Upload
ngodang
View
249
Download
3
Embed Size (px)
Citation preview
Nollaig 2015 ar TG4
Dé Sathairn 19 Nollaig20:25 Survivor - San Juan del Sur Rachaidh an cúigear atá fanta san iomaíocht chun áit a bhaint amach ar Chomhairle
Treibheanna deireanach na sraithe agus an duais mhór, $1 milliún, a thabhairt leo.
Tiocfaidh na hiomaitheoirí ar fad ar ais le chéile i Los Angeles chun an tsraith seo a
phlé. Á chur i láthair ag Jeff Probst.
22:55 European Rugby Champions Cup
Buaicphointí an chluiche a bhí idir Cúige Laighean agus Toulon tráthnóna inniu i
Staid Aviva sa 4ú babhta de Chorn Sheaimpíní Rugbaí na hEorpa.
Dé Domhnaigh 20 Nollaig
14:05 Cluichí na BlianaCluiche Leathcheannais na gClub: Seans eile an cluiche idir Sleacht Néill agus
Aibhistín de Staic a imríodh mí Feabhra seo caite i bPort Laoise i gCluiche
Leathcheannais Chlubanna na hÉireann a fheiceáil. Is cluiche breá bríomhar a bhí
ann idir seaimpíní Uladh agus seaimpíní na Mumhan. Bhuaigh imreoir Chiarraí
Kieran Donaghy dhá chic phionóis agus bhí an - tionchar aigesean ar an gcluiche.
16:55 An Nollaig Fadó Clár faisnéise ar mar a bhíodh an Nollaig in Éirinn fadó. Idir bheartáin a bheith ag
teacht as Meiriceá ó ghaolta agus litreacha a bheith á gcur sna simléir do Dhaidí na
Nollag, tabharfar sean-nósanna agus traidisiúin na Nollag chun cuimhne.
17:55 Foster and AllenClár speisialta Nollag le Foster and Allen. Beidh neart de cheol agus d'amhráin na
Nollag ar an gclár ag Mick agus Tony chomh maith le roinnt scéalta faoi mar a
chaitheadh siad féin an Nollaig. Cuirfidh siad agallamh ar chara leo, an craoltóir Sir
Terry Wogan. I measc na n-aíonna eile ar an gclár beidh Shayne Ward, Louise
Morrissey, Daniel O'Donnell agus Mike Denver. Taispeánfaidh siad a gcuid físeán
nua féin, 'The Galway Girl' agus 'One Little Christmas Tree'.
19:30 Dúiche I bPort Láirge a bheidh Síle an tseachtain seo ag féile dhraíochtúil Nollag Winterval.
Casfaidh sí le Máire Seó Breathnach a dhéanfaidh cur síos ar an bhféile agus ar na
himeachtaí agus blaisfidh sí den bhia éagsúil a bheidh ar fáil.
20:30 An Jig Gig Táimid fós sa tóir ar an damhsóir gaelach is fearr in Éirinn ar An Jig Gig. An
tseachtain seo tabharfaidh na hiomaitheoirí atá fanta aghaidh ar a chéile sa bhabhta
deiridh den tsraith. Glacfar le gach cineál damhsa gaelach ar an tsraith, ón steip go
dtí damhsa na scuaibe, sean-nós agus damhsa seite. Ach ní bheidh ann ach aon
seaimpín amháin agus ní bhronnfar an chraobh An Damhsóir Gaelach is Fearr 2015
TG4 ach ar aon iomaitheoir amháin. Ag coinneáil súil ghéar ar na hiomaitheoirí ar
fad beidh triúr moltóirí: Breandán de Gallaí, Dearbhla Lennon, agus Labhrás Sonaí
Choilm Learaí.
22:00 HupBéal na mBuillí: Sraith úr ceoil traidisiúnta. I mBéal na mBuillí i gcontae Ros
Comáin áit a bhfuil féile an bhaile faoi lán seoil a bheimid an tseachtain seo. Tá sé
30 bliain ó d'eisigh fear Ros Comáin Matt Molloy agus an fidléir Seán Keane ó na
Chieftains ceirnín leis an ngiotáraí Arty McGlynn, ceirnín dar teideal Contentment is
Wealth agus seinnfidh an triúr laoch go speisialta dúinn anseo. Ceol & amhrán
álainn ó John Carty agus a iníon Maggie, chomh maith le laochra fliúite an chontae
Patsy Hanley, Tommy Guihan, John Carlos, mar aon le John Wynne. Scoth an
cheoil & stíl Thuaisceart Chonnacht chun tosaigh.
23:30 European Rugby Champions Cup
Buaicphointí na gcluichí idir Leicester Tigers agus Cúige Mumhan i Welford Road
agus idir Toulouse agus Cúige Uladh sa cheathrú babhta de Chorn Sheaimpíní
Rugbaí na hEorpa.
Dé Luain 21 Nollaig
17:20 Dochreidte Gan Dabht Seo é Dochreidte Gan Dabht, an clár ar a mbeidh na curiarrachtaí is aistí, is iontaí
agus is dochreidte dá bhfaca tú riamh - fear a fhéachfaidh le héachtaí aisteacha a
dhéanamh ar rothar BMX ina measc. Á chur i láthair ag Eoghan Ó Loideáin.
17:55 SOS Gaelscoil Mhic Amhlaigh: Buailfidh criú agus láithreoir Cúla4 Micheál Ó Ciaraidh
bóthar an séasúr seo don mhír SOS (Sos ón Scoil). Tabharfaidh siad cuairt ar scoil
ar leith gach seachtain agus tabharfaidh deis do na daltaí an rud is fearr faoina scoil
agus a bhfuil bainte amach aici a chur in iúl. Tabharfaidh siad Micheál chuig na
háiteanna is fearr leosan. Ar Ghaelscoil Mhic Amhlaigh, i nGaillimh a thabharfaidh
siad cuairt an tseachtain seo.
20:00 Laochra Gael Seamus Moynihan: Seamus Moynihan Chiarraí a bheidh faoi chaibidil ar an gclár
seo. Bhí sé ar dhuine de na peileadóirí is fearr riamh a d’imir do Chiarraí. D’imir sé
leo ó 1992 go 2006. Imreoir inspioráideach a bhí ann cuma cén áit ar an bpáirc a
raibh sé ag imirt. Bhuaigh sé ceithre Chraobh na hÉireann idir 1997 agus 2006 agus
bhí sé ina chaptaen agus ina lánchúlaí ar an bhfoireann i mbliain na mílaoise.
Cuirfear Dara Ó Cinnéide, Peter Canavan agus Seán Ó Domhnaill faoi agallamh ar
an gclár.
20:30 PortCaithfidh Muireann Nic Amhlaoibh súil siar ar na buaicphointí ón tsraith ceoil, Port.
