26
Sleamhnán don Chlár Bhán A Gníomhaíocht 1 Amharc ar an Prezi agus Déan an Quiz 1.1 AN QUIZ MÓR Amharc ar an Prezi: Mar a Rinneadh Leabhar Cheanannais agus freagair na ceisteanna 1 Cad é an cruth a bhí ar leabhair sula ndearnadh iad ar chruth na leabhar atá againn inniu? 2 Cá mhéad maisitheoir, ar a laghad, a d’oibrigh ar phríomhleathanaigh Leabhar Cheanannais? 1 3 7 3 Rinne na manaigh an leabhar iomlán, na leathanaigh agus na dúigh dhaite san áireamh. Fíor Bréagach 5 Cuir lipéad ar na pictiúir agus scríobh síos an dath a tháinig ó gach foinse. (Bain úsáid as na liostaí le cuidiú leat.) Foinse Ceirmis (feithid) Grianáinín Gál darach Glasar Óirpimint Lapis lazuli Dath Dubh Glas Corcra Gorm Buí/Dath óir Dearg 4 MAR A RINNEADH NA LEATHANAIGH – Cuir na céimeanna san ord ceart: Ghearr siad leathanaigh amach. Chuir siad an craiceann lao ar maos in uisce agus aol. Scríob siad an fionnadh den chraiceann. Shín siad an craiceann agus leath siad é. Ina scrollaí 4 1 2 3 Glasar Glas Lapis lazuli Gorm Grianáinín Corca Gál darach Dubh Óiripimint Buí/Dath óir Ceirmis (feithid) Dearg

Gníomhaíocht 1 Amharc ar an Prezi agus Déan an Quiz ...ccea.org.uk/colmcille/gaeilge/docs/whiteboard_resources/Mar_a... · 2 Cén cineál duine a chaith torc? 3 Seachas ór, ainmnigh

  • Upload
    buingoc

  • View
    240

  • Download
    2

Embed Size (px)

Citation preview

Page 1: Gníomhaíocht 1 Amharc ar an Prezi agus Déan an Quiz ...ccea.org.uk/colmcille/gaeilge/docs/whiteboard_resources/Mar_a... · 2 Cén cineál duine a chaith torc? 3 Seachas ór, ainmnigh

Sleamhnán don Chlár Bhán AGníomhaíocht 1 Amharc ar an Prezi agus Déan an Quiz

1.1 AN QUIZ MÓRAmharc ar an Prezi: Mar a Rinneadh Leabhar Cheanannais agus freagair na ceisteanna

1 Cad é an cruth a bhí ar leabhair sula ndearnadh iad ar chruth na leabhar atá againn inniu?

2 Cá mhéad maisitheoir, ar a laghad, a d’oibrigh ar phríomhleathanaigh Leabhar Cheanannais?

1 3 7

3 Rinne na manaigh an leabhar iomlán, na leathanaigh agus na dúigh dhaite san áireamh.

Fíor Bréagach

5 Cuir lipéad ar na pictiúir agus scríobh síos an dath a tháinig ó gach foinse. (Bain úsáid as na liostaí le cuidiú leat.)

FoinseCeirmis (feithid)

GrianáinínGál darach

GlasarÓirpimint

Lapis lazuli

DathDubhGlas

CorcraGorm

Buí/Dath óirDearg

4 MAR A RINNEADH NA LEATHANAIGH – Cuir na céimeanna san ord ceart:

Ghearr siad leathanaigh amach.

Chuir siad an craiceann lao ar maos in uisce agus aol.

Scríob siad an fionnadh den chraiceann.

Shín siad an craiceann agus leath siad é.

Ina scrollaí

4

1

2

3

Glasar

Glas

Lapis lazuli

Gorm

Grianáinín

Corca

Gál darach

Dubh

Óiripimint

Buí/Dath óir

Ceirmis (feithid)

Dearg

Page 2: Gníomhaíocht 1 Amharc ar an Prezi agus Déan an Quiz ...ccea.org.uk/colmcille/gaeilge/docs/whiteboard_resources/Mar_a... · 2 Cén cineál duine a chaith torc? 3 Seachas ór, ainmnigh

Gníomhaíocht 1 Amharc ar an Prezi agus Déan an Quiz

Tháinig Lapis Lazuli ón Afganastáin. Marcáil an Afganastáin ar an léarscáil. 6

Cad é a d’úsáid na scríobhaithe le bheith ag scríobh agus ag tarraingt?8

Tarraing do fhreagra agus cuir lipéid air.

Cuir isteach na focail atá ar iarraidh.9

Tá Leabhar Cheanannais déanta as cnuasaigh atá

le chéile. Rinneadh an cnuasach

agus an ceann ag an bharr a fhuáil le

an leabhair.

