20
1 Nuachtlitir an Fhómhair 2013 ....chun an Ghaelscolaíocht a chur chun cinn, a éascú agus a spreagadh ag an mbunleibhéal agus ag an iarbhunleibhéal ar fud fad na hÉireann.” Nuacht na hEarnála Sa dréacht-bhille a foilsíodh ar an 2 Meán Fómhair ar rollacháin scoile do bhunscoileanna agus iarbhunscoileanna, léiríodh dea-thoradh an fheachtais a chuir an eagraíocht móide páirtithe eile sa tsiúil i dtaobh cosaint a thabhairt do theaghlaigh lán- Ghaeilge a dteastaíonn oideachas lán- Ghaeilge dá gcuid páistí. Toradh suntasach a bhí ann sa mhéid is nach mbeidh bac ar scoileanna lán-Ghaeilge tús áite a thabhairt do theaghlaigh lán-Ghaeilge, ná nach mbeidh bac ar iarbhunscoileanna lán-Ghaeilge tús áite a thabhairt do ghaelscoileanna mar scoileanna friothálacha. Tá ábhar imní ann go fóill áfach do na scoileanna a bhfuil ró-éileamh orthu faoi conas déileáil go sásúil leis an ró-éileamh i mbealach a bheidh cothrom agus a chaomhnaíonn sainmheon teanga na scoile. Ní bheidh cead faoin gcóras nua molta agallamh a chur ar thuismitheoirí chun cumas nó meon i leith na teanga a mheas. Dúshlán an-mhór eile atá sonraithe sa dréachtbhille ná nach mbeidh cead tús áite a thabhairt do pháistí a fhreastalaíonn ar naíonra. Aithnítear sa teoiric agus sa chleachtas go bhfuil fíor-thábhacht leis an luath-thumadh sa Ghaeilge sa naíonra mar ullmhúchán don bhunscoil lán-Ghaeilge, agus leagann an-chuid bunscoileanna lán- Ghaeilge an-bhéim ar an eispéireas foghlama seo sa pholasaí rollacháin. GAELSCOILEANNA TEO. an-bhuíoch do gach scoil a thug tacaíocht don bhfeachtas go dtí seo. Scaip an eagraíocht suirbhé ar líne ar scoileanna le déanaí a chabhroidh go mór le hullmhú aighneachta. Beimid go mór faoi chomaoin scoileanna ach é a chomhlánú. Dréachtbhille Iontráil Scoileanna Clár, foirm réamhchlárúcháin & gach eolas ar fáil ar www.gaelscoileanna.ie Tá tuilleadh eolas maidir leis an suirbhé seo ar www.gaelscoileanna.ie

Nuachtlitir an Fhómhair 2013³mhar-2013.pdfMaíonn Diarmaid Ua Bruadair, bainisteoir Eochairhcéim 4, gur “fianaise í seo den chineál timpeallacht foghlama ar leith a chuireann

  • Upload
    others

  • View
    0

  • Download
    0

Embed Size (px)

Citation preview

  • 1

    Nuachtlitir an Fhómhair 2013“....chun an Ghaelscolaíocht a chur chun cinn, a éascú agus a spreagadh ag anmbunleibhéal agus ag an iarbhunleibhéal ar fud fad na hÉireann.”

    Nuacht na hEarnála

    Sa dréacht-bhille a foilsíodh ar an 2 MeánFómhair ar rollacháin scoile dobhunscoileanna agus iarbhunscoileanna,léiríodh dea-thoradh an fheachtais a chuir aneagraíocht móide páirtithe eile sa tsiúil i dtaobhcosaint a thabhairt do theaghlaigh lán-Ghaeilge a dteastaíonn oideachas lán-Ghaeilge dá gcuid páistí. Toradh suntasach abhí ann sa mhéid is nach mbeidh bac arscoileanna lán-Ghaeilge tús áite a thabhairt dotheaghlaigh lán-Ghaeilge, ná nach mbeidh bacar iarbhunscoileanna lán-Ghaeilge tús áite athabhairt do ghaelscoileanna mar scoileannafriothálacha.

    Tá ábhar imní ann go fóill áfach do nascoileanna a bhfuil ró-éileamh orthu faoi conasdéileáil go sásúil leis an ró-éileamh i mbealacha bheidh cothrom agus a chaomhnaíonnsainmheon teanga na scoile. Ní bheidh ceadfaoin gcóras nua molta agallamh a chur arthuismitheoirí chun cumas nó meon i leith nateanga a mheas. Dúshlán an-mhór eile atásonraithe sa dréachtbhille ná nach mbeidhcead tús áite a thabhairt do pháistí afhreastalaíonn ar naíonra. Aithnítear sa teoiricagus sa chleachtas go bhfuil fíor-thábhachtleis an luath-thumadh sa Ghaeilge sa naíonramar ullmhúchán don bhunscoil lán-Ghaeilge,agus leagann an-chuid bunscoileanna lán-Ghaeilge an-bhéim ar an eispéireas foghlamaseo sa pholasaí rollacháin. TáGAELSCOILEANNA TEO. an-bhuíoch dogach scoil a thug tacaíocht don bhfeachtas godtí seo. Scaip an eagraíocht suirbhé ar líne arscoileanna le déanaí a chabhroidh go mór lehullmhú aighneachta. Beimid go mór faoichomaoin scoileanna ach é a chomhlánú.

    Dréachtbhille Iontráil Scoileanna

    Clár, foirm réamhchlárúcháin& gach eolas ar fáil arwww.gaelscoileanna.ie

    Tá tuilleadh eolas maidir leisan suirbhé seo ar

    www.gaelscoileanna.ie

    http://www.gaelscoileanna.iehttp://www.gaelscoileanna.ie

  • 2

    Scéalta na mBunscoileannaGaelscoil na Giúise

    D’oscail Gaelscoil Shliabh Rua don chéad uairar an 29ú Lúnasa. Tá ochtar páiste sa scoilagus beirt mhúinteoir! Bain na páistí an-sult asan gcéad lá le Múinteoir Conchúr agus leMúinteoir Leanne. Bhí an lá chomh maith gurthaifead RTÉ an lá agus cuireadh taighde faoiar News2Day! Táimid lonnaithe i gclub Rugbaíi gCill Tiarnáin faoi láthar ach táimid ag súillenár bhfoirgneamh féin a bheith againn goluath. Fuaireamar ainm na scoile ón Sliabh atáin aice linn sa Chéim. Thóg muid dathanna nascoile ó na dathanna do Chontae Átha Cliath.Roghnaíomar bliain iontach chun na dathannasin a phiocadh!

