28
leagan amach AGALLAMH CAILIOCHTAI proifili pearsanta DO CV OIDEACHAS An tIonad Forbartha Gairmeacha taithi EACHTAI

An tIonad Forbartha Gairmeacha - NUI Galway · 2018-06-26 · ar do chuid caitheamh aimsire/spéiseanna agus ar do thaithí ón gcoláiste. Ainmnigh an Scil Ná luaigh scileanna nach

  • Upload
    others

  • View
    3

  • Download
    0

Embed Size (px)

Citation preview

1

leagan amach

AGALLAMH

CAILIOCHTAI

proifilipearsanta

DO CV

OIDEACHAS

An tIonadForbarthaGairmeacha

taithi

EACHTAI

2

YOUR CV

CV bookletAW 02/09/2011 12:39 Page 2

3

Ni hi an chomhairle cheanna a chuirfidh aon bheirt ort maidir le CV a chur le cheile - nil aon bhealach ata iomlan ceart na iomlan micheart i gceist.

Tá na treoirlínte seo bunaithe ar an taithí atá ag Ionad Forbartha Gairmeacha OÉ Gaillimh, ar aiseolas ó mhic léinn a lean an cur chuige seo agus ar éirigh lena gcuid iarratas, agus ar eolas ó earcóirí céimithe.

Ná bíodh drogall ná leisce ort leagan amach a fheileann duit féin a úsáid agus na treoracha á leanúint agat, is cáipéis phearsanta a thugann léargas ortsa í an CV mar sin ní mór duit féin a bheith sásta léi. Cuimhnigh gurb éard atá uait ná go rachaidh do CV i bhfeidhm ar an bhfostóir ionas go bhfaighidh tú cuireadh chun agallaimh.

Déan coinne leis an Ionad Forbartha Gairmeacha nuair a bheas dréacht agat a bhfuil tú sásta leis.

Adh mor ort!Foireann an Ionaid Forbartha Gairmeacha.

ceard ata sa treoir seo?Ag cur Tus le do CV...................

CV Samplach...........................

Oideachas agus cailiochtai............

Taithi Oibre..........................

Scileanna.............................

Speiseanna............................

Eachtai...............................

Litreacha Cumhdaigh...................

CVanna Spriocdhirithe.................

Sceicliosta don CV....................

lch1

lch4

lch6

lch8

lch10

lch12

lch14

lch15

lch17

lch19

CV

CV

1

1

AG CUR TUS LE DO CVNí ann do CV “a fheileann cách” - is duine ar leith thú agus ba cheart go léireodh do CV é seo. Má leantar na bunchéimeanna, áfach, is mó seans go bhfaighidh tú cuireadh chun agallaimh.

Priomh-mhireanna

Ní mór CVanna a leagan amach ina míreanna atá sainmhínithe go soiléir - curtha in ord de réir an taithí agus an leibhéil oideachais atá bainte amach go dtí seo. Baineann mic léinn agus céimithe úsáid as na míreanna seo a leanas go minic - tá saoirse agat neamhaird a dhéanamh de na cinn nach bhfeileann duitse.

• Sonraí Pearsanta• Ráiteas a bhaineann le Cuspóirí Gairme nó le Próifíl Phearsanta (roghnach)• Oideachas & Cáilíochtaí• Fostaíocht: gníomhartha & torthaí• Éachtaí (roghnach)• Próifíl Scileanna (roghnach)• Spéiseanna/Gníomhaíochtaí Eile/Ballraíochtaí (roghnach)• Moltóirí

Tá leagan amach samplach de CV agus sonraí breise maidir leis an eolas a mholtar a chur ar fáil faoi gach mír le fáil ar leathanach 4.

na buncheimeanna a bhaineann le cv a chur le cheileTosaigh leis an eolas is nuai agus is abhartha

• Ba chóir gach mír a thosú leis an eolas is nuaí agus oibriú siar uaidh sin. Tabhair tús áite d’aon eolas a bhaineann go sonrach leis an bpost (e.g. taithí oibre), beag beann ar an dáta, lena chinntiú go seasfaidh an t-eolas sin amach.

Stil Scribhneoireachta

• Is cáipéisí gairmiúla iad CVanna mar sin cloígh le teanga fhoirmiúil.• Seachain forainmneacha pearsanta fearacht ‘mé’ agus ‘mo’ - beidh cuma níos gairmiúla ar an CV agus beidh sé níos inléite dá n-uireasa.• Bíodh an cur síos ar do ról reatha san Aimsir Láithreach agus ar aon fhostaíocht roimhe sin san Aimsir Chaite - bíodh leanúnachas ann.

2

2

Coinnigh gonta e

• 2 leathanach - 3 cinn ar a mhéad, go hidéalach.• Ba cheart go mbeadh sé leagtha amach ar bhealach soiléir, atá éasca le tuiscint -

ná bíodh an t-eolas ar fad i mullach a chéile.• Ní bheidh tú in ann gach rud atá bainte amach agat a lua - tabhair tús áite don

eolas is ábhartha.

Cuir snas air

• Bain úsáid as pointí urchair (an stíl chéanna síos tríd) agus coinnigh do chuid abairtí gearr.

• Fág spás bán idir na míreanna agus bain úsáid as clónna simplí ionas go mbeidh cuma níos gairmiúla air. Cé gur féidir leat an chlómhéid a mhéadú, cloígh le stíl amháin i gcás gach ceannteidil agus fo-cheannteidil.

• Ná bíodh drogall ort an leagan amach a leasú sa chaoi is go seasfaidh sé amach.• Ní gá grianghraf a chur leis (ach amháin má d’iarr an fostóir é).• Sábháil i bhfoirm PDF é sula seolann tú go leictreonach é lena chinntiú go bhfuil tú

sásta leis an leagan amach.

Bi cruinn

• Déan cinnte nach bhfuil aon bhotúin litrithe ann. Ná bí ag brath go hiomlán ar litreoir - iarr ar dhuine éigin é a phrofáil.

• Baineann tábhacht nach beag le litriú agus le poncaíocht chruinn.• Diúltóidh earcóirí d’iarrthóirí a bhfuil earráidí simplí ina CVanna.

Cuir in oiriuint e

• Ba cheart CVanna a chur in oiriúint do na poist ar a bhfuiltear ag déanamh iarratais.• Ní mór a thabhairt le fios go soiléir don fhostóir go bhfuil an t-iarrthóir feiliúnach don

phost.• Déan taighde ar an gcuideachta agus bain leas as sonraíocht an phoist chun na

scileanna is mó a mbaineann tábhacht lena lua a mheas.

