Upload
ngomien
View
219
Download
0
Embed Size (px)
Citation preview
Lch1
Nuachtlitir Samhain 2014: Obair idir Lámha
Grúpa Forfheidhmithe na Cairte um na hEalaíona san
Oideachas
Réamhrá ó Chathaoirleach, an tOllamh John Coolahan:
Sheol Ruairí Quinn T.D. agus Séamus Ó Duibhneacháin T.D., a bhí ina nAirí ag an am, an Chairt um
na hEalaíona san Oideachas in 2013 mar chomhthionscnamh de chuid na Roinne Oideachais agus
Scileanna agus na Roinne Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta. Ceapadh Grúpa Ardleibhéil
Forfheidhmithe chun comhlíonadh na ngealltanas agus na gcuspóirí atá leagtha amach sa Chairt a
chur chun cinn. Mar chathaoirleach an Ghrúpa Fhorfheidhmithe sin, is áthas liom an nuachtlitir seo,
ina bhfuil cuntas ar an dul chun cinn go dtí seo, a chur i láthair.
Áirítear ar an nGrúpa Forfheidhmithe Orlaith Mc Bride, Stiúrthóir na Comhairle Ealaíon, Mary
Nunan, Dámh Chruinne Éireann an Rince agus an Cheoil, Ollscoil Luimnigh (agus Cathaoirleach
Choiste na bPointí Ailíniúcháin), mar aon le hardoifigigh ón Roinn Oideachais agus Scileanna agus
ón Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta.
Ó bunaíodh é, tá an Grúpa Forfheidhmithe um Chairt na nEalaíon san Oideachas ag cur dúshraith
síos agus ag déanamh na n-ullmhúchán riachtanach chun cuspóirí na Cairte a bhunú. Tá
gníomhaíocht déanta i leith fhormhór na naoi gcuspóir déag, go háirithe iad siúd is mó a bhfuil baint
acu le soláthar ealaíon san oideachas.
Sa chéad chéim de chur chun feidhme na Cairte, dhírigh an Grúpa ar an mbunoideachas, ar an iar-
bhunoideachas agus ar an ardoideachas. In am trátha, tá súil againn go leathnófar an Chairt chuig an
oideachas luathóige agus chuig an mbreisoideachas agus chuig gnéithe d'oideachas aosach. Is é
príomhchuspóir na nuachtlitreach seo eolas a chur ar fáil don phobal leasmhar ar an dul chun cinn a
rinneadh agus ar chéim forbartha na dtionscnamh éagsúil.
Is é mian an Ghrúpa Fhorfheidhmithe oibriú i gcomhpháirtíocht le healaíontóirí, le gníomhaireachtaí
cultúrtha agus le hoidí. Féachaimid ar chur chun feidhme cuspóirí na Cairte mar thacaíocht, mar
dhaingniú agus mar leathnú ar na foirmeacha saibhre d'obair ealaíonta agus chultúrtha atá mar chuid
den chóras oideachais cheana féin. Tugtar cuntas sa nuachtlitir ar an dul chun cinn go dáta, de réir na
gcuspóirí uimhrithe atá sa Chairt um na hEalaíona san Oideachas. Cuirfear fáilte roimh aon moltaí nó
tuairimí. Is féidir ríomhphost a sheoladh chugainn ag [email protected]
Le gach dea-mhéin
Cathaoirleach an Ghrúpa Fhorfheidhmithe
Page 2
Nuachtlitir Samhain 2014: Obair idir Lámha
Tugann an forléargas seo a leanas, cé nach ndéanann sé trácht ar chuspóirí go léir na Cairte, léargas
ar na réimsí is tábhachtaí i gcomhréir leis an uimhriú a fhaightear i gCaibidil 4 den Chairt um na
hEalaíona san Oideachas.
