Upload
others
View
2
Download
0
Embed Size (px)
Citation preview
1
Réamhrá
Tá an leabhar seo dírithe ar dhaltaí in Eochairchéim 2 le cuidiú leo aiste achur le chéile.
Ceapaim go mbíonn múinteoirí ag dúil le barraíocht ó dhaltaí ranga. Nífhaigheann siad cleachtadh go leor ná cuidiú go leor sula scríobhann siadaiste. Ní bhíonn go leor béime ar fhad abairtí ná ar smaoineamh.
Tá a shúil agam go mbeidh an leabhar seo ina chuidiú.
D. Ó Tuama.
2
Ceacht 1
Amharc ar an abairt seo:
"Tá an fear ag an gheata."
Smaoinigh ar an abair t seo.
An bhfuil sé suimiúil?
An féidir leat do chuid súl a dhruidim agus an fear seo a fheiceáil ag angheata?
An féidir an abairt seo a dhéanamh níos suimiúla?
"an fear " mar shampla.
An bhfuil sé mór?
An bhfuil sé catach?
An bhfuil sé ramhar?
An bhfuil sé maol?
Cén sórt fir é?
"an geata "
An bhfuil an geata mór?
An bhfuil sé glas? (nó Cén dath atá air?)
"Tá an fear maol ag an gheata ghlas."
Tá an abairt sin níos suimiúla anois.
Cad chuige a bhfuil an fear ansin?
An bhfuil sé caillte?
Ar chaill sé a mhadadh?
An bhfuil sé ag amharc ar na ba?
"Tá an fear maol ag an gheata ghlas agus tá sé ag amharc ar nabláthanna."
3
Cá bhfuil na bláthanna?
Cén dath atá orthu?
"Tá an fear maol ag an gheata ghlas agus tá sé ag amharc ar nabláthanna dearga sa pháirc mhór."
Amharc arís ar na habairtí.
1. Tá an fear ag an gheata.
2. Tá an fear maol ag an gheata glas.
3. Tá an fear maol ag an gheata ghlas agus tá sé ag amharc ar nabláthanna.
4. Tá an fear maol ag an gheata ghlas agus tá sé ag amharc ar nabláthanna dearga sa pháirc mhór."
Cé acu abairt is fearr, dar leat?
An féidir leat an rud céanna a dhéanamh leis na habairtí seo a leanann?
Scríobh an abairt ar dtús agus cuir leis.
Scríobh 3 shampla eile d'achan abairt.
1. Tá an gasúr ag an doras.
2. Bhí an fear sa charr.
3. Chonaic an madadh an cat.
4. Shiúil an cailín go dtí an fhuinneog.
5. Bhí Seán ag an siopa.
6. Chonaic mé luchóg sa halla.
7. Rith an leanbh go dtí an balla.
8. Scuab an bhean an t-urlár.
9. Nigh an buachaill na soithí.
10. Léigh an fear an leabhar.
4
Ceacht 2
Cuidíonn focail bheaga linn abairt a dhéanamh níos suimiúla.
Seo samplaí:
beag tanaí feargach salach
mór bán imníoch tuirseach
ramhar brónach glan te
Níl anseo ach samplaí.
An féidir leat 30 sampla eile a fháil?
Déan iarracht samplaí a fháil nach bhfuil ag duine eile. Ná húsáid focailcoitianta mar: deas, maith, agus mar sin de.
Déan na habairtí seo níos suimiúla.
1. Thit an fear sa loch.
2. Chonaic an peileadóir an liathróid.
3. Chuala an cailín an ceol.
4. D'ullmhaigh an bhean an dinnéar.
5
Ceacht 3
A. Scríobh 3 abair t eile le gach ceann acu seo thíos.
1. Bhí na páistí ag siúl ar an sliabh nuair a thit an ceo anuas orthu.
2. Bhí Seán ina shuí ar an charraig nuair a chonaic sé fear beagagus cóta glas air ag teacht chuige.
3. Mhúscail Úna i lár na hoíche agus bhí a seomra lán toite.
4. Lá breithe Nuala a bhí ann. Chuaigh sí síos staighre. Bhí trí litirsa halla di.
5. Chuaigh Liam a luí go luath aréir. Ní raibh sé sa leaba i bhfadnuair a thit codladh air.
B. Úsáid na habairtí le halt a scríobhl Déan iarracht abairtí a scríobhatá suimiúil.
6
Ceacht 4 Ach — Agus
Bíonn an dá fhocal seo iontach úsáideach agus muid ag cur dhá abairt lechéile.
