20
Bíodh na fíricí ar dhrugaí ar eolas agat 1512 - HSE_Drugs_DL_Gaeilge.qxd 26/05/2008 10:27 Page 1

Bíodh na fíricí ar dhrugaí ar eolas agat · dhíth air/uirthi: • Gabh i dteagmháil leis an dochtúir áitiúil agat – liostaithe faoi General Practitioner (GP) sa leabhar

  • Upload
    others

  • View
    1

  • Download
    0

Embed Size (px)

Citation preview

Page 1: Bíodh na fíricí ar dhrugaí ar eolas agat · dhíth air/uirthi: • Gabh i dteagmháil leis an dochtúir áitiúil agat – liostaithe faoi General Practitioner (GP) sa leabhar

Bíodh na fíricíar dhrugaí ar

eolas agat

1512 - HSE_Drugs_DL_Gaeilge.qxd 26/05/2008 10:27 Page 1

Page 2: Bíodh na fíricí ar dhrugaí ar eolas agat · dhíth air/uirthi: • Gabh i dteagmháil leis an dochtúir áitiúil agat – liostaithe faoi General Practitioner (GP) sa leabhar

• Cad atá ar eolas agat faoi dhrugaí?

• Cad a dhéanfá dá gceapfá go raibh duinegaoil leat ag úsáid drugaí?

• Cad a dhéanfá dá dtairgfí drugaí duit?

• Cad a dhéarfá nó a dhéanfá dá bhfaighfeáamach go raibh cara leat ag mangaireachtdrugaí?

• Más tuismitheoir thú, cad a dhéarfá nó adhéanfá dá dtiocfá ar rud i bpóca nó i málado pháiste a cheap tú a bheith ina dhruga?

Léiríonn taighde nach mbíonn go leoreolais ag daoine faoi dhrugaí go minicnó go bhfuil an t-eolas mícheart acu.Má bhíonn na fíricí ar dhrugaí ar eolasagat bíonn sé níos éasca labhairt faoidhrugaí ar bhealach oscailte aguseolasach. Sa leabhrán seo pléitear

• Fíricí ar chuid de na miotais choitianta.

• Sonraí ar na háiteanna ina bhfuil níos móeolais, tacaíochta agus cuidithe le fáil.

• Eolas ar na cineálacha éagsúla drugaímídhleathacha.

1512 - HSE_Drugs_DL_Gaeilge.qxd 26/05/2008 10:27 Page 2

Page 3: Bíodh na fíricí ar dhrugaí ar eolas agat · dhíth air/uirthi: • Gabh i dteagmháil leis an dochtúir áitiúil agat – liostaithe faoi General Practitioner (GP) sa leabhar

Cad atá i gceist againn agus muidag labhairt ar úsáid drugaí?Bíonn daoine ag úsáid a lán cineálachaéagsúla drugaí. D’fhéadfadh na drugaí seo abheith dleathach nó mídhleathach,d’fhéadfaidís a bheith ina gcuidiú nó dochara dhéanamh. Baineann fo-iarmhairtí agusrioscaí le gach druga, ach bíonn níos móriosca i gceist le drugaí áirithe, go háirithedrugaí mídhleathacha.D’fhéadfaí go n-éireodh úsáid drugaí inafadhb ag brath ar roinnt fachtóirí.Seo iad na fachtóirí sin:

Cad é an druga a úsáidtear

Cé atá ag úsáid an druga (go háirithe

giúmar agus pearsantacht an duine)

Cad chuige a bhfuil an duine sin ag

úsáid an druga

Cá háit agus

Cén dóigh a bhfuil an duine sin ag

úsáid an druga

Cothaíonn drugaí difriúla fadhbanna éagsúlado dhaoine éagsúla. Bíonn réitigh éagsúla dedhíth ar na fadhbanna seo. Le teacht arthuiscint ar an fhadhb, caithfidh go mbeadh afhios agat faoina bhfuil ag tarlú i saol anduine atá ag úsáid an druga chomh maithleis an druga atá á úsáid ag an duine sin. Saleabhrán seo pléimid an fhadhb a bhaineannle húsáid drugaí mídhleathacha. Is iad nadrugaí mídhleathacha is coitianta a úsáidtearná cannabas, eacstais, hearóin agus cóicín.

Tuiscintar dhrugaí

1512 - HSE_Drugs_DL_Gaeilge.qxd 26/05/2008 10:27 Page 3

Page 4: Bíodh na fíricí ar dhrugaí ar eolas agat · dhíth air/uirthi: • Gabh i dteagmháil leis an dochtúir áitiúil agat – liostaithe faoi General Practitioner (GP) sa leabhar

Úsáideann daoine éagsúla drugaídifriúla ar chúiseanna éagsúla.Tá drugaí dleathacha ann cinnte adtagaimid orthu gach lá. Mar shampla,b’fhéidir go gcaitheann tú cógas nuaira bhíonn tú tinn, go n-ólann tú alcólchun cuidiú leat do scíth a ligean nó gon-ólann tú caife le cuidiú leat fanacht ido dhúiseacht.Is éard atá á phlé againn sa leabhránseo ná drugaí mídhleathacha. B’fhéidirgo mbainfeá triail as drugaímídhleathacha mar gheall ar fhiosracht,toisc go bhfuil do chairde ag gabháildóibh nó chun éalú ó leadránacht nó óbhuarthaí. B’fhéidir go gcaithfeá drugaíáirithe le do mhothúcháin a athrú.B’fhéidir go gcreideann tú gur rudspraíúil nó faiseanta é.