4.1 Idirphlé agus Comhpháirtíocht
Ó bunaíodh é tá an Grúpa i mbun cruinnithe le líon mór de na príomheagraíochtaí sna hearnálacha
ealaíon agus oideachais agus bhí sé i dteagmháil le raon mór grúpaí leasmhara agus fuair
aighneachtaí uathu. Ba dhíol suntais é gur chuir ionadaithe gach grúpa a d'fhreastail ar chruinnithe
fáilte ó chroí roimh an Chairt, bhí siad fonnmhar a bheith ina gcomhpháirtithe sa phróiseas agus chuir
siad faisnéis agus moltaí úsáideacha ar fáil maidir le hoibriú na Cairte. Is maith an tuar é do
chomhpháirtíochtaí cuiditheacha amach anseo dearcadh dearfach, rannpháirtíocht agus tiomantas na
ngrúpaí sin. Is mór ag an nGrúpa an spiorad comhoibritheach atá i réim.
4.2 An Clár Oibre Oideachais i gCoitinne
Agus cuspóirí na Cairte sa mhéid seo á gcomhlíonadh, rannchuidigh baill an Ghrúpa le haon cheann
déag de chomhdhálacha agus de shiompóisiamaí poiblí a bhain le hobair an Ghrúpa, agus bhí siad
páirteach i bplé comhstádais ar ócáidí éagsúla.
Taispeántas “Creative Engagement” ag Gailearaí Náisiúnta na hÉireann (Buíochas GNE)
4.4. For-rochtain ag na hIonaid Náisiúnta Cultúrtha (NCInna)
Bunaíodh teagmháil agus idirphlé leis na NCInna, go háirithe leis an earnáil Oideachais, Pobail agus
For-rochtana (ECO). D'ainneoin na gciorruithe buiséid atá curtha i bhfeidhm ar na NCInna le roinnt
blianta anuas, is é tuairim an Ghrúpa Fhorfheidhmithe go bhfuil na hinstitiúidí ag leanúint dá n-
iarrachtaí chun gníomhaíochtaí ECO a chur chun cinn. Measann an Grúpa go bhfuil na NCInna ag
buanú a ngealltanas chun raon imeachtaí agus gníomhaíochtaí maidir leis na healaíona san oideachas
a chur ar fáil. Táthar ag súil go mbeidh neartú ann go luath dá n-iarrachtaí caolaithe – caolú a d'éirigh
as na srianta ar bhuiséid agus ar líon foirne – i bhfianaise an téarnaimh atá ag teacht ar thosca
náisiúnta eacnamaíocha. Measann an Grúpa gur den tábhacht é go ndéanfaí dúthracht agus
ardchuspóirí thionscnamh ECO 2004 a athbheochan ionas gur féidir príomhról na NCInna i dtaca le
cur chun cinn na n-ealaíon san oideachas a fhíorú. Lch 2
Lch 3
Nuachtlitir Samhain 2014: Obair idir Lámha
An tAire Humphreys le faighteoirí Dámhachtainí ATAI (Buíochas GNE)
4.5 Faisnéis agus Comhairle
Tá an Grúpa Forfheidhmithe ag féachaint cé na slite is fearr le faisnéis agus treoir nuashonraithe
maidir le gníomhaíochtaí ealaíon san oideachas a chur ar fáil. Tá Cleachtadh Mapála ar bun chun
foramharc cothrom le dáta a thabhairt ar na gníomhaíochtaí iomadúla ealaíon san oideachas atá ar fáil
anois ar fud na tíre. Tá an tiomsú fós ar bun, agus déanfar gach iarracht é a bheith chomh
cuimsitheach agus chomh sothuigthe agus is féidir. Meastar go dtabharfar an obair chun críche
laistigh de chúpla mí.
Aibhseofar na háiteanna ina bhfuil bearnaí sa soláthar i láthair na huaire agus déanfar beart
leasúcháin iontu.
Tá comhráite ar siúl le roinnt gníomhaireachtaí gairmiúla ar an tslí is fearr le faisnéis fhairsing a
rangú i bhfoirm a bheidh úsáideach agus áisiúil do pháirtithe leasmhara ar fud na tíre. Is é aidhm na
Comhairle Ealaíon a threoirlínte Ealaíontóirí sna Scoileanna a thabhairt cothrom le dáta chun
freastal ar thosca an lae inniu.
Lch 4
Nuachtlitir Samhain 2014: Obair idir Lámha
4.6 Dea-chleachtas a Bhuanú
Mórthionscnamh faoin ngealltanas seo ab ea clár Cúrsa Samhraidh i dtrí chéim dar teideal
Tionscnamh Comhpháirtíochta idir Múinteoirí agus Ealaíontóirí, a tionscnaíodh i samhradh 2014.