Tabharfar chun cuimhne an turas ceoil a rinne Muireann agus Julie Fowlis ó Bhaile
Átha Cliath go hUibhist, via Sráid na Cathrach, An tEilean Sgitheanach, Glaschú
agus an Daingean. Taifeadadh seisiúin cheoil agus amhránaíochta le ceoltóirí den
scoth, roinnt acu ag casadh agus ag seinm le chéile den chéad uair, ina measc
Daoiri Farrel, Dónal O'Connor, Michelle Mulcahy, Cuas, Lumiere, Iain MacFarlane,
The Friel Sisters agus go leor eile.
Dé Máirt 22 Nollaig
9:10 Garfield - Réabhlóid na gCreimirí Réabhlóid na gCreimirí: Téann Squeak ar saoire agus fágann sé Irv i gceannas.
Tugann sé rabhadh dó gan a chol ceathrar Ratzo a scaoileadh isteach. Idir an dá
linn bíonn Garfield i dtrioblóid nuair a thagann Jon ar lucha sa teach.
15:00 Scéal na Nollag Scoil Éinne - An Spidéal: Ceoldráma le ceol traidisiúnta agus dánta á léiriú ag Scoil
Éinne, An Spidéal. Casfaidh Rang a 4 Scoil Cholmcille 'To Russia with Love' dúinn.
15:30 Saol Faoi Shráid Nollaig Shona: An Nollaig atá ann agus tá Ribín agus Glibín ag iarraidh bronntanas
speisialta a thabhairt dá chéile. Tuigtear do Chicí ar deireadh gurb é an grá an
bronntanas is fearr ar domhan. Os cionn na sráide, tá cór álainn le cloisteáil agus iad
ag cleachtadh sa séipéal.
17:20 WACSuper-Est Superhero: Rachaidh Éadaoin, Caoimhe agus Tomaí ar eitleán sa tóir ar
ainmhithe a bhfuil sárchumhachtaí acu.
17:55 Xtreme Rachaidh Gabriel Villaran, surfálaí guaisbheartaíochta, ag surfáil ar thonnta móra
Chósta Thuaidh Haváí. Cuirfear tús le Sraith Tumadóireachta d’Aill Red Bull san áit
ar thosaigh sé an chéad lá riamh i La Rochelle. Beidh Bruna Kajiya, seaimpín chlár
eitleoige an domhain, i mbun aicsin ar chósta na Brasaíle.
19:30 7 Lá
Clár cúrsaí reatha seachtainiúil le Páidí Ó Lionáird. Déanfar scagadh agus plé ar
scéalta nuachta atá go mór i mbéal an phobail, go háirithe scéalta réigiúnacha agus
Gaeltachta.
20:00 Logainm Cúrsaí Taistil: Sraith ina dtugtar léargas ar logainmneacha na hÉireann, staidéar a
thugann chun solais go leor den saibhreas tíreolaíochta atá ar fáil iontu. Le cabhair ó
shaineolaithe agus ó thuairiscí ó láithreacha ar fud na tíre, fiosróidh Breanndán Ó
Beaglaoich na logainmneacha atá sa Ghaeilge. Logainmneacha a bhfuil baint acu le
cúrsaí taistil a bheidh á bplé an tseachtain seo. Ar phainéal na seachtaine seo, beidh
Pádraig Ó Cearbhaill, taighdeoir ar an ábhar seo leis an Roinn Ealaíon, Oidhreachta
agus Gaeltachta agus Isobel Ní Riain ó Choláiste na hOllscoile, Corcaigh.
20:30 Ros na Rún Baintear geit uafásach as John Joe nuair a thagann sé ar Mack agus ar Deirdre sa
gclúid in éineacht! Ní bhíonn sé sásta beag ná mór. Tá David ag súil go meallfaidh
ceolchoirm na Nollag Alana ar ais go Ros na Rún ach tá faitíos ar Mo go bhfuil sé ag
dul amú. Níl Caitríona ag cuidiú le David ach an oiread. Ní stopfaidh Tadhg go
mbeidh Peigí curtha ar ais ar an ól aige.
21:00 SpinMoving Hearts: Buailfidh Philip King le roinnt seanchairde ón mbanna ceoil ‘Moving
Hearts’ a dhéanfaidh cur síos ar an tionchar a bhí ag an albam ‘Moving Hearts’ ar
ghlúin iomlán daoine. Cuirfear Christy Moore, Declan Sinnott, Donal Lunny agus
Keith Donald faoi agallamh ar an gclár freisin.
21:30 T.K. Whitaker - Seirbhíseach an Stáit I 2002 bronnadh gradam ESB/Rehab don Éireannach is fearr atá fós beo ar TK
Whitaker. Fear é a raibh tionchar mór aige ar Éirinn sa 20ú Aois. Nuair a ceapadh
ina Rúnaí é sa Roinn Airgeadais i 1956 chuir sé tús le ré nua soirbhíochais agus
rathúlachta. Ach ní ar chúrsaí airgeadais amháin a bhí tionchar ag Whitaker, bhí
lámh aige i bpolasaí rialtais in Éirinn agus i dTuaisceart Éireann chomh maith.
22:30 Fíorscéal
Clár faisnéise faoi thréimhse a chaith triúr blagálaithe faisin as an Iorua ag obair i
monarcha déanta éadaí sa Chambóid. Bhí suim mhór riamh ag Frida, Anniken agus
Ludwig sa bhfaisean. Chaithidís airgead mór ar éadaí nua gach mí gan smaoineamh
ar an dream a rinne na héadaí sin. Shocraigh siad aghaidh a thabhairt ar an
gCambóid agus mí a chaitheamh ag obair sna monarchana dúshaothair ansin áit a
raibh orthu maireachtáil ar $3 sa ló.
23:35 Face to Face Pepsi Vs Coke: Cé a chreidfeadh go mbeadh an iomaíocht idir dhá bhranda cola ar
cheann de mhór-choimhlintí margaíochta an domhain le céad bliain anuas agus na
billiún dollar caite ag an dá thaobh ag iarraidh barr a bhreith ar a chéile? Léirítear sa
gclár seo cuid den uisce faoi thalamh a bhain (agus a bhaineann fós) leis an
gcogadh margaíochta seo, feall, bréaga, breabanna, sos cogaidh agus spiaireacht.
Dé Céadaoin 23 Nollaig
19:15 Tae leis na MarbhIs balsamóir lách é Frank as Baile Conaola, baile beag i gConamara. Gach uair a
réitíonn Frank corp, déanann sé dhá chupán tae. Ceann dó féin agus ceann don
mharbhán. Déanann sé comhrá leo freisin i bhfoirm taifeadtaí d'agallaimh ar dhaoine
as Éirinn.