Cá has ar tháinig na rudaí seo? 71. Grianáinín

2. Dearg Ceirmise

3. An gál darach

Cá huair a goideadh cumhdach Leabhar Cheanannais?10

9ú haois

11ú haois

13ú haois

Planda ó réigiún na Meánmhara

Déanta as feithid ó réigiún na

Meánmhara (an Túirc)

Ón chrann darach

Cleite bioraithe (ó ghé nó eala) fuaite

ag an bhun

clúdach

Sleamhnán don Chlár Bhán B

Page 3: Gníomhaíocht 1 Amharc ar an Prezi agus Déan an Quiz ...ccea.org.uk/colmcille/gaeilge/docs/whiteboard_resources/Mar_a... · 2 Cén cineál duine a chaith torc? 3 Seachas ór, ainmnigh

1.1 AN QUIZ MÓRAmharc ar an Prezi Miotalóireacht Cheilteach agus freagair na ceisteanna.

4 Bhí stíl La Tène le sonrú sa mhiotalóireacht Cheilteach. Tarraing sampla den mhaisiú sin.

2 Cén cineál duine a chaith torc?

3 Seachas ór, ainmnigh ábhar amháin eile ar bhain ceardaithe miotail úsáid as.

Gníomhaíocht 1 Amharc ar an Prezi agus Déan an Quiz

1 Bhí cuid de na manaigh an-oilte mar cheardaithe miotail. An dtig leat sampla a lua de rud amháin a rinne siad?

Sleamhnán don Chlár Bhán C

Seodra / cumhdaigh do lámhscríbhinní speisialta

Daoine uaisle

Daoine tábhachtacha

Airgead, copar, ómra,

gloine agus seoda

Page 4: Gníomhaíocht 1 Amharc ar an Prezi agus Déan an Quiz ...ccea.org.uk/colmcille/gaeilge/docs/whiteboard_resources/Mar_a... · 2 Cén cineál duine a chaith torc? 3 Seachas ór, ainmnigh

5 Ainmnigh na réada miotail thíos. Cá háit a ndearnadh iad?

7 Cuir lipéad ar na huirlisí seo.

6 Cuir na céimeanna sa phróiseas miotalóireachta san ord ceart.

Gníomhaíocht 1 Amharc ar an Prezi agus Déan an Quiz

Chuir siad seoda ar an dromchla.

Dhoirt siad miotal leáite isteach iontu.

Rinne siad múnlaí cré.

Sleamhnán don Chlár Bhán D

Scrín Naomh Pádraig

Dún Pádraig

Bachall Cheanannais

Ceanannas

3 1 2

Rannadóir

Rialóir

Page 5: Gníomhaíocht 1 Amharc ar an Prezi agus Déan an Quiz ...ccea.org.uk/colmcille/gaeilge/docs/whiteboard_resources/Mar_a... · 2 Cén cineál duine a chaith torc? 3 Seachas ór, ainmnigh

Is é an tasc atá le déanamh agat bogearraí ríomhaire ar nós PowerPoint nó Slideshow a úsáid le léiriú ilmheán a chruthú faoin dóigh a ndearnadh Leabhar Cheanannais.

Ar dtús caithfidh tú pleanáil a dhéanamh maidir leis na sleamhnáin a úsáidfidh tú sa léiriú.

Sleamhnán Teidil

Ba cheart duit teideal an léirithe agus d’ainm (bhur n-ainmneacha) féin a chur ar an chéad sleamhnán.

Fíricí faoi Dhéanamh Leabhar Cheanannais

Ba cheart go mbeadh rud éigin difriúil faoin dóigh a ndearnadh Leabhar Cheanannais ar gach sleamhnán. Seans gur mhaith leat cur síos ar ghné nó dhó den dóigh a ndearnadh an lámhscríbhinn – na dúigh dhaite ar bhain siad úsáid astu, mar shampla, nó na céimeanna éagsúla sa phróiseas ó dhéanamh na leathanach go ceangal an leabhair.

Pictiúir

Ba cheart pictiúr amháin, ar a laghad, a bheith ar gach sleamhnán leis an téacs a léiriú. Is féidir na pictiúir a fháil ó do mhúinteoir, a íoslódáil ón idirlíon nó ó cheamara, nó iad a tharraingt agus a scanadh isteach sa ríomhaire.

Caithfidh deich sleamhnán ar a laghad a bheith i do léiriú, na cinn seo a leanas san áireamh:

2.1 LÉIRIÚ POWERPOINT A CHRUTHÚ

Rudaí le cur san áireamh:

Téacs agus FormaidiúDéan plean leis an eolas sa léiriú a chur in ord. Seans gur mhaith leat méid, cló agus dath an téacs a fhormáidiú.

ÍomhánnaThiocfadh leat uirlisí éagsúla amhail bearr, ceartaigh codarsnacht/gile agus athdhathaigh a úsáid leis na híomhánna a chur in eagar. Thiocfadh leat hipearnaisc chuí a chur leis an léiriú agus físchomhaid a leabú ann.

Uainiú, Trasdulta agus BeochaintíSeans gur mhaith leat beochan shaincheaptha agus trasdulta a úsáid le do shleamhnáin a bheochan. Thiocfadh leat lúb uainithe a úsáid, fiú, don léiriú.

Úsáid an bhileog Léiriú a Phleanáil anois le cuidiú leat an léiriú a phleanáil.

