the universe and of human destiny…. More genius isneeded [to invent it] than was needed by Archimedes to invent mechanics and physics. A new saintliness is a stillmore marvellous invention.’11

Maidir le claochlú na héirime agus na tola daonna, má sea,tá sé riachtanach go ndoimhneofaí níos mó agus as an nuaár dtuiscint ar an luach atá fréamhaithe i raison d’etre anDuine: is riachtanach go gclaochlófaí éirim agus toil an duinechun go saothródh saoránaigh na fíorshaoirse beatha ledealramh i gcomhar le chéile.

Is tuiscint í sin a thugann fios feasa na forbartha dúinn.Deirtear as Gaeilge ‘más cosúil, is gaolmhar’ agus is cinntegur cosúil iad ina n-eisint gach mac agus iníon máthar a rugadh riamh, ainneoin gur ‘unique in all creation’22 gach aonneach daonna. Ní foláir meanma na ‘Roinnte’ seachas na‘Sainte’ a aimsiú agus a bhuanú sa phlé idir chiníocha, más imoráltacht dhaonna i ndáiríre atá sí le bheith fréamhaithe.

Dúshlán na hoibleagáide seo a fhreagairt a chinnteoidh antsíocháin, an sonas fiú amháin, agus an tsástacht is doimhneis féidir le duine daonna a bhlaiseadh agus é nó í ar ‘aimsirag an saol’. Saothrú chomhar nua na gcomharsan a chinn -teoidh beo-bhuannacht chultúrtha ina measc san uile a thagann faoina anáil. An mheanma faoi inspioráid, seachasbogadh phatuar leithscéalach, is ea an ghluaiseacht seo arson na maitheasa coitianta. Í a bheith fréamhaithe i gcré

dhaonn achtúil nua-bhisithe a chothóidhtorthaí a bhláthóidh ina ngníomh tola,agus a dheimhneoidh go mbeidh fáil aggach neach daonna ar na buan-deiseanna maireachtála a éilíonn árndínit agus ár n-iontas beo comónta.

Agus é sin a bheith ina phríomhthosaíocht i saothrú árndaonnachta.

Níl duine ann nach bhfuil i dteideal beathú agus deis tógálaclainne, fothain, cosaint ar ghalair, oideachas, saoirse agusneamhspleáchas morálta a bheith acu. Níl duine ná deoraínach dtiteann dualgas air nó uirthi páirt éigin a ghlacadh, amhéid agus is féidir, i gcomhlíonadh na hoibleagáide gogcaithfí le cothrom na Féinne leo uile a mhaireann ‘faoi bhunna líne’ ar an saol seo.

Beidh na teidlíochtaí seo le haimsiú agus le bronnadhseachas iad a bheith breactha ar aon sórt ‘guí-liosta’ teibí aréitíonn agus a fhógraíonn institiúid nó rialtas ar bith dechuid an ‘tSaibhir’, ach a chaitear i dtraipisí gan mhoill.Meanma i gcomhar a bhlathóidh ina toil dheimhneach ashealbhófar in ‘anam níos iomláine’ na gciníocha, agus aleathnóidh sa chéad bliain atá romhainn fud fad na cruinne.

Is meanma é sin atá fréamhaithe, ach í a aithint, i gcroí agusi gcarachtar na saoránach fud fad sochaí ar bith. Is meanmaé ar a mbraitheann gach a bhaineann le saothrú agus lebuanú na córa, na saoirse, agus na síochána inár measc uile,saoránaighna cruinne,in ainneoin ía bheithligthe indearmad debharr ain -eolais nóeaspa suime.Is obair é seoa chinnt -eoidh aimsiúagus forbairtaontaisdhomhanda,phríomh -dhúshlán cinniúnach ár linne, obair a thógfaidh agus abhuanóidh de réir a chéile sibhialtacht nua a mhairfidh arfeadh na gcéadta bliain romhainn.

II s ‘sú cultúrtha’ é a chothóidh na tréithe is dia-chosúla ionainn, seachas seisce shearbh an mhé-féineachais, atáár scrios agus ár ndíghradamú in Iarthar Domhain ár

linne go háirithe. Is meanma í atá folaithe, múchta nó brúitei leataobh ionainn ag fealsúnachtaí earráideacha a bhuan -aíonn aineolas ar chumais osnádúrtha an duine dhaonna. Ismeanma í atá caillte nach mór sa ré sheasc seo faoi scáth anábharachais fhealsúnta atá ár ndí-uaisliú, ár ndífhréamhú,agus atá ina chúis cuid mhaith leis an leatrom a imríonndaoine ar a gcomhbhádóirí ar an saol seo, tuiscint atá ‘horizontal and one dimensional’, i bhfocail Fritz Schumacher, ar ár potentia, tuiscint atá dall ar gach ní atá ingearach agus dia-chosúil inár n-eisintí uile.

Is earráid é sin a fhágann go bhfuil an tuiscint atá againnorainn féin agus ar ár gcumas craptha. Táimid dall ar nabuanna is airde againn chun an grá agus an fhírinne a

Ár nGalar agus ár nGáÁr nGalar agus ár nGále Colm Ó Tórna

Page 10: Feasta | Meán Fómhair 2013

www.feasta.ie Feasta, Meán Fómhair 201310

bheoshaothrú, an oibleagáid i gcoinsias a ghlacadh, ancomhar a chleachtadh, an fód a sheasamh ‘beyond the callof reason or duty’, chun cneastacht, cóir, comhbhá, coinsias,cúram a shaothrú. ‘Soul-stuff’, gan aon agó! Ach igcomhthéacs fhorbairt, leathnú agus chraobhscaoileadh nadtuiscintí daonna seo is gá go leasófaí agus go saibhreofaí asan nua na hithreacha seasca ina bhfuil cultúir na gciníochaEorpacha agus Iartharacha sáinnithe.

Thug Dorothy L. Sayers rabhadh dúinn agus í ag cur síos arInferno Dante Allighieri; tá caoga bliain nó níos mó ann óléirigh sí ár gcruachás:

‘That the Inferno is a picture of human society in a stateof sin and corruption, everybody will agree. And since weare today fairly well convinced that society is in a bad wayand not necessarily evolving in the direction of perfect -ibility, we find it easy enough to recognise the variousstages by which the deep of corruption is reached. Futility,lack of a living faith, the drift into loose morality, greedy consumption, financial irresponsibility, and uncontrolledbad temper; a self-opinionated and obstinate individual-ism, violence, sterility, and lack of reverence for life andproperty including one’s one; the exploitation of sex, thedebasing of language by advertisement and propaganda,the commercialising of religion, the pandering to super-stition and the conditioning of people’s minds by mass-hysteria and ‘spell-binding’ of all kinds, venality andstring-pulling in public affairs, hypocrisy, dishonesty in material things, intellectual dishonesty, the fomenting ofdiscord (class against class, nation against nation) forwhat one can get out of it, the falsification and destructionof all means of communications, the exploitation of thelowest and stupidest mass-emotions; treachery even tothe fundamentals of kinship, country, the chosen friend,and the sworn allegiance: these are the all-too-recognis-able stages that lead to the cold death of society and theextinguishing of all civilized relations.’33

Mar sin féin, níor thit an buille scoir orainn go fóillín, agus níthitfidh go buan de dheasca drochbheartaíochtaí na toladaonna. Bhí, agus bíonn i gcónaí, in am an ghátair daoine nógrúpaí éigin a d’aimsigh agus a ghlac chucu féin nuachéimtuisceana, nuachéim imfhiosach ar fhíor- raison d’étre anDuine fiú amháin, agus a thug de bharr a gcuid fianaise faointochailt mhorálta ba ghá chun go dtabharfaí slán a gcine nóa gciníocha.

Is orthu siúd, a fhaigheann an chéad spléachadh ar an ngáseo, a thiteann sé go ndoimhneofaí tuilleadh fós an tuiscintdo dhínit an duine dhaonna; is orthu a thiteann anoibleagáid is troime. Orthusan, ainneoin gach cur inagcoinne, gach míthuiscint agus lúbadh ar a n-aidhmeanna, athiteann an dualgas tosaigh an ‘dea-scéal’ seo a chraobh-scaoileadh, dea-scéal is gá chun go gcinnteofar síor-éabhlóidan chine dhaonna i dtreo ceann scríbe. Tá caibidil eile lecumadh sula sroisfear an líne dheireanach inár ndráma ar ansaol seo. Ní beag san.

Freagracht ÚrFreagracht Úr

Ní haon éabhlóid gan stiúir scríobh na caibidle is foirfe iScéal an Duine, ach a ról féin atá glactha acu siúd a thuig angá leis na fréamhacha morálta a bhí ag lobhadh in ithirnimhithe a linne a chlaochlú. Bíodh ceannairí 1916 na hÉireann, De Gaulle na Fraince, Gandhi na hIndia, Martin

Luther King Mheiriceá, mar shamplaí fánacha. Nó leithéidíAnna Frank, Dietrich Bonhoeffeur, Viktor Frankl, an Dr Anne Spoerry, Mon. Hugh O’Flatherty na Vatacáine, daoine nárshiúil mórstáitsí poiblí ár linne, agus go leor eile dá leithéid.Bhfuil oiread is polaiteoir, geilleagraí nó fiontraí ina measc?

Ach anois is i measc chosmhuintir na cruinne, ‘that greatgranary of vital spontaneity and non-pharsaic living force’44 ibhfocail Maritain, atá an doimhniú daonna is mó fós atá dedhíth le dúiseacht. Is ar an iliomad fear agus ban ashaothraíonn an mhaitheas i ngan fhios don saol tablóideacha thiteann fíordhúshlán daonna ár linne. Dán úrnua daonnaatá le cumadh agus le ceol. Tá réamh-rogha á dhéanamh denchlaochlú is gá ag leithéidí Niall Mellon, Alan Kerins, JohnO’Shea agus lucht ‘Bóthar’.

‘Méadaíonn Freagracht Grá’‘Méadaíonn Freagracht Grá’55

Tá fáithe seo na maitheasa leasaithe inár measc cheana féin,in ainneoin an drochshaoil atá i réim. Fíorghráthóirí iad aleasaíonn agus a réitíonn cré dhaonna na maitheasa ar ambraitheann ré úr don chine daonna: tuismitheoirí maithego háirithe, cuir i gcás, agus an iliomad seantuistí atá arís imbun chúram pháistí a bpáistí féin, lucht fairsing na dtuistíneamhphósta. Is mná óga go hiondúil iad seo, cailíní gorómhinic ar mheall bolscairí na ceadaíochta sna meáin thablóideacha neamhscrupallacha iad agus, níos minice fós,atá tréigthe ag na ‘gaiscígh’ a d’fhág torrach iad.

Ach i ngach comhluadar tíre, táid siúd ann a shaothraíonngrá clainne agus an chomharsanacht, nó a ghlacann cúraimídeonacha sóisialta orthu féin. Áirítear chomh maith iad siúdarb í an ghairmiúlacht an chloch is mó ar a bpaidríní oibre iseirbhísí éagsúla don phobal: banaltraí, fir agus mná naseirbhíse dóiteáin, múinteoirí, gardaí srl. Is fíor gur i laghadatá a líon siúd imithe sa saol seasc a chothaigh an ‘greedenvy motive’, ach is i gcroíthe a leithéidí a adhanfar meanmana nua-aoise atá romhainn.

Osclaímis ar dtús, dá bharr san, ár n-aigne don riocht ina bhfuil cultúr agus sibhialtacht ár linne, chun go dtuigimid gobhfuil an tuar tagtha faoi thairngreacht Dorothy L. Sayers. Isgá dúinn na fiail-torthaí atá tagtha chun buaine agus atá ag‘galrú’ inár meascna, Eorpaigh agus Iartharaigh an Domhain,a aithint.

Ansin, is riachtanas é go n-osclóimis súile neamhaireacha árgcoinsiasa agus go mbaileoimis an t-ollmhisneach is gá chungo gcothófaí an metanoia, an t-athrú chun leighis, atá riach-tanach le tiontú ó ghalar seo an nua-aimsearachais. ‘Diúl-taímis d’fhonn cruthú’, tógaimis na chéad choiscéimeanna dúshlánacha, ar mhaithe le claochlú ár meanma ionas gosaothrófar as an nua ár gcultúr Gaelach agus Eorpach, ionasgo slánófar mar thús an tsaothair chinniúnaigh seo, munabhfuil sé ródhéanach, sibhialtacht Iartharach ár linne.

TAGAIRTÍTAGAIRTÍ1 Simone Weil. Draft for a Statement of Human Obligations.

2 ‘To be unique in all creation, what a privilege!’ a dúirt saoi an dord-veidhleadóir, Pablo Casals, agus é ag léiriú a thuisceana ar an luacha bhaineann liomsa, leis féin agus le gach neach daonna. Nó fósmar a dúirt sé, ‘Ní foláir a mhíniú do gach páiste gur míorúilt é nachraibh riamh, ó thús an domhain, agus nach mbeidh go deo godeireadh an domhain, páiste eile ar aon dul leis nó léi.’

3 Dorothy L. Sayers, Introductory Papers on Dante (Londain, 1954).

4 Man and the State, le Jacques Maritain (Chicago, 1951).

5 ‘Turnamh’ i Néal Maidne agus Tine Oíche, le Breandán Ó Doibhlin.◊

Page 11: Feasta | Meán Fómhair 2013

www.feasta.ie Feasta, Meán Fómhair 201311

Page 12: Feasta | Meán Fómhair 2013

www.feasta.ie Feasta, Meán Fómhair 201312

CCé nár éirigh le náisiúnaithe Québec stát neamh -spleách dá gcuid féin a bhaint amach, is cinnte nachbhfuil deireadh le gluaiseacht na saoirse sa chúige

stairiúil chéanna. Tá cearta teanga bainte anois ag Québecagus an Fhraincís i réim ann i gcónaí; ní mar sin a bhí anscéal sa tsean-aimsir. Níor rún é in aon chor go raibh ceartaséanta ar Fhrainciseoirí in Québec agus in áiteanna eile araibh sliocht na Fraince líonmhar, agus gur dhearc go leorBéarlóirí orthu mar dhaoine den tríú grád.

Tá Louis Riel ina mhór-laoch i measc lucht na Fraincíse igCeanada, i Québec ach go háirithe. Níor bhain sé leQuébec, ar ndóigh, ach rinne sé troid éachtach sa tarnachuid den 19ú aois ar son chearta a mhuintire féin. Bhain séleis na Métis, dream a bhí líonmhar tráth in Manitoba agusthart faoi dhúiche Bhá Hudson.

Ach cérbh iad na Métis? Cine measctha a bhí iontu d’fhuil nabhFrainc-Cheanadach agus na mbundúchasach. Caitlicighagus Frainciseoirí a bhí iontu, daoine bochta den chuid ismó, a shaothraigh an talamh, a d’imigh ar thóir na mbuabhall agus a thóg muiríneacha móra. Daoine cineáltanár chuir isteach ar aon duine.

