Upload
pol-o-frighil
View
266
Download
0
Embed Size (px)
DESCRIPTION
Iúil - Meán Fómhair 2014
Citation preview
Ar an Satharn 13 Meán Fómhair 2014 cuireadh dianchúrsaí Gaeilge saor in aisce
ar fáil ar fud fad an Tuaiscirt le maoiniú ón Roinn Cultúir, Ealaíon agus
Fóillíochta. I nDoire, chuir Cultúrlann Uí Chanáin Lá Mór Dianchúrsaí ar siúl le
tacaíocht ó Chomhairle Cathrach Dhoire agus maoiniú ó scéim na Roinne agus
d‟fhreastail 68 duine ar chúrsaí Gaeilge ag leibhéil éagsúla, ó bhunleibhéal go
hardleibhéal. Bronnadh 36 fáinne ar fhoghlaimeoirí ag deireadh Lá na
nDianchúrsaí: 5 fháinne óir san áireamh. Ceiliúrtar Breithlá Líofa gach Meán
Fómhair agus i mbliana socraíodh go gcuirfí Lá Mór Dianchúrsaí ar fáil i
gceantracha éagsúla le deis a thabhairt do dhaoine teacht ar chúrsaí Gaeilge ar
chostas ar bith agus le feasacht an phobail ar an fheachtas, a bhfuil sé mar
chuspóir aige daoine ó réimse cúlraí a spreagadh chun Gaeilge a fhoghlaim agus
chun líofacht a bhaint amach faoin bhliain 2015 a spreagadh. Má tá suim ag aon
duine clárú le feachtas Líofa 2015 is féidir gach eolas a fháil mar aon le
hacmhainní foghlama ar shuíomh idirlín Líofa: www.liofa.eu áit a bhfuil eolas ar
chúrsaí i do cheantar féin. Lean leat go líofacht!
Ráchairt mhór ar Dhianchúrsaí Líofa i nDoire
Eagrán 22
Iúil-
M. Fómhair 2014
...scáthán Nuachtlitir Ghaeilge Chomhairle Cathrach Dhoire
Líofa 2015
Polasaí Gaeilge
Rath ar Ghaelscoil
Éadain Mhóir
Comórtas Lá na
dTeangacha
Claisceadal
Ag lorg do shinsir
Oifigeach Gaeilge
@foramphobal
www.facebook.com/foramphobalnagaeilge
Tuilleadh grianghraf i lár an eagráin seo
...scáthán Lch 2
Comhghairdeas le daltaí Ghaelscoil Éadain Mhóir!
Lá na dTeangacha Eorpacha - Comórtas Grianghraf
D‟éirigh go geal le páistí Ghaelscoil Éadain Mhóir i mbliana sna scrúduithe GCSE. Rinne 16 páiste na scrúduithe
seo roimh dheireadh na scoilbliana agus béim ar an scríbhneoireacht, labhairt, léitheoireacht agus éisteacht.
D‟éirigh le níos mó ná 60% de na páistí seo grád A* agus A a fháil agus tugadh marcanna iomlána do chuid
mhaith de na páistí sa scrúdú labhartha agus scríofa.
Bhí foireann na scoile thar a bheith sásta leis na torthaí seo. Dúirt Príomhoide na Scoile, Mary Nic Ailín:
“Bhí obair chrua le déanamh ag na páistí seo le seacht mbliana anuas agus iad anseo ar scoil linn. D‟oibrigh siad
féin agus a gcuid múinteoirí ranga, Alicia Uí Chathain agus Maria Cutliffe, go dian dícheallach i mbliana agus tá
sé sin le feiceáil sna torthaí seo. Tá muid iontach bródúil as na páistí ar fad. Tá a gcuid tuistí fíorshásta agus
beidh siad ag céiliúradh leo anois agus iad ag toiseacht amach sna meánscoileanna i mí Mheán an Fhómhair.”
