Léigh seo go cúramach:
1. Ná hoscail an leabhrán seo go n-iarrtar ort.
2. Is teist ilrogha é seo.
3. Thig leat obair gharbh a dhéanamh ar an leathanach breise.
4. Scríobh d’fhreagraí ar an leathanach freagraí, ná scríobh na freagraí ar an teist seo.
5. Marcáil d’fhreagra sa cholún a bhfuil an uimhir chéanna aige is atá sa cheist teiste
trí líne dhubh a tharraingt tríd an litir.
6. Má dhéanann tú meancóg, scrios amach é go hiomlán agus cuir d’fhreagra nua
isteach. Ná marcáil ach freagra amháin do gach ceist.
7. Bí cinnte go gcoinníonn tú d’áit ar an leathanach freagraí.
8. Oibrigh chomh cúramach agus chomh gasta agus is féidir leat. Muna dtig leat
ceist a dhéanamh, ná cuir d’am amú léi ach gabh ar aghaidh chuig an chéad cheist
eile. Muna bhfuil tú cinnte den fhreagra, roghnaigh an freagra a shíleann tú atá
ceart.
9. Tá 60 ceist sa teist agus tá 50 bomaite agat leis an teist a dhéanamh.
1
Tá roinnt scéalta sa leabhrán seo. Tá sleachta as cineálacha éagsúla leabhar ann. Tá
súil againn go mbeidh siad suimiúil agus sultmhar agat. Beidh ceisteanna ann ar na
sleachta iad féin agus ar úsáid leabhar go ginearálta.
Agus tú ag obair tríd an leabhrán seo, bain úsáid as ‘Gluais’ agus ‘Clár’ nuair is mian
leat.
CLÁR
Lch.
Coláiste Mhuire 2
Cuairt ar an Zú 4
Tús Mhí Bealtaine 5
Úlla 8
An Préachán agus an Crúiscín 9
Ceisteanna Ginearálta 12
Gluais 13
Innéacs 13
Gabh ar aghaidh chuig an chéad leathanach eile
2
Léigh an sliocht thíos, ansin freagair na ceisteanna ar na leathanaigh a thagann
ina dhiaidh sin. Má tá focail ar bith ann nach dtuigeann tú, b’fhéidir go bhfuil
siad sa Ghluais ar leathanach 13.
Freagair na ceisteanna thíos. (Amharc siar ar an sliocht más gá.) Ba chóir duit
an freagra is fearr a roghnú gach uair agus an litir cheart a mharcáil ar do
leathanach freagraí.
1. Cá bhfuil Coláiste Mhuire?
A. Machaire Rabhartaigh
B. Gaoth Dobhair
C. Rann na Feirste
D. Gort an Choirce
E. Loch an Iúir
Coláiste Mhuire
Loch an Iúir
Tír Chonaill
Caith trí seachtaine linn ag foghlaim Gaeilge:
Cúrsa 1: Déardaoin 6 Meitheamh – Dé hAoine 28 Meitheamh
Cúrsa 2: Dé Luain 30 Meitheamh – Dé Máirt 22 Iúil
Cúrsa 3: Dé hAoine 25 Iúil – Dé Sathairn 16 Lúnasa
Clár an Lae
8.30am Bricfeasta
9.30am Ranganna Gaeilge
12.30pm Am Lóin
2.30pm Imeachtaí Tráthnóna:
rothaíocht, iascaireacht
dreapadóireacht,
cispheil, eitpheil, peil
iománaíocht, camógaíocht
4.30pm Snámh (má bhíonn an aimsir i gceart)