Bi dearfach agus tu ag cur sios ar do thaithi oibre

• Úsáid focail a bhaineann le gníomhartha (fearacht “d’fhorbair’, ‘dhear’, ‘bhainistigh’, ‘chomhordaigh’, etc.) chun béim a leagan ar do chuid dualgas faoin mír a bhaineann le do chuid taithí oibre.

• Ná déan beag is fiú de do chuid éachtaí - fiú mura bhfuil le tuairisciú ach post samhraidh nó post páirtaimseartha.• Ní gá gach a raibh le comhlíonadh agat a liostú; dírigh ar na dualgais agus ar an

taithí ábhartha agus ar éachtaí a baineadh amach. Féach leathanach 8 d’eolas breise ar an mír a bhaineann le taithí oibre.

3

Bi ionraic • Ní hionann aird a tharraingt ar an taithí atá agat agus áibhéil a dhéanamh -

deimhneoidh cuideachtaí na fíricí agus tiocfaidh neamhréireachtaí chun solais le linn na n-agallamh..

Cuir beocht ann • Léiríonn na spéiseanna agus na caithimh aimsire atá agat cén saghas duine thú

féin mar sin moltar iad a lua.• Úsáid leaganacha cainte nó focail éagsúla chun athrá a sheachaint agus tú ag cur síos ar phoist den chineál céanna.• Ba chóir go bhféachfá go bhfuil gach pointe a luann tú ag cur le do CV agus ag

léiriú do chuid feiliúnachta don phost ar a bhfuiltear ag déanamh iarratais.

Sa mhír seo Ná téigh thar 2 nó

3 d’abairtí.

4

D’Ainm (Cló breá mór)3 Bóthair an Phoist, Plás an CV, Gaillimh 087 1234567; 091 456789; d’[email protected]

CUSPÓIRÍ GAIRME: Má chinneann tú an mhír roghnach seo a chur le do CV déan cinnte go mbaineann an t-eolas leis na mianta atá agat, agus go bhfuil sé dírithe ar an bpost ar a bhfuiltear ag déanamh iarratais e.g. “Céimí nuacháilithe le Gnó a bhfuil taithí agam i mbainistiú tionscadal, le spéis ar leith i ngairm a bhaineann leis an mhargaíocht le comhairleacht mhargaíochta chruthaitheach agus nuálach”. Féadfaidh tú “Próifíl Phearsanta” a úsáid seachas “Cuspóirí Gairme” más mian leat. Má chinneann tú an mhír seo a fhágáil ann, déan cur síos gonta ort féin (céimí, cúrsa etc) agus ar do chumas (achoimre ghearr ar do chuid scileanna). Cibé ceann a roghnóidh tú, déan cinnte de go mbeidh sé go maith! Is é seo an chéad rud a léifidh an fostóir agus ní mór dó fonn a chur air/uirthi a thuilleadh a léamh.

OIDEACHASDáta - Dáta Ainm ceart na céime, ainm na hinstitiúide An toradh iomlán lena bhfuiltear ag súil (más í bliain na céime atá i gceist). Grád iomlán do na blianta roimhe sin. Tionscadal na Bliana Deiridh: sur síos gonta cúis mura mbaineann sé

leis an bpost/cuideachta ar a bhfuiltear ag déanamh iarratais - bíodh sé níos faide má bhaineann sé le hábhar.

Tionscadail Eile: roghnaigh tionscadail a bhaineann leis an bpost/cuideachta ar a bhfuiltear ag déanamh iarratais.

Ábhair le háireamh: ná liostaigh ach na cinn a bhaineann leis an bpost/cuideachta.

Dáta - Dáta Ardteistiméireacht, Ainm na Scoile, Baile Féadfaidh tú do chuid torthaí Ardteistiméireachta

a chur ar fáil más mian leat sin a dhéanamh - ba cheart iad a chur ar fáil má tá tú sa choláiste nó más céimí nuacháilithe thú a chuaigh díreach chuig an gcoláiste tar éis na scoile. Má tá tú á gcur ar fáil, úsáid dhá líne - ná bain úsáid as boscaí ná táblaí

Tabhair faoi deara: Má tá aon oiliúint eile faighte agat, (ECDL, Garchabhair, Safe Pass, etc.), níor chóir iad a lua faoin mír a bhaineann le hoideachas, ba cheart iad a lua faoin mír a bhaineann go sonrach le Scileanna nó le Cáilíochtaí Breise. D’fhéadfadh go roghnódh mic léinn aibí gan torthaí na hArdteistiméireachta a chur ar fáil. Ní gá do Theastas Sóisearach ná do chuid oideachais bunscoile a lua.

TAITHÍ OIBREDáta - Dáta Teideal an Phoist, Ainm an Fhostóra, Seoladh (mar aon le cur síos ar chineál an ghnó, mura bhfuil sé soiléir ó ainm an chuideachta nó murar cuideachta aitheanta atá i gceist)Dualgais: • Cuir i láthair le pointí urchair iad seo. • Dírigh ar na héachtaí a bhain tú amach agus tú i mbun an phoist

seachas na tascanna a bhí le déanamh ó lá go lá a liostú. • Tosaigh le briathar gníomhach tar éis gach pointe urchair. • Luaigh poist samhraidh - léríonn said go bhfuil

eitic mhaith oibre ag an iarrthóir.

Dáta - Dáta Teideal an Phoist, Ainm an Fhostóra, SeoladhDualgais: • D’fhéadfá dhá chuid a dhéanamh den eolas maidir le cúrsaí fostaíochta

- “Taithí oibre ábhartha” agus “Taithí oibre eile”, ionas nach gá cloí leis an ord cróineolaíoch droim ar ais.

• Beidh tú in ann, dá réir, an taithí oibre is ábhartha a liostú ar dtús, fiú má tá sé tamall ó chuir tú i gcrích í.

.

Bí cinnte go bhfuil do sheoladh ríomhphoist gairmiúil. Ní gá

dáta breithe a thabhairt.

Sa mhír seo Ná téigh thar 2 nó

3 d’abairtí.

Bíonn gnólachtaí cuntasaíochta agus dlí ag iarraidh go luafaí an céatadán a baineadh amach i

ngach ábhar.

Tá sé tábhachtach sonraí a bhaineann le

tionscnaimh a áireamh go háirithe má bhaineann

siad le céimeanna teicniúla fearacht.

Ní gá na focail “Dualgais” ná “Freagrachtaí” a úsáid.

55

SCILEANNAAinmnigh an Scil Cuir liosta scileanna le chéile, agus léirigh mar a d’úsáid tú iad. Ní leor a mhaíomh go bhfuil scil ar leith agat (e.g. scileanna iontacha cumarsáide, duine a oibríonn go maith ar fhoireann, etc.) - ní mór fianaise a chur ar fáil le samplaí. Glacann fostóirí leis gur léiriú maith í an fheidhmíocht san am atá caite ar an bhfeidhmíocht sa todhchaí.

