1
An Teist Aistrithe
Teist Ilrogha Gaeilge
Teist Chleachtaithe
Páipéar 42
Fad Ama: 50 bomaite
2
Intreoir Tá scéalta sa leabhrán seo. Tá sleachta ann ó chineálacha difriúla leabhar. Tá súil againn go mbainfidh tú sult agus tairbhe astu. Cuirfear ceisteanna ort maidir leis na sleachta féin agus ar úsáid leabhar go ginearálta. De réir mar a oibríonn tú tríd an leabhar déan tagairt don Ghluais agus don Chlár am ar bith a ba mhaith leat.
Clár leathanach Cathair Cheilte Bhéal Feirste 3 Loch Glas 8 An Colasaem 9 Bosca Taisce 15 Ag Troid Tinte 16 Ceisteanna Ginearálta 21 Gluais 22 Leabharliosta 22 Innéacs 22
3
Léigh an sliocht seo agus freagair na ceisteanna ar na leathanaigh a leanas ina dhiaidh. Má tá focail ar bith ann nach dtuigeann tú, seans go bhfaighidh tú iad sa Ghluais ag deireadh an leabhráin.
Cathair Cheilte Bhéal Feirste
Is scéal faoin tseandálaíocht é seo, agus má tá tú ag cur ceiste cén dóigh a
bhfuil rud ar bith ar eolas agamsa faoin ábhar sin, thig liom a insint duit. Nár inis
ár múinteoir féin, an tUasal Mac Giolla Rua, gach aon rud dúinn faoi? Is é atá
ann ná dul a thochailt síos isteach sa talamh agus teacht ar rudaí cosúil le
cnámha nó cathracha ceilte agus ansin na giotaí agus na smidiríní a fhaigheann
tú a chur ar ais le chéile arís. Sa tslí sin thig eolas a chur ar an saol mar a bhí
sé trí mhíle bliain ó shin, nó fiú trí chéad bliain ó shin. Tá Béal Feirste
rífheiliúnach leis an saghas sin oibre a chleachtadh ann!
Imríonn an tUasal Mac Giolla Rua cleas beag orainn gach lá. Ag deireadh
an lae agus muid inár suí ansin go socair lenár gcuid cótaí orainn agus muid
réidh le dul abhaile, deir sé linn, “Anois, maidir leis an tseandálaíocht, cad
chuige nach dtéann sibh abhaile agus beagán tochailte a dhéanamh anocht in
bhur ngairdíní beaga féin; ní bheadh a fhios agaibh cad é a dtiocfaidh sibh air?
B’fhéidir go bhfuil ábhar maith seandálaí i nduine éigin agaibh atá in bhur suí
ansin os mo chomhair!”
Ansin suímid aniar go han-díreach inár gcathaoireacha agus deirimid rud
éigin ar nós, “Sea, a mháistir, ní hea, a mháistir, bainne géar agus brúitín, a
mháistir, tá an ceart agat ar fad, a mháistir,” agus “Sin go díreach a rud a
dhéanfaidh muid.” Ansin dar ndóigh téimid abhaile agus ní dhéanaimid tada
ach amharc ar Neighbours.
An lá dár gcionn, ar ais ar scoil linn agus deirimid, “A mháistir, a mháistir, dar
m’fhocal, thochail mé agus thochail mé, ach dheamhan faic a fuair mé.”
Déarfaidh seisean ansin, “Bhuel, ná héirígí as an obair, coinnígí oraibh ag
tochailt!” Ansin, déanann sé rud aisteach amach is amach. Seinneann sé CD
de chuid Christy Moore agus canann sé féin an t-amhrán leis an CD. Seo líne
leis an amhrán, “Ná déan dearmad ar do shluasaid má tá fonn breá oibre ort.”
Is sa tslí seo a thosaíonn sé agus a chríochnaíonn sé an ceacht
seandálaíochta, agus in amanna i lár an cheachta fosta, cromann sé ar an cheol
1
5
10
15
20
25
Gabh ar aghaidh chuig an chéad leathanach eile
4
le líne eile, “An té a bhíonn de shíor ag tochailt poll go flaithis Dé go brách ní
dhual dó dul.”
