8
nasc leis an ghaeilge Suíomh nua ríomhaireachta seolta www.nosmag.com bunaithe 2008 márta 11 eag. 20 nós* iris ghaeilge don nua-aois borradh bascach Ken Zazpi ar a mbealach go hÉirinn foraois ó na finscéalta Coill ársa na hEorpa faoin spotsolas RÉABHLÓID & RAP

nós* - eagrán 20

  • Upload
    nos

  • View
    296

  • Download
    7

Embed Size (px)

DESCRIPTION

Eagrán Mhárta 2011; Rap agus Réabhlóid sna tíortha Arabacha; Ken Zazpi; Diarmaid agus Donncha Moynihan; Lykke Li; Killing Bono; nascanna.com...

Citation preview

Page 1: nós* - eagrán 20

nasc leis an ghaeilge Suíomh nua ríomhaireachta seolta

www.nosmag.com bunaithe 2008

márta 11 eag. 20nós*iris ghaeilge don nua-aois

borradh bascachKen Zazpi ar a mbealach go hÉirinn

foraois ó na finscéaltaCoill ársa na hEorpa faoin spotsolas

réabhlóid&rap

Page 2: nós* - eagrán 20

2 www.nosmag.com

*****

** *** * ** *

Bhí a fhios againn i gcónaí go bhféadfadh leis an cheol dul i bhfeidhm orainn ar bhealaí éagsúla - bhí muid ag caint air in eagrán na míosa seo caite go deimhin - ach an raibh a fhios agat go dtiocfadh leis ról a imirt i réabhlóid? Bhuel sna leathanaigh seo amach romhat amharcann muid ar an tionchar a bhí ag amhrán rap ar an éirí amach sa Túinéis cúpla mí ó shin, athrú polaitiúil a bhfuil a thonnta turrainge go fóill le mothú ar fud an domhain Arabaigh. Tugann muid spléachadh chomh maith ar an rabharta ceoil atá ag borradh i dTír na mBascach agus a bheas ar cuairt anseo in Éirinn i gceann roinnt seachtainí.

Ar ábhar iomlán eile, ach fós féin rud a chuireann buille inár gcroíthe, i Márta 2010 eagraíodh ceann de na himeachtaí Gaeilge ba dhúshlánaí agus ba spreagúla riamh nuair a cuireadh tús le Rith, rás náisiúnta sealaíochta ar son na teanga. Is in 2012 a bheas an chéad Rith eile ar siúl anseo in Éirinn ach beidh Korrika na Bascaise - an imeacht ar a bhfuil rás s’againn féin bunaithe - ag dul ar aghaidh in Euskal Herria i mí Aibreáin. Tá aithne ag nós* ar Ghael nó beirt a bheas ag glacadh páirte i Korrika na bliana seo mar sin beidh tuairisc againn ón láthair ar nosmag.com agus i bhforlíonadh na míosa seo chugainn. Coinnigh súil amach faoina choinne.

Go dtí sin, bain sult as an ofráil seo agus ná déan dearmad gur féidir teagmháil a dhéanamh linn in am ar bith faoi aon ghné de nós*... is leatsa an iris ag deireadh an lae!

Beir bua,

tomaí ó conghaileEagarthóir nós*

buille ár gcroíthe

fáilte

EAGARTHÓIRTomaí Ó Conghaile

RANNPHÁIRTITHESeanán Ó Coistín, Úna B,Nainsí Nic an TiompánaighColin Ryan, Ian Mac Murchaidh

nósTEAGMHÁ[email protected]

FÓGRAIs é nós* atá freagrach as gach ábhar san fhorlíonadh seo.

** ** *

tóg aMach Méforlíonadh speisialta le gaelscéal!

Page 3: nós* - eagrán 20

www.nosmag.com 3

Seo albam a tháinig amach leis an bheirt dearthár Diarmaid agus Donncha Moynihan ó Chontae Chorcaí.