Cén fáth ambíonn daoineag úsáid drugaí?

1512 - HSE_Drugs_DL_Gaeilge.qxd 26/05/2008 10:27 Page 4

Page 5: Bíodh na fíricí ar dhrugaí ar eolas agat · dhíth air/uirthi: • Gabh i dteagmháil leis an dochtúir áitiúil agat – liostaithe faoi General Practitioner (GP) sa leabhar

B’fhéidir go leanfá ar aghaidh le húsáiddruga toisc go mbaineann tú sult as, nó assiocair gur cuid den saol sóisialta nó denchultúr é. Tugtar úsáid drugaí ‘ar bhonncaithimh aimsire’ air seo go minic.In amanna, d’fhéadfadh úsáid drugaí bheithina cuid thábhachtach de do shaol.D’fhéadfadh sé sin bheith amhlaidh margheall ar fhadhbanna mothúchánacha,síceolaíocha nó sóisialta atá agat. D’fhéadfaígo mbeadh andúil nó spleáchas agat marthoradh ar dhrugaí áirithe, i gcás gogcailleann tú smacht ar úsáid an druga agusgo mbraitheann tú nach féidir leat feidhmiúgan é.Úsáideann daoine áirithe níos mó ná cineálamháin druga ag an aon am – tugtar ‘úsáidpoladruga’ air seo. D’fhéadfaí go mbeadhmeascadh drugaí contúirteach toisc gombíonn na hiarmhairtí agus na fo-iarmhairtícurtha le chéile. Cuimsítear air seo meascadhdrugaí mídhleathacha le drugaí dleathachadála alcól nó cógais. Mar shampla, má ólanntú alcól le cóicín bíonn níos mó riosca ann gombeidh rithimí neamhrialta croí, taomannacroí agus an bás féin i ndán duit.

?

1512 - HSE_Drugs_DL_Gaeilge.qxd 26/05/2008 10:27 Page 5

Page 6: Bíodh na fíricí ar dhrugaí ar eolas agat · dhíth air/uirthi: • Gabh i dteagmháil leis an dochtúir áitiúil agat – liostaithe faoi General Practitioner (GP) sa leabhar

Ní bhíonn aon réitigh éasca ar nafadhbanna a bhíonn mar thoradh arúsáid drugaí, ach d’fhéadfadh eolas arna fíricí cabhrú leat dul i ngleic le ceistna ndrugaí.Miotas “Is druga andúile é gach druga”Fíric Is féidir le roinnt drugaí andúil nó spleáchas achothú níos gasta ná mar a chothaíonn drugaí eile. Nílaon fhianaise ann go mbíonn daoine ‘gafa’ le druga indiaidh dóibh é a úsáid uair nó dhó, nó go mbeidhandúil sa druga sin ag gach duine a bhaineann triailas. D’fhéadfaí go mbeadh fadhbanna tromchúiseachaag duine fiú mura n-úsáidtear an druga ach uairamháin féin. Bíonn andúil ag brath ar cad é an druga,cé atá i gceist, cad chuige, cá háit agus cén dóigh an-úsáidtear drugaí.

Miotas “Ní bhíonn fadhb ach ag andúiligh drugaí”Fíric Ní hé andúil nó spleáchas an t-aon fhadhb arbiad na drugaí is cúis léi. Bíonn fadhbanna ag roinntdaoine ar chéad úsáid an druga, nó d’fhéadfaífadhbanna a eascairt de réir mar a mhéadaíonnminicíocht úsáid an druga. Is féidir go mbeidhiarmhairt ag na drugaí ar fholláine an choirp agus arshláinte mheabhrach, ar shaol teaghlaigh, ar chaidrimhagus ar obair nó staidéar. D’fhéadfaí go mbeadhdaoine i dtrioblóid le húdaráis an dlí nó go mbeadhdeacrachtaí airgid mar gheall ar úsáid drugaímídhleathacha.

Miotas “Bíonn an dochar céanna ag baint le gachdruga mídhleathach”Fíric Déanann drugaí éagsúla dochar duit ar bhealaíéagsúla. Maidir le drugaí áirithe, amhail hearóin,meastar iad a bheith níos contúirtí de thairbhe gobhfuil níos mó riosca d’andúil agus de ródháileog agbaint leo, nó de thairbhe go n-instealltar iad. Bíonn ariosca féin ag gach cineál druga áfach.

Bíodh na fíricíar dhrugaí areolas agat

1512 - HSE_Drugs_DL_Gaeilge.qxd 26/05/2008 11:28 Page 6

Page 7: Bíodh na fíricí ar dhrugaí ar eolas agat · dhíth air/uirthi: • Gabh i dteagmháil leis an dochtúir áitiúil agat – liostaithe faoi General Practitioner (GP) sa leabhar

Déantar cur síos ar dhrugaí go minic mar dhrugaí‘crua’ nó ‘boga’ ach níl sé chomh simplí sin.