Ainmnigh an Scil Tabhair samplaí bunaithe ar do thaithí oibre (taithí ábhartha agus eile), ar do chuid caitheamh aimsire/spéiseanna agus ar do thaithí ón gcoláiste.

Ainmnigh an Scil Ná luaigh scileanna nach mbaineann le hábhar sa chuid seo. Ní fiú aird a tharraingt ar na scileanna seoltóireachta atá agat, mar shampla, mura bhfuil siad sa tóir ar sheoltóir! Léigh go cúramach fógra an phoist nó sonraíocht an phoist agus déan cinnte go luafaidh tú na scileanna atá riachtanach. Déan cinnte go bhfuil na heochairfhocail luaite agat, mar go minic i gcás cuideachtaí móra tugtar spléachadh ar na CVanna chun na heochairfhocail a aimsiú, agus déantar gearrliostú dá réir.

Ainmnigh an Scil Cé gurb iad na scileanna céanna a bhíonn á lorg go minic i gcás rólanna do chéimithe (scileanna cumarsáide, cumas feidhmiú mar bhall d’fhoireann, scileanna ríomhaireachta, etc.), breathnaigh go grinn ar an mír seo i gcónaí, fiú más ionann na poist atá fógartha; tá baol ann nach ionann go baileach na rudaí a bheas uathu.

Ainmnigh an Scil Má luann tú scileanna teanga agus ríomhaireachta, déan cur síos ar do chuid inniúlachta e.g. “líofa”, “scileanna maithe comhrá” etc., i gcás na teanga nó “inniúil”, “taithí mhaith” i gcás na scileanna ríomhaireachta.

Ainmnigh an Scil Má bhaineann d’iarratas le ról teicniúil, b’fhéidir go mbeadh gá le mír ar leith a bhaineann le “Scileanna Teicniúla” chun do chuid saineolais theicniúil a léiriú e.g. scileanna saotharlainne, a bheith ábalta suirbhé a dhéanamh, tástáil, ríomhchlárú teangacha.

ÉACHTAÍ • Ní mír riachtanach í seo. • Má tá go leor éachtaí bainte amach agat, áfach, e.g. scoláireachtí,

foilseacháin, páipéir tugtha ag comhdhálacha, airgead bailithe ar son carthanachtaí etc - is fiú iad a lua!

• Mura bhfuil le háireamh agat ach go raibh an bua agat sa rás ubh ar spúnóg sna Cluichí Pobail nuair a bhí tú dhá bhliain déag d’aois, fág an mhír ar lár!

SPÉISEANNA/CAITHIMH AIMSIREAinmnigh an spéis - Taitníonn an mhír seo le fostóirí áirithe, mar go dtugann sé léargas ar an iarrthóir. Ná bíodh cathú ort eolas a chumadh le go gceapfar go bhfuil tú níos suimiúla mar dhuine - ná luaigh ach na caithimh aimsire agus na spéiseanna atá agat. D’fhéadfaí breith ort ag an agallamh dá n-iarrfaí ort cur síos a dhéanamh ar do spéis shamhailteach sa chadhcáil.

Ainmnigh an spéis - Tabhair eolas seachas díreach liosta e.g. Léamh, snámh, peil, pictiúrlann. Déan cur síos ar leibhéal na spéise e.g. “Sacar - imrím leis an gCumann Sacair Iontach, bhuaigh muid an tsraith sa bhliain 2010” nó “Tacaí dílis de chuid Manchester United”, Léamh - úrscéalta coiriúlachta agus dírbheathaisnéisí”.

MOLTÓIRÍTabhair sonraí beirt mholtóirí, duine acadúil agus duine a bhaineann le cúrsaí fostaíochta más féidir. I gcás iarratais ar staidéar breise, áfach, bheadh beirt mholtóirí acadúla níos feiliúnaí. Ná tabhair sonraí na moltóirí gan iad a chur ar an eolas roimh ré. Tabhair teideal an phoist agus sonraí teagmhála - uimhir theagmhála agus seoladh ríomhphoist. Mura bhfuil mórán spáis agat d’fhéadfá “Teistiméireachtaí ar fáil ach iad a iarraidh” a chur síos.

66

OIDEACHAS AGUS CAILIOCHTAICuimhnigh gur cheart an chailiocht is deireanai a bhain tu amach agus is abhartha a chur ag tus na mire seo. Ni ga gach abhar agus grad a lua do gach bliain ach dean cinnte de go luafaidh tu na moduil agus na tionscnaimh ata abhartha. Mura bhfuil do chursa criochnaithe agat go foill dean cinnte de go luafaidh tu an toradh foriomlan lena bhfuil tu ag suil go realaioch don bhliain.

samplaiSampla 120XX–20XX, Ard-Diplóma i Staidéar Gnó 2.1, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh. Scoil Ghnó J.E CairnesModúil: Bainistíocht, Cuntasaíocht, Caidrimh Thionscail, Córais Faisnéise

Bainistíochta, Cumarsáid, Prionsabail na Margaíochta, Dlí an Ghnó, Eacnamaíocht agus Iompraíocht Tomhaltóirí

20XX-20XX, Baitsiléir sna Dána 2.2, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh.Ábhair Tíreolaíocht & Socheolaíocht & Polaitíocht. Tráchtas Tíreolaíochta: Anailís ar Scéim Chosanta Comhshaoil Tuaithe Cho. Phort Láirge. Ábhair na chéad bhliana: Eacnamaíocht

& Síceolaíocht

Sampla 220XX - an t-am i láthair: Baitsiléir Innealtóireachta, (Bithleighis) in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, (OÉG), Éire. Ag súil le céim onóracha 1.1 a bhaint amach i mí na Bealtaine 20XX.

Tionscadal Bhliain na Céime: Samhaltú ríomhaireachta ________ag __________ agus chun bain leas as chun _________ a fhorbairt.

Tionscadail Eile:• Chuir mé tionscadal na tríú bliana i gcrích ar an _______ leis an gclár samhaltaithe

don dearadh tríthoiseach, Inventor.• Saotharlanna éagsúla tugtha chun críche, roinnt samhaltuithe sainnithe leis an mbogearra Abaqus (Anailís ar Eilimintí Críochta).• Obair i ngrúpaí, ar a n-áirítear _______ agus __________ agus tionscadail deartha

grúpa fearacht __________ .

Bíonn fostóirí áirithe ag iarraidh do chuid torthaí ar fad a fheiceáil. Faigh amach céard

leis a bhfuil siad ag súil sula gcomhlíontar an mhír seo.