Ceanglaíonn agus dhá abairt le chéile chun abairt fhada amháin adhéanamh.
Sampla:
Chuaigh Síle ar scoil. Bhain sí a cóta di.
Chuaigh Síle ar scoil agus bhain sí a cóta di.
Ceanglaíonn ach dhá abairt le chéile chun abairt fhada amháin adhéanamh ach de ghnáth tarlaíonn rud sa dara abairt nach bhfuil agteacht leis an chéad abairt.
Sampla:
Bhí tuirse orm. Ní dheachaigh mé a luí.
Bhí tuirse orm ach ní dheachaigh mé a luí.
7
Úsáid agus nó ach chun gach péire abairt acu seo a cheangal le chéile.
1. Bhí tart orm. D'ól mé deoch bainne.
2. Bhí an lá fuar. Chuir mé cóta mór orm.
3. Bhí slaghdán orm. D'fhan mé sa bhaile.
4. Bhí pian i mo bholg. Chuaigh mé ar scoil.
5. Bhí punt agam. Cheannaigh mé úlla.
6. Chonaic mé taibhse. Ní fhaca Mamaí é.
7. Chuala mé an t-amhrán. Thaitin sé liom.
8. Bhí an leanbh dalba. Cuireadh abhaile é.
9. Bhuail mé ar an doras. Ní raibh duine ar bith ann.
10. Chuaigh mé abhaile. Rinne mé m'obair baile.
11. Tháinig Daidí isteach. Shuigh sé síos.
12. D'éirigh mé go luath. Ní dheachaigh mé ar scoil.
13. Rinne mé arán rósta. D'ith mé é.
14. Chuala mé an chuach. Ní fhaca mé í.
15. Is maith liom iománaíocht. Is beag liom sacar.
16. D'éirigh liom. Theip ar Róise.
17. Bhí ocras orm. Ní raibh tart orm.
18. Bhí cnag ar an doras. Ní raibh éinne ann.
19. Is maith liom bainne. Is breá liom tae.
20. Taitníonn an Samhradh liom. Is fuath liom an Geimhreadh
8
Ceacht 5
Críochnaigh na habairtí seo ar do rogha dóigh.
1. Tháinig mé abhaile agus ………
2. Tháinig mé abhaile ach ………
3. Tháinig mé abhaile mar ………
4. Bhí tart orm agus ………
5. Bhí tart orm ach ………
6. Bhí tart orm mar ………
7. Cheannaigh Mamaí prátaí agus ………
8. Cheannaigh Mamaí prátaí ach ………
9. Cheannaigh Mamaí prátaí mar ………
10. Chuaigh Seán ar scoil go luath agus ………
11. Chuaigh Seán ar scoil go luath ach ………
12. Chuaigh Seán ar scoil go luath mar ………
13. Rith mé ar nós na gaoithe agus ………
14. Rith mé ar nós na gaoithe ach ………
15. Rith mé ar nós na gaoithe mar ………
Ceacht 6
Críochnaigh an scéal seo:
Níor chreid Seán na scéalta a chuala sé faoin teach mór bán. Dúirt a charaDiarmuid gur chuala sé fuaimeanna agus dúirt Síle go bhfaca sí soilse anni lár na hoíche. Dúirt Seán go rachadh sé isteach le Diarmuid tar éis titimna hoíche ach anois bhí sé ag éirí imníoch ………
9
Ceacht 7 Samhailteacha
Foghlaim na samhailteacha seo agus úsáid gach ceann acu in abair t.
1. chomh mór le beirt
2. chomh ramhar le muc
3. chomh binn le guth na cuaiche
4. chomh dubh le pic
5. chomh buí le buachallán
6. chomh bán le sneachta
7. chomh lag le sicín lae
8. chomh mín le gloine
9. chomh daingean le carraig
10. chomh sean leis na cnoic
11. chomh dearg le fuil
12. chomh ciúin le cat
13. chomh bog le tocht
14. chomh beag le dreoilín
15. chomh marbh le hArt
16. chomh glic le sionnach.
10
Ceacht 8
Seo dán:
Gliondar ar mo Chroí
I
Maidin bhreá ghrianmhar
Saoire ón scoil,
Cluiche breá iomána,
I mo luí ar an trá.
II
Uachtar reoite is milseáin,
Ceol ar an téip,
Ag súgradh le mo chairde,
Cuireann seo áthas ar mo chroí.
III
I mo luí i mo leaba,
I lár na cathrach liom féin,
Ag snámh sa linn Dé Domhnaigh,
Sin é mo mhian.