Plean ilsraithe is ea é ina bhféachtar le hinniúlachtaí ealaíontóirí agus múinteoirí a fhorbairt ar
mhaithe leis na healaíona san oideachas a chur chun cinn. Dearadh an tionscnamh suntasach seo sa
tslí go mbeadh comhoibriú ann idir an ATECI, an ACAE and an ETAI agus idir an Roinn Oideachais
agus Scileanna agus an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta. Tá an tionscnamh faoi threoir
na Roinne Oideachais agus Scileanna, trí bhíthin an ATECI. Is é Ionad Oideachais Thrá Lí a riarann
an tionscnamh thar ceann an Líonra agus an TES/na Roinne Oideachais agus Scileanna. Is iad an
Roinn Oideachais agus Scileanna agus an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta a
mhaoineoidh an scéim in éineacht.
An tAire Jan O‟Sullivan ag seoladh na Féile Bualadh Bos i Luimnigh (Buíochas Amharclann Limetree)
Reáchtáladh Céim 1 den chúrsa, atá faofa ag Cigireacht na Roinne, in Ionad Oideachais Laoise i
Lúnasa 2014. Cuireadh múinteoirí agus ealaíontóirí ag obair le chéile sna cúig fhoirm ealaíne seo: na
hAmharcealaíona agus Ceardaíocht, Ceol, Rince, Drámaíocht agus Litríocht. Tá comhpháirt taighde
san áireamh sa chlár, i gCéim 2 den tionscnamh. Ba dhíol suntais a oscailte a bhí na rannpháirtithe i
leith nádúr taiscéalaíoch an chúrsa. Dhírigh siad go fonnmhar ar ábhar ar chúrsa i dteannta a chéile
agus bhí siad sásta trialacha a dhéanamh agus foghlaim uathu. Bunaithe ar mheastóireacht na
rannpháirtithe, is cosúil gur baineadh idir thaitneamh agus thairbhe as an gcúrsa samhraidh seo. Tá
tús curtha le Céim 2 den tionscnamh seo ina gcuirfear an tionscnamh chun feidhme sna scoileanna.
Tá tionscadal taighde, a chríochnófar in Eanáir/Feabhra 2015, faoi lán seoil. Cuirfear san áireamh sa
phleanáil le haghaidh Cúrsa Samhraidh 2015 moltaí a rinneadh sa mheastóireacht agus san aiseolas
mar aon le torthaí taighde ó Chéimeanna 1 & 2. Leathnófar an clár de réir a chéile agus cothófar ann
sinéirge nua chultúrtha.
Tá grúpaí ar nós an ETAI, an ACAE, Ionad Cultúrtha Áirc na bPáistí agus na gColáistí Oiliúna, a
chomhoibrigh leis an nGrúpa, ag ceapadh a dtionscnaimh féin chun dea-chleachtas a scaipeadh. Is
maith an tuar é do chomhroinnt an dea-chleachtais i ngníomhaíochtaí ealaíon san oideachas an
spiorad nua líonraithe agus comhair idir na gníomhaireachtaí éagsúla ealaíon san oideachas.
Lch 5
Nuachtlitir Samhain 2014: Obair idir Lámha
4.7 Beartais Scoile
I gcomhráite a bhí ag an Grúpa le hionadaithe ón CNCM, ó Chigireacht na Scoileanna, ón
gComhairle Mhúinteoireachta, ó na Coláistí Oiliúna, ón NAPD, ón IPPN, ó Chumann na nIonad
Oideachais agus ó na Boird Oideachais agus Oiliúna, is léir a thábhachtaí atá sé gníomhaíochtaí
ealaíon agus imeachtaí ealaíona san oideachas a chur i gceartlár na mbeartas scoile agus a
thábhachtaí atá siad do phobail scoile. Gheall gach ceann de na gníomhaireachtaí go dtacóidís go
gníomhach leis an mbéim seo, agus tá siad sásta cuidiú chun an aidhm seo a chur chun cinn. De réir
mar a dhéantar pleanáil scoile agus féinmheastóireacht scoile a neadú i gcultúr scoileanna na
hÉireann, ba chóir gur gníomhaíocht réamhbheartaithe a bheadh ann taithí a thabhairt do dhaltaí ar an
oideachas ealaíon agus ar na healaíona san oideachas.
