View
2
Download
0
Category
Preview:
Citation preview
BH
UEL!
Sam
ha
in 2
00
8
!
Io
na
d n
a G
aeil
ge L
abh
ar
th
a E
ag
ar
th
óir
:Nu
ala
de B
úr
ca
Ócáid ar leith chun An Tuamach, An Ríordánach agus An Riadach a cheil iúradh
Oireachtas na Gaeilge – Corcaigh, 26 Deireadh Fómhair – 2
Samhain 2008.
Dé Máirt 28 Deireadh Fómhair, 4.15 pm – 6.45 pm, Halla Devere, Áras na Mac Léinn: Ócáid speisialta chun saol agus saothar an triúr Seán (Ó Riada, Ó Tuama, Ó
Ríordáin) a cheiliúradh, faoi choimirce Bhord Gaeilge na hOllscoile, COC
Ceol, Filíocht, Drámaíocht, Prós
Cuid de na buaicphointí
Fáiltiú, Bia agus Deoch Aitheasc ag Uachtarán an Oireachtais, Donnchadh Ó hAodha
Oscailt ag Uachtarán COC An Dr Micheál Ó Murchú Liam Ó hÉigeartaigh ina Chathaoirleach, Ceol clasaiceach an Riadaigh á sheinm.
Grúpa ceoil de mhic léinn Roinn an Cheoil, COC le Mel Mercier, Aoife Grainbhéal, ag seinm cheoil thraidisiúnta an Riadaigh
Léamh filíochta, sleachta roghnaithe ag na léitheoirí as saothar Uí Ríordáin & Uí
Thuama Léitheoirí: Liam Ó Muirthile, Seán Ó Coileáin
Drámaíocht, sceitseanna roghnaithe as drámaí an Tuamaigh
Liam Ó Mathúna, Liam Mac an Mhaoir
Prós de chuid an Riordánaigh agus an Tuamaigh le Stiofán Ó Cadhla agus Nuala Ní Dhomhnaill
Ceol Traidisiúnta de chuid an Riadaigh le mic léinn na hOllscoile
Amhráin le Eoiní Maidhc agus le Muintir Shúilleabháin, Cúil Aodh
FÁILTE ROIMH CHÁCH
Conas 'tánn sibh? Fáilte romhaibh go
Coláiste na hOllscoile Corcaigh. Tá súil
agam go bhfuil sibh ag baint taitnimh as
bheith anseo is as saol an choláiste go dtí
seo. Is slí mhaith iad na cumainn chun
cairde nua a dhéanamh i gcaitheamh na
bliana. Mar sin, bígí i bhur mbaill de
chúpla ceann agus bígí páirteach ins an Chuallacht, an cumann gaelach go háirithe!
Buailimid le chéile chun an Ghaeilge a
labhairt agus bíonn an-spraoi againn. Má tá
fonn ar éinne páirt a ghlacadh, beidh fáilte
Uí Cheallaigh romhaibh go léir. Is cuma
muna bhfuilir ag staidéar na teanga mar
ábhar nó muna gceapair go bhfuil do
chaighdeán Gaeilge chomh hard sin. Bíonn
imeachtaí difriúla ar siúl a oireann do gach
duine.
Casaimid ar a chéile gach oíche Chéadaoin.
Beidh ceol, karaoke, turas mistéireach,
cóisirí agus go leor eile ar siúl againn gach
téarma. Chomh maith leo san, bímid ins an
tSeomra Caidrimh gach Déardaoin ag 1pm
le haghaidh tae is brioscaí agus bíd chomh deas.
Bígí linn i mbliana agus chífimid ann sibh!
Is féidir leat tuilleadh eolais a fháil ar an
suíomh seo -
www.bebo.com/AnChuallacht nó seol
ríomhphost chuig:
anchuallacht@uccsocieties.ie
Neil Ó Briain
An Cumann Drámaíochta
Is sinne Cumann Drámaíochta na Gaolainne anseo i gColáiste na hOllscoile Corcaigh. Cumann beag atá ionainn. Glacaimid páirt i bhFéile Drámaíochta na gColáistí Tríú Leibhéil gach bliain agus téimid go roinnt féilte eile timpeall na tíre ar nós Féile Chorca Dhuibhne i gCiarraí. Tosóimid ag cleachtadh i gceart i mí na Samhna de ghnáth nó i mí Eanáir agus buailimid le chéile go minic chun dráma a chleachtadh thart ar cheithre uair sa tseachtain nuair a bhíonn comórtas ann. Bíonn an-chraic againn ag cleachtadh le chéile in Áras na Mac Léinn nó sa tSeomra Caidrimh in Áras Uí Rathaille. Chuireamar “An Lasair Choille” ar stáitse faoi dhó, i mBaile Átha Cliath agus ar an bhFeothanaigh anuraidh agus bhuamar duaiseanna don aisteoireacht agus don stiúrthóireacht araon. Má tá suim agat bheith ag aisteoireacht trí mheán na Gaeilge i mbliana, bí linn! Is cuma má tá mionpháirt nó príomhpháirt uait. Beidh dráma nua-scríofa á léiriú againn i mbliana. Beidh deis agat do rogha rud a dhéanamh, pé rud a bhaineann le dráma Gaeilge a chur ar an stáitse; stiúrthóireacht, léiritheoireacht, cúrsaí ceoil, cúrsaí ealaíona nó cúrsaí éadaí, srl. Táim cinnte go mbainfidh tú taitneamh agus tairbhe as! Bhí ár gcéad chruinniú againn le déanaí agus bhí seans againn aithne a chur ar a chéile, coiste nua a thoghadh agus pleananna na bliana a phlé. Fairigí ar na póstaeir don chéad chruinniú eile! Pádraig Ó Súilleabháin, 087 9732704.