A. Cad é a chuireann gliondar ar do chroí? Ainmnigh 3 rud.
B. Déan liosta de dheich rud a thaitníonn leat.
C. Scríobh dán darb ainm "Gliondarar mo Chroí".
11
Ceacht 9
Bain úsáid as An Fhoclóir Bheag chun na focail seo a mhíniú.
1. croíbhriste
2. slachtmhar
3. sona
4. sámh
5. meata
6. caol
7. geanúil
8. glinn
9. fuinniúil
10. umhal
11. breoite
12. uaibhreach
13. bríomhar
14. náireach
15. meidhreach
16. dúthrachtach
17. imníoch
18. dubhach
19. santach
20. greannmhar
21. aisteach
22. beomhar
23. scáfar
24. daibhir
25. calma
26. fairsing
27. caoin
28. gioblach
29. fíochmhar
30. subhach
12
Ceacht 10 Tús Aiste
Tá sé iontach tábhachtach go mbíonn tús aiste s'agat iontach suimiúil.Má bhíonn sé suimiúil beidh fonn ar dhaoine í a léamh agus beidh fonnortsa aiste shuimiúil a scríobh.
Amharc ar an dá thús seo. An aiste chéanna atá i gceist.
A. D'éirigh Úna amach as an leaba. Bhí sé leath i ndiaidh a hocht.Bhí sí mall.
B. Mhúscail Úna de phreab. Thug sí spléachadh ar an chlog. Dia ársábháil, leath i ndiaidh a hocht! Bheadh fearg an domhain ar anmhúinteoir. Nach í a bhí mall?
1. Anois, cé acu tús is fearr, dar leat?
2. Cad chuige sin?
3. Cad é an difear idir an dá thús?
4. Cad é an tús a bheadh agat féin agus tú ag scríobh aiste?
Seo aistí. Scríobh tús d'achan aiste. Ná scríobh níos mó ná 3 abairt.
1. Taibhse sa teach.
2. Longbhriseadh.
3. Lá ag iascaireacht.
4. Eachtra ar an Sliabh Dubh.
5. Caillte i lár na cathrach.
Ná déan dearmad iad a dhéanamh chomh suimiúil agus is féidir leat!
13
Ceacht 11
Amharc ar an scéal leadránach seo.
Bhí Liam amuigh sa choill. Bhí sé ag amharc ar na héin lena chara.Thit ceo. Bhí siad caillte. Bhí eagla orthu. Nuair a d'imigh an ceochuaigh siad abhaile.
An féidir leat an scéal seo a dhéanamh níos fearr?
Cad é atá cearr leis?
An scéal suimiúil é?
An féidir leat cur leis?
Anois scríobh do scéal féin.
Cad chuige a raibh siad sa ghleann nó sa choill?
Cad é an t-ainm a bhí ar a chara?
Cad é mar a bhí an aimsir nuair a d'fhág siad an baile an mhaidinsin?
An bhfaca siad rud ar bith iontach sa choill an lá sin?
Déan iarracht an scéal a dhéanamh chomh suimiúil agus is féidirleat.
Teidil don scéal:
1. Caillte sa Cheo.
2. An Choill Bhaolach.
3. Liam i bPonc.
4. Lá uafásach sa ghleann.
An bhfuil tusa ábalta teidil níos fearr a chumadh?
14
Ceacht 12 Cad é a chuireann fearg ort?
Cuireann daoine ag magadhorm isteach orm. Bíonnfearg orm nuair abhuai leann mo dheartháirmé. Bíonn fearg orm nuaira deirtear l iom dul a lu í
mo chosa ar an urlár.
Caithim mo bhróga i gcoinne an bhalla.Druidim an doras de phlab. Scairtim inard mo ghutha.
nuair a screadann sí orm.
1. Cad é a chuireann fearg ortsa? Déan liosta de na rudaí a chuireannisteach ort.
go luath .
Cuireann an fhearthainn feargorm. Cuireann spórt ar an teilifísfearg orm. Cuireann obair baile agdeireadh seachtaine fearg orm.Cuireann mo Mhamaí fearg orm
2. Cad é mar a mhothaíonn túnuair a bhíonn fearg ort?
Éir íonn m'aghaidh dearg.Bíonn mo dhorn teann. Buailim
15
Críochnaigh an scéal seo ar do dhóigh féin.
Mhúscail Seán. Bhí cuma bhán ar a sheomra leapa. Nach é a bhífuar! Ba chuma leis. Deireadh na seachtaine a bhí ann. D'éirigh séamach as an leaba agus d'amharc amach ar an fhuinneog. Bhí sneachtaag titim!