4.9 Taighde
Scaip an Grúpa Forfheidhmithe iarratas ar na hinstitiúídí ardoideachais uile, ag iarraidh orthu faisnéis
a chur ar fáil ar thaighde a bhaineann leis an oideachas ealaíon agus leis na healaíona san oideachas,
a rinneadh ina n-institiúidí féin. D'iarr an Grúpa sonraí gníomhaíochtaí taighde ar na NCInna, leis.
Tugadh míniú níos cuimsithí ar an tsaincheist ag an Siompóisiam Ealaíon san Oideachas agus
Ardoideachais i Meitheamh 2014. Tá mórchuid ábhar curtha i dtoll a chéile ó shin.
Tá comhráite ar siúl le roinnt gníomhaireachtaí gairmiúla ar an tslí is fearr le faisnéis fhairsing a
chomhordú agus a chur i láthair páirtithe leasmhara. Is ábhar é seo a chaithfear a thabhairt cothrom le
dáta go leanúnach. Ba chóir go mbeadh an stór sonraí taighde ina chabhair do lucht déanta beartas,
do thaighdeoirí sa todhchaí, do bhaill foirne in institiúidí oideachais; ina theannta sin is gnóthachtáil
nuálach do shochaí na hÉireann a bheidh ann.
4.10 Soláthar Caipitil
Mar fhreagra ar cheist ón nGrúpa, tá raon gníomhaíochtaí atá ar siúl ag an Roinn ó thaobh foirgnimh
scoile a dhearadh agus a threalmhú chun ceann a thógáil de riachtanais na n-ealaíon leagtha amach ag
Seán Ó Foghlú, Rúnaí na Roinne Oideachais agus Ealaíona. Cuirfear cóipeanna de litir i dtaobh an
scéim Cheatadáin ar son na nEalaíon ar fáil d'údaráis scoile agus d'fhoirne dearaidh.
Rinneadh staidéar píolótach ar cibé an bhféadfaí fardal náisiúnta ar chóiríocht scoile a chur i dtoll a
chéile. Le deireanas, chríochnaigh an Roinn mór-athbhreithniú ar na Sceidil Chóiríochta le haghaidh
iar-bhunscoileanna nua. Ar na saoráidí a cuireadh san áireamh sna Sceidil athmheasta, saoráidí a
chabhródh chun na healaíona a chur chun cinn, tá seomra feabhsaithe Ealaíon agus Ceardaíochta,
Seomra Ceoil ar leith, agus Halla Corpoideachais a bheadh oiriúnach do ghníomhaíochtaí Urlabhra
agus Drámaíochta, Ceoil agus do thaispeántais.
Page 6
Nuachtlitir Samhain 2014: Obair idir Lámha
4.11 An Chomhairle Náisiúnta Measúnachta agus Curaclaim
Tá tuiscint chomhpháirtíochta bunaithe ag an Grúpa Forfheidhmithe leis an CNCM i dtaca le cur
chun cinn na n-ealaíon san oideachas. Tá tús curtha le caidreamh cuiditheach, leis, idir an
Chomhairle Ealaíon agus an CNCM maidir leis an gcomhéadan idir na healaíona agus beartas agus
cleachtas curaclaim.
Bhí comhráite ag an Grúpa leis an CNCM agus leis an gComhairle Ealaíon agus b'údar dóchais go
bhfuil comhpháirtíocht chomhoibritheach ann idir an dá ghníomhaireacht. Cinnteoidh sin go rachfar i
gcomhairle leis an gComhairle Ealaíon i dtaobh saincheisteanna ealaíon san oideachas, nuair is cuí.