Is ón bheirt seo agus ón fhidléir Tola Custy a tháinig albaim Calico, agus cuimhnítear ar chéad albam an ghrúpa sin .i. Celanova Square (1998) mar shárshaothar ceoil a bhfuil gradam agus ardmheas tuillte dó.

Ó tháinig Celanova Square amach, tá go leor albam i ndiaidh teacht ar an saol atá ceannródaíoch ar a mbealach féin, mar Wired (2005) agus Aurora (2010) le Mike Mc Golderick, agus cuid sáralbam Flook – Flatfish (1999), Rubai (2002) agus Haven (2009).

Tá rianta ann ar an albam seo le muintir

Moynihan a chuirfeadh saothar McGolderick agus Brian Finnegan i gcuimhne don éisteoir, ach níor chóir a rá gurb é atá i The Lights of Ranzanico ná aithris ar dhéantús na beirte siúd.

Mar an gcéanna le cuid albam Mc Golderick agus Lúnasa, tá meascán de phortanna a chum na deartháireacha féin maraon le píosaí ón traidisiún Gaelach agus ón traidisiún Eorpach.

Tá sé de dhealramh gur caitheamh cuid mhór ama ag cur an albaim seo le chéile, nó tá coiriú íogair le sonrú sna rianta uile, coiriú atá simplí, ach sofaisticiúil agus éifeachtach san am céanna.

Ar rian 6, ‘The long haul hush’, tá

ceathairéad téadach le cluinstin ag tabhairt tionlacain do ghiotár Dhonncha, agus tagann feadóg shéimh Dhiarmada isteach, ag cur leis an chomhcheol chaoin – ní bhíonn barrchleite isteach ná bunchleite amach in am ar bith, go suaimhnítear an t-éisteoir le ceoltaí síodúla an tsár-riain seo.

Is rian suaimhneach é fosta an ceann deireanach ar an albam ‘Haapavesi Moon’ a bhfuil giotár Dhonncha le cluinstin ann mar phríomhuirlis fhoinn, agus Caoimhín Vallely á thionlacan go héifeachtach ar an mhéarchlár.

Ní portanna malla suaimhneacha uilig atá ar an albam seo, áfach, agus tá an chuid is fearr den phíobaireacht ar fáil sa dá ríl ar rian a ceathair.

Tá teacht le chéile sa rian seo, agus ar go leor rianta den albam, a chuirfeadh At First Light le Mike Mc Golderick, John Mc Sherry agus Paul Mc Sherry i gcuimhe don éisteoir.

Gné eile den albam seo ar fiú aird í ná na portanna nuachumtha ardchaighdeáin atá le fáil ann.

As measc na bhfonn seo tá ‘Shoulder dancing’ agus an port a thugann teideal don albam, ‘The Lights of Ranzanico’.

Is portanna iad seo a rachas isteach sa traidisiún amach anseo agus a bheas le cluinstin ag seisiúin ó chionn cionn na tíre agus níos faide i gcéin.

Le fírinne, sin agat teist albam mhaith – má théann sé i bhfeidhm ar stór ceoil na gceoltóirí a thiocfas ina dhiaidh, tá beart fiúntach curtha i gcrích.

Níl amhras ar bith ann go mbeith tarraingt ag ceoltóirí agus ag éisteoirí araon ar an albam seo go cionn i bhfad.

ceol

diaRmaid & donncha moynihan The Lights of Ranzanico (DM Music)

4/5

FOCAIl nainsí nic an tioMpánaigh

Tá beagnach trí bliana ann ó d’eisigh réalta óg na Sualainne, Lykke Li, a céad albam youth

novels ach tá sí ar ais anois le bailiúchán d’amhráin níos aibí, níos dorcha arbh fhiú fanacht orthu, bhuel ar níos mó ná leath acu ar aon nós.

Is oiriúnach an teideal albaim é Wounded Rhmyes mar tá an mion-phop a bhí le cloisteáil uaithi tráth athraithe go fuaimeanna a dhíríonn ar chora an ghrá, ar an chumha agus ar an bhrón.