Bhuel, de réir dealraimh ní rachadh. Agus de réir dealraimh is gealt cheart é
an tUasal Mac Giolla Rua, ach mar sin féin tá dúil agam ann – tá dúil againn go
léir ann.
Dar ndóigh thig le duine bheith dáiríre faoin tseandálaíocht: nárbh iontach dul
ar turas agus teacht ar chathair cheilte nó rud éigin eile a bheadh suimiúil; nach
mbeadh sé iontach teacht ar rud éigin nach raibh eolas ag duine ar bith air
romhat. Is é an fhadhb atá leis an stair agus le leabhair agus le léarscáileanna
ná nach gcluineann tú choíche na daoine ag caint nó nach mothaíonn tú a
mboladh i do phollairí, má thuigeann té mé. Is breá liomsa scannáin cosúil le
Raider of the Lost Ark – bhain sé leis an tseandálaíocht – agus fosta Back to the
Future – ba scéal é sin faoi thaisteal tríd an am. Thabharfainn rud ar bith ach
bheith in éachta éigin, i scannán de mo chuid féin a mbeadh an-tóir ag na
sluaite air. Sea, bhuel, éist anois, cad é atá cearr le bheith ag brionglóideach?
Tá cónaí ormsa thuas i gCliftonville; Ascaill na Coillearnaí an seoladh atá
agam, uimhir a 14, an teach deireanach. Ó fhuinneog mo sheomra leapa thig
liom na hOibreacha Uisce a fheiceáil. Tá sé fíorálainn ansin, tá a fhios agat,
agus is é an rud is deise ar fad faoi ná, gach uile lá beo agus ag gach uile uair
de gach lá, go mbíonn daoine le feiceáil ag caitheamh crústaí aráin leis na
healaí. Tá muintir Bhéal Feirste thar a bheith cineálta, tá a fhios agat. Tá na
healaí go hálainn. Tá méid bocht acu ann, caoga nó seasca, b’fhéidir. Sin lear
mór ealaí le bia a choinneáil leo. A leithéid de phléisiúr is a fhaighim an scata ar
fad acu a fheiceáil ag éirí le chéile san aer nó ag tuirlingt ar an uisce. Shílfeá
gur cogadh a bhíonn ann; tá na healaí cosúil le heitleáin chogaidh ag teacht
isteach go talamh nó á n-ardú féin go hard sa spéir.
Oíche amháin bhí mé thuas i mo sheomra ag amharc amach orthu; bhí mo
mham agus mo dhaid thíos staighre ag amharc ar an teilifís agus go tobann,
nuair a bhí sé ag dul ó sholas, smaoinigh mé go rachainn amach go dtí an
cúlghairdín agus go ndéanfainn roinnt tochailte. Bhí mé faoi dhraíocht ag
radharc na n-ealaí; chonacthas dom go raibh mé faoi gheasa agus thosaigh mé
a smaoineamh go gcaithfidh duine éigin bheith ar an chéad duine a thiocfadh ar
rud, agus tar éis an tsaoil cad chuige nach dtiocfadh teacht ar rud éigin i mBéal
Feirste, agus cad chuige nach mé féin a thiocfadh air.
30
35
40
45
50
55
60
Gabh ar aghaidh chuig an chéad leathanach eile
5
Freagair na ceisteanna seo le do thoil. Amharc ar an sliocht arís más gá. Ba chóir duit an freagra is fearr a roghnú agus é a mharcáil ar do leathanach freagraí.