7

Ábhair na Bliana Deiridh: Polaiméirí agus Polaiméirí Ilchodacha, Bainistiú Tionscadail, Modhanna Anailíse Innealtóireachta ar Eilimintí Críochta, Bithmheicnic, Eilimintí den Phaiteolaíocht, Cleachtais Mháinliachta, Innealtóireacht Fíocháin, Dearadh Feistí agus Ionchlannán Míochaine.

Ábhair na Tríú Bliana: Bithábhair, Oifig Deartha, Dinimic Sreabhán, Polaiméirí agus CAD

Sampla 320XX - 20XX, Máistreacht sa Mhatamaitic, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh. Torthaí Bhliain 1: 1.1 Toradh Foriomlán: 2.1• Na Modúil a ndearnadh Staidéar Orthu: Topics in Algebra, Analysis, Group Theory

and Topology.• Tionscadail: Staidéar ar _____________.• Tráchtas: Staidéar ar ______________.

200XX - 20XX, Baitsiléir sna Dána, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh.• Toradh Foriomlán: 1.1• Bliain 3: Staidéar Matamaiticiúil 75%, Staidéar Síceolaíoch 72%• Bliain 2: Staidéar Matamaiticiúil 82%, Staidéar Síceolaíoch 71%

Sampla 420XX - 20XX OÉ Gaillimh - Baitsiléir i nDlí Sibhialta (B.C.L). Toradh a baineadh amach 2.1• Ábhair na Tríú Bliana: Dlí Talún 54% Cothromas 63% Dlí an tSaothair 71% Fianaise

57% Coireolaíocht 81%, Ceartas Coiriúil 59 agus Taithí Oibre Chliniciúil.• Ábhair na Dara Bliana: Dlí na gComhphobal Eorpach 54%, Dlí na gCuideachtaí 64%,

Dlí Coiriúil 76%, Dlí an Teaghlaigh 59%, Dlí na Meán 68% agus Dlí agus Polasaí na Sláinte 53%.

• Ábhair na Chéad Bhliana: Modhanna agus Taighde Dlí, Córais Dlí na hÉireann, Dlí Bunreachta, Dlí na gConarthaí, Tort, Dlí Poiblí agus Socheolaíocht an Dlí.

20XX - 20XX Clothar an Chreidimh, Bóthar an tSéipéil, An Baile Mór An Ardteistiméireacht. 490 pointe• Ardleibhéal: Tíreolaíocht (A1), Gearmáinis (A2), Cuntasaíocht (A2), Gaeilge (C1),

Gnó (B3), Béarla (C1), Gnáthleibhéal: Matamaitic (B1).

7

8

TAITHI OIBRECuimhnigh gur feidir leat dha mhir ar leith a usaid chun aird an fhostora a tharraingt ar do chuid taithi oibre - abhartha agus eile. Feadfaidh tu eolas maidir le taithi oibre dheonach gan pha a lua anseo chomh maith.

samplaiSampla 1Ean 20XX Ionadaí Múinteoireachta, Scoil Naomh Duine Éigin, An Baile DeasMhúin mé Béarla agus Tíreolaíocht do dhaltaí ó leibhéal na chéad bhliana go dtí leibhéal na hArdteistiméireachta, ag an ardleibhéal agus ag an ngnáthleibhéal. D’ullmhaigh mé pleananna ceachta de réir an churaclaim reatha. Dhear mé acmhainní do na grúpaí ranga seo, thug obair bhaile dóibh, cheartaigh agus ghrádaigh tascanna. Rinne mé feitheoireacht sa chlós ag am lóin.

Sampla 2Meán Fómhair 20XX Go dtí an t-am i láthair: Ambasadóir na Mac Léinn, OÉ GaillimhFREAGRACHTAÍ: An Ollscoil a chur chun cinn ag ócáidí agus daoine a thabhairt ar thurais ar fud an champais. Teagmháil a dhéanamh le daltaí atá ag smaoineamh ar fhreastal ar an Ollscoil agus lena dtuismitheoirí maidir lena bhfuil ar fáil san Ollscoil agus ceisteanna a fhreagairt. Cur i láthair dar teideal “Mo Thaithí mar Mhac Léinn de chuid OÉ Gaillimh” déanta do mhic léinn a bhí ag smaoineamh ar freastal a dhéanamh ar an Ollscoil agus dá gcuid tuismitheoirí ag an lá oscailte fochéime bliantúil.

Sampla 3Samhradh 20XX Freastalaí, Fishermans Wharf, San Francisco, SAMDUALGAIS:• Caighdeáin arda seirbhíse do chustaiméirí a chinntiú• D’oibrigh mé go héifeachtach leis na baill foirne eile ar mhaithe le freastal ar

riachtanais na gcustaiméirí• Tairiscintí speisialta agus clár dílseachta do chustaiméirí a chur chun cinn

Déan iarracht na héachtaí a bhain tú amach sa ról a mheas e.g. tháinig méadú 20% ar na díolacháin, sháraigh mé mo

sprioc le 15% srl.

8

9

Sampla 4Mí na Samhna XX - an t-am i láthair: Garda Slándála, Slán Sábháilte, GaillimhFREAGRACHTAÍ• Patról a dhéanamh ar an stór gach uair an chloig• Tuairiscí laethúla a chur ar fáil don Bhainisteoir Ginearálta• An trealamh sábháilteachta agus na haláraim a sheiceáil• Airgead a bhailiú ón gceaintín agus é a chur sa taisceadán

Sampla 5Samhraí ’XX, ’XX,’XX. Cúntóir Siopa Páirtaimseartha, an siopa ar an gcoirnéal, BaileFREAGRACHTAÍ• Caighdeáin arda seirbhíse do chustaiméirí a chinntiú• Súil a choinneáil ar an stoc agus soláthairtí breise stoic a fháil• Idirbhearta airgid agus cárta creidmheasa a phróiseáil• An t-airgead tirim a réiteach ag deireadh gach lae• Oiliúint a chur ar bhaill foirne nua maidir le nósanna imeachta an tsiopa

Sampla 6M. Fómh ‘XX – Bealtaine ‘XX: Ball de Choiste Caidrimh Phoiblí Chumann Dlí OÉ Gaillimh (ar bhonn deonach)• Chuir mé preasráitis le chéile agus chomhoibrigh mé le stáisiún raidió agus

nuachtán an champais• Ghlac mé páirt san anailís agus sa phlé maidir leis an mbealach is fearr chun cur le

líon na mball• Ócáidí éagsúla an Chumainn Dlí a chur chun cinn i bhfoirm ríomhphoist, póstaeir a

scaipeadh agus feachtais ar na meáin shóisialta

9

10

SCILEANNACuimhnigh - Sonraionn fostoiri na scileanna ata a n-eileamh acu agus iad ag earcu ceimithe(sa tsonraiocht poist no ar laithrean greasain na cuideachta go hionduil) mar sin ba choir duit beim a leagan ar na scileanna abhartha ata agat i bproifil scileanna agus fianaise a thabhairt maidir leis an gcaoi ar fhorbair tu iad. Ni bheidh an phroifil scileanna eifeachtach mura gcuirtear in oiriuint e do gach post ar a bhfuiltear ag deanamh iarratais, ar mhaithe le do chuid oiriunachta don rol ata ar fail a leiriu. Feadfaidh tu 4 no 5 scil a lua agus is ionduil go n-airitear cumarsaid, cumas feidhmiu mar bhall d’fhoireann agus scileanna riomhaireachta i gcas rolanna do cheimithe.

samplai

Sampla 1Réiteach Fadhbanna: Cumas tabhairt faoi thaighde agus fadhbanna a réiteach ar bhealach córasach agus anailíseach mar atá léirithe sna tionscadail theicniúla atá curtha i gcrích.