Tá na foinn fós taitneamhach go leor, le bualadh bos agus drumaí as buille curtha isteach ar roinnt rianta,

ach tá níos mó muiníne i bhfocail agus i gcur chuige Li a chuireann ar a cumas plé le téamaí atá píosa beag níos troime ná a chuala muid roimhe.

An dtaitneoidh sé leo siúd a chuir spéis ina céad saothar? Ní fios, ach is cinnte go bhfuil sí i ndiaidh a léiriú nach bhfuil eagla uirthi a stíl a athrú beagán, rud a chuideoidh léi amach anseo.

LyKKE LiWounded Rhmyes (Atlantic)

3/5

Page 4: nós* - eagrán 20

4 www.nosmag.com

ceol

is minic scríofa é ar leathanaigh na hirise seo go bhfuil an-tábhacht leis an nua-cheol do phobail atá ag dul i ngleic le mórtheangacha

an domhandaithe, agus níl mórán bannaí níos oiriúnaí chun an tábhacht sin a léiriú ná Ken Zazpi na mBascach.

Bunaithe sa bhliain 1996, tá Ken Zazpi - ‘Lúide Seacht’ i mBascais - ar cheann de mhórghúpaí pop-roc Euskal Herria agus is líonmhar an lucht leanúna atá cruthaithe ag a rithimí greamúla agus ag a liricí cumhachtacha thar na blianta.

Díreach breis agus 35 bliain ó shin nuair a bhí deachtóireacht Franco fós i réim, ní raibh ann mar ba cheart do shaol an cheoil nua-chumtha in Euskara - ná in aon teanga eile i stát na Spáinne seachas an Spáinnis Chaistíleach - ach tá borradh muiníneach bríomhar tar éis theacht faoi chultúr dúchasach Thír na mBascach ó shin, agus faoina ceol ach go háirithe.

Le cloisteáil ar dtús i mbeáranna na gluaiseachta óige agus neamhspleáchais, tá punc, miotal, roc, pop agus eile i mBascais i ndiaidh leathnú amach chuig pobal níos leithne agus tá an ceol seo ina dteanga féin ag croí na todhchaí nua atá á cruthú ag na Bascaigh dá dtír.

Léiríonn na bannaí éagsúla a roghnaíonn an Bhascais mar mhodh cumarsáide gur teanga

chomhaimseartha bheoga dhearfach í atá in ann déileáil le haon ghné den saol, agus tá an teachtaireacht sin le brath go soiléir i saothar Ken Zazpi.

Pop-roc neartmhar an cur síos is fearr ar a gcuid cheoil - cé gur albam níos séimhe é an eisiúint is déanaí s’acu, Ortzemugak begietan (Léaslínte sna súile), ná an Atzo da bihar (Is é amárach inné) láidir a tháinig amach deich mbliana ó shin - agus tá a n-iomrá tar éis taisteal go pobail eile teanga eile atá i mbun streachailte chomh maith le ceann de mhórchnaga an bhanna, Ilargia (An Ghealach), aistrithe anois go dtí an Chatalóinis.

Is de bhunadh Gernika - baile an-siombalach do chearta agus do stair mhuintir Thír na mBascach agus an baile ar ionsaigh Luftwaffe na Naitsithe é in 1937 ar orduithe Franco - an cúigear sa ghrúpa agus tá tionchar a n-áite dúchais le cluinstin i roinnt mhaith dá gcuid amhrán.

Is léir ón mheon a tháinig trí fhocail Ken Zazpi ón chéad lá riamh go bhfuil siad tiomanta dá gcultúr, dá dtimpeallacht agus dá dteanga agus go mbíonn siad ag iarraidh teagmháil agus ionbhá a dhéanamh le mothúcháin ógánaigh Bhascacha an lae inniu.

Is fíor sin go fóill faoina n-albam is úire, Ortzemugak begietan.

“Seo obair a bhí ar bun againn le dhá bhliain

go leith anuas,” arsa Eñaut Elorrieta, amhránaí an ghrúpa.