    Táimid ag súil go mór le blian iontachromhainn. Táimid cinnte go mbeidh an bhliainlán le spórt, ceol, spraoi agus go mbainfidh napáistí an-sult as an obair scoile!

    Gaelscoil Shliabh Rua

    D'oscail Gaelscoil na Giúise a doirse donchéad uair ar an 29 Lúnasa 2013 le seiseardalta.

    Tá súil againn sár oideachas trí mheán naGaeilge a chur ar fáil do pháistí ancheantair amach anseo agus cultúr láidirGaelach a spreagadh i measc muintir naháite.

    Thuas agus ar chúl: Killian, Jessica, Alex,chun tosaigh: Shane, Peter, Aoibhe

    Thall: ó chlé: Jessica, Killian, Aoibhe,Peter, Shane, Alex agus an príomhoideFionnuala Ní Riain.

    Má tá suim agat cóipeanna den bhileog nua-fhoilsithe agGAELSCOILEANNA TEO. ‘Tacaíocht do Thuismitheoirí’ a ordú,

    seol rphost chuig [email protected]

  • 3

    Gaelscoil Mhic AodhaOsclaíodh Gaelscoil Mhic Aodha don chéaduair ar an 29 i Lúnasa. Táimid lonnaithe sasean Ghairmscoil i lár an bhaile imBaile Chill Dara. Tá páistí agteacht chugainn ó cheantairéagsúla timpeall ar Bhaile ChillDara.

    Bhí samhradh an-ghnóthachagam féin agus tuismitheoirí nascoile ag ullmhú d’oscailt nascoile. D’eagraigh natuismitheoirí an éide scoileálainn atá againn agus rinne saiddearadh ar shuaitheantas nascoile. Tá siad iontach cabhrachagus iad sceitimíneach go bhfuilGaelscoil i mBaile Chill Dara.

    Nuair a d’osclaíomar bhí 13páiste againn agus faoi láthair tá15 againn. Tá na páistí breá sonasásta agus tá an Ghaeilge agteacht ar aghaidh go hiontach leis an

    líon bheag dalta atá againn. Táim an-dóchasach faoi thodhchaí na scoile.

    Bunscoileanna Nua 2014 – gan aon scoil lán-Ghaeilge ina meascD’fhógair an tAire Oideachais agus Scileanna,Ruairí Quinn T.D., toradh an phróisis cinntepátrúnachta do bhunscoileanna nua atá len-oscailt in 2014 ar an 26 Meán Fómhair 2013.Beidh Educate Together mar phátrún ar scoilnua i gceantar Dhumhach Thrá/Na Rinne imBaile Átha Cliath agus ar scoil i gceantarChnoc na Cathrach i nGaillimh. Dúirt an tAirego mbreithneofaí ar cheart scoil eile a bhunúdo cheantar Chnoc na Cathrach in 2015 faoiphátrúnacht Lifeways Ireland Teo., scoil lesainmheon Steiner. Beidh sé seo bunaithe aréileamh a bheith ann di nuair a dhéanfarathbhreithniú ar an gceantar don scoilbhliain2015.

    Cé gur fógraíodh go mbeadh scoileanna nuale bunú i Sord i mBaile Átha Cliath agusMainistir na Corann/Carraig Thuathail igCorcaigh, tá sé beartaithe ag an Aire bunú nascoileanna seo a chur siar, ag feitheamh arathbhreithniú ar na ceantair seo ag an Roinn.

    Tá díomá ar GAELSCOILEANNA TEO. nachbhfuil aon scoil lán-Ghaeilge i measc nascoileanna nua atá le bunú. Tá bunscoileanna

    lán-Ghaeilge cheana féin ag freastal ar Sord,Mainistir na Corann/Carraig Thuathail agusCnoc na Cathrach, cé go bhfuil dúshláinchóiríochta ag na scoileanna i Mainistir naCorann agus Cnoc na Cathrach, rud a pléadhleis an Roinn le linn an tréimhsecomhairliúcháin. Níl aon bhunscoil lán-Ghaeilge i gceantar Dhumhach Thrá/Na Rinnei mBaile Átha Cliath, áfach, agus níl na 3 scoillán-Ghaeilge sa cheantar máguaird in annfreastal ar an éileamh reatha ar oideachaslán-Ghaeilge. Diúltaíodh do bhreis agus 600iarratas ar áiteanna sna ranganna naíonáin sa3 scoil don scoilbhliain 2013/14. Rinne ForasPátrúnachta na Scoileanna lán-Ghaeilgeiarratas ar phátrúnacht na scoile nua achroghnaíodh Educate Together bunaithe ar anlíon léiriú suime a fuair an pátrún óthuismitheoirí an cheantair. LeanfaidhGAELSCOILEANNA TEO. ag plé leis an Roinnmaidir leis an ró-éileamh ar an oideachas lán-Ghaeilge sa cheantar seo agus ceantair eile arfud na tíre, ag éileamh go dtabharfaísainmheon teanga agus cearta oideachaispáistí san áireamh agus an Roinn ag pleanáilchun cinn maidir le soláthar scoile.

  • 4

    COIRM GAEL LINN 2014Fógraíodh ionaid agus dátaí do fhéilte COIRM GAEL LINN 2014 le déanaí. Beidh naoi gcinn defhéilte ar fud na tíre. Tugann COIRM deis do bhunscoileanna seó scoile a chur ar an ardán inamharclanna breátha in atmaisféar neamhiomaíoch. Chomh maith le bheith ar stáitse iad féinfeicfidh na páistí seónna ó scoileanna eile agus beidh deis acu spraoi a bheith acu idir sheónnale leithéidí an fear grinn Giggles nó na deartháireacha Fanzini.

    Bronntar gradaim ar sheónna nó ar ghnéithe de sheónna a mbíonn ardchaighdeán ag baint leo.Is féidir seó scoile a dhéanamh i bhfoirm dráma, ceoldráma, scoraíochta, sceitse, cabaret nóeile.