___________________________________________________________
___________________________________________________________
___________________________________________________________
___________________________________________________________
___________________________________________________________
___________________________________________________________
___________________________________________________________
___________________________________________________________
___________________________________________________________
___________________________________________________________
Ná déan dearmad aiste shuimiúil a scríobh.
16
Gliondar Croí
Is maith liom uachtarreoite sa tsamhradh. Isbreá liom súgradh ar antrá i dTír Chonaill. Isgeal liom cluiche breáiomána. Taitníonn turasfada sa charr liom.
— Turlach.Cuireann na laethantaCuireann na laethantaCuireann na laethantaCuireann na laethantaCuireann na laethantasaoire aoibhneas ar mosaoire aoibhneas ar mosaoire aoibhneas ar mosaoire aoibhneas ar mosaoire aoibhneas ar mochro í. Cu ireann a ims irchro í. Cu ireann a ims irchro í. Cu ireann a ims irchro í. Cu ireann a ims irchro í. Cu ireann a ims irna Nollag lúcháir orm.na Nollag lúcháir orm.na Nollag lúcháir orm.na Nollag lúcháir orm.na Nollag lúcháir orm.Is breá liom bheith i moIs breá liom bheith i moIs breá liom bheith i moIs breá liom bheith i moIs breá liom bheith i moshuí cois tine agus méshuí cois tine agus méshuí cois tine agus méshuí cois tine agus méshuí cois tine agus méag amharc ar anag amharc ar anag amharc ar anag amharc ar anag amharc ar ante i l i f í s . Is deas l i omte i l i f í s . Is deas l i omte i l i f í s . Is deas l i omte i l i f í s . Is deas l i omte i l i f í s . Is deas l i omfanacht sa leaba agfanacht sa leaba agfanacht sa leaba agfanacht sa leaba agfanacht sa leaba agdeireadh na seachtaine.deireadh na seachtaine.deireadh na seachtaine.deireadh na seachtaine.deireadh na seachtaine.
— Síle.— Síle.— Síle.— Síle.— Síle.
Seo thuas rudaí a chuireann gliondar croí ar bheirt pháistí.
1. Déan liosta de na rudaí a thaitníonn go mór leat féin.
2. Cad é mar a mhothaíonn tú agus áthas ort?
3. Scríobh 10 líne faoin spionn a bhíonn ort agus lúcháir ort.
17
Seanchapall ag inse a scéil féin.
Is seanchapall anois mé. Tá mé i mo luí i lár na páirce seo agus méaosta caite. Ach bhí an t-am ann nuair a bhí mé óg agus gasta. Nuaira smaoiním ar laethanta geala m'óige tagann brón orm.
Is cuimhin liom nuair a bhí mé i mo chapall óg. Bhí mé iontachmaith ag rith. Is iomaí rás a bhain mé agus is iomaí lá galánta a chaithmé ag rith ar an trá. Bhí saol ar dóigh agam féin agus ag mo chairde.Bhínn ag súgradh leo ó dhubh go dubh gan duine ná deoraí ag curisteach orm. D'fhás mé aníos go gasta.
Cheannaigh fear saibhir mé. Bhog mé go háit eile i bhfad ó mochairde. Bhí cumha bhocht orm. Féadann tú a rá go raibh mo chroíbriste. Ón lá sin amach bhí mé ag rith agus ag cleachtadh gach aonlá gan sos gan staonadh …… ach bhí rogha gach bia agus toghagach di agam. Chuir mé aithne ar chairde nua. Bhí stábla seascairagam.
Ansin lá amháin chuaigh muid go rásaí na gcapall i gContae ChillDara. Bhí mise sa tríú rás. Bhí mé cleachta le rásaí ach ar dhóigh éiginbhí mé neirbhíseach. Níor rith mé go rómhaith ag tús an rása ach deréir a chéile thosaigh mé ag rith níos gaiste. Sa deireadh d'éirigh lioman chéad áit a bhaint amach agus thrasnaigh mé an líne chuntosaigh. Bhí mé i mo réalt an lá sin! Bhí mo mháistir iontach sásta liom.
Bhí go maith agus ní raibh go holc. Rith mé i rásaí ina dhiaidh sin.Bhain mé iad uilig. Ach tháinig an aois orm. Ní thig liom rith go gastaanois ach téim le mo mháistir ag oscailt siopaí agus bíonn daoine igcónaí go maith dom. Tá saol an mhadaidh bháin agam, nó saol anchapaill bháin ba chirte dom a rá.