19:30 Béaloideas BeoNollaig: Sraith béaloidis á chur i láthair ag Seán Mac an tSíthigh. An Nollaig, an
ceiliúradh is mó sa bhliain, a bheidh faoi chaibidil anocht. Cé as ar tháinig traidisiúin
na Nollag agus cén t-athrú atá tagtha orthu le blianta anuas. Sa stiúideo chun
traidisiúin na Nollag a phlé beidh Lillis Ó Laoire, Máirín Mhéiní Uí Chonghaile agus
Seán Mac Philibín chomh maith le ceol ó Harry Bradley, John Blake agus Caoimhín
Ó Fearghail.
20:30 Ros na Rún : Séamus Mhicil Tom
Beidh sráidbhaile iomlán Ros na Rún ina stad agus an slua ag cur a gcara dílis
Séamus Mhicil Tom san uaigh. Beidh an eipeasóid thiomnaithe seo á craoladh ar
TG4 ag 8.30pm ar an gCéadaoin, 23 Nollaig.
Cuirfidh cairde agus naimhde araon a gcuid easaontas i leataobh agus iad ag fágáil
slán leis an rógaire gnaoi ag searmanas brónach le taobh na huaighe. Beidh Tadhg,
a bhfuil cáil na nimhe ar a theanga agus a chroí chomh crua leis an gcloch ghlas, ag
clúdach a chumha le haisfhreagraí gránna, agus é in aimhréidh ag iarradh
aitheantais a thabhairt dá dhlúthchaidreamh le Séamus le breis agus 20 bliain.
Aisteoir den scoth ab ea Diarmuid Mac an Adhastair, a bhásaigh níos luaithe i
mbliana. Fear grinn ó nádúr ab ea é agus díol inspioráide den scoth, an t-aisteoir a
thug Séamus Mhicil Tom dúinn lena chuid freagraí deisbhéalacha agus a chuid
ghothaí greannmhara.
22:30 Opry an IúirNathan Carter: Sraith ceol tíre. Tá Opry an Iúir ar ais arís agus is é Daniel
O’Donnell fear an tí. Cuirfidh Daniel sárcheoltóirí tíre na hÉireann in aithne dúinn as
Halla an Bhaile in Iúir Chinn Trá, Co. an Dúin. Nathan Carter, Niamh McGlinchey,
Lisa McHugh agus Ronnie Kennedy a bheidh ina theannta anocht.
Oíche Nollag
12:00 Ó CuisineDinnéar Lá Nollag: Sraith cócaireachta á chur i láthair ag Veronica Ní Ghríofa.
Stiofán Mac Donnchadha a bheidh sa chistin inniu agus réiteoidh sé miasa eile a
bheadh oiriúnach Lá Nollag. Réiteoidh sé Gravlax de Bhradán, Brollach Éanlaith
Ghuine Rósta le Purée Soiliriac agus Pióg Mionra & Úll le custard Baileys.
19:30 Sailing to an IslandClár ar an turas a thug Dolores Keane, John Faulkner agus grúpa ceoltóirí go hInis
Bó Finne an 19ú Meán Fómhair, 1989, chun ceolchoirm a chur ar bun chun airgead
a bhailiú d'ionad pobail an oileáin.
20:30 Ros na Rún Bíonn uaigneas ar Mháire agus ar Pheadar faoi Nollaig. Bíonn siad ag cuimhneamh
siar ar Nollaigí atá caite agus ar a mac Liam. Ach ní bhíonn an t-uaigneas i bhfad ag
imeacht díobh nuair a bhuailtear cnag ar an doras. Cé atá tagtha ina measc meas
tú? Bíonn David oibrithe nuair a fhaigheann sé amach nach bhfuil Alana chun dul
chuig ceolchoirm na Nollag agus is iad Áine agus Réailtín a bhíonn siar leis. Tagann
deireadh le pleananna John Joe an Nollaig a chaitheamh i nDún na nGall nuair a
fhaigheann sé amach nach bhfuil Deirdre anois mór leis ach oiread mar gheall ar a
iarbhean Noreen.
22:35 Geantraí na Nollag Clár speisialta uair an chloig as an Abbey Tavern i mBinn Éadair a rinne ceiliúradh ar
The Dubliners a bhí 50 bliain ar an bhfód in 2012 chomh maith le hómós a léiriú do
Barney McKenna a bhásaigh an bhliain sin freisin. I láthair bhí Imelda May agus
Karan Casey i measc go leor eile. Á chur i láthair ag an gceoltóir/amhránaí Muireann
Nic Amhlaoibh.
23:40 Capercaillie in Concert Ceolchoirm le Capercaillie, banna a bhfuil cáil orthu ar fud an domhain, a taifeadadh
ag Celtic Connections mar chuid de cheiliúradh 30 bliain an bhanna. I measc na
gceoltóirí agus na n-amhránaithe a bheidh ar stáitse in éineacht leo beidh Kathleen
MacInnes, Sineag MacIntyre, Gerry O'Connor, Kris Drever agus Marc Duff.
Lá Nollag8:30 Q Pottle na NollagBíonn ar Q Pootle 5 agus a chuid cairde lámh chúnta a thabhairt do Dhaidí na Nollag
nuair a thagann glaoch éigeandála le linn chleachtaí gheamaireacht na Nollag.
9:35 GruffaloScéal faoi luch a théann ag siúl sa choill. Buaileann sé le trí ainmhí ar an mbealach
atá ag iarraidh é a ithe ach is léir go bhfuil an luchín seo fíor-ghlic go deo!
16:50 Súil Siar Steip 2015Súil siar ar Steip, comórtas damhsa ar an sean-nós Oireachtas na Samhna 2015 in
Óstán CityWest i mBaile Átha Cliath. Chúig chomórtas ar fad atá i gceist idir leanaí
agus daoine fásta a gcuireann painéal moltóirí béim ar ghluaiseacht agus stíl na
rannpháirtithe.
17:45 Maureen O'Hara and The Quiet Man Clár faisnéise faoin scannán 'The
Quiet Man' agus mar a chaith an Stiúrthóir John Ford 20 bliain i mbun na hoibre.
D'éirigh thar cionn leis an scannán ar fud an domhain. Bhain sé dhá ghradam Oscar
amach agus bhí an-luí ag diaspóra na hÉireann leis. Beidh Ford agus an dearcadh a
bhí aige ar Éirinn faoi chaibidil sa chlár faoin scannán a rinneadh trí scór bliain ó
shin. Beidh Maureen O'Hara agus Martin Scorsese i measc na gcainteoirí.