    IONAID AGUS DÁTAÍDé Céadaoin, 12 Feabhra, 2014 - Amharclann an Ionaid Óige, Mainistir Fhear MaíDéardaoin, 13 Feabhra, 2014 - Amharclann Naomh Mícheál, Ros Mhic ThriúinDé Céadaoin, 26 Feabhra 2014 - An tÁras Ealaíne, An Muileann gCearrDé hAoine, 28 Feabhra, 2014 - An Grianán, Leitir CeanainnDé Máirt, 4 Márta, 2014 - Siamsa Tíre, Trá LíDé Máirt, 4 Márta, 2014 - Amharclann an Mhargaidh, Ard MhachaDéardaoin, 6 Márta, 2014 - Amharclann Clasach, Fionnradharc, BÁCDé Máirt, 11 Márta, 2014 - Amharclann an Hawkswell, SligeachDé Céadaoin/Déardaoin, 12/13 Márta, 2014 - Amharclann na Cathrach, Gaillimh

    DÁTA DEIRIDH IONTRÁLA: 16 NOLLAIG 2013

    Foirmeacha iontrála ó: Gael Linn, 35 Sráid an Dáma, Baile Átha Cliath 201-6753299

    [email protected]

    Is féidir freisin foirm iontrála a íoslódáil ar www.gael-linn.ie

    http://www.gael-linn.ie

  • 5

    Scéalta na nIar-bhunscoileanna & na nAonadAitheantas Oifigiúil do Ghaelcholáiste na Mara

    Fuair Gaelcholáiste na Mara, an tInbhear Mórdea-scéal ag tús laethanta saoire antsamhraidh go bhfuil an Roinn Oideachaisagus Scileanna sásta aitheantas Oifigiúil abhronnadh ar an scoil. Cúis bhróid agus áthaisab ea é seo do phobal na scoile. Thaispeáin ancinneadh seo go raibh an Roinn Oideachaisagus Scileanna breá sásta go raibh an scoil agfás, ag forbairt agus ag soláthar sár-oideachastrí Ghaeilge dá scoláirí.Bunaíodh Gaelcholáiste na Mara i 2007 agusosclaíodh an scoil don chéad uair, le triúrscoláire is fiche ag deireadh mhí Lúnasa nabliana sin. Ceannródaithe ab ea na scoláirí sinagus bhí an t-ádh ar an scoil gur buachaillíagus cailíní den scoth a bhí iontu a chuir tús legach gné de shaol na scoile. Rinne na scolairísin scrúdú na hArdteistéireachta i mblianaagus d’éirigh go geal leo.Bhí Coiste Gairmoideachais Chontae ChillMhantáin mar phátrún ag an scoil ón tús agusthacaigh siad go mór leis an scoil thar nablianta. Anois, tá ré nua ann don oideachas inÉirinn agus is é Bord Oiliúna agus OideachaisChill Dara agus Chill Mhantáin an Pátrún óthus na bliana seo.

    Tá raon leathan ábhair á múineadh sa scoildon Teastas Sóisearach agus donArdteistiméireacht chomh maith le hidirbhliainroghnach, a bhfuil an-éileamh uirthi. Tá clúagus cáil bainte amach ag an scoil don spórt,do dhíospóireachtaí trí Ghaeilge agus tríBhéarla agus don drámaíocht.

    Is é mana Gaelcholáiste na Mara ná “Ar scátha chéile a mhairimid.” Comhghairdeas doGhaelcholáiste na Mara agus ádh mór dontodhchaí.Grianghraf: Rang na hArdteiste.

    Dea-thoradh do Choláiste FeirsteDea-thoradh arís do dhaltaí Choláiste Feirstea d’éirigh leo gráid os cionn an mheáin a bhaintamach arís i mbliana. Bhain formhór de dhaltaían choláiste ar a laghad an tagarmharc de 5GCSE A*- C amach. Baineann Coláiste Feirstebarr feabhais amach ag leibhéal GCSE agustá an coláiste i measc na scoileannailchumasacha is fearr sna sé chontae. De réiran Irish News tá Coláiste Feirste suite sa 7úháit i measc scoileanna ilchumasacha antuaiscirt.

    Mhol Mícheál Mac Giolla Ghunna, príomhoidena scoile, tacaíocht na dtuismitheoirí, “Is sár-éacht eile é seo dár scoil. Is léir go ndeachaighan obair iontach a bhí á déanamh ag na daltaíagus foireann na scoile, gan trácht arthacaíocht na dtuismitheoirí go mór i bhfeidhmar bhaint amach na gcáilíochtaí; gráid mhaithe

    a baineadh amach thar réimse leathan ábhar.Tá muid ag dúil le fáilte mór ar ais a chur roimhna ndaltaí agus iad ag leanstan ar aghaidh lehoideachas trí mheán na Gaeilge.”

    Maíonn Diarmaid Ua Bruadair, bainisteoirEochairhcéim 4, gur “fianaise í seo den chineáltimpeallacht foghlama ar leith a chuireann anGaeloideachas ar fáil. Tá sé ráite ag roinntollscoileanna fosta gobhfuil caighdeán ardmuiníne agusscileanna cumarsáideag daltaí CholáisteFeirste.”

  • 6

    Aonad Iar-bhunscoile Nua i nDún Dealgan

    Nuacht na hEagraíochtaScoileanna faoi phátrún an Easpaig & an Painéal Ath-iomlonnaitheTá GAELSCOILEANNA TEO. i mbuncainteanna faoi láthair leis an RoinnOideachais agus Scileanna maidir le cás nascoileanna lán-Ghaeilge atá faoi phátrún anEaspaig i dtaobh cur chuige an phainéil docheapachán mhúinteoirí atá feiliúnach donchóras scolaíochta lán-Ghaeilge. Tá dúshlánollmhór ag scoileanna agus iad ag iarraidhceapachán a chur i gcrích ar mhúinteoirí abheidh in ann feidhmiú go hiomlán éifeachtachi suíomh lán-Ghaeilge agus a léireoidh an curchuige agus an meon ceart chun sainmheonteanga na scoileanna lán-Ghaeilge a chosaint.Léiríonn an t-aiseolas atá faighte ó scoileannaan dúshlán ollmhór a bhaineann le múinteoiríatá feiliúnach don scoil lán-Ghaeilge a aimsiúi dtaobh cumais agus meoin.

    Tá an eagraíocht ag plé leis an Roinn faoiláthair faoi leasú ar an bhfoirm iarratais donphainéal a chuirfeadh ar mhúinteoirí tic a churi mbosca chun a dtoilteanas múineadh i scoillán-Ghaeilge a léiriú. Céim bheag i dtreocórais níós infheidhmithe agus níos caoithiúlado na scoileanna í seo agus ní bheadh iachallar mhúinteoirí teagasc i scoil in eadan a dtola,rud a bheadh fritorthúil do shainmheon teangana scoileanna.

    Tá tacaíocht faighte ag an eagraíocht ar angceist seo ó gach ceann de na pátrúin agus ónCMÉ.