Miotas “Is duine taghdach é mo dhéagóir agus tásé ag cailleadh suime i gcúrsaí scoile – caithfidh gobhfuil sé/sí ag caitheamh drugaí”Fíric Is minic a bhíonn tuismitheoirí ag iarraidh fáilamach faoin dóigh ar féidir fios a bheith acu arb é abhfuil a bpáiste ag úsáid drugaí. Is cóir a bheithcúramach faoi liostaí comharthaí agus airíonna.Maidir le cuid mhór de na comharthaí féideartha,amhail athruithe tobanna sa ghiúmar nó cailliúintsuime i gcaithimh aimsire nó i staidéar, bíonn siadmar chuid de ghnáth-iompar déagóirí. Is fearrlabhairt leo sula mbaineann tú barúil as. Máfhaigheann tú go bhfuil do pháiste ag caitheamhdrugaí, ná bíodh scaoll ort. Iarr sonraí ar an úsáid abhaineann siad as an druga – cad é an druga achaith sé/sí, cá fhad atá an druga á chaitheamh acuagus cad chuige. Má labhraíonn tú le gairmí oilte isféidir go mbeidh sé ina chuidiú agat cinneadh ar anrud a dhéanfaidh tú. Is féidir leat cuidiú le dopháiste dearcadh ciallmhar a fhorbairt i leith drugaí,trí dhearcadh ciallmhar a léiriú i leith d’úsáid drugaíféin – go háirithe drugaí dleathacha amhail alcólagus cógais.

Miotas “Cuireann mangairí drugaí cathú ar dhaoineóga triail a bhaint as drugaí”Fíric Cuireann cara nó duine aithnide drugaímídhleathacha os comhair bhunús na ndaoine óga.In a lán cásanna déantar drugaí a ‘tharraingt’seachas iad a ‘bhrú’ – iarrann an duine féin é, debharr fiosrachta go minic.

1512 - HSE_Drugs_DL_Gaeilge.qxd 26/05/2008 10:27 Page 7

Page 8: Bíodh na fíricí ar dhrugaí ar eolas agat · dhíth air/uirthi: • Gabh i dteagmháil leis an dochtúir áitiúil agat – liostaithe faoi General Practitioner (GP) sa leabhar

D’fhéadfaí go mbeadh sé deacair labhairt faoidhrugaí agus úsáid drugaí. B’fhéidir nachbhfuil tú compordach ag labhairt faoi dhrugaímar nach bhfuil go leor ar eolas agat ar anábhar. B’fhéidir nach bhfuil muinín agat gobhfuil sé ar do chumas labhairt leis an duineeile agus dul i bhfeidhm air/uirthi. Ní gá duit éseo a dhéanamh leat féin, is féidir leat níosmó eolais agus tacaíochta a fháil.

Má tá duine aithnide duit ag caitheamhdrugaí nó má cheapann tú an duine sin abheith ag caitheamh drugaí:• Éist leis/léi – tá sé tábhachtach go

mbíonn tuiscint agus meas agat ar ac(h)uid mothúchán;

• Coinnigh bealaí cumarsáide oscailte;agus

• Lorg níos mó eolais sula ndéanann tú rudar bith.

Cén áit ar féidir liom níos mó eolaisagus tacaíochta a fháil?Tá foireann oilte ar oideachas drugaí agFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (HSE) ido cheantar. Cuireann siad seirbhísícomhairleoireachta agus cóireála ar fáil fosta.Cuireann roinnt gníomhaireachtaí deonachaoideachas, comhairleoireacht agus cóireáil arfáil ar fud na tire freisin.

Le heolas a fháil ar na seirbhísí áitiúla:Saorghlao: Líne chabhrach do dhrugaí1800 459 459 (Luan – Aoine, 9r.n. go 5i.n.)an Gréasán: www.drugs.ieCuir téacsteachtaireacht: Drugs chuig 51900

Bíonn sé go maitha bheith ag labhairt..agus a bheith agéisteacht!

1512 - HSE_Drugs_DL_Gaeilge.qxd 26/05/2008 10:27 Page 8

Page 9: Bíodh na fíricí ar dhrugaí ar eolas agat · dhíth air/uirthi: • Gabh i dteagmháil leis an dochtúir áitiúil agat – liostaithe faoi General Practitioner (GP) sa leabhar

Má bhíonn cabhair láithreach de dhíthortsa ná ar dhuine aithnide duit:Má thagann tú ar dhuine atá spadánta nóneamhaireachtálach:• Fan go suaimhneach.• Cuir scairt ar na seirbhísí éigeandála ar

999 nó 112.• Déan cinnte go bhfuil a (h)aerphasáiste

glan.• Tiontaigh ar a t(h)aobh é/í agus ná fág

leis/léi féin é/í. Tabhair aire agus é/í athiontú agat ionas nach mbíonn teagmháilagat le snáthaidí nó le rudaí géara.

• Tabhair aon phúdair, táibléid nó aon rudeile a bhíonn in aice leis/léi d’fhoireann anotharchairr.

Má cheapann tú drugaí a bheithcaite ag duine éigin agus cabhair dedhíth air/uirthi:• Gabh i dteagmháil leis an dochtúir áitiúil

agat – liostaithe faoi General Practitioner(GP) sa leabhar fóin.

• Gabh chuig nó cuir scairt ar RannógÉigeandála (A&E) an ospidéil is gaire duit.

• Cuir scairt ar na seirbhísí éigeandála ar999 nó 112.