19:15 Na Casaidigh Beo Dhá ghlúin de na Casaidigh a taifeadadh beo ag Oireachtas na Gaeilge lena gcóiriú
sainiúil féin ar cheol traidisiúnta agus lena saothar nuachumtha féin
20:20 Duets Opry an Iúir Opry an Iúir le Daniel O'Donnell ina fhear tí. Beidh an láithreoir Lynette Fay ina
chuideachta agus iad ag bualadh le cuid de na réaltaí is mó i saol an cheoil tíre
anseo in Éirinn. Gach seachtain, casfaidh na ceoltóirí amhrán Gaeilge i gcuideachta
aoi speisialta agus is cinnte mar sin go bhfuil oíche cheol tíre den scoth romhainn.
An chuid is fearr de na hamhráin a chas sé in éineacht le daoine eile a bheidh sa
chlár seo.
21:15 Hup na Nollag Is i gCinn Mhara a bheimid in eagrán speisialta na Nollag áit a mbeidh máistrí ceoil,
amhránaíochta agus rince againn idir óg is aosta. Beidh an boscadóir breá Máirtín
O'Connor, Ceoltóir na Bliana ag Gradaim Cheoil TG4 2015, inár dteannta lena
chairde ConTempo Quartet, Cathal Hayden agus Gary Ó Briain, chomh maith le
hamhrán ó bhuaiteoir Chorn Uí Riada Bríd Ní Mhaoilchiaráin. Cloisfimid ceol binn an
chonsairtín ó Chris Droney agus a gharmhac Cathal agus ceol fidle ó mhuintir
Glackin. Beidh an fear grinn Pat Shortt i mbun ceoil ar an sacsafón agus beidh
amhrán Nollag againn ó Declan O'Rourke.
22:10 Robert Shaw - Jaws, Deoch & Deora
Clár faoi Robert Shaw, mór-réalta scannán a thuill cáil idirnáisiúnta ar an scáileán
ach a bhí cráite ag fadhbanna pearsanta go dtí go bhfuair sé suaimhneas agus
sásamh i nGaeltacht Mhaigh Eo, áit ar lonnaigh sé agus ar bhásaigh sé ar thaobh an
bhóthair le taom croí i 1978. Is scéal casta é scéal an tSasanaigh Robert Shaw, fear
a phós trí huaire agus a raibh deichniúr clainne air. Bhain sé clú agus cáil amach i
scannáin mhór-ráchairte ar nós The Deep, The Sting, From Russia with Love agus
Jaws. Fuair sé ainmniúchán Oscar dá ról mar an Rí Anraí VIII sa scannán A Man for
All Seasons.
23:05 Robert Mizzell Pure Country
Taifeadadh de cheolchoirm Robert Mizzell agus é beo in Amharclann Dunamaise i
mí Dheireadh Fómhair. Ceiliúradh atá sa bhfíseán ar an scór bliain atá caite ag
Robert Mizzell ag casadh ceol tíre. Beidh neart dá chuid seanamhráin ar an gclár
chomh maith le hamhráin nua.
Lá ‘le Stiofáin9:45 The Gruffalo's Child Insíonn an Garbhán scéal faoin ‘luch mhór ghránna’ dá iníon. Cuireann sí an-suim ann agus
imíonn léi chun an luch chéanna a aimsiú.
14:55 Ceol ón ChlannMuintir Keane: Sraith faoi sé theaghlach cheolmhara: Muintir Keane, muintir Black, muintir
Uí Snodaigh, muintir McPeake, muintir Sands agus muintir Patterson. Muintir Keane as
Cathair Liostreáin Co. na Gaillimhe a bheidh faoi chaibidil ar an gcéad chlár, teaghlach a
bhfuil cáil mhór orthu ar fud na cruinne. Labhróimid le Dolores agus le Seán Keane.
15:50 Riverdance Live from Beijing
Tá sé scór bliain ó bhí Riverdance ar an stáitse ar dtús os comhair na milliúin daoine ar fud
an domhain. Tá an seó feicthe ag níos mó ná 22 milliún duine i 40 tír ar cheithre mhórthír.
Ba é seo an chéad seó idirnáisiúnta a rinne camchuairt sa tSín. Taifeadadh an clár seo le
linn thuras dhá chathair déag sa tSín in Ionad Taispeántais Béising agus ba iad Padraig
Moyles agus Aislinn Ryan na príomhdhamhsóirí.
17:30 Rugbaí Beo
Connacht v Ulaidh: Craoladh beo ar an gcluiche idir Connachta agus Ulaidh sa
Sportsground sa deichiú babhta den tSraith Guinness PRO12. Á chur i láthair ag Máire
Treasa Ní Dhubhghaill.
20:05 Matt Cunningham - Rí na SeiteClár faisnéise faoi thionchar an cheoltóra traidisiúnta aitheanta Matt Cunningham ar cheol
céilí agus ar chultúr na hÉireann. Casfaimid le Matt ina theach cónaithe in Áth Cinn, Co. na
Gaillimhe agus cuirfimid aithne air mar fear chéile agus mar athair. Tráchtfaidh sé ar a
chuimhní ceoil agus ar a shaol go dtí seo agus é i mbun a chuid oibre ar an bhfeirm. Beidh
an craoltóir Kieran Hanrahan atá ag obair in éineacht le Matt le blianta agus Philomena
Begley, a chasfaidh amhrán dúinn agus a labhróidh faoina cuid cuimhní speisialta féin aici
faoi Matt ar an gclár freisin.
21:10 Tithe na TomatoesScéal faoi thogra ceannródúil Rialtais a d'fhéach le hioncam breise a sholáthar d'fheirmeoirí
Gaeltachta tar éis an Dara Cogadh Domhanda. Sa mbliain 1947 bhunaigh an Rialtas scéim
faoinar tugadh spreagadh d'fheirmeoirí i nGaeltachtaí na Gaillimhe agus Dhún na nGall, tithe
gloine a thógáil agus trátaí a chur ag fás iontu. Tógadh 100 teach gloine i gceantair
Ghaeltachta. Tugadh oiliúint do dhaoine i gcur agus i gcothú na bplandaí agus cinntíodh
margadh don toradh nuair a bhí sí aibí. D'éirigh go maith leis an scéim go dtí go ndearna
Hairicín Debbie i 1961 scrios ar go leor de na tithe gloine.
21:40 An Klondike - An ScannánIs é An Klondike an chéad scannán buachaillí bó a rinneadh in Éirinn agus insíonn sé scéal
na ndeartháireacha Connolly; triúr Éireannach ar imirce i Meiriceá a théann ó Montana go dtí
an Yukon le linn fuadar óir an Klondike sna 1890daí, iad ag súil le saibhreas. Leanann An
Klondike na deartháireacha Connolly chuig Dominion Creek, áit ina dtarraingítear isteach i
bhfíoch contúirteach iad le Jacob Hopkins, an fear i gceannas ar an mbaile.