    Todhchaí GAELSCOILEANNA TEO & na n-eagras deonacha GaeilgeAr an 10 Iúil 2013 fógraíodh toradh anathbhreithnithe ar na heagraíochtaí atá ámaoiniú ag Foras na Gaeilge,GAELSCOILEANNA TEO. ina measc. Ar an 1Iúil 2014 beidh deireadh leis an gcóras reathamaoinithe, agus in áit 19 n-eagras ag fáilbunmhaoiniú, dáilfear an maoiniú ar 6cheanneagraíocht a bheidh i gceannas ar 6réimse nua agus de réir plean uile-oileánda abheidh le n-aontú le Foras na Gaeilge agusceannairí na gceanneagraíochtaí eile. Tá sé igceist gur socrú fadtéarmach a bheidh i gceista mhairfidh tamall fada de bhlianta, agus abheidh solúbtha go leor le riar ar athruithe snatosaíochtaí agus sna riachtanais le himeachtama.

    Roghnófar na heagraíochtaí de réir próisisiarratais. Fógrófar na buaiteoirí go luath san

    athbhliain agus beidh ar na heagraíochtaí aéiríonn lena n-iarratas an struchtúr eagraíochtaagus an clár oibre a chur in oiriúint don réimsenua. Ní bheidh aon mhaoiniú ar fáil a thuilleadhó Fhoras na Gaeilge d’eagraíochtaí nach n-éiríonn lena n-iarratas. Tá súil agGAELSCOILEANNA TEO. go mbeidh rath lenaiarratas ar an réimseGaeloideachas/Tumoideachas agusRéamhscolaíocht Lán-Ghaeilge agus tá aneagraíocht i mbun comhchainteanna leis napáirtithe cuí eile i réimse na réamhscolaíochtachun leas na hearnála ina iomláine. Beidhathstruchtúrú na hearnála agus naheagraíochta ina ábhar plé ag an gCruinniúChinn Bliana a bheidh ar siúl ar an 23 Samhain2013.

    Ba mhór le GAELSCOILEANNA TEO.comhghairdeas ó chroí a dhéanamh le daltaíagus foireann Choláiste Lú, an tAonad lán-Ghaeilge nua a d’oscail i nDún Dealgan imbliana faoi stiúir Dheirdre Uí Liatháin.

    Guímis gach rath orthu don todhchaí!

    www.colaistelu.ie

    http://www.colaistelu.ie

  • 7

  • 8

    Forbairt Ghairmiúil Scoileanna

    Reáchtáladh comhdháil CAER (CumannOideachais na Réigiún Eorpacha) igCarmarthen i ndeisceart na Breataine Bige ledéanaí. Tháinig suas le 100 duine le chéile ócheantair éagsúla mionteangacha san Eoraiple plé a dhéanamh ar shaincheisteanna e abhaineann le múineadh trí mhionteanga.

    Le linn na Comhdhála léirigh an tOllamh JimCummins don slua nach bhfuil aon cheist faointaighde maidir le buntáistí an dá/ilteangachasa thuilleadh, agus i measc na mbuntáistí dóibhsiúd atá dátheangach/ ilteangach áirítearcumas:

    A n-aird a dhíriú ar rud agusseachrán a sheachaint (rialúfeidhmiúcháin níos fearr).

    Tuiscint a bheith acu ar theanga agusconas mar a n-oibríonn sí (feasachtmheititheangeolaíoch)

    Bheith níos tapúla agus níoséifeachtaí ag foghlaim teangacha eile

    Mhol sé do chleachtóirí fócas ar leith a bheithacu ar fhéiniúlacht an duine agus iad agmúineadh mionteanga, ar nós an Ghaeilge atáfaoi bhagairt. Tá sé riachtanach go spreagfaían dalta le húinéireacht a ghlacadh ar andteanga agus go gcuireadh sé é lenafhéiniúlacht féin.

    Tugadh léargas don chomhdháil ar fhás nascolaíochta lán-Breatnaise, áit a bhfuil 24% de

    dhaltaí bunscoile ag fáil a gcuid scolaíochta trímheán na Breatnaise, agus go bhfuil ancéatadán céanna ag fáil ar a laghad roinnt dán-oideachas iarbhunscolaíochta trí mheán naBreatnaise. Le sin a chur i gcomparáid le hÉire,tá thart ar 8% de dhaltaí na mbunscoileannaagus 3% de dhaltaí na n-iarbhunscoileanna agfáil a gcuid oideachais trí mheán na Gaeilge.

    I measc eolais eile a roinneadh, sonraíodh gobhfuil an chuid is mó de dhaltaí óga sa PhobalFéin-rialaithe Bascach ag tosú a bhfoghlaim arscoil trí Bhascais anois. Tá an rialtas áitiúil taréis margaíocht a dhéanamh ar bhuntáistí anilteangachais (tá plean trí-theangach á chur ibhfeidhm acu ina scoileanna ag gach leibhéalanois) agus ar na mBascais le blianta anuasagus laistigh de 30 bliain nó mar sin tá an fásollmhór seo tagtha ar an múineadh tríBhascais sa chóras oideachais. De réir tuairiman phobail sin is léir go bhfuil Bascais marghnáth theanga i measc na n-óg anoisseachas Spáinnis.

    Léirigh fiúntas na comhdhála an tábhacht abhaineann le pobail mhionteangacha a bheithag foghlaim óna chéile. Spreagtar misneachgo bhfuil suíomhanna eile ann comhchosúil lesuíomh na Gaeilge, agus cuireann sé árndúshlán i gcomhthéacs níos leithne. Tá sé igceist go mbeidh comhdháil CAER in Alba i2014, agus beidh fáilte roimh chách.

    Comhdháil CAER 2013

  • 9

    Forbairt Ghairmiúil Scoileanna

    Comhdháil Idirnáisiúnta ar an Luath-ThumoideachasD’eagraigh Altram comhdháil idirnáisiúnta an-rathúil ar an 25-27 Meán Fómhair i nDoire. Idirna cainteoirí bhí an Dochtúir Antonella Soraceó Ollscoil Dhún Éideann, a phléigh leis angceist ‘Cad chuige a bhfuil an dátheangachastábhachtach?’

    Labhair an Dochtúir Piet Van de Craén ó VrijeUniversiteit, an Bhruiséil, ar an téama‘Dátheangachas luath agus an tAontasEorpach’. Labhair Aodán Mac Póilin(Iontaobhas Ultach) ar an Ghaeilge saTuaisceart, agus thug Áine Andrews ó Altramléacht ar ‘Oideachas Gaeilge na luathbhlianta

    i dTuaisceart Éireann idir bhuanna agusdhúshláin’.

    Cuireadh an t-eagras réamhscolaíochtaAltram ar bun sa bhliain 1990 le tacaíocht athabhairt do thionscnaimhoideachais luathbhliantalán-Ghaeilge.

