41

CLÁR - Curriculum | CCEA

  • Upload
    others

  • View
    8

  • Download
    0

Embed Size (px)

Citation preview

Page 1: CLÁR - Curriculum | CCEA
Page 2: CLÁR - Curriculum | CCEA

CLÁR

2

.................................................... 3.......................................................... 3

............................................................. 5............................................................ 6

................................... 7..................................................................8

............................................ 9............................ 10

..................................... 11

......................................... 12....................... 12

....................................................... 13......................................... 13

.......................... 16.................................................. 17

...................................................... 18.. 20

............................................... 21.................................................................... 21

..................................... 22... 23

....................................... 24................... 25

............................. 26

..................................................................... 27.......................................................... 28

............... 29.............................. 30

..................................... 31......................................................... 31

...................................... 32.......................................................... 33

.................................................... 34................................ 35

............................. 36...................... 37

......................................................................... 38

CEACHT 1: CÉRBH IAD NA CEILTIGH?Cérbh iad na Ceiltigh?Éadaí na gCeilteachSeodra na gCeilteachGníomhaíocht Ealaíne: Dealga na gCeilteachCoirp Phortaigh Gníomhaíocht: Bleachtaire PortaighGníomhaíocht: Fear an Phortaigh a athdhéanamhCérbh iad na Ceiltigh? Fíor nó Bréagach

CEACHT 2: SETANTA - LEANBH NA NDÉITHEGníomhaíocht: Breith Shetanta- Pictiúir a mheaitseáilCreideamh na gCeilteachDéithe agus Bandéithe na gCeilteachQuiz ar Dhéithe agus ar Bhandéithe na gCeilteachSealgairí na gCloigne DaonnaNa Séasúir a cheiliúradhGníomhaíocht Ealaíne / TFC: Cártaí Beannachta do na Séasúir Cheilteacha

CEACHT 3: AN SAOL I DTEACH CRUINNLonnaíochtaíTaobh istigh de Theach Cruinn CeilteachTaobh istigh de Theach Cruinn Ceilteach: Aiste Bia agus Bia a chócaráilGníomhaíocht: Teach Cruinn a phleanáilGníomhaíocht: ón Teach Cruinn go dtí an Teach seo agatGníomhaíocht: Quiz ar an Saol i dTeach Cruinn

CEACHT 4: CÚ ULADHAinmhithe CumhachtaGníomhaíocht: na Laochra agus a gcuid Ainmhithe CumhachtaGníomhaíocht Ealaíne: clogad laoich a dhearadh

CEACHT 5: LAOCHRA I SOCHAÍ NA GCEILTEACHNa Laochra CeilteachaGníomhaíocht: Éadaí a chur ar an LaochSochaí na gCeilteachMná i Sochaí na gCeilteachGníomhaíocht: Quiz ar Shochaí na gCeilteach

CEACHT 6: ‘SAOL AN CHEILTIGH’ - CUR I LÁTHAIR TFCGníomhaíocht TFC: ‘Saol an Cheiltigh’ a chur i láthair

GLUAIS

Page 3: CLÁR - Curriculum | CCEA

3

CEACHT 1: CÉRBH IAD NA CEILTIGH?

LEABHAR SAOTHAIR DALTAÍ

Bhí na luathCheiltigh archeann de na treibheannaársa is ceannasaí san Eoraip.

Bhí cónaí ar na Ceiltigh i dtreibheanna aonaracha agus bhí cultúr agus teanga i gcoiteann acu.

Pobal bródúil agus onórach a bhí iontu agus bhí cáil agus clú orthu mar laochrafíochmhara.

I ndiaidh dóibh forbairt in Alpa na hEorpa láir, leathnaigh naCeiltigh a gcultúr trasna na Gearmáine agus na Fraince an laeinniu agus a fhad leis an Tuirc.