6.00pm Am tae
7.30pm Drámaí, tráth na gceist, céilithe, ceol,
cóiriú bréige, comórtais spóirt
10.00pm Suipéar agus am luí
Táille £200
Gach eolas: An Rúnaí, Seán Ó Baoill, Luí na Gréine,
An Aird Mhín, Croithlí
Gabh ar aghaidh chuig an chéad leathanach eile
3
2. Cé uaidh a bhfuil eolas le fáil faoi na cúrsaí?
A. Seán Ó Baoill
B. Micheál Ó Máirtín
C. Seosamh Ó Labhraí
D. Móna Uí Dhochartaigh
E. Séamus Ó Baoill
3. Cad air a bhfuiltear ag bráth má tá na páistí ag dul a shnámh?
A. an linn a bheith saor
B. éadaí snámha a fháil
C. an aimsir a bheith i gceart
D. an taoide a bheith istigh
E. gan siorc a bheith san fharraige
4. Cá fhad a mhaireann gach cúrsa?
A. seachtain amháin
B. dhá seachtaine
C. trí seachtaine
D. ceithre seachtaine
E. cúig seachtaine
5. Cá fhad a mhaireann imeachtaí an tráthnóna?
A. leathuair an chloig
B. uair an chloig
C. uair go leith
D. dhá uair
E. dhá uair go leith
6. Cén t-am a dtosaíonn na ranganna gach maidin?
A. 7.30am B. 8.30am C. 9.30am D. 10.30am E. 11.30am
7. Cá mhéad cúrsa Gaeilge ar fad atá ann i rith an tsamhraidh?
A. 1 B. 2 C. 3 D. 4 E. 5
8. Cén costas atá ar chúrsa Gaeltachta?
A. £50 B. £100 C. £150 D. £200 E. £250
9. Cén t-am a mbíonn an rothaíocht ann?
A. 1.00pm B. 1.30pm C. 2.00pm D. 2.30pm E. 3.00pm
10. Cá mhéad béile a bhíonn ann i rith an lae?
A. 1 B. 2 C. 3 D. 4 E. 5
Gabh ar aghaidh chuig an chéad leathanach eile
4
Scríobh duine míchúramach an sliocht thíos. Caithfidh tusa na meancóga litrithe a
aimsiú. Ar chuid de na línte, tá meancóg amháin. Ar línte eile, níl meancóg ar bith
ann. Aimsigh an grúpa focal a bhfuil an mheancóg ann agus marcáil an litir cheart ar
do leathanach freagraí. Mura bhfuil meancóg ar bith ann, marcáil N.
Cuairt ar an Zú
11. An mhaidin a bhí ann ag an zú agus bhe na hainmhithe uilig ina gcodladh. Go
12. ciúin, stop leoraí taobh amuigh den zú. D’oscail máistir an zú na geataí agsu
13. tháinig an leoraí isteach. Mhúscail na moncaithe ar dtús, bhí siad ag iarraidh a fháil
14. amach cad é bhí ag gul ar aghaidh. Nuair a chuaigh an leoraí thar chás s’acu, léim
15. siad agus scread said agus, roimh i bhfad, bhí na hainmhithe uilig eile múscailte.
16. Bhí a fhios ag gach ainmhí faoin am seo go ró an t-ainmhí nua ann. Bhí gach
17. ainmnigh chomh tógtha sin, ní raibh a fhios acu cé a bhí ann. Lig na cait mhóra
18. búir astu agus thosaigh na mic tíre ag ligint uaillí astu fotsa. Bhí gach ainmhí
19. múscailte: na séabraí, na rónta, na cangarúnna, bhí an seanbhéar codlatach
20. múscailte go fiú, agus iad uilig ag éisteacht le fáil amach cé hé an t-ainmhí nau.
Gabh ar aghaidh chuig an chéad leathanach eile
A B C D
A B C D
A B C D
A B C D
A B C D
A B C D
A B C D
A B C D
A B C D
A B C D
5
Léigh an sliocht thíos, ansin freagair na ceisteanna ar na leathanaigh a thagann
ina dhiaidh sin. Má tá focail ar bith ann nach dtuigeann tú, b’fhéidir go bhfuil
siad sa Ghluais ar leathanach 13.
Tús Mhí Bealtaine le Máire
1. Dé Luain
Bhí rang corpoideachais againn inniu agus bhí sé ar fheabhas ar fad.
Bhain mé an-sult as ach bhí mé tuirseach traochta ina dhiaidh, I
ndiaidh am scoile chuaigh mé go dtí an linn snámha. Chaith mé
5. leathuair ag snámh agus bhain mé an-sult as.
Dé Máirt
Ní raibh an múinteoir Fraincise róshásta liom inniu. Thug sí aiste dom
agus rinne mé praiseach cheart di. Ghlac mé sos beag ón obair bhaile
agus d’amharc mé ar ‘C.U. Burn’. Thaitin sé go mór liom mar bhí sé
10. an-ghreannmhar.