    Comhdháil uile-Éireann ar Fhorbairt na Ceannasaíochta sa ScoilLán-Ghaeilge

    Ar an 9 agus 10 Deireadh Fómhair 2013reáchtáladh ócáid oiliúna uathúil dobhunscoileanna lán-Ghaeilge ón 32 contae,uair a chuir an an Coiste Seasta ThuaidhTheas ar an nGaeloideachas comhdháil 2 láar siúl ar Fhorbairt na Ceannasaíochta saScoil Lán-Ghaeilge. D’éirigh thar cionn leis angcomhdháil, a dhírigh go huile is go hiomlánar riachtanais foirne na ceannasaíochta snascoileanna lán-Ghaeilge.

    I measc an breis agus 100 rannpháirtí, bhípríomhoidí agus leas-phríomhoidí óscoileanna sa deisceart, sa Ghaeltacht agussa Tuaisceart, a chuir go fonnmhar agusbríomhair leis na seisiún oiliúna agusimeachtaí na comhdála. Deimhníonn an t-aiseolas an riachtanas a bhain leis angcomhdháil i bhfianaise bearna d’oiliúint arleith a bheith ann a dhíríonn arshainriachtanais na scoileanna lán-Ghaeilge.Deimhníonn rath na comhdhála an fonnfoghlama agus fonn forbairt ghairmiúil atá agceannasaithe na scoileanna lán-Ghaeilge.

    D’aithin an Chomhdháil an iliomad dúshláinbhreise a bhronntar ar cheannasaithe snascoileanna lán-Ghaeilge agus iad ag forbairtinstitiúid foghlama agus teagaisc arardchaighdeán trí mheán na Gaeilge. Pléadhan brú millteanach a bhaineann leis na róil sinar fad anuas ar an sprioc inmhianaithe pobal

    agus timpeallacht láidir Ghaeilge a chruthúagus a chothú.

    Gabhann an Coiste buíochas mór ó chroí leisna rannpháirtithe uile agus leis na hoiliúnóirí asa dtoilteanas a gcuid saineolais a roinnt agusan malartú saineolais agus dea-chleachtaisuile-Éireann a éascú. Déanfar imeachtaí nacomhdhála a fhoilsiú laistigh de cúplaseachtain chun go mbeidh sé ar fáil don phobalníos leithne mar áis tacaíochta agus scaipfeargo forleathan é.Táimid an-bhuíoch de na hionadaithe ón dáRoinn Oideachais a chuir go gníomhach le clárna comhdhála agus a léirigh tuiscint agustiomantas do na tacaíochtaí atá de dhíth archeannasaithe na scoileanna lán-Ghaeilge.Aithníonn an Coiste Seasta Thuaidh Theas aran nGaeloideachas an riachtanas a bhaineannle tacaíocht iomchuí don iliomad dúshláin adeimhníodh le linn na comhdhála, agusdéanfar an téama a choinneáil beo ar chlároibre an Choiste amach anseo. Ba mhóragainn aiseolas a fháil ar fhiúntas nacomhdhála ag freastal ar na riachtanais oiliúnais mó atá ag ceannasaithe, agus d’fháilteoimisroimh aiseolas [email protected] (Cathaoirleachan Choiste).

    Gabhann an Coiste buíochas le Foras naGaeilge as an maoiniú a chur ar fáil donChomhdháil.

  • 10

    Gailearaí

    Tá an-áthas orainn an fhoirgneamh bhreá mhór seo a ghlacadh ar son na foirne GaelscoilPhortlaoise. Cé go rabhamar ar liosta feithimh ar feadh cúig bhliain déag agus sinn ag treabhadhó bhliain go bliain, ó chlubtheach go seomra réamhdhéanta, i ndeireadh na dála tháinig ár lá.Is mór an onóir dúinn mar chomhphobal Gaelach ár suíomh féin a bheith againn. Agus nachálainn an radharc é. Struchtúir 16 seomra ranga le neart seomraí tacaíochta foghlama, stórais,leabharlann agus halla galánta. Is fiú dúinn aitheantas a thabhairt do na hiarscoláirí, nahiarthuismitheoirí agus na hiarbhaill foirne a chuir an bhunobair isteach fadó fadó gobhféadfaimís ár n-aisling féin a bhaint amach lá éigin. Ní bheidh a leithéid ann arís. Níl aon tinteán mar do thinteán féin! - Dominic Ó Braonáin, Príomhoide Ghaelscoil Phort Laoise.

    Lá "Dearg & Bán" ar siúl i nGaelcholáiste Daibhéid, Corcaigh

  • 11

    Gailearaí

    Gaelscoil Aonach Urmhumhan, Tiobraid Árann

    Buaiteoirí ComórtasEalaíne Texaco:

    Ar chlé, ElenaHennessy, ScoilIognáid, aois 5.

    Ar dheis, Milo Feehan,Gaelscoil Eoghain UíThuairisc, aois 9

    Ar chlé, Áine O’ Neill,Coláiste Pobal Osraí,aois 13.

    Ar dheis, Tara VanGent, Coláiste NaomhFeichín, aois 13

  • 12

    Scléip 2014Tá áthas orainncomórtas tallainneScléip 2014 a fhógairt,a bheidh ag tógáil archomórtas an-rathúilanuraidh. Chuaighbreis agus 500 daltaícróga ar stáitse oscomhair na moltóirí,bhí siad le cloisteáilsa sraith cláir craoltaar Raidió naGaeltachta agusfuaireadar ard-

    mholadh ó bhaill Kìla, a bhí mar mholtóirí ar angCraobh Ceannais.

    Tá Scléip dírithe go sonrach ar na hiar-bhunscoileanna lán-Ghaeilge agus Gaeltachta.Bíonn sé spreagúil, spraíúil agus sultmhar, dona daltaí agus dá múinteoirí. Cuireann ancomórtas ana-bhéim ar chruthaitheacht,cumadóireacht agus na healaíon nua-aimseartha. Tá rialacha an chomórtais agusan fhoirm iontrála ar fáil ar

    http://www.gaelscoileanna.ie/scleip/foirm/agus má tá deacracht agat teacht ar an eolasar an suíomh nó má tá aon cheist agat i leithan chomórtais, tá míle fáilte romhat glaoch achur ar Clare ar 01 8535193.

    Beidh deis ag ionadaithe ó gach scoil dul saniomaíocht sna réamhbhabhtaí, agusgheobhaidh buaiteoirí na mbabhtaí sincuireadh chun na craoibhe. Beidh naréamhbabhtaí ar siúl go luath i mí Feabhraagus tá súil againn an craobh a chur ar siúl agdeireadh mí Márta.

    Tá súil againn go mbeidh oiread de nascoileanna linn agus gur féidir i mbliana, agusgo dtabharfaidh an comórtas spreagadh agusdúshlán do na daltaí, agus dá múinteoirí leis!Tá tréan ama ann go fóill roimh an spriocdhátad’iontrálacha ach is fiú na daltaí a chur agsmaoineamh air a luaithe agus is féidir le gombeidh deis cleachtadh acu. Is féidir éisteachtsiar le Scléip 2013 ar shuíomh Raidió naGaeltachta (http://www.rte.ie/rnag/scleip/).