Sa bhliain 1869, áfach, cheannaigh Rialtas Cheanada dúichena Métis ó Chomhlacht Bhá Hudson. Thuig na Métis ar anbpointe go raibh an-bhaol ann go mbainfí a gcuid tailte traidisiúnta uathu. Chuadar i mbun gnímh ar an toirt.Chuireadar Rialtas dá gcuid féin faoi cheannas Louis Riel arbun in Manitoba agus ghlacadar seilbh ar Fort Garry i ndeisceart an chúige. Chuadar i gcomhar le Fíníní Éireannacha agus bhí duine díobh siúd, Liam Ó Donnchú,mar rúnaí ag Riel féin.

In St Boniface i ndeisceart Manitoba a rugadh Louis Riel sabhliain 1844. Leathdhúchasach, duine éirimiúil aigeanta achaith seal sa Collége de Montréal ab ea a athair; b’asQuébec dá mháthair. Bhí Louis féin éirimiúil ó nádúr, é agfoghlaim dlí ar feadh tamaill agus ba cheannaire den scoth é.Ní gá a rá go raibh Frainciseoirí na tíre, muintir Québec achgo háirithe, go tréan ar son Riel agus a chomrádaithe.

I bhFómhar na bliana 1870, áfach, seoladh díorma mórsaighdiúiri faoi cheannas an Ghinearáil Wolseley, Angla- Éireannach, go Fort Garry. Throid Riel agus a lucht leanúna go

cróga ach b’éigean dóibh géilleadh sa deireadh. Theith Rielagus cuid de na ceannairí eile, Fíníní ina measc, go Montana.

Bunús na Métis, áfach, d’fhanadar i gCeanada. Ghabhadarsiar go dúiche an Saskatchewan. Ach cuireadh isteach orthuarís agus arís eile. Thosaigh na sluaite daoine ón oirthear ag gabháil siar ar thóir réimsí talaimh. Tailte na Métis a bhíuathu.

Faoin mbliain 1885, thuig na Métis go gcaithfidís troid eile adhéanamh. Chuireadar fios ar Louis Riel sna Stát Aontaithe.An mbeadh sé sásta filleadh agus dul i gceannas orthu arís?

Bhí an saol ar a thoil ag Louis Riel in Montana faoin am seo,ach fós féin, ní thabharfadh sé cluas bhodhar dá chairde.D’fhill sé ar Cheanada agus ar fhód a bháis.

Ar Lá Fhéile Pádraig, 1885, chuaigh Riel agus a lucht leanúnai mbun troda. Rinneadar troid mhór in St. Laurent,Saskatchewan, agus chuireadar rialtas sealadach ar bun inBatoche. Bhaineadar buanna amach arís agus arís eile arfhórsaí armtha Cheanada agus chuaigh roinnt den phobalbundúchasach faoi threoir a gceannaire cróga Poundmaker igcomhar leo.

Ach chruinnigh an namhaid neart, faraoir, agus chuaigh an láin éadan Riel agus a chomrádaithe sa deireadh. Briseadh godona orthu in Batoche ar an dara lá déag de Bhealtaine1885. Gabhadh Louis Riel. Ar an 20ú lá d’Iúil, cuireadh ar athriail é in Regina agus daoradh é chun báis. Crochadh é ibpríosún Regina ar an 16 Nollaig 1886.

TTá sárchuntas faoi Louis Riel agus éirí amach na Métisag Fionntán Mac Aodha Bhuí ina leabhar breá, AnamDo-chloíte Québec (Foilseacháin Náisiúnta teo., 1967).

Mar a léiríonn an t-údar sa leabhar úd, ní go réidh a ghlacmuintir Québec le bás Riel. Deir Fionntán:

Cuireadh Riel chun báis ar 16 Nollaig, 1885 agusshásaigh sé sinn fonn díoltais na mBéarlóirí. Achi gcathracha Montréal agus Québec, réabléirseoirí tríd na sráideanna ag ionsaí póilíní agussaighdiúirí, ag béicíl agus ag mallachtaigh RialtasOttawa. Gach aon ní a bhí déanta le blianta fadachun cairdeas agus comhoibriú a chothú idir andá chine agus an dá chreideamh, bhí sé curtha ómhaith nuair a crochadh Louis Riel.‘

Ní hiontas é gur dhuine daingean, cróga é ceannaire naMétis. De réir ai lt a bhí i gcló san Irish Sword corradh agusleathchéad bliain ó shin, bhí fuil na hÉireann i gcuislí LouisRiel. I mblianta dorcha na bPéindlithe, d’fhág Seán ÓRaghaillí, Luimníoch, slán lena chathair dhúchais, gur imighsé leis go Ceanada. Phós sé bean de shliocht na Fraince, gurghlacadar beirt leis an sloinne Riel. Duine dá shliocht,garmhac is cosúil, phós sé bean de chine dúchasachCheanada. Duine dá chlann siúd ná athair Louis Riel.

Tig le muintir Luimnigh, agus muintir na hÉireann, a bheithmórtasach as an gceangal sin.◊

QUEBÉC, LOUIS RIEL,QUEBÉC, LOUIS RIEL,agus an ceangal agus an ceangal ÉIREANNACHÉIREANNACH

le Seán Ua Cearnaighle Seán Ua Cearnaigh

Louis Riel ag labhairtag a thriail, 1885

Page 13: Feasta | Meán Fómhair 2013

–– Campaí Samhraidh Campaí Samhraidh ––CONRADH NA GAEILGECONRADH NA GAEILGE

45 Sráid Doiminic45 Sráid DoiminicGaillimhGaillimhIúil 2013Iúil 2013

www.arasnangael.iewww.arasnangael.ie091 567824091 567824

CampaCampaan Leacaighan Leacaigh

An Caisleán GearrAn Caisleán Gearr

MionlachMionlach

Maigh CuilinnMaigh Cuilinn

Page 14: Feasta | Meán Fómhair 2013

www.feasta.ie Feasta, Meán Fómhair 201314

IIs é seo an chéad uair do dhrámaí an Phiarsaigh, maraonle mionchuntais ar na léirithe stáitse nach raibh aonscript leo agus an dráma neamhchríochnaithe Eoghan

Gabha, bheith ar fáil in aon leabhar amháin. Agus an oireadsin scríofa faoin Phiarsach ag daoine nach bhfuil aon eolasacu ar a scríbhinní Gaeilge, is mór is fiú an léiriú tuisceanacha thugtar dúinn sa réamhrá ar shaothar drámaíochta an Phiarsaigh agus é curtha i gcomhthéacs amharclannaíochta alinne. Is léir ó na fo-nótaí go bhfuil eolas nach beag ag naheagarthóirí ar na foinsí agus ar a bhfuil scríofa faoinPhiarsach le blianta beaga anuas.11

Cuirtear an Piarsach i láthair sa réamhrá mar fhear a raibh luímór aige leis an amharclannaíocht, agus dar leis na húdair istrí shúile an fhir amharclainne a d’fhéach sé ar an pholaitíocht. Íomhánna stáitse a thagann chun aigne daoinenuair a smaoiníonn siad air, m.s. an Piarsach ag léamh Forógra na Poblachta ar aghaidh Ard-Oifig an Phoist nó agtabhairt na horáide ag uaigh Dhonnabháin Rosa. Agus é fósar scoil bhí drámaí á scríobh aige agus glóir-réimeanna ámbeartú aige agus sa chéad deich mbliana den aois seo caiteis iad athbheochan na teanga, leasú an chórais oideachaisagus bunú amharclainne náisiúnta Gaelaí na trí rud ar chaithsé a fhuinneamh intleachtúil orthu. Ar chúl an leabhair tásliochtanna as aistí a scríobh sé sa Claidheamh Solais1906-08 le linn dó bheith ina eagarthóir air, a thugann léargas ar a thuairimí ar fhorbairt drámaíocht na Gaeilge.Thug bunú Scoil Éanna i 1908 an deis dó cuid de na tuairimísin a chur i bhfeidhm agus ní hamháin go bhfuil scripteannana ndrámaí a scríobh sé do dhaltaí Scoil Éanna anseo, ach táeolas freisin faoi na daoine a ghlac páirt iontu, cláracha cuidde na léirithe agus pictiúir roinnt de na haisteoirí maraon lehailt faoi na léirithe a foilsíodh san iris scoile An Macaomh.

I gcás an chéad dráma sa leabhar, Macghníomhartha ChúChulainn, a léiríodh i Meitheamh 1909, agus é mar aidhm agan Phiarsach go rachadh na buachaillí abhaile don samhradhagus ‘iomhá laochdha Chú Chulainn ina gcroíthe,’ tá an bun-leagan Gaeilge agus gearrchuntas i mBéarla a rinne an Pi-arsach féin. Tá leagan Gaeilge agus Béarla an Phiarsaigh deÍosagán agus An Rí, agus is iad na leaganacha Béarla amháinatá ann de Owen (bíodh go ndeirtear gur i nGaeilge a bhí anbunleagan) The Master agus The Singer. Maidir leis andráma neamhchríochnaithe Eoghan Gabha a fuarthas ibpáipéirí Liam Bulfin i 1953, is í Róisín Ní Ghairbhí ad’aistrigh. I gcás na léirithe gan script, An Pháis, a cuireadh arsiúl in Amharclann na Mainistreach 1911 agus The Defenceof the Ford a léiríodh i bPáirc a’ Chrócaigh (nó Jones Roadmar a tugadh air ag an am) tá cuntais i mBéarla amháin.

Is díol suime a mhéad de lucht litríochta na linne a chuirsuim ina raibh ar siúl ag an Phiarsach i gcúrsaí drámaíochtaagus a d’fhreastail ar na léirithe, agus tugtar léargas dúinn saleabhar ar an dua a chaith idir dhaltaí agus mhúinteoirí agus

cairde an Phiarsaigh leo agus ar an mhéid poiblíochta a fuarthas sna nuachtáin, fiú i nuachtán Gallda mar The IrishTimes. Maidir leis na drámaí féin is léir uathu go raibh tuiscint mhaith ag an Phiarsach ar theicníc an stáitse, agusdála a lán eile ag an am gur fhéach sé ar an amharclann -aíocht mar ghléas chun an náisiúnachas a chur chun cinn. Bathrua liom a laghad a bhí le rá ag na heagarthóirí faoi fhiúntas na ndrámaí féin ná faoina oiriúnaí agus a bheidís lecur ar stáitse inniu. Is leor leo ar scríobhadh fúthu ag an am,agus seachas cur síos fonóideach Sheáin Uí Chathasaigh inDrums under the Window ar léiriú na glóir-réime The Defence of the Ford is ard-mholadh atá sna cuntais eile.

Tá cur síos sa réamhrá ar an teanga a chuir an Piarsach imbéal na bpearsan sna drámaí: rian na hardlitríochta arMacghníomartha Chú Chulainn agus An Rí agus caint nandaoine ag na pearsana in Íosagán agus Eoghan Gabha,bíodh gur suite in aimsir Phádraig Sairséil an dara ceann. Bhíeolas nach beag ag an Phiarsach ar an Rúraíocht, an Fhiannaíocht agus ar fhilíocht na seachtú haoise déag agustá a rian sin ar an chaint shaibhir atá sna drámaí Gaeilge.Ceist a bhí agamsa agus na drámaí á léamh agam cén cumasGaeilge a bhí ag na haisteoirí óga a bhí páirteach iontu, aguscén cumas aisteoireachta a bhí acu? Is fíor go bhfuair siadardmholadh ó na daoine-mór-le-rá a d’fhreastail ar naléirithe ach is leasc le daoine fásta iarrachtaí na n-óg acháineadh, agus chomh maith leis sin is beag Gaeilge a bhíag a lán acu. Go teoiriciúil ba í an Ghaeilge teanga na scoile,ach is í máthair agus deirfiúr na bPiarsach a thug aire do nadaltaí lasmuigh den seomra ranga agus go bhfios dúinn níraibh Gaeilge acu. I mBéarla amháin a bhí na drámaí deiridha scríobh an Piarsach.

CCuireann an saothar seo lena bhfuil déanta ag SéamusÓ Buachalla, Regina Uí Chollatáin, Ciarán Ó Coiglighagus Cathal Ó hÁinle, chun léargas a thabhairt ar

shaol intleachtúil agus cultúrtha an Phiarsaigh. Sílim áfachgurbh fhearr mar leabhar é dá ndéanfaí eagarthóireacht níosdéine air. Cé gur suimiúil iontu féin aistí an Phiarsaigh sa Chlaidheamh Solais, ba leor sliochtanna astu agus faoin amgo dtagann an léitheoir go dtí na haistí in An Macaomhbraitheann sé go bhfuil go leor den eolas iontu tugthacheana. Agus sin ráite is fiú go mór na drámaí a bheith ar fáilmaraon leis an eolas atá bailithe ag na heagarthóirí inadtaobh. Agus bíodh gur leabhar scolártha é seo a bheadh inaáis mhór d’aonduine a bheadh ag iarraidh eolas a chur ar anPhiarsach, ba mhaith liom a cheapadh go mbeadh cóip ingach leabharlann scoile sa tír agus go dtabharfaí faoi chuidde na drámaí a chur ar stáitse arís. ◊

1 Tá mórchuid scríofa ag Ní Ghairbhí faoi shaothar Gaeilge anPhiarsaigh i leabhair agus san iris Comhar agus leabharfoilsithe ag Mc Nulty The Ulster Literary Theatre (CorkUniversity Press 2008}.

PATRICK PEARSE:PATRICK PEARSE:Collected Plays / Drámaí an PhiarsaighCollected Plays / Drámaí an Phiarsaigh

ISBN-10: 0716531666 ISBN-13: 978-0716531661

Eagarthóirí: Roisín Ní Ghairbhí agus Eugene McNulty (Irish Academic Press. 400 lch)á mheas ag Mairéad Ní Chinnéide

Page 15: Feasta | Meán Fómhair 2013

www.feasta.ie Feasta, Meán Fómhair 201315

IIndiaidh fiosrúchán a mhair trí mhí dhéag, chinn antOmbudsman Eorpach P. Nikiforos Diamandouros ar an31 Iúil 2013 gur chás drochriaracháin a bhí i dteip na

Parlaiminte a láithreán gréasáin a chur ar fáil i nGaeilge. Is éról an Ombudsman Eorpaigh drochriarachán in institiúidí anAontais a nochtadh agus moltaí a dhéanamh d’fhonndeireadh a chur leis an drochriarachán sin.

Is cinneadh tromchúiseach é cinneadh drochriaracháin, agusis annamh go bhfaightear an Pharlaimint, a chruthaigh oifigan Ombudsman, freagrach as a leithéid. Go hiondúil,déanann an tOmbudsman gach iarracht teacht ar réiteachcairdiúil agus cinneadh drochriaracháin a sheachaint. Ach sachás seo ní raibh an Pharlaimint le bogadh óna seasamh inaghaidh chothrom na Féinne don Ghaeilge ar a láithreángréasáin.

