24
www.bai.ie Ráiteas Straitéise 2011-2013

Ráiteas stratéise an BAI 2011-13

Embed Size (px)

DESCRIPTION

 

Citation preview

Page 1: Ráiteas stratéise an BAI 2011-13

www.bai.ie

Ráiteas Straitéise2011-2013

Page 2: Ráiteas stratéise an BAI 2011-13

2

Clár

Brollach

Réamhrá

Misean

Fís

Luachanna Oibríochta an BAI

Téamaí agus Spriocanna Straitéiseacha 2011-2013

4

6

8

8

10

13

Ráiteas Straitéise 2011-2013

Page 3: Ráiteas stratéise an BAI 2011-13

3

www.bai.ie

16

17

18

19

20

21

22

23

Téamaí agus Spriocanna Straitéiseacha 2011-2013

Tionchar a Imirt agus Cumarsáid a dhéanamh Sprioc Straitéiseach 1 A bheith mar ghuth atá ar an eolas agus a bhfuil muinín as i dtaobh na craoltóireachta

Éagsúlacht a Chinntiú Sprioc Straitéiseach 2 Réimse éagsúil de sheirbhísí agus ábhar craolacháin a sholáthar

Iolrachas a Chinntiú Sprioc Straitéiseach 3 Iolrachas sa chraoltóireacht in Éirinn a chinntiú

Follasacht agus Freagracht Chraoltóirí a Neartú Sprioc Straitéiseach 4 Freagracht chraoltóirí de réir a gconarthaí agus de réir reachtaíochta a choimeád

Foghlaim agus Forbairt san Earnáil Chraolacháin a Éascú Sprioc Straitéiseach 5 Saothrú leis an earnáil chraolacháin lena acmhainn a fheabhsú

Craoltóireacht Fhreagrach a Chur Chun Cinn agus Lucht Féachana/Éisteachta a Chumasú Sprioc Straitéiseach 6 Cóid agus caighdeáin chraolacháin a cheapadh

Sprioc Straitéiseach 7 Lucht féachana agus éisteachta a chur ar an eolas, a oiliúint agus a chumasú

Rialachas agus Forbairt na hEagraíochta a Neartú Sprioc Straitéiseach 8 An BAI mar eagraíocht seirbhíse poiblí atá aiclí, éifeachtúil agus proifisiúnta a fhorbairt

Page 4: Ráiteas stratéise an BAI 2011-13

4

BrollachBhí sé i gceist go ndéanfadh an tAcht Craolacháin 2009 athruithe substainteacha agus forleathana i gcomhshaol rialúcháin na craoltóireachta in Éirinn – agus rinne sé é sin. Tá sé soiléir sa reachtaíocht nach bhfuil an t-Acht ar nós cuma liom maidir lena chuid torthaí. Tá sé i gceist i dtaobh na spriocanna atá leagtha amach don Údarás go ndéanfaidh siad difríocht. Gníomhaíocht dinimiciúil is ea an chraoltóireacht. Tá sé d’acmhainn aici a slí a athrú ó lá go lá. Tá fairsinge shuntasach ábhair san áireamh laistigh de réimse iomlán na sceideal atá ag gach craoltóir in Éirinn. Tagann an réimse táirgeachta sin agus an solúbthacht bhunúsach a bhaineann leis an raidió, an teilifís agus leis na meáin nua le chéile chun foinse cumhachtach d’ionchas sóisialta a léiriú. Oibríonn an chraoltóireacht laistigh de chomhshaol atá thar a bheith dinimiciúil ann féin. Tá comhdhéanamh dhaonra na hÉireann athruithe go suntasach le deich mbliana anuas. Dá bharr sin tá tús curtha le próiséas nach dtuigtear fós go hiomlán cén tionchar fadtréimhseach a bheidh aige ar shochaí na hÉireann. Tá an lucht féachana agus an lucht éisteachta ag síor-athrú. Níl a cúraim, a n-ábhair spéise ná a gcuid tosaíochtaí leagtha síos in aon chruth réamhshocraithe. Tá siad beoga agus freagraíonn siad d’athruithe sa saol atá thart timpeall orthu.

Tá buntuairim na craoltóireachta féin ag athrú. Tá dúshlán a thabhairt do choicheapa sean-bhunaithe; tá fógra báis na craoltóireachta mar is eol dúinn í scríofa níos mó ná uair amháin; tá an comhthéacs athraithe go síoraí ag meadú na bhfoinsí ar-líne agus ag iarmhairt an idirlín; is fíric iad foinsí nua agus éagsúla faisnéise, nuachta agus siamsaíochta i saol an lae inniu agus amach anseo.

Tá glúin nua faireoirí agus éisteoirí ag teacht chun cinn a bhfuil ionchais nua acu ach a bhfuil riachtanais agus teidlíochtaí buana acu.

Cuireadh Údarás Craolachain na hÉireann isteach sa gcomhthéacs sin atá ag síor-athrú agus ról aige atá an-difriúil ó aon rialtóir craolacháin a bhí ann go dtí seo. Tá sé freagrach as craoltóireacht phoiblí, tráchtála agus pobail agus ag obair laistigh de chreatlach reachtach a ordaíonn tascanna atá dlúth-shainithe agus ag an am céanna a leagann síos spriocanna atá leathan-bhunaithe agus fadiarmhartach. I measc na bpríomhthascanna a bheidh ag an Údarás is ea bealach a chur roimhe féin a léiríonn meas ar cheangaltais an dlí ach a choimeádann cuspóir bunúsach a bhunaithe go daingean chun tosaigh ina chuid breithnithe. Beidh na luachanna a aithníonn sé dó féin agus i dtaca le cúrsaí craolacháin i gcoitinne ag croílár chur chuige an Údaráis. Beidh an prionsabal go bhfeictear go fhreastalaíonn iomlán na craoltóireachta ar chuspóir poiblí; gur comhchuid riachtanach í de dhaonlathas nua-aimseartha; agus go bhfuil páirt ríthábhachtach aici maidir le féintuiscint an phobail seo a chur chun cinn mar bhunphrionsabal ag an Údarás chun brí agus beatha a thabhairt dá shaothar.

