14
Is Sinne Na Daoine Is Sinne Na Daoine is Fearr is Fearr Bunaithe ar Beo go Deo 3: Téarma 2, Ceacht 3 Téacs an Mhúinteora lgh. 174-184 Cad atá fúm a dhéanamh? An dearcadh speisialta a léirigh Íosa i leith páistí a iniúchadh agus a cheiliúradh. Cén fáth? Sa dóigh is go n-aithneoidh agus go dtuigfidh na páistí a gcuid maitheasa féin agus go

Is Sinne Na Daoine is Fearr

  • Upload
    jacoba

  • View
    86

  • Download
    8

Embed Size (px)

DESCRIPTION

Is Sinne Na Daoine is Fearr. Bunaithe ar Beo go Deo 3 : Téarma 2, Ceacht 3 Téacs an Mhúinteora lgh . 174-184 Cad atá fúm a dhéanamh ? An dearcadh speisialta a léirigh Íosa i leith páistí a iniúchadh agus a cheiliúradh . Cén fáth ? - PowerPoint PPT Presentation

Citation preview

Page 1: Is Sinne Na Daoine is Fearr

Is Sinne Na Daoine is FearrIs Sinne Na Daoine is FearrBunaithe ar Beo go Deo 3: Téarma 2, Ceacht 3

Téacs an Mhúinteora lgh. 174-184

Cad atá fúm a dhéanamh?An dearcadh speisialta a léirigh Íosa i leith páistí a

iniúchadh agus a cheiliúradh.

Cén fáth?Sa dóigh is go n-aithneoidh agus go dtuigfidh na páistí

a gcuid maitheasa féin agus go gceiliúrfaidh siad é sin le lúcháir.

Page 2: Is Sinne Na Daoine is Fearr

Inniu lá an aonaigh.

Is aoibhinn leis na páistí dul chun an aonaigh.

Téann siad go dtí an baile beag.

Bíonn sé lán de dhaoine fásta.

Bíonn na fir ag díol cáise.Bíonn na mná ag ceannach éadaigh.

Page 3: Is Sinne Na Daoine is Fearr

Bíonn na báicéirí ag díol aráin.

Ceannaíonn daoine spíosraí agus torthaí.

Page 4: Is Sinne Na Daoine is Fearr

Bíonn an t-eallach ag géimneach agus na hasail ag béiceadh.

  

Page 5: Is Sinne Na Daoine is Fearr

Bíonn na daoine fásta an-ghnóthach ag an aonach. Bíonn an- spórt ag na páistí.

Ritheann siad thart ag imirt folacháin lena gcairde.

Page 6: Is Sinne Na Daoine is Fearr

Tagann fear chun an aonaigh inniu. Ní thugann aon duine aird air ar dtús.

Suíonn sé i lár na cearnóige. Feiceann gach duine é ansin.Labhraíonn sé amach os ard.

Cloiseann gach duine é mar sin.Iarann sé ar gach duine stopadh agus éisteacht leis.

Tosaíonn sé ag labhairt faoi ríocht, Ríocht Dé.

Page 7: Is Sinne Na Daoine is Fearr

Deir sé go mbíonn gach duine sona sásta i

Ríocht Dé.

I Ríocht Dé, tugann gach duine grá dá chéile.

“Cén saghas ríochta é seo?” arsa cuid de na

daoine fásta. “Cad a chaithfimid a dhéanamh chun cead isteach a fháil?” arsa daoine eile.

Page 8: Is Sinne Na Daoine is Fearr

Labhraíonn an fear: “Níl Ríocht Dé in áit amháin,” arsa an

fear. “Tá Ríocht Dé le fáil áit ar bith a dtugann daoine grá dá chéile, áit ar bith a mbíonn daoine cineálta agus séimh, áit ar

bith a dtugann daoine aire dá chéile. Sin í an áit ina bhfuil Ríocht Dé le fáil.

Is féidir le Ríocht Dé a bheith san áit seo, anois láithreach.”

Page 9: Is Sinne Na Daoine is Fearr

“Tá ceist agam ort,” arsa fear amháin.

“Is duine tábhachtach mé sa bhaile seo.

Cé hé an duine is tábhachtaí i Ríocht Dé?”

D’éirigh an t-aonach an-chiúin. Stopann na daoine den díol is

den cheannach. Feiceann na páistí slua daoine

thart timpeall an fhir.

Page 10: Is Sinne Na Daoine is Fearr

“Cad atá ar siúl?” arsa cuid de na páistí.

Díreach ansin, tagann an fear ina dtreo.

Labhraíonn sé leo:“Cé a chabhróidh

liom? Tá cabhair ag teastáil

uaim chun ceacht an- tábhachtach a

theagasc do na daoine fásta.”

Mise, mise, mise!

Page 11: Is Sinne Na Daoine is Fearr

Tagann aoibh an gháire ar an bhfear. Tógann sé an páiste is lú go dtí na daoine fásta.

Page 12: Is Sinne Na Daoine is Fearr

“Chuir sibh an cheist orm faoi na daoine is tábhachtaí i Ríocht Dé,” a deir sé leis an slua.

“Inseoidh mé daoibh anois. An bhfeiceann sibh an páiste seo?

Is iad na páistí na daoine is tábhachtaí i Ríocht Dé.”

Page 13: Is Sinne Na Daoine is Fearr

Bhí ionadh ar na daoine fásta.Bhí sé deacair orthu sin a chreidiúint.

Páistí! Is iad na páistí na daoine is tábhachtaí i Ríocht Dé!

Níor chuala siad a leithéid riamh!

Page 14: Is Sinne Na Daoine is Fearr

Nuair a bhí an fear críochnaithe leis, chuaigh an páiste ar ais chuig a chairde.

“Cad a dúirt sé? Cén ceacht a theagasc sé do na daoine?” a d’fhiafraigh na páistí

eile de.

“Dúirt sé leo gurbh iad na páistí na daoine is fearr,” a d’fhreagair an páiste!

Cé hé an fear seo? Hurá, hurá!

Íosa a thugtar air!