Síneann cúlra an scéil seo siar go dtí 2006, nuair a bhíréiteach á dhéanamh do thionscnamh na Gaeilge martheanga oifigiúil de chuid an Aontais Eorpaigh ón 1 Eanáir2007. Chonacthas dom go raibh institiúidí áirithe ag moilleadóireacht. D’ardaíos ceisteanna faoin dul chun cinn indoiciméid éagsúla a chuireas faoi bhráid na n-insititiúidíagus faoi bhráid an Rialtais abhus thar ceann Stádas. Bhí cruinnithe agam sa Bhruiséil le hoifigigh shinsearacha nan-institiúidí, Ard-Rúnaí na Parlaiminte ina measc, agus leBuanionadaíocht na hÉireann. D’áitigh mé go raibh dualgasar na hinstitiúidí a láithreáin ghréasáin a chur ar fáil inGaeilge, agus nárbh aon leithscéal é an maolú a bhí curtha ibhfeidhm. Bhí maolú le foclaíocht ar an dul céanna i bhfeidhm i gcás na Máltaise, agus bhí láithreán gréasáin agna hinstitiúidí ar fad sa teanga sin.

Ar theacht na hathbhliana 2007, chuir an Chomhairle agusan Coimisiún a láithreáin ghréasáin ar fáil sna trí theanga

nua – Bulgáiris, Gaeilge,agus Rómáinis. Chuir anPharlaimint a láithreánar fáil sa Bhulgáiris agussa Rómáinis, achshocraigh siad gan aláithreán a chur ar fáil inGaeilge, agus gan fiúan Ghaeilge a lua arliosta anuas na dteang -acha oifigiúla. Agus isamhlaidh a bhí an scéalnuair a d’eisigh antOmbudsman a

chinneadh gur cás drochriaracháin a bhí ann – droch -riarachán a mhair breis is sé bliana go leith, d’ainneoin iarrachtaí an phobail Ghaelaigh.

Chuireas an scéal faoi bhráid Fheisirí Éireannacha na Parlaiminte, agus an 14 Samhain 2011 líomhain triúr acu –

Pat the Cope Ó Gallchóir,Gay Mitchell, agus Bairbrede Brún – ag suí iomlánachden Pharlaimint go raibhidirdhealú i gceist. Bliainníos déanaí, ní raibh aon dul chun cinn déanta. Tar éis domlitreacha cláraithe maidir le ceist an láithreáin a chur chuigUachtaráin agus Ard-Rúnaí na Parlaiminte sa bhliain 2011agus ag tús 2012, agus gan freagra, fiú admháil, a fháiluathu, shocraigh mé go gcuirfinn gearán faoi bhráid an Ombudsman, rud a rinne mé in Aibreán 2012. D’áitigh mé goraibh an Pharlaimint ag gníomhú ar mhodh idir-dhealaith -each, agus dá bharr sin go mídhleathach, toisc nár chuir sí aleathanach baile agus leathanaigh ábhartha eile ar fáil ar aláithreán gréasáin ar bhonn leordhóthanach aguscomhréireach. Bhain an dá thréith dheireanacha sin lehidirdhealú ar bhonn teanga atá toirmiscthe faoin gCairt umChearta Bunúsacha.

Chuir an tOmbudsman fiosrúchán ar bun, agus marchéimeanna sa phróiseas sin bhí iarracht an Ombudsmanteacht ar réiteach cairdiúil, seasamh tosaigh na Parlaiminteagus mo fhreagra air sin, doiciméad le ceisteanna ábharthaagus bealaí réitigh a chuir an tOmbudsman faoi bhráid naParlaiminte, tuairim na Parlaiminte, agus mo bharúlacha inaleith sin. Sa deireadh thiar, d’aontaigh an tOmbudsman liomgo raibh idirdhealú ann de bhrí nach raibh gníomhú na Parlaiminte comhréireach. ‘Mar a d’áitigh an gearánach,’ ascríobh an tOmbudsman, ‘níor cheart na hacmhainní uile atáar fáil a chaitheamh chun 22 teanga oifigiúil a chur ar fáil inan-iomláine agus faillí iomlán a dhéanamh in aon teangaoifigiúil amháin.’

CChuir an tOmbudsman an dréachtmholadh seo aleanas faoi bhráid na Parlaiminte agus d’iarr sé ar aninstitiúid tuairisc a chur chuige faoin 31 Deireadh

Fómhair 2013 maidir le conas a cuireadh chun feidhme é:

Ba cheart don Pharlaimint, de réir a chéile agus deréir amchlár atá ar fáil go poiblí, úsáidleordhóthanach agus chomhréireach na Gaeilge ara láithreán gréasáin a áirithiú. Mar íosmhéid, bacheart don Pharlaimint a áirithiú go bhfuil aonrannáin ina dtugtar cuireadh don saoránachidirghníomhú leis an bParlaimint, ar fáil i nGaeilge.

Is dul chun cinn suntasach é seo maidir le stádas na Gaeilgesan Aontas Eorpach. Léiríonn an cás gur féidir le saoránach duli ngleic trí phróiseas daonlathach le hinstitiúid Eorpach atá aggníomhú go leatromach, agus bua a bhreith uirthi. Ach is sampla é freisin de na deacrachtaí atá fós ann de dheasca anmhaolaithe atá i bhfeidhm i leith na Gaeilge. Creidim gur féidiragus go mba chóir deireadh a chur leis an maolú sealadach sinar an gcéad ionú eile, sé sin ón gcéad lá d’Eanáir 2017. ◊

SAORÁNACHSAORÁNACHversusversus Parlaimint na hEorpaParlaimint na hEorpa

Bua suntasach ar son na teanga!Bua suntasach ar son na teanga!

Pádraig B. Ó LaighinPádraig B. Ó Laighin

Pádraig B.Ó Laighin

Parlaimintna hEorpa

Page 16: Feasta | Meán Fómhair 2013

ANSEO AGUS ANSIÚDANSEO AGUS ANSIÚDBonn Óir Sheáin Uí Riada, Comórtas 2013 ar oscailtBonn Óir Sheáin Uí Riada, Comórtas 2013 ar oscailtTá Peadar Ó Riada ó RTÉ Raidió na Gaeltachta ag glacadh le hiarrataisanois don chomórtas bliantúil ceoil i gcuimhne a athar, Seán Ó Riada.Tá comórtas na bliana seo dírithe ar na huirlisí giolcaigh miotail –bosca ceoil, consairtín, orgán béil srl. Bronnfar bonn óir agus duaisairgid €2,500 ar cheoltóir amháin ag ceolchoirm mhór in Óstán anRochestown Park i gCorcaigh i mí Eanáir. Seo an ceathrú bliain denchomórtas a bhíonn á reáchtáil ag Peadar Ó Riada ar a chlár Cuireadhchun Ceoil, agus é mar aidhm aige an chlann éisteoirí atá ag an gclára thabhairt le chéile agus líonra a fhorbairt le cúnamh na nua-theicneol aíochta. Anuraidh, ba iad na píobaí agus an chruit na huirlisía bhí i gceist, agus ba iad an píobaire Tiarnán Ó Duinnchinn asMuineachán agus an cruitire Oisín Morrison as BÁC a thug na boinnóir leo. Sa chomórtas seo beidh ceolmhaireacht agus spiorad ancheoil chomh tábhachtach céanna do na moltóirí, nó níos tábhachtaífiú, ná cruinneas teicniúil. Le cur isteach ar an gcomórtas, ba cheartdo cheoltóirí 5 phíosa ceoil a thaifead agus iad a uaslódáil go dtí anidirlín, nó iad a chur ar dhlúthdhiosca agus iad a chur sa phost chuigPeadar Ó Riada i gCúil Aodha. Tá na sonraí uilig le fáil ar an suíomh.Beifear ag glacadh le hiarratais go dtí 6 Meán Fómhair. Moltar dóibhsiúd ar mhaith leo cur isteach ar an gcomórtas é sin a dhéanamh goluath, gan a bheith ag fanacht go dtí an dáta deiridh. Roghnófar 15iomaitheoir don ghearrliosta, agus tabharfar cuireadh dóibh siúdseinm ar stáitse ag ceolchoirm mhór in Óstán an Rochestown Park i

gCorcaigh ar 24 Eanáir, áit a roghnófar an buaiteoir. Is é an gabha óirPádraig Ó Mathúna as Caiseal Mumhan a rinne an bonn óir. PortráidSheáin Uí Riada atá ar thaobh amháin den bhonn, agus tá íomhá greanta ar an taobh eile bunaithe ar Dhán Aimhirgín. CasfaidhPeadar Ó Riada cuid de na hiarrachtaí ó iomaitheoirí ar a chlárCuireadh chun Ceoil gach Aoine ar Raidió na Gaeltachta ag 7pm.Beifear in ann clárú leis an suíomh idirlín www.cuireadhchunceoil.ieagus iad a chloisteáil ansin freisin. www.facebook.com/pages/Cuireadh-Chun-Ceoil/191045597628162?directed_target_id=0

•• Ar dheis, Micheál Ó Drisleáin, Comhlucht Forbartha na nDéise, le TaraUí Ghreasaí ó Choláiste na Rinne a bhuaigh an ‘Long Service to Irish Award’,urraithe ag an Dungarvan Leader, ag Dánlann Joan Clancy Gallery, Maoila’ Choirnigh, An Rinn, Co. Phort Láirge, mar a bronnadh Gradaim Ghnó nanDéise 2013 tamall ó shin.•• Gar-dheis, Joan Clancyagus Michael Barry ó Beat102-103 ag Dánlann JoanClancy, Maoil a’ Choirnigh,an Rinn le haghaidhbhronn adh na nGradam. Isminc saothar ón Dánlanncéanna mar mhaisiú archlúdach FEASTA. (DavidClynch Photography)•• Bun an lgh: Lucht Champana Peile Gaelaí i bPáirc naCarraige, Club Aibhistín deStaic, Trá Lí, le deireanas. Imeasc na dtraenálaithe bhí Tadhg Mac Mathúna, cathaoirleach; Séamus ÓGealbháin, Ailín Ó Dúgáin, Ciarán Ó Conaill, Siún Ní Mhongáin, Greg ÓhÓdhráin, a d'imir i lár na páirce do Mhionúir Chiarraí v Tír Eoghain, agus Ciarán O'Reilly. •• Agus ar dheis arís, ag cur an tsíl, Kayla Ní Riagáin agus CiaránÓ Conaill, beirt iarscoláirí de chuid Ghaelscoil Mhic Easmainn, Trá Lí, ag gabháil do bhunscileanna na peile Gaelaí a mhíniú don chleas óg ag campaoiliúna Chlub Aibhistín de Staic i bPáirc Uí Chonghaile. 75 óg-pheileadóir afhreastail ar an gcampa.◊

Page 17: Feasta | Meán Fómhair 2013

www.feasta.ie Feasta, Meán Fómhair 201317

NNach fíor gur maith an scannán a ghineann breith -iúnais chontráilte óna lucht féachana? Níl dabht achgur féidir scannán nua The Tree of Life a áireamh i

measc na scannán maith dá réir sin. Is scannán é Crann naBeatha a ardaíonn ceist, agus ansin ceist eile. Pléann sé naceisteanna is bunúsaí i leith fheidhm na scannánaíochta féin.

Ach an féidir an scannánaíocht a áireamh mar fhoirmealaíne, nó an ábhar siamsaíochta agus fóillíochta atá inti indáiríre? Níor taispeánadh Crann na Beatha i mórán de phictiúrlanna na hÉireann, go bhfios dom. Tar éis an tsaoil,agus cé go maítear a mhalairt go minic i measc naléirmheastóirí agus lucht critice gairmiúla, níl a leithéid derud againn sa tír seo agus cultúr forbartha scannánaíochta archor ar bith. Tá Crann na Beatha ar fáil ar DVD agus Blu-raytrí mheán an idirlín le tamall anuas. An scannán nua seo, isfaoi stiúir an Mheiriceánaigh chlúitigh Terrence Malick asaol aíodh é, agus tá sé ar an dornán scannán atá eisithe aigele dhá scór bliain anuas. Tá sé chomh maith le ceann ar bithde na scannáin eile a rinne sé, lena n-áirítear Days of Heaven(1978). B’fhiú fanacht leis. Dar le go leor léirmheastóirí, tá séar cheann de na scannáin is áille, ó thaobh na cinea mata -grafaíochta de, a rinneadh i Meiriceá le daichead éıgin bliainanuas.

É sin ráite, ní fhéadfá a áiteamh gur scannán é Crann naBeatha a rinneadh dóibh siúd a bhfuil píosa spraoi nó ábharéalúchais de dhíth orthu. Na mórcheisteanna atá á bplé agMalick anseo, is le brí na beatha agus fiúntas na beatha abhaineann siad, eochair na rúndiamhra sin a bhfanann árbhformhór dall orthu, ainneoin ár gcuid iarrachtaí go léir.

Scannán sa stíl mhall mhachnamhach a bhfuil na Sualann -aigh, na Rúisigh agus a gcomhghleacaithe in oirthear na hEorpa mar mháistrí uirthi is ea Crann na Beatha, iarracht ardhul i ngleic leis an rúndiamhair sin nach nochtann í féin gohiomlán dúinn, agus nach n-éiríonn linn tuiscint iomlán afháil riamh uirthi.

Bhuaigh Crann na Beatha an Palme d’Or ag Féile ScannánCannes sa bhliain 2011. Ainmníodh é, chomh maith, ar nascannáin is fearr do na Academy Awards (Hollywood), 2012,cé gur chaith an fear grinn Billy Crystal anuas air le linndháileadh na ngradam: ‘What’s that about?,’ ar seisean. Arshlí, ní raibh Crystal ach ag léiriú míshástacht cuid mhór delucht scannán Mheiriceá le Crann na Beatha agus an easpatuisceana a léiríodh ina leith fud fad na tíre sin. Shiúil go leordaoine amach as an bpictiúrlann nuair a chéad-léiríodh arscáileáin SAM é. ‘Ní faoi rud ar bith é,’ an gearán a bhí acu.

Aisteach le rá, is féidir gur sa ráiteas lom sin a luíonn tábhacht an scannáin seo, go háirithe toisc ceisteanna trom-chúiseacha a bheith á n-ardú ag Malick anseo i dtaobh todhchaí na scannánaíochta. Is é sin, má tá todhchaí fós agcúrsaí scannánaíochta, agus go háirithe ag an institiúid sin adtugtar an phictiúrlann uirthi.

Na féidearthachtaí a bhaineann leis an nua-theicneolaíocht,an teilifís dhigiteach san áireamh, seans maith go bhfágfaidhsiad a rian ar fhorbairt na scannánaíochta amach anseo. Bhícuid mhaith den fhírinne i ráiteas ciniciúil Billy Crystal maidirle Crann na Beatha, caithfear a rá. Níl ‘rud ar bith’ faoichaibidil sa scannán seo, ar shlí. Níl scéal leanúnach ann fiúsa chiall is leithne den fhocal sin. Ar bhealach, tá Malick taréis filleadh ar fhréamhacha na scannánaíochta, raison d’etrena scannánaíochta an chéad lá riamh.