Gníomhaíocht 2 Cruthaigh agus Beoigh le TFC Sleamhnán don Chlár Bhán E

Page 6: Gníomhaíocht 1 Amharc ar an Prezi agus Déan an Quiz ...ccea.org.uk/colmcille/gaeilge/docs/whiteboard_resources/Mar_a... · 2 Cén cineál duine a chaith torc? 3 Seachas ór, ainmnigh

Is é an tasc atá le déanamh agat bogearraí ríomhaire ar nós PowerPoint nó Slideshow a úsáid le léiriú ilmheán a chruthú faoin mhiotalóireacht Cheilteach.

Ar dtús caithfidh tú pleanáil a dhéanamh maidir leis na sleamhnáin a úsáidfidh tú sa léiriú.

Sleamhnán Teidil

Ba cheart duit teideal an léirithe agus d’ainm (bhur n-ainmneacha) féin a chur ar an chéad sleamhnán.

Fíricí faoin Mhiotalóireacht Cheilteach

Ba cheart go mbeadh rud éigin difriúil faoin mhiotaloireacht sna luathaoiseanna in Éirinn agus sa Bhreatain ar gach sleamhnán. Seans gur mhaith leat cur síos ar ghné nó dhó den mhiotalóireacht, an seodra a chaith daoine tábhachtacha sa tsochaí, mar shampla, nó réada a rinneadh do mhainistir, nó fiú cuid den phróiseas a bhaineann le réada miotail a dhéanamh agus na hábhair éagsúla a d’úsáid na ceardaithe miotail.

Pictiúir

Ba cheart pictiúr amháin, ar a laghad, a bheith ar gach sleamhnán leis an téacs a léiriú. Is féidir na pictiúir a fháil ó do mhúinteoir, a íoslódáil ón idirlíon nó ó cheamara, nó iad a tharraingt agus a scanadh isteach sa ríomhaire.

Caithfidh deich sleamhnán ar a laghad a bheith i do léiriú, na cinn seo a leanas san áireamh:

2.1 LÉIRIÚ POWERPOINT A CHRUTHÚ

Rudaí le cur san áireamh:

Téacs agus FormaidiúDéan plean leis an eolas sa léiriú a chur in ord. Seans gur mhaith leat méid, cló agus dath an téacs a fhormáidiú.

ÍomhánnaThiocfadh leat uirlisí éagsúla amhail bearr, ceartaigh codarsnacht/gile agus athdhathaigh a úsáid leis na híomhánna a chur in eagar. Thiocfadh leat hipearnaisc chuí a chur leis an léiriú agus físchomhaid a leabú ann.

Uainiú, Trasdulta agus BeochaintíSeans gur mhaith leat beochan shaincheaptha agus trasdulta a úsáid le do shleamhnáin a bheochan. Thiocfadh leat lúb uainithe a úsáid, fiú, don léiriú.

Úsáid an bhileog Léiriú a Phleanáil anois le cuidiú leat an léiriú a phleanáil.

Gníomhaíocht 2 Cruthaigh agus Beoigh le TFC Sleamhnán don Chlár Bhán F

Page 7: Gníomhaíocht 1 Amharc ar an Prezi agus Déan an Quiz ...ccea.org.uk/colmcille/gaeilge/docs/whiteboard_resources/Mar_a... · 2 Cén cineál duine a chaith torc? 3 Seachas ór, ainmnigh

MAR A RINNEADH LEABHAR CHEANANNAIS / MIOTALÓIREACHT CHEILTEACH Sleamhnán don Chlár Bhán G

Tá cineálacha éagsúla beochana ann:Beochan Íomhá ar Íomhá

ÍOMHÁ AR ÍOMHATARRAINGTHE RÍOMHBHEOCHAN

Beochan Ghearrthóige/Cholláise

Beochan le Marla Beochan le Réada Picteilíní

Page 8: Gníomhaíocht 1 Amharc ar an Prezi agus Déan an Quiz ...ccea.org.uk/colmcille/gaeilge/docs/whiteboard_resources/Mar_a... · 2 Cén cineál duine a chaith torc? 3 Seachas ór, ainmnigh

MAR A RINNEADH LEABHAR CHEANANNAIS / MIOTALÓIREACHT CHEILTEACH Sleamhnán don Chlár Bhán H

Is féidir iad seo a úsáid le scannán ar bith a fhiosrú:

Ceamara, Carachtar, Dath / Suíomh, Scéal, Fuaim

SUÍOMH SCÉAL FUAIM

CEAMARACARACHTAR

DATH

Page 9: Gníomhaíocht 1 Amharc ar an Prezi agus Déan an Quiz ...ccea.org.uk/colmcille/gaeilge/docs/whiteboard_resources/Mar_a... · 2 Cén cineál duine a chaith torc? 3 Seachas ór, ainmnigh

2.2 SCÉAL CEILTEACH BEOITE A CHRUTHÚ Anois tá sibh ag dul a phleanáil agus a dhéanamh beochana faoi rud éigin atá foghlamtha agaibh. Ar dtús, caithfidh sibh smaoineamh mar fhoireann ar: • ceamara, carachtar agus dath; agus• suíomh, scéal agus fuaim.

Is féidir seat fada a úsáid leis an radharc a léiriú agus leis an aicsean a thaispeáint. Thig é a úsáid le carachtair

iomlána a thaispeáint i bhfad uait.