Ríomhaireacht: Inniúil ar úsáid MATLAB, Abaqus, Fortran, Microview, CatSIM, AutoCAD, Inventor. Go leor taithí ar MS Office. (Déan cinnte go n-áireoidh tú gach pacáiste a bhfuil cur amach agat air anseo).

Obair Foirne: Cumas oibriú go héifeachtach mar bhall d’fhoireann a bhuíochas don ról a bhí agam mar innealtóir forbartha próisis faoi oiliúint le Bogearraí Xyz Teo.

Scileanna cumarsáide: Sárscileanna cumarsáide scríofa agus labhartha de bharran taighde a bhí le cur i gcrích, na n-aistí a bhí le scríobh agus na gcur i láthair a bhí le déanamh le linn na céime.

10

11

Sampla 2Teangacha: Fraincis líofa agus cumas comhrá a dhéanamh as Gaeilge.

Obair Foirne: Cumas maidir le hoibriú mar chuid d’fhoireann léirithe sna tionscadail mhargaíochta rathúla a cuireadh i gcrích le linn tréimhse mar intéirneach ag plé le cúrsaí margaíochta. San áireamh anseo bhí cur chun cinn na hOllscoile ag laethanta oscailte agus ag aontaí réigiúnacha.

Bainistiú Tionscadail: Sárscileanna bainistithe tionscadail forbartha de bharr an róil mar Chaptaen ar Chlub Haca OÉ Gaillimh, lenar bhain óstáil, bolscaireacht agus urraíocht a shocrú don Chraobhchomórtas Haca Idir-Ollscoile a eagraíodh d’Ollscoileanna na hÉireann ar fad.

Scileanna cumarsáide: Sárcileanna cumarsáide de bharr na gcur i láthair a bhí le déanamh mar chuid den chúrsa ollscoile, ar a n-áirítear cur i láthair a bhain le Google Ad Words le gairid.

Sampla 3Obair Foirne: D’oibrigh mé ar thionscadail ghrúpa le Comhlacht Iontach Teo., áit a raibh géarghá le rannpháirtíocht, chun feidhmiú go héifeachtach mar bhall den fhoireann díolacháin agus le hiarracht mhaith ón bhfoireann iomlán ionas go mbainfí amach agus go sárófaí na spriocanna a leagadh síos.

Taighde: Chuir na tionscadail a bhí le cur i gcrích ag leibhéal Máistreachta go mór le mo chuid scileanna anailíseacha, ríomhaireachta agus taighde. Chuir mé modúl a bhain le modhanna taighde i gcrích chomh maith.

Cumarsáid: Feabhas tagtha ar scileanna cumarsáide, ó bhéal agus scríofa, de bharr na taithí múinteoireachta bunscoile.

Ceannaireacht: Obair an bhainisteora i Siopa Uí Chathasaigh a chumhdach ar bhonn rialta agus an obair a dháileach go héifeachtach chun leibhéal ard seirbhíse a chinntiú do na custaiméirí. Foireann peile faoi bhun 14 bliana d’aois a thraenáil agus a spreagadh le go mbainfidís amach cluiche ceannais na sraithe.

11

12

SPEISEANNACuimhnigh - Tugann an mhir seo a bhaineann le speiseanna deis duit do phearsantacht a nochtadh. Na biodh cathu ort eolas a chumadh maidir leis na speiseanna agus na caithimh aimsire ata agat, ionas go gceapfar go bhfuil tu nios iontai na mar ata - na cuir ann ach na rudai a bhfuil speis agat iontu i ndairire mar d’fheadfadh go mbunofai na ceisteanna a chuirfi ort le linn an agallaimh ar an eolas a chuireann tu ar fail i do CV. Na luaigh go mbaineann tu sult as “dul amach le do chuid cairde” ar fhaitios go gceapfadh earcoiri gur ‘coisireacht’ ata i gceist agat, agus nach e sin a theastaionn uait a thabhairt le tuiscint. Is beag duine ar eirigh leo barr na nAindeas a bhaint amach ach ma ta eacht pearsanta bainte amach agat (maraton rite agat mar shampla) luaigh e, mar leireoidh se gur duine duthrachtach agus diograiseach tu.

samplaiSampla 1Reathaíocht: tá go leor rásaí 10km rite agam agus rinne mé Maratón Chonamara ar mhaithe leis an nGníomhaíocht don Ailse BrollaighIóga Bikram: téim chuig rang uair sa tseachtainSciáil: is ball gníomhach de Chlub Spóirt Sneachta OÉ Gaillimh mé, agus téann muid ar thurais sciála gach bliainLéitheoireacht: úrscéalta a bhaineann le brath coireachta agus beathaisnéisí

Sampla 2Rugbaí, cluichí Gaelacha, iascaireacht, ceol agus amhránaíocht thraidisiúnta Cisteoir faoi oiliúint Chlub Rugbaí OÉ Gaillimh 20XX-20XXCaptaen Chlub Rugbaí OÉ Gaillimh 20XX-20XX agus Chlub Rugbaí an Longfoirt 20XX-20XX

12

13

Sampla 3• Cúrsa traenála sacair leis an FAI, a dhíríonn ar pháistí a chur ar an eolas faoi chluichí spraíúla sacair agus ar bhunscileanna gluaiseachta.• Maratón Chathair Bhaile Átha Cliath déanta dhá bhliain as a chéile, agus airgead bailithe do charthanacht áitiúil.• Bainim sult as cócaireacht agus as triail a bhaint as oidis nua

Sampla 4Cadhcáil Leibhéal 2 + Teastas CPR. Teastas ALIVE ar son oibriú go deonach i gclub obair baile iarscoile do ghasúir faoi mhíbhuntáiste. Lúthchleasaíocht: 2 bhonn do rás trastíre Laighean bainte amach agus ghlac mé páirt ar son na hÉireannfaoi aois. Taisteal: an-chuid taistil déanta san Astráil, sna Stáit Aontaithe, i Hong Cong agus cuairt tugtha ar go leor de thíortha na hEorpa.