Ráiteas Straitéise 2011-2013

Page 5: Ráiteas stratéise an BAI 2011-13

5

www.bai.ie

Ag cuimhniú ar sin, teastaíonn ón Údarás an oiread agus is féidir leis a dhéanamh chun an réimse seirbhísí cláir is éifeachtúla agus is cuimsithí do mhuintir na hÉireann a spreagadh, ina mbeidh ábhar ar ardchaighdeán, nuacht agus faisnéis iontaofa agus tiomantas don nuálaíocht agus don chruthaitheacht ina tháirgeacht. Tá freagrachtaí faoi leith ag craoltóirí a fhaigheann maoiniú poiblí maidir leis an méid sin ach baineann na prionsabail chéanna le gach craoltóir.

Ceann de na dúshláin atá os comhair an Údaráis is ea cur chuige maidir le rialúchán a thugann spreagadh agus a leagann síos freagrachtaí; a thugann léargas ar impleachtaí straitéiseacha agus a thugann aghaidh ar ábhair spéise sonracha an lucht éisteachta agus an lucht féachana; agus a sheachnaíonn an mheicniúlacht gan a neart a laghdú, a fhorbairt.

Déanfaidh an tÚdarás a dhícheall ina chur chuige freagairt a dhéanamh ar nádúr na n-athruithe atá ag tarlú inár sochaí agus coinneáil suas leis na hathruithe sin. Cuirfidh sé cruth ar a chóras ceadúnaithe agus monatóireachta lena chinntiú go ndéanfaidh craoltóirí, mar fhreagra, iad féin a chur in oiriúint do riachtanais an lucht féachana agus éisteachta a bhíonn ag athrú i gcónaí. Aithneoidh sé freisin cé gur riachtanas nach féidir éalú uaidh is ea an inchothaitheacht eacnamaíoch, nach í sin iomlán an róil agus an dúshláin d’aon chraoltóir ceadúnaithe nó rialaithe ag an Údarás. Déanfaidh an tÚdarás a dhícheall a chuid cúrsaí a stiúrú sa chaoi is go mbeidh muinín ag an bpobal atá ag braith air as: • An éagsúlacht ábhair agus an iolracht úinéireachta atá riachtanach a sholáthar • An fhad agus is féidir a bheith ina ráthóir ar leas an lucht féachana agus éisteachta • Uaillmhian agus ardaidhm sa chraoltóireacht a spreagadh • Na tionscnaimh atá riachtanach a ghlacadh chun léargas a thabhairt ar lucht féachana/ éisteachta atá ag athrú agus ar réadúlachtaí poiblí

Tá struchtúir comhshnaidhmthe sa reachtaíocht a forbraíodh i gcomhshaol coincheapúil atá an-difriúil ón gceann atá ann anois. Cuid den dúshlán atá romhainn ó thaobh rialúcháin de is ea oiriúnacht leanúnach an chuir chuige atá ann faoi láthair – atá léiríthe san Acht agus i gcleachtais rialúcháin – a mheasúnú do shaol atá ag athrú go sciobtha. Ní mór dúinn a bheith cinnte go bhfuil muid dírithe ar an ní atá fíor-thábhachtach seachas ar cheisteanna atá sa dara háit ó thaobh na tábhachta de.

Bob CollinsCathaoirleach

Page 6: Ráiteas stratéise an BAI 2011-13

6

RéamhráTháinig an tAcht Craolacháin 2009 (an tAcht) i bhfeidhm i mí Dheireadh Fómhair 2009. Píosa suntasach reachtaíochta atá i gceist anseo agus rinne sé olldheisiú ar reachtaíocht chraolacháin in Éirinn trí bheagnach breis is 50 bliain de reachtaíocht a bhí ábhar-bhunaithe a chomhdhlúthú agus a nuachóiriú.

Bhunaigh an tAcht Údarás Craolacháin na hÉireann (an BAI) chun rialú a dhéanamh ar ábhar ar fud chúrsaí craolacháin ar fad , chun na róil a bhí go dtí sin ag Coimisiun Craolacháin na hÉireann (an BCI) agus ag an gCoimisiún um Ghearáin Chraolacháin (an BCC) a ghlacadh. Leagann an tAcht amach réimse cuspóirí idir ghinearálta agus sonrach don BAI agus sonraíonn sé go ndéanfaidh a chuid codanna, agus iad i mbun a gcuid feidhmeanna “iarracht a chinntiú:

• maidir leis an líon agus leis na hearnálacha seirbhísí craolacháin a chuirfear ar fáil sa Stát gurb iad is fearr a fhreastalóidh ar riachtanais mhuintir oileán na hÉireann ag cur a dteangacha agus a dtraidisiúin agus a n-éagsúlacht reiligiúin, eitice agus cultúir san áireamh,

• go dtacófar leis an bhfiúchas daonlathach atá cumhdaithe sa Bhunreacht, go háirithe mar a bhaineann leis an tsaoirse cheart tuairimí a nochtadh, agus • go soláthrófar seirbhísí craolacháin atá oscailte agus iolraíoch”

Leagann an tAcht amach freisin réimse cuspóirí eile don Údarás ina measc:

• soláthar clár ardchaighdeáin, éagsúil agus nuálach a spreagadh, • a éascú do chraoltóirí seirbhíse poiblí a gcuid cuspóirí seirbhíse poiblí a chomhall, • éagsúlacht a chur chun cinn sa rialú ar na seirbhísí craolacháin tráchtála agus pobail, ag cinntiú go ndéanann reachtaíocht chraolacháin:

- iriseoireacht neamhspleách neamhchlaon a chothú - comhlíonadh an dlí fostaíochta a chothú - leasanna leanaí a chosaint - earnáil chraolacháin ina dtabharfar aird ar riachtanais lucht féachana agus éisteachta agus a bheidh inrochtana ag daoine faoi mhíchumas a éascú - forbairt clár agus seirbhísí craolacháin Gaeilge a chur chun cinn agus a spreagadh.

Tá sé i gceist ag an Acht follasacht sa rialachas ar chúrsaí craolacháin in Éirinn a mheadú agus leis sin go gcuirfear dlisteanacht, cuntasacht agus nósanna imeachta córa chun cinn agus cláir ardchaighdeáin, éagsúla agus nuálacha á soláthar. Baineann feidhmeanna sonracha faoin Acht le maoirseacht an BAI ar chraoltóirí seirbhíse poiblí agus le leithdháileadh cistiúcháin phoiblí.