Úsáidtear seat teann le mionsonraí nó le

mothúcháin ar aghaidh an charachtair a thaispeáint.

Taispeánann meánseat carachtar amháin nó níos

mó, ón choim nó ó na glúine aníos de ghnáth. Ní bhíonn mórán le feiceáil sa

chúlra.

Seatanna CeamaraÚsáidtear an ceamara leis an scéal a thaispeáint agus le muid a threorú tríd. Tá sé tábhachtach go smaoiníonn sibh faoi na seatanna a bheidh in úsáid. Seo a leanas na trí phríomhsheat ceamara.

Uillinneacha an Cheamara Thig uillinneacha an cheamara a úsáid le mothúcháin nó le hatmaisféar a léiriú nó le seat a dhéanamh níos suimiúla. Seo trí bhunuillinn ceamara a fheiceann tú i scannáin.

Glacann tú seat íseal ón taobh thíos agus an ceamara

dírithe suas. Déanann tú seo le cuma níos mó nó níos

cumhachtaí a chur ar an duine.

Glacann tú seat ard ón taobh thuas agus an

ceamara dírithe síos. Thig é a úsáid le béim a chur ar an duine a bheith beag nó

leochaileach.

Tá seat pointe féachana ann nuair is cosúil go bhfeiceann tú an méid

a fheiceann an carachtar féin.

Gníomhaíocht 2 Cruthaigh agus Beoigh le TFC Sleamhnán don Chlár Bhán I

Page 10: Gníomhaíocht 1 Amharc ar an Prezi agus Déan an Quiz ...ccea.org.uk/colmcille/gaeilge/docs/whiteboard_resources/Mar_a... · 2 Cén cineál duine a chaith torc? 3 Seachas ór, ainmnigh

Cuir Triail Ort Féin

Pléigí...Cén seat (cad iad na seatanna) a thiocfadh libh a úsáid?

Nótaí/Smaointe:

Pléigí...Cén seat (cad iad na seatanna) a thiocfadh libh a úsáid?

Nótaí/Smaointe:

Cuir lipéad ar gach seat ceamara thíos – an seat teann, meánseat nó seat fada é?

Anois cuir lipéad ar gach ceann de na seatanna seo – an seat ard, seat íseal nó seat pointe féachana é?

Gníomhaíocht 2 Cruthaigh agus Beoigh le TFC Sleamhnán don Chlár Bhán J

Seat teann

Meánseat

Seat fada

Seatanna fada is mó a bheidh in úsáid ag na daltaí leis an aicsean a thaispeáint, agus b’fhéidir cúpla seat teann le sonraí a thaispeáint/leis an scannán a dhéanamh níos suimiúla.

Seat ard Seat íseal

Seat pointe féachana

Bíonn beochan ghearrthóige íomhá ar íomhá ‘réidh’, de ghnáth, agus an ceamara ag díriú anuas ar an aicsean – seans nach mbeidh ach seatanna arda in úsáid ag na daltaí.

Page 11: Gníomhaíocht 1 Amharc ar an Prezi agus Déan an Quiz ...ccea.org.uk/colmcille/gaeilge/docs/whiteboard_resources/Mar_a... · 2 Cén cineál duine a chaith torc? 3 Seachas ór, ainmnigh

Gníomhaíocht 2 Cruthaigh agus Beoigh le TFC

Carachtar agus Dath

GRUAIG:Bhearr manaigh a gcuid gruaige ina corann.

ÉADAÍ:San 8ú/9ú haois chaith manaigh léinte

fada agus clócaí a raibh dathanna éagsúla orthu. Cheangail siad na héadaí le

criosanna leathair agus chaith siad cuaráin.

AOIS:Bhí daoine d’aoiseanna éagsúla ina gcónaí i mainistreacha. Chuaigh cuid de na fir óga isteach sna mainistreacha nuair a bhí siad

15 nó 16 bliana d’aois.

Smaoinígí anois ar an charachtar / na carachtair a bheidh agaibh sa bheochan. Beidh an t-eolas thíos ina chuidiú agaibh.

Scríobh na scríobhaithe le cleite.

Cad é eile a thiocfadh leat a úsáid le do bheochan a dhéanamh realaíoch?

Sleamhnán don Chlár Bhán K

Page 12: Gníomhaíocht 1 Amharc ar an Prezi agus Déan an Quiz ...ccea.org.uk/colmcille/gaeilge/docs/whiteboard_resources/Mar_a... · 2 Cén cineál duine a chaith torc? 3 Seachas ór, ainmnigh

Carachtar agus Dath

Na Dearaí

Tá miotalóireacht Cheilteach maisithe le hobair shnaidhme agus le bíseanna i stíl La Tène.

Na Mainistreacha

Rinne manaigh réada áille miotail lena n-úsáid sna mainistreacha.

Gníomhaíocht 2 Cruthaigh agus Beoigh le TFC

Smaoinígí anois ar na carachtair agus ar na dathanna a bheidh agaibh sa bheochan. Cad é a thiocfadh libh a léiriú, agus cad é mar a thiocfadh libh é a dhéanamh réalaíoch? Pléigí na smaointe thíos in bhur ngrúpa.