Dé Céadaoin
D’éirigh mé go mall inniu mar níor chuala mé an clog. Shlog mé siar
mo bhricfeasta agus rothaigh mé ar scoil ar nós na gaoithe. Bhí mé
díreach in am. D’imir mo scoil cluiche camógaíochta in éadan Scoil
15. Bhríde. Bhí an bua againn. Chaith mé uair an chloig sa chlub óige.
Déardaoin
Bhí an rang ceoil an-sultmhar inniu. Rinne Marcas aithris ar Daniel
O’Donnell! Bhí an rang ar fad sna tríthe gáire. Bhí an rang
matamaitice an-leadránach inniu. Ní maith liom matamaitic mar is
20. ábhar crua, casta, deacair é.
Dé hAoine
Bhí turas scoile againn inniu. Chuaigh muid go Tír Chonaill. Bhí an
aimsir go hálainn. Bhí am ar dóigh againn i bPáirc Náisiúnta Ghleann
Bheithe. Bhí sárbhéile againn ansin. Bhí sé an-mhall san oíche nuair a
25. shroich muid an baile.
Freagair na ceisteanna thíos. (Amharc ar an sliocht arís más gá.)
Ba chóir duit an freagra is fearr a roghnú agus an litir a mharcáil ar do
leathanach freagraí.
21. Cad é an aidiacht thíos a chuireann síos ar ‘C.U.Burn’?
A. leadránach
B. sultmhar
C. greannmhar
D. suimiúil
E. drámatúil
22. Cén lá ar a raibh an turas scoile?
A. Dé Luain
B. Dé Máirt
C. Dé Céadaoin
D. Déardaoin
E. Dé hAoine
Gabh ar aghaidh chuig an chéad leathanach eile
6
23. Cé acu aidiacht thíos a chuireann síos ar an rang matamaitice?
A. leadránach
B. sultmhar
C. greannmhar
D. suimiúil
E. pléisiúrtha
24. Cén t-ainm a bhí ar an áit a raibh béile acu ar an Aoine?
A. Óstán Gaoth Dobhair
B. McDonalds
C. An Chistineach
D. Bialann na Mara
E. Páirc Náisiúnta Ghleann Bheithe
25. Cad é an míniú is fearr ar ‘rinne mé praiseach cheart di’?
A. Bhí mé ar saoire.
B. Ní dhearna mé go maith í.
C. Bhí mé tinn tuirseach di.
D. Bhí mé an-sásta léi.
E. Bhain mé an-sult aisti.
26. Cá fhad a chaith an scríbhneoir sa linn snámha?
A. leathuair
B. uair
C. uair go leith
D. dhá uair
E. dhá uair go leith
27. Cén múinteoir a bhí míshásta leis an scríbhneoir?
A. múinteoir Mata
B. múinteoir Gaeilge
C. múinteoir Béarla
D. múinteoir Fraincise
E. múinteoir Eolaíochta
28. Cén dóigh a ndeachaigh an scríbhneoir ar scoil Dé Céadaoin?
A. bus
B. carr
C. siúl
D. rothar
E. scútar
29. Cé a rinne aithris ar Daniel O’Donnell?
A. Maithín
B. Máirtín
C. Máire
D. Martha
E. Marcas
Gabh ar aghaidh chuig an chéad leathanach eile
7
30. Tá an focal ‘mar’ in úsáid sa litir seo mar: (líne 9)
A. ainmfhocal
B. aidiacht
C. briathar
D. réamhfhocal
E. cónasc
31. Tá an focal ‘shroich’ in úsáid sa litir seo mar: (líne 25)
A. ainmfhocal
B. aidiacht
C. briathar
D. réamhfhocal
E. cónasc
32. Tá an focal ‘corpoideachas’ in úsáid sa litir seo mar: (líne 2)
A. ainmfhocal
B. aidiacht
C. briathar
D. réamhfhocal
E. cónasc
33. Tá an focal ‘leadránach’ in úsáid sa litir seo mar: (líne 19)
A. ainmfhocal
B. aidiacht
C. briathar
D. réamhfhocal
E. cónasc
34. Tá an focal ‘tuirseach’ in úsáid sa litir seo mar: (líne 3)
A. ainmfhocal
B. aidiacht
C. briathar
D. réamhfhocal
E. cónasc
Gabh ar aghaidh chuig an chéad leathanach eile
8
Scríobh duine míchúramach an sliocht thíos. Caithfidh tusa na meancóga poncaíochta
a aimsiú. Ar chuid de na línte, tá meancóg amháin. Ar línte eile, níl meancóg ar bith
ann. Aimsigh an grúpa focal a bhfuil an mheancóg ann agus marcáil an litir cheart ar
do leathanach freagraí. Mura bhfuil meancóg ar bith ann, marcáil N.