Ráiteas Straitéise 2011-2013

Page 7: Ráiteas stratéise an BAI 2011-13

7

www.bai.ie

I dteannta na gcód a bhí ann cheana féin a d’fhorbair an BCI a bhí ann roimhe seo a choimeád agus a fheabhsú, éilíonn an tAcht go sainráite go ndéanfar cóid chraolacháin a ghlacadh a rialódh, i measc nithe eile, oibiachtúlacht agus neamhchlaontacht clár nuachta agus cúrsaí reatha, soláthar rochtaineachta do dhaoine atá bodhar nó breacbhodhar agus cód chun aghaidh a thabhairt ar fhógraíocht le haghaidh cineáil áirithe bia atá dírithe ar leanaí. Tá sé i gceist ag an Acht leasanna dhaoine aonair a chosaint le nós imeachta “ceart freagartha” trína mbeidh sé ar chumas daoine a shíleann go bhfuil damáiste déanta dá gclú an damáiste sin a cheartú i gcraoladh eile. De réir straitéise an Rialtais chun roghnú agus dáileadh ábhair ar mhodhanna digiteacha a spreagadh, forálann an tAcht freisin don aistriú ó chórais analógacha go córais digiteacha trastíre. Bíodh is go n-aithnítear go bhfuil na tionscail chruthaitheacht i measc na bpríomhthiománaithe ar an ngeilleagar cliste tháinig téarmaí tagartha an BAI i bhfeidhm ag tráth fíor-dhúshlánach. Chruthaíonn na cúinsí eacnamaíochta ach go háirithe, go hidirnáisiúnta agus sa tír seo, comhshaol ina bhfuil sé deacair athruithe agus nuálaíocht a chothú. Ón mbliain 2008 go dtí seo tá an cúlú eacnamaíochta tar éis iarmhairt chrua a bheith aige ar na meáin ar fad, an earnáil chraolacháin san áireamh. Tá na hacmhainní atá ar fáil don BAI teoranta. Go deimhin tá na hacmhainní ata ar fáil don BAI níos lú ná na hacmhainní a bhí ar fáil don BCI a tháinig roimhe, rud a chiallaíonn go gcaithfear béim níos mó chur ar smaoineamh go straitéiseach.

Tairgíonn an chéad Ráiteas Straitéise seo ón BAI breac-chuntas ar an méid atá sé i gceist a bhaint amach sna trí bliana atá romhainn. Tá sé mar thosaíocht againn a chinntiú go gcuirfear ábhar craolacháin dúchasach nuálach agus ar ardchaighdeán ar fáil don lucht féachana agus éisteachta in Éirinn. Léiríonn an misean, an fhís agus na luachanna a aithnítear iad ar leathanaigh 8-10 treoirphrionsabail oibríochta an BAI, agus é mar chuspóir acu a chinntiú go dtugann cúrsaí craolacháin léargas ar nádúr daonlathach agus comhaimseartha shochaí na hÉireann. Díríonn na hocht spriocanna straitéiseacha a leagtar amach iad ar leathanaigh 13-23 ar an eagraíocht agus ar an misean atá aici; freastal ar shochaí na hÉireann trí an comhshaol craolacháin a rialú, trí cruth a chur air agus trí thacaíocht a thabhairt dó.

Page 8: Ráiteas stratéise an BAI 2011-13

8

MiseanMar an rialtóir ar chraoltóireacht in Éirinn, comhlacht reachtúil neamhspleách is ea Údarás Craolacháin na hÉireann (an BAI) atá tiomanta do fhreastal ar shochaí na hÉireann trí rialú a dhéanamh, trí chruth a chur ar agus trí thacaíocht a thabhairt do chomhshaol an chraolacháin, ionas go dtabharfaidh an chraoltóireacht léargas ar nádúr ilchineálach agus daonlathach na hÉireann.

FísAithnítear an BAI mar rialtóir straitéiseach agus proifisiúnta, a fhreastalaíonn ar riachtanais éisteachta agus féachana mhuintir na hÉireann agus a bhfuil meas ag an earnáil chraolacháin agus páirtithe leasmhara ábhartha eile air.

Ráiteas Straitéise 2011-2013

Page 9: Ráiteas stratéise an BAI 2011-13

9

www.bai.ie

An fhís atá againn thar ceann an phobail

Éascóidh an BAI forbairt earnála craolacháin freagrach, beoga agus freagrúil a dhéanfaidh:

• éagsúlacht ábhair, cláir, faisnéise agus siamsaíochta a sholáthar do lucht féachana agus lucht éisteachta a bhfuil cónaí orthu in Éirinn • ábhar craolacháin dúchasach a bheidh ar ardchaighdeán agus nuálach i nGaeilge agus i mBéarla a thairiscint do lucht féachana agus éisteachta in Éirinn • caidreamh leanúnach le lucht éisteachta agus féachana a spreagadh • iolracht úinéireachta, lánais agus tuairime a chothú.

An fhís atá againn i dtaobh oibre laistigh den gcomshaol craolacháin

Spreagfaidh an BAI feabhas maidir le cláir a dhéanamh, maidir leis an iriseoireacht agus maidir le feidhmiú na craoltóireachta agus cothóidh sé na gnéithe sin trí:

• comhshaol freagrach craolacháin a chur chun cinn, bunaithe ar luachanna comhroinnte agus ar chaighdeáin ar ard-cháilíocht • infheistíocht leanúnach agus nuálacht san earnáil a chur chun cinn • cur chuige comhsheasmhach agus follasach a spreagann leibhéal ard muiníne i measc an phobail, i measc craoltóirí agus i measc páirtithe leasmhara eile a chur chun cinn.

An fhís atá againn dúinn féin mar eagraíocht

Oibreoidh an tÚdarás, na Coistí Reachtúla agus an Feidhmeannas ina gcuid ról faoi seach:

• go cóir agus go follasach i gcónaí chun freastal ar leas an phobail • i dteannta a chéile go héifeachtúil, ag cur leas an phobail go lárnach ina gcuid próiséas ar fad agus ag léiriú tiomantais d’fhoghlaim ón dtaithí ar rialúchán a dhéanamh • chun freagairt a dhéanamh agus chun iad féin a chur in oiriúint do chúinsí i sochaí na hÉireann atá ag síor-athrú agus d’éabhlóid na teicneolaíochta san earnáil chraolacháin.

