21
Modúl A hAon Forbhreathnú ar an Eoraip

Sa mhodúl seo: · Web viewtuigfidh tú do chearta, mar shaoránach den Aontas Eorpach, chun cónaí, obair, staidéar agus taisteal in aon bhallstát den Aontas Eorpach gheobhaidh

  • Upload
    others

  • View
    2

  • Download
    0

Embed Size (px)

Citation preview

Page 1: Sa mhodúl seo: · Web viewtuigfidh tú do chearta, mar shaoránach den Aontas Eorpach, chun cónaí, obair, staidéar agus taisteal in aon bhallstát den Aontas Eorpach gheobhaidh

ModúlA hAon Forbhreathnú ar an Eoraip

5

Page 2: Sa mhodúl seo: · Web viewtuigfidh tú do chearta, mar shaoránach den Aontas Eorpach, chun cónaí, obair, staidéar agus taisteal in aon bhallstát den Aontas Eorpach gheobhaidh

ModúlA hAon

Forbhreathnú ar an Eoraip

An raibh a fhios agat…Go bhfuil an tsoghluaisteacht oideachais ag éirí níos minice ar fud na hEorpa, ina bhfuil mic léinn ag caitheamh níos mó dá gcuid ama ag staidéar thar lear? Cuidíonn Euroguidance Éireann, atá lonnaithe laistigh de NCGE, le treoirchomhairleoirí agus le daoine aonair na deiseanna oideachais atá ar fáil do shaoránaigh Eorpacha ar fud na hEorpa a thuiscint.

Sa mhodúl seo:

gheobhaidh tú léargas ar an Aontas Eorpach

tuigfidh tú saoránacht an Aontais Eorpaigh

tuigfidh tú do chearta, mar shaoránach den Aontas Eorpach, chun cónaí, obair, staidéar agus taisteal in aon bhallstát den Aontas Eorpach

gheobhaidh tú léargas ar na buntáistí a bhaineann le staidéar thar lear lena n-áirítear forbairt phearsanta, foghlaim teanga, agus na buntáistí maidir le deiseanna gairme a bheith agat sa todhchaí.

Page 3: Sa mhodúl seo: · Web viewtuigfidh tú do chearta, mar shaoránach den Aontas Eorpach, chun cónaí, obair, staidéar agus taisteal in aon bhallstát den Aontas Eorpach gheobhaidh

1.1 An Eoraip agus an tAontas Eorpach

1

2

Cad a chiallaíonn an focal ‘Eorpach’ duitse? Cuir bhur gcuid smaointe i gceann a chéile mar rang nó oibrigh i ngrúpaí beaga chun an cheist seo a fhreagairt.

Agus tú ag éisteacht le beochan Stair faoi Chruthú an Aontais Eorpaigh, liostáil na cúig fhíric stairiúla is tábhachtaí faoin Aontas Eorpach, dar leat.

1.

2.

3.

4.

5.

Cliceáil nó tapáil anseo chun téacs a chur isteach

Cliceáil nó tapáil anseo chun téacs a chur isteach.

Cliceáil nó tapáil anseo chun téacs a chur isteach.

Cliceáil nó tapáil anseo chun téacs a chur isteach.

Cliceáil nó tapáil anseo chun téacs a chur isteach.

Cliceáil nó tapáil anseo chun téacs a chur isteach.

Page 4: Sa mhodúl seo: · Web viewtuigfidh tú do chearta, mar shaoránach den Aontas Eorpach, chun cónaí, obair, staidéar agus taisteal in aon bhallstát den Aontas Eorpach gheobhaidh

1.2 Bratach na hEorpa

3

4

Féach ar an bhfíseán ar bhratach na hEorpa agus liostaigh idéil an Aontais Eorpaigh arna léiriú ag an gciorcal de 12 réalta órga.