13

14

eachtaiCuimhnigh: Is mir roghnach i seo inar feidir leat aird a tharraingt ar eachtai pearsanta no acadula fearacht gradaim, scolaireachtai, buanna i gcomortais, etc. Dean iarracht diriu ar an am i lathair, mar ma leagtar beim ar go leor eachtai a bhaineann le do chuid laethanta scoile d’fheadfai aird a tharraingt ar a laghad eachtai a baineadh amach sa cholaiste. Mura bhfuil liosta le haireamh agat faoin mir seo b’fhiu duit eachtai no buaicphointi ar leith a lua mar fhianaise sa mhir a bhaineann le scileanna no go deimhin faoin mir a bhaineann le speiseanna.

samplaiSampla 1Bronnadh teastas ALIVE orm ar son an mhéid a cuireadh i gcrích ar bhonn deonach.Fuair mé teastas ASIST (oiliúint fheidhmeach i scileanna idirghabhála féinbháis) i 20XX.Ball d’fhoireann buacach Chorn Mhic Giobúin OÉ Gaillimh sa bhliain 20XX.Bonn cré-umha i nGradaim Gaisce an Uachtaráin.

Sampla 220XX Gradam Ollscoile bunaithe ar thorthaí na dara bliana 20XX Iomaitheoir sa mhodúl Cruthaitheacht Nuálach agus Fiontair (ICE) de chuid an Bhaitsiléara sa Tráchtáil 20XX Tofa mar bhall de chomhairle scoile Choláiste Rís, Inis

Sampla 3• Tofa mar ionadaí ranga don Mháistreacht sna Meáin Dhigiteacha lenar bhain dul i gcomhairle leis an bhfoireann acadúil agus leis na mic léinn• Bonn óir i nGradaim an Uachtaráin don obair dheonach a rinneadh le Cúram Ailse

an Iarthair• Chuir mé an dúshlán ‘Four Peaks Ireland’ i gcrích mar chuid d’fhoireann

14

15

Sampla 4• Bhain mé teideal Scoláire Ollscoile amach i nGradaim na hOllscoile sa bhliain 20xx bunaithe ar thorthaí na chéad bhliana• Bhain mé gradam “Ar an Toirt” ó (tabhair ainm an chomhlachta) amach bunaithe ar thionscnamh a cuireadh i gcrích le linn an tsocrúcháin oibre• Bhain mé Scoláireacht UREKA amach sa bhliain 20xx áit a raibh tionscadal taighde idirdhisciplíneach le déanamh a bhain leis an leigheas athghiniúnach

LITREACHA CUMHDAIGHBa cheart go dtabharfai suntas do litir chumhdaigh mhaith agus nior cheart tabhairt faoi ar bhealach struchturtha ar leith. Is ga rudai airithe a lua go cinnte ach dean iarracht a leiriu gur duine ar leith thu. Biodh an litir chumhdaigh leagtha amach mar a bheadh gnathlitir.

Ba cheart go dtarraingeodh an litir chumhdaigh aird an fhostóra ar na míreanna den CV is ábhartha don phost ar a bhfuiltear ag déanamh iarratais. Bíodh do litir chumhdaigh dírithe ar an gcuideachta agus curtha in oiriúint di; ná bain leas as an litir chéanna do gach iarratas.Cuir ainm duine ar leith ar an litir más féidir é, seachas “Don té lena mbaineann” nó “A Dhuine Uasail” a úsáid. Mura bhfuil ainm an teagmhálaí ar eolas agat déan teagmháil leis an gcuideachta agus aimsigh na sonraí cruinne don té atá freagrach as an earcaíocht. B’fhéidir go mbeadh an t-eolas seo ar fáil ar láithreán gréasáin na cuideachta.

A BHFUIL LE CUR SAN AIREAMHCuideoidh na treoracha thíos leat agus litir chumhdaigh á scríobh agat:ReamhraBa cheart eolas a thabhairt faoin gcúlra atá agat i.e. Is Céimí Innealtóireachta Sibhialta mé...ansin tabhair sonraí an phoist ar a bhfuiltear ag déanamh iarratais.

Cen fath a dteastaionn uait oibriu leis an gcuideachta seo?Cén fáth a bhfuil spéis agat sa chuideachta seo? Luaigh an chúis a bhfuil suim agat post a fháil leis an eagraíocht. Céard go díreach a mheall tú i dtreo na heagraíochta? B’fhiú eolas a d’aimsigh tú agus tú i mbun taighde ar an gcuideachta a lua. D’fhéadfá, mar shampla, na táirgí a chuirtear ar fáil, an cháil atá ar an gcuideachta, na deiseanna

15

16

oiliúna agus forbartha atá ar fáil, duaiseanna atá bainte amach ag an gcuideachta, etc. a lua. Ba cheart go léireofaí an spéis atá agat sa phost sa litir chumhdaigh seachas dul i muinín litir chaighdeánach.

Cen fath ar cheart mise a roghnu? Seo hí an mhír is tábhachtaí sa litir áit a mbeidh tú in ann eolas a thabhairt maidir leis an méid atá le tairiscint agatsa don chuideachta. Ní maith le fostóirí a bheith ag éisteacht leis na seanphoirt chéanna maidir le chomh hiontach agus a bheadh sé post a fháil leo. Is éard a shantaíonn fostóirí ná eolas faoin méid atá le tairiscint agatsa mar sin ba cheart béim a leagan ar na tréithe eisceachtúla atá agat mar shampla an saineolas, na scileanna agus an taithí. Tabhair samplaí sonracha seachas samplaí ginearálta. Mar shampla, déan cur síos ar an gcaoi ar fhorbair tú an cumas feidhmiú go héifeachtach mar bhall d’fhoireann seachas díreach é a lua - “D’fhorbair mé conas feidhmiú mar bhall d’fhoireann le linn dom a bheith ag plé le tionscadal deartha rathúil agus mé ar thaithí oibre mar mhac léinn innealtóireachta”. Agus tú ag tarraingt aird ar a bhfuil le tairiscint agat do chuideachta ba cheart a léiriú go sásaíonn tú na riachtanais atá leagtha amach sa tsonraíocht poist.

Ag cur crioch leis an litirMínigh an chúis a gcreideann tú gur iarrthóir feiliúnach thú agus inis cén uair a bheas tú ar fáil i gcomhair agallaimh ag deireadh na litreach. Cuir críoch phroifisiúnta le do litir.Coinnigh do litir dearfach, fainic nach luafá torthaí a raibh díomá ort fúthu ná fadhbanna pearsanta.Ná téigh thar leathanach amháin clóscríofa. Más i bhfoirm ríomhphoist a bheas tú ag déanamh an iarratais, féadfaidh tú an litir chumhdaigh a úsáid mar chorp an ríomhphoist. (Fág ar lár na seolta poist ag barr na litreach más i bhfoirm ríomhphoist a bheas tú á cur ar fáil).