Page 10: Ráiteas stratéise an BAI 2011-13

10

Luachanna Oibríochta an BAIIna phríomhról mar rialtóir neamhspleách ar chraoltóireacht in Éirinn, aithníonn an BAI go bhfuil creat láidir eiticiúil de dhíth le haghaidh dúshlán an lae inniu. Bíonn tionchar suntasach ag cinntí rialúcháin ar éisteoirí agus ar fhaireoirí, agus ar chraoltóirí rialaithe. Chun cabhrú ó thaobh na follasachta de, cuireann an ráiteas straitéise seo na luachanna in iúl atá mar bhonn ag gníomhaíochtaí uile an BAI.

Taispeánann an léaráid thíos na bunluachanna a chuireann cruth ar thuairimí an BAI agus a chuireann bonn faoin gcur chuige atá againn i dtaobh rialúcháin. Tá gach ceann acu chomh tábhachtach céanna. Tá tionchar ag na luachanna agus ag na prionsabail sin ar an gcaoi a dhéanann muid an méid a dhéanann muid. Nuair a chuirtear na luachanna sin i bhfeidhm go comhsheasmhach cuireann sé sin ar chumas an BAI saothrú ar bhealach atá láidir, eiticiúil agus

éifeachtúil.

Leas an phobail mar spreagadh

Saineolaíoch agus ar an eolas

Neamhspleách agus neamhchlaon

Freagrach agus follasach

Cothrom agus comhréireachtProifisiúnta agus

tiomanta d’fhoghlaim

Ráiteas Straitéise 2011-2013

Page 11: Ráiteas stratéise an BAI 2011-13

11

www.bai.ie

I ngach a dhéanann sé, is é leas an phobail príomhspreagadh an BAITá an BAI ann chun freastal ar riachtanais shochaí na hÉireann maidir le seirbhísí craolacháin. Agus a ról reachtúil á chomhlíonadh aige, tá leas an phobail ag croílár na cinnteoireachta ar fad a dhéanann an eagraíocht.

Cothrom agus comhréireach Ní mór do phróiséis an BAI leibhéal ard iontaoibhe a spreagadh ionas go mbeidh páirtithe leasmhara in ann glacadh lena chinntí rialúcháin agus go mbeidh meas acu orthu. Oibríonn an BAI chun:

• cothrom agus cothromaíocht a léiriú ina chuid próiséas, nósanna imeachta agus ina chuid cinntí • rialúchán a chur i bhfeidhm atá oiriúnach agus éifeachtúil, dírithe agus sonraithe ar bhealach comhréireach • coinbhleachtaí leasa a fheiceáil sula dtarlaíonn siad agus iad a bhainistiú go hoiriúnach.

Saineolaíoch agus ar an eolasGlacann an BAI freagracht as a chuid gníomhaíochtaí agus as a chuid cinntí. Tá sé mar sprioc aige cinnteoireacht ar ardchaighdeán a dhéanamh a úsáideann fianaise, comhairliúchán agus breithiúnas chun teacht ar thorthaí atá cothrom. Oibríonn an BAI chun:

• fianaise a ghinneadh, a bhailiú agus a mheasúnú chun go gcuirfear feidhmiú an eolais chun cinn ionas go gcuirfear a chuid cinnteoireachta ar an eolas agus ionas go dtacófar leis an gcinnteoireacht sin • comhairliúchán éifeachtúil agus caidreamh oibre a fhorbairt le páirtithe leasmhara chun cáilíócht agus éifeachtúlacht na cinnteoireachta rialúcháin a neartú.

I gcás go mbíonn breithiúnas de dhíth i dtaobh chothrom tuairimí, míníonn an BAI an reasúnaíocht taobh thiar dá chinneadh.

Page 12: Ráiteas stratéise an BAI 2011-13

12

Neamhspleách agus neamhchlaonTá ardmheas ag an BAI ar a stádas mar chomhlacht neamhspleách rialúcháin. Tá sé oscailte do thuairimí agus fianaise a fháil ó gach páirtí, ionas go mbeidh se ar a chumas tacú leis an gcothromaíocht ina chuid cinnteoireachta. Tá tuairimí agus cinntí an BAI neamhspleách agus neamhchlaon, bunaithe ar fhaisnéis atá ar ardchaighdeán.

Proifisiúnta agus tiomanta d’fhoghlaimI gcomhshaol na craoltóireachta in Éirinn atá ag síor-athrú ní mór don BAI a bheith aiclí agus freagarthach. Tá éabhlóid leanúnach á dhéanamh ag an gcraoltóireacht agus ag an léiriú ábhair agus tá ról straitéiseach ag an BAI maidir le cur chun cinn a fhorbartha. Tá sé i gceist ag an BAI:

• foghlaim a chur d’aon ghnó isteach ina chuid cinnteoireachta • a thiomantas agus a chreideamh sa bhfoghlaim leanúnach don earnáil chraolacháin ina iomlán a thaispeáint • tiomantas i dtaobh feabhais a bhaint amach a chur in iúl trí mheasúnú agus infheistíocht a dhéanamh ina chórais, ina phróiséis agus ina struchtúir.

Freagrach, follasach agus cost-éifeachtúilTá freagracht, follasacht agus éifeachtúlacht ó thaobh costais de thar a bheith tábhachtach don BAI. Tá an eagraíocht tiomanta d’ardchaighdeáin maidir le rialachas corporáideach gur féidir leis dianscrúdú a sheasamh ina chuid iarrachtaí ar fad. Tá se i gceist ag an BAI go mbeidh a chuid gníomhaíochtaí agus a chuid cinntí cothrom, inchreidte, loighciúil agus réasúnach. Tá sé i gceist aige a chuid cinntí a chur in iúl go soiléir chun soiléire ar fud na hearnála agus ar fud an tsochaí i gcoitinne a fheabhsú. Léiríonn sé an iontaofacht trí phróiséis a úsáid atá soiléir, furasta a thuiscint agus oscailte d’iniúchadh. Déanann an BAI a dhícheall a bheith chomh meabhrach ar chostas agus is féidir agus é i mbun a chuid tearmaí tagartha reachtúla a chomhlíonadh.