Mar amharc-ealaíon a shamhlaigh na chéad déantóirí scannán an meán ealaíne nua seo i lár an naoú haois déag.Toisc nach raibh na modhanna teicniúla ann fós chun nafíseanna bunaidh s’acu a fhíorú, is é a bhí uathu ná sraithpictiúr nó íomhánna a chur ag bogadh. De réir a chéile ad’fhás tábhacht an scéil agus na reacaireachta sna scannáin.Aisteach le rá, le céad bliain anuas, is í an scannánaíocht anmeán ealaíne is mó atá a thiomáint ag an scéal. An mar sin abheas i gcónaí, áfach?

Cuireann Malick an cheist seo agus ceisteanna níos trom-chúisí fós sa scannán áirithe seo. Creid é nó ná creid,d’fhéadfadh gurb é insint an scéil an laige is mó a mbeidh arlucht scannánaíochta aghaidh a thabhairt uirthi amachanseo. Ní hamháin nach bhfuil an t-uafás scríbhneoirí maithei Hollywood, ná i Bollywood ach an oiread na laethanta seo,ach ní féidir réimse teoranta scéalta a insint agus a athinsintad nauseum:an buachaillbocht athiteann i ngráleis an gcailínsaibhir; anstrainséir cóir athagann abhaile agus achuireann anruaig ar na bithiúnaigh agus a imíonn arís ina laoch fir le dulfaoi na gréine; an duine a théann ar thóir an chiste óir; an‘bhrionglóid Mheiriceánach’ sin ina sáraíonn an duine faoichois na constaicí os a chomhair agus a thagann in inmhe sadeireadh).

Cinnte, má chuireann tú aisteoirí nua óga dathúla ag insint nascéalta céanna seo de shíor, cothóidh tú lucht féachana a bhfuil siamsaíocht éadrom de dhíth orthu. Ach tá tú i gcrua -chás más féidir leis na meáin agus an teicneolaíocht nua anrud céanna a sholáthar, agus is sa réimse sin atá na bealaíteilifíse agus na fís-chluichí ag fáil bua ar an bpictiúrlannthraidisiúnta, agus ar phraghas i bhfad níos saoire.

Iontas na n-iontas, agus nach ait an cor sa saol é, agus é seogo léir sa mhullach ar lucht déanta scannán, tá an teicneol -aíocht anois ann chun fís na gceannródaithe scannánaíochtaa fhíorú den chéad uair riamh. Is ait an mac an saol, agus

Meallta ag MalickMeallta ag MalickTráchtann Mícheál Ó hAodha ar THE TREE OF LIFE

Terrence Malick an stiúrthóir. Brad Pitt, Sean Penn, Jessica Chastain na príomhaisteoirí. 139 neomat.

Premiére ag Cannes 2011, mar ar ghnóthaigh Palme d'Or.

Page 18: Feasta | Meán Fómhair 2013

www.feasta.ie Feasta, Meán Fómhair 201318

níos aistí fós, sin go díreach atá déanta ag Malick sa scannánseo. Cé gur féidir a rá nach scéal ‘traidisiúnta’ é Crann naBeatha, is cinnte go bhfuil ‘scéilín’ de shaghas éigin á aithrissa scannán seo faoi na cúinsí saoil sin a bhaineann le gnáth-theaghlach Meiriceánach a tháinig in inmhe sna caogaidíagus a bhfuil baill den teaghlach sin ag breathnú siar anoisorthu. Feicimid fear sna daichidí (an t-aisteoir Seán Penn)

agus é ag iarraidhciall a bhaint as bása dhearthár roinntblianta roimhe sin.Ní léir dúinn cad bachúis lena bhás,ach tugtar leideanna dúinn goraibh lámh aige féinann. (Is cosúil gur

chuir deartháir níos óige leis an scannánóir Terrence Malicklámh ina bhás féin blianta ó shin). Feicimid carachtar Phennagus é ag iarraidh teacht ar thuiscint maidir leis an mbástragóideach seo.

Ardaítear ceisteanna, cuid acu gan fhreagra. An féidir tuiscint a fháil ar chríoch dhuine eile, go háirithe nuair isféinmharú atá i gceist? An féidir an deireadh a thuiscintmura dtuigimid i gceart an méid a tháinig roimhe sin – óigean duine sin, a thús? Conas mar a réitigh sé lena thuismith -eoirí agus lena theaghlach, conas mar a bhí an saol aige agusé ag teacht in aois? Roimhe sin arís, conas mar a bhí roimhgach aon ní, roimh an gCruthú fiú?

LLéiríonn Malick seo, agus míníonn sé ionad an fhir seo islabhra na beatha. I bhfocail eile, léiríonn sé ‘Crann naBeatha.’ Spéisiúil go maith, ní le híomhá a osclaíonn

Malick an scannán seo, ach le téacs ó Leabhar Iób a thagraíonn do bunchloch na beatha féin: ‘Cá raibh tú nuair aleag mé síos máithreacha na cruinne? (38.4).

Le híomhánna seo chruthú an domhain baineann Malickmacallaí as Tarkovsky agus na déantóirí scannán meiti fisic -iúla eile a mbraithimid rud éigin ‘eile’ a bheith iontu agusmuid ag breathnú ar a gcuid scannán. Cineálréamhullmhúchán atá anseo do na híomhánna a leanann nachéad mhíreanna sin de chruthú an domhain.

Dála Tarkovsky agus Kieślowski, ní hiad na rudaí a fheicimidos comhair an dá shúil againn a bhfuil tábhacht leo, álainnmar atá siad. An rud atá ag tarlú ar an imeall agus nach bhfeictear ar an scáileán, sin an rud a bhfuil fiúntas ag baintleis go príomha. Is é sin go mbraitheann tú rud éigin,cuirtear ar do shúile go bhfuil neach nó láithreacht dhofheicthe éigin eile ag feidhmiú anseo. Más duine creidmheach tú, thabharfá ‘Dia’ air seo nó, ar a laghad, anghné tharchéimnitheach.

Gné shainiúil de chur chuige Malick a dhealaíonn amach ónachomhghleacaithe é, dála ealaíontóirí clúiteacha an Renaiss -ance agus na ré Barócaí, nach á theilgean féin sa scannán atásé; ar na híomhánna atá á gcruthú aige a leagann sé iomlánna béime. Íomhánna chruthú an Domhain, laibhe ag sileadh,an spéir, an aimsir, an domhan nádúrtha ag crith, orthu siúda dhíríonn sé a chineamatagrafaíocht, na gluaiseachtaí sin goléir á dtionlacan le ceol.

Feicimid Sean Penn ag cuimhneamh siar ar a óige i gcathairbheag in Texas sna caogaidí, spléachadh siar ar thuismith -

eoirí agus ar shaol an teaghlaigh na laethanta úd. Gan aniomad den scéal a sceitheadh, is féidir a rá nach ionann anWeltanschauung atá ag na tuismitheoirí sa teaghlach áiritheseo. Leanann an mháthair bealach an ghrásta, ach ní hamhlaidh don athair, ceoltóir. Fear atá teasaí agus ríogach,tá lé níos mó aige siúd le bealach an nádúir: shamhlaigh sétráth go mbeadh sé ina cheoltóir mór le rá.

AAnois agus iad ag dul in aois, téann féinmharú andearthár óig i bhfeidhm go mór ar an teaghlach.Ceistíonn siad a chéile ina gcuid smaointe

príobháideacha féin. Cé, nó cad é, a bhí freagrach as antragóid seo? Arbh fhéidir é a sheachaint? Na cuirtíní ag tonnadh go réidh sa ghaoth um thráthnóna samhraidh, loinnir na gréine ar na braonta beaga uisce, duilleoga anfhómhair ag titim ar an gcosán, tírdhreach an fhásaigh fholaimh – níl léamh, scríobh ná insint béil ar áilleacht nan-íomhánna sin, agus is geall le cneasú iontu féin iad. Dámbeadh focail in ann gach aon ní a chur in iúl ní bheadh gále pictiúir ná le ceol, a déarfadh Malick, is dócha.

Is iad na híomhánna aige an freagra atá ag Malick ar angceist, ‘cad is fiú a bheith beo?’ Is é atá á rá aige ná féachthart go bhfeicfidh tú. Cad a fheiceann éinne againn? BradPitt atá i bpáirt an athar. Is mó ná buachaill gleoite ag dul inaois é Brad Pitt. Féach ar Crann na Beatha agus feicfidh túduine de mhóraisteoirí dhomhan an Bhéarla faoi láthair. Isféidir an méid céanna a rá faoi Sean Penn, bíodh is go raibhna Meiriceánaigh i gcoitinne patuar i dtaobh an scannáin.Cad déarfar ina thaobh i gceann scór bliain? Scannán a bhíró-uaillmhianach? Teip? Nó ceann den bheagán scannánfiúntach ó thús an 21ú haois? ◊

Page 19: Feasta | Meán Fómhair 2013

www.feasta.ie Feasta, Meán Fómhair 201319

AAn chéad uair a chuala mé an teideal An Barr Buadh,tréimhseacháin a bhí ag cumann Shinn Féin igColáiste Ollscoil Bhaile Átha Cliath a bhí i gceist,

tráth ar chláraigh mé leo i 1983. Idir Ghaeilge agus Bhéarla abhí san iris, ach Béarla don chuid is mó. An dara huair a thángas air mar ainm ná nuair a bhíos féin agus beirt eile agcur altanna le chéile faoi nuachtáin radaiceacha phoblacht -án acha (1792-1988) don iris bhliantiúil a eisíodh do Dhinn -éar Onóra de chuid An Cumann Cabhrach i 1988. Faoi ainmchleite a scríobh mé. Ní raibh agam ann ach nóta gairid: ‘Another newspaper by an individual was Pádraig Pearse’sAn Barr Buadh, an all-Irish publication which would “advocate the political independence of Ireland”, [and]lasted from March 16th to May 25th 1912.’ Sin a raibh ann.Níor thug mé faoina thuilleadh taighde air ó shin, mo bhrón.

Éacht é go bhfuil ’chuile eagrán ina n-iomláine de Barr Buadhan Phiarsaigh os ár gcomhair, a bhuíochas d’Aindrias ÓCathasaigh. As seo amach, ní bheidh sé de leithscéal agamféin, nó ag aon duine eile, staraithe na tréimhse ach goháirithe, nach bhfuil teacht ar an tseoid seo: aon eagrándéag den chéad nuachtán polaitiúil seachtainiúil Gaeilge, gobhfios dom. B’eol dom faoi An Claidheamh Soluis, ar ndóigh,agus fiú faoi Bolg an tSolair, ach bhí ról ar leith ag An BarrBuadh. Sórt Scissors and Paste na Gaeilge a bhí ann, agusluigh sé isteach leis na nuachtáin eile ar fad as Béarla a bhíag scaipeadh agus ag scagadh na scéalta móra a bhain leis anréablóid chultúrtha, ideolaíoch, pholaitiúil agus shóisialta abhí faoi lán tseoil ag an am.

Luaim, mar shampla, Irish Freedom an Bhráithreachais, theWorkers Republic ó Halla na Saoirse, The Irish Worker agusleithéidí Sinn Féin, The United Irishman, Honesty, An Gael,The Hibernian. Theip go minic ar nuachtáin bheaga toisceaspa airgid, easpa réamhphleanála, agus níos déanaí ach goháirithe toisc gur dhruid fórsaí na Corónach iad. Ina meascsan a tháinig i ndiaidh An Barr Bua bhí leithéidí Éire / Ireland,The Irish Volunteer, Scissors and Paste, Fianna, The Spark,Bean na hÉireann, Fianna Fáil, The Worker, Irish Work, ThePhoenix agus War News.

Bhí breis agus cúpla míle de dhíolachán ag a lán díobh seo,bhí 20,000 ag an Irish Worker, mar shampla, ach i gcás AnBarr Bua ní fios go cruinn. Thart ar mhíle ar a mhéid amheasann Aindrias.

Ní raibh seans ceart aige maireachtáil mar ní raibh bun cearteacnamaíoch curtha faoi, agus bhí an príomhthiománaí gafaina lán scéimeanna eile toisc, ina fhocail féin, go raibh ginteann ‘an impulse to seek hard things to do, to go on far questsand fight for lost causes’. A theanga ina phluc aige, arndóigh, agus é á rá sin. Mar a deir Aindrias ina réamhrá: ‘Nífoláir nó bhí An Barr Bua i bhfad thar a acmhainn bheag óthús. Agus bhí a eagarthóir i sáinn le Scoil Eanna i gcónaí.’

Bhí fís fad-radharcach i gceist leis sin, agus bhí a lán eile idirlámha ag Mac Piarais agus an buíon beag ceannairí réablóid -

eacha. Smaoinigh gur éirighleo, idir 1912 agus 1916, nasnáitheanna ar fad a cheangal le chéile agus anfhís sin a chur abhaile i bhForógra na Poblachta.Éacht ab ea é, agus tá a lánde na snáitheanna sin lefeiscint ar leathanaigh AnBarr Buadh.

Is minic daoine dall ar an stair, agus is trua san. Measaim godtugann tuiscint agus eolas ar an stair radharc difriúil dodhaoine ar an saol. Is trua liom an ‘dumbing down’ a dhéan-tar ar gnéithe tábhachtacha dár stair féin agus de stair andomhain. Is measa fós é nuair a chumtar bréag-stair. Bréag-stair agus bréag-am atá faoi láthair ann, mar a tharla faoiréim na ‘revisionists’ sna hochtóidí agus sna nóchaidí. Níltearréidh leo. Féach anois nach mbeidh an stair mar ábhar riach-tanach a thuilleadh don Teastas Sóisearach.

Luaim sa chomhthéacs seo eachtra in Áth Luain mí naSamhna anuraidh, nuair a d’ionsaigh iar-aire de chuid FhineGael réad i dtaispeántas ealaíne a bhí á oscailt ag AireChultúir na linne seo, Jimmy Deenihan, F.G. Séard a bhí annná taispeántas de shaothair ealaíne, a raibh ina meascFragmens sur les Institutions Républicianes IV (1993-1997),comm (teachaireachtaí beaga scríofa a seoladh isteach agusamach as príosún na H-Blocanna le linn na stailce ocrais i1981), leis an ealaíontóir, Shane Cullen. Is leis an stát ansaothar ealaíne céanna agus bhí sé ar taispeáint timpeall natíre ag a úinéirí, Áras Nua-Ealaíne na hÉireann.

Phleanc an t-iar-aire an saothar, mar a thuairiscítear, lenamhaide croise, agus d’éiligh go ndíbreofaí as an nGailearaínua, An Luan, é. Níor éirigh, mar is eol, le hiarrachtcinsireacht a dhéanamh ar an taispeántas ó shin; theip arrún ón gcomhairleoir Mark Cooney i mí Eanáir.