Úlla
35. "Suas leat ar an dréimire anois agus bain gach úll acu sin go cúramach” arsa
36. daidí. “An gcaithfidh mé síos chugat iad ansin,” arsa Liam. “Ná caith iad,” arsa
37. daidí. “Tabhair dom iad ina gceann agus ina gceann agus cuirfidh mé sna boscaí
38. iad” Chuaigh Liam suas an dréimire agus thosaigh sé ag bailiú na n-úll. “Bí
39. cúramach,” arsa daidí “agus ná buail i gcoinne a chéile iad. Is furasta iad a bhrú.”
40. Chuir daidí na húlla sna boscaí agus chuir sé Féar tirim eatarthu i dtreo is nach
41. mbuailfeadh siad ar a chéile Choinnigh sé cuid de na húlla agus thug sé do
42. mhamaí iad. Rinne mamaí toirtín blasta leo agus dith gach duine é go hocrach.
Gabh ar aghaidh chuig an chéad leathanach eile
A B C D
A B C D
A B C D
A B C D
A B C D
A B C D
A B C D
A B C D
9
Léigh an sliocht thíos, ansin freagair na ceisteanna ar na leathanaigh a thagann
ina dhiaidh. Má tá focail ar bith ann nach dtuigeann tú, b’fhéidir go bhfuil siad
sa Ghluais ar leathanach 13.
An Préachán agus an Crúiscín (Arna chur in oiriúint ó Ó Ruanaidh, R. (1997) Scéalta Aesop)
1. Éan mór dubh atá sa phréachán agus tá sé cliste chomh maith. Lá te
samhraidh a bhí ann agus bhí tart mór ar an phréachán. Chuardaigh sé
gach áit ach bhí gach sruthán agus gach tobar tirim. Chonaic sé
crúiscín i ngairdín agus tháinig sé anuas le hamharc air. Bhí an t-ádh
5. leis mar bhí uisce sa chrúiscín. Crúiscín ard caol a bhí ann, áfach, agus
bhí an t-uisce rófhada thíos ann. Ní raibh sé ábalta deoch ar bith a fháil.
Shuigh sé tamall agus smaoinigh sé. Chonaic sé carn beag cloch in aice
leis. Bhuail smaoineamh é. Thóg sé cloch agus lig sé di titim síos
isteach sa chrúiscín. Rinne sé an rud céanna arís agus arís eile. De
10. réir a chéile thosaigh an t-uisce ag teacht aníos agus sa deireadh bhí sé
ábalta deoch a fháil. D’ól sé a sháith agus d’imigh an préachán leis
agus é iontach sásta leis féin.
Freagair na ceisteanna thíos. (Amharc siar ar an sliocht más gá.) Ba chóir duit
an freagra is fearr a roghnú gach uair agus an litir cheart a mharcáil ar do
leathanach freagraí.