Ráiteas Straitéise 2011-2013

Page 13: Ráiteas stratéise an BAI 2011-13

Téamaí agus SpriocannaStraitéiseacha 2011-2013

www.bai.ie

Page 14: Ráiteas stratéise an BAI 2011-13

14

Leagann an doiciméad seo amach Ráiteas Straitéise Údarás Craolacháin na hÉireann do na blianta 2011 go dtí 2013.

Tá an BAI ag féachaint le fócas a chuid oibre a aimsiú le seacht dtéama straitéiseach uileghabhálach. Is feidir na téamaí sin a fheiceáil mar ghnéithe leanúnacha a shainmhíníonn céard atá i gceist leis an BAI, mar rialtóir.

Forbraíodh ocht sprioc straitéiseach (ard-leibhéal) a bhaineann leis na spriocanna sin, a chuimsíonn tréimhse trí bhliana na straitéise seo agus a bhfuil a chuid cuspóirí sonracha féin ag gach sprioc acu. Baineann an tábhacht chéanna leis na seacht dtéamaí agus leis na hocht cuspóirí straitéiseacha agus tá siad dírithe ar a chur ar chumas an BAI a mhisean a dhéanamh agus ar chabhrú lena fhís a bhaint amach.

Ar bhonn bliantúil, aithneoidh an BAI nithe sonracha gur féidir iad a chur i gcríoch faoi gach sprioc straitéiseach, rud a mhúnlóidh, ar a uain, plean oibre bliantúil na heagraíochta.

Ráiteas Straitéise 2011-2013

Page 15: Ráiteas stratéise an BAI 2011-13

www.bai.ie

Téamaí Spriocanna

Tionchar a imirt agus Cumarsáid a dhéanamh

Sprioc Straitéiseach 1: A bheith ina

ghuth iontaobhach agus ar an eolas

maidir le craoltóireacht

Éagsúlacht a chinntiú Sprioc Straitéiseach 2: Réimse

ilchineálach seirbhísí agus ábhar

craolacháin a sholáthar

Iolracht a chinntiú Sprioc Straitéiseach 3: Iolracht sa

chraoltóireacht in Éirinn a chinntiú

Follasacht agus freagracht chraoltóirí a neartú

Sprioc Straitéiseach 4: Freagracht

chraoltóirí a choimeád de réir

reachtaíochta agus de réir conarthaí

Foghlaim agus forbairt san earnáil chraolacháin a éascú

Sprioc Straitéiseach 5: Obair

a dhéanamh leis an earnáil

chraolacháin chun a hacmhainn a

fheabhsú

Craoltóireacht fhreagrach a chur chun cinn agus lucht féachana agus éisteachta a chumasú

Sprioc Straitéiseach 6: Cóid agus

caighdeáin don chraoltóireacht a

cheapadh

Sprioc Straitéiseach 7: Lucht

féachana agus éisteachta a chur ar

an eolas, a oiliúint agus a chumasú

Rialachas agus forbairt na heagraíochta a neartú

Sprioc Straitéiseach 8: An BAI mar

eagraíocht seirbhíse poiblí atá

aiclí, éifeachtúil agus proifisiúnta a

fhorbairt

15

Page 16: Ráiteas stratéise an BAI 2011-13

16

A bheith ina ghuth iontaobhach agus ar an eolas maidir le craoltóireacht Sprioc Straitéiseach 1

Cuid shuntasach de ról an BAI is ea tionchar a imirt ar lucht déanta beartais agus príomh-

rannpháirtithe i dtaca le cúrsaí craolacháin. Lena chinntiú go bhfuil a chuid tuairimí agus a chuid

cinntí an oiread ar an eolas agus is féidir léirmhíníonn an BAI sonraí ar ardchaighdeán a bhailítear

ó go leor foinsí, lena n-áirítear taighde agus iniúchadh náisiúnta agus idirnáisiúnta, ag bailiú

agus ag baint úsáide as an bhfaisnéis fhairsing atá ar fáil cheana féin. Cabhraíonn an fheidhm

straitéiseach a bhaintear as an iliomad foinsí faisnéise leis an BAI cinntí bunaithe ar fhaisnéis a

bhfuil miondifríochtaí eatarthu a dhéanamh. Tá sé i gceist againn forbairtí i gcúrsaí craolacháin a

leanúint go dúthrachtach, agus freagairt a dhéanamh go sciobtha agus go cruinn ar chúinsí nuair

a athraíonn siad. Thairis sin, tá sé i gceist againn tuairisciu rialta a dhéanamh maidir le treochtaí

agus forbairtí san earnáil de réir mar a thagann siad chun cinn.

I dteannta an taighde sin úsáideann an BAI comhairliúchán éifeachtúil chun tuairimí agus taithí a

aimsiú ón bpobal agus ón earnáil chraolacháin. Anuas air sin, trínár n-acmhainn chun cumarsáid a

dhéanamh go héifeachtúil leis an bpobal a fhorbairt tá sé mar aidhm againn feasacht agus tuiscint

ar an gcraoltóireacht a mhéadú, agus chun idirghníomhaíocht agus idirphlé leis an gcomhshaol

craolacháin a spreagadh.

Spriocanna Straitéiseacha

1.1 Tacaíocht d’fhorbairt bheartas craolacháin trí chomhairle réamhghníomhach atá ar an

eolas, neamhchlaon agus tráthúil a thabhairt don Aire agus do chomhlachtaí ábhartha;

comhoibriú le comhlachtaí rialúcháin náisiúnta agus idirnáisiúnta eile agus; comhairle agus

moltaí beartais i dtaca le cúrsaí craolacháin a fhorbairt agus foilsiú mar is cuí.

1.2 Clár rannpháirtíochta réamhghníomhach a fhorbairt leis an bpobal, le craoltóirí agus le

páirtithe leasmhara eile leis an dioscúrsa maidir le ról agus freagracht na craoltóireachta a

neartú, agus chun rannpháirtíocht an phobail i gcúrsaí craolacháin a mhéadú. Áirítear leis

sin: feasacht a mhéadú; comhairliúchán leis an bpobal agus le páirtithe leasmhara eile; plé

agus díospóireacht a éascú; taighde a spreagadh agus san áit is féidir, taighde a dhéanamh.