“Tá iarracht déanta againn ciall an teidil a léiriú sa cheol.

“Ní insíonn na súile bréaga riamh, bíonn cibé mothúchán atá agat le feiceáil sna súile - áthas, brón, grá agus eile.

“Mar sin bhí muid ag iarraidh muid féin a

nochtadh, bhí sé de rún againn a chur in iúl, ar an bhealach nádúrtha sin a insíonn na súile, cad a mhothaíonn muid taobh istigh.”

Ar bharr na mothúchán pearsanta, tá amhráin ann arís a bhaineann leis an phobal agus leis an timpeallacht shóisialta arb as don ghrúpa, mar a mhíníonn Eñaut;

“Tá muid sáite inár bpobal féin agus labhraíonn muid fosta faoin dóchas atá ann go dtiocfaidh tréimhse úr, tréimhse chun muid féin a aontú, a neartú agus a thabhairt le chéile.

“Is gairm é ar an aontacht sin agus ar aghaidh a thabhairt ar an todhchaí lán misnigh.”

Agus an lámh láidir fós in úsáid ag údaráis na Spáinne in éadan ghníomhairí teanga agus neamhspleáchais Euskal Herria, in ainneoin iarrachtaí macánta na gluaiseachta tús ceart a chur le próiseas síochána, is cinnte go bhfuil an misneach sin de dhíth ar ghlúine óga na tíre.

Ach ní gá do bhealach a dhéanamh amach go Tír na mBascach féin chun an dóchas ceoil agus pobail seo a mhothú ón bhunfhoinse mar beidh Ken Zazpi ar camchuairt speisialta anseo in Éirinn ar an mhí seo chugainn!

Is in Whelan’s, Baile Átha Cliath, a bheas siad Dé Máirt 19 Aibreán, Sandino’s i nDoire Déardaoin 21 Aibreán agus sa Droichead i mBéal Feirste ar Aoine an Chéasta.

gceola

tá an banna cumhachtach bascaise, ken zazpi, ag teacht go héirinn i mí aibreáin. tugann tomaí ó conghaile léargas orthu agus ar chúlra a gceoil

GRIANGHRAF gauilunak

seacht

*

Page 5: nós* - eagrán 20

FOCAIl Úna b

ceol

i mí Nollag na bliana seo caite agus daoine ag tosnú theacht amach ar shráideanna na

Túinéise lena míshásacht faoi staid na tíre a chur in iúl don Uachtarán Zine El Abidine Ben Ali, bhí amhrán áirithe a bhí ar eolas acu uilig.

Rian rap a bhí ann a cháin an ceannaire go géar agus a labhair amach faoi dhearóile an phobail agus faoi chailiméireacht an rialtais.

Bhí sé crua, bhí sé cumhachtach, bhí sé fíor.

Agus thaitin sé go mór leis an lucht agóide.

Rapaire óg 21 bliain d’aois ón mheánaicme, Hamada Ben Amor aka El Général, a scríobh ‘Rais Lebled’, nó Ceannaire Stáit san Arabais, agus níorbh fhada gur spréigh sé ar fud an idirlín ar Youtube, Facebook agus gréasáin eile shóisialta.

Bhí El Général breá cleachta le haird an rialtais - ba mhinic gur cuireadh cosc air seinm ag ceolchoirmeacha mar gheall ar liricí polaitiúla a chuid amhrán - ach nuair a roghnaigh pobal na Túinéise ‘Rais Lebled’ mar amhrán

neamhoifigiúil na réabhlóide, ghabh na péas é agus níor chualathas faic uaidh ar feadh laethanta.

Munab ionann agus Mohammed Bouazizi - an fear a chuir é féin trí thine ag tús an éirí amach - áfach, ní raibh ar Hamada Ben Amor bás a fháil chun a theachtaireacht láidir a scaipeadh.