Is é ‘in varietate concordia’ (i mBéarla - ‘aontaithe san éagsúlacht’) mana oifigiúil an Aontais Eorpaigh a glacadh sa bhliain 2000. Mínigh i d’fhocail féin cad a chiallaíonn an mana seo, dar leat.

Úsáid an nasc thíos chun tuilleadh faisnéise a fháil más mian leat: https://europa.eu/european-union/about-eu/eu-in-brief_en

Cliceáil nó tapáil anseo chun téacs a chur isteach.

Cliceáil nó tapáil anseo chun téacs a chur isteach.

Page 5: Sa mhodúl seo: · Web viewtuigfidh tú do chearta, mar shaoránach den Aontas Eorpach, chun cónaí, obair, staidéar agus taisteal in aon bhallstát den Aontas Eorpach gheobhaidh

Cleachtaí roghnacha breise ar an mbratach

• An féidir leat íomhánna de bhratach an Aontais Eorpaigh a fháil i do phobal nó réigiún áitiúil agus mínigh an fáth a bhfuil siad ann?

Leid: Úsáidtear bratach na hEorpa go minic chun ionadaíocht a dhéanamh ar thionscadail atá á maoiniú ag an Aontas Eorpach. Cuardaigh tionscadail atá maoinithe ag an Aontas Eorpach i do phobal áitiúil (m.sh. do scoil, ionad spóirt, ionad pobail, club óige).

• Scríobh alt do nuachtán nó d’irisleabhar ar líne faoi thábhacht bhratach na hEorpa.

• Déan taighde ar stair na mbratach agus ar an gcaoi ar tháinig bratach an Aontais Eorpaigh chun cinn agus scríobh tuarascáil air. (D’fhéadfá é seo a chur i láthair ar líne nó póstaer taispeána a chruthú).

• Scríobh gearrscéal a bhfuil baint éigin aige le bratach na hEorpa.

• Bíodh díospóireacht ranga agat faoi chuid nó gach ceann de na hábhair seo:

– ábharthacht chultúrtha agus pholaitiúil de bhratach na hEorpa

– na fíricí stairiúla is tábhachtaí faoin Aontas Eorpach

– todhchaí an Aontais Eorpaigh

– cad a chiallaíonn sé duit a bheith i d’Eorpach

• Cruthaigh dearadh nua do bhratach an Aontais Eorpaigh bunaithe ar a luachanna agus a hidéil (obair leis an rang Ealaíne?)

• Cruthaigh taispeántas ‘Bratacha an Aontais Eorpaigh’ (obair leis an rang Ealaíne / Tíreolaíochta?)

Page 6: Sa mhodúl seo: · Web viewtuigfidh tú do chearta, mar shaoránach den Aontas Eorpach, chun cónaí, obair, staidéar agus taisteal in aon bhallstát den Aontas Eorpach gheobhaidh

1.3 Léarscáil na hEorpa

5 Níos déanaí, i Modúl 4 beidh tú ag déanamh roinnt taighde ar roghanna staidéir i dtíortha Eorpacha, mar sin ní mór duit fios a bheith agat cá bhfuil siad!

Liostaigh an oiread tíortha den Aontas Eorpach agus is féidir leat ar an gcéad leathanach eile. Nuair a scríobh tú an oiread tíortha agus is féidir leat cuimhneamh orthu, féach ar an gclár ar líne Euro-Quest le haghaidh na bhfreagraí.

Tá na freagraí taobh thiar de gach cás glas ar an léarscáil ar líne.

Page 7: Sa mhodúl seo: · Web viewtuigfidh tú do chearta, mar shaoránach den Aontas Eorpach, chun cónaí, obair, staidéar agus taisteal in aon bhallstát den Aontas Eorpach gheobhaidh

Léarscáil na hEorpa

Liostaigh na tíortha Eorpacha thíos.