An tSochaí

Chaith daoine tábhachtacha seodra óir agus airgid.

Sleamhnán don Chlár Bhán L

Page 13: Gníomhaíocht 1 Amharc ar an Prezi agus Déan an Quiz ...ccea.org.uk/colmcille/gaeilge/docs/whiteboard_resources/Mar_a... · 2 Cén cineál duine a chaith torc? 3 Seachas ór, ainmnigh

MAR A RINNEADH LEABHAR CHEANANNAIS / MIOTALÓIREACHT CHEILTEACH Sleamhnán don Chlár Bhán M

Dath Bíonn dath ina chuidiú le scéal a insint agus le hatmaisféar an scannáin a chur in iúl. Mar shampla, is féidir dathanna gruama a úsáid faoi choinne scéal dorcha, agus dathanna geala a úsáid faoi choinne scannán meidhreach.

Dathanna Gruama Dathanna Geala

Cad é an scéal/an mothú? Cad é an scéal/an mothú?LEID: Beidh sé tábhachtach don leanúnachas dathanna na gcarachtar agus na gcúlraí a aontú.

Page 14: Gníomhaíocht 1 Amharc ar an Prezi agus Déan an Quiz ...ccea.org.uk/colmcille/gaeilge/docs/whiteboard_resources/Mar_a... · 2 Cén cineál duine a chaith torc? 3 Seachas ór, ainmnigh

DÉANAMH (ard, beag, trom, tanaí...):

STÍL AGUS DATH GRUAIGE (fada, gairid, bearrtha, trilseáin...):

ÉADAÍ (léine, clóca, bríste, cosa nochta, bróga...):

AOIS:

SEODRA/RÉADA (bachall, bráisléid, bróiste...):

DÉANAMH (ard, beag, trom, tanaí...):

STÍL AGUS DATH GRUAIGE (fada, gairid, bearrtha, trilseáin...):

ÉADAÍ (léine, clóca, bríste, cosa nochta, bróga...):

AOIS:

SEODRA/RÉADA (bachall, bráisléid, bróiste...):

Carachtair a Chruthú don Bheochan

Bainigí úsáid as an leathanach seo le nótaí a dhéanamh faoi na carachtair ba mhaith le d’fhoireann a chur sa bheochan. Sceitseáil agus scríobh síos an chuma a bheidh orthu agus na dathanna agus na hábhair a bheidh de dhíth lena ndéanamh.

Má tá tuilleadh spáis de dhíth ort, úsáid bileog eile.

Gníomhaíocht 2 Cruthaigh agus Beoigh le TFC Sleamhnán don Chlár Bhán N

Page 15: Gníomhaíocht 1 Amharc ar an Prezi agus Déan an Quiz ...ccea.org.uk/colmcille/gaeilge/docs/whiteboard_resources/Mar_a... · 2 Cén cineál duine a chaith torc? 3 Seachas ór, ainmnigh

Léigí an t-eolas faoin tsochaí mar a bhí go mall san 8ú haois/go luath sa 9ú haois agus amharcaigí ar na pictiúir. Cén suíomh a úsáidfidh sibh don bheochan?

Ní raibh cathracha ná bailte móra ann go mall san 8ú haois/go luath sa 9ú haois. Bhí teaghlaigh ina gcónaí i bpobail bheaga feirmeoireachta i mbotháin chruinne cheann tuí.

Bhí manaigh ina gcónaí taobh amuigh den phobal i mainistreacha. Bhí na mainistreacha beag agus iargúlta. Bhí siad cosúil le sráidbhailte beaga a raibh ballaí cloiche thart orthu.

Rinne daoine foirgnimh as clocha agus as adhmad nó as caolach agus dóib (féach an léaráid ar dheis).

Suíomhanna

Gníomhaíocht 2 Cruthaigh agus Beoigh le TFC

túr

teach

screaptra

garraí

clabhstra

cealla na manach

eaglais

cistin

proinnteach

teach aíochtaotharlann

cróite na n-ainmhithe

muileann

leab

harl

ann

Séipéal Naomh Odhrán

reilig

feirm

ceardlanna

ceárta

cealla na nóibhíseach

Sleamhnán don Chlár Bhán O

Page 16: Gníomhaíocht 1 Amharc ar an Prezi agus Déan an Quiz ...ccea.org.uk/colmcille/gaeilge/docs/whiteboard_resources/Mar_a... · 2 Cén cineál duine a chaith torc? 3 Seachas ór, ainmnigh

MAR A RINNEADH LEABHAR CHEANANNAIS / MIOTALÓIREACHT CHEILTEACH Sleamhnán don Chlár Bhán P

Suíomhanna Eile

Faoin tuathSan Áise Lochán reoite sa gheimhreadh

Ar dhomhan eile Sa chathairSan am atá thart

Page 17: Gníomhaíocht 1 Amharc ar an Prezi agus Déan an Quiz ...ccea.org.uk/colmcille/gaeilge/docs/whiteboard_resources/Mar_a... · 2 Cén cineál duine a chaith torc? 3 Seachas ór, ainmnigh

MAR A RINNEADH LEABHAR CHEANANNAIS / MIOTALÓIREACHT CHEILTEACH Sleamhnán don Chlár Bhán Q

ROGHNAÍGÍ SCÉAL NÓ SCANNÁN

An bhfuil sé suite i dtréimhse áirithe – mar shampla sa 17ú

haois, sna 1940idí, sa lá atá inniu ann, nó san am atá le teacht?