    Clubanna Óige Chumann na bhFiannTá na Clubanna Óige oscailte ag Cumann nabhFiann arís ar fud na tíre! Tá liosta iomlán lehíoslódáil ó www.colaistenabhfiann.ie.

    Tá fáilte i gcónaí roimh dhaltaí na scoileannalán-Ghaeilge (ranganna 4-6 na bunscoileanna

    agus daltaí iarbhunleibhéil) freastal ar naClubanna seo.

    Tugann sé deis dóibh an Ghaeilge a úsáid arbhonn sóisialta taobh amuigh d’am scoile,gníomh a chuireann go mór le hábharthachtna teanga i saol an pháiste.

    Fáthanna maithe freastal ar Chumann na bhFiann: Ardchaighdeán maoirseachta

    Clubanna eagraithe i dtimpeallacht shábháilte

    Réimse leathan d'imeachtaí

    Foireann dhícheallach le taithí agus tiomanta dár gcuiddaltaí

    Córas Cinnireachta a spreagann daltaí freagrachtaí aghlacadh

    Deis a fháil Gaeilge a labhairt go minic

    Os cionn 60 club timpeall na tíre

    Deis do dhaltaí teagmháil a choinneáil le cairde nua óchúrsaí Samhraidh de chuid Choláiste na bhFiann.

    http://www.gaelscoileanna.ie/scleip/foirm/http://www.rte.ie/rnag/scleip/http://www.colaistenabhfiann.ie

  • 13

    Virtual Classroom Teorantawww.virtualclassroom.ie

    Ríomhphost: [email protected] Teil: +353 86 3371360

    Seo chugaibh suíomh spreagúil nua feadóg stáinwww.feadogonline.com

    Oiriúnach le húsáid ar chlár bán idirghníomhach

    • Cuidíonn le múinteoirí an fheadóg stáin a mhúineadh (beagbeann ar chumas ceoil)

    • Ceachtanna roinnte i dtrí chúrsa (oiriúnach do rang 1 go rang 6 nódo ranganna ceoil don Teastas Sóisearach, nó san Idirbhliain)

    • Soláthraíonn plean praiticiúil do sheinm an cheoil sa scoil

    • Cliathnodaireacht agus litreacha ar fáil i ngach ceacht

    • I ngach ceacht: fuaimrian feadóige, fuaimrian de thionlacan pianó; gearrthóg físe

    Tabhair cuairt ar ár suíomh le rang samplach a fheiceáil nó déan teagmháil linn ag an uimhirthuas nó cuir ríomhphost chugainn le triail 21 lá saor in aisce a eagrú

  • 14

    Cabhraigh linn teacht ar an 1% de mhúinteoirí nach bhfuilcláraithe leis an gComhairle Múinteoireachta roimh an 1 Samhain

    Fógra tábhachtach ón gComhairle: Tá sé dedhualgas ar mhúinteoirí bheith cláraithefaoin dáta seo i dtreo is go leanfaidh siadar aghaidh ag fáil tuarastal dá gcuid oibre iscoileanna na tíre. An dá ghrúpa gur gá dóibhbheith airdeallach ná:

    1. Múinteoirí nach raibh cláraitheriamh leis an gComhairleMúinteoireachta.

    2. Múinteoirí a bhí/ atá cláraithe leis angComhairle ach go bhfuil (nó gombeidh) a gclárúcháin imithe asfeidhm faoin 1 Samhain 2013.

    Meastar go bhfuil tuairim is 1,000 múinteoir assuas le 86,000 múinteoir nach bhfuil cláraitheagus iarrann GAELSCOILEANNA TEO. arbhainistíocht na scoile seiceáil le gachmúinteoir (múinteoirí nach bhfuil sa scoil donbhliain san áireamh) go bhfuil siad cláraithe(agus nach bhfuil a clárúcháin le dul as feidhmgo luath). Ón gcéad lá Samhain 2013 murabhfuil múinteoir cláraithe leis an gComhairle nígheobhaidh siad a dtuarastal.

    Treoirphointí:

    Cinntigh go bhfuil seoladh baile ag angComhairle duit seachas seoladh na scoile –bíonn an scoil dúnta ar feadh tréimhse fada lelinn an tsamhraidh ach go háirithe (agus gominic ní féidir postas a fhágáil isteach iontu)agus d’fhéadfadh go mbeadh an Comhairle agiarraidh teagmháil a dhéanamh leat faoi dochlárúcháin a athnuachan.

    Cinntigh go bhfuil do sheoladh ríomhphoistagus d’uimhir gutháin póca ag an gComhairle

    – bainfidh siad triall as na modhanna seo murathagann aon cháipéisíocht ar ais ón múinteoir.

    I roinnt cásanna má tharlaíonn nach bhfuil túcláraithe cé gur chuir tú iarratas isteach chuigan gComhairle níos mó ná mí ó shin, seiceáilan bhfuil litir a tháinig ar ais ón gComhairle (táseans ann go m’fhéidir go bhfuil siad ag lorgcáipéise nó eolas breise).

    Nuacht na hEarnála Oideachais

    Nuacht ó COGG Lá oiliúna luath léitheoireachta 21.11.13Ostán Johnswood House (ionad ChomhdháilGAELSCOILEANNA)Á eagrú ag COGGÁ chur i láthair ag an Á[email protected]

    Réidh, Socair, DéanClár don uimhearthacht€20 ó www.udar.ie

    Seiteanna leabhairíní ‘Túsfhuaimeanna’Ar fáil saor in aisce ó [email protected]

    Físeáin eolaíochta do Rang 5/6 & Bliain 1Nasc faoi nuacht ar www.cogg.ie

    Á toiÁis chluastuisceana d’iarbhunscoileannaAr fáil go luath ar www.cogg.ie

    Tíreolaíocht na hArdteisteAn Domhan InniuRoghanna ar fáil mar eLeabhair ó EDCO

    Leabhairíní na naíonánÉist agus léigh ar www.gaeilge.ie/angum

    Áiseanna iontacha idirghníomhacha ar fáil arwww.ccea.org.ukwww.nicurriculum.org.uk/irish_medium

    Ealaín na hArdeisteAr fáil go luath ar www.gaeilge.ie/angum

    http://www.udar.iehttp://www.cogg.iehttp://www.cogg.iehttp://www.cogg.iehttp://www.gaeilge.ie/angum http://www.gaeilge.ie/angum http://www.ccea.org.uk http://www.ccea.org.uk http://www.nicurriculum.org.uk/irish_medium/http://www.gaeilge.ie/angum http://www.gaeilge.ie/angum

  • 15

    Gaelscoileanna i réim ag Féilte Peile Gael Linn!Comhghairdeas leis na Gaelscoileanna abhuaigh Féilte Peile Gael Linn i ngach Cúige imbliana! Reáchtáladh na féilte i rith míonna naBealtaine agus an Mheithimh, uair a bhí anghrian ag scoilt na gcloch, rud a chur go mórleis na hócáidí!