1. Cliceáil nó tapáil anseo chun téacs a chur isteach. 15. Cliceáil nó tapáil anseo chun téacs a chur isteach.

2. Cliceáil nó tapáil anseo chun téacs a chur isteach. 16.Cliceáil nó tapáil anseo chun téacs a chur isteach.

3. Cliceáil nó tapáil anseo chun téacs a chur isteach. 17.Cliceáil nó tapáil anseo chun téacs a chur isteach.

4. Cliceáil nó tapáil anseo chun téacs a chur isteach. 18.Cliceáil nó tapáil anseo chun téacs a chur isteach.

5. Cliceáil nó tapáil anseo chun téacs a chur isteach. 19.Cliceáil nó tapáil anseo chun téacs a chur isteach.

6. Cliceáil nó tapáil anseo chun téacs a chur isteach. 20.Cliceáil nó tapáil anseo chun téacs a chur isteach.

7. Cliceáil nó tapáil anseo chun téacs a chur isteach. 21.Cliceáil nó tapáil anseo chun téacs a chur isteach.

8. Cliceáil nó tapáil anseo chun téacs a chur isteach. 22.Cliceáil nó tapáil anseo chun téacs a chur isteach.

9. Cliceáil nó tapáil anseo chun téacs a chur isteach. 23.Cliceáil nó tapáil anseo chun téacs a chur isteach.

10. Cliceáil nó tapáil anseo chun téacs a chur isteach. 24.Cliceáil nó tapáil anseo chun téacs a chur isteach.

11. Cliceáil nó tapáil anseo chun téacs a chur isteach. 25.Cliceáil nó tapáil anseo chun téacs a chur isteach.

12. Cliceáil nó tapáil anseo chun téacs a chur isteach. 26.Cliceáil nó tapáil anseo chun téacs a chur isteach.

13. Cliceáil nó tapáil anseo chun téacs a chur isteach. 27.Cliceáil nó tapáil anseo chun téacs a chur isteach.

14. Cliceáil nó tapáil anseo chun téacs a chur isteach. 28.Cliceáil nó tapáil anseo chun téacs a chur isteach.

Tá na freagraí ar an gcéad leathanach eile nó ar an léarscáil ar líne. Ná seiceáil ró-luath!

Page 8: Sa mhodúl seo: · Web viewtuigfidh tú do chearta, mar shaoránach den Aontas Eorpach, chun cónaí, obair, staidéar agus taisteal in aon bhallstát den Aontas Eorpach gheobhaidh

Cleachtaí roghnacha breise ar an léarscáil

• D’fhéadfaí an cleachtadh seo a leathnú chun na príomhchathracha a áireamh freisin agus d’fhéadfaí tráth na gceist ar phríomhchathracha a dhéanamh ó bhéal sa rang nó comórtas luas cuimhne a dhéanamh i bhfoirne

• D’fhéadfá an deis seo a thapú chun d’eolas geografach nó eolas stairiúil ar an Eoraip a athbhreithniú i do rang Tíreolaíochta nó Staire

• D’fhéadfá a bheith mar aidhm líon na dteangacha a labhraítear i ngach tír a aithint sa rang nó le haghaidh obair bhaile

• Sa rang Matamaitice nó Eacnamaíochta, d’fhéadfá breathnú ar staitisticí daonra, staitisticí oideachais nó staitisticí mhargadh an tsaothair san Eoraip agus iad a thaifeadadh i gcairteacha nó i ngraif agus cur i láthair a dhéanamh don rang

• D’fhéadfá fíricí eile a fháil amach faoi thíortha na hEorpa, na fíricí caighdeánacha agus roinnt fíricí neamhghnácha

Le haghaidh tuilleadh faisnéise, tugann an nasc seo na fíricí riachtanacha faoi gach tír. https://europa.eu/european-union/about-eu/countries/member-countries_en

Page 9: Sa mhodúl seo: · Web viewtuigfidh tú do chearta, mar shaoránach den Aontas Eorpach, chun cónaí, obair, staidéar agus taisteal in aon bhallstát den Aontas Eorpach gheobhaidh