Comhairliúcháin idir Chleachtóirí Ealaíona & Oideachas agus ETB an Chabháin / Muineacháin (Buíochas CMETB)
4.12 Comhroinnt Acmhainní – Suíomh Tairsí
Tá mórchuid dúthrachta caite ag an nGrúpa Forfheidhmithe ag féachaint cén tslí le Suíomh Tairsí ar
líne a bhunú ar mhaithe leis na healaíona san oideachas. Féachtar air seo mar mhórthionscadal ag éirí
as an gCairt, a bhfuil féidearthachtaí fadtéarmacha ag gabháil leis. Ionas gur féidir na féidearthachtaí
sin a fhíorú, measann an Grúpa gur den tábhacht é go ndéanfaí an dearadh, an tógáil agus an t-oibriú
a phleanáil go cúramach. Bhí comhráite ar comhstádas ag an Grúpa leis na geallsealbhóirí ar an
Tairseach. Tarraingíodh, leis, ar thaithí agus ar chomhairle an PDST agus ar chomhairle stiúrthóirí
tairseacha ar nós Scoilnet agus an suíomh Gréasáin Ealaíon agus Sláinte. Chun an tionscadal a chur
chun cinn bhunaigh an Grúpa Coiste Comhairleach um Thairseach Ealaíon san Oideachas (Coiste
Comhairle um Thairseach AiE), a bhfuil an saineolas cuí acu, chun bheith ina ngrúpa stiúrtha don
tionscadal.
Tá an Fhís, an Misean, na hAidhmeanna Straitéiseacha agus na Cuspóirí seo a leanas maidir le
Tairseach na nEalaíon san Oideachas aontaithe ag an nGrúpa: Lch 6
Lch 7
Nuachtlitir Samhain 2014: Obair idir Lámha
Fís
· A bheith ar an bpríomhacmhainn náisiúnta digiteach ealaíon agus cleachtas ealaíon in
Éirinn.
Bunchuspóir
· Ardán a chur ar fáil trínar féidir dea-chleachtas comhoibritheach sna healaíona san oideachas
agus san oideachas ealaíon a thacú, a fhorbairt agus a fheabhsú.
Aidhmeanna straitéiseacha
· Tathant a dhéanamh ar son páistí agus daoine óga maidir lena gceart ar eispéiris
ardchaighdeáin i ngach cuid dá saol agus díriú ar rannpháirteachas na mac léinn i bhfoirm
foghlaim shaibhir fhíordheimhnithe le haghaidh an 21ú haois
· Tábhacht na n-ealaíon san oideachas agus an oideachais ealaíon a chur chun cinn ó thaobh
forbairt inniúlachtaí an duine aonair;
· Nuálaíocht a chur i gcrích i gcleachtas na n-ealaíon san oideachas agus san oideachas ealaíon
· Idirghníomhaíocht fhadtéarmach neadaithe a chur ar fáil idir chleachtóirí cruthaitheacha agus
oidí mar shlí chun cruthaitheacht a mhúscailt i ndaoine aonair agus i ngrúpaí.
· Rannchuidiú chun tuiscint ar na healaíona agus ar an gcruthaitheacht a fhorbairt laistigh agus
lasmuigh de churaclaim oideachais
· Teacht chun bheith ina chosán inrochtana a chumasaíonn do dhaoine leas a bhaint as na
healaíona in Éirinn agus go hidirnáisiúnta.
Cuspóirí
· Bheith ina phointe fíorúil rochtana ag nascadh raon leathan gairmithe sna healaíona agus san
oideachas, agus acmhainní feabhsaithe dea-chleachtais a chur ar fáil don uile dhuine a
thairbheodh díobh
· Bheith bainteach leis na hearnálacha ealaíon agus oideachais
· Comhar agus comhoibriú idir ghairmithe a éascú agus a fheabhsú
Struchtúir ardchaighdeáin a bheidh furasta a úsáid agus sásúil ó thaobh na healaíontachta de
a chur ar fáil.
Tar éis próiseas soláthair, ceapadh gníomhaireacht chun soláthar na seirbhísí Forbairt Inneachair agus
Bainistíocht Tionscadail a chur ar fáil le haghaidh suíomh Gréasáin na nEalaíon san Oideachas i
gcomhairle le Coiste Comhairleach Thairseach na nEalaíon san Oideachas. Bhí cruinnithe tosaigh
pleanála againn leis an ngníomhaireacht mar aon le sraith cruinnithe réigiúnacha comhairleacha i
nDeireadh Fómhair agus i Samhain. Táthar ag súil leis an tairseach a bheith tógtha agus i mbun oibre
faoi Aibreán/Bhealtaine 2015.