1512 - HSE_Drugs_DL_Gaeilge.qxd 26/05/2008 10:27 Page 9

Page 10: Bíodh na fíricí ar dhrugaí ar eolas agat · dhíth air/uirthi: • Gabh i dteagmháil leis an dochtúir áitiúil agat – liostaithe faoi General Practitioner (GP) sa leabhar

Tá cúig phríomhchineál drugaí a fhéadfaidhgiúmar agus iompar an duine a athrú. Tá anchuid is mó de na drugaí seo cuimsithe faoidhlí ar a dtugtar an tAcht um Mí-úsáidDrugaí. Tugtar ‘drugaí rialaithe’ orthu agustá siad liostaithe faoi ghrúpaí éagsúla, ar adtugtar sceidil.

Sna sceidil, cuirtear drugaí i ngrúpaí de réira úsáidí is atá an druga agus de réir a bhfuilde dhíth lena n-úsáid a rialú. Mar shampla,cuimsíonn sceideal a haon drugaí nach bhfuilaon úsáid leighis acu – drugaí mar LSD agus‘drugaí dearthóra’ mar an eacstais.

Tá an córas seo difriúil ón chóras sa RíochtAontaithe áit a gcuirtear drugaí i ngrúpaíbunaithe ar aicmí (A, B, C) de réir mar athéann an dlí i ngleic leo.

Na rudaí nach móra bheith ar eolasagat faoi dhrugaí

1512 - HSE_Drugs_DL_Gaeilge.qxd 26/05/2008 10:27 Page 10

Page 11: Bíodh na fíricí ar dhrugaí ar eolas agat · dhíth air/uirthi: • Gabh i dteagmháil leis an dochtúir áitiúil agat – liostaithe faoi General Practitioner (GP) sa leabhar

• Dúlagráin - amhail alcól, is féidir iad aúsáid leis an intinn a shuaimhniú, lefaoiseamh a thabhairt ón imní agusd’fhéadfaí go mbeadh codlatacht marthoradh orthu.

• Támhacháin agus mionsuaimhneasáinlena n-áirítear na drugaí beinsidé-asaipín,amhail Valium. Ordaítear na drugaí seogo minic le daoine a chur ar a suaimhneasnó le cuidiú leo codladh san oíche. Bíonnna hiarmhairtí ginearálta céanna acu abhíonn ag dúlagráin ach éiríonn andúilmar gheall orthu ar bhealach eile.

• Codlaidínigh - tugtar anailgéisighthámhshuanacha orthu fosta, ispianmhúcháin láidre iad a thugannmothúcháin eofóiria (sonas) aguscodlatachta. Áirítear ar na codlaidínighmoirfín, hearóin agus meatadón.

• Spreagthaigh - mothaíonn daoine níosbríomhaire, níos airdeallaí, níos fuinniúlaagus níos muiníní leis na drugaí seo.Áirítear ar dhrugaí spreagthacha cóicínagus amfataimíní.

• Siabhraiginí - bíonn físeanna aisteachaagus diana mar iarmhairt ar na drugaí seoar a dtugtar siabhránacht. Áirítear ar nadrugaí seo LSD (aigéad) agus beacáindraíochta.

In amanna tugtar ‘ísleoga’ ar dhúlagráin agusar thámhacháin agus tugtar ‘ardóga’ ardhrugaí spreagthacha. Tá a lán drugaí annnach mbaineann le cineál amháin drugaí.Mar shampla, d’fhéadfaí iarmhairtí dúlagráina bheith ag cannabas mar aon lena bheithina chúis eofóiria agus bíonn iarmhairtíspreagthaigh agus siabhránachta araon ag aneacstais.

1512 - HSE_Drugs_DL_Gaeilge.qxd 26/05/2008 10:27 Page 11

Page 12: Bíodh na fíricí ar dhrugaí ar eolas agat · dhíth air/uirthi: • Gabh i dteagmháil leis an dochtúir áitiúil agat – liostaithe faoi General Practitioner (GP) sa leabhar

Is planda nádúrtha é an cannabas agus úsáidtear é i dtríphríomhfhoirm. Tugtar roisín ar an chineál is coitianta, abhíonn i gcruth cnaip nó bloic dhorcha. Ní bhíonnduilleoga agus gais an phlanda chomh coitianta céanna, ara dtugtar grass nó weed. Is annamh a bhíonn an tríúcineál, ola cannabais, le feiceáil in Éirinn.Rolltar cannabas le tobac de ghnáth i joint nó i spliff aguscaitear é, ach is féidir é a chócaráil fosta agus é a ithe.

Iarmhairtí – Nuair a bhíonn daoine stoned le cannabas,mothaíonn siad ar a suaimhneas, agus bíonn siad cainteachagus sona. Ceapann daoine áirithe go dtagann moill ar anam agus deir siad go mbíonn níos mó tuisceana acu ardhathanna, ar fhuaimeanna agus ar bhlasanna. D’fhéadfaíaimirní láidre a fháil, rud ar a dtugtar na ‘munchies’.