43. Cad chuige a raibh an préachán ag cuardach uisce?
A. bhí ocras air
B. bhí tart air
C. bhí imní air
D. bhí fearg air
E. bhí eagla air
44. Cad chuige nach raibh sé ábalta deoch a fháil as an chrúiscín ag an tús?
A. crúiscín ard caol a bhí ann
B. crúiscín íseal caol a bhí ann
C. crúiscín ard leathan a bhí ann
D. crúiscín íseal leathan a bhí ann
E. bhí an crúiscín briste
45. Cad é a chuir sé isteach sa chrúiscín?
A. gaineamh
B. créafóg
C. féar
D. clocha
E. craobhacha
Gabh ar aghaidh chuig an chéad leathanach eile
10
46. Cad é an míniú is fearr ar ‘d’ól sé a sháith’?
A. D’ól sé gach rud sa chrúiscín.
B. D’ól sé an méid a bhí de dhíth air.
C. Níor ól sé rud ar bith.
D. D’ól sé barraíocht.
E. Níor ól sé barraíocht
47. Cé acu abairt thíos atá fíor?
A. Bhí an préachán iontach bómánta.
B. Bhí an aimsir iontach fliuch.
C. Fuair an préachán an rud a bhí de dhíth air.
D. Ní raibh tart ar an phréachán.
E. Níor éirigh leis an phréachán deoch a fháil.
48. Cé acu aidiacht thíos a chuireann síos ar an phréachán?
A. bománta
B. aclaí
C. falsa
D. cliste
E. gasta
49. Cén dath atá ar an phréachán?
A. gorm
B. donn
C. bán
D. dubh
E. liath
50. Cá raibh an crúiscín?
A. sa ghaineamhlach
B. sa ghairdín
C. sa choill
D. sa sráid
E. ar an díon
51. Cad chuige nach raibh an préachán ábalta deoch a fháil ó shruthán nó ó thobar?
A. ní raibh ceann ar bith ann
B. bhí sé róchontúirteach dul ann
C. bhí barraíocht daoine ann
D. bhí siad tirim
E. bhí sé róthe le heitilt
52. Cad é mar a mhothaigh an préachán sa deireadh?
A. tuirseach
B. ocrach
C. dúdóite
D. sásta
E. scanraithe
Gabh ar aghaidh chuig an chéad leathanach eile
11
53. Cén chiall atá leis an fhrása ‘bhuail smaoineamh é’? (líne 8)
A. smaoinigh sé ar chloch a chaitheamh
B. bhuail cloch é
C. smaoinigh sé ar an chloch a chaitheamh leis an chrúiscín
D. smaoinigh sé ar phlean
E. bhuail cloch é ar an chloigeann
54. Is é an príomhrud a insíonn an chéad pharagraf dúinn ná:
A. go raibh an préachán sa ghairdín
B. go raibh aimsir ghalánta ann
C. go raibh an préachán ag cuardach uisce
D. cur síos ar an éan
E. cur síos ar an aimsir
55. Cad é an príomheolas atá le léamh sa dara paragraf?
A. an dóigh a raibh an aimsir
B. an dóigh ar eitil an préachán thart
C. an dóigh ar smaoinigh sé ar phlean
D. an dóigh ar éirigh leis an phréachán uisce a fháil
E. an dóigh ar aimsigh an préachán na clocha
Gabh ar aghaidh chuig an chéad leathanach eile
12
Ceisteanna Ginearálta
Leis na ceisteanna seo a fhreagairt, caithfidh tú smaoineamh ar na sleachta atá
léite agat. Amharc siar, más mian leat, agus amharc ar an Innéacs agus ar an
Ghluais ar leathanach 13.
56. Cá háit a léifeá an sliocht ‘Coláiste Mhuire’?
A. clár fógra scoile
B. clár fógra dlíodóra
C. clár fógra dochtúra
D. clár fógra búistéara
57. Cá háit a léifeá an sliocht ‘Tús Mhí Bealtaine’?
A. irisleabhar
B. nuachtán
C. dialann
D. úrscéal
58. Cad é an t-ainm atá ar an údar a scríobh an sliocht ‘An Préachán agus an
Crúiscín’?
A. S. Ó Baoill
B. D. O’Donnell
C. R. Ó Ruanaidh
D. C. Burn
59. Cad é an t-ainm atá ar a leabhar óna dtagann an sliocht ‘An Préachán agus an
Crúiscín’?