* * * * * * * * *
Anois, nuair atá an scéal seo léite agat, pioc aiste acu seo agus scríobhscéal faoi. Ná déan dearmad nótaí a scríobh. Breac síos smaoineamh arbith atá agat. Cuir na smaointe sin in ord. Scríobh aiste atá garbh.
Déan cinnte go bhfuil an litriú mar is ceart. Cuir isteach natháinfhóirsteanacha chainte a d'fhoghlaim tú. Cinntigh go bhfuil na habairtíchomh suimiúil agus is féidir leat.
Nuair atá an chéad iarracht scríofa agat agus tú sásta leis, scríobh anscéal arís chomh néata agus is féidir.
1. Seanhata ag inse a scéil féin.
2. Seanteach ag inse a scéil féin.
3. Duilleog ag inse a scéil féin san Fhómhar.
18
Fuinneog Bhriste
Amharc ar an scéal seo thuas. An féidir leat an scéal seo a scríobh agusé a dhéanamh suimiúil? Tá an bunscéal agat ach is féidir leat naleideanna seo a úsáid agus a chur leis.
1. Cén lá a bhí ann?
2. Cad chuige nach raibh na páistí ar scoil?
3. An raibh an cailín maith i mbun peile?
4. Cér leis an teach?
5. Cérbh í an bhean i bpictiúr 4?
Anois, scríobh scéal suimiúil.
19
Críochnaigh an scéal seo.
Cheannaigh athair Sheáin carr nua. Carr mór liath a bhí ann.Bhí Seán óg agus fiosrach agus chonacthas dó go raibh draíochtag baint leis. D'impigh sé ar a Dhaidí síob a thabhairt dó. Amachleo faoin tuath.
Nuair a bhain an carr luas ochtó a hocht míle san uair amachthosaigh soilse ag teacht i dtreo an chairr ………
__________________________________________________________________
__________________________________________________________________
__________________________________________________________________
__________________________________________________________________
__________________________________________________________________
__________________________________________________________________
__________________________________________________________________
__________________________________________________________________
__________________________________________________________________
20
Amharc ar an phictiúr seo.
1. Cad é atá ag tarlú?
2. Cén ráithe atá ann, dar leat?
3. Cad chuige sin?
4. Cad é atá á dhéanamh ag an mhúinteoir?
5. Cá mhéad páiste atá sa rang?
6. Cá mhéad cailín atá ann?
7. Scríobh 8 líne faoin phictiúr.
21
Mé Féin1. a. Cad é an t-ainm atá ort?
b. Cad é an sloinne atá ort?
c. Cén aois tú?
d. Cá bhfuil tú i do chónaí?
e. Cad é an t-ainm atá ar d'athair?
f. Cad é an t-ainm atá ar do mháthair?
g. Cá dtéann tú ar scoil?
h. Cad é an t-ainm atá ar do mhúinteoir?
i. Cad é an t-ábhar scoile is fearr leat?
j. Cad é an t-ainm atá ar an chara is fearr agat?
k. An imríonn tú cluiche ar bith?
l. An léann tú leabhair go minic?
m. Cad é an lá is fearr leat?
n. Cad é an mhí is fearr leat?
2. Freagair na ceisteanna seo thuas. Anois agus an t-eolas cruinn agatscríobh leathanach amháin fút féin. Má tá tuilleadh eolais agatscríobh san aiste é.
3. Déan na habairtí seo níos suimiúla.
1. Chonaic an fear an tarbh.
2. D'ól Seán gloine bainne.
3. D'ith Nuala ceapaire.
4. Thóg Daidí leabhar.
5. Chuaigh Seán abhaile.
6. D'imir na buachaillí cluiche.
7. Shéid an ghaoth aréir.
8. D'éirigh le Seán sa scrúdú.
9. Chnag Síle ar an doras.
10. D'éist Máire leis an cheol.
11. Shuigh an gasúr cois tine.
12. Thit an fear sa loch.
Ná déan dearmad faoi aidiachtaí agus an dá mhionfhocal agus agus ach.
22
Cluichí
1. An maith leat spórt?
2. Cé acu spórt is fearr leat?
3. An imríonn tú spórt go minic?
4. An maith leat peil?
5. An maith leat iománaíocht?
6. An maith leat camógaíocht?
7. An imríonn tú sacar?
8. Cén fhoireann iomána is fearr leat?
9. An imríonn do thuismitheoirí spórt ar bith?
10. Tá daoine ann nach maith leo spórt. An duine acu seo tusa?
11. Cad chuige nach bhfuil dúil ag cuid de na daoine i spórt?
12. Anois scríobh leathanach faoin spórt.
Cailín i gContúirt
Tá na pictiúir anseo ag léiriúscéil.