An bhfuil sé suite faoin tuath nó sa chathair?

An dtarlaíonn an scéal taobh istigh (mar shampla i seomra leapa Andy in Toy Story) nó

taobh amuigh?

Suíomhanna a Phlé

An dtarlaíonn an t-aicsean i dtír faoi leith?

An bhfuil sé gruama agus

dorcha nó geal agus éadrom?

Cad iad na leideanna amhairc a chuireann an t-am, an áit nó

an spás in iúl dúinn?

Page 18: Gníomhaíocht 1 Amharc ar an Prezi agus Déan an Quiz ...ccea.org.uk/colmcille/gaeilge/docs/whiteboard_resources/Mar_a... · 2 Cén cineál duine a chaith torc? 3 Seachas ór, ainmnigh

Nótaí/Smaointe:

Anois, pléigí in bhur ngrúpa an cúlra don bheochan (an suíomh). Déanaigí plean leis an chúlra a chruthú.

An dtiocfadh libh uigeachtaí éagsúla a úsáid lena dhéanamh níos suimiúla?

Cad iad na dathanna is fearr don suíomh?

UIGEACHTAÍ / MAISÍOCHTAÍ

Le cur san áireamh:

Ná cuirigí barraíocht sonraí sa chúlra! Caithfidh daoine díriú ar an aicsean.

Ná cuirigí rud ar bith ann a bhíonn ag bogadh sa ghnáthshaol (éin sa spéir, ainmhithe i bpáirc, ná tine, mar shampla). Rud ar bith a bhíonn ag bogadh, beidh oraibh é a dhéanamh mar phíosa oibre ar leith.

Gníomhaíocht 2 Cruthaigh agus Beoigh le TFC

DATH

Sleamhnán don Chlár Bhán R

Page 19: Gníomhaíocht 1 Amharc ar an Prezi agus Déan an Quiz ...ccea.org.uk/colmcille/gaeilge/docs/whiteboard_resources/Mar_a... · 2 Cén cineál duine a chaith torc? 3 Seachas ór, ainmnigh

MAR A RINNEADH LEABHAR CHEANANNAIS / MIOTALÓIREACHT CHEILTEACH Sleamhnán don Chlár Bhán S

NA CÚIG C

CAD CHUIGE?Cad é is cúis leis an aicsean?

Tabhair faoi deara: Ní bhíonn a fhios againn

i gcónaí.

Scéal: Príomhghnéithe

CAD Éa tharlaíonn?

An t-aicsean féin.

CÁ HUAIR a tharlaíonn an

t-aicsean?

CÁ HÁIT a bhfuil an suíomh?

CÉ?Príomhcharachta(i)r

Page 20: Gníomhaíocht 1 Amharc ar an Prezi agus Déan an Quiz ...ccea.org.uk/colmcille/gaeilge/docs/whiteboard_resources/Mar_a... · 2 Cén cineál duine a chaith torc? 3 Seachas ór, ainmnigh

12

BAIN TRIAIL AS PRAPLEABHAR!

Cá fhad a thógann sé amharc ar an phrapleabhar? Déanaigí iarracht seo a thomhas.

Déanaigí prapleabhar le chéile in bhur ngrúpa! Beidh 8 stiall bheaga páipéir de dhíth ar gach duine agaibh...

Ba cheart athrú beag sa ghluaiseacht a bheith ann ó leathanach go leathanach.

Coinnigí simplí é: aontaígí ar dtús ar an chuma a bheidh ar an charachtar, fear cipín, léaráid imlíneach, nó cruthanna simplí, mar shampla.

ROGHNACH

Scéal agus FuaimSmaoinígí ar an méid ama a bheidh agaibh leis an scéal a insint.

Ráta fráma = líon na bpictiúr in aghaidh an tsoicind i scannán

Nuair a amharcann muid ar bheochan, de ghnáth bíonn frámaí aonair (pictiúir) inti a bhíonn á seinm ar luas 24 fráma sa soicind.

Nuair a fheiceann ár súile sraith pictiúr go han-ghasta ceann i ndiaidh an chinn eile,

síleann muid go bhfuil na pictiúir ag bogadh.

An dtig libh a oibriú amach cá mhéad fráma (pictiúr) a mbíonn muid ag

amharc orthu sa bhomaite?

24 (pictiúr) x 60 (soicind) =

fráma

An dtig libh a oibriú amach cá mhéad fráma (pictiúr) atá de dhíth oraibh faoi choinne tríocha soicind de scannán?

8 (pictiúr) x 60 (soicind) = fráma

Le bhur mbeochan a chruthú, beidh ráta fráma 8 –12 fhráma sa soicind in úsáid

agaibh.