Bhain siad an Bhreatain agus Éireamach timpeall 500 RCh agus taobhistigh de chúpla céad bliain, bhícultúr na Cré-Umhaoise in Éirinnscriosta ar éigean, agus bhí cultúrna gCeilteach i réim ar fud anoileáin iomláin.

Uaireanta tugtarCEILTIGH NAHIARANNAOISE ar na luathCheiltigh.

Mhair an Iarannaois ó thimpeall 700 RCh go dtí AD 43. Tugtaran Iarannaois ar antréimhse seo mar gursin an ré nuair a thosaigh daoine arrudaí a dhéanamh asiarann, amhail céachtaífaoi choinnefeirmeoireachta, clogaid, agus boinn airgid.

Thug ceannaithe naGréige ‘KELTOI’ ar naCeiltigh nuair a bhuailsiad leo den chéad uairsa séú céad RCh.

Is dócha gur tháinig an focal ‘KELTOI’ ón fhocal Ceiltise ‘ceilt’ a chiallaíonn rúnda, ceilte, clúdaithe.

Tá an focal ar chulaithnáisiúnta na hAlban -‘kilt’ - bunaithe ar anfhocal chéanna.

Page 4: CLÁR - Curriculum | CCEA

4

LEABHAR SAOTHAIR DALTAÍ

Ba mhór an luach a chuir na Ceiltigh i gceol, i bhfilíocht agus in aithriseoireachtna seanscéalta gaisciúlachta ó bhéal.

Bhí CÚ CHULAINN, Cú Uladh, ar cheann de na laochra Gaelacha is finscéalaí, a raibh i ndán dó a bheith ar an laoch is mó ar fud na hÉireann.

Maireann an cultúr acu sa teanga, sa cheol, sna hamhráin, san ealaín, sa scéalaíocht agus sna damhsaí.

Tá 3.5 milliún duine ar a laghad a bhfuil teangaCheilteach mar an teanga dúchas acu.

Sa lá atá inniu ann, is iad seo na teangacha Ceilteacha:GAEILGE NA HÉIREANN; GAEILGE NA HALBAN; BREATNAIS (a labhraítear sa Bhreatain Bheag);BRIOTÁINIS (a labhraítear sa Bhriotáin, archósta thiar thuaidh na Fraince);GAEILGE MHANANN (ar Oileán Mhanann);AGUS COIRNIS (i gCorn na Breataine, ceann tíre thiar theas na Sasana).

Labhraítear Gaeilge na gCeilteach chomh maith i Meiriceá thuaidh ar Oileán Cape Breton, díreach ar an taobh thuaidh de Nova Scotia ar chósta thoir Cheanada.

Bhí clú ar na Ceiltigh chomh maith as anealaín LA TÈNE dá gcuid. Ó thimpeall 500 RCh, ba iad dearaí álainn, castaagus patrúin shnaidhme na gnéithe a dhealraigh antréimhse La Tène.

Page 5: CLÁR - Curriculum | CCEA

5

LEABHAR SAOTHAIR DALTAÍ

ÉADAÍ NA GCEILTEACHBa iad na 3 phíosa éadaighba ghnách leis na Ceiltigh a chaitheamh ná:

LÉINTE glún ruaimnithe agus bróidnithe le dathannageala agus crios plátáilte le hór nó le hairgead thartorthu

Briste ar a dtugadh ‘BRACAE'

CLÓCAÍ stríocacha OLLAa bhí ceangailte le DEALG.

Bhí gruaig fhada ag fir agusmná araon.

Ba mhaisiúchán tábhachtaché an torc a chaith naCeiltigh. Fáinne muiníl a rinneadh as slat mhiotail(casta in amanna) a bhí ann agus é déanta as chré-umhanó as ór, ag brath ar mhaoinan duine a bhí á chaitheamh.

Bhí dhá cheann ar an torcnach raibh ach spás beageatarthu.