A. Scéalta Aesop
B. Coláiste Mhuire
C. Mo Dhialann
D. An t-Éan a Raibh Tart Air
60. Cén dóigh a bhfuil an t-eolas san innéacs eagraithe?
A. ord uimhreach
B. ord ardaitheach
C. ord íslitheach
D. ord aibítreach
13
Gluais
lth.2 dreapadóireacht dul suas in airde ar rud, sliabh mar shampla
lth.4 uaille an fhuaim ard a dhéanann mac tíre leis an
ghealach
lth.5 aiste píosa scríbhneoireachta, neamhfhicsean
lth.8 toirtín pióg mhilis
lth.9 tobar poll sa talamh le huisce ann
Innéacs
ainmhithe, 4
Gaeltacht, 2
Páirc Náisiúnta Ghleann Bheithe, 5
préachán, 9
úll, 8
DEIREADH NA TEISTE
Léamhthuiscint Meancóga Litrithe Meancóga Poncaíochta
TIONTAIGH AN LEATHANACH
1997 1998 1999 2000 2001 2002 2003 2004 2005 2006 2007 2008 2009
0 1 2 3 4 5 6 7 8 9
0 1 2 3 0
1 2 3 4 5 6 7 8 9
0 1 2 3 4 5 6 7 8 9
0 1 2 3 4 5 6 7 8 9
0 1 2 3 4 5 6 7 8 9
0 1 2 3 4 5 6 7 8 9
0 1 2 3 4 5 6 7 8 9
0 1 2 3 4 5 6 7 8 9
0 1 2 3 4 5 6 7 8 9
0 1 2 3 4 5 6 7 8 9
0 1 2 3 4 5 6 7 8 9
0 1 2 3 4 5 6 7 8 9
0 1 2 3 4 5 6 7 8 9
0 1 2 3 4 5 6 7 8 9
Ainm Dalta
Ainm na Scoile
Dáta na Teiste
Marcáil mar seo ‹ ›
UIMHIR DALTA UIMHIR SCOILE
DÁTA BREITHE
Lá Mí Bliain
Eanáir
Feabhra
Márta
Aibreán
Bealtaine
Meitheamh
Iúil
Lúnasa
M. Fómhair
D. Fómhair
Samhain
Nollaig
ÚSÁID MÚINTEORA AMHÁIN
Aois an dalta ag am na teiste bliain mí
Lomscór
Scór Caighdeánaithe
Ord Percintíle
90% Banda Muiníne do Scór
Caighdeánaithe
go
Túslitreacha an mharcálaí/na marcálaithe
GAEILGE: TEIST 6 – LEATHANACH FREAGRAÍ
Teist Thaithíoch
1 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E ›
2 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E ›
3 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E ›
4 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ N ›
5 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ N ›
6 A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ N › 7 A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ N ›
8 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ N ›
9 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ N ›
10 A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ N ›
1
27 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E ›
34 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E ›
54 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E ›
26 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E ›
33 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E ›
GAEILGE: TEIST 6 – LEATHANACH FREAGRAÍ
1 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E › 2 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E › 3 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E ›
4 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E ›
5 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E ›
11 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ N ›
12 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ N ›
13 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ N ›
14 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ N ›
15 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ N ›
6 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E › 7 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E › 8 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E ›
9 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E ›
10 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E ›
16 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ N ›
17 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ N ›
18 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ N ›
19 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ N ›
20 A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ N ›
21 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E › 22 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E ›
23 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E ›
24 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E ›
25 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E ›
56 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D ›
57 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D ›
58 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D ›
59 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › 60 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D ›
28 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E › 29 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E ›
30 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E ›
31 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E ›
32 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E ›
49 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E ›
50 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E ›
51 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E › 52 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E › 53 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E ›
Leathanaigh 2 agus 3
Marcáil na boscaí le líne thanaí chothrománach mar seo .
55 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E ›
48 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E ›
43 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E › 44 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E › 45 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E ›
46 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E ›
47 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E ›
35 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ N ›
36 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ N ›
37 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ N ›
38 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ N ›
39 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ N ›
40 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ N ›
41 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ N ›
42 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ N ›
Leathanaigh 4 (Meancóga Litrithe)
Leathanaigh 5, 6 agus 7
Leathanach 8 (Meancóga Poncaíochta)
Leathanaigh 9, 10 agus 11
Leathanach 12 (Ceisteanna Ginearálta)
2
27 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E ›
34 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E ›
54 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E ›
26 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E ›
33 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E ›
GAEILGE: TEIST 6 – LEATHANACH FREAGRAÍ
1 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E ›
2 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E ›
3 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E › 4 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E › 5 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E ›
11 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ N ›
12 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ N › 13 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ N › 14 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ N ›
15 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ N ›
6 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E ›
7 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E ›
8 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E › 9 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E › 10 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E ›
16 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ N ›
17 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ N › 18 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ N › 19 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ N ›
20 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ N ›
21 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E ›
22 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E ›
23 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E › 24 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E › 25 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E ›
56 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › 57 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › 58 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › 59 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D ›
60 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D ›
28 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E ›
29 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E ›
30 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E › 31 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E › 32 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E ›
49 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E › 50 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E ›
51 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E ›
52 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E › 53 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E ›
Leathanaigh 2 agus 3
55 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E ›
48 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E ›
43 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E ›
44 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E ›
45 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E ›
46 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E › 47 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E ›
35 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ N › 36 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ N › 37 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ N ›
38 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ N ›
39 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ N › 40 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ N › 41 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ N ›
42 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ N ›
Leathanaigh 4 (Meancóga Litrithe)
Leathanaigh 5, 6 agus 7
Leathanach 8 (Meancóga Poncaíochta)
Leathanaigh 9, 10 agus 11
Leathanach 12 (Ceisteanna Ginearálta)
3