1.4 Saoránacht Eorpach

Déanfaidh tú iniúchadh agus machnamh anois ar an gcaoi ar féidir bheith i do shaoránach Eorpach tionchar a imirt ar do shaol laethúil. Léigh an t-alt le Kate Ryan ar Spunout.ie agus freagair na ceisteanna ar an gcéad leathanach eile.

https://spunout.ie/news/article/european-citizenship-what-it-means-to-me

Page 10: Sa mhodúl seo: · Web viewtuigfidh tú do chearta, mar shaoránach den Aontas Eorpach, chun cónaí, obair, staidéar agus taisteal in aon bhallstát den Aontas Eorpach gheobhaidh

6

7

Deir Kate ‘D’fhéadfaí go mbeadh sé deacair mothú mar shaoránach Eorpach agus tú i do chónaí ar a imeall’.

Liostaigh dhá chúis a deir Kate an ráiteas seo.

An aontaíonn tú nó nach n-aontaíonn tú le Kate ‘I‘D’fhéadfaí go mbeadh sé deacair mothú mar shaoránach Eorpach agus tú i do chónaí ar a imeall’?

Mínigh d’fhreagra thíos.

Cliceáil nó tapáil anseo chun téacs a chur isteach.

Cliceáil nó tapáil anseo chun téacs a chur isteach.

Page 11: Sa mhodúl seo: · Web viewtuigfidh tú do chearta, mar shaoránach den Aontas Eorpach, chun cónaí, obair, staidéar agus taisteal in aon bhallstát den Aontas Eorpach gheobhaidh

Cleachtaí roghnacha breise ar shaoránacht Eorpach

• Scríobh d’alt féin mar fhreagra ar alt Kate, ag tagairt do chearta shaoránaigh na hEorpa, don chomhar eacnamaíoch agus polaitiúil idir ballstáit an Aontais Eorpaigh, agus do chultúr an Aontais Eorpaigh. Críochnaigh d’alt le mír ar na rudaí a shíleann tú a d’fhéadfadh cabhrú le daoine óga atá ina gcónaí in Éirinn mothú níos cosúla le saoránaigh Eorpacha.

D’fhéadfadh na naisc seo a leanas cabhrú leat:

https://europa.eu/european-union/about-eu/eu-in-brief_en http://ec.europa.eu/social/main.jsp?catId=858&langId=en

• B’fhéidir go bhféadfá dul chuig do leabharlann áitiúil chun roinnt taighde a dhéanamh ar an Eoraip. An raibh a fhios agat go bhfuil Ionad Faisnéise Díreach na hEorpa le fáil i go leor leabharlanna in Éirinn?http://www.europedirect.ie/ http://www.europarl.europa.eu/visiting/en/close-to-you https://europa.eu/european-union/contact_en

• D’fhéadfá oibriú le chéile mar rang, ag comhcheangal na bpointí a dhéantar in ailt aonair, chun freagra ranga ar alt Kate a chumadh. Féadfaidh tú cinneadh a dhéanamh an t-alt a fhoilsiú i nuachtlitir do scoile.

Cén fáth nach mbainfeá triail as ceann de na smaointe seo a leanas le rang eile.

• Cruthaigh amlíne amhairc de stair an an Aontais Eorpaigh (comhoibrigh leis an rang Staire/Ealaíne/TF)

• Déan díospóireacht ar cheann de na hábhair seo a leanas ‘Níl aon tionchar ag Éirinn ar an Aontas Eorpach’, ‘Ba cheart go mbeadh arm ag an Aontas Eorpach’, ‘Tá dlíthe an Aontais Eorpaigh maidir leis an gcomhshaol go maith don tír seo’ (comhoibriú leis an rang Béarla / Staire / Polaitíochta)

• Cruthaigh taispeántas de léarscáileanna den Aontas Eorpach ag taispeáint a fhás ón tús go dtí an lá atá innu ann (comhoibrigh leis an rang Tíreolaíochta)