    Tá na féilte peile ar bun le breis agus 13 blianaanois agus iad lonnaithe i gceantair éagsúlaGaeltachta chuile bhliain. I mbliana den chéaduair riamh bhí ceann de na féilte lonnaithe iLios Póil, Co. Chiarraí agus bhí an pobal áitiúilar fad bainteach leis agus an-bhuíoch gurthoiligh Gael Linn dul ann. Eagraíodh cúigfhéile ar fad i Ros Muc, Lios Póil, Ráth Chairn,An Fálcarrach agus sa Rinn le linnBealtaine/Meitheamh.

    Bhí ocht bhfoireann páirteach i ngach fhéile, c.150 páiste ar fad, ach roimh formhór nabhféilte, bhí gá le réamhbhabhtaí cáilithe margo raibh i bhfad níos mó scoileanna ag iarraidhbheith páirteach ná na hocht gcinn gobhféadfaimis glacadh leo.

    Bhí an-chraic ag na scoláirí istoíche ag an quizboird, ceolchoirm agus céilí a eagraíodh dóibh.Bhí aimsir aoibhinn ann i mbliana agus bhainna daoine óga ar fad an-sult as an bpeil agusas na himeachtaí sóisialta, go háirithe iad sina bhí ag fanacht as baile thar oíche.

    Is iad seo a leanas na foirne a bhuaigh ag naféilte éagsúla;

    Lios Póil, Co. Chiarraí: GaelscoilAogáin, Oileán Chiarraí

    An Rinn, Co. Phort Láirge: Scoil nanÓg, Gleann Maghair, Corcaigh

    Ros Muc, Conamara: Gaelscoil naCruaiche, Cathair na Mart

    An Fálcarrach, Co. Dhún na nGall:Bunscoil Phobail Feirste, Béal Feirste

    Ráth Chairn, Co. na Mí: Gaelscoil anMhuilinn, An Muileann gCearr

  • 16

  • 17

    Acmhainní

    Le tús na scoilbhliana nua tá méadú mórtagtha ar líon na nGaelscoileanna ar fud nahÉireann a bhfuil an clár móréilimh‘Garchabhair don Óige’ á chur i bhfeidhm iontu.

    Tá an clár oideachasúil móréilimh, arb é STACsoláthraí Garchabrach ceannasach in Éirinn adhéanann é a dháileadh go heisiach, dírithe archlár d’oiliúint bhunúsach sa Gharchabhair,clár ar féidir a chuimsiú isteach sa churaclam,a sheachadadh do leanaí scoile mar chuid dángnáthamh laethúil sa seomra ranga. Is féidiran cúrsa uathúil a shníomh isteach go héascasa phlean ceachta le haghaidh cuid mhórábhar agus tá sé lán de chluichí agus thograíidirghníomhacha a chuireann oideachas arleanaí faoi na scileanna garchabhrachlárnacha, rud a thabharfaidh scileanna dóibhchun déileáil le himeacht laethúil thipiciúil nó lehéigeandáil.

    Tá an clár inacmhainne seo á rith in os cionn40 scoile ar fud na tíre agus bíonn an-éileamhair i measc tuismitheoirí agus múinteoirí araonmar gheall ar a chur chuige leanbhlárnach. Táan méid seo le rá ag Séamus Sinnott,Bunaitheoir Thionscadal FAY: ‘Tháinig an clárseo chun cinn tar éis na mílte uair an chloig achaitheamh i mbun oiliúna, i mbun na dea-

    chleachtais idirnáisiúntasan oiliúintGharchabhrach a thógáille chéile agus a chur iniúl i dteanga a bheadhéasca le tuiscint doleanaí. D’fhorbraíomarna ceachtanna lecúnamh ó mhúinteoirgairmiúil agus tá sécruthaithe againn go n-éiríonn leis i roinntstaideanna réadúla ambíonn baint ag leanaíleo’.

    Gné lárnach den chlár ná gur féidir é acheangal go nádúrtha le ceachtanna i go leorréimsí den churaclam. Tá sé éasca domhúinteoirí gach modúl FAY a sheachadadhlaistigh de go leor ábhar, gan ghá ullmhú roimhré ná socruithe speisialta a dhéanamh. Toiscgo bhfuil sé éasca le húsáid tá fás mór tagthaar FAY ar fud institiúidí oideachasúla in Éirinn.Le haghaidh tuilleadh eolais féachwww.firstaidforyouths.ie.

    Grianghraf: Gaelscoil de hÍde, Gaillimh agglacadh le clár FAY.

    An-Tóir ar Gharchabhair don Óige

    Cúrsaí Iascaireachta do Dhaltaí & Leabhar Nua DátheangachIs eagraíochtuile-Éireann,dheonach,neamhbhrabúisé RAI abhunaighslataiscairí natíre deichmbliain ó shinfaoi choimirce

    An Chomhairle Spóirt agus An PríomhBhord Iascaigh.S’í príomh aidhm na heagraíochta ná daoineóga a chur ar an eolas faoi shlatiascaireacht.

    Glacaimid le grúpaí dhaoine óga (idir cailíníagus buachaillí atá idir 8 mbliana agus 18mbliana) agus múinimid dóibh conas slatiascach a láimhseáil agus gach a théann leis

    chomh maith le meas ar an dtimpeallacht aspreagadh. De ghnáth bíonn suas le ficheduine i ngach ngrúpa. Tá coitseálaithe cáilithei bhfeighil na gcúrsaí seo (cuid acu ina niar-mhúinteoirí)

    Aon scoil ar mhaith léi bheith páirteach i gcúrsamar seo, fáiltítear roimh theagmháil le PatrickF Byrne, Hon. Secretary, Recreational AnglingIreland: Ríomhphost: [email protected].