Fo-iarmhairtí – D’fhéadfaí go mbeadh éifeacht ag anchannabas ar do chuimhne agus ar do mheabhair agusd’fhéadfaí go mbeadh tuirse ort agus easpa inspreagthaagat mar gheall air. Mura bhfuil taithí agat ar channabas nómá úsáideann tú cineál atá níos láidre ná an ceann a bhfuiltaithí agat air d’fhéadfaí go mbeadh imní, scaoll nómearbhall ort. D’fhéadfadh siabhráin nó mearaíocht bheithmar iarmhairt.

Rioscaí – Measann a lán daoine cannabas a bheithmeasartha sábháilte. Léiríonn taighde áfach go bhféadfadhsé bheith deacair ar úsáideoirí fadtéarmacha an úsáid abhaineann siad as an druga a rialú agus d’fhéadfaí gombeadh andúil acu sa druga. Trí channabas a chaitheamh,méadaítear riosca an ghalair chroí agus na n-ailsí ar nósailse scamhóg, agus d’fhéadfaí go mbeadh éifeacht ar antorthúlacht fosta. I gcás daoine a bhfuil bunfhadhbannasláinte intinne acu, d’fhéadfaí go músclódh úsáid cannabaisan scitsifréine. In Éirinn is é an dara druga is coitianta é aaimsítear i gcoirp thiománaithe atá faoi thionchar an óil, taréis alcóil.

CannabasAr na hainmneacha béarlagair tá Hash, Blow,Shit, Dope, Grass, Weed.

1512 - HSE_Drugs_DL_Gaeilge.qxd 26/05/2008 10:27 Page 12

Page 13: Bíodh na fíricí ar dhrugaí ar eolas agat · dhíth air/uirthi: • Gabh i dteagmháil leis an dochtúir áitiúil agat – liostaithe faoi General Practitioner (GP) sa leabhar

Déantar an eacstais i saotharlanna cúlsráide i roinnttíortha san Eoraip de ghnáth. Díoltar go príomha martháibléid iad, táibléid ar a mbíonn lógónna nó dearaíéagsúla. Bíonn drugaí agus substaintí eile i dtáibléideacstaise uaireanta fosta.

Iarmhairtí – Is féidir go mothaíonn úsáideoiríeacstaise níos airdeallaí agus go bhfuil siad ag teachtleis an saol atá timpeall orthu. Mothaíonn tú go sonasuaimhneach agus bíonn mothúchán cairdis agat ileith daoine eile. Bíonn fuaimeanna, dathanna agusmothúcháin níos déine. Bíonn níos mó fuinnimh agat,rud a chuireann ar do chumas bheith ag damhsa arfeadh tréimhsí fada.

Fo-iarmhairtí – Is féidir go mbeidh ardú ar theocht nacolainne, ar bhrú fola agus ar an chroí-ráta. Ar nahiarmhairtí fisiciúla eile tá pian sna matáin, masmas,strompaíocht sa ghiall agus díoscán fiacla. Bíonnroinnt úsáideoirí ag cur allais go trom, agus bíonncreathanna agus pamparnach acu freisin. Braitheanntú díhiodráitithe agus bíonn mearbhall agus tuirse ort.

Rioscaí – Tástáiltear an chuid is mó de dhrugaídleathacha ar ainmhithe ar an chéad dul síos, ach isiad úsáideoirí eacstaise an chéad ghrúpa a dhéantartástáil orthu. Tá taighde ann cheana féin a léiríonn gombíonn cliseadh nó crash i lár na seachtaine agdaoine a bhaineann úsáid as an druga go rialta ag andeireadh seachtaine, rud a fhágann go mbíonn tuirseorthu agus dúlagar acu, ar feadh roinnt laethanta.D’fhéadfaí nach mbeadh na hiarmhairtí fadtéarmachaar eolas againn go ceann blianta ach d’fhéadfaí gombeadh roinnt úsáideoirí i mbaol fadhbanna sláinteintinne a fháil níos faide anonn sa saol. Is annamh afhaigheann daoine bás mar gheall ar an eacstais, achféadann goin teasa, taomanna croí nó taomannaplúchta a bheith mar chúis leis.

EacstaisAr na hainmneacha béarlagair tá E, Doves,Mitsubishis, Yokes, Shamrocks.

1512 - HSE_Drugs_DL_Gaeilge.qxd 26/05/2008 10:27 Page 13

Page 14: Bíodh na fíricí ar dhrugaí ar eolas agat · dhíth air/uirthi: • Gabh i dteagmháil leis an dochtúir áitiúil agat – liostaithe faoi General Practitioner (GP) sa leabhar

Déantar hearóin den mhoirfín, ar ceann de nadrugaí a tháirgtear ón chodlaidín é. Úsáidtear ítrína hinstealladh nó trína caitheamh, rud ar adtugtar chasing the dragon.

Iarmhairtí – Má instealltar hearóin bíonn flosc tapasceitimíní, agus mothúchán suaimhneachbrionglóideach ina dhiaidh. Mothaíonn tú teolaí,suaimhneach agus codlatach. Bíonn laghdú ar phian,ar fhorrántacht agus ar an mhian gnéis.

Fo-iarmhairtí – Ar na fo-iarmhairtí a bhaineann lehearóin agus na codlaidínigh eile (amhail moirfínagus meatadón) tá iatacht agus análú níos laige.Baineann an chuid is mó de chontúirtí na hearóine leró-dháileog agus le hinstealladh an druga.