Amharc go cúramach orthu.
Scríobh 4 abairt atá suimiúilfaoi gach aon phictiúr.
Anois cuir na habairtí in ordagus úsáid natháin chainte.
Scríobh aiste faoin scéal.
23
Ailt le Scríobh
Scríobh 5 abairt faoi gach ábhar.
a. Scríobh faoi lá siopadóireachta a rinne tú le do thuismitheoirí.
b. Scríobh faoin aimsir a bhíonn againn i rith an gheimhridh.
c. Scríobh scéal grinn a thaitin leat.
d. Scríobh cúig abairt faoi na rudaí nach dtaitníonn leat faoinDomhnach.
e. Scríobh alt faoin ghrúpa ceoil is fearr leat.
1. Cén sórt áite seo sa phictiúr?
2. Cá mhéad duine atá ann?
3. Cá mhéad bean atá ag obair ann?
4. Cá mhéad bean atá ag léamh?
5. Ainmnigh 6 ghléas sa phictiúr.
6. Scríobh 10 n-abairt faoin phictiúr.
24
Liostaí
a. Scríobh laethanta na seachtaine.
b. Scríobh míonna na bliana.
c. Scríobh liosta de ghlasraí. Bíodh deich nglasra ar a laghad i doliosta.
d. Scríobh liosta de 20 contae atá in Éirinn.
e. Scríobh liosta de 20 tír ar fud an domhain.
f. Scríobh liosta de 20 príomhchathair ar fud an domhain.
An Siopa Éadaí
1. Cá mhéad atá ar bhlús?
2. Cá mhéad atá ar ghúna?
3. Cá mhéad atá ar bhríste?
4. Cé atá ag breathnú ar na brístí?
5. Cé atá ag dul isteach sa seomra feistis?
6. Scríobh 8 n-abairt faoin phictiúr.
25
Críochnaigh an scéal seo.
Sa bhliain 1847 bhí mé i mo chónaí i sráidbhaile iniarthar Chorcaigh. Bhí mé féin, mo dheartháir agus modheirfiúr agus mo thuismitheoirí ann. Bhí muid beobocht. Ní raibh mórán bia againn. Lá amháin tháinigm'athair abhaile agus dúirt linn go raibh muid chunbád a fháil le dul go dtí an tOileán Úr ………
__________________________________________________________________
__________________________________________________________________
__________________________________________________________________
__________________________________________________________________
__________________________________________________________________
__________________________________________________________________
__________________________________________________________________
__________________________________________________________________
__________________________________________________________________
26
1. Cá bhfuil na páistí seo?
2. Cad é atá á dhéanamh acu?
3. Cá mhéad acu atá ag snámh?
4. Cá mhéad acu atá san uisce?
5. An raibh tú cois farraige riamh?
6. Cá raibh tú?
7. Cad é mar atá an aimsir sa phictiúr, dar leat?
8. Scríobh 6 abairt faoin phictiúr seo.
27
Críochnaigh an scéal seo.
Duilleog ag inse a scéil féin
Mí Dheireadh Fómhair atá ann. Tá mé donnbhuí anoisach nach iontach an saol a bhí agam! Tháinig mé ar antsaol seo go luath san earrach. Bhí na céadta againnann! Bhí muid ar chraobhacha ar chrann darach………
__________________________________________________________________
__________________________________________________________________
__________________________________________________________________
__________________________________________________________________
__________________________________________________________________
__________________________________________________________________
__________________________________________________________________
__________________________________________________________________
__________________________________________________________________
__________________________________________________________________
__________________________________________________________________
28
1. Cá mhéad páiste atá sa phictiúr?
2. Cad é atá ar siúl acu?
3. Cá mhéad páiste atá ag amharc?
4. Cá mhéad páiste atá ag rothaíocht?
5. An bhfuil rothar agat?
6. Cén t-am den bhliain atá ann?
7. An bhfuil an talamh tirim nó fliuch? Cad é mar atá a fhios agat?
8. Scríobh 6 líne faoin phictiúr seo.
Ailt le Scríobh
1. Scríobh cúig abair t faoi na laethanta saoire a bhí agat anuraidh.
2. Scríobh cúig abair t ag inse cad chuige a bhfuil dúil agat sa Nollaig.
3. Scríobh cúig abair t faoin dóigh a gcaitheann tú an Satharn.
4. Scríobh cúig abair t faoin chlár teilifíse is fearr leat.
5. Scríobh cúig abair t faoin ábhar scoile is fearr leat.
29
a. Déan cur síos ar anphictiúr seo.