Bhí na páistí seo ar fad ag freastal ar Ghaelscoil le seacht nó ocht mbliana anuas. Níl Gaeilge sa bhaile ag bunús
a dteaghlach. Thug a gcuid tuistí an-tacaíocht don scoil agus bhí siad in ann tacaíocht a thabhairt dá gcuid
bpáistí sa bhaile fosta agus iad ag foghlaim agus ag fás aníos. Tá tacaíocht curtha ar fáil do thuistí agus do
pháistí na scoile ar dhóigheanna éagsúla i rith na bliana ach is iad seo na rudaí is mó: líne oscailte do thuistí i
ndiaidh am scoile chun ceisteanna a chur faoin obair bhaile atá le déanamh; suíomh idirlín na scoile,
www.gaelscoileadainmhoir.com ar a bhfuil áit lárnach ag na tuistí; leathanach Facebook na scoile; cruinnithe
rialta le foireann na scoile; oícheanta eolais agus seisiún traenála do thuistí. Cuireann Gaelscoil Éadain Mhóir
an-bhéim ar an dátheangachas. Bíonn deis ag páistí na scoile seo ard chaighdeán a bhaint amach sa Ghaeilge
agus sa Bhéarla roimh dheireadh Rang a 7. Comhghairdeas le gach duine sa scoilphobal!
Deis do Scoileanna
Tá Comhairle na hEorpa a
eagraíonn Lá Eorpach na
dTeangacha ag lorg grianghraf a
léiríonn páistí i mbun fhoghlaim
teanga. Bainfear úsáid as an
ghrianghraf a bhaineann mar áis
phoiblíochta. Deis chun do scoil
agus an Ghaeilge a phoibliú! Ní
mór do ghrianghraf a chur isteach
roimh an 14 Samhain 2014 agus
tá duaiseanna ar fáil. Tá gach
eolas ar shuíomh idirlín EDL:
http://edl.ecml.at/Photocompetit
ion/tabid/3125/Default.aspx
Príomhoide Mary Nic Ailín le Múinteoir Maria Cutliffe agus páistí Ghaelscoil Éadain Mhóir
...scáthán Lch 3
Ag lorg do shinsir i nDoire
Claisceadal Cois Feabhail
Tá treoir foilsithe ag Comhairle Cathrach Dhoire le cuidiú le daoine atá ag déanamh taighde ar a sinsir as Doire
teacht ar na foinsí is fearr le heolas a fháil ar stair a dteaghlach. Leagann an chaipéis amach an córas a ba chóir
a leanstan céim ar chéimle taighde a dhéanamh ar na daonáirimh agus ar thaifid eaglaise srl. Más mian leat
cóip den treoir a fháil i nGaeilge nó i mBéarla déan teagmháil le Pól Ó Frighil, Oifigeach Gaeilge, Comhairle
Cathrach Dhoire, T: 028 71 376 579 nó cuir ríomhphost chuig [email protected]
Treoir do dhaoine ar mhaith leo a shinsir as Doire a rianú
Ceardlanna Amhránaíochta
Cuirfear tús le Claisceadal Cois Feabhail ag Cultúrlann Uí Chanáin ag tosú ar an Luan 29 Meán Fómhair ag 7:30in.
Ní cór atá i gceist ach grúpa daoine a bhfuil spéis acu in amhránaíocht na Gaeilge agus a thagann le chéile le foghlaim faoin ghné sin dár n-oidhreacht cheoil, le eolas a chur ar na hamhráin, a gcúlra agus scéalta a bhaineann leo, agus, ar ndóigh, na hamhráin féin a fhoghlaim. Baintear úsáid as Gaeilge agus Béarla sa chomhphlé.
Tosaíonn an Claisceadal ar 7.30 p.m. maireann sé uair go leith agus £2 /€2 an táille atá ar gach seisiún.
Saorchead isteach ag mic léinn go dtí an Nollaig agus £1 / €1 an seisiún ina dhiaidh sin).
Tuilleadh Eolais: Risteard Mac Gabhann [email protected]
...scáthán Lch 4
Dianchursaí Líofa i nDoire
Múinteoir Caitlín Ní Bhroin i mbun ranga meánleibhéil ag Cultúrlann Uí Chanáin
Bunfhoghlaimeoirí Gaeilge le múinteoir Caitríona Devlin sa Spéirghairdín
...scáthán Lch 5
Dianchursaí Líofa i nDoire
Oifigeach Gaeilge Chomhairle Cathrach Dhoire, Pól Ó Frighil le hiarrthóirí ar Scéim an Fháinne
Múinteoir Mary Nic Ailín le scaifte glanfhoghlaimeoirí a rinne scrúdú „Cúpla Focal‟
...scáthán Lch 6
Sraith Léachtaí - Island Voices
Ar an Mháirt 23 Meán Fómhair chuir Brian Mullen, Láithreoir le BBC Raidió Uladh tús le sraith léachtaí
Island Voices a eagraítear gach bliain ag Comhairle Cathrach Dhoire le téamaí oidhreachta agus teanga a phlé.