NNí cóir eagla a bheith orainn faoin stair; is ann dó, níféidir linn é athrú, ach is féidir linn é a thuiscint, agusfoghlaim uaidh. Chun é a thuiscint is gá an

comhthéacs ina iomláine a bheith againn, agus cuirfidh anleabhar seo lenár dtuiscint ar phearsantacht an Phiarsaigh,ar a pholaitíocht agus ar an athrú nó aibiú a tháinig air snatrí mhí a raibh An Barr Buadh ar an saol. Mar a dúirtDesmond Ryan sa bheathaisnéis The Man Called Pearse, atáluaite ag Aindrias sa réamhrá: ‘It is impossible to understandhow Pearse’s views upon methods developed until these Irishwritings of 1912 are fully considered.’ Dúshlán do staraithean lae inniu é sin.

Bhí sé go hiontach gabháil trí eagráin An Barr Buadh, agus afheiscint conas nár athraigh mórán ar go leor bealaí, aguschomh mór is a d’athraigh an saol chomh maith. Plus çachange arís! Féach mar a ghlaotar ‘Gaill Uladh’ ar aontacht -aithe Uladh, agus mar a luaitear a gcuid agóidíochta: ‘Bhí

AN BARR BUAAN BARR BUAPádraig Mac Piarais a chuir in eagar.

Aindrias Ó Cathasaigh a chóirigh. Coiscéim. 2012. 248 lch. €15.

á chur i láthair ag Aengus Ó Snodaighá chur i láthair ag Aengus Ó Snodaigh

Page 20: Feasta | Meán Fómhair 2013

www.feasta.ie Feasta, Meán Fómhair 201320

mórchruinniú ag Gaill Uladh i mBéal Feirste i gcoinne saoirseGhael.’

Is i bhfonótaí Aindrias atá a lán de na fíorsheoda, áit adhéanann sé soiléiriú ar mhórán den stair atá imithe as radharc le haimsir. Mar shampla, nuair a luaitear go raibhcruinniú ‘ag lucht cosanta na Gaeilge i nDroichead Átha agusan Cairdinéal Ó Maolmhaodhóg ina cheannas, ceapadh rúinchun an Ghaeilge a chur ar aghaidh i scoileanna an cheant -air’. Deir an fonóta linn go raibh an cruinniú, b’fhéidir, níostabhachtaí fós, mar gur: ‘comhchruinniú a bhí ann idir cléirChaitliceach Dhroichead Átha agus coiste ceantair Lú Theasden Chonradh. Glacadh le rúin go gcaithfeadh cáilíochtGhaeilge a bheith ag múinteoirí feasta’.

Déanann a leithéid de mhionmhiniú na scéalta beaga ar fudan leabhair a shoiléiriú agus a thabhairt chun beatha arís.Seo scéilín ó Pheadar Ó Maicín ar bhaineas taitneamh as.(lth 118).

CeachtCeacht

Lá n-aon i m’óige a bhíos, an uair is gann a bhíodhna pingineacha. Tharla dom pingin agam, aguscheann aíos páipéirín ar a dtugtaí Young Britannia.Páipéar ab ea é a raibh a lán scéalta ann a bhain legaisce airm Shasana le linn cogaidh a bhí idirShasanaigh is Zúlúigh. Bhí a lán pictiúr ann leis.

‘An uair a shroicheas an bhaile, cé a bheadh istighromham ach m’athair dílis féin. Thug sé faoi dearaan saghas páipéir a bhí i mo láimh, sciob uaim agussháith sa tine é. Chuir sin ag gol mé agus tháinig truaaige dom. Thug pingin dom ansin agus dúirt liomYoung Ireland a cheannach.

Anois, a Sheáin Uí Bhraonáin, nach fiú dúinn onóir athabhairt do na seandaoine? Muna mbeadh acheacht siúd is beag suim a bheadh agamsa i gcúrsaína hÉireann.

IIna chuid fonótaí deir Aindrias: ‘Ar Sinn Féin, 16 Márta,scríobh Sydney Gifford, faoin ainm cleite John Brennan,“Unfortun ately for Ireland her young generation has

begun to attach undue importance to these old men andwomen… has decreed that old age is admirable.”’

Ní stuama agus dáiríre amháin atá na haltanna, tá idir ghreann agus aoir le fáil sna heagráin dhifriúla chomh maith.Sampla maith den ghreann seo sea ‘Foclóir Nua’ le hEamonnCeannt:

… Sinnféineach. Duine a shíorchaitheas tobac. Duineachrannach. Séamus Ó Brádaigh. Drochdhuine.

Nationalist. Seoinín. Béarlóir. Fear díolta biotáille.Duine cainteach. Ardchomhairleoir Cotton, feisire.Giúistís na Síochána. Iúdach. Ainm páipéir.

Comhdháil. Triúr ban. Fiche fear agus rúnaí maith…(lch 179)

Ceann de na fáthanna gur tháinig An Barr Buadh ar an saolná chun Gaeilgeoirí a ghríosadh chun a bheith gníomhach, níhamháin ar an gceist chultúrtha, ach mar a éilíodh sa rúnbunaidh a scríobh Brian Ó hUiginn chomh maith – ‘gogcuirtear cumann ar bun darbh rún a chúnamh a thabhairtchun saoirse Gael a bhaint amach.’ Cumann na Saoirse atháinig ar an saol dá bharr. In aineoinn nár mhair An Barr

Buadh, is léir an seasamh a ghlac baill Chumann na Saoirse;chuaigh siad isteach in Óglaigh na hÉireann a bunaíodh breisis bliain ina dhiaidh sin. Shínigh beirt d’údair altanna sanBarr Buadh Forógra na Poblachta, agus tar éis an Éirí Amachbhí cúigear díobh ar shlí na fírinne, Peadar Ó Maicín, ÓRathaille, Pádraig féin, Eamonn Ceannt agus Con Colbert.

Tá a lán i gceist ina bhfuil luaite faoi ‘Fáth an Chumainn nua’(lch 119):

Na fíor-Ghaeil .i. na Gaeilgeoirí, a mhúscailt as adtromchodladh agus a mhealladh isteach i bpolaitíocht na hÉireann.

Cúrsaí polaitíochta a ghaelú ó bhun go barr.

Soiscéal Saoirse na hÉireann a chraobhscaoileadh leteann gnímh agus cainte.

A chur ina luí ar Ghaeil gur leo an chríoch seo, Éire,agus gur fiú troid ar a son.

A theaspáint go bhfuil dream beag Gael fós nach bhfuil ceannaithe ag ór Sheáin Bhuí.

An ‘modh díreach’ a mholadh do Ghaeil, gomórmhór le urchar a chaitheamh.

FFaightear mórán plé ar cheist na saoirse ar na heagráinar fad. Mar shampla, faoin teideal ‘Ní síocháin gosaoirse’ tá an méid seo thíos; bhí a mhacasamhail le

clos ón bPiarsach níos déanaí ar a lán ócáidí, agus agsochraid cháiliúil Uí Dhonnabháin Rossa go háirithe:

An bhfuil Gaeil na haoise seo chomh meata sin is gogcuirfidís iad féin faoi gheasa agus faoi mhionna abheith dílis do choróin Shasana go deo na díleannach Feis a fháil a bheas faoi cheannas Gall agus ceangal i bhfad níos crua uirthi ná mar a bhí ar anbhFeis ar éirigh Wolfe Tone ina choinne. An é atáuainn an ní nach bhfulaingeodh Wolfe Tone i. ceannas Gall a bhuanú in Éirinn?

Ní hé atá ó lucht scríofa an irisleabhair seo. Ní dóighlinn gurb é atá ó fhormhór fhir Éireann, an méiddíobh nach bhfuil ceannaithe. Céard atá uainn? Táár gceart dúchais. Céard é ár gceart dúchais? Tá,dúthaigh Ghael i seilbh Gael gan chur isteach óGhaill. B’fhéidir go mbeadh sos catha ann tar éis anF[h]eis** seo a bhaint amach dúinn, ach ní bheidhsíocháin ann go mbeidh deireadh le ceannas Gall inÉirinn. Ní síocháin go saoirse.’ (lgh 85-86)

Na téamaí agus na tearmaí céanna a chualathas ceithrebliana níos déanaí ar an gcosán lasmuigh d’Ardoifig an Phoistatá anseo. Bhí an téama céanna ag gabháil tríd na heagráinar fad.

Cad is féidir a rá nach bhfuil ráite in altanna An Barr Buadhféin, agus i bhfonótaí agus réamhrá Aindrias? Fíorbheagán.Ceannaigh é, léigh agus cleachtaigh!

——◊————◊——

Leagan den chaint a thug Aengus Ó Snodaigh, T.D.,ag seoladh An Barr Bua, aon eagrán déagd’fhoilseachán Ghaeilge a raibh Pádraig Mac Piaraisina eagarthóir air (1912), cóirithe ag Aindrias ÓCathasaigh. Coiscéim. 2012. 248 lch. €15.

*Nóta: ‘Feis’ – parlaimint Rialtas Dúchais atá i gceist. ◊

Page 21: Feasta | Meán Fómhair 2013

www.feasta.ie Feasta, Meán Fómhair 201321

‘Chaith siad amach as an gcarr mé!’ Seocéad líne Smuf, an leabhar is déanaí dopháistí ó Alan Titley. Scéal é faoimhaidrín beag ar a dtiteann mí-ádhmór.

SSea, tosaíonn an scéal le Smuf caiteamach ar an mbóthar. An t-ainmhíbeag gan tuiscint aici ar ar tharla,

ná cén fáth gur thuill sí a leithéid dephionós. Braitheann an léitheoir trua doSmuf ar an toirt agus an chlann ag tarr -aingt uaithi. Is cuma an duine tú godtaitníonn madraí leat nó a mhalairt,

leáfaidh do chroífaoi thioncharpheann aireachtTitley. Sin mar abhíonn tríd anleabh airín beagseo ar fad.

Éiríonn leis anúdar codarsnachtiontach a thógáille linn an scéil.Nascann sé dánaíocht anmhadra bhig, isúile an duine, leisan tsoineantachtiomlán atá ar an

ainmhí féin. Tógtar ar an tsoineantachtseo nuair a bhuaileann Smuf le scatamadraí eile. Níl aon olc ar aigne agSmuf. Tá sí sásta agus sona, in ainneoinar tharla di. Ach níl leisce uirthiseasamh ar a son féin agus dúshlánroimpi.

Téann an scéal in olcas, áfach, nuair athagann fear an phóna uirthi féin agusna madraí eile. Arís anseo, tá trua mhéilna hócáide i gcodarsnacht le soinean-tacht agus easpa tuisceana Smuf. Luannsí gur thaitin turais sa charr léi i gcónaí,seachas an ceann deireanach a bhí aici.Léirítear a cuid aineolais ar an saol aguscá bhfuil sí ag dul. Tá ceacht sa bhreis lesonrú anseo. In ainneoin gur leabhar dopháistí é seo go príomha, tá Titley agtrácht ar rud níos doimhne.

Fad is atá Smuf sa phóna baintearcasadh beag níos dáiríre as an scéal. Iscosúil go dtuigeann Smuf don chéaduair nach bhfuil gach rud ar an saol mar

SMUFSMUF le Alan TitleyAn Gúm. €6.50. ISBN: 10: 978-1-85791-823-6

á mheas ag Peadar de Blúit

IMPÍ LINBHIMPÍ LINBH

Tachrán girsíIn aois a trí,

Éalaithe ón saol,Agus litir impí

Chuig Máthair na SíorchabhrachGo meabhrach

Ag scríobh,Le mór-chuid geáitsí.

Focal á scríobh,Focal á scríos,

Míshásta,Tugann faoi arís.

Leathshúil druidte,Ag dúil an phinn,

Cár ina beola,Tochas cinn,

Scaoileadh is dúnadhSnaidhm lúibe ina gúna,

Agus súile moiglí bú-ghoirmeach’gleoite

I bpictiúir beannaithe na Maighdinesáite.

Impí scríofa,Sa bhosca dingthe,

Fanann go foighneachAr fhreagra,

In aisce.Neamh-shásta,

Tuilleadh feithimhGo togann

Sciobann ‘fón’ den bhfalla,Is faoi dheifir

Diailíonn uimhir Neimhe, mar dhea,‘Dia bheatha, a Mhuire,

Conas taoi thuas,Peigí anseo,

Cogar id chluais.Ar eagla mo litir chugat dulta amú

(Agus méirín ar Mhamó bocht á dhíriú),An ndéarfá rud éigin léi go luath,

A chuirfeadh crú ina tosach?’

Ralph de Prendergast

is cóir. Feictear di go bhfuil streachailtáirithe le déanamh. Gríosann seo anmadra beag chun imeacht ar chosa inairde chomh luath is a thagann an deis.Faoiseamh sealadach é do Smuf, ach níla cuid eachtraí thart go fóill.

Feabhsaíonn cúrsaí ar feadh píosa. Aimsíonn sí cara deas, agus roinntbeatha chomh maith. Faoiseamh áiritheé seo don léitheoir. Faraor, taganncríoch bhorb leis. Ó thús an leabhair támearbhall ar Smuf bocht – cén fáth gurcaitheadh amach í. Tuigimid narbh í anmadra is fearr i gcónaí í, ach nochtar anscéal ar fad anois. Tar éis a bheithscartha óna muintir, gafa agusdíbeartha shílfeá nach n-éireodh cúrsaíníos measa, ach cuirtear iontas orainn.

Ní leabhar do dhaoine óga amháin atása leabhar seo. Tá rud níos doimhne igceist. Tá Smuf mar shiombail denduine atá ar imeall na sochaí, den duinear tugadh fothain dóibh, ach nach raibhin ann socrú isteach; den seachránaí athit isteach leis an dream mí-cheart,agus a thorthaí sin. In ainn eoin gurleabhar do pháistí é go príomha,faightear na macallaí seo an-luath sascéal. Raghaidh siad i bhfeidhm arshamhlaíocht an tromlaigh.

Léiríonn an leabhar seo, arís eile, cumasAlan Titley mar scríbhneoir: insíonn séscéal beag álainn atá deas le léamh,agus anuas air sin tá sé scríofa i sain-réim teanga atá in oiriúint do dhéagóiríóga, ach go bhfuil sé inléite ag fogh-laimeoirí fásta, agus i ndáiríre ag duinear bith go bhfuil Gaeilge acu. ◊

GAEL LINN GAEL LINN –– EISIÚINT NUAEISIÚINT NUA'Báidín Fheidhlimí': Cnuasach de Shingilcheirníní Gael Linn 1968-80

CD €14.99. Ar fáil i siopaí ceoil agus ag www.gael-linn.ie (CEFCD204)Spreagfaidh an t-albam seo cuimhní go leor den tréimhse ina raibh bailéid i mbarr aréime. Cloistear oirfidigh ar nós Dónal Lunny, Paul Brady, Clannad, muintir UíDhomhnaill… Chuaigh singilcheirníní Gael Linn i bhfeidhm go mór ar phobal na linnem.sh. ‘Baidín Fheidhlimí’ le Emmet Spiceland , ‘An Poc ar Buile’ le Seán Ó Sé agus‘Gleanntáin Ghlas’ Ghaoth Dobhair’ a chan The Johnstons. Tagann tú ar rudaí suimiúla sa chnuasach seo: gurbh é Roger Whitaker a scríobhan ceol don amhrán ‘Cóilín’, go raibh Neil Jordan agus Niall Stokes i mbun tionlacainar ‘An Damhán Alla’ agus ‘An Cailín Álainn’, go raibh Niall Tóibín agus Jim Dohertyag plé le hamhráin Ghaeilge, go raibh Suzanne Murphy, ar réalt anois í le Welsh National Opera, tráth ina ball den ghrupa WE 4. Sa leabhrán a ghabhann leis analbam, tugtar focail na n-amhrán go léir. Nótaí suimiúla scríofa ag Shay Healy agusNioclás Ó Cearbhalláin.