23:40 Port Baile Átha Cliath: Sraith faisnéise ceoil sé chlár á chur i láthair ag Julie Fowlis agus
Muireann Nic Amhlaoibh. Rachaidh an bheirt ar aistear ceoil ar fud na hÉireann agus na
hAlban. Fiosróidh siad an ceol agus an cultúr a bhaineann le cathracha agus ceantair faoi
leith in Albain agus in Éirinn. Is i mBaile Átha Cliath a bheidh na mná anocht i dteannta an
amhránaí Darren MacLean agus an phíobaire Carole-Anne MacKay agus buailfidh siad
isteach chuig roinnt ionad mór le rá sa chathair.
Dé Domhnaigh 27 Nollaig 9:50 Room on the Broom
Tá an chailleach agus a cat ag imeacht leo ar an scuab ach tá gach a bhfuil ag an
gCailleach ag titim uaithi. Tugann ainmhithe éagsúla cúnamh di a cuid rudaí a aimsiú ach an
bhfuil áit ag gach duine ar an scuab?
14:55 Ceol ón Chlann Muintir Mc Peake: Sraith faoi shé theaghlach cheolmhara: Muintir Keane, Black, Uí
Snodaigh, McPeake, Patterson agus Sands. Is iad muintir McPeake as Béal Feirste a
bheidh faoi chaibidil ar an gclár seo. Beidh ábhar cartlainne ón BBC, UTV agus RTÉ agus
píosaí scannán an teaghlaigh féin le feiceáil ar an gclár ina gcuirfear an teaghlach faoi
agallamh.
15:40 Cúil na Bliana Na cúil is fearr ó na cluichí iomána agus peile is mó a imríodh i mbliana.
16:30 Rugbaí Beo Mumhan v Laighean: Craoladh beo ar Chúige Mumhan v Chúige Laighean as Páirc
Thuamhan sa deichiú babhta den tSraith Guinness PRO12. Á chur i láthair ag Máire Treasa
Ní Dhubhghaill.
19:15 Liam Clancy, Mo Chara Clár faisnéise in ómós an amhránaí agus an cheoltóra Liam Clancy a taifeadadh sa Rinn i
gCo. Phort Láirge, an áit ab ansa leis féin. Beidh agallaimh le Liam nach facthas riamh
cheana ar an gclár. I measc na rannpháirtithe, beidh a mhac Donal, a iníon Siobhan, Finbar
Furey, Donnchadh Gough agus dlúthchairde eile a bhfuil neart scéalta breátha acu faoi. Is
léargas pearsanta é seo ar fhear an chaipín agus an gheansaí.
20:15 I mBéal na Stoirme
Clár é I mBéal na Stoirme, ar caitheadh ocht mbliana á dhéanamh, faoi John
O’Brien, iascaire beag as Inis Bó Finne atá ag tabhairt aghaidh ar an mBruiséil le súil
is athrú a chur ar Chomhbheartas Iascaigh an Aontais Eorpaigh.
Léiríonn an scannán seo na nithe a bhíonn le sárú ag iascairí beaga ar an gcósta ar
fud na hEorpa sa lá atá inniu ann – agus an tionchar a bhíonn ag cinntí a dhéantar i
bhfad ó bhaile ar phobal beag. Rachaimid i dteannta John, a mhuintire agus a
chairde atá ag plé le blianta le cruinnithe agus le gealltanais ó pholaiteoirí agus atá
ag féachaint le tacaíocht a fháil ó oileáin ar fud na hEorpa agus ó Eagraíochtaí
Neamhrialtasacha comhshaoil. Ach ní acusan amháin atá deacrachtaí agus ró-
iascaireacht, meath comhshaoil agus brú eacnamaíochta freisin ina gcnámh spairne
ar an Mór-Roinn. Léiriú le Scannáin Lúgh Teo.
22:15 PortGlaschú: Sraith faisnéise ceoil sé chlár á chur i láthair ag Julie Fowlis agus Muireann Nic
Amhlaoibh. Rachaidh an bheirt ar aistear ceoil ar fud na hÉireann agus na hAlban. Ar
Ghlaschú a thabharfaidh siad a n-aghaidh anocht. Beidh an t-amhránaí Eilis Kennedy agus
Edel Fox, duine de na ceoltóirí consairtín is fearr sa domhan, ina dteannta. Buailfidh siad
isteach chuig roinnt ionad ceoil mór le rá sa chathair; an Scotia Bar agus Uisge Beatha ina
measc. Casfaidh siad le roinnt ceoltóirí atá ag cur fúthu i nGlaschú, Karen Matheson, Linda
MacLeod agus Ceitlin L.R. Smith ina measc.
Dé Luain 28 Nollaig14:30 Ceol ón Chlann Muintir Black: Sraith faoi shé theaghlach cheolmhara: Muintir Keane, Black, Uí Snodaigh,
McPeake, Patterson agus Sands. Déanfaidh Muintir Black cur síos ar stair an teaghlaigh
agus na fréamhacha ceoil atá acu ar Oileán Reachlainn agus i mBaile Átha Cliath – Mary,
Frances, Shay, Michael, agus Martin Black san áireamh. Is í Pádraigín Ní Uallacháin a
chuirfidh an clár i láthair. Beidh ábhar cartlainne leis an BBC, UTV agus RTÉ agus píosaí
scannán an teaghlaigh féin le feiceáil ar an gclár seo ina gcuirfear an chlann faoi agallamh.
16:00 Cluichí na Bliana Deis eile an cluiche idir Gaillimh v Tiobraid Árann i gCluiche Leathcheannais
Chraobhchomórtas Sinsear Iomána na hÉireann a imríodh ar Pháirc an Chrócaigh a
fheiceáil.
19:15 Féilte ó Londain Spraoi agus spórt, togha an cheoil agus na n-amhrán as teach ósta an Crown i Cricklewood
i dteannta Ghaeil Londain. Á chur i láthair ag Caoimhe Ní Chonchoille.
19:45 Tír Tairngire Sa seachtú aois déag deirtear gur dhíbir Cromail go leor do Ghaeil oirthear na hÉireann go
Connacht. An 10ú Aibreán 1934, chuaigh slua fear ar rothair as Conamara go Baile Átha
Cliath agus d'éiligh ar cheannaire an stáit nua, Éamon de Valera, talamh úr nua torthúil, mar
a baineadh óna sinsear, a thabhairt dóibh i gContae na Mí. An bhliain dar gcionn, 80 bliain ó
shin, d'fhág seacht gcomhluadar is fiche, Conamara le haghaidh a thabhairt ar a dtír
tairngire nua, Ráth Chairn, i gContae na Mí. Seo é scéal Ráth Chairn.