Rioscaí – Is minic a bhíonn substaintí eile sa druga adhíoltar ar an tsráid, mar shampla siúcra, plúr,talcphúdar nó drugaí eile. B’fhéidir nach bhfuilcosúlacht dhíobhálach ar na substaintí seo, ach máinstealltar iad is féidir go ndéanfaidh siad docharollmhór don chorp, amhail téachtáin fhola, easpaíagus morgadh. Is féidir VEID agus heipitíteas B agusC a scaipeadh trí snáthaidí a roinnt. Is minic a bhíonnandúil sa hearóin mar thoradh ar úsáid rialta, goháirithe sa chás go n-instealltar í.

Úsáidtear meatadón mar dhruga athsholáthair chunandúil sa hearóin a chóireáil. Is leacht glas é, a ólanndaoine uair amháin in aghaidh an lae leis an dúil sahearóin a shárú. Is é an riosca is tromchúisí abhaineann le meatadón ná bás de bharrródháileoige.

HearóinAr na hainmneacha béarlagair tá Gear, Smack,Junk, H.

1512 - HSE_Drugs_DL_Gaeilge.qxd 26/05/2008 10:27 Page 14

Page 15: Bíodh na fíricí ar dhrugaí ar eolas agat · dhíth air/uirthi: • Gabh i dteagmháil leis an dochtúir áitiúil agat – liostaithe faoi General Practitioner (GP) sa leabhar

Is púdar bán é an cóicín a dhéantar de dhuilleoga anphlanda coca, a bhíonn ag fás i Meiriceá Theas denchuid is mó. Úsáidtear é de ghnáth tríd an phúdar a ion-análú aníos tríd an tsrón. Ní druga eile é ‘an cnagchóicín’ach is foirm í ar mó an andúil a bhaineann leis. Deghnáth caitear an cnagchóicín, ar a dtugtar rock, stonenó free-base. Instealltar agus itear an cóicín uaireanta.Iarmhairtí – Is spreagthach cumhachtach é an cóicín.Mothaíonn tú níos airdeallaí agus níos fuinniúla, agus níbhíonn an oiread ocrais nó tarta ort. D’fhéadfadh nahiarmhairtí seo maireachtáil a fhad le 20 nóiméad indiaidh gach úsáide. Bíonn daoine a chaitheanncnagchóicín ar na ribí ar feadh tréimhse níos giorra, achbíonn mothúcháin níos déine acu.Fo-iarmhairtí – Mar gheall ar na hiarmhairtícumhachtacha, is minic a bhíonn dúil ag úsáideoirí cóicín iníos mó de. D’fhéadfá a bheith traochta, imníoch agusfaoi dhúlagar de bharr dáileog mór, agus ionsaitheachamanna eile.Rioscaí – Má ion-análaíonn tú an cóicín, d’fhéadfá docharbuan a dhéanamh don taobh istigh den tsrón. Bíonndochar á dhéanamh don chroí agus do na scamhóga marthoradh ar úsáid cóicín, agus d’fhéadfá bás a fháil óthaomanna croí nó ó théachtáin fhola ag eascairt ódháileoga arda. Má chaitheann tú an cóicín le halcól bíonnméadú ar riosca taom croí agus báis. Má itheann tú ancóicín, féadtar dochar a dhéanamh d’fhíochán na putóige.D’fhéadfaí go mbeadh dúlagar dian i ndiaidh an duine abheith ar na ribí, agus d’fhéadfaí go ndéanfadh an duineiarracht lámh a chur ina bhás féin dá bharr. I gcás úsáid arbhonn fadtéarmach nó i gcás úsáid ragúis, d’fhéadfadh nasceitimíní a thagann leis an chóicín a bheith ina gcúis lemíshuaimhneas, le cailliúint codlata agus le cailliúintmeáchain. Bíonn síocóis pharanóideach ag roinnt daoineagus d’fhéadfaidís a bheith foréigneach. D’fhéadfaí gombeifeá ag iarraidh an druga a chaitheamh an t-am ar fad,de bharr na dúile láidre i gcóicín, go háirithe cnagchóicín,agus seans nach mbeifeá ábalta d’úsáid a rialú.

CóicínAr na hainmneacha béarlagair tá Coke,Charlie, Snow.

1512 - HSE_Drugs_DL_Gaeilge.qxd 26/05/2008 10:27 Page 15

Page 16: Bíodh na fíricí ar dhrugaí ar eolas agat · dhíth air/uirthi: • Gabh i dteagmháil leis an dochtúir áitiúil agat – liostaithe faoi General Practitioner (GP) sa leabhar

Is grúpa drugaí spreagthacha iad amfataimíní, arbhaintí úsáid as cuid acu san am atá thart martháibléid tanaithe. Is púdar bán-liath de ghnáth iad,agus díoltar i bpacáistí de pháipéar fillte iad ar adtugtar wraps. Slogtar de ghnáth iad, ach is féidiriad a instealladh nó a ion-análú aníos tríd an tsrónfosta. Is féidir cineál ar a dtugtar ice nó crystal achaitheamh.

Iarmhairtí – Bíonn na hiarmhairtí ag brath ar anbhealach a chaitear an druga. Mothaíonn tú níosairdeallaí agus níos fuinniúla de bharr miondáileogatríd an bhéal. Bíonn flosc pléisiúir ann má chaitheanntú dáileoga níos airde tríd an druga a instealladh nóa chaitheamh. Bíonn ragús ag roinnt úsáideoiríluasóige agus bíonn siad róghníomhach aguscainteach.