Cad é atá ádhéanamh ag gachduine?
Cén ráithe atá ann?
Cén bia atá ann?
Cé atá agiascaireacht?
Scríobh 200 focal.
b. Scríobh 3 líne faoi gach pictiúr thuas. Ná déan dearmad iad adhéanamh chomh suimiúil agus is féidir leat.
30
Críochnaigh an scéal.
Amharc ar na pictiúir. Scríobh 3 abairt faoi gach pictiúr. Úsáid frásaí atáfoghlamtha agat.
Cad chuige a raibh na buachaillí amuigh chomh mall sin?
Anois, cad é a tharla i lár na hoíche?
Ar gortaíodh duine ar bith?
31
Seo seans agat scéal iontach suimiúil a scríobh.
Smaoinigh ar na pictiúir.
Tabhair ainm aisteach don fhear bheag.
Cad é a bhí istigh sa chrann?
Cad é an eachtra iontach a tharla do na páistí ann?
Cad é a tharla?
32
Scéal le críochnú:
Seanteach ag inse a Scéil Féin.
Tá mé céad bliain d'aois i mbliana agus is iomaí rudiontach a chonaic mé le mo linn. Is iomaí clann ad'fhan ionam. Is maith is cuimhin liom an chéadchlann a d'fhan agam …………
__________________________________________________________________
__________________________________________________________________
__________________________________________________________________
__________________________________________________________________
__________________________________________________________________
__________________________________________________________________
__________________________________________________________________
__________________________________________________________________
__________________________________________________________________
__________________________________________________________________
__________________________________________________________________
33
Amharc ar an scéal seo. Tá an gasúr iontach bómánta. Déanann sé a lánrudaí atá contúirteach.
Déan liosta de na meancóga.
Scríobh liosta de na rudaí ba chóir dó a dhéanamh.
Scríobh alt (100 focal) faoi rialacha an bhóthair.
34
Seo scéal. Scríobh 5 abairt faoi gach pictiúr. Úsáid focail úra agusnatháin Ghaeilge a d'fhoghlaim tú.
Is féidir scéal fada a scríobh anseo. Scríobh do chuid smaointe ar dtús.Cuir in ord iad. Anois déan cinnte faoin litriú.
35
Focalstór
Tíreolas
abhainn
canáil
cuan
eas
loch
lochán
sruthán
tobar
tuile
uisce
ar muir
ar tír
ceann tíre
cnoc
coill
cósta
fásach
gleann
má
oileán
portach
riasc
sliabh, sléibhte
talamh ard
ardchlár
compás
contae
cúige
léarscáil
mór-roinn
Mol Thuaidh
Mol Theas
dromchla
trá
treo
inbhear
taoide
lán mara
lag trá
An Baile Mór
banc
amharclann
pictiúrlann
bunscoil
iarsmalann
otharlann
bialann
teach ósta
monarcha
teach pobail
teampall
an ceann
an ghéag
an aghaidh
an béal
an chos
an chluas
an lámh
an ghruaig
an teanga
na beola
an ghualainn
na fiacla
an smig
an giall
an muinéal
an chnámh
an lorga
an tsál
an rúitín
an colpa
an uillinn
jan ascaill
an com
na duáin
na scamhóga
an croí
an goile
Na Baill Bheatha
leabharlann
uachtarlann
muileann
teach tábhairne
clochar
meánscoil
ollscoil
ollmhargadh
oifig an phoist
stáisiún traenach
sú
36
Ar Scoil
Deachtú
Litriú
Ceapadóireacht
Gramadach
Scéalaíocht
Béarla
Stair
Tíreolas
Uimhreas
Matamaitic
Eolaíocht
Filíocht
Ailgéabar
Amhránaíocht
Líníocht
ag teagasc
ag foghlaim
ag freagairt
ag scríobh
ag léamh
cruinneog
deasc
cóipleabhar
na criáin
marla
scoláire
dalta
Glasraí agus Torthaí
biabhóg
biatas
leitís
cabáiste
meacain dhearga
meacain bhána
oinniúin
prátaí
piseanna
cál
pónairí
tornapaí
trátaí
úlla