Page 6: CLÁR - Curriculum | CCEA

6

LEABHAR SAOTHAIR DALTAÍ

SEODRA NA GCEILTEACH

TORC

Bhí seodra á gcaitheamh agfir agus mná araon. Chuir séan mhaoin acu in iúl.

TORCóir de chuid taisce

Brú Íochtair, (50 RCh) a fuarthas ag Brú Íochtair,

Contae Dhoire.

GABHAILÍNÍ GRUAIGE

IS CEANGALCLÓCA É SEO

Bhí rudaí deasa cosúil leis an dealgneasfháinneach seopraiticiúil le clóca a cheangal.

Page 7: CLÁR - Curriculum | CCEA

7

LEABHAR SAOTHAIR DALTAÍ

GNÍOMHAÍOCHT EALAÍNE:DEALGA NA GCEILTEACH

Ba mhór an meas a bhí ar cheardaithe agus ar shaoir i sochaí na gCeilteach. Rinne na saoir Cheilteacha seodra d’ór agus de chlocha lómhar agus bheadh claimhte agus sciatha á maisiú acu.

Tá ealaín na gCeiltigh lán de phatrúin, debhíseanna, d’ainmhithe agus de dhathanna.Cosúil leis an saol laethúil a bhí acu, bhí a gcuid ealaíne beo bríomhar.

Sa ghníomhaíocht seo beidh tú i mbun dealg Cheilteach a dhearadh. Chaith idirfhir agus mhná iad lena gclócaí a cheangalsa tsochaí Cheilteach. Sa lá atá inniu ann tá éileamh mór ar dhealga Ceilteacha agus ní chaitear iad ach amháin mar ornáidí.

An dóigh le dealg Cheilteach a dhearadh1. Roghnaigh dearadh deilge amháin thíos agus dathaigh isteach é.2. Maisigh an dearadh daite atá agat le seoda, seacainí, agus gealra

le glinniúint a chur air.3. Gearr amach do dhearadh comhlánaithe.4. Greamaigh an dearadh a ghearr tú amach ar phíosa páipéarchláir.5. Gearr amach do dhealg arís.6. Úsáid biorán dúnta leis an dealg chríochnaithe a cheangal le

do bharrchóir.

Ábhair de dhíth: Siosúr, páipéarchlár,

pinn daite, gliú,bioráin dúnta mhóra,

chomh maith le seacainí, gealra,nó seoda lena

mhaisiú.

Page 8: CLÁR - Curriculum | CCEA

8

COIRP PHORTAIGH

Is corpán portaigh tipiciúil ón Iarannaois é FEAR CHRUACHÁIN. Bhí bás uafásach aige, é ag fulaint i rith an ama. Sular cuireadh saphortach é, gearradh a chorp ina phíosaí.

Bhí Fear Chruacháin sna fichidí nuair a fuair sé bás. Léiríonn a chabhail, an t-aon chuid de a bhí fágtha, go raibh sé fíór-ard don tréimhseúd, timpeall 6 throigh agus 6 orlach ar airde.

Bhí lámh-mhaisiú den chéad scoth aige a léirigh nach raibh lá oibre déanta aige ina shaol.

Bhí aiste bia aige a bhí lán d'fheoil, ach bhí bláthach agus arbhar ina ghoile nuair a fuarthas é, bia a tugadh do dhuine mar bhéiledeireanach sula ndearnadh íobairt de do nadéithe.

Fuarthas FEAR CHLUAIN UÍ CHAOMHÁIN in inneallbainte móna, agus sin an fáth ar gearradh an chuidíochtar dá chorp de.

Bhí gruaig ar stíl Mohican aige, a coinníodh in áit leglóthach a tháinig isteach sa tír ón Fhrainc nó ónSpáinn.

Sula bhfuair sé bás bhí aiste bia lán de ghlasraí aige

Is é atá i gceist le seandálaíochtná staidéar ar dhéantáin agus arithir lena fhoghlaim faoi chultúr na ndaoine san am a chuaighthart. Is minic a aimsítear fionnachtana seandálaíochta dethimpiste, mar shampla nuair atáfeirmeoirí ag baint móna.