Fo-iarmhairtí – Mar aon le drugaí spreagthacha eile,bíonn cliseadh ag úsáideoirí i ndiaidh dóibh bheithar na ribí de bharr an druga. D’fhéadfaí go mbeadhscaoll, paranóia agus siabhránacht mar thoradh ardháileoga arda amfataimíní. I gcás úsáidfhadtéarmach, is féidir riocht ar a dtugtar ‘síocóisamfataimíní’ a fháil, le hairíonna atá cosúil leis anscitsifréine. D’fhéadfá éirí foréigneach de bharr anpharanóia má chreideann tú go bhfuil tú faoibhagairt nó faoi ghéarleanúint.

Rioscaí – D’fhéadfaí go mbeadh síocóis amfataimíníag daoine i ndiaidh dóibh éirí as úsáid an druga. Máéiríonn tú ionsaitheach nó foréigneach, d’fhéadfátrioblóid chontúirteach a tharraingt ort féin. Bíonn narioscaí a bhaineann le hinstealladh an druga mar angcéanna leis na drugaí eile, amhail an hearóin.

AmfataimíníAr na hainmneacha béarlagair tá Luasóg, Speed,Whizz, Ardóga, Uppers.

1512 - HSE_Drugs_DL_Gaeilge.qxd 26/05/2008 10:27 Page 16

Page 17: Bíodh na fíricí ar dhrugaí ar eolas agat · dhíth air/uirthi: • Gabh i dteagmháil leis an dochtúir áitiúil agat – liostaithe faoi General Practitioner (GP) sa leabhar

I measc na dtuaslagóirí tá táirgí a bhíonn sa chuid ismó de bhailte, amhail gliúnna, caolaitheoir péinte,glantóir vearnais ingní, breoslaí lastóra agusspraeanna aerasóil amhail díbholaígh. Ion-análaíteariad as ceirt nó as muinchille cóta a maothaíodh, nódíreach as buidéal. Spraeáiltear aerasóil díreachisteach sa bhéal. Bíonn mí-úsáid tuaslagóirí níoscoitianta i measc déagóirí. I gcás an chuid is mó dedhéagóirí is faisean é a imíonn i ndiaidh tamall beag,ach d’fhéadfaí go mbeadh sé freagrach as fadhbannamóra ar scoil agus sa bhaile.

Iarmhairtí – Nuair a ion-análaítear tuaslagóirí, bíonnúsáideoirí ‘ar na ribí’ nó bíonn ‘buzz’ acu, mothúchánatá cosúil le bheith ar meisce. Téann na hiarmhairtí iléig faoi cheann leathuaire de ghnáth. D’fhéadfadhcuma ólta bheith ort, le caint leata, siúl tuisleach, scig-gháire agus easpa smachta, agus d’fhéadfadh tuirsebheith ort ina dhiaidh.

Fo-iarmhairtí – D’fhéadfaí go gcuirfí isteach ar dobhreithiúnas agus d’fhéadfá éirí ionsaitheach. Bíonnsiabhránacht, urlacan agus dímheabhair coitianta fosta.Bíonn tinneas póite ann i ndiaidh úsáide de ghnáth, letinneas cinn agus deacrachtaí meabhrach.

Rioscaí – Is annamh a fhaigheann duine bás de bharrmí-úsáide tuaslagóirí ach is féidir bás a fháil archúiseanna éagsúla agus is féidir leis tarlú ar an chéadúsáid. Is mó seans go mbeidh timpistí ag daoine abhíonn faoi thionchar tuaslagóirí. D’fhéadfaí godtachtfaí nó go bplúchfaí thú fosta - leis an tuaslagóirféin a spraeáiltear isteach sna scamhóga, le d’urlacanféin nó leis na rudaí a úsáidtear chun cuidiú leat antuaslagóir a ion-análú. Bíonn cuid mhór tuaslagóirífreagrach as cliseadh croí freisin.

TuaslagóiríAr na hainmneacha béarlagair tá bolaíocht gliúagus glue sniffing

1512 - HSE_Drugs_DL_Gaeilge.qxd 26/05/2008 10:27 Page 17

Page 18: Bíodh na fíricí ar dhrugaí ar eolas agat · dhíth air/uirthi: • Gabh i dteagmháil leis an dochtúir áitiúil agat – liostaithe faoi General Practitioner (GP) sa leabhar