Page 8
Nuachtlitir Samhain 2014: Obair idir Lámha
4.13 Comhpháirtíochta Áitiúla san Oideachas Ealaíon (LAEPs)
Bhí ionadaithe ag an nGrúpa i láthair nuair a seoladh LAEP an Chabháin-Mhuineacháin i nDeireadh
Fómhair 2014. Tá gealladh mór faoin tionscnamh ceannródaíoch seo.
Chuir an Grúpa páipéar seasaimh ar "Na hEalaíona Áitiúla i bhForbairt Comhpháirtíochtaí
Oideachais" á ullmhú. Pléadh ann an tslí ab fhearr le córas LAEPanna a bhunú. Bhí comhráite ag an
nGrúpa le hionadaithe na nOifigeach Áitiúil Ealaíon agus pléadh an t-ábhar ag Comhdháil Earraigh
na mBord Oideachais agus Oiliúna. Tá beartaithe machnamh agus plé a spreagadh ar an LAEPanna
sa mheántéarma d'fhonn teimpléad gníomhaíochta a mholadh, chun cabhrú le hiarrachtaí áitiúl.
Seoladh LAEP an Chabháin-Mhuineacháin i nDeireadh Fómhair 2014( Buíochas Northern Standard)
4.14 Teastas Sóisearach agus An Ardteistiméireacht
Chuaigh Seirbhís Tacaíochta na Roinne do Mhúinteoirí Sraithe Sóisearaí i gcomhar leis an
gComhairle Ealaíon chun ceardlann ar Fhorbairt Ghairmiúil Leanúnach a chur ar fáil chun tacú le
taithí a thabhairt ar na healaíona sa tSraith Shóisearach nua. Ba iad cleachtóirí ealaíon agus an
tseirbhís tacaíochta a threoraigh na ceardlanna sin, agus reáchtáladh iad in Ionaid Oideachais ar fud
na tíre, i Márta 2014. Dhírigh siad ar an amharclannaíocht agus ar an scannánaíocht i mBéarla na
Sraithe Sóisearaí agus bhí siad ina gcuid de thionscnamh píolótach faoi threoir Chreat na Sraithe
Sóisearaí agus na Cairte um na hEalaíona san Oideachas.
4.16 An Chomhairle Ealaíon
Tá an Chomhairle Ealaíon bainteach leis an gCairt um na hEalaíona san Oideachas agus tá ról
réamhghníomhach aici ann. D'ainneoin ciorruithe ar mhaoiniú agus ar an líon foirne tá sé ag iarraidh
tacú leis an oiread tionscnamh ealaíon san oideachas agus is féidir, cuid díobh a thionscain sé féin. Is
nós leis an gComhairle tacú le tionscnaimh dá sórt. Is áthas leis an nGrúpa go bhfuil an Chomhairle
tar éis líon na gcónaitheachtaí i gColáistí Oiliúna agus in institiúidí ardoideachais a mhéadú go seacht
gcinn (Caib.4 lch. 17). Fuarthas freagairt an-dearfach ar an méadú ar líon na gcónaitheachtaí, as ar
cothaíodh feasacht níos airde i measc na n-ábhar múinteoirí ar a thábhachtaí atá sé do dhaltaí a bheith
rannpháirteach sna healaíona agus ar na slite inar féidir sin a bhaint amach. Ba léir ag an gComhdháil
Ealaíon agus Ardoideachais i mBealtaine 2014 go raibh tacaíocht shuntasach ann do chónaitheachtaí
Lch 8
Lch 9
Nuachtlitir Samhain 2014: Obair idir Lámha
ealaíontóirí. Cuireann an Grúpa fáilte roimh "Culturefox", an treoir imeachtaí saor in aisce ar líne a
sheol an Chomhairle Ealaíon le deireanas.
Mar a luadh in 4.14, chuaigh an Chomhairle Ealaíon i gcomhar le Foireann Tacaíochta na Roinne do
Mhúinteoirí Sraithe Sóisearaí chun tacú le taithí ar na healaíona a thabhairt sa tsraith shóisearach nua:
www.artsinjuniorcycle.ie Leath an tionscnamh píolótach seo tionchar na n-eagraíochtaí ealaíon, lena
n-áirítear Institiúid Scannán na hÉireann (IFI), an Cumann Náisiúnta um Amharclannaíocht Óige
(NAYD) agus Amharclann na Mainistreach, agus spreagadh múinteoirí chun leas a bhaint as
acmhainní áitiúla agus náisiúnta ealaíon agus an amharclannaíocht agus scannáin á gcur i láthair
daltaí Béarla na Sraithe Sóisearaí.
Roimhe sin, bhí scéim phíolótach dar teideal Seirbhís Foghlama na dTaibhealaíon, faoi cheannas na
Comhairle Ealaíon, i gcomhar le Cumann na Múinteoirí agus na nIonad Oideachais in Éirinn
(ATECI), an NAYD, Féile Amharclainne Bhaile Átha Cliath, agus Amharclann na Mainistreach, ina
bhonn le clár Forbartha Gairmiúla Leanúnaí dar teideal „Na hEalaíona sa tSraith Shóisearach‟.
4.17 Scoileanna atá Saibhir ó thaobh na nEalaíon
Faoi mar ab amhlaidh leis an suíomh Gréasáin Tairsí le haghaidh na n-ealaíon san oideachas, is mór
ag an Grúpa Forfheidhmithe an méid a d'fhéadfadh scéim ARIS a dhéanamh chun spéis sna healaíona
mar ghné inmhianaithe i saol na scoile a chothú i measc na bpobal scoile.
Tar éis plé a dhéanamh ar an bpáipéar coimisiúnaithe "Clár Dámhachtainí do Scoileanna atá Saibhir
ó thaobh na nEalaíon", dhear an Grúpa samhail le haghaidh ARIS a mheas sé a chuirfeadh chun cinn
uaillmhianta agus cuspóirí an tionscnaimh.
Tá an Grúpa i bhfabhar scéime a bheidh oscailte do na scoileanna uile, ach nach reáchtálfar ar bhonn
iomaíoch idir na scoileanna. Ina ionad sin, meastar gur cheart an t-ainm "Scoil atá Saibhir ó thaobh
na nEalaíon" a bhronnadh as iarracht agus feabhsú ar an soláthar ealaíon i scoil ar leith óna bonnlíne
féin. Ar an tslí sin bheadh deis ag scoileanna, beag beann ar a stádas nó a dtosca, a bheith páirteach
sa tionscnamh. Beidh an scéim ar oscailt do bhunscoileanna agus d'iar-bhunscoileanna, idir
scoileanna príomhshrutha agus scoileanna riachtanas speisialta, idir mhór agus bheag, i bpobail
tuaithe agus i bpobail uirbeacha. Socróidh gach scoil sprioc insroichte di féin, ag brath ar a
hacmhainní agus ar na dúshláin agus na teorannuithe atá le sárú aici.
Tá an Grúpa tar éis meastóireacht a dhéanamh ar cibé an bhféadfaí samhail ARIS a chur i bhfeidhm,
agus costáladh na gnéithe eagraíochtúla. Tá tús curtha le cainteanna le hurraí san earnáil
phríobháideach a d'fhéadfadh urraíocht a chur ar fáil don scéim. Tá súil ag an nGrúpa gur féidir tús a
chur le tionscnamh ARIS i 2015.
Taispeántas “Virtually There” (Buíochas Kids’ Own)
Lch 10
Nuachtlitir Samhain 2014: Obair idir Lámha
4.18 Clár Music Generation
Suas go dtí an 1 Iúil 2014 bhí cómhaoiniú á fháil ag Clár Music Generation ó mhaoiniú
daonchairdiúil U2 agus ó Chistí na hÉireann agus ón aon cheann déag de Chomhpháirtíochtaí
Oideachais Cheoil. Faoin gCairt um na hEalaíona san Oideachas, gheall an Roinn Oideachais agus
Scileanna cómhaoiniú a chur ar fáil don Chlár Music Generation de réir a chéile ó Iúil 2014. Ó 2016
déanfaidh na Comhpháirtíochtaí Oideachais Cheoil an Clár Generation Music a chómhaoiniú leis an
Roinn Oideachais agus Ceoil ar bhonn 50/50 (Cuirfear deireadh le maoiniú daonchairdiúil U2 agus
Chistí Éireann faoin mbliain 2016, de réir mar a ghabhann maoiniú na Roinne Oideachais agus
Scileanna a n-áit.
Leanfaidh Music Generation Ltd. den Chlár Music Generation a bhainistiú san aon cheann déag de
Chomhpháirtíochtaí Oideachais Cheoil. Beidh obair leanúnach Music Generation Ltd. á bainistiú ag
Bord Stiúrthóirí a n-áireofar ar a bhallraíocht beirt thoscaire den aon cheann déag de
Chomhpháirtíochtaí Oideachais Cheoil atá ag cómhaoiniú an Chláir Oideachais Cheoil. Cuirfidh an
Roinn Oideachais agus Scileanna deontas bliantúil ar fáil i leith cómhaoiniú oibriú an Chláir
Generation Music, faoi réir na gcistí chuige sin a bheith ar fáil ón Oireachtas.
4.19 Soláthar Nua
Luadh sa Chairt an mian "soláthar nua a chothú, go háirithe in áiteanna ina bhfuil bearnaí sa tseirbhís
ealaíon san oideachas". Is tosaíocht de chuid an Ghrúpa Fhorfheidhmithe é díriú ar an tsaincheist seo.
Táthar ag súil go ndéanfar áiteanna dá sórt a aibhsiú sa Chleachtadh Mapála agus go ndéanfar beart
in áiteanna ina bhfuil bearnaí sa tseirbhís ealaíon san oideachas. Nuair a bheidh na LAEPanna i
bhfeidhm, cabhróidh siad go mór chun gníomhaíochtaí ealaíon san oideachas a chur ar fáil ar bhonn
níos uilíche. Cabhair sa mhéid sin a bheidh in obair na nIonad Oideachais i dtaca leis an gCairt.
Is iomaí slí le bheith cruthaitheach! (Buíochas NAPD)
Clabhsúr
Is léir ón achoimre ar obair an Ghrúpa Fhorfheidhmithe agus na gcomhpháirtithe gaolmhara go bhfuil tús curtha
le mórchuid oibre chun raon na ngealltanas a dhéantar sa Chairt a chur chun cinn. Cé gur obair idir lámha atá ann,
d'fhéach an Grúpa chuige go leagfaí síos dúshraith do bhearta inbhuanaithe sa todhchaí maidir leis na gealltanais
éagsúla. Is áthas leis an nGrúpa a thaifeadadh go bhfuil ardleibhéal spéise, tacaíochta agus dea-thola sa domhan
ealaíonta agus oideachais maidir le baint amach aidhmeanna na Cairte. Ina dhiaidh sin is uile, measann an Grúpa,
d'ainneoin an túis mhaith agus na ndúshraitheanna atá á gcur síos, go mbeidh gá le gealltanas buanaithe, aird
chúramach, iarrachtaí i gcomhar agus breis acmhainní chun an t-athrú sa chultúr maidir le háit na n-ealaíon i
dtaca le forbairt iomlánaíoch óige na hÉireann, athrú atá á lorg le fada, a bhaint amach.
Measann an Grúpa go ndéanfar athrú stairiúil ar thírdhreach na n-ealaíon i gcúrsa oideachais na hÉireann má
éiríonn linn an raon tionscnamh ata leagtha amach thuas, a chur chun feidhme. Tá an tAire Oideachais agus
Scileanna, Jan O'Sullivan, T.D., agus an tAire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, Heather Humphreys, T.D.,
agus a Ranna faoi seach, tiomanta do bhaint amach na dtionscnamh atá luaite sa Chairt um na hEalaíona san
Oideachas.
Grúpa Forfheidhmithe na Cairte um na hEalaíona san Oideachas
An Dr. Katie Sweeney
Stiúrthóir Náisiúnta do Chomhtháthú na
hEalaíona san Oideachas
An Roinn Oideachais agus Scileanna
Nuachtlitir Samhain 2014: Obair idir Lámha
Niall Ó Donnchú
Ard-Rúnaí Cúnta
An Roinn Ealaíon, Oidhreachta & Gaeltachta
An Dr. Mary Nunan
Ollscoil Luimnigh
Orlaith McBride
Stiúrthoir, An Chomhairle Ealaíon
Lch 11