Cuireann easpa ocsaigine agusaigéid sa phortach cosc ar ábhairar leith a mheath, amhail leathar,adhmad, cnámh agus teicstílí agusmíníonn sé seo an fáth a bhfanannsiad i riocht fíormhaith.

Fágann an flúirse ábhar a tugadhslán ó phortaigh in Éirinn gurféidir saol na ndaoine a bhí ina gcónaí ar chaoráin nó in aice leo a imscrúdú agus scéal faoina gcuid lonnaíochtaí agusfaoina slí bheatha a chumadh.

Tá ‘coirp phortaigh’ ar chuid de na fionnachtana is mó as anghnách a aimsíodh i bportaigh.

Is dhá chorpán portaigh iad ónIarannaois a fuarthas in ÉirinnFear Chruacháin agus Fear ChluainUí Chaomháin. De ghnáth, níorchuir na Ceiltigh a gcorp sa talamh, créamadh iad de ghnáth.Cuireann sé seo in iúl dúinn goraibh bás neamhghnách, is dócha,ag na coirp phortaigh seo.

FEARCHRUACHÁIN350 - 175 RCH

FUARTHAS I GCONTAEUIBH FHAILÍ

IN 2003

FEAR CHLUAINUÍ CHAOMHÁIN

392 -201 RCH A FUARTHASI GCLUAIN UÍ CHAOMHÁIN,CONTAE NA MÍ, IN 2003

LEABHAR SAOTHAIR DALTAÍ

Page 9: CLÁR - Curriculum | CCEA

9

BLEACHTAIRE PORTAIGHCuir i gcéill gur seandálaí tú. Cad é is féidir leis na coirp phortaigh a insint dúinn faoin saol in aimsir na hIarannaoise.

Déan staidéar ar an fhianaise maidir le Fear Chruacháin agus le Fear Chluain Uí Chaomháin, ansin freagair na ceisteanna. Mínigh do fhreagraí bunaithe ar an fhianaise atá ar fáil.

FEAR CHRUACHÁIN

FEAR CHLUAIN UÍCHAOMHÁIN

Cén sórt duine abhí ionam, dar leat,tuathánach bocht nó

fear saibhir le giollaí?

Cad é a bhíneamhghnách faoi

mo bhás? Cad chuigear tharla sé,dar leat?

An dóigh leat go bhfuair mé bás sa gheimhreadh nó sa samhradh?

An raibh mé saibhir nó bocht?

LEABHAR SAOTHAIR DALTAÍ

Page 10: CLÁR - Curriculum | CCEA

FHEAR AN PHORTAIGHA ATHDHÉANAMHGNÍOMHAÍOCHTTarraing léaráid ar an chuma a bheadh ar Fhear Chluain Uí Chaomháin nó ar Fhear Chruacháin nuair a bhí siad beo.

AINM FHEAR AN PHORTAIGH:

AN DÉANAMH A BHÍ AIR (ard, beag, trom, tanaí, matánach, caol):

STÍL AGUS DATH NA GRUAIGE (fada, gairid, trilseáin, pónaí, mohican, bearrtha):

ÉADAÍ:

SEODRA/AIRM SRL. (banda cinn, coróin, torc, dealg, bráisléid nó cufaí, claíomh, sciath, sleá):

Scríobh do chuid nótaí thíos

10

Is féidir le seandálaithe buillefaoi thuairim a thabhairt ar an chuma

a bheadh ar dhuine bunaithe ar an fhianaisesna hiarsmaí a fuarthas agus ar an eolas atá acu faoi chultúr na tréimhse sin,

mar shampla an dóigh a raibh daoine gléasta.

LEABHAR SAOTHAIR DALTAÍ

Page 11: CLÁR - Curriculum | CCEA

11

CÉRBH IAD NA CEILTIGH?FÍOR NÓ BRÉAGACH?