16

17

CVAnna spriocdhirithe

Seo roinnt bealai inar feidir do CV a leasu ionas go mbeidh se dirithe ar an bpost sonrach ar a bhfuiltear ag deanamh iarratais:

Dli agus Cuntasaiocht Bíonn níos mó tóir ag na cuideachtaí seo ar thorthaí acadúla ná mar a bhíonn ag cuideachtaí eile, mar sin tabhair miondealú ar na modúil agus ar na torthaí de réir gach bliana.Áirigh aon taithí oibre a bhaineann le hábhar, fiú mura raibh i gceist ach scáthú a dhéanamh ar feadh roinnt seachtainí agus tú san Idirbhliain.

Eolaiocht agus Innealtoireacht Bíodh mír agat a bhaineann le do chuid scileanna teicniúla - obair shaotharlainne, tástáil, trealamh, na teicnící a d’fhoghlaim tú etc. Déan cinnte de go luafaidh tú gach tionscnamh lena raibh baint agat agus mínigh céard a d’éirigh leat a chur i gcrích/a bhaint amach.Cuir an t-eolas a bhaineann le do shocrúchán oibre ar fáil faoin mír “Taithí Oibre Ábhartha” seachas faoin mír “Oideachas”.Liostaigh aon mhaoirsiú nó aon ranganna teagaisc sa tsaotharlann le lucht na chéad bhliana faoin mír “Taithí Oibre” fiú mura raibh aon íocaíocht i gceist.

Altranas Eolaiochtai Slainte Ní leor ainm an bharda a lua i gcás socrúcháin chliniciúla - luaigh an barda máinliachta, míochaine, péidiatraice, oinceolaíochta, srl. a bhí i gceist.Déan cur síos ar na scileanna a sealbhaíodh le linn na socrúchán oibre príomha sa mhír a bhaineann le Taithí Oibre.

TeagascLuaigh na hábhair a mhúineann tú ag tús do CV; ná glac leis go mbeidh a fhios ag an bhfostóir na hábhair ón eolas a chuir tú ar fáil faoi do bhunchéim.Is faoin mír “Taithí Oibre Ábhartha” ba chóir aon obair dheonach a rinneadh a lua e.g. club obair bhaile, cóitseáil spóirt, drámaíocht agus obair don aos óg.Ná téigh i bhfad scéil le haon taithí oibre nach mbaineann le hábhar.

17

18

Taighde acaduil Luaigh na réimsí taighde a bhfuil spéis agat iontu ag tús an CV. Tabhair breac-chuntas ar do chuid scileanna taighde faoin mír a bhaineann le scileanna.Bíodh míreanna ar leith agat d’fhoilseacháin, do chuir i láthair ag comhdhálacha, do thaithí múinteoireachta agus don riarachán acadúil.Ní gá cloí le 2 leathanach i gcás CV acadúil - féadfaidh siad a bheith níos faide ach an t-eolas ar fad a bheith ábhartha.

Mic Leinn Aibi agus Daoine a bhfuil speis acu in athru gairme Mura mbaineann an taithí ar fad atá agat leis an bpost ar a bhfuiltear ag déanamh iarratais, b’fhiú cloí le CV atá bunaithe ar scileanna, áit a mbeidh tú in ann na scileanna atá sealbhaithe agat i rith do shaoil oibre a liostú. Tabhair fianaise a thacaíonn le gach scil a luann tú - cuimhnigh go nglacann fostóirí leis gur léiriú maith í an fheidhmíocht san am atá caite ar an bhfeidhmíocht sa todhchaí.

Na Dana Go minic, fáiltítear roimh iarratais ó chéimithe ó gach disciplín, ach más mac léinn sna Dána thú ní mór duit béim a chur ar na scileanna, ar an eolas agus ar an taithí atá ábhartha don phost úd.Smaoinigh ar na scileanna atá sealbhaithe agat sna réimsí a leanas: Do bhunchéim: e.g. scileanna cumarsáide scríofa, cumas anailíseach, taighde, scileanna cur i láthair etc. Do thaithí oibre: e.g. obair mar bhall d’fhoireann i siopa, scileanna cumarsáide a forbraíodh agus tú ag cur seirbhíse ar fáil do chustaiméirí, cumas ceannaireachta léirithe sa tacaíocht a cuireadh ar fáil do bhaill foirne nua i do phost páirtaimseartha.Do chuid caitheamh aimsire agus spéiseanna - e.g. scileanna pleanála agus eagrúcháin léirithe trí ócáidí rathúla a eagrú do chlub nó do chumann, féin-spreagthacht léirithe sna héachtaí spóirt a baineadh amach, i bhfeachtais bailiúcháin airgid nó in obair dheonach ar son carthanachta.

18

19

TA NIL

TA NIL

TA NIL

SCEICLIOSTA DON CV Tabharfaidh an liosta seo treoir duit agus tu ag caitheamh suil siar ar do CV. Dean iarracht “Ta” a bheith mar fhreagra ar oiread agus is feidir diobh seo sula mbuailfidh tu le Comhairleoir Gairmeacha.

SONRAI PEARSANTA

An bhfuil fáil éasca ag an bhfostóir ort ag an seoladh seo?

An bhfuil seoladh ríomhphoist tugtha agat a bhíonn á sheiceáil go rialta agat?

An bhfuil an seoladh ríomhphoist a thug tú “gairmiúil”? (e.g. d’ainm in úsáid agat seachas leasainm)

An bhfuil an mhír a bhaineann le do chuid sonraí pearsanta níos giorra ná aon trian de leathanach?

An bhfuil do náisiúntacht agus an t-eolas a bhaineann le do cheadúnas oibre sonraithe go soiléir agat? (mic léinn idirnáisiúnta)

PROIFILI PHEARSANTA / CUSPOIRI GAIRME

An bhfuil an mhír a bhaineann le do phróifíl phearsanta nó le do chuid cuspóirí gairme (más ann don mhír) ag tús an CV níos giorra ná 2/3 d’abairtí?

An bhfuil do phróifíl phearsanta curtha in oiriúint don phost ar a bhfuiltear ag déanamh iarratais? An léiríonn sé go soiléir an méid atá le tairiscint agat nó an bhfuil sé an-ghinearálta? Déan iarracht a chinntiú go mbaineann an t-eolas leatsa go sonrach agus leis an bpost ar a bhfuiltear ag déanamh iarratais.