Page 22: Feasta | Meán Fómhair 2013

www.feasta.ie Feasta, Meán Fómhair 201322

GGlacaimse, agus Tuige Nachnglacfainn, go bhfuil seasamh,cearta, dínit, stair, cuspóirí,

éilimh dhlisteanacha agus dá réir agpobail, agus go bhfuil dualgas ar rialtasriaradh orthu go fial, cuiditheach, tuis-ceanach agus ó cheart.

An meon maorlathach atá sa treisanseo, is baolach go dtosnaíonn le‘Tuige go…’: tuige go ndéanfaí riaradhar ghrúpa nó ghrúpaí ar leith. Is é sin lerá go gcaitear agóid agus éileamh agusbrú leanúnach a eagrú; caitear stocaireacht a dhéanamh, cásannacúirte a throid; caitear am, glúin iomlánuaireanta, a d’fhéadfadh a bheithinfheistithe le tairbhe don phobal, achgur gá síor-streachailt in éadandhoicheall na bunaíochta.

Agus mé i dtuaisceart na hIorua ledéanaí, phléas staid na Sámi leis na húdaráis chuí in Ollscoil Tromso. Is follasgo bhfuil bá bunúsach ag an rialtas láirleo. Pobal de chéad míle duine nó marsin atá ann, scaipthe i dtrí cinn dethíortha éagsúla, an Fhionlainn agus antSualainn san áireamh, agus iad taobhle sé cinn de chanúintí éagsúla.

Tá nuachtáin áitiúla dírithe ar na Sámisan Iorua — Ságat, le scaipeachán de2,700 cóip, agus sa tSualainn Samifolket— ar Ioruais agus Sualannais is mó atáiontu. Tuigeadh don rialtas san Ioruanár leor san de fhreastal, agus ar lánáisiúnta na Sámi, 6 Feabhra 2008, letacaíocht nár bheag ón státchiste, seoladh an nuachtán Ávvir, atá go hiomlán i dteanga na Sámi agus a fhoilsítear cúig lá sa tseachtain, Máirtgo Satharn.

Tá díolaíocht thart ar 1,200 cóip aigefaoi láthair, ach tá fealsúnacht ‘Tuigenach…’ sa treis. I bhfocla Kari LizbethHermansen, eagarthóir Ávvir: ‘Samimedia is an important venue for the development and preservation of theSamic language. ‘Aire’ nó ‘Aird’ is ciall leÁvvir.

Nach fada an scéal sin, an deireadh sin,an tuiscint sin, ó na bacanna is ónmífháilte i gcás Inniu, Anois, Lá,Gaelscéal agus eile.

Dáileann an Norwegian Media Author-ity deontas ar Ávvir ‘to facilitate

democratic debate, the ability to formopinions and language and languagedevelopment within the Sami community’, mar a deir ambasáid nahIorua linn. Trua nach amhlaidh abhus.

——◊——

Fuaireamar guth na CeathrúnGaeltachta i mBéal Feirste ar na mallaibh, treallán ceithre leathanachtablóideach snasta, i mBéarla don chuidis mó, nó is bolscaireán é i ndáiríre atádírithe ar na Béarlóirí a thaithíonn andúthaigh sin. Molaim iad, fiú má chronaím uaim Lá agus Lá Nua go dóite.

Táid anois ag pleanáil Áras na bhFál,taobh le Broadway ar Bhóthar na bhFál,a bhéas mar ‘business club for Irish lan-guage organisations’, iontaobhas naGaelscolaíochta san áireamh. Go n-éiríleo. Á mholadh seo, is doiligh, mar adeir siad ó thuaidh, gan teip JimmyDeenihan i leith Tech Aimhirgin in UíbhRáthach mar chomparáid, sin agus anfhíric nach féidir, go fóillín pé ar bith,brúghrúpa i dtreo gaelscoile a chur agfeidhmiú in Uíbh Ráthach.

——◊——

DORIADORIABí ionam amhail spadhair shíoraí

na gaoithe diolba, is nímar a bhíonn trealláin —

áineas bláthanna.Bíodh mé agat in uaigneas tréan

na bhfailltreacha díth-ghréineis na n-uiscí léithe.

Labhraíodh na Déithe go caoin fúinnamach anseo,

Scáth-bhláthanna Orcuis,cuimhnídís ort.

— Ezra Pound,— Ezra Pound,aistrithe ag P. Ó Snodaighaistrithe ag P. Ó Snodaigh

Tuige Nach is Tuige Go…?Tuige Nach is Tuige Go…?le Pádraig Ó Snodaigh

ComórtasComórtasGearrscéalaíochta Gearrscéalaíochta Liam Mhic UistinLiam Mhic Uistin

Is scríbhneoir aitheanta é Liam MacUistin a bhfuil gaol fada aige le hÁrasna Scríbhneoirí agus le Comhar naScríbhneoirí agus tá ancomórtas seo á sheol -adh in ómós dó.

Do scríbhneoirí ógaagus úra na Gaeilge ancomórtas seo, sé sinscríbhneoirí nach bhfuilnach bhfuilleabhar próisleabhar próis foilsitheacu go dtí seo. Níl aontáille ar an gcomórtas. Mícheál Ó Conghaile an moltóir.

Clár na Leabhar Gaeilge, RáthCairn, Áth Buí, an t-urraitheoir.

DuaiseannaDuaiseannaAn Chéad Duais €500An Dara Duais €250

Foilseofar na buaiteoirí ar Feasta.

Rialacha an chomórtaisRialacha an chomórtais1. Do scríbhneoirí óga agus úra na

Gaeilge amháin an comórtas: scríbh-neoirí 18+ nach bhfuil leabhar próisd’aon sórt foilsithe acu go dtí seo.

2. Ní féidir le haon duine níos mó ná iarratas amháin a chur isteach ar angcomórtas.

3. Ní ghlacfar le hiarratais tar éis an spriocdháta, 4 Deir. Fómhair 2013.

4. Ní ghlacfar ach le gearrscéalta nuachumtha, nach bhfuil foilsithecheana.

5. Is é an t-uasmhéid focal ná 2,500.6. Glactar le hiarratais ríomhphoist i

bhfoirm .doc nó .rtf. Seoltar iad go dtí[email protected] le ‘ComórtasLiam Mhic Uistin’ luaite sa teideal.

7. Glactar freisin le hiarratais chlóite arpháipéar A4 (12pt, le spásáil 1.5)chuig: Comórtas Liam Mhic Uistin,Áras na Scríbhneoirí, 19 CearnógPharnell, Baile Átha Cliath 1.Is gá ‘Comórtas Gearrscéalta LiamMhic Uistin’ a lua ar an gclúdachlitreach agus ar an iarratas. Is gá naleathanaigh uilig a bheith uimhrithe.

8. Is gá teideal an scéil a bheith ar bharrgach leathanaigh, ach gan ainm aniontrálaí a bheith air.

9. Is gá litir chumhdaigh i dteannta gachiarratais le hainm agus sonraíteagmhála an údair uirthi.

10. Is gá bunchóip den scéal a choinn -eáil: ní sheolfar iarratais ar ais.

11. Ní bheidh dul thar bhreith anmholtóra i gcás ar bith.

12. Fógrófar na buaiteoirí agus bronnfarna duaiseanna ag ócáid in Áras naScríbhneoirí i Samhain 2013. ◊

Bob Ó Cathail

Page 23: Feasta | Meán Fómhair 2013

www.feasta.ie Feasta, Meán Fómhair 201323

LITRÍOCHT NA GAEILGELITRÍOCHT NA GAEILGEAR FUD AN DOMHAIN:AR FUD AN DOMHAIN:

Cruthú, caomhnú agus seachadadh téacsannaCruthú, caomhnú agus seachadadh téacsannaGaeilge i gcomhthéacsanna idirnáisiúntaGaeilge i gcomhthéacsanna idirnáisiúnta

Déardaoin Déardaoin –– Satharn: 20 Satharn: 20 –– 22 Feabhra 201422 Feabhra 2014Ionaid: Teach Newman, Faiche StiabhnaIonaid: Teach Newman, Faiche Stiabhnaagus Coláiste Phádraig, Droim Conrachagus Coláiste Phádraig, Droim Conrach

Ó breacadh an dán ‘Messe ocus Pangur Bán’ i dtús an 9ú haois ilámhscríbhinn atá anois i mainistir Naomh Pól i gCarinthia (Kärnten,i ndeisceart na hOstaire), tá gnéithe de litríocht na Gaeilge á saothrúi gcomhthéacsanna éagsúla taobh amuigh d’oileán na hÉireann. Cadé an gaol idir scéalta taistil agus imirce na nGael agus cumadh,caomhnú agus seachadadh an léinn agus na litríochta ag tréimhsíéagsúla i stair chultúrtha na tíre? Cad iad na meáin agus na próisischultúrtha a chuaigh i bhfeidhm ar litríocht na Gaeilge igcomhthéacs diaspórach? Cad iad na seánraí nua a tháinig chuncinn agus cén ról a bhí ag pobail agus ag gréasáin thrasnáisiúnta ibhforbairt na litríochta in Éirinn féin? Cé chomh tábhachtach is atáan toise idirnáisiúnta do shaothrú an léinn agus na litríochta saGhaeilge inniu? Cad é ról na teicneolaíochta digití i gcothú scríbh-neoireacht, léitheoireacht agus scoláireacht na Gaeilge igcomhthéacs domhanda? Cuspóir na comhdhála seo ná scoláiríGaeilge ó chian is ó chóngar a thabhairt le chéile leis na gnéitheidirnáisiúnta seo de léann na litríochta a chíoradh.

Aoichainteoirí: An Dr William Mahon, Ollscoil na Breataine Bige,Aberystwyth; An Dr Máire Ní Mhaonaigh, Ollscoil Cambridge; AnDr Niall Ó Ciosáin, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh; An tOllamh PádraigÓ Macháin, Coláiste na hOllscoile, Corcaigh; An tOllamh Pádraig ÓSiadhail, Ollscoil Naomh Muire, Halifax.

Réimsí nua scoláireachta – painéal ar leith: Cathaoir, An tOllamhBrian Ó Conchubhair, Ollscoil Notre Dame, Indiana; An Dr RadvanMarkus, Ollscoil Shéarlais, Prág; An Dr Deirdre Ní Chonghaile,Ollscoil na hÉireann, Gaillimh; An Dr Ailbhe Ní Ghearbhuigh, Ollscoilna hÉireann, Gaillimh.

Tuilleadh eolais ag: [email protected]

http://www.spd.dcu.ie/site/gaeilge/Comhdhail14.shtmlCoiste Eagraithe: an Dr Meidhbhín Ní Úrdail (An Coláiste Ollscoile,Baile Átha Cliath), an Dr Ríona Nic Congáil, an tOllamh Máirín NicEoin, an Dr Pádraig Ó Liatháin (Coláiste Phádraig, Droim Conrach),an Dr Regina Uí Chollatáin (An Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath).

CCnuasach gearrscéalta atá anseo, trí cinn déag descéalta ar fad, agus dhá aiste ag an deireadh. Nuair iscnuasach atá ann, gan amhras, is féidir leis an

léitheoir tosnú ar an léamh áit ar bith is maith leis. Roghnaíos mar thús ‘Lá ar an bPortach’ ar leathanach 39.

Ba léir láithreach go raibh cumas scéalaíochta san údar. Níhamháin sin, ach gur bhain sé féin fíor-thaithneamh as abheith ag scéalaíocht. Duine é seo, a dúrtsa liom féin, nachbhféadfaí a choimeád ina thost dá mbeadh lucht éisteachtaar bith aige. Bheadh oíche go maidin ann chuile oíche, dámbeadh seisean sa chomhluadar.

Bhí idir mhagadh agus dáiríre le braistint ar chuid cainte. Sascéal seo thuigfeá gur mhian leis go mbeadh caitheamh aimsire taithneamhach ag an meitheal oibre ar an bportach

le linn dóibh bheith ag gabháil d’obair dhian chruana móna. Meascán denfhírinne sa scéal, agus cuidmhaith den bhréag freisin,agus nach i dteannta achéile ’sea is fearr iad?

Thriallas ‘An ChiarógDhubh’ ar lch 66 ansin. Anchiaróg féin atá ag caint archursaí a beatha anseo. Níhionann an scéal seo in aonchor agus ‘Lá ar an bPortach.’ Léirigh an t-údarleis seo go raibh cumasleathan scéalaíochta ann.Ach cheapas féin gurchuaigh sé thar fóirbeagáinín nuair a bhí sé lerá aige go raibh léamh naGaeilge agus an Bhéarla agseanmháthair na ciaróige.

Spéaclaí uirthi freisin. Chaithfí luí isteach i bhfad níosdoimhne ar fhicsean ealaíne chun go n-oirfeadh a leithéidsin don scéal i mo thuairimse. Ní raibh sé sin ann.

Cheapas faoi seo gurbh fhiú sracfhéachaint a chaitheamh aran dá aiste i gcúl an leabhair, ‘Oilithreacht chuig an mBlascaod Mór’ agus ‘Mná na hÉireann.’

Thugas tús áite do na mná. Nótaí dialainne atá ann. Ant-údar agus Cathy ar chamchuirt in iarthar tíre, ceantarChonamara go háirithe. Cur síos ar na háiteanna spéisiúla,agus ar dhaoine faoi leith, agus conas mar a d’éirigh leis nataistealaithe.

Tá blaiseadh den stair agus den seanchas san ‘Oilithreachtchuig an mBlascaod Mór,’ agus múclaíonn sé cuimhní anléitheora ar scríbhneoirí cáiliúla an Oileáin, na tubaistí atharla i bhfarraige agus mar sin de. Aiste spéisiúil atá ann, fiúis go bhfuil sé gearr a dhóthain. Dar liomsa go bhféadfadh séa bheith níos faide. Nó b’fhéidir go bhfuil sé ar intinn ag an

údar filleadh ar an ábhar seo. Caithfidh gur thréig sé antOileán chomh scioptha sin ar chúis éigin.