Ligeadh saor é ocht lá ina dhiaidh agus d’fhág an brú a bhí ag borradh sa phobal go raibh ar an Uachtarán Ben Ali éalú leis gan mhoill.

Ba mhór an spreagadh a thug focail agus meon El Général do ghlúin óg na réabhlóide sa

Túinéis, rud atá i ndiaidh dul i bhfeidhm ar thíortha eile ó shin.

Bhí i gcónaí gné reibiliúnach ag baint le ceol rap - ritheann Kenny Arkana de chuid na Fraince leat láithreach bonn, go háirithe agus ceisteanna sóisialta á bplé - agus cé go raibh cinsireacht ina constaic i rith an ama, bhí rapairí áirithe ann a bhí i gcónaí sásta dúshlán na n-údaráis a thabhairt, bealach amháin nó bealach eile.

“Bhí sé an-deacair rap agus hip-hop a dhéanamh anseo roimh an éirí amach ar 14 Eanáir,” arsa Balti, duine de mhór-rapairí na Túinéise atá ag lár fhás an tseánra sa tír ón tús.

“Cuireadh cosc ar ár gceol agus chaith cuid againn seal i bpríosún.

“Thosaigh rapairí cosúil liom féin, Philosoph agus Ouled Bled ag labhairt amach faoi staid na tíre agus tháinig dlús faoi sin le tamall anuas le húsáid an idirlín.

“A bhuí le hamhráin nua de chuid El Général agus eile, chomh maith le gréasáin ar nós Facebook srl., gríosadh an pobal le theacht amach ar na sráideanna.”

Dar le Balti go mbeidh an t-aos óg agus an teicneolaíocht ag brú ceisteanna an phobail chun cinn i gcónaí.

“Ba í óige na Túinéise a spreag an réabhlóid,” arsa sé.

“Is iad a d’éirigh amach i gcoinne an tsean-réimis agus a d’éiligh a saoirse cainte.

“Tá an tír ar fad sásta faoin réabhlóid ach i ndiaidh gach éirí amach bíonn fadhbanna le socrú - ní mór dúinn oibriú le chéile chun an sprioc iomlán a bhaint amach.

“An chloch sin a bhris an rialtas, is féidir linn í a úsáid leis an tír a atógáil.”

Agus bí cinnte go mbeidh rapairí na Túinéise ag coinneáil súil ghéar ar an atógáil chéanna.

Tabhair cuairt ar nosmag.com chun liricí Rais Lebled leis an Général a fháil as Gaeilge.

www.nuacht24.com

físeáin •scéalta •

plé •gach lá •

nuacht24

na réabhlóideag rapáil

Page 6: nós* - eagrán 20

6 www.nosmag.com

scáileán

ag maRú bono!Ag teacht chuig scáileán

gar duit gan mhoill tá an scannán grinn

Killing bono atá bunaithe ar an leabhar cuimhní cinn den teideal céanna a scríobh Neil McCormick tamall de bhlianta ó shin.

Leanann an plota scéal na ndeartháireacha McCormick agus iad ag fás aníos i mBaile Átha Cliath (taifeadadh an scannán i mBéal Feirste dála an scéil) sna 70í, é de rún acu na cinnlínte a bhaint amach mar réaltaí móra roc-cheoil na linne.

Ní hamhlaidh a thiteann cúrsaí amach áfach agus

fágtar ar leataobh iad le linn dá gcairde scoile, U2, dul chun tosaigh agus sa deireadh bheith ar an mbanna is mó ar domhan.

Tá greann go leor geallta ag an stiúrthóir Nick Hamm agus is é ben barnes (The Chronicles of Narnia; Stardust) atá i ról Neil McCormick agus an t-aisteoir Feirste martin mccann (Clash of the Titans; Closing the Ring) a bheas le feiceáil mar Bono.

Chomh maith leis sin is é seo an scannán deiridh inar aistrigh Pete Postlethwaite sular bhfuair sé bás ag tús na bliana, rud eile a chuirfidh lena tharraingt gan amhras.