1.3 Modhanna straitéiseacha le sonraí agus faisnéis a bhailiú a fhorbairt chun crann taca a chur

faoi mhúnla éifeachtúil cinnteoireachta, bunaithe ar fhaisnéis.

Tionchar Agus CumarsáidTÉama

Ráiteas Straitéise 2011-2013

Page 17: Ráiteas stratéise an BAI 2011-13

Éagsúlacht a ChinntúTÉama

Soláthar réimse ilghnéitheach seirbhísí agus lánas craolacháin a éascú Sprioc Straitéiseach 2

I gcúrsaí craolacháin in Éirinn, tugann “éagsúlacht” le tuiscint go bhfuil réimse leathan seirbhísí

agus ábhar craolacháin a shásaíonn riachtanais mhuintir na hÉireann agus go bhfuil ábhar agus

cláir ann a léiríonn agus a thugann léargas ar speictream leathan shochaí na hÉireann.

Creideann an BAI go mbeidh tionchar cumhachtach agus dearfach ag rannpháirtíocht réimsí

éagsúla den tsochaí in Éirinn i gcúrsaí craolacháin ar dhioscúrsa poiblí agus ar an daonlathas. Ba

chóir go dtabharfadh ábhar craolacháin léargas ar na ceisteanna atá ina ábhar imní don daonra

agus ar a gcuid mianta, ba chóir dó eolas a thabhairt do dhaoine a bhfuil cónaí orthu in Éirinn

agus a chur ar a gcumas páirt a ghlacadh i bpróiséis pholaitíochta agus sóisialta. Ba chóir dó

chomh maith múnla den cuimsitheacht a thabhairt, trí an réimse iomlán d’ábhar spéise an lucht

feachana agus éisteachta a léiriú.

Is é an cur chuige atá ag an BAI réimse fairsing clár agus ábhar ar ardchaighdeán a spreagadh,

a mholadh agus a fhorbairt ar bhealach a fhreastalaíonn ar lucht féachana agus éisteachta in

Éirinn ar an gcaoi is fearr agus is féidir. Cuirfidh cothú na cruthaitheachta, na nuálaíochta, an

ardchaighdeáin agus an ábharthachta laistigh den chraoltóireacht agus éascú forbartha leanúnaigh

earnála beoga léiriúcháin crann taca faoin sprioc sin a bhaint amach.

Spriocanna Straitéiseacha

2.1 Réimse ilchineálach seirbhísí craolacháin a chinntiú a fhreastalaíonn ar an gcaoi is

fearr ar riachtanais mhuintir na hÉireann agus a chinntiú go bhfuil lánas agus cláir ar fáil a

léiríonn agus a thugann léargas ar an éagsúlacht atá sa sochaí in Éirinn.

2.2 Scéimeanna a fhorbairt agus a chur i bhfeidhm le tacaíocht a thabhairt chun cláir ar

ardchaighdeán a léiriú a chuireann leis an ilchineálacht clár atá ar fáil don lucht féachana

agus éisteachta sa Stát.

2.3 A inmhianta agus atá craoltóireacht digiteach fuaime agus an acmhainneacht atá ann

di a iniúchadh.

2.4 Leanúint ar aghaidh ag tacú le glacadh tráchtála do theilifís dhigiteach trastíre (DTT), chun

rogha níos mó de lánas craolacháin a sholáthar don lucht féachana in Éirinn.

17

www.bai.ie

Page 18: Ráiteas stratéise an BAI 2011-13

18

Iolracht a ChinntiúTÉama

Iolracht a chur chun cinn sa chraoltóireacht in ÉirinnSprioc Straitéiseach 3

Tá an prionsabal go gcinntítear barúlacha difriúla agus tuairimí difriúla ag croílár na reachtaíochta

craolacháin in Éirinn. Tá an t-iolracht ríthábhachtach do shláinte an daonlathais agus léiríonn

rialacha i dtaca le húinéiracht agus rialú seirbhísí craolacháin gné tábhachtach i mbaint amach an

iolrachais san earnáil chraolacháin in Éirinn.

Creideann an BAI go bhfuil sé riachtanach go mbeadh iontaoibh agus muinín ag muintir na

hÉireann in úinéireacht, neamhchlaontacht agus oibiachtúlacht na bhfoinsí nuachta agus faisnéise

a chraoltar in Éirinn. Chun iontaoibh agus muinín an phobail a fheabhsú tá sé i gceist ag an BAI

cód nua i dtaca le cothrom, neamhchlaontacht agus oibiachtúlacht i dtaobh ábhar craolacháin,

nuacht agus cúrsaí reatha san áireamh, a cheapadh agus a chur i bhfeidhm.

Tabharfaidh cur chuige an BAI i dtaca le céadúnú tacaíocht dá chuid spriocanna beartais de réir

a údarás reachtúil. Agus aird aige ar an riachtanas ligean don earnáil chraolacháin forbairt a

dhéanamh agus go mbeadh seirbhísí craolacháin inmharthanach, cuirfidh an BAI bearta éifeachtúla

i bhfiedhm chun dlús míchuí a sheachaint in úinéireacht agus rialú sheirbhísí craolacháin sa Stát.

Spriocanna Straitéiseacha

3.1 Comhshaol craolacháin a éascú a chuirfidh meascán de chraoltóireacht seirbhíse poiblí, de

chraoltóireacht tráchtála agus de chraoltóireacht pobail chun cinn.

3.2 Beartais, cóid agus nósanna imeachta a chuireann iolracht ó thaobh tuairimí asraon agus

foinse de a bhunú agus a chur i bhfeidhm.

Ráiteas Straitéise 2011-2013

Page 19: Ráiteas stratéise an BAI 2011-13

Follasacht Agus Freagracht Chraoltóirí a Neartú

TÉama

Follasacht agus freagracht chraoltóirí de réir reachtaíochta agus conarthaí a neartúSprioc Straitéiseach 4

Tá tiomantais ar gach craoltóir: do lucht féachana agus éisteachta a bhfuil siad ag freastal

orthu, agus faoin gceadúnas craolacháin ata acu. Déanann an BAI maoirseacht ar chomhlíonadh

tiomantas reachtúla chraoltóirí Éireannacha, agus oibríonn sé lena chinntiú go n-oibríonn

siad de réir théarmaí a gcuid conarthaí. Tá an dualgas ar an eagraíocht a chinntiú go bhfuil

seirbhísí craolacháin bunaithe ar fhíor-riachtanas lucht féachana agus éisteachta agus, nuair a

cheadúnaítear iad, go dtugann craoltóirí léargas go comhsheasmhach ar riachtanais an lucht

féachana agus éisteachta mar atá curtha in iúl ina gcomhaontuithe ceadúnúcháin.