CiorclaighAn Freagra

Ceart

LEABHAR SAOTHAIR DALTAÍ

Tháinig na chéad Cheiltigh ó Albain Fíor Bréagach

Thug ceannaithe na gréige 'Keltoi’ ar na Ceiltigh Fíor Bréagachnuair a bhuail siad leo den chéad uair.

Uaireanta tugtar Ceiltigh na cré-umhaoise Fíor Bréagachar na luathCheiltigh

Bhí clú ar na Ceiltigh mar laochra fíochmhara. Fíor Bréagach

Tréith shuntasach d’ealaín Cheilteach is iad Fíor Bréagachdearaí mionchruinne agus patrúin shnaidhme.

Labhraítear Gaeilge na gCeilteach ar oileán Fíor Bréagachatá ar an chósta thoir de Cheanada.

Ba bhráisléad miotail é an torc ar chaith na Ceiltigh Fíor Bréagachar an lámh é.

Chaith na Ceiltigh léinte de dhathanna geala Fíor Bréagachden chuid is mó.

D’úsáid na Ceiltigh ribíní lena gclócaí a cheangal Fíor Bréagach

Aimsítear a lán fionnachtana seandálaíochta de Fíor Bréagachna Ceiltigh agus réada de thimpiste.

1

2

3

4

5

6

7

8

9

10

Page 12: CLÁR - Curriculum | CCEA

12

Tiontaíodh Dechtire agus an 50 maighdeana bhí aici ina n-ealaí ag an chóisir.

EALAÍ

D’eitil sí seo isteach i gcuachDhechtire ag an chóisir in Emain Macha. Ba é an diaLugh faoi bhréagriocht i ndáiríre.

CUIL BHEALTAINE

Seo an áit a raibh pálás ag an rí, MacNeasa. Reáchtáil sé cóisir anseo dá dheirfiúr Dechtire. Ba é suí ríoga Uladh an áit seo ó 700 RCh go dtí AD500.

EMAIN MACHA

An bhean a tugadh go saol na ndéithe le leanbh speisialta a bhreith.

DECHTIRE

Leanbh na ndéithe a raibh i ndán dó a bheithcáiliúil ar fud na hÉireann .

SETANTA

PICTIÚIR A MHEAITSEÁILBREITH SHETANTA

Baineann na carachtair thíos leis an scéal ar bhreith Shetanta. Meaitseáil gach pictiúr lena chur síos is fearr trí líne a tharraingt eatarthu.

LEABHAR SAOTHAIR DALTAÍ

An fear uasal a bhí pósta ar Dhechtire.SUALTAM

Is é seo athair Shetanta a tháinig ó shaol eile.Tugadh dia an tsolais air chomh maith.

LUGH

Page 13: CLÁR - Curriculum | CCEA

CREIDEAMH NA GCEILTEACH

DÉITHE AGUS BANDÉITHE

Níor thug na Ceiltigh ársa adhradh dá ndéithe. Níor fhreastail siad ar theach an phobail. Ina áit sin, d’fhág siad ofrálacha beaga ar fud na háite. Cheangail siad bronntanais nó teachtaireachtaí áirithe dechrainn, nó chaith siad isteach i dtoibreacha nó i bhfuaráin iad, rud a tharlaíonn go fóill sa lá atá inniu ann.

Is iad seo a leanas cuid de na déithe agusna bandéithe Ceilteacha is mó cáil: DAGDA,DANÚ, DANÚ, LIR agus MANANNAN,LUGH agus AN MORRÍGHAN.

Tugadh adhradh i bhfoirm trí-aonta (i dtrí ghné) do chuid mhór de na déithe Ceilteacha. Seasann na gnéithe seo do 3 ruddhifriúla. Ba í Bríd, mar shampla, bandia na filíochta, an leighis agus cheird an ghabha. Is féidir leis anMorríghan an cruth d’fhiach dubh, de chailleach nó de mhaighdean óg a ghlacadh.