20:45 Moya Brennan Ag Ceol Coirmcheol leis an amhránaí agus an ceoltóir a bhfuil aithne mhór sa bhaile agus thar lear
uirthi, Moya Brennan sa Chultúrlann i mBaile Átha Cliath i dteannta a muintire agus a cairde.
Ag canadh léi bheidh Cormac De Barra ar an gcláirseach agus bodhrán agus a hiníon
Aisling Jarvis ar mhéarchlár agus ar an ngiotár.
I measc na amhráin a bheidh siad ag canadh beidh She Moved Through the Fair, An
Crúiscín Lán, An Seanduine Dóite, Casadh mo Chroí, Seoithín Seó, The Lass of Aughrim,
Mr. O’Connor, Show Me, The Pleasure will be Mine, When the Morning Breaks.
21:30 Deoch an Dorais Clár faisnéise faoi Chonallach nárbh fhéidir a mharú - ainneoin 20 iarracht éagsúla. Seo é
scéal Mike Molloy, imirceach a ndeachaigh an saol ina aghaidh agus a bhí ag ól go trom
agus aithne mhaith air i dtithe tábhairne sa Bronx i Nua-Eabhrac. Bhí an saol dian ag go leor
ach bheartaigh ceathrar dá lucht aitheantais cleas gránna a imirt air - polasaí árachas saoil a
cheannach air, é a chur chun báis agus an t-airgead a bhailiú. Sa gclár seo, tugann
Conallach iomráiteach den tsloinne chéanna, Anthony Ó Maolmhuaidh, turas go Nua
Eabhrac ag fiosrú an fhir seo. Léiriú le Magamedia Teo.
00:25 Port Sráid na Cathrach: Sraith faisnéise ceoil sé chlár á chur i láthair ag Julie Fowlis agus
Muireann Nic Amhlaoibh. Rachaidh an bheirt ar aistear ceoil ar fud na hÉireann agus na
hAlban. Ar fhéile Willie Clancy i Sráid na Cathrach a thabharfaidh siad a n-aghaidh an
tseachtain seo. Beidh na ceoltóirí as Albain, an t-ilionstraimí Allan Henderson agus an
sárphíobaire Allan MacDonald ina dteannta. Beidh seisiún ceoil acu le Paddy Glackin, Roisin
White agus the Friel Sisters.
Dé Máirt 29 Nollaig
15:10 Ceol ón ChlannMuintir Patterson: Sraith faoi shé theaghlach cheolmhara: Baineann an clár seo le Muintir
Patterson, teaghlach as Leitir Ceanainn, a bhain clú agus cáil amach sna seascaidí agus
sna seachtóidí, ach a d'éirigh as an gceol mar gheall ar dhualgais teaghlaigh. Is í Pádraigín
Ní Uallacháin a chuirfidh an clár i láthair. Beidh ábhar cartlainne leis an BBC, UTV agus RTÉ
agus píosaí scannán an teaghlaigh féin le feiceáil ar an gclár ina gcuirfear an teaghlach faoi
agallamh.
15:45 GAA 2015 na ScéaltaSúil siar ar scéalta agus ar bhuaicphointí chluichí CLG na bliana.
16:15 Cluichí na Bliana Ciarraí v Corcaigh: Deis eile Cluiche Ceannais Peile na Mumhan na bliana seo idir Ciarraí
agus Corcaigh a imríodh i Staid Mhic Gearailt agus a chríochnaigh ar chomhscór a fheiceáil.
D'éirigh le Fionn Fitzgerald na foirne a chur ar chomhscór i gcluiche ceannais den scoth inar
scóráladh cúig chúl ar fad ann.
19:15 Súil Siar Corn Uí Riada Súil siar ar phríomhchomórtas amhránaíochta ar an sean-nós Oireachtas na Samhna 2015.
Beidh na hamhránaithe sean-nóis is fearr dá bhfuil ann san iomaíocht le 'Corn Uí Riada' a
bhuachan.
20:15 Rúbaí Clár Grinn Gaeilge faoi Rúbaí, cailín óg 8 mbliana d’aois atá ar tí a céad chomaoineach a
dhéanamh ach atá ag diúltú é a dhéanamh in Éirinn an lae inniu.
20:30 Ros na RúnFéachann Peigí lena chinntiú nach ndíbreoidh Eoin ar ais abhaile í. Tá Katy ag fanacht leis
na torthaí ón ospidéal. Insíonn sí do Dheirdre gurb í Noreen a chuaigh i mbradaíl ar John
Joe agus gan a bheith cantalach leisean. An nglacfaidh sí le comhairle Katy? Baintear siar
ceart as David é nuair a chloiseann sé gur fágadh páiste óg ag doras Mháire agus Pheadair
Oíche Nollag. Impíonn sé orthu é a insint do na Seirbhísí Sóisialta ach deir Peadar go
gcaithfeadh sé go bhfuil cúis leis gur fágadh an páiste acu.
21:00 CogarTriúr a Bádh: Clár faisnéise faoi eachtra thubaisteach a tharla in Inis Mór, Árainn i 1939. Ar
dhuine den triúr a bádh, bhí Seáinín Tom Ó Direáin, seanchaí a ghlac páirt sa
ngearrscannán Oíche Sheanchais le Robert Flaherty. Is le gairid a thángthas ar chóip den
scannán, saothar a measadh a bheith caillte.
21:30 SuasClár faisnéise, leath-dháiríre faoin gcáil dhomhanda a thuill baile beag i gCorcaigh as an
ardú croí agus eile a fuair fir an bhaile as an mhonarcha áitiúil a bhí ag táirgeadh an druga
Viagra. Tuairiscíodh go raibh an ghal a bhí ag imeacht le gaoth as simléir na monarchan
Pfizer i Rinn an Scídigh ar chuan Chorcaí ag cur le fearúlacht na bhfear a chónaigh ina aice
agus go raibh an uile dhuine, idir fhir is mhná breá buíoch.
22:15 The Man who saved the World : Fíorscéal Stanislav, An Slánaitheoir: Clár faisnéise faoin éacht a rinne an Leifteanant-Choirnéal
Stanoslav E. Petrov, a bhí in Arm na Sóivéide tráth ar bhuail an t-aláram míleata ag insint
dóibh go raibh Meiriceá tar éis diúracán a scaoileadh leo. Bhí ar Petrov cinneadh an-mhór a
dhéanamh an oíche sin. Shocraigh sé dul in aghaidh na n-ordaithe a bhí faighte aige agus
chur ina luí ar na fórsaí armtha gur rabhadh bréige a bhí ann. Sheachain an cinneadh sin
cogadh domhanda núicléach.
00:00 BB King - The Life of RileyClár ina labhróidh B.B. King faoina shaol. Inseoidh sé mar a d'éirigh le fear dubh óg, Riley B.
