Upload
tosca
View
61
Download
7
Embed Size (px)
DESCRIPTION
Gabhaimid Buíochas. Bunaithe ar Beo go Deo 4 : Téarma 3, Ceacht 5 Téacs an Mhúinteora lgh. 352 – 361 Cad tá romham a dhéanamh? Cuidiú leis na leanaí: bheith ar an eolas faoi amanna ina saol nuair atá sé tábhachtach ‘go raibh maith agat’ a rá; - PowerPoint PPT Presentation
Citation preview
Gabhaimid BuíochasBunaithe ar Beo go Deo 4: Téarma 3, Ceacht 5
Téacs an Mhúinteora lgh. 352 – 361
Cad tá romham a dhéanamh?Cuidiú leis na leanaí:
• bheith ar an eolas faoi amanna ina saol nuair atá sé tábhachtach ‘go raibh maith agat’ a rá;
• a thuiscint nuair a bhímid ar Aifreann go dtugaimid moladh agus buíochas do Dhia as tíolacthaí uile na beatha agus go
háirithe as Íosa, Mac Dé, a thabhairt dúinn.
Cén fáth?•Sa dóigh is go nglacfaidh siad páirt níos iomláine i gceiliúradh
na hEocairiste.
An Deichniúir Lobhar
Bunaithe ar Lúcás 17:11-19
Lá amháin, bhí Íosa agus a chairde ag siúl isteach sa tsráidbhaile.
Casadh deichniúr le galar craicinn ar Íosa. Glaodh lobhair ar an deichniúr acu sin. D’fhan
siad ar gcúl - mar a rinne siad i gcónaí. Ghlaoigh na lobhair amach.
‘A Íosa, A Mháistir, bíodh trua agat
dúinn!’
Bhí trua ag Íosa dóibh, d’fhéach sé orthu agus dúirt sé:
Imígí agus taispeánaigí sibh féin do na sagairt
Ar a slí go dtí na sagairt, leigheasadh an deichniúr lobhar.
Samárach ba ea duine den deichniúr.
Nuair a chonaic sé go raibh sé
leigheasta, rith sé ar ais go dtí Íosa agus ghabh sé
buíochas le hÍosa.
Dúirt Íosa:
Leigheasadh deichniúr agaibh - cá bhfuil an naonúr eile?
Ansin dúirt sé leis an Samárach:
Éirigh agus imigh leat. Rinne do
chreideamh tú a leigheas
Chuaigh an Samárach go dtí na sagairt chun é féin a thaispeáint
dóibh.