Ghlac an Chríostaíocht leis seo ina dteagasc ar anTríonóid Naofa, an tAthair, an Mac agus an SpioradNaomh. D’úsáid Naomh Pádraig píosa seamróige leis seo a mhíniú do na chéad daoine a d’iompaigh ina gCríostaithe.

13

Bhí os cionn 400 dia agus bandia ag Ceiltigh na hIarannaoise.

Chreid siad go raibh dia beag ina chónaí i ngach crann, i ngach bláth, i ngach abhainn,beagnach i ngach rud.

Bhí cuid de na déithe agus na bandéithefíorchumhachtach. Ach den chuid is mó, miondéithe nó mion-bhandéithe a bhí iontu.

Bhí na Ceiltigh ag brath ar na sagairt a bhí acu, na draoithe, lena gcoinneáil saor ó thrioblóid.

Bhí freagracht na ndeasghnáth reiligiúnach go léirar na draoithe mar ba é an draoi an t-aon duine a raibh cead aige labhairt le dia.

Chreidna Ceiltigh go raibh saoleile i ndiaidh an tsaoil seo

ag anam an duine, mar sin, nuair a fuair siad bás, cuireadh rudaí

úsáideacha amhail clogad,claíomh agus sciath

san uaigh leo.

LEABHAR SAOTHAIR DALTAÍ

Page 14: CLÁR - Curriculum | CCEA

DÉITHE AGUS BANDÉITHENA GCEILTEACH

DAGDA Ba é Dagda athair-dhia na gCeilteach. Thug siad an’dia maith’ air mar thug sé cosaint dá gcuid barr.

Bhí coire darbh ainm an ‘Undry’ aige a thug solátharbia gan teorainn agus cruit bheo darach aige darbhainm ‘Uaithne’ a thug ar na séasúir athrú ina n-ord.

14

BRÍDBa í Bríd bandia na torthúlachta. Ba í an mháthair-dhia nach raibh dia ar bitheile ar chéim níos airde ná í ach amháinan Dagda.

Is bandia trí-aonta í agus sin an fáth a bhfuil trí airí aici: banfhile, banlia agus gabha.

DANÚ Aithnítear Danú mar an chéad ollmháthair d’Éirinn,an bandia ónar saolaíodh gach rud beo.

Is bandia na talún í, atá bainteach le torthúlacht, le fás, le neart, le flúirse, le talmhaíocht, le saothrú agus le cothú na talún.

LEABHAR SAOTHAIR DALTAÍ

Page 15: CLÁR - Curriculum | CCEA

15

LUGHBa é Lugh dia an tsolais nó an fhómhair.Comóradh féile ina onóir i mí Lúnasa ar tugadhLUGHNASA uirthi. Lúnasa an mhí bheannaithe a bhí aige. Creidtear gurb eisean athair diaga Chú Chulainn.

AN MORRÍGHAN Ba bhandia na gcogadh, na beatha agus an bháis í an Morríghan. Ba ghnách léi, mar sin, í féin a thaispeáint do na laochra móra nuair a bhí siad i mbaol báis.

Casadh an Morríghan ar Chú Chulainn é féin i bhfoirmeacha éagsúla. Ba é an préachán dubh an fhoirm is so-aitheanta a bhí aici.

LIRBa é Lir athair-dhia na mara. Ba é a mhacManannan a bhí i gceannas ar na tonnta ina dhiaidh.

I ndiaidh bás a chéad mhná, phós sé Aobh a raibh na páistí clúiteacha aici ar thiontaighAoife, a n-aintín agus a leasmháthairéadmhar, ina n-ealaí iad.

TRÍ-AONTA… Ciallaíonn sé trí rud in aon rud amháin, mar atá an Morríghan agus í ina cailleach, ina maighdean agus ina préachán.