Ciallaíonn sin go mbeidh 8 –12 phictiúir de dhíth oraibh do gach soicind den

scannán.

Gníomhaíocht 2 Cruthaigh agus Beoigh le TFC Sleamhnán don Chlár Bhán T

1440

240

Page 21: Gníomhaíocht 1 Amharc ar an Prezi agus Déan an Quiz ...ccea.org.uk/colmcille/gaeilge/docs/whiteboard_resources/Mar_a... · 2 Cén cineál duine a chaith torc? 3 Seachas ór, ainmnigh

MAR A RINNEADH LEABHAR CHEANANNAIS / MIOTALÓIREACHT CHEILTEACH Sleamhnán don Chlár Bhán U

Clár an Scéil Is ionann clár an scéil agus sraith pictiúr - le treoracha agus caint de ghnáth - a léiríonn na seatanna atá pleanáilte do scannán, clár teilifíse nó scéal digiteach.

Cuirígí teideal an scéil agus bhur

n-ainmneacha sa chéad bhosca.

Cuirigí uimhir sna boscaí le cuidiú libh

fios a bheith agaibh cá háit a bhfuil sibh

sa scéal.

Sna boscaí cainte, scríobhaigí bhur

smaointe maidir le fuaimeanna nó insint

ar bith ba mhaith libh a chur leis na

seatanna.

Bainigí úsáid as na boscaí móra le pictiúir

a tharraingt de na príomhsheatanna a bheidh sa bheochan.

Page 22: Gníomhaíocht 1 Amharc ar an Prezi agus Déan an Quiz ...ccea.org.uk/colmcille/gaeilge/docs/whiteboard_resources/Mar_a... · 2 Cén cineál duine a chaith torc? 3 Seachas ór, ainmnigh

MAR A RINNEADH LEABHAR CHEANANNAIS / MIOTALÓIREACHT CHEILTEACH Sleamhnán don Chlár Bhán V

Oscail an bogearra scéalaíochta digití atá tú ag dul a úsáid, iMovie, Movie Maker nó Photostory, mar shampla.

• Cuir an tionscadal ar bun (oscail an bogearra agus ainmnigh an tionscadal) agus sábháil é.

• Sábháil do chuid oibre go luath agus go rialta – is minic a chliseann ar ríomhairí agus daoine ag obair le comhaid ina bhfuil íomhánna agus fuaimeanna.

• Aimsigh an fillteán ina bhfuil na pictiúir stóráilte ar an líonra.• Iompórtáil na pictiúir atá le húsáid; déan cinnte de go scriosann tú íomhánna ar

bith ina bhfuil méara le feiceáil. • Tarraing na pictiúir isteach san amlíne agus déan cinnte de go bhfuil siad san

ord ina mbeidh siad sa bheochan.

Bain úsáid as clár an scéil mar threoir…

Eagarthóireacht (1)

AN BOGEARRA A OSCAILT

AN TIONSCADAL A CHUR AR BUN AGUS A SHÁBHÁIL

PICTIÚIR A CHUR LEIS

Page 23: Gníomhaíocht 1 Amharc ar an Prezi agus Déan an Quiz ...ccea.org.uk/colmcille/gaeilge/docs/whiteboard_resources/Mar_a... · 2 Cén cineál duine a chaith torc? 3 Seachas ór, ainmnigh

MAR A RINNEADH LEABHAR CHEANANNAIS / MIOTALÓIREACHT CHEILTEACH Sleamhnán don Chlár Bhán W

Eagarthóireacht (2)

• Cuir isteach teideal tosaigh ina mbeidh teideal na beochana agus ainmneacha na ndaoine sa ghrúpa. Formáidigh an téacs tríd an chló, an mhéid, an dath agus an ailíniú a athrú.

• Le iMovie agus Movie Maker is féidir stíl bheochana an teidil a athrú (an dóigh a dtagann an teideal ar an scáileán agus an dóigh a n-imíonn sé de).

• Sa chás nach mbeidh insint le taifeadadh, is féidir téacs clóscríofa a chur leis an scéal. Déan cinnte de go bhfuil an téacs ag teacht lena bhfuil sna pictiúir.

• Má tá guthú le déanamh ar na habairtí, seans nach mbeidh an téacs féin de dhíth (ach amháin má tá fotheidil le cur isteach, ainmneacha carachtar nó logainmneacha, mar shampla).

• Formáidigh an téacs tríd an chló, an mhéid, an dath agus an ailíniú a athrú.

• Is féir ról gach duine a chur isteach ag deireadh na beochana, mar shampla stiúrthóir, dearthóir seite, ceamaradóir. Formáidigh an téacs tríd an chló, an mhéid, an dath agus an ailíniú a athrú.

• Le iMovie agus Movie Maker is féidir stíl bheochana an téacs a athrú.

AN TEIDEAL TOSAIGH

TÉACS A CHUR LEIS

NA TEIDIL DEIRIDH

Page 24: Gníomhaíocht 1 Amharc ar an Prezi agus Déan an Quiz ...ccea.org.uk/colmcille/gaeilge/docs/whiteboard_resources/Mar_a... · 2 Cén cineál duine a chaith torc? 3 Seachas ór, ainmnigh

MAR A RINNEADH LEABHAR CHEANANNAIS / MIOTALÓIREACHT CHEILTEACH Sleamhnán don Chlár Bhán X

Eagarthóireacht (3)

• Caithfear athruithe ar bith ar an tionscadal a dhéanamh anois sula gcuirfear na fuaimeanna deireanacha leis (agus sula ndéanfar é a shábháil agus a easpórtáil).