oráistí
bananaí
piorraí
silíní
cnónna
sútha craobh
sútha talún
sméara dubha
anainn
Aimsir
soineann
doineann
gaoth
stoirm
gaofar
ceo
leoithne
teas
sioc
sneachta
clocha sneachta
flichshneachta
cith, ceathanna
te
brothallach
meirbh
tirim
toirneach
tintreach
préachta
fliuch
drúcht
ceobhrán
fearthainn
báisteach
feanntach
tuar ceatha
37
Le Foghlaim
A
an fear mór fada caol
an capall catach cam
ag gasúr beag cliste
an crann glas geal
an bóthar fada díreach
an seomra glan slachtmhar
an lá fada te
an geansaí geal buí
an samhradh breá brothallach
an pláta mór bán
an doras caol dubh
an ceoltóir tanaí ciúin
an cluiche breá bríomhar
an fear fuar fann folamh
an máistir mór feargach
B
an bhean mhór fhada chaol
an chluas chatach cham
an ghirseach bheag chliste
an fhuinneog ghlas gheal
an líne fhada dhíreach
an bhanaltra ghlan shlachtmhar
an oíche fhada the
an bhróg gheal bhuí
an aimsir bhreá bhrothallach
an scian mhór bhán
an tsráid chaol dhubh
an pháirc thanaí chiúin
an fhoireann bhreá bhríomhar
an bhean fhuar fhann fholamh
an mháistreás mhór fheargach
38
Níos mó ná ceann amháin
21. madaí
22. cait
23. ba
24. asail
25. cathracha
26. éin
27. ordóga
28. cosa
29. cinn
30. pinn
31. cnoic
32. sléibhte
33. doirse
34. urláir
35. fuinneoga
36. ainmhithe
37. míonna
38. blianta
39. uaireanta
40. nóiméid
41. soirn
42. ballaí
43. málaí
44. cótaí
45. cluichí
46. gairdíní
47. garáistí
48. siopaí
49. seomraí
50. spideoga
51. uimhreacha
52. suimeanna
53. freagraí
54. leabhair
55. léarscáileanna
56. feadóga
57. liathróidí
58. stocaí
59. lámha
60. cluasa
1. crainn
2. báid
3. ceisteanna
4. páirceanna
5. tithe
6. scoileanna
7. ranganna
8. gasúir
9. buachaillí
10. cailíní
11. girseacha
12. deascanna
13. táblaí
14. boird
15. gluaisteáin
16. capaill
17. fir
18. mná
19. bróga
20. feirmeoirí
39
An Tuiseal Ginideach (Samplaí)
1. fear an tí
2. bean an tí
3. fear an phoist
4. clós na scoile
5. cúl na scoile
6. lár na páirce
7. dath na gruaige
8. mullach an tsléibhe
9. lár na seachtaine
10. deireadh an lae
11. ag foghlaim Gaeilge
12. ag léamh filíochta
13. ag caint Fraincise
14. cluiche peile
15. ag imirt peile
16. linn snámha
17. ar chúl an dorais
18. cóta na mná
19. hata an fhir
20. dath an pháipéir
21. clár cailce
22. truailliú na timpeallachta
23. páirc an fheirmeora
24. barr na sráide
25. méid na carraige
26. Bóthar an Ghleanna
27. fear an tsiopa
28. leabhar matamaitice
29. am lóin
30. obair na maidne
31. leac na fuinneoige
32. ag rá amhráin
33. bun na bróige
34. solas na gréine
35. trasna an bhóthair
36. obair an lae
37. lár an leabhair
38. caol mo láimhe
39. i gceann tamaill
40. tuilleadh oibre
40
Liosta Aistí
a. Daidí na Nollag ag caint faoina chuid oibre.
b. An leabhar is fearr liom.
c. Scéal taibhseoireachta d'Oíche Shamhna.
d. Caoga pingin ag inse a scéil féin.
e. Séimí Sirriam — céad bliain ó shin.
f. Scéal sa Sneachta.
g. Lá Nollag sa Bhaile.
h. An tEarrach
i. Brionglóid aisteach a bhí agam.
j. Turas isteach sa todhchaí.
k. Longbhá.
l. Mar a bhris mé fuinneog.
m. Cat agus luchóg ag caint.
n. Deireadh na Seachtaine i dTír Chonaill.
o. Seanchasóg ag inse a scéil féin.
p. Stoirm ar an Fharraige.
q. Caillte sa Sneachta.
r. Thit an t-eitleán!
s. Mar a chaithim deireadh na seachtaine.
t. "Bhí mo chroí i mo bhéal agam!" Scríobh an scéal.
41
Scríobhfaidh méAiste
Leabhar faoin Aiste in Eochairchéim 2
le
Diarmuid Ó Tuama, M.A.
1994