Cé hé an tUasal Mac Giolla Rua? A athair an údair
B daideo an údair
C múinteoir an údair
D cara an údair
Cad é a mholann an tUasal Mac Giolla Rua do na daltaí ag deireadh an lá scoile? A dul abhaile go sábháilte
B dul ag aimsiú bonn le braiteoir miotail ar an trá
C arán a chaitheamh leis na healaí
D dul ag tochailt sa ghairdín
Cé acu scannán atá luaite sa sliocht a bhaineann leis an tseandálaíocht? A Neighbours
B Raiders of the Lost Ark
C Back to the Future
D Cliftonville
Cá mhéad eala, thart fá, atá le fáil sna hOibreacha Uisce? A thart fá 30 nó 40
B thart fá 40 nó 50
C thart fá 50 nó 60
D thart fá 60 nó 70
1
2
3
4
Gabh ar aghaidh chuig an chéad leathanach eile
6
Cad é seoladh an údair? A 14 Bóthar Cliftonville
B 14 Ascaill na Coillearnaí
C 14 Cathair Cheilte
D 14 Oibreacha Uisce
Nuair a thuirlingíonn na healaí ar an loch, A cuireann sé heileacaptar ag éirí san aer i gcuimhne don údar.
B cuireann sé eitleáin chogaidh ag teacht isteach go talamh i gcuimhne don údar.
C cuireann sé stoirm ghaoithe i gcuimhne don údar.
D cuireann sé lear mór beach i gcuimhne don údar.
Cad is ciall le ‘dul ó sholas’ ar líne 57? A chuaigh an t-údar amach sa ghile
B bhí an ghrian ag éirí go hard sa spéir
C bhí sé ag éirí dorcha
D bhí lán gealaí ann
Cé acu an focal séimhithe ar líne 55? A oíche
B sheomra
C amharc
D amach
5
6
7
8
Gabh ar aghaidh chuig an chéad leathanach eile
7
Cad is ciall leis an fhocal ‘rífheiliúnach’ ar líne 7? A an-difriúil
B an-chosúil
C an-fhóirsteánach
D an-éagsúil
Cad is ciall leis an fhrása ‘dheamhain faic a fuair mé’ ar líne 22? A Fuair mé cnámha vaimpír.
B Ní bhfuair mé an rud a bhí mé ag cuardach.
C Fuair mé corr rud.
D Ní bhfuair mé rud ar bith.
9
10
Gabh ar aghaidh chuig an chéad leathanach eile
8
Tá meancóga litrithe sa sliocht seo. Ar gach líne uimhrithe tá meancóg amháin ann nó níl meancóg ar bith ann. Aimsigh an grúpa focal leis an mheancóg ann agus marcáil a litir ar do leathanach freagraí. Muna bhfuil meancóg ar bith ann, roghnaigh N ar do leathanach freagraí.
Loch Glas
Tá brón an domhain orm a chloisteáil go bhfuil sibh ag dull a fholmhú Loch Glas agus é a líonadh le coincréit. Seo an ghnáthóg nádúrtha de na céadta cineálacha difriúla éan, amfaibiach, feithidí agus éisc. Ní bheidh áit ar bí le dul ag na hainmhithe seo. Tá sé de dhualgas orain gnáthóg nádúrtha na gcréatúr seo a chaomhnú. Is iomaí tráthnóna agus deireadh seachtaine a caith mé sa Pháirc Ghlas, ag baint sult mór as an fhiadhúlra. Ní iomaí áit atá fágtha ina dtig linn sult a bhain as an fhiadhúlra ina ghnáthóg nádúrtha. Má líontar Loch Glas, ní bhédh an Pháirc Ghlas chomh suimiúil céanna agus ní rachaigh daoine ann a thuilleadh, déanfar áit tréigthe di agus spreagfaidh sé graifítí agus loitiméireacht. Ná lion ár loch glas galánta le do thoil.
11 A B C D
A B C D
A B C D
A B C D
A B C D
A B C D
A B C D
A B C D
A B C D
A B C D
12
13
14
15
16
17
18
19
20
Gabh ar aghaidh chuig an chéad leathanach eile
9
Léigh an sliocht seo agus freagair na ceisteanna ar na leathanaigh a leanas ina dhiaidh. Má tá focail ar bith ann nach dtuigeann tú, seans go bhfaighidh tú iad sa Ghluais ag deireadh an leabhráin.