De réir a gceadúnas, tá ceangaltas ar gach craoltóir cóid agus caighdeáin an BAI a chomhlíonadh.

Tá siad sin i bhfeidhm chun leas an phobail a chosaint agus, ach go háirithe, chun cosaintí a

sholáthar do ghrúpaí saonta agus leochaileacha, ar nós leanaí.

Tá freagracht ar an BAI a chinntiú go dtugann craoltóirí seirbhíse poiblí luach ar airgead. Agus

an fheidhm sin á chomhlíonadh aige, tá sé i gceist ag an BAI infheistíocht phoiblí i gcraolachán

seirbhíse poiblí a chosaint trí fhollasacht agus freagracht maidir le húsáid airgid phoiblí a chur

chun cinn.

Spriocanna Straitéiseacha

4.1 A chinntiú go n-oibríonn gach craoltóir atá ceadúnaithe ag an BAI de réir théarmaí

agus choinníollacha a gconarthaí, a gceadúnais agus gach reacht a bhaineann, reachtaíocht

ábhartha fostaíochta san áireamh, trí mhonatóireacht agus forfheidhmiú a dhéanamh ar

chomhlíontacht chonraitheoirí.

4.2 A chinntiú go n-oibríonn craoltóirí laistigh de na cóid agus na rialacha atá i bhfeidhm in

Éirinn maidir le hábhar craolacháin.

4.3 An leibhéal follasachta agus freagrachta i dtaobh chraoltóirí seirbhíse poiblí a mheadú de

réir na gceangaltas i reachtaíocht chuí na hEíreann agus na hEorpa.

4.4 Beartas um Chomhlíonadh agus Forfheidhmiú a fhorbairt agus a chur i bhfeidhm a

chinnteoidh go bhfuil bearta maidir le comhlíonadh craoltóra cothrom agus comhréireach,

go dtugann siad léargas ar riachtanais an lucht féachana agus éisteachta agus go bhfuil

siad dóthaineach do chuspóir na dtuairiscithe reachtúla. 19

www.bai.ie

Page 20: Ráiteas stratéise an BAI 2011-13

20

Foghlaim Agus Forbairt San Earnáil Chraolacháin a Éascú

TÉama

Oibriú leis an earnáil chraolacháin lena hacmhainn a fheabhsúSprioc Straitéaseach 5

In ainneoin na ndúshlán sa dtimpeallacht eacnamaíoch faoi láthair, tá earnáil na craoltóireachta

mar chomhchuid bheoga i gcónaí de na tionscail chruthaitheacha in Éirinn, ag soláthar fostaíochta

i reimsí ar nós léiriú ábhair, craoltóireacht agus fógraíocht.

Tá an caidreamh atá ag an BAI leis an earnáil dírithe go príomha ar aschur craolacháin a fheabhsú

go leanúnach, agus ar chumas na hearnála craolacháin a acmhainneacht laistigh de na tionscail

chruthaitheacha a bhaint amach. Beidh tábhacht faoi leith i gcónaí ag baint le cultúr oiliúna agus

foghlama ar feadh an tsaoil a chothú laistigh de thionscal na craoltóireachta.

Tá sé i gceist ag an BAI athmheasúnú a dhéanamh ar riachtanais forbartha na hearnála chun

réimsí tosaíochta a aithint le tacaíocht a thabhairt dóibh agus leis an tslí is fearr leis an tacaíocht

sin a sholáthar laistigh da na hacmhainní atá ar fáil a chinntiú. Tairgeoidh an próiséas sin léargas

straitéiseach maidir le riachtanais tosaíochta san éarnáil chraolacháin in Éirinn, agus maidir leis an

ról is fearr don BAI i dtaca le tacáiocht fhorbarthach.

Spriocanna Straitéiseacha

5.1 Teagmháil straitéiseach a dhéanamh le craoltóirí lena riachtanais ó thaobh forbartha de a

fháil amach agus le straitéisí a ghlacadh a thabharfaidh tacaíocht don earnáil chun a ról

laistigh d’earnáil na meán i gcoitinne a fhorbairt agus a neartú.

Ráiteas Straitéise 2011-2013

Page 21: Ráiteas stratéise an BAI 2011-13

Craoltóireacht Fhreagrach a Chur Chun Cinn Agus Lucht Féachana Agus Éisteachta a Chumasú

TÉama

Cóid agus caighdeáin chraolacháin a cheapadhSprioc Straitéiseach 6

Sprioc chomhroinnte idir chraoltóirí agus an rialtóir craolacháin is ea craoltóireacht atá freagrach.

Comhroineann an BAI freagracht le craoltóirí Éireannacha lena chinntiú gur féidir leo cothromaíocht

a bhaint amach idir chruthaitheacht agus nuálaíocht agus an riachtanas atá ann lucht féachana

agus éisteachta a chosaint ó ábhar atá míchuí agus tarcaisneach.

Comhchuid lárnach de shaothar an BAI is ea craoltóireacht fhreagrach a chur chun cinn. Tá sé

i gceist ag an BAI go gcomhlíonfaidh ábhar cláir na caighdeáin a meastar a bheith oiriúnach i

sochaí comhaimseartha na hÉireann. Oibríonn an BAI le craoltóirí Éireannacha chun craoltóireacht

fhreagrach a chur chun cinn. An ról is tábhachtaí atá aige is ea dúshlan a thabhairt do chraoltóirí a

gcuid freagrachtaí i dtaobh lucht féachana agus éisteachta agus maidir leis an t-sochaí a ghlacadh

agus a chur i bhfeidhm, agus iad a spreagadh chun dul i ngleic go hidirghníomhach le forbairt

agus feabhsú leanúnach na gcód, na rialacha agus na ndualgas éagsúla ábhartha.