• Tá a 'aintiún' féin ag an Aontas Eorpach. Cruthaigh tiomsú d’aintiúin náisiúnta uile atá ag tíortha an Aontais Eorpaigh. Cad iad na scéalta atá taobh thiar díobh? (comhoibriú le rang Ceoil / Staire / TF)

Page 12: Sa mhodúl seo: · Web viewtuigfidh tú do chearta, mar shaoránach den Aontas Eorpach, chun cónaí, obair, staidéar agus taisteal in aon bhallstát den Aontas Eorpach gheobhaidh

Cuimhnigh, níl gá gach aonnasc suíomh Gréasáin sa leabhar seo a leanúint - níl iontu seo ach moltaí!B’fhéidir go bhfaighidh tú naisc níos fearr fós le linn do thaighde ar líne.

Tá Modúl 1 críochnaithe agat anois

TUILLEADH ROGHANNA:• Cuir ceist ar do mhúinteoir faoi eTwinning agus

fiosraigh an féidir an cleachtadh seo a dhéanamh le piarghrúpa i dtír Eorpach eile.https://www.leargas.ie/programmes/eTwinning/

• Cén fáth nach n-eagróidh tú Lá Feasachta Eorpaí i do scoil chun aird a tharraingt ar do thorthaí nó páirt a ghlacadh i Lá Ceiliúradh na hEorpa an 9 Bealtaine?

• An bhfuil tú ag staidéar faoin Eoraip in ábhar eile san Idirbhliain? Más ea, an bhféadfá tionscadal roinnte a dhéanamh faoi ghné éigin den Eoraip le rang eile?

• Ceann de na cearta is tábhachtaí atá ag saoránaigh na hEorpa ná an ceart taisteal gan sriain i mballstáit. An aontaíonn tú? D’fhéadfadh sé seo a bheith ina ábhar maith le haghaidh díospóireachta.

• Ligeann Comhaontú Schengen do shaoránaigh an Aontais Eorpaigh taisteal thar theorainneacha gan pasanna. Níl Éire mar pháirtí den Chomhaontú Schengen. Pléigh na buntáistí agus na míbhuntáistí a bhaineann leis seo sa rang.

• Roinnt roghanna scríbhneoireachta: scríobh alt d’irisleabhar ar na buntáistí a bhaineann le taisteal san Eoraip, gearrscéal faoi thuras taistil san Aontas Eorpach, déan liosta de riachtanais nó cuir bileog fíricí le chéile do dhéagóirí a bhfuil ar eolas acu faoi thaisteal san Eoraip .

• Tá faisnéis úsáideach ar an nasc seo: https://www .schenge nvisainfo.com/eu-countries/

Maidir le tionscadal ar leibhéal níos airde, d’fhéadfadh mic léinn institiúid amháin a thógáil ón liosta seo a leanas, taighde a dhéanamh air agus iarracht a dhéanamh an aidhm atá leis a mhíniú don rang i dtrí abairt.Institiúidí an Aontais Eorpaigh:• An Banc Ceannais Eorpach (BCE) https://www.ecb.europa.eu/home/html/index.en.html

• Cúirt Iniúchóirí na hEorpa (CIE) http://www.eca.europa.eu/en

• An tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí (SEGS) https://eeas.europa.eu/headquarters/headquarters-homepage_en

• Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (CESE) http://www.eesc.europa.eu/?i=portal.en.home

• An Banc Eorpach Infheistíochta (BEI) http://www.eib.europa.eu/index.htm?lang=en

• Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí (EDPS) https://secure.edps.europa.eu/EDPSWEB/edps/EDPS?lang=en

• Parlaimint na hEorpa http://www.europarl.europa.eu/portal/

• An Chomhairle Eorpach http://www.consilium.europa.eu/en/european-council/

• An Coimisiún Eorpach https://ec.europa.eu/commission/index_en

• Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh (CBAE) http://curia.europa.eu/jcms/jcms/j_6/en/