AN
CH
UA
LLA
CH
T
C
um
an
n a
n c
he
oil
Th
ra
idis
iún
ta
Is breá leis an ‘Tradsoc’ an ceol Gaelach a chur chun cinn timpeall an choláiste agus timpeall na cathrach, leis. Bíonn seisiúin agus ceolchoirmeacha againn gach seachtain maraon le ceolchoirm bhliantiúl na mac léinn, céilí agus buaicphointe an cheoil in UCC, Tradfest. Bímid sa Spailpín Fánach thart ar 9:30pm gach Luan. Is seisiún do chách é seo agus pléimid scéalta agus traidisiún na n-amhrán go minic. Is cuma má sheinneann tú, má chanann tú nó más mian leat a bheith ag éisteacht, cuirfear fáilte romhat. Bíonn ár gceolchoirm sheachtainiúil ar siúl gach Céadaoin ag 1:10pm sa Seomra Caidrimh, Áras Uí Rathaille. Le linn na mblianta, tá cuid de na ceoltóirí is fearr sa tír tar éis seinnt anseo; Tomás Ó Canainn, Noel Hill, Mel Mercier, Siobhán Peoples agus Murty Ryan, Gerry Holland, Christy Leahy agus daoine eile nach iad. Le linn na bliana, beidh ‘Dathanna na gContaetha’, cóisir na Samhna agus na Nollag maraon le mórán ceolchoirmeacha a thugann an-seans do mhic léinn an choláiste dul ar stáitse iad féin agus a bheith ag éisteacht le ceoltóirí eile, leis. Beidh Tradfest ar siúl idir 28 Eanáir - 1 Feabhra i mbliana. D'éirigh go hiontach leis an Tradsoc anuraidh le ‘Beoga’ agus ‘Liz Doherty and Friends’. Táimid ag iarraidh feabhas a chur air sin i mbliana le Frankie Gavin agus Hibernian Rhapsody. Eagrófar ár gcomórtas cumadóireachta, léacht Uí Riada, céilí agus ranganna ar an sean-nós, chomh maith. Ná déanaigí dearmad go mbeidh an-chuid ag tarlú timpeall na cathrach agus is cinnte go bhfuil sárbhliain i ndán dúinn i mbliana. Bígí linn!!
Eagarfhocal
Fáilte go chéad eagrán na bliana 2008/2009. Más mian le héinne alt,
léirmheas, dán nó fógra a scríobh don chéad eagrán eile cuir do phíosa go hOifig na Gaeilge Labhartha nó cuir
ríomhphost chugam ag n.deburca@ucc.ie
Comórtas
Tionóladh an chéad Oireachtas
riamh sa bhliain:
a. 1902 b. 1922 c. 1897
Dearbhán !40 (An Post) an duais!
Seol do fhreagra a, b nó c chugam ag n.deburca@ucc.ie nó cuir do fhreagra go hOifig na Gaeilge Labhartha faoin 7 Samhain.
Ná Caill
Oireachtas na
Samhna 2008
26 deireadh
Fómhair – 2
Samhain
www.antoireachtas
.ie
Cúrsa i mBunscileanna
Ríomhaireachta
Áit:
Ionad na Gaeilge Labhartha, G01 Áras Uí Rathaille, UCC
Am: Dé Céadaoin 5:00 – 7:00pm
Dáta Tosaigh: 29 Deireadh Fómhair 2008
Dírithe ar: Daoine atá ag iarraidh ríomhaireacht a fhoghlaim don chéad uair agus ar
dhaoine atá ag iarraidh roinnt dul chun cinn a dhéanamh le
ríomhaireacht.
Ábhar: Litir/Aiste/Bileog Eolais a chur le chéile i Microsoft Word
Taispeántas a chur le chéile i Microsoft PowerPoint
An Ghaeilge agus Teicneolaíocht na Faisnéise
Táille: !50
Fad an Chúrsa: 7 seachtaine Clárú: Tabhair d’ainm d’Oifig na Gaeilge Labhartha @ 021-4902314 roimh an 27ú
Deireadh Fómhair 2008.
Tuilleadh eolais: Ríomhphost: k.coleman@ucc.ie
Guthán: (021) 4903794
Fáilte Roimh Gach Éinne
C
lá
r F
óg
ra
í
Recommended