King a bheith ina Rí ar an gceol agus tionchar a bheith aige ar an iliomad ceoltóirí eile.
Morgan Freeman an scéalaí agus cuirfear Eric Clapton, Bill Cosby, Bono, Ringo Starr, Bruce
Willis, Carlos Santana agus neart eile faoi agallamh freisin.
Dé Céadaoin 30 Nollaig
15:25 Ceol ón Chlann Muintir Sands: Sraith faoi shé theaghlach cheolmhara: Muintir Sands a bheidh faoi chaibidil
ar an gclár seo. Tá an domhan mór siúlta ag an teaghlach seo ag ceol agus an-tóir ag
muintir Phoblacht na Gearmáine Thoir orthu.
16:15 Cluichí na BlianaCill Chainnigh v Gaillimh: Deis eile Cluiche Ceannais Chraobhchomórtas Sinsear Iomána
na hÉireann idir Cill Chainnigh v Gaillimh a imríodh ar Pháirc an Chrócaigh a fheiceáil. Is é
Garry Mac Donncha a bheidh i mbun tráchtaireacht.
19:15 Súil Siar Steip na nÓg Súil siar ar chomórtas damhsa ar an sean-nós do dhaoine óga, Oireachtas na Samhna 2015
in Óstán Citywest i mBaile Átha Cliath.
20:15 Bocsáil i mBoston Clár faisnéise faoi dhornálaithe ó chlub Dornálaíochta Chonamara a chuaigh go Bostún
chun páirt a ghlacadh i gcomórtas dornálaíochta a d'eagraigh Méara Bhostún, Marty Walsh.
Seisear dornálaí déag ar fad a chuaigh anonn agus ba é seo an chéad uair ag an gcomórtas
a bheith ar bun. Léiriú le Mikey Ó Flatharta Darba.
00:25 Port Eilean Sgitheanach : Sraith faisnéise ceoil sé chlár á chur i láthair ag Julie Fowlis agus
Muireann Nic Amhlaoibh. Rachaidh an bheirt ar aistear ceoil ar fud na hÉireann agus na
hAlban. Ar Iarthuaisceart na hAlban a thabharfaidh siad a n-aghaidh an tseachtain seo.
Beidh na ceoltóirí Michelle Mulcahy and Dónal O’Connor ina dteannta. Casfaidh siad leis an
amhránaí Anne Martin agus an píobaire mór le rá Angus Nicolson ar an Eilean Sgitheanach
agus na fidléirí iontacha Angus Grant agus Ewan Henderson i Loch Abar do sheisiún ceoil.
Oíche Chinn Bhliana
15:55 Ceol ón Chlann Muintir Uí Shnodaigh: Sraith faoi shé theaghlach cheolmhara: Muintir Snodaigh a bheidh
faoi chaibidil ar an gclár seo. Tógadh Rónán, Rossa agus Colm Ó Snodaigh i dteaghlach an-
chruthaitheach i mBaile Átha Cliath agus is mar gheall air sin a chuir siad an grúpa Kíla le
chéile a bhfuil cáil mhór ar fud an domhain orthu. Is í Pádraigín Ní Uallacháin a chuirfidh an
clár i láthair. Beidh ábhar cartlainne leis an BBC, UTV agus RTÉ agus píosaí scannán an
teaghlaigh féin le feiceáil ar an gclár ina gcuirfear an teaghlach faoi agallamh.
16:25 Cluichí na Bliana
Áth Cliath v Ciarraí: Deis eile Cluiche Ceannais Chraobhchomórtas Sinsear Peile na
hÉireann idir Áth Cliath agus Ciarraí a imríodh ar Pháirc an Chrócaigh a fheiceáil. Garry Mac
Donncha a bheidh i mbun tráchtaireachta. Bhí súil ag Ciarraí an 38ú craobh a bhaint amach
agus Áth Cliath ag féachaint leis an 25ú craobh a bhuachan.
19:15 Hollywood in ÉirinnThe Wind That Shakes the Barley: Sraith ina gcaitheann an t-aisteoir Denis Conway súil
siar ar an tionchar a d'imir mór-scannáin ar an bpobal in Éirinn inar tharla an scannánú ar an
láthair. Sa chéad chlár rachaidh Denis go Cúil Aodha agus Droichead na Bandan i
gCorcaigh sa tóir ar mhuintir na háite a bhí páirteach i scannán Ken Loach agus iadsan a
chabhraigh leis chun an Palme d’Or a bhuachan. Inseoidh daoine as an áit, a bhí ag obair sa
chúlra ar an scannán mór le rá seo in éineacht leis an aisteoir Cillian Murphy, a gcuid
scéalta féin dó.
19:45 Bing Crosby- GuthClár faoin amhránaí agus an t-aisteoir clúiteach as Meiriceá, Bing Crosby. Caitlicigh
Éireannacha a bhí i muintir Bing Crosby a bhí ina gcónaí i Spokane, baile beag in
iarthuaisceart Mheiriceá. Bhí Bing i mbarr a réime tráth a raibh na Stáit Aontaithe i mbun
troda sa Dara Cogadh Domhanda.
20:30 Ros na Rún Bíonn díomá ar Pheadar nuair a thugann na seirbhísí sóisialta leo an páiste. Deir David le
Máire go bhféadfaidh siad iarratas a dhéanamh a bheith ina dtuismitheoirí altrama ag an
bpáiste. An inseoidh Máire é sin do Pheadar áfach? Bíonn Deirdre an-sásta nuair a thugtar a
chéad chás di. Is gearr go dtuigeann sí go bhféadfadh an cás céanna tionchar mór a bheith
aige ar a caidreamh le Mack. Leanann Tadhg air ag baint as Eoin ach titeann an tóin as a
chuid pleananna. Bíonn siad ag spochadh as a chéile Oíche Chinn Bliana sa bpub. An bhfuil
ní éigin conspóideach ar eolas ag Eoin faoi Thadhg?
21:00 Gradam Ceoil TG4 2015 Dáithí Ó Sé agus Aoife Ní Thuairisg a chuir Gradam Ceoil TG4 i láthair as Áras
Ceoldrámaíochta Chorcaí. Bronnfar Gradam Ceoil TG4 ar mháistrí ceoil agus amhrán.
Ollcheolchoirm speisialta a bheidh againn le roinnt de mhórcheoltóirí na tíre. Beidh Ceoltóir
na Bliana Máirtín O'Connor ar stáitse in éineacht lena chairde ceoil Dónal Lunny, Zoe
Conway agus go leor eile. Beidh ceol freisin ann ó The Bonny Men; Ensemble Ériú; Róisín
White; Bobby Gardiner & a chairde; agus Micheál Ó Súilleabháin, Paddy Glackin, Liam
O'Flynn, Neil Martin.