Is é téama na bliana seo ná „Ár gComhoidhreacht Cheoil‟ mar go bhfuil cathair Dhoire ag ceilúradh a stádais
mar Chathair an Cheoil 2014.
Ar an Déardaoin 23 Meán Fómhair, beidh Fred Freeman ó Ollscoil Dhún Éidinn ag tabhairt léachta ag
Iarsmalann an Túir dar teideal „The Irish in Scotland—The Songs of Robert Tannahill‟ a dtabharfaidh cuntas ar
bhailiúchán cheoil Robert Tannahill a scríobh amhráin faoi na heisimircigh Éireannacha a chuaigh go hAlbain
sa 19ú haois.
Sa léacht deireanach ar an 23 Samhain 2014, beidh Eibhlín Ní Dhochartaigh ó Chultúrlann Uí Chanáin agus
Derek Moore ó the Londonderry Bands Forum i láthair le cur síos a dhéanamh ar an obair pháirtíochta atá ar
siúl idir an dá eagraíocht agus go príomhá, le labhairt faoin obair a rinne siad le chéile le hullmhú d‟Fhleadh
Cheoil na hÉireann 2013. Tá gach léacht saor in aisce agus cuirtear lón ar fáil. Más mian leat d‟áit a chur in
áirithe cuir glaoch ar: Iarsmalann an Túir, T: 028 71 372411 nó seol ríomhphost chuig
Brian Mullen le Pól Ó Frighil - Oifigeach Gaeilge agus Margaret Edwards, Oifigeach Oideachais
Déardaoin 23 Deireadh Fómhair 2014
The Irish in Scotland: The Songs of Robert Tannahill
Dr Fred Freeman, Ollscoil Dhún Éidinn
Lón 12:30, Léacht 1:00-2:00
Déardaoin 23 Samhain 2014
Divided by History, United by Music
Eibhlín Ní Dhochartaigh agus Derek Moore
Lón 12:00, Léacht 12:30-2:00
Agus deireadh ag teacht le Comhairle Cathrach Dhoire agus Comhairle
Ceantair an tSratha Báin mar atá aithne ar an dá chomhairle seo faoi láthair
agus Ollchomhairle nua le bunú i mí Aibreáin 2015, tá polasaí nua Gaeilge
dréachtaithe le freastal a dhéanamh ar phobal na Gaeilge i gceantar na
hOllchomhairle nua.
Tá an dréachtpholasaí seo bunaithe ar dheachleachtas bheartas reatha
Chomhairle Cathrach Dhoire agus cé go gcreidtear go bhfuil an beartas seo
sásúil agus muid ag dul chun tosaigh, beidh deis ag an phobal an beartas a
mhúnlú mar beidh an polasaí curtha faoi athbhreithniú bliantúil.
Cuireadh an dréachtpholasaí nua Gaeilge faoi bhráid
na gComhairleoirí de chuid na scáthchomhairle nua ag tús mhí
Mheán Fómhair agus faomhadh é ag an chruinniú sin.
Tiocfaidh an beartas nua isteach i bhfeidhm i mí Aibreáin 2015.