Tá éagsúlacht sna scéalta eile sa leabhar seo, chuile cheannacu, agus is deas iad le léamh. Seán A. Mac Mathúna is ainmdon údar. Cláiríneach é. Feirmeoireacht mar ghairm aige,agus fíorshuim aige sa Ghaeilge le fada an lá. Gearrscéal aigesa chnuasach seo a bhfuil An Gaeilge – Teanga na nGael martheideal air. Níl ann ach dhá leathanach. Tá sé éasca leléamh. Agus más duine as Ceann Léime tú, agus go bhfuilsuim agat sa Ghaeilge, bí lánchinnte de – ar lá do bháis is i bhFlaithis Dé a bheidh tú.

Sé seo a chéad iarracht ag Seán A. Mac Mathúna ar leabhar.Éacht déanta aige dáiríre. Go maire sé a nuacht.◊

SUAIMHNEAS AGUS MÍSHUAIMHNEASSUAIMHNEAS AGUS MÍSHUAIMHNEASle Seán A. Mac Mathúna. Coiscéim. Bog. 85 lch. €8

Léirmheas le Brian Ó Dochartaí

Page 24: Feasta | Meán Fómhair 2013

Léigh Peadar BairéadLand of DreamsLand of Dreams le Kate Kerrigan

Chuir an t-údar seo tús le tríológ roinnt blianta ó shin lenahúrscéal staire, Ellis Island. B’é ábhar a bhí beartaithe aici dontríológ seo ná scéal imirce mhuintir an Iarthair go Meiriceá ófhichidí na haoise seo caite a scrúdú agus a úsáid mar ábharar a gcrochfadh sí a scéal. In Ellis Island, cuireann sí síos arphríomhcharachtar na tríolóige, ‘Ellie’, cailín óg ag fás aníos inIarthar Éireann. Bhí sí mór le John Hogan ó thús. Thit siad ingrá agus phós siad ar ball. Agus bíodh nach raibh saol anmhada bháin i ndán dóibh, bhí siad breá sásta. Tharla áfach,go raibh John páirteach i gCogadh na Saoirse abhus, agus lelinn dó bheith ar eachtra cogaidh, gortaíodh go dona é. ThugEllie Nua Eabhrac uirthi féin, le pingneacha a shaothrú lecostaisí leighis John a íoc. D’éirigh go seoigh léi thall, agusbíodh go bhféadfadh sí cur fúithi ann, agus saol na bhfuíoll abheith in áirithe di sna Stáit, d’fhill sí ar John, agus thosaighorthu arís, le maith nó le holc.

Cathair an DóchaisCathair an DóchaisSa dara leabhar den tríológ ansin, City of Hope, nuair a bhícúrsaí ag dul chun cinn go maith dóibh anseo, tharla go bhfuair John bás obann. B’in ualach nach bhféadfadh Ellie aiompar, agus tar éis di seal a chaitheamh gearrtha amach óchaidreamh daonna, thug sí na Stáit uirthi féin arís. An babhtaseo áfach, chonaic sí go raibh daoine thall ansin millte ag an‘Depression’. Thosaigh uirthi, agus chuir áiteacha ar bun thallle cabhair a chur ar fáil dóibh siúd a raibh cúrsaí an tsaoilimithe go dona ina gcoinne. Thóg sí saol sásúil taitneamhachdi féin thall, agus d’fhéadfadh sí cur leis sin, dá mbeadh an

fonn sin uirthi, ach b’é críoch an scéil sin é gur fhill sí ar a háitdhúchais arís. Ach bhí tuilleadh eachtraí roimh Ellie s’againne,agus déanann an t-údar cur síos ar na heachtraí céanna sin satríú leabhar den tríológ, Land of Dreams.

Land of DreamsLand of DreamsB’fhada sinn ag fanacht ar an tríú gála den scéal seo:cuireadh ar fáil dúinn é sa leabhar corraitheach lán teannaisseo Land of Dreams le críoch a chur leis mar thríológ. Tá Ellieanois ina healaíontóir cáiliúil, agus glaoch nach beag ar asaothar. Phós sí Charles, fear ar chuir sí aithne air bliantaroimhe sin sna Stáit, agus bhailigh sí beirt mhac, nár iomparsí féin, Leo agus Tom, thart uirthi mar chlann. ChaitheadhCharles an-chuid ama ag taisteal ó cheann ceann na tíre, ageagrú oibrithe, agus a leithéid, ach ar deireadh cailleadh é imbuamáil Pearl Harbour, agus fágadh Ellie léi féin arís. Anbabhta seo, bhí beirt mhac ar a haire aici, agus í ag cur fúithiar ‘Fire Island’. Ansin, fuair sí scéala ó scoil Leo, go raibh asheolta ardaithe aige agus é glanta leis ón scoil. Chuaigh Ellieagus a mac eile, Tom, sa tóir air agus ar deireadh thiar,tháinig siad suas leis i Los Angeles, áit a raibh Leo ag iarraidha bhealach a dhéanamh i ndomhan aisteoirí Hollywood.

D’fhan Ellie ansin tamall, le tacaíocht a thabhairt dó. Casadhcarachtair áirithe éagsúla uirthi, ach tharla gur chuir sí aithnear ‘Stan’ freisin, fear a ghlacfadh páirt faoi leith ina saol arball. Ach, má theastaíonn uait tuilleadh den scéal sin a bheithagat, níl le déanamh agat ach leabhair na tríolóige a aimsiú.Tá mé cinnte, go mbainfidh tú taitneamh nach beag astu, nódéanann an t-údar pictiúr den dá shaol, an saol thall agus ansaol abhus, a leagan os ár gcomhair amach sa saothardea-scríofa, dea-thaighdithe, dea-chumtha seo.◊

Page 25: Feasta | Meán Fómhair 2013

www.feasta.ie Feasta, Meán Fómhair 201325

Athbheochan na hAthbheochanaAthbheochan na hAthbheochanaMicheál Mac Gréil, S.J.

(Aitheasc in Eaglais San Nioclás, Carraig na Siúire, ar ócáid chomórtha an Athar Liam ÓhÉideáin, S.J., (1839 - 1919), ag aifreann Speisialta ar Lá Fhéile Iognáid, 31 Iúil 2013).

A Phobal Dé,

San aifreann seo gabhaimid buíochas leDia as ucht saothar an Athar Liam ÓhÉideáin, S.J., agus a chomhleacaithe, abhunaigh Conradh na Gaeilge 120 bliainó shin inniu. Chomh maith leis sin,admhaímid saothar bhaill Chraobh ÓhIcí ar son athbheochan ár dteanga lebreis agus céad bliain. Is é ár nguí goleanfar ar aghaidh le forbairt na Gaeilgesa cheantar seo go ceann i bhfad.

Ní gá dom a rá gur pribhléid mhórdomsa a bheith libh anocht anseo igCarraig na Siúire ag an gceiliúradhstairiúil seo thar ceann Phroibhinseal nanÍosánach in Éirinn, an tAthair Tomás ÓLéideáin, S.J., mar bhí an tAthair Liam ÓhÉideáin ina bhall de Chumann Íosa,agus tá agus bhí ár n-ord an-bhródúil asan ról a bhí aige i mbunú an Chonartha.

Níos mó ná sin, chaitheas féin an chuidis mó dem’ shaol im’ bhall den Chonradh, in ainneoin easaontais leisan gCoiste Gnó ag deireadh naseachtóidí agus tús na n-ochtóidí. Buíochas le Dia go bhfuilimid aontaithearís agus muid ag treabhadh ar aghaidhle chéile ar son chúis na teanga.

Ag breathnú siar ar thús an Chonartha,tá sé suimiúil go raibh páirt lárnach agbaill den chléir agus de na hoird agusCumainn Rialta ó thosach ann. Sílim gurghlac siad leis go raibh an cultúrGaelach, a bhí is atá fós faoi ionsaí agfórsaí láidre sa tsochaí sa tír seo, inachuid thábhachtach de Ríocht Dé ar talamh. Is ó Dhia a thagann bun -fhorbairt chultúrtha an duine. Nachcuid d’ár gcultúr é ár gcreideamh!

Níos mó ná sin fós, is ins an teangaGhaeilge atá oidhreacht agus cuimhníár sinsear. Gan an Ghaeilge caillfearcuimhne chultúrtha ár sinsear. Cuid

an-lárnach den chuimhne chultúrtha sinin Éirinn is ea an Chríostaíocht. ThuigDe hÍde, Ó hIceadha, Ó Gramhnaigh, ÓhÉideáin agus a gcomhleacaithe anchailliúint mhillteanach a bhí ‘i ndul inéag na Gaeilge’ in Éirinn ag deireadh an19ú haois. Níos déanaí, thuig sagairtmar Thomás Ó Fiaich, Pádraig Ó Fiannachta, Diarmaid Ó Laoghaire, S.J.,agus a gcairde an ceangal idir anChríostaíocht agus athbheochan nateanga.

Rugadh Liam Ó hÉideáin ar an 22 Feabhra 1839, breis agus 147 bliain óshin i gCarraig Bheag [ar thaobh PhortLáirge de Charraig na Siúire] doPhádraig agus Máire Áine (Nic Dhiar-mada) Ó hÉideáin. Fuair sé bás aran 9 Eanáir 1919.

Sa bhliain 1862 chláraigh sé marnóibhís each i gCumann Íosa.(Chláraigh a dheartháir, Domhnall,i gCumann Íosa roimhe, in 1859).Bhí Domhnall agus Liam i gColáisteChoill Chluana Gabhann, áit a fuairsiad meán oideachas. Dá bharr sin,bhí tionchar ag na hÍosánaigh aroiliúint spioradálta na beirte. Níos móná sin, spreag an tAthair Donncha ÓMurchú, S.J., a bhí ina mhúinteoir ag anam sa choláiste, a shuim sa Ghaeilgeagus a mheas uirthi. Bhí Liam i gColáisteChoill Chluana Gabhann idir 1851 agus1857, sílim. [1851 - 1854 de réirAINM.ie – eag.]

Le linn an 16ú agus an 17ú haois, bhíbaint shuntasach ag na hÍosánaigh leCarraig na Siúire, agus le Port Láirge, lehEaglais Naomh Eoin, mar shampla.Aimsir Chomhdháil Chill Chainnigh, bhímisean na nÍosánach go hÉirinn an-tábhachtach. Dá bhrí sin, ní stróinséirí a bhí ionainn do mhuintir nahÉireann.

Táimid ag ceiliúradh Chonradh naGaeilge inniu freisin ar a 120ú lá breithe. Cé nach bhfuil dul chun cinn naGaeilge sásúil a dhóthain i láthair nahuaire i saol na ndaoine, an saol eaglasta san áireamh, bheadh cúrsaí ibhfad níos measa gan Conradh naGaeilge. Creidim féin go bhfuil dóthainbeochta sa teanga anois chun céimshuntasach eile a ghlacadh – andea-thoil agus an cumas inti a churchun tairbhe labhairt agus úsáid níosforleithne na teanga. De réir mo chuidtaighde in 2001-08, bhí cumas réasúntasa Ghaeilge ag 47% den daonra, ach níraibh úsáid tráthrialta á baint as annGaeilge ach ag 23% acu. Bhí 93% dendaonra ar thaobh na teanga.

Dá réir sin, nach bhfuil sé in am againnsan eaglais níos mó úsáide a bhaint asan nGaeilge sa liotúirge phoiblí gachseachtain. Dom féin go pearsanta,chruthaigh athbheochan nahoilithreachta Gaeilge i Máméan le ceithre bliana is tríocha anuas go bhfuiltacaíocht i measc phobal Dé donteanga. Nach gcuirfeadh sé go mór lecomóradh an Athar Uilliam Ó hÉideáindá bhféadfaimis tabhairt faoi fhorbairtúsáid na Gaeilge sa liotúirge agus inársaol spioradálta! D’aontóidh an tAthairUilliam féin go mór le hiarracht nuachun an teanga bheo a láidriú i meascPhobal Dé.◊

OIREACHTAS NA GAEILGE 2013OIREACHTAS NA GAEILGE 201329 Deireadh Fómhair – 3 Samhain, Cill Airne, Co. Chiarraí

Spriocdháta iontrála do na comórtais ardáin, 16 Meán Fómhair6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2. Fón: 01 475 3857

Ríomhphost: [email protected] Suíomh: www.antoireachtas.ie

Seandroichead Charraig na Siúire

Page 26: Feasta | Meán Fómhair 2013

www.feasta.ie Feasta, Meán Fómhair 201326

BlúiríníBlúiríníle

PádraigMac

Fhearghusa

• Ranganna Ghael-Taca, Corcaigh• Ranganna Ghael-Taca, Corcaigh

Tosóidh rang Gaeilge bunleibhéil ar an Luan16 Meán Fómhair ag a 7.00p.m. Cuirfearrang meánleibhéil ar siúl oíche Dé Máirt, 17Meán Fómhair, ag a 7.00p.m. chomh maith.Cosnóidh na cúrsaí 8 seachtaine seo €80, nóis féidir l€12 a íoc gach seachtain. Beidh ranganna don teastas sóisearach agus donardteistiméireacht ag tosú deireadh MeánFómhair, gach tráthnóna Céadaoin agusmaidin Sathairn. S: www.gael-taca.com / R p:[email protected]. Fón: 021 431 0841.Seoladh: 22 Port Uí Shuill eabháin, Corcaigh.

• Oíche Chultúir, 20 Meán Fómhair• Oíche Chultúir, 20 Meán Fómhair

Beidh turas treoraithe dátheangach ar fáil igceannáras an Chonartha, 6 SráidFhearchair, BÁC 2, gach 30 nóiméad nó marsin ó 5.00p.m. go dtí 11.00p.m., OícheChultúir 2013. Roinnfear eolas ar stair anárais a bhí ina theach agus ina halla ollscoileag an gCairdinéal John Newman, tráth arbhunaigh sé an chéad Ollscoil Chaitliceachin Éirinn. Bhí an foirgneamh ina bhanc agSinn Féin le linn Chogadh na Saoirse, agusina Aireacht Airgeadais ag Mícheál ÓCoileáin. Arsa Síne Nic an Ailí, chomh maithleis na turais staire ‘tá clár d’imeachtaíleagtha amach againn. Tá eolas faoi nahimeachtaí sin i lárionad Gaeilge nacathrach ar www.facebook.com/Uimhir6.Fáilteofar roimh dhaoine ó gach cúlra, ógagus aosta, Béarlóirí agus Gaeilgeoirí, bualadh isteach in Uimhir 6 don OícheChultúir i mbliana.

• Ealaín na Gaeltachta• Ealaín na Gaeltachta

Beidh dianchúrsa sna Meáin Shóisialta d’eagraíochtaí ealaíne sa Ghaeltacht inIonad Naomh Pádraig, Dobhair, Co. Dhún nanGall ar an gCéadaoin, 2 Deireadh Fómhairag 10.30 am. Costas: €25. An bhfuil ar dochumas grianghraf a aistriú ón bhfón pócago Facebook? An bhfuil tú in annbolscaireacht a dhéanamh go héifeachtachar na meáin shóisialta? Cuideoidh teagasc -óirí leat suíomh d’eagraíochta a mhaisiú. Bí idteagmháil le Micheál Mac Aoidh:[email protected] nó 074 9558025.