De ghnáth is táibléid bhídeacha iad LSD ar a dtugtar‘poncanna’ nó ‘dots’ nó ‘táib’ nó ‘tabs’, táibléid a bhíonni nó ar chearnóga beaga páipéir nó cairtchláir. Bíonnpictiúir nó lógónna ar na táib de ghnáth. Slogtar siar iad. Iarmhairtí – Is druga siabhránach é LSD. Bíonn ‘truip’ nó‘trip’ ag úsáideoirí thart ar uair i ndiaidh dóibh táb achaitheamh, agus bíonn cosúlacht dhifriúil ar antimpeallacht, agus bíonn cuma bhréagach nómhínormálta ar dhathanna, ar fhuaimeanna agus ar rudaí.D’fhéadfadh físeanna a bheith agat agus guthanna achluinstin i rith ‘truipe’, agus bíonn cuma ar rudaí gobhfuil an t-am ag moilliú nó ag luathú. D’fhéadfaí gomairfeadh iarmhairtí thart ar 12 uair. Fo-iarmhairtí – Bíonn sé deacair a mheas an cineál truipea bheidh ag úsáideoirí. I gcás drochthruipe is féidir gomothaíonn daoine scanraithe, go bhfuil siad ag cailleadhsmachta, go bhfuil siad ag dul as a meabhair nó ag fáilbháis. Is mó seans go dtarlóidh drochthruip má tá túimníoch nó má tá dúlagar ort cheana féin sula gcaitheanntú an druga. Rioscaí – D’fhéadfadh tinneas intinne bheith mariarmhairt ar dhrochthruip i gcás roinnt daoine. D’fhéadfaígo mbeadh dea-thruipeanna contúirteach fosta, marshampla má chreideann tú go bhfuil eitilt agat nó gobhfuil tú ábalta siúl ar uisce. D’fhéadfaí go mbeadhspléachtaí siar agat freisin sna seachtainí agus sna míonnai ndiaidh truipe, ina mothaíonn tú go bhfuil tú ar an truipsin arís ar feadh achar gairid. Bíonn na spléachtaí siar seoanacrach go minic.Is beacáin siabhránacha iad beacáin draíochta a bhíonnag fás go nádúrtha. Is féidir iad a ithe go hamh nócócaráilte, nó is féidir tae a dhéanamh díobh. Bíonniarmhairtí beacán draíochta comhchosúil le truip LSD atáníos míne agus níos giorra. Dála LSD, d’fhéadfaí gombeadh drochthruipeanna agat agus d’fhéadfaidís bheithscanrúil. Tá riosca ann fosta go n-íosfá beacáin nimhiúlade mheancóg, agus tú ag déanamh gur beacáindraíochta iad.

LSDAinm béarlagair Aigéad nó Acid.

1512 - HSE_Drugs_DL_Gaeilge.qxd 26/05/2008 10:27 Page 18

Page 19: Bíodh na fíricí ar dhrugaí ar eolas agat · dhíth air/uirthi: • Gabh i dteagmháil leis an dochtúir áitiúil agat – liostaithe faoi General Practitioner (GP) sa leabhar

PPooppppeerrssAr na hainmneachaceimiceacha tá nítrítaimile, nítrít bhúitile. Isceimiceáin iad poppers abhíonn i bhfoirm leachta,agus a bhíonn i mbuidéilbheaga de ghnáth.Ion-análaíonn tú an galón bhuidéal tríd an tsrón.

Iarmhairtí – Bíonn flosc lepoppers a mhaireann thartar chúig nóiméad. Titeannan brú fola agus bíonnbuille an chroí níos gasta.D’fhéadfaí mian gnéisbheith agat agus baineanntú taitneamh níos mó asceol agus as a bheith agdamhsa.

Fo-iarmhairtí – D’fhéadfaígo mbeadh masmas nómeadhrán ort, agusdímheabhair in amanna.

Rioscaí – Bíonn poppersiontach contúirteach dodhaoine a bhfuil fadhbannacroí nó anála acu.D’fhéadfadh an leacht abheith nimhiúil má shlogtarsiar é.

CCeeiitt iimmíínn

Ar na hainmneachabéarlagair tá Vitamin K,Special K, Kit-Kat.Is suaimhneasán agusainéistéiseachcumhachtach é Ceitimín aúsáidtear ar ainmhithe. Isféidir é a chaitheamh martháibléad nó is féidir é aion-análú aníos tríd antsrón mar phúdar. Bíonnsiabhránacht, iomparionsaitheach, dímheabhairagus daille shealadach mariarmhairtí air.

GGHHBB

Ar na hainmneachaceimiceacha tá ocsabáitsóidiam nógámahiodrocsaibútrát.Ar na hainmneachabéarlagair tá GBH, liquidecstasy, eacstaisleachtach.In ainneoin an ainmbéarlagair ‘eacstaisleachtach’, is ceimiceánéagsúil ar fad é GHB abhfuil iarmhairtí difriúlaaige. Is druga ainéistéiseaché a d’fhéadfadh duine afhágáil neamhaireachtálachtaobh istigh d’acharan-ghearr.

Drugaí eile a luaitearleis an saolréimdamhsa agus clubanna

1512 - HSE_Drugs_DL_Gaeilge.qxd 26/05/2008 10:27 Page 19

Page 20: Bíodh na fíricí ar dhrugaí ar eolas agat · dhíth air/uirthi: • Gabh i dteagmháil leis an dochtúir áitiúil agat – liostaithe faoi General Practitioner (GP) sa leabhar

Tá níos mó cóipeanna den leabhrán seo arfáil ó:

• do rannóg áitiúil um chothú na sláinte• Líne eolais an HSE 1850 24 1850• www.healthinfo.ie

Foilsithe ag: Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte

Dáta foilsithe: Eanáir 2008

Dáta athbhreithnithe: Eanáir 2010

Cód ordaithe: HPM00053

Bíodh na fíricíar dhrugaí ar

eolas agat

1512 - HSE_Drugs_DL_Gaeilge.qxd 26/05/2008 10:27 Page 20