An Colasaem
Amfaitéatar ollmhór a bhí sa Cholasaem, is é sin ionad siamsa poiblí, a tógadh
go díreach i lár na Róimhe, san Iodáil. Thosaigh an tógáil i 72AD agus
críochnaíodh é i 80AD, thóg beagnach 60,000 sclábhaí é. Bhí suíocháin ann do
45,000 den lucht féachana ann, ach thiocfadh leis 70,000 a choinneáil san
iomlán. Is foirgneamh ubhchruthach é, tá sé 189 méadar ar fad agus 156
méadar ar leithead, le bonn-achar de 24,000m² agus airde breis agus 48
méadar. Tá thart fá 80 bealach isteach aige. Tagann an focal amfaitéatar ó na
focail Laidin ‘ampi’ a chiallaíonn ‘ar an dá thaobh’ agus ‘theatron’ a chiallaíonn
‘áit radhairc’. Tháinig an t-ainm Colasaem ón dealbh ollmhór de Néaró a sheas
taobh leis an staid darb ainm ‘Colossus Néaró’.
Tháinig daoine chuig an Cholasaem le haghaidh siamsa, mar a thagann siad
chuig staideanna peile sa lá atá inniu ann. Thiocfadh le duine ar bith dul ann,
agus bhí cead isteach saor in aisce ann. Agus iad ann, thiocfadh le daoine
amharc ar réimse leathan d’imeachtaí, ina n-áirítear troideanna gliaire, rása
carbad, seilg ainmhithe, drámaí, cathanna mara bréagacha, athachtuithe de
chatha cáiliúla agus básuithe.
Tagann an focal ‘gliaire’ ón Laidin agus ciallaíonn sé fear claímh. Ba throdaithe
armtha iad na gliairí a thug siamsa don lucht féachana trí throid a dhéanamh le
gliairí eile, ainmhithe fiáine nó coirpigh a daoradh chun báis. Ba sclábhaithe iad
an chuid is mó de na gliairí ach bhí saoránaigh eile ann a bhí sásta páirt a
ghlacadh in imeachtaí san airéine. Tharla catha idir fir agus ainmhithe fiáine ar
mhaithe le siamsaíocht. Go deimhin, is iomaí duine a caitheadh chuig na leoin.
Rinneadh athachtú de chathanna mara tríd an Cholasaem a líonadh le huisce le
cuma na farraige a chur air. Is iomaí duine a fuair bás sna cathanna seo.
Ba é an t-Impire Veaspáisian a d’ordaigh tógáil an Cholasaeim, agus bhí an-
mheas ag na daoine air dá bharr. Thóg na Sean-Rómhánaigh rudaí a
1
5
10
15
20
25
Gabh ar aghaidh chuig an chéad leathanach eile
10
mhairfeadh. D’úsáid ailtirí Veaspáisiain coincréit sa dóigh is go dtógfaí go gasta
agus go saor é. Cuireadh cloch, marmar agus aolchloch mar aghaidh ar an
choincréit.
Is mór an damáiste a rinneadh don Cholasaem thar na blianta agus níl an
chuma chéanna air is a bhíodh. Ar an drochuair, thit codanna de mar gheall ar
chreatha talún. Glacadh an aghaidh mharmair s’aige le Baisleac Naomh
Peadar agus leachtanna eile a thógáil. Ghoid robálaithe cloiche marmar ar bith
a bhí fágtha lena dhíol nó le dó in áitheanna aoil le mortar agus suimint a
dhéanamh
Freagair na ceisteanna seo le do thoil. Amharc ar an sliocht arís más gá. Ba chóir duit an freagra is fearr a roghnú agus é a mharcáil ar do leathanach freagraí.