LEABHAR SAOTHAIR DALTAÍ

Page 16: CLÁR - Curriculum | CCEA

16

DAGDA DANÚ BRÍD

LUGH LIR AN MORRÍGHAN

QUIZ AR DHÉITHE AGUSAR BHANDÉITHE NA GCEILTEACH

Anseo thíos tá liosta eochairfhocal aguseochairfhrásaí a bhaineann le cuid de na déithe agus na bandéithe Ceilteacha is mó cáil.

Scríobh na heochairfhocail faoin mheaitseáil is fearr.

COGADH, BEATHA AGUS BÁS

ATHAIR-DHIA NA DTONNTA

FÉILE LUGHNASA

DIA AN TSOLAIS AGUS AN FHÓMHAIR

CONTÚIRT

MÁTHAIR-BHANDIA

BANDIA TORTHÚLACHTA

DIA NA MARA

A BHREITH GACH UILE RUD

ATHAIR-DHIA

MÁTHAIR NA HÉIREANN COSANTÓIR BARR

LEABHAR SAOTHAIR DALTAÍ

Page 17: CLÁR - Curriculum | CCEA

17

“Go díreach ar an dóigh chéanna a ndearna sealgairí le blaoscanna na n-ainmhithe a mharaigh siad, leasaigh siad cinn a n-íospartach is airde céim in ola céadrais, aguschoinnigh siad go cúramach i mboscaí adhmaid iad.”Le DIODORUS, staraí na Róimhe.

SEALGAIRÍ NA GCLOIGNE DAONNA

De réir staraithe naRóimhe, ghearr na Ceiltigh na cinn dá sinsear,agus fiú dá naimhde, agus d’adhair siad nablaoscanna. Chroch siad na cinn os cionn doirse a mbothán.

Rinne na Ceiltigh a lán dealbh de chinn daoine i gcloch nó in adhmad.

Chreid siad go raibh cónaí ar an anam taobh istighden cheann. Fuair tú draíocht fíorchumhachtach as anam duine a ghabháil, dar leo, agus seo an fáthar bhailigh siad cloigne a naimhde a mharaigh siad i gcathanna.

LEABHAR SAOTHAIR DALTAÍ

Page 18: CLÁR - Curriculum | CCEA

NA SÉASÚIR A CHEILIÚRADH

18

Rinne na Ceiltigh athrú na séasúr a cheiliúiradh le féilte móra a mhaireann i bhfoirmeacha éagsúla go dtí an lá atá inniu ann.

SAMHAINThosaigh an bhliain Cheilteach leSamhain, féile a ceiliúradh thartar 31ú Deireadh Fómhair.

Am a bhí ann nuair a measadh goraibh an chaille idir an saol seoagus an saol eile chomh tanaí singur féidir leis na mairbh teacht ar ais le hiad féin a théamh ag teallaigh na mbeo, agus bhí cuid de na beo - go háirithe na filí -ábalta dul isteach sa saol eile trídhoirse an lucht sí, mar shampla an ceann ar chnoc na Teamhrach in Éirinn.

Is ón tSamhain a shíolraigh an ceiliúradh a bhíonn againn ar oícheShamhna sna laethanta seo, agusmíniú amháin atá leis na laindéirthraidisiúnta phuimcín is ea gurchuir na Ceiltigh blaosc ár sinsear taobh amuigh dá ndoirsesan am seo.

Ghlac na Críostaithe an fhéileCheilteach seo agus thiontaigh siad í go Lá na Naomh. Fiú an ceiliúradh Sasanach de chuid láGuy Fawkes a bhfuil macallad’fhéile ársa na dtinte aige.

IMBOLCTharla sé ag am breithe uan, timpeall31ú Eanáir, agus ba é tús an chuiddeiridh den gheimhreadh a bhí á cheiliúradh ag Imbolc (nó Oimelc).

Rugadh uain úra, agus itheadh béile a