OIDEACHAS An bhfuil breis eolais tugtha faoin mír seo agat seachas liosta cáilíochtaí agus torthaí/ e.g. an bhfuil modúil, tionscnaimh luaite agat?

An bhfuil teideal an chúrsa/na cáilíochta cruinn?

Ar luaigh tú an toradh lena bhfuil tú ag súil sa bhliain deiridh den chéim más í bliain na céime atá i gceist? (Ná bíodh imní ort má tá cuma uaillmhianach ar an toradh seo i gcomparáid le torthaí na chéad agus na dara bliana - má bhí tú réadúil faoi, fág ann é.)

An bhfuil na cáilíochtaí is deireanaí a bhain tú amach nó is tábhachtaí luaite ar dtús agat?

An bhfuil na modúil/tionscnaimh ábhartha luaite agat? (Bíonn Gnólachtaí Cuntasaíochta agus Dlí ag iarraidh na torthaí a bhaineann le gach ábhar a fheiceáil).

19

20

An bhfuil comhionann Éireannach aon cháilíochta a baineadh amach go hidirnáisiúnta tugtha agat? (mic léinn idirnáisiúnta)

An bhfuil scoláireachtaí acadúla nó gradaim a bronnadh ort luaite agat? (D’fhéadfá iad seo a lua arís má shocraíonn tú mír a bhaineann go sonrach le cáilíochtaí a chur sa CV).

TAITHI OIBRE An bhfuil raon leathan taithí luaite agat - Céard faoi obair a cuireadh i gcrích le gnó teaghlaigh,ar bhonn deonach nó rannpháirtíocht i gcumainn ollscoile?

An bhfuil breis eolais tugtha agat i gcás na taithí is ábhartha?

An bhfuil dátaí, teideal poist, ainm an fhostóra agus eolas maidir leis na príomhdhualgais luaite agat le gach post?

An bhfuil eolas tugtha agat faoin gcineál gnó mura bhfuil sé soiléir ó ainm an fhostóra?

An bhfuil an teanga a d’úsáid tú dearfach - briathra in úsáid sa chur síos ar dhualgais poist?

SCILEANNA Má liostaigh tú scileanna, ar chuir tú san áireamh na cinn a luadh mar scileanna riachtanacha san fhógra, sa tsonraíocht poist nó in ábhar bolscaireachta an fhostóra?

An bhfuil samplaí tugtha agat a léiríonn go bhfuil na scileanna seo sealbhaithe agat?

Cuimhnigh gur féidir eolas a bhaineann le do shaol baile, acadúil, oibre, caithimh aimsire, cumainn ollscoile srl. a thabhairt mar fhianaise.

An bhfuil na scileanna a d’fhorbair tú le linn duit a bheith i mbun staidéir luaite agat mar aon le samplaí den chaoi ar fhorbair tú iad?

SPEISEANNA An bhfuil eolas tugtha agat faoi na spéiseanna a luaigh tú?

Mar shampla, má thaitníonn leat a bheith ag léitheoireacht, inis cén saghas leabhair a thaitníonn leat

An mbaineann na spéiseanna atá luaite agat leis an am i láthair?

Mura bhfuil le háireamh agat ach cúpla caitheamh aimsire nó ábhar spéise déan cur síos orthu - Inis an fhírinne agus tú ag cur síos ar do chuid spéiseanna!

TA NIL

TA NIL

TA NIL

TA NIL

20

21

TAGAIRTI Má tá moltóirí luaite agat, ar iarr tú cead orthu agus ar mhínigh tú dóibh cén saghas folúntais a bhfuil suim agat iontu?

Ar dheimhnigh tú sonraí teagmhála na moltóirí lena chinntiú go bhfuil siad cruinn?

An bhfuil sé soiléir cén chaoi a bhfuil aithne ag na moltóirí ort?

Fiú mura bhfuil moltóir sa phost sin níos mó, cuir síos “iar-bhainisteoir ar”, mar shampla, leis an gceangal a mhíniú.

GINEARALT

Ar sheiceáil tú go bhfuil an litriú agus an ghramadach cruinn agus go bhfuil an teanga ar baineadh úsáid aisti cruinn?

An bhfuil an leagan amach mar a chéile síos tríd?

An bhfuil tús áite tugtha don eolas is ábhartha / níos mó spáis tugtha dó?

An bhfuil sé soiléir ó na ceannteidil cén t-eolas atá curtha ar fáil faoi na míreanna éagsúla?

An bhfuil tú cinnte nach bhfuil aon bhearnaí i do chúlra fostaíochta?

An bhfuil sé éasca é a léamh, an bhfuil an cló sách mór agus mar a chéile síos tríd? An bhfuil sé curtha in oiriúint do dhá leathanach clóscríofa nó an bhfuil cuma ró-phlódaithe air?

An bhfuil tú cinnte nach bhfuil aon mhír ag tosú ar leathanach amháin agus ag críochnú ar leathanach eile? (e.g. an bhfuil tú cinnte nach bhfuil ceannteideal ag bun an leathanaigh agus an t-eolas a bhaineann leis ar an gcéad leathanach eile?)

An bhfuil gach mír leagtha amach go soiléir agus de réir an struchtúir chéanna? (eg. cló trom ar clómhéid 12 do gach ceannteideal)

An bhfuil an t-eolas leagtha amach i bhfoirm pointí le hurchair seachas in abairtí fada?

Ar sheachain tú forainmneacha pearsanta oiread agus a d’fhéad tú? E.g “mé”, “mise”, “mo” Ar deireadh, an rachaidh do CV i bhfeidhm ar dhaoine? An mbeidh do chuid buanna eisceachtúla le feiceáil go soiléir ag an bhfostóir?

TA NIL

TA NIL

21

22

MO CVAthruithe a bheas le deanamh

22

23

MO CVAthruithe a bheas le deanamh

23

24

MO CVAthruithe a bheas le deanamh

24

uaireanta oscailteLuan - Deardaoin: 9.00am - 5.00pmDe hAoine: 11.00am - 5.00pm

CoinnI 15 nOimEad ar fad(dean coinne anois ar ‘Careers Connect’)11.00am - 12.00pm2.30 pm - 4.00pm gach laAn tIonad Forbartha Gairmeacha,Foirgneamh na nDan na hEolaiochta,Ollscoil na hEireann, Gaillimh

Guthán: 091 493589 Ríomhphost: [email protected]áithreán Gréasáin: www.nuigalway.ie/careers

Bí linn ar Facebookfacebook.com/Careers.NUIGalway

Lean ar twitter muidtwitter.com/#!/NUIGCareers

leagan amach

AGALLAMH

CAILIOCHTAI

proifilipearsanta

DO CV

OIDEACHAS

An tIonadForbarthaGairmeacha

taithi

EACHTAI

An tIonad Forbartha

Gairmeacha I.T.