    Chomh maith, tá leabhrán dátheangachfoilsithe againn le déanaí d’ár teideal Eolas arÉisc (Fish Facts) (leis an Ollamh Peter Wilson).Tá seo ar fáil do na scoileanna ar leath-phraghas: €5 an ceann nó 10 gcinn ar €40 agan seoladh thuas.

    http://www.firstaidforyouths.ie

  • 18

  • 19

    Acmhainní

    Máire Nic Niallais, Siún Nic Niallais, Sorcha Ní Ghallachóir (múinteoir) Bríd Nic Ruairí (iar-Aire dechomhdáil Stormont, Dónall P. Ó Baoill, Ollamh Ollscoil na Banríona, Antoin Delap

    Seoladh suíomh nua, Teach an Mháistirwww.themastershouse.ie Dé Sathairn an 14úMeán Fómhair, áit a chuirfear cúrsaíbhunúsacha Gaeilge ar fáil do thuismitheoirí abhfuil a gcuid páistí ag freastal arGhaelscoileanna agus ar mian leo a bheith inann coinneáil suas le cumas na bpáistí.Freastalaítear ar spriocghrúpaí eile freisin.

    Bá é an tOllamh Dónall P. Ó Baoill Coláiste naBanríona agus Mín an Chladaigh a sheol antsuímh, agus labhair Bríd Rodgers Iar-Airecomhdháil Stormont ar na cuimhní a bhí aición am a chónaigh sí féin sa teach nuair a bhísí ag freastal ar scoil Mhín an Chladaigh faoi

    stiúir an Mháistir Sean Mac Fhionnaile.Labhair Seán MacCionnaith ar fhás agusforbairt na nGaelscoileanna sna 6 Chontae.

    Chuir Cliona Ní Ghallchóir agus Cathal ÓCurráin buaiteoirí ag Fleadh Ceoil na hÉireannagus Bernard Toland seisiún ceoil ar fáil donscaifte mór a bhí i láthair.

    Is í Sorcha Ní Ghallchóir, cainteoir dúchais asGaoth Dobhair atá i gceannas ar na cúrsaí,.Is féidir teagmháil a dhéanamh le Teach anMháistir ag: [email protected] nó ag0858442684/0857607855

    Ionad Nua Ranganna Gaeilge do thuismitheoirí i nGaoth Dobhair

    Leagtar amach sa bhileog eolaisdhátheangach treoracha maidir le hacmhainníoideachais agus cluichí idirghníomhacha agan nasc http://logainm.ie/scoil/?uiLang=ga.

    Tá na hacmhainní seo dírithe ar leibhéal nabunscoile, na hiar-bhunscoile agus an triúleibhéal ach is féidir leas a bhaint astu agleibhéil eile freisin, mar shampla ranganna

    Gaeilge do dhaoine fásta mar aon le déagóirí.

    Má tá tuilleadh eolais faoi na hacmhainní seouait, déan teagmháil linn ag [email protected]ó ar (01) 700 6577.

    Acmhainní Oideachais & Cluichí Idirghníomhacha don SeomraRanga ar Fáil Saor in Aisce ag www.logainm.ie

    http://www.themastershouse.iehttp://logainm.ie/scoil/?uiLang=ga.http://logainm.ie/scoil/?uiLang=ga.http://www.logainm.ie

  • 20

    Turais do scoileanna SAOR IN AISCE!

    Is ionad nua, oideachasúil é Ionad CuairteoiríUiscebhealaí Éireann atá suite ar Ché naCanálach Móire i lár Bhaile Átha Cliath. Níl aonchostas ag baint le turais do scoileanna agusmaireann gach turas 60 go 90 nóiméad.Cuirimid turais ar fáil trí Ghaeilge.

    Cuirimid Pacáiste Oideachais chuig anmúinteoir roimh an turais, rud a thugann seansdon mhúinteoir ceachtanna bunaithe ar anábhar a dhéanamh roimh ré. Tá nasc láidir annidir an turas agus an curaclam mar gheall ar

    Eolaíocht, Stair, Mata agus Tíreolaíocht ach goháirithe.

    Foghlamaíonn daltaí ar chuairt faoi stair nan-uiscebhealaí agus an nasc atá acu le cursaítaistil, turasóireachta agus siamsaíochta.Bíonn an deis ag daltaí báirse a thiomáint, tráthna gceist idirghníomhach a dhéanamh agusblas a fháil den saol ar na báid.

    Oireann ár n-ionad do ghrúpaí faoi 30 duineagus is féidir ár dturas a chur le turas scoileeile atá beartaithe agat roimh ré.

    Ar Oscailt: Dé Céadaoin – Dé Domhnaigh10.00 go 18.00

    Tuilleadh eolais:www.waterwaysirelandvisitorcentre.org

    Cormac / Mairéad 01-6777510

    Tá feidhmchlár nua á fhorbairt ag Diaga Teo. iláthair na huaire a d’fhéadfadh a bheith an-úsáideach do na scoileanna lán-Ghaeilge, www.anseoapp.com. Beidh an clársaor in aisce le híoslódáil, ar fáil ar fhóin pócaagus ar líne chomh maith.

    Is féidir le scoileanna, eagraíochtaí achuireann seirbhísí i nGaeilge ar fáil agusdaoine aonair le líofacht nó suim acu sateanga clárú leis an aip agus cruthaítearléarscáil uaidh sin, rud a bheadh áisiúil do nascoileanna lán-Ghaeilge agus pobal na scoilea úsáid agus a fhorbairt. Ciallaíonn sé gombeidh an scoil feiceálach agus go mbeidh sééasca d’úsáideoirí eile teagmháil a dhéanamhleis an scoil.

    Níl aon chostas ar chlárú, ní gá ach foirmchlárúcháin a chomhlánúar www.anseoapp.com le go mbeidh an scoilsan áireamh. Tá gné shóisialta ag baint leis anaip sa chaoi is gur féidir teacht ar imeachtaíGaeilge ar nós ranganna Gaeilge,ceolchoirmeacha, clubanna cultúrtha agusneart eile ar an léarscáil idirghníomhach.

    Anseo – aip nua le gréasánGaeilge a chruthú ar líne Athlonnú COGG

    Tá an Chomhairle um Oideachais Gaeltachtaagus Gaelscolaíochta lonnaithe anois sabhfoirgneamh céanna leis an gComhairleNáisiúnta Curaclaim agus Measúnaithe, 25Cearnóg Mhic Liam, BÁC 2.

    Gíonn GAELSCOILEANNA TEO. gach rath arCOGG, agus ar son na hearnála, éilítear gobhfanfaidh COGG ina Chomhairleneamhspleách chun a cuid cúraimí reachtúla achur i gcrích. Is mian leis na scoileanna nuabuíochas a ghabháil le foireann COGG as antacaíocht agus cúnamh agus iad ag tosúamach agus ag forbairt a gcuid acmhainní. Tásonraí teagmhála uile COGG mar a bhí,seachas seoladh na hoifige.

    http://www.waterwaysirelandvisitorcentre.orghttp://www.anseoapp.comhttp://www.anseoapp.com