Cárb as a dtagann an focal ‘amfaitéatar’ ar líne 7? A an Laidin
B an Ghaeilge
C an Iodailís
D an Ghréigis
Cén rud thíos nach bhfeicfeá ag an Cholasaem? A troideanna gliairí
B iomáint
C seilg ainmhithe
D drámaí
21
22
30
35
Gabh ar aghaidh chuig an chéad leathanach eile
11
Cad chuige ar líonadh an Colasaem le huisce ó am go ham? A chun é a ghlanadh
B lé créatúir na farraige a léiriú
C le cuma ba farraige a chur air
D le huisce óil a thabhairt do dhaoine nuair a bhí sé iontach te
Cé acu imeacht nádúrtha a bhí mar chúis le scrios de chuid den Cholasaem? A tuile
B gadaíocht
C creatha talún
D bolcán
Cá mhéad sclábhaí a thóg an Colasaem? A 45 míle
B 60 míle
C 70 míle
D 72 míle
Ainmníodh an Colasaem mar gheall ar dhealbh den Impire A Néaró
B Veaspáisian
C Colossus
D Peadar
23
24
25
26
Gabh ar aghaidh chuig an chéad leathanach eile
12
Cad is ciall leis an fhocal ‘gliaire’ ar líne 14? A coirpeach olc
B sclábhaí bocht
C fear claímh
D iomaitheoir troda
Cé a d’ordaigh tógáil an Cholasaem? A ailtirí
B sclábhaithe
C Veaspáisian
D Néaró
Cé acu focal ón pharagraf deireanach atá ar comhchiall le ‘dochar’? A chuma
B chreatha
C damáiste
D robálaithe
Cé acu na hainmfhocail thíos ón 4ú paragraf? A Veaspáisian agus Cholasaem
B sean agus Rómhánaigh
C daoine agus cloch
D gasta agus saor
27
28
29
30
Gabh ar aghaidh chuig an chéad leathanach eile
13
Cé a rinne troid sa Cholasaem mar ghliairí? A ainmhithe agus carbaid
B coirpigh agus ainmhithe
C sclábhaithe agus saoránaigh
D drámaí agus coirpigh
Cá mhéad ainmfhocal dílis atá ar líne 2? A 5
B 4
C 3
D 2
Cé acu an focal séimhithe ar líne 30? A Cholasaem
B mór
C rinneadh
D blianta
Cé acu an focal uraithe ar líne 27? A d’úsáid
B mhairfeadh
C ailtirí
D dtógfaí
32
33
34
31
Gabh ar aghaidh chuig an chéad leathanach eile
14
Sa sliocht seo tá meancóga ann le ceannlitreacha agus poncaíochta. Ar gach líne uimhreacha tá meancóg amháin ann nó níl meancóg ar bith ann. Aimsigh an grúpa focal leis an mheancóg ann agus marcáil a litir ar do leathanach freagraí. Muna bhfuil meancóg ar bith ann, roghnaigh N ar do leathanach freagraí.
Bosca Taisce
Chuala Áine guth a seanmháthair ag teacht anuas chuici “A Áine, fan go bhfeicfidh tú an rud a fuair mé san áiléar!” Rith áine suas staighre chuig an áiléar agus trasna an urláir. “Cad é a fuair tú, a mhamó!” a d’fhiafraigh sí. B’iontach an loinnir a bhí i súile gorma mhamó. Goitse go bhfeicfidh tú. Ba le mo chol ceathrar, fear darb ainm harraí an bosca seo,” a d’fhreagair sí. Rinne Áine a bealach thart ar throscán málaí agus boscaí agus iad uilig clúdaithe le dusta. Damharc sí thar ghualainn a seanmháthair agus í ag oscailt an tseanbhosca. Rinne na hinsí fuaim aisteach nuair a doscail sí an clár go mall.
35 A B C D
A B C D
A B C D
A B C D
A B C D
A B C D
A B C D
A B C D
36
37
38
39
40
41
42
Gabh ar aghaidh chuig an chéad leathanach eile
15
Léigh an sliocht seo agus freagair na ceisteanna ar na leathanaigh a leanas ina dhiaidh. Má tá focail ar bith ann nach dtuigeann tú, seans go bhfaighidh tú iad sa Ghluais ag deireadh an leabhráin.