Page 7: nós* - eagrán 20

www.nosmag.com 7

beatha

Más duine thú ar aoibhinn leat Gaeilge a labhairt de ghnáth agus leas a bhaint

aisti i ngach gné de do shaol, ba chóir duit súil a chaitheamh ar shuíomh nua darb ainm nascanna.com

Is éard atá ann ná lárionad ríomhaireachta na Gaeilge.

Má tá feidhmchlár ar fáil i nGaeilge, beidh sé le fáil ar an suíomh áisiúil seo.

Má shíl tú nach raibh mórán ar féidir a dhéanamh i nGaeilge ar do ríomhaire, cuirfidh an suíomh cuimsitheach seo iontas mór ort.

Ní amháin sin ach ba chóir go gcuireadh sé ríméad ort freisin mar go bhfuil an suíomh ag cur thar maoil le feidhmchláir réidh le híosluchtú ón leathanach baile.

Mar aon leis an taisce mór feidhmchlár ar fáil, tá comhairle agus eolas ann, agus na cláir ar fad aicmithe de réir a bhfeidhme.

Tá na haicmí seo a leanas ann: Uirlisí Oifige, Idirlíon, Ilmheáin, Áiseanna Teanga, Comhrá agus Comhluadar, Córais Oibriúcháin agus Eile.

Is cuma má tá ríomhaire agat atá faoi stiúir córas Windows, Apple nó Linux, tá feidhmchláir éagsúla ar fáil do chách.

Tá an formhór acu ar fáil saor in aisce agus tugtar treoracha conas na feidhmchláir a íosluchtú agus a shuiteáil maille le comhairle faoin aistriúchán.

Má tá aon fhaitíos ort faoi do ríomhaire a Ghaelú (agus níor chóir go mbeadh), tá rannóg ar an suíomh darb ainm ‘Céim ar Chéim’ a threoraíonn tríd na céimeanna thú agus do ríomhaire á Ghaelú agat.

Is féidir na ríomhchláir a shuiteáil in aon dreas amháin nó is féidir iad a shuiteáil diaidh ar ndiaidh go dtí go dtéann tú i dtaithí orthu.

Dar ndóigh ní gá gach rud atá

ar fáil ar an suíomh a shuiteáil ar do ríomhaire.

Moltar go mór na príomhfheidhmchláir a mbaintear feidhm astu de ghnáth a shuiteáil ar nós líonléitheoirí, feidhmchláir chun cáipéisí a chur i dtoil a chéile, seinnteoirí meán, comhéadain Ghaeilge don ríomhaire agus

áiseanna chun cabhrú leat clóscríobh go cruinn i nGaeilge.

Nuair atá sin déanta agat, beidh sé deacair ort a shamhlú conas mar a mhair tú gan ríomhaire i nGaeilge go dtí seo.

Ní bheidh fonn ort filleadh ar ríomhaire nach bhfuil comhéadan Gaeilge air!

Má tá Gaeilge mhaith agat agus tá suim agat cabhrú le ríomhchláir a aistriú go Gaeilge, tá leathanaigh eile ar an suíomh a insíonn duit conas cabhrú.

Is féidir dul i dteagmháil leis na daoine atá i mbun aistriúcháin chun dlús a chur leis an saothar.

Tá Gaeil ar fud na cruinne ag treabhadh leo agus tá cabhair á lorg acu ionas go gcuirfear sraith mhór de ríomhchláir ar fáil inár dteanga féin.

Téigh caol díreach chuig www.nascanna.com agus tóg an chéad chéim chun do shaol ríomhaireachta a fheabhsú.

Bain feidhm (agus sult) as na feidhmchláir fhóinteacha ar fáil go fras agus scaip an scéal!

Anois agus arís tarraingítear aird an domhain ar Fhoraois Bialowieza (Puszcza

Bialowieska), áit an-suimiúil ar theorainn na Polainne agus na Bealarúise.

Is í an fhoraois seo an t-iarsma deireanach den tseanfhoraois réamstairiúil Eorpach.