Polasaí nua Gaeilge do cheantar na hOllchomhairle nua
GAEILGE & FÁILTE Tá fáilte romhat do ghnó a
dhéanamh le Comhairle Cathrach Dhoire trí
Ghaeilge. Tabhair cuairt ar leathanach Gaeilge na
Comhairle Cathrach le heolas a fháil ar an liosta
seirbhísí agus le foirmeacha agus iarratais
choitianta a fháil as Gaeilge, nó bain triail as ár líne
thiomanta Ghaeilge: T: 028 71 376 579
www.derrycity.gov.uk/gaeilge
Maoiniú agus Deiseanna Lch 7
Maoiniú: Colmcille Deis do Cheoltóirí Óga
Tá scéim deontas Cholmcille oscailte d‟iarratais le haghaidh tionscadail a chuireann aidhmeanna Cholmcille chun cinn. Tá go dtí an 20ú Deireadh Fómhair ag iarratasóirí le hiarratas a chur isteach agus baineann na babhta seo le hiarratasóirí atá lonnaithe in Éirinn. Táthar ag súil leis go mbeidh babhta eile den scéim deontas oscailte in Earrach 2015. Tá gach eolas maidir leis an scéim ar fáil ar shuíomh idirlín Colmcille www.colmcille.net nó is féidir teagmháil a dhéanamh leis an Oifigeach Forbartha: Maolcholaim Scott, Foras na Gaeilge, Teach na Gheata Thiar, Béal Feirste BT1 6ED, T: 028 90 890 983, [email protected]
Tá iarratais á lorg ag an Chomhairle Ealaíon ó Thuaidh i gcomhar le BBC Thuaisceart Éireann ó na ceoltóirí óga is fearr le cúig dheontas £5,000 a bhaint. Is féidir le hionstraimithe óga idir 18 agus 26 cur isteach agus amhránaithe idir 18-29 bliana. Ní mór d‟iarratais bheith curtha isteach fán 2ú Deireadh Fómhair 2014: www.artscouncil-ni.org/funding/scheme/young-musicians-platform-award
...scáthán Lch 8
Oifigeach Gaeilge
Seirbhísí Gaeilge
Chomhairle
Cathrach Dhoire
curtha ar fáil le
caoinmhaoiniú ó:
Pól Ó Frighil
Oifigeach Gaeilge
Comhairle Cathrach Dhoire
98 Bóthar na Trá
Doire BT48 7NN
T: (028) 71 376 579
www.derrycity.gov.uk/gaeilge
FÁILTE roimh thuairimí agus mholtaí ar a bhfuil sa nuachtlitir seo. Má tá
seirbhís uait i nGaeilge nach bhfuil ar fáil faoi láthair tabhair le fios dúinn.
Má tá foirm uait i nGaeilge téigh chuig www.derrycity.gov.uk/gaeilge áit a
bhfuil foirmeacha coitianta na Comhairle Cathrach ar fáil i nGaeilge. Má tá
eolas uait ar aon seirbhísí eile sa Chomhairle Chathrach déan teagmháil linn.
Má tá formáid eile den nuachtlitir ag teastáil uait, bí i dteagmháil linn.
Seachtain na Gaeilge 2015
Feachtas nua do Sheachtain na Gaeilge 2015 seolta
Tá grúpaí Gaeilge ar fud fad oileán na hÉireann ag díriú a gcuid aigne ar phleanáil fá choinne Seachtain na Gaeilge a bheas ar siúl ón 1 - 17 Márta 2015. Tá lógó nua ag Seachtain na Gaeilge chomh maith le mana nua, Bain Triail Aisti - Surprise Yourself! Leis an mhana seo, tá súil ag lucht eagrúcháin na féile go meallfaidh an feachtas foghlaimeoirí nua, daoine nár bhain úsáid as Gaeilge le fada an lá chomh maith le cainteoirí Líofa Gaeilge leis an Ghaeilge a úsáid i slite nua agus difriúla le linn na féile. Beidh foireann Sheachtain na Gaeilge sásta cruinnithe áitiúla a reáchtáil fosta: Más suim leat imeacht do Sheachtain na Gaeilge i do cheantar a fhorbairt in 2015, déan teagmháil le foireann Sheachtain na Gaeilge le cruinniú áitiúil a eagrú agus a reáchtáil i do cheantar. Ná bíodh leisce ort teagmháil a dhéanamh le Brenda [email protected] nó le Seán ag [email protected].
Fóram Phobal na Gaeilge—Doire
Tagann Fóram Phobal na Gaeilge le chéile gach ráithe faoi stiúir Chomhairle Cathrach Dhoire. Tá an fóram comhdhéanta de ghrúpaí Gaeilge, Gaelscoileanna agus Gaeilgeoirí aonair ó cheantar na Comhairle Cathrach ar suim leo theacht le chéile le cúrsaí forbartha teanga sa cheantar a phlé. Le bheith mar ball den fhóram cuir r-phost chuig an Oifigeach Gaeilge ag [email protected]
Tá aip nua SnaG
ar fáil don iPhone
anois ar iTunes
agus Android
ar Google Play!
Faigh eolas faoi
imeachtaí Gaeilge
atá ag tarlú in aice
leat, agus
foghlaim nath úr
gach lá le
Frása an Lae