Ag Troid Tinte
An Tús
Tá na chéad tagairtí do throid tinte luaite le linn Impire na Róimhe. Ag an am
seo, tugadh Fairtheoirí nó Bigilí ar throdaithe tinte. Bhain an jab s’acu le
coimhéad amach do thinte agus buicéid uisce a eagrú le tinte ar bith a bheadh
ann a mhúchadh. D’iompair na Fairtheoirí dréimirí agus cuaillí crúca a d’úsáid
siad le foirgneamh a leagan, rud a stopfadh scaipeadh na tine. Tugadh
toitbhearnaí orthu seo agus bhí siad úsáideach mar scar siad foirgnimh a bhí trí
thine ó fhoirgnimh eile sa dóigh is nach rachadh siad trí thine fosta. Bhí sé
riachtanach a leithéid de chóras d’Fhairtheoirí a bheith acu sa tSean-Róimh de
bharr go raibh na tithe sna codanna bochta den Róimh iontach cóngarach dá
chéile agus bhí siad déanta d’ábhar a bhí so-dhóite. I ndiaidh Tine Mhór na
Róimhe, shocraigh na Rómhánaigh ar shráideanna níos leithne a thógáil i
gcomhair le tithe a dhéanamh d’ábhair nach rachadh trí thine go réidh.
Ag Troid Tinte sa Bhreatain
Sa Bhreatain, thosaigh troid tinte eagraithe thart ar an am céanna a d’ionsaigh
na Rómhánaigh in 43AD. Amhail an Róimh, úsáideadh buicéid uisce le tinte a
mhúchadh. Nuair a d’imigh na Rómhánaigh, áfach, chuaigh troid na dtinte ar
ais chuig an seandóigh neamh-eagraithe. Os rud é nach raibh córas eagraithe
ann le troid in aghaidh tinte, dhóigh an iliomad baile go talamh le linn na
Meánaoise.
Árachas Tine
I ndiaidh do Thine Mhór Londain thart fá 80% de Londain a scrios, thug fear
darb ainm Nicholas Barbon an chéad árachas tine isteach. Chuir na daoine sin
a cheannaigh árachas tine don teach nó don ghnó s’acu comhartha, nó marc
tine, ar thosach an fhoirgnimh s’acu lena chur in iúl go raibh árachas acu agus
go raibh cead acu an bhriogáid dhóiteáin a úsáid dá bharr. Muna raibh árachas
tine ag foirgneamh, d’fhágfadh an bhriogáid dhóiteáin an foirgneamh le dó, ach
1
5
10
15
20
25
Gabh ar aghaidh chuig an chéad leathanach eile
16
ab é má bhí sé taobh le foirgneamh a raibh árachas aige. Más amhlaidh sin,
mhúchfadh an bhriogáid dhóiteáin an tine sa dóigh is nach spréifí é béal dorais
chuig an foirgneamh a raibh árachas aige.
Briogáidí Dóiteáin Chathrach
Bhunaigh Barbon a bhriogáid dhóiteáin féin leis an oiread éileamh a bhí a
dhéanamh ag daoine a laghdú. Go gairid ina dhiaidh, thosaigh cuid mhór
comhlachtaí eile ag bunú briogáidí dóiteáin agus ag soláthar árachais. Sna
1800í, bunaíodh briogáidí dóiteáin cearta. Bhí an chéad cheann ann i nDún
Éideann in 1824, an dara ceann i Manchain in 1826. In 1833, tháinig
comhlachtaí árachais tine le chéile le Foras Troda Tine Londain a bhunú.
D’oibrigh na trodaithe tine go páirt-aimseartha agus ní bhfuair siad tuarastal
rialta. I ndéanta na fírinne, bhí an t-ádh ar na trodaithe tine seo íocaíocht bheag
a fháil agus deoch a fháil leis an tart s’acu féin a mhúchadh. Ag an am seo, ní
raibh sna hinnill dhóiteáin ach pumpaí uisce soghluaiste tarraingthe ag capaill.
Freagair na ceisteanna seo le do thoil. Amharc ar an sliocht arís más gá. Ba chóir duit an freagra is fearr a roghnú agus é a mharcáil ar do leathanach freagraí.