• Caoinfhulaingt agus an Ghaeilge• Caoinfhulaingt agus an Ghaeilge

‘An ideal opportunity already exists to prom -ote cultural tolerance and understanding ofthe Irish language via the “Peace” pro-gramme,’ a deir feisirí Shinn Féin, ConorMurphy (An tIúr/Ard Mhacha) agus FrancieMolloy (Lár-Uladh). An tAontas Eorpach abhunaigh an clár seo chun tacú leis anbpróiseas síochána, ach go háirithe, agusathmhuintearas, caoinfhulaingt chultúiragus comhthuiscint a chothú dá réir. D’éiligh

na feisirí Sinn Féineacha go dtagrófaí gosoiléir don Ghaeilge sna cláir nua chistíochtaatá á bhforbairt ag an AE le haghaidh an Tuaiscirt agus na gcontaethe cois teoranndon tréimhse 2014 - 2020 faoi láthair. Bhí anbheirt Teachtaí Parlaiminte ag caint tar éiscur i láthair a dhein gníomhaithe Gaeilge doChoiste an Oireachtais ar chur i bhfeidhmChomhshocrú Aoine an Chéasta i mBaileÁtha Cliath tamall ó shin. Dar leo theip ar AnComhlacht um Chláir Speisialta AE (SEUPB)aghaidh a thabh airt ar éadulaingt i leith naGaeilge go dtí seo. Tá deis ann faoi ‘SíocháinIV’ tuiscint agus caoinfhulaingt i leith naGaeilge a chothú.

• Éigeandáil in Earnáil na Priontála• Éigeandáil in Earnáil na Priontála

Cuireann Marion Gunn ar ár súile dúinn gobhfuil tionscal na priontála in Éirinn i mbaol.Molann sí do scríbhneoirí Éireannacha agusdo scríbhneoirí Gaeilge i gcoitinne cabhrúleis an earnáil sin agus a thabhairt ar pé foil-sitheoirí lena mbíonn siad ag plé déanamhamhlaidh. Is iondúil go mbíonn leabhar ‘lepriontáil’ i dtír a fhoilsithe, a deir sí. Ach leblianta beaga anuas tá cinneadh déanta agroinnt foilsitheoirí in Éirinn leabhair agusfoilseacháin eile dá gcuid a chur á bpriontáilthar lear, seachas abhus i dtír ‘a bhfoilsithe’.Earnáil a thugadh fostaíocht do na mílte oibrithe oilte in Éirinn, níl ag obair ann achfuíll each na gcéadta i láthair na huaire. Gnó simplí ag údair, a deir sí, fochlásal ‘le prion-táil in Éirinn’ a chur isteach in aon chonradha shíníonn siad maidir le scríbhinn atá ‘lefoilsiú in Éirinn. Bíodh sé le rá againn amachanseo gur sheas scríbhneoirí maithe Gaeilgele hoibrithe earnáil na priontála in Éirinn lelinn na héigeandála seo, a deir sí.

• TG4 sa Tuaisceart • TG4 sa Tuaisceart

Tá 13% de phobal féachana an Tuaiscirt agbreathnú ar TG4 ar a laghad uair sa tseach-tain, de réir an tsuirbhé is deireanaí ón rialtóir craolacháin ansin. Tuairiscítear sa

Communications Market Report for North-ern Ireland 2013 a d’fhoilsigh Ofcom go bhfuil 4% den phobal féachana sa Tuaisceartag breathnú go laethúil ar TG4, agus 9% eileag breathnú air uair sa tseachtain ar alaghad. Tá glacadh forleathan ar TG4 sa Tuaisceart le tamall de bhlianta, archomhartha craolta ón bPoblacht, ar shaitilítSky agus ar chóras cábla Virgin i gcathairBhéal Feirste. Ach cuireadh feabhas breisear an nglacadh sin i mí Dheireadh Fómhair2012 nuair a cuireadh TG4 ar fáil ar chórasFreeview ansin, mar chuid den Aistriú Digiteach. ‘Feictear sa Tuarascáil seo freisingurb é TG4 crann taca na hearnála léiriú -cháin Gaeilge sa Tuaisceart: is coimisiúin óTG4 os cionn leath an aschuir Ghaeilge óthuaidh, rud a chruthaíonn agus achothaíonn fostaíocht ard-scile agus adhéanann leas na teanga freisin, a deirPádraic Ó Ciardha.

• Éigse Thrá Lí, 4 - 5 Deir. Fómhair• Éigse Thrá Lí, 4 - 5 Deir. Fómhair

Beidh Éigse na bhFilí ar siúl arís i dTrá Lí aran Aoine 4 - Satharn 5, Deireadh Fómhair.Beidh an t-údar aithnidiúil Ré Ó Laighléis aran mbaile ar an Aoine, beidh turas ar ChéBhaile Uí Chíosáin in aice le Cill Orglan mar athabharfaidh an staraí áitiúil agus eolaí arRuairí Mac Easmainn, Seán Seosamh ÓConchubhair, caint as Gaeilge, agus istóicheDé Sathairn ag an Óstán Meadowlands ag a8.00p.m. cloisfear file an Chama agus UíbhRáthaigh, Bríd Ní Mhóráin ag léamh a cuidfilíochta. Atosaíonn an ciorcal comhrá seach-tainiúil ag an Óstán Meadowlands ar anDéardaon, 26 Meán Fómhair ag 8.30p.m.Beidh cruinniú cinn bhliana Chraobh Thrá Líde Chonradh na Gaeilge ar siúl san Óstáncéanna ar an Déardaoin, 19 Meán Fómhairag 8.30p.m. Fáilte roimh bhaill nua. Ábharmeanman do Chiarraígh Tobar an Dúchais,Cnuasach Seanfhocal ó Uibh Ráthach abheith foilsithe ag Coiscéim le déanaí. ◊

Beolíne Chéad Bhliana OÉGBeidh Beolíne Mhic Léinn naChéad Bhliana ar fáil arís inOllscoil na hÉireann, Gaill -imh. Don cheathrú bliain asa chéile, beidh mic léinnagus a dtuismith eoirí in annglaoch ar an mbeolíne. Seol -adh an tionscnamh seo ardtús i samhradh na bliana2010 le cabhrú le mic léinnna chéad bhliana an t-aistriúa dhéanamh go dtí an t-oideachas tríú leibhéal. B’é an chéad cheann dá leithéid ésan earnáil. Tá OÉ Gaillimh ag dúil go mbeidh breis agus 3,200 mac léinn nua agtosú i Meán Fómhair. Beidh an bheo líne ar oscailt i rith na seisiún céad bhlaiste domhic léinn na chéad bhliana, an 7ú agus an 8ú Meán Fómhair, agus beidh an líne agfeidhmiú ar feadh coicíse i ndiaidh an dáta a gcuirfear tús leis na léachtaí, an 9úMeán Fómhair. Beidh láithreán gréasáin ar leith, atá ann do mhic léinn na chéadbhliana, mar thairseach eolais chomh maith. Féadfaidh mic léinn, tuismitheoirí aguslucht comhairlithe teagmháil a dhéanamh le Beolíne Mhic Léinn na Chéad Bhlianaar 091 493999 nó dul go dtí http://www.nuigalway.ie/new-students/. Thuas, agobair ar an bheolíne anuraidh bhí Emer Henderson agus Rory Gavin.◊

Page 27: Feasta | Meán Fómhair 2013

www.feasta.ie Feasta, Meán Fómhair 201327

Dé hAoine, 27 Meán Fómhair Dé hAoine, 27 Meán Fómhair

19.30 Clárú / Registration20.00 Oscailt Oifigiúil / Official Opening,

DONNCHA MAC FHIONNLAOICH TD,Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta.

20.30 ‘Airde na binne d’fhéar ar an gcuid is fearr den nGae-lainn?’ ‘A gable-height of grass on the best of the Lan-guage?’ Scothchainteoirí ó Chartlann RTÉ RnaG in Ionadan Bhlascaoid agus foinsí eile. DÁITHÍ DE MÓRDHA,Ionad an Bhlascaoid. Cathaoirleach: Máirín Uí Shé

21.30 Suí Caidrimh

Dé Sathairn, 28 Meán FómhairDé Sathairn, 28 Meán Fómhair

10.00 Nuachainteoirí Gaeilge – in Éirinn agus thar lear. NewIrish speakers at home and abroad. DR. JOHN WALSH,Léachtóir Gaeilge, Leas-Déan Taighde, Coláiste na nDán,na nEolaíochtaí Sóisialta agus an Léinn Cheiltigh,OÉG/NUIG

10.40 Éire, Meiriceá agus Scéal na Gaeilge / Ireland, Americaand the Irish Language. AN DR. TRAOLACH ÓRÍORDÁIN, An Stiúrthóir ar Chlár Léann na hÉireann,Ollscoil Montana. Cathaoirleach: John Kennedy

11.30 Briseadh tae/caife

12.00 ‘Arbh fhiú an braon allais?’ – gníomhaíocht ar son naGaeilge le glúin nó dhó anuas agus an bealach romhainn.DONNCHA Ó hÉALLAITHE, Taighdeoir is Tráchtaire archúrsaí Gaeilge / Gaeltachta ó Chonamara.

Cathaoirleach: Micheál De Mórdha

13.00 Lón / Lunch

14.15 • Bronnadh Sparánacht an Bhlascaoid• Seoladh Leabhar an CheiliúrthaLéargas ar Scothchainteoirí Dhún Chaoin.

MICHEÁL DE MÓRDHA

15.00-16.45 ‘Dob é seo a mbaile tráth….’ Turas timpeall DhúnChaoin go dtí ionaid na n-áitreamh a bhí, tráth, agscothchainteoirí an pharóiste is sia siar in Éirinn.Stiúrthóir: MICHEÁL DE MÓRDHA

20.00-20.30 Imirt Cartaí sa Traidisiún agus sa Chaint / Card-playing Traditions: MÍCHEÁL Ó SÉ, Iarthráchtaire RTÉRaidió na Gaeltachta. Cathaoirleach: Helen Ní Shé

20.30-22.00 Oíche Bhothántaíochta / Evening entertainment:Cluichí Cartaí agus Scrabble as Gaeilge.

Dé Domhnaigh 29 Meán FómhairDé Domhnaigh 29 Meán Fómhair

11.00 Tae/Caife

11.30 ‘Mol an Óige’ / Praise the youth – an cur chuige is gádo shlánú na teangan i gCorca Dhuibhne - AOIFE NÍSHÉAGHDHA, Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge,Ollscoil na hÉireann, Gaillimh. AOIFE NÍ CHONCHÚIR,Comhordaitheoir Teangan, Clár Droichead, PobalscoilChorca Dhuibhne. ÓRLAITH RUISÉAL,Tús Maith,Oidhreacht Chorca Dhuibhne.

Cathaoirleach: Breandán Mac Gearailt12.30 Clabhsúr

A simultaneous translation from Gaeilge to Englishwill be available.

CEILIÚRADH AN BHLASCAOID 2013CEILIÚRADH AN BHLASCAOID 2013THE BLASCAOD MÓR COMMEMORATION 2013

SAIBHREAS AGUS DÁN NA TEANGASAIBHREAS AGUS DÁN NA TEANGAThe Wealth and Future of the Language

27 - 29 Meán Fómhair / September27 - 29 Meán Fómhair / SeptemberIonad an Bhlascaoid Mhóir, Dún Chaoin, Co. ChiarraíIonad an Bhlascaoid Mhóir, Dún Chaoin, Co. Chiarraí

Arna eagrú ag Fondúireacht an Bhlascaoid, Oidhreacht Chorca Dhuibhne & Ionad an Bhlascaoid (Oifig na nOibreacha Poiblí)

CLÁRÚ / REGISTRATION:CLÁRÚ / REGISTRATION: Táille €60 an duine / per person (€40 seanóirí & mic léinn / seniors & students). Tae/ Caife & fáiltithe san áireamh. Níl béilí san áireamh.

Ní mór clárú roimh 6 Meán Fómhair 2013. • Ainm, Seoladh, R-phost & Táille go dtí: Ní mór clárú roimh 6 Meán Fómhair 2013. • Ainm, Seoladh, R-phost & Táille go dtí: An Rúnaí, Ceiliúradh an Bhlascaoid, Ionad an Bhlascaoid Mhóir, Dún Chaoin, Trá Lí, Co. Chiarraí.

Eolas: 066-91 56100 • R-phost:[email protected] • Suíomh: www.ceiliuradh.comEolas: 066-91 56100 • R-phost:[email protected] • Suíomh: www.ceiliuradh.com

• AOINE, 13 MEÁN FÓMHAIR 2013• AOINE, 13 MEÁN FÓMHAIR 20137.15 p.m. Fáiltiú agus Clárú 7.45 p.m. Oscailt Oifigiúil ag Donnchadh Ó hAodha,

Uachtarán Chonradh na Gaeilge8.00 p.m. Iníonacha, Cait agus Cúirt, radharc ar fhobairt na

scríbhneoireachta agus na lámhscríbhinní in Éirinn ó ré nagCloch Oghaim go dtí an 19ú haois. Léacht leis an DrEmma Nic Chárthaigh, Ollscoil Luimnigh.

• SATHARN, 14 MEÁN FÓMHAIR 2013• SATHARN, 14 MEÁN FÓMHAIR 20132.00pm. Brian Bóroimhe & na Lochlannaigh, le Tonaí Ó Roduibh4.00 p.m. Eineachlann Iosraelach an naoú leabhar filíochta le

Liam Prút, á sheoladh ag an Dr Ciarán Ó Coigligh. Léamhfilíochta le Liam Prút

8.00 p.m. Caitlín Ní Uallacháin: dráma le W.B. Yeats á léiriú agAisteoirí an Aonaigh. Ceapóga agus Mír Thraidhisiúnta:Eachtra an Phacaire agus na Caillí – Áine Uí Chuill agus -Eibhlín Uí Lionáird, Cúil Aodha. I gcomhar leis An Comhlachas Náisiúnta Drámaíochta.

• DOMHNACH, 15 MEÁN FÓMHAIR 2013• DOMHNACH, 15 MEÁN FÓMHAIR 201310.00 a.m. Aifreann ag Séipéal Naomh Muire11.00 a.m. Turas ar na Mianaigh ag Béal Átha Gabhann.

Treoraí: Eamonn de Stafort.Á eagrú ag Conradh na Gaeilge,Coiste Dúiche Thiobraid Árann.

Breis eolas: Kim Ní Mhaolchatha. Fón: 067: 41570.Rp: [email protected]. http://cnagantaonach.ie/

DÚCHASDÚCHAS , Éigse do Thiobraid Árann, 13 - 15 Meán Fómhair, Éigse do Thiobraid Árann, 13 - 15 Meán Fómhairag Dún Mhuire, 50 Sr. an Phiarsaigh, An tAonach, Co. Thiobraid Árann ag Dún Mhuire, 50 Sr. an Phiarsaigh, An tAonach, Co. Thiobraid Árann

Page 28: Feasta | Meán Fómhair 2013