22:45 Brendan Shine @ 50 Opry an Iúir á chur i láthair ag Daniel O'Donnell. Clár speisialta a dhéanfaidh ceiliúradh ar
Brendan Shine atá ag ceiliúradh 50 bliain i mbun ceoil. Is í Treasa Ní Cheannabháin a
bheidh ina haoi speisialta aige. Coinnigí comhluadar le Daniel agus é ag cur sárcheoltóirí
tíre na hÉireann in aithne dúinn as Halla an Bhaile in Iúir Chinn Trá, Co. an Dúin.
23:55 ABBA in ConcertCeolchoirm beo le ABBA. Bhí clú agus cáil ar ABBA ag deireadh na 1970idí, ach tá an-tóir
fós orthu sa lá atá inniu ann. Taifeadadh an chuid is mó den cheolchoirm in Airéine
Wembley i Londain i 1979, áit ar chas ABBA a gcuid amhrán mór le rá ar fad don lucht
féachana. I measc na n-amhrán ar an glár seo beidh: Waterloo, Take a Chance on Me,
Voulez-Vous, Chiquitita, I Have a Dream, Gimme! Gimme! Gimme!, Knowing Me, Knowing
You, Summernight City, Dancing Queen.
Lá Caille 2016
15:05 Seán Ó Sé - A Life in Song and Story
D'iarr an cumadóir Seán Ó Riada ar Sheán Ó Sé a bheith páirteach sa ghrúpa ceoil
'Ceoltóirí Chualann' sa mbliain 1962, tionscadal a chuir ceol traidisiúnta na hÉireann os
comhair an phobail anseo sa mbaile ar dtús agus ansin os comhair an domhain mhóir.
Leanann an scannán seo an fhorbairt a tháinig ar Sheán mar amhránaí agus mar scéalaí.
Bhí sé ag casadh sna céadta ceolchoirmeacha in Éirinn agus thar lear ach fós féin choinnigh
sé a phost mar mhúinteoir bunscoile agus príomhoide i gcathair Chorcaí.
16:30 Rugbaí Beo Craoladh beo ar Chúige Laighean v Cúige Chonnacht ón RDS sa aonú babhta déag den
tSraith Guinness PRO12. Á chur i láthair ag Máire Treasa Ní Dhubhghaill.
19:05 Hollywood in Éirinn Barry Lyndon: Sraith ina gcaitheann an t-aisteoir Denis Conway súil siar ar an tionchar a
d'imir mór-scannáin ar an bpobal in Éirinn inar tharla an scannánú. Is i nDéise Mumhan, in
iarthar Phort Láirge a rinne an stiúrthóir aitheanta Stanley Kubrick go leor den scannánú ar
an mór-scannán Barry Lyndon i 1973. Cé go ndeirtear go minic gurbh duine cúthail, fuar a
bhí in Kubrick, ní shin é an chuimhne atá air sna Déise ach a mhalairt. Shocraigh Kubrick
gurbh iad an grúpa traidisiúnta The Chieftains a sheinnfeadh an ceol don scannán agus
chuir sin go mór le cáil an ghrúpa go hidirnáisiúnta.
19:35 Dusty Springfield: Guth Clár faoi shaol agus shaothar an amhránaí Mary O'Brien nó Dusty Springfield mar ab fhearr
aithne uirthi. I West Hempstead i Londain a d'fhás Mary O'Brien aníos. Ba as Éirinn agus as
Albain a cuid tuismitheoirí. D'fhreastail sí ar scoil Chaitliceach faoi stiúir Shiúracha na
Carthanachta, a bhí thar a bheith dian. D'athraigh sí a hainm go Dusty Springfield ina
dhiaidh sin
20:25 Lugs Brannigan Scéal an Gharda, Jim "Lugs" Brannigan, ar thuill a mhodh oibre cáil lena linn (idir mholadh
agus cháineadh). Liostáil sé sa nGarda Síochána agus is ar a cheantar dúchais a d'fhill sé
agus é nua-cheaptha ina Gharda. Níor leasc leis a dhorn ná a smachtín a úsáid agus bhí
faitíos roimhe chuile áit sula fada. Ach ba nós leis freisin dul chun cúirte agus labhairt ar son
ógánach ar mheas sé gealladh a bhí faoi agus dóchas aige nach rachadh an duine sin ar
strae arís. Tugann an clár seo an deis dúinn ár mbreithiúnas féin a thabhairt agus tuiscint ar
fháil ar an bhfear agus ar an ré inar mhair sé.
21:25 Seán Keane Ag Ceol Ceolchoirm speisialta leis an amhránaí aitheanta Seán Keane agus a chairde, iad ag ceol dá
aíonna Tigh Phaddy Coyne, Crois na Tulaí, Conamara.
Siad na hamhráin a bheidh Seán Keane ag canadh ná; Paint me a Picture of Ireland, Man
from Connemara, Killing the Blues, Ave Maria agus Fields of Gold. Ag canadh in éineacht
leis bheidh Fergus Feely – mandocello; Pat Coyne, giotár ; David Doocey – fidil; Stephen
Doherty - méarchlár, feadóg mhór & bosca ceoil.
00:40 Port Ciarraí: Sraith faisnéise ceoil sé chlár á chur i láthair ag Julie Fowlis agus Muireann Nic
Amhlaoibh. Rachaidh an bheirt ar aistear ceoil ar fud na hÉireann agus na hAlban. Ar
Chorca Dhuibhne a thabharfaidh siad a n-aghaidh an tseachtain seo. Beidh an t-amhránaí
James Graham agus an ceoltóir iontach Iain MacFarlane as Albain ina dteannta. Tá cáil
mhór ar iardheisceart na hÉireann i dtaobh na gceoltóirí mór le rá ar as Ciarraí iad. Casfaidh
siad leis na bannaí Lumiere agus Cuas agus beidh seisiún breá bríomhar acu le Pádraig Ó
Sé.
1:10 Bruce Springsteen: The Ties that Bind
Clár faisnéise faoi albam Bruce Springsteen "The River", an t-albam a tharraing clú agus cáil
air an chéad lá riamh. I measc na n-amhrán ar an albam tá, "Hungry Heart" chomh maith leis
na clasaicí "Cadillac Ranch", "Point Blank", "Out In The Street" agus ar ndóigh an t-amhrán
"The River". Beidh píosaí scannánaíochta ón gcartlann nach bhfacthas cheana ó The River
Tour, an turas a thuil cáil mhór dó ar fud an domhain, le feiceáil sa chlár. Beidh os cionn 100
pictiúr de Springsteen agus den bhanna E Street Band ann freisin agus iad i mbun ceoil.