Cá huair a bhí an chéad tagairt de throid tinte luaite? A sa tSean-Ghréig
B le linn Impire na Róimhe
C i Londain sa mheán-aois
D in Éirinn le linn na gCeilteach
Cad é a tugadh ar throdaithe tine sa tSean-Róimh? A Bigilí
B toitbhearnaí
C Barbonaí
D bríogáidí tine
43
44
30
35
40
Gabh ar aghaidh chuig an chéad leathanach eile
17
Cad chuige a raibh riosca níos mó de thine ann sa tSean-Róimh? A bhí Fairtheoirí acu
B bhí sráideanna níos leithne acu
C rinne siad foirgnimh ó ábhair nach ndeachaigh trí thine
D bhí na tithe iontach cóngarach dá chéile agus déanta d’ábhair shódhóite
Cá mhéad don Londain a scriosadh sa Tine Mhór? A 10%
B 20%
C 40%
D 80%
Cad é an rud é marc tine? A comhartha a léiríonn go bhfuil árachas tine ag foirgneamh
B trodaí tine sa tSean-Róimh
C inneall feidhme a tharraingíonn capaill
D foirgneamh scriosta le scaipeadh tine a stopadh
Cá huair a bunaíodh Foras Troda Tine Londain? A 1833
B AD45
C 1666
D 1826
45
46
47
48
Gabh ar aghaidh chuig an chéad leathanach eile
18
Cad chuige a mhúchfadh briogáid dóiteáin tine ar fhoirgneamh nach raibh árachas aige? A le daoine a shábháil
B mar sin an rud ceart le déanamh
C le deimhniú nach spréifí an tine béal dorais
D mar gur sin an jab s’acu
Cad é an teicnic le troid a dhéanamh in éadan tine a thug na Rómhánaigh go Breatain? A ag úsáid buicéad
B toitbhearnaí a dhéanamh
C árachas tine a bheith acu
D companachtaí Fairtheoirí a chruthú
Cé acu focal sa chéad pharagraf a bhfuil an chiall is cóngaraí aige do ‘tine a chur as’? A tugadh
B mhúchadh
C rachadh
D riachtanach
Cad is ciall leis an fhrása ‘tuarastal rialta’ ar líne 38? A pá reatha
B an trealamh ceart
C cuid mhór creidmheasa
D a lán bia
49
50
51
52
Gabh ar aghaidh chuig an chéad leathanach eile
19
Cé acu an aidiacht ar líne 9? A bheith
B chóras
C riachtanach
D acu
Cé acu am t-ainmfhocal dílis ar líne 17? A Nuair
B chuaigh
C dtinte
D Rómhánaigh
Cé acu an cónasc ar líne 38? A go
B ní
C na
D agus
54
55
53
Gabh ar aghaidh chuig an chéad leathanach eile
20
Ceisteanna Ginearálta
Leis na ceisteanna seo a fhreagairt, seans go mbeidh ort smaoineamh ar na sleachta atá léite agat. Amharc siar orthu más gá. Amharc ar an Chlár fosta ag tús an leabhráin agus ag an Innéacs, Gluais agus Leabharliosta ag deireadh an leabhráin más gá.
Cé acu an cur síos is fearr ar iris? A foilseachán le liosta cuimsitheach rudaí, eagraithe go sisteamach de ghnáth
B foilseachán rialta le hailt agus léaráidí, a bhaineann le topaic ar leith
C foilseachán priontáilte le leathanaigh fhillte gan stáplaí a chuimsíonn an nuacht
D leabhar ina gcoinníonn duine taifead rialta d’imeachtaí agus eispéiris s’acu Cad chuige innéacs? A le focail dheacra nó casta a mhíniú
B le focail speisialta a liostáil
C le tagairt a thabhairt do chodanna ar leith sa leabhar
D le tagairt a thabhairt do leabhair eile a bhaineann leis an ábhar céanna Cé acu dhá fhocal thíos ar hómafóin iad? A mór agus beag B muc agus banbh C fhios agus is D bosóg agus buile Cé acu focail a thugann an aimsir fháistineach de ‘faigh’ agus ‘téigh’? A gheobhaidh agus rachaidh B faighidh agus téifidh C fuair agus chuaigh D faigheann agus téann Sa cheist seo caithfidh tú an focal is fearr a roghnú leis an abairt a chomhlánú sa dóigh is go bhfuil ciall léi. Roghnaigh ceann amháin de na freagraí agus marcáil an litir ar do leathanach freagraí Cuir ort do chóta, tá sé iontach fuar fuair fóir faobhar inniu.