Is iomaí spéiceas ann a d’imigh in éag in áiteanna eile, ar nós an bhuabhaill Eorpaigh, an toirc agus an chapaill fhiáin (tarpan).

Tá seanchrainn ollmhóra ann – an ghiúis Ghallda agus an dair.

Ba dhóigh leat go mbeadh an fhoraois go léir á cosaint, ach ní chosnaítear ach 17% di: tá an chuid eile á creachadh ag lománaithe.

Mura gcuirtear deireadh leis an lomadh is beag clampa den tseanfhoraois a bheidh fágtha amach anseo.

San 14ú haois ba chuid d’fhoraois an-fhorleathan í Foraois Bialowieza; ní raibh bóithre ann agus b’éigean do dhaoine taisteal ar na haibhneacha.

Rinneadh dúiche seilge den fhoraois féin, rud a chosain a bheag nó a mhór í faoi riail na ríthe Polannacha, agus faoi riail na Sár nuair a tháinig an chuid sin den

Pholainn i seilbh na Rúise.Sa bhliain 1827 dúirt an Bulletin

des sciences géographiques go raibh cuma sách scanrúil (quelque chose d’effrayant) ar na daoine a bhí ina gcónaí ann, bróga rúisc den seandéanamh orthu agus gan aon rian den tsibhialtacht orthu (den tsibhialtacht Fhrancach, ar aon chuma).

Rinneadh dochar don fhoraois agus dá cuid ainmhithe i rith an Chéad Chogadh Domhanda; sa bhliain 1921 d’fhógair na húdaráis Pholannacha go mbeadh cuid de Puszcza Bialowieska ina Limistéar Caomhnaithe.

Faoin am sin bhí na buabhaill go léir maraithe agus b’éigean cinn nua a thabhairt isteach ó zúnna Eorpacha ar bhronn na tSáir buabhaill orthu sa 19ú haois. B’in bunús na dtréad atá anois ann.

Sa Dara Cogadh Domhanda rinne na Naitsithe (faoi choimirce Göring) iarracht ar dhúiche seilge a dhéanamh den fhoraois, ach ba ghearr go raibh páirtiseáin Pholannacha agus Rúiseacha ar lorg dídine ann; tá a gcuid uaigheanna le feiceáil fós ann.

Tar éis an chogaidh rinneadh dhá leath den fhoraois, cuid amháin

(Belovezkaja Pusca) sa Bhealarúis, tír a thug cosaint oifigiúil di, agus cuid eile sa Pholainn.

Cuireadh cuid bheag den choill ar Liosta Oidhreachta UNESCO sa bhliain 1992.

Is fada gníomhaithe, idir Pholannaigh agus ghrúpaí ó thíortha eile, ag iarraidh ar Rialtas na Polainne an lománaíocht a chosc agus limistéar caomhnaithe a dhéanamh den choill go léir de bharr an dochair atá á dhéanamh don éiceachóras agus do ghnáthóga éan.

Tá drogall ar an Rialtas géilleadh

agus bíonn siad ag caint ar an ‘tairbhe éiceolaíoch’ a bhaineann leis an lomadh úd – tairbhe nach seasann na heolaithe leis.

Tá baol eile ann anois i ré seo an fhorthéimh dhomhanda: na tinte.

Is deacair do na lasracha cothú a fháil i seanfhoraois thais, ach is furasta do thine slad a dhéanamh ar fhoraois athlomtha.

Ba mhór an náire gan iarracht a thabhairt ar an bhforaois iomlán a thabhairt slán mar iarsma beo den Eoraip is ársa – iarsma ab fhurasta a scrios.

teicNasc do ríomhaire leis an ngaeilge

an eoraip is ársa

is seanchoill réamhstairiúil í foraois bialowieska. míníonn colin ryan an timpeallacht shuimiúil seo. *

Page 8: nós* - eagrán 20

Le tacaíocht ó / Supported by theCreative Industries Innovation Fund