• Déan an litriú agus an ghramadach a sheiceáil: is féidir le botúin chló an snas a bhaint den bheochan.

Le Movie Maker nó iMovie, is féidir maisíochtaí a chur leis na pictiúir agus/nó trasdulta achur leo.MAISÍOCHTAÍ PICTIÚIRNíor cheart maisíochtaí a úsáid ach le pictiúr a fheabhsú, agus is fearr gan barraíochtacu a úsáid. Thiocfadh leat, mar shampla, cuma ársa a chur ar íomha i scéal stairiúil.TRASDULTAIs ionann trasdul agus éifeacht a úsáidtear le híomhá amháin a mheascadh isteach sa chéadíomhá eile, mar shampla, leátán, síobadh, céimniú isteach agus céimniú amach.Baineann trasdul cuid den dá ghearrthóg agus meascann sé le chéile iad le deireadh íomháamháin a mheascadh le tús na chéad íomhá eile. Tábhachtach: Beidh tionchar ag trasdul aruainiú an tionscadail: beidh ort uainiú na fuaime agus na bpictiúr a athchóiriú i ndiaidh duittrasdulta a chur i bhfeidhm.

RÉAMHAMHARC AR AN BHEOCHAN

MAISÍOCHTAÍ PICTIÚIR agus TRASDULTA (Roghnach)

Page 25: Gníomhaíocht 1 Amharc ar an Prezi agus Déan an Quiz ...ccea.org.uk/colmcille/gaeilge/docs/whiteboard_resources/Mar_a... · 2 Cén cineál duine a chaith torc? 3 Seachas ór, ainmnigh

MAR A RINNEADH LEABHAR CHEANANNAIS / MIOTALÓIREACHT CHEILTEACH Sleamhnán don Chlár Bhán Y

Eagarthóireacht (4)

• Is féidir cluasáin agus micreafóin a úsáid leis an insint a thaifeadadh ar an chlár féin.• Taifead gach abairt ceann ar cheann, agus tabhair ainm cuí ar chomhad fuaime na

habairte; mar shampla abairt 1, abairt 2 … sa dóigh go mbeidh sibh ábalta gach comhad fuaime a aimsiú agus a aithint go furasta.

• Cuir na comhaid fuaime isteach san áit chuí (ar an amlíne) san ord ceart.

• Aimsigh na comhaid cheoil ar an líonra ríomhairí.• Tá roinnt píosaí ceoil ar fáil ar iMovie agus Photostory. Is féidir ceol a chur leis an

bheochan ar na bogearraí sin a sheinnfear a fhad a bheidh an bheochan ar siúl agus a bheidh le cluinstin faoi insint/caint ar bith a bheidh ann.

• Ní féidir ach fuaimrian amháin san am a sheinm ar Movie Maker. Mar sin de, ní féidir ceol a chur ach san áit nach bhfuil insint ná caint. Moltar píosaí gairide ceoil a úsáid leis na teidil tosaigh agus leis na teidil deiridh.

Ceol nó fuaim ar bith atá le húsáid sa scéal a mhionathrú.• Ceartaigh leibhéal fuaime na gcomhad fuaime. Ba cheart go mbeadh an insint soiléir,

agus níor cheart go mbeadh an ceol ag cur isteach uirthi. • Le Movie Maker agus iMovie is féidir ceol a chéimniú isteach agus amach. Smaoineamh

maith atá ann an ceol a chéimniú amach ag deireadh an scéil sa dóigh nach stopann sé go róthobann.

AN INSINT /AN CHAINT A THAIFEADADH

CEOL A CHUR LEIS

Page 26: Gníomhaíocht 1 Amharc ar an Prezi agus Déan an Quiz ...ccea.org.uk/colmcille/gaeilge/docs/whiteboard_resources/Mar_a... · 2 Cén cineál duine a chaith torc? 3 Seachas ór, ainmnigh

MAR A RINNEADH LEABHAR CHEANANNAIS / MIOTALÓIREACHT CHEILTEACH Sleamhnán don Chlár Bhán Z

PROOF & PREVIEW VISUALS

Eagarthóireacht (5)

Amharc ar na tionscadail, agus déan cinnte de go bhfuil an fhuaim ag teacht leis nahíomhánna. Caithfear athruithe ar bith a dhéanamh anois sula ndéanfar an bheochan ashábháil agus a easpórtáil den uair dheireanach.SÁBHÁIL agus EASPÓRTÁILSábháil an obair den uair dheireanach sula ndéanfar í a easpórtáil mar chomhadscannáin is féidir a sheinm ar ríomhaire ar bith.

SIN É, A CHAIRDE!• Amharc ar na beochaintí críochnaithe leis na daltaí eile sa rang.

NA CÉIMEANNA DEIRIDH