56
57
58
59
60
DEIREADH NA TEISTE
A B C D
21
Gluais amfaitéatar foirgneamh ollmhór le hairéine sa lár ina gcuirtear seónna
nó léirithe ar fáil don lucht féachana
árachas íocaíocht rialta a thabhairt sa dóigh is go bhfaigheann tú tacaíocht nó aisíoc má tharlaíonn drochrud
bigil duine a choimhéad amach do thinte sa tSeán-Róimh
gliaire iomaitheoir a bhíonn ag troid chun báis ar son siamsa dhaoine eile
rífheiliúnach go díreach ceart, an-fhóirsteanach ar fad
seandálaíocht foghlaim faoin stair agus an saol trí iontais, cnámha agus earraí a aimsiú ón talamh
tuarastal pá, an t-airgead a fhaigheann duine as jab a dhéanamh
Leabharliosta Shaun Taylor, Cathair Cheilte Bhéal Feirste, 1991
Teist Chleachta Gaeilge GL, An Loch Glas, 2013
Teist Chleachta Gaeilge GL, An Colasaem, 2013
Marcia Vaughan, Scéalta sna Cuilteanna, 2001
Teist Chleachta Gaeilge GL, Ag Troid Tinte, 2013
Innéacs Béal Feirste lth. 3
boscaí lth. 14
Colasaem lth. 8
lochanna lth. 7
tinte lth. 15
1
Teist Gaeilge 42
Marcáil na boscaí le líne thanaí chothrománach mar seo: A A A A A A A A A A
B B B B B B B B B B
C C C C C C C C C C
D D D D D D D D D D A A A A A A A A A A
B B B B B B B B B B
C C C C C C C C C C
D D D D D D D D D D
N N N N N N N N N N
A A A A A A A A A A
B B B B B B B B B B
C C C C C C C C C C
D D D D D D D D D D
A A A A
B B B B
C C C C
D D D D A A A A A A A A
B B B B B B B B
C C C C C C C C
D D D D D D D D
N N N N N N N N
A A A A A A A A A A
B B B B B B B B B B
C C C C C C C C C C
D D D D D D D D D D
A A A
B B B
C C C
D D D A A A A A
B B B B B
C C C C C
D D D D D
2 3 4 5 6 7 8 9 10 1
12 13 14 15 16 17 18 19 20 11
22 23 24 25 26 27 28 29 30 21
32 33 34 31
36 37 38 39 40 41 42 35
44 45 46 47 48 49 50 51 52 43
54 55 53
57 58 59 60 56
2
Teist Gaeilge 42 - Freagraí
Marcáil na boscaí le líne thanaí chothrománach mar seo: A A A A A A A A A A
B B B B B B B B B B
C C C C C C C C C C
D D D D D D D D D D A A A A A A A A A A
B B B B B B B B B B
C C C C C C C C C C
D D D D D D D D D D
N N N N N N N N N N
A A A A A A A A A A
B B B B B B B B B B
C C C C C C C C C C
D D D D D D D D D D
A A A A
B B B B
C C C C
D D D D A A A A A A A A
B B B B B B B B
C C C C C C C C
D D D D D D D D
N N N N N N N N
A A A A A A A A A A
B B B B B B B B B B
C C C C C C C C C C
D D D D D D D D D D
A A A
B B B
C C C
D D D A A A A A
B B B B B
C C C C C
D D D D D
2 3 4 5 6 7 8 9 10 1
12 13 14 15 16 17 18 19 20 11
22 23 24 25 26 27 28 29 30 21
32 33 34 31
36 37 38 39 40 41 42 35
44 45 46 47 48 49 50 51 52 43
54 55 53
57 58 59 60 56