Sprioc Straitéiseach

6.1 Forbairt agus cur i bhfeidhm cód agus rialacha craolacháin a choimeád faoi athbhreithniú,

chun comhlíonadh na gcaighdeán inghlactha sa chraoltóireacht in Éirinn a chinntiú, agus

le riachtanais an lucht féachana agus éisteachta atá ag athrú i gcónaí a réamh-mheas agus

a shásamh.

21

www.bai.ie

Page 22: Ráiteas stratéise an BAI 2011-13

22

Craoltóireacht Fhreagrach a Chur Chun Cinn Agus Lucht Féachana Agus Éisteachta a Chumasú

TÉama

Lucht féachana agus éisteachta a chur ar an eolas, a oiliúint agus a chumasúSprioc Straitéiseach 7

Tá sé i gceist ag an BAI go mbeidh ról tábhachtach ag lucht féachana agus éisteachta i dtaobh

ábhar craolacháin a mhúnlú, agus creideann sé go chóir go dtabharfadh an chraoltóireacht

léargas ar cheisteanna agus ar mhianta dhaonra na hÉireann. Seachas a bheith ina dtomhaltóirí

éighníomhacha, tá an ceart ag daoine critíc a thabhairt ar ábhar craolacháin trí aiseolas a thabhairt

do chraoltóirí, tríd an córas gearáin, agus trí rannpháirtíocht a ghlacadh i bhforbairt caighdeán

craolacháin agus trína dtuairimí a nochtadh maidir leis sin. Beidh na hacmhainní sin riachtanach

amach anseo i dtimpeallacht craolacháin atá ag athrú go tapaidh.

Teastaíonn ón BAI feasacht an phobail i dtaca leis an ról ghíomhach rannpháirteach sin a mhéadú.

Tá sé i gceist aige tionscnaimh litearthachta sna meáin a chur chun cinn a chuirfidh le cumas an

phobail idirghníomhaíocht a dhéanamh leis an dtimpeallacht craolacháin agus é a thuiscint.

Ar an gcaoi céanna, tá an ceart ag daoine a shíleann gur léiríodh iad nó a gcuid tuairimí go

míchothrom an dúshlan sin a thabhairt d’aschuir craolacháin. Ina chuid oibre i gcomhpháirtíocht

le craoltóirí, tá sé i gceist ag an BAI an próiséas gearáin atá athbhreithnithe agus nuashonraithe

cheana féin aige a chur i bhfeidhm.

Spriocanna Straitéiseacha

7.1 Cumarsáid níos fearr idir chraoltóirí agus lucht féachana agus éisteachta a éascú trí an

próiséas láimhseála gearáin a chur i bhfeidhm go héifeachtúil.

7.2 Cinnteacht maidir leis an gceart sásamh a fháil a sholáthar trí an scéim reachtúil “Ceart

Freagartha” a chur i bhfeidhm.

7.3 Iarracht a dhéanamh tionscnaimh litearthachta sna meáin a chur chun cinn a fheabhsóidh

cumas an phobail maidir le lánas cláir a bhreithniú agus a mheasúnú agus an comhshaol

craolacháin a thuiscint agus idirghníomhaíocht a dhéanamh leis agus rannpháirtíocht a

bheith acu ann.

Ráiteas Straitéise 2011-2013

Page 23: Ráiteas stratéise an BAI 2011-13

Rialachas Agus Forbairt Na hEagraíochta a Neartú

TÉama

An BAI a fhorbairt mar eagraíocht seirbhíse poiblí atá aiclí, éifeachtach agus proifisiúnta

Sprioc Straitéiseach 8

Tá struchtúr eagraíochta casta ag an BAI. Tá tionscnaimh reachtúla, sna margaidh agus

spreagtha ag an éifeachtúlacht ag teacht chun cinn go tapaidh agus tá tionchar acu sin ar

oibríocht an BAI ar gach leibhéal. Chun eagraíocht láidir, comhtháiteach a chruthú ní mór do

cheithre comhpháirteanna an BAI – An tÚdarás, An Coiste um Dheonú Conarthaí, An Coiste um

Chomhlíonadh agus an Feidhmeannas – oibriú lena chéile go héifeachtach agus go héifeachtúil.

Tá sé riachtanach go mbeadh leibhéal ard gnóthaithe spriocanna, tiomantas maidir le rialachas

láidir corporáideach agus clú maidir le feabhas i gceist chun tacú le spriocanna uaillmhianacha an

BAI a bhaint amach.

Baineann ceann de phríomhdhúshláin an BAI lena chumas athruithe a réamh-mheas agus

freagairt dóibh. Chuige sin, tá múnla oibríochta solúbtha forbartha ag an eagríocht a chuireann

ar a chumas an fheidhm is éifeachtúla a bhaint as acmhainní teoranta de réir riachtanas reachtúla

agus earnála agus leanfaidh sé ar aghaidh ag forbairt an mhúnla sin. Tá sé riachtanach go

bhfeabhsófaí infheistíocht sa bhonneagar TE i dteannta athruithe suntasacha i gcleachtais oibre

agus i modhanna níos solúbtha oibre. Cuirfidh na feabhsuithe sin ar chumas na heagraíochta

freagairt níos éifeachtúla agus níos éifeachtaí a dhéanamh i dtaca le riachtanais inmheánacha

agus seachtracha na leas-sealbhóirí agus tabharfaidh sé an deis don bhfoireann a n-aird a dhíriú

ar bhunghníomhaíochtaí straitéiseacha.

Spriocanna Stráitéiseacha

8.1 Tá creat láidir maidir le rialachas agus acmhainní i bhfeidhm chun feidhmiú éifeachtúil agus

éifeachtach an Úídaráis agus na gCoistí Reachtúla a éascú, atá dírithe ar oibleagáidí

reachtúla agus spriocanna straitéiseacha an BAI a bhaint amach.

8.2 Tá struchtúir agus cleachtais i bhfeidhm san eagraíocht a thugann tacaíocht d’fhorbairt

leanúnach na foirne; a chuireann barr feabhais ar úsáid acmhainní; a fheabhsaíonn

cumarsáid inmheánach; agus a uasmhéadaíonn éifeachtacht i gcoitinne agus

éifeachtúlacht chostais.

23

www.bai.ie

Page 24: Ráiteas stratéise an BAI 2011-13

24

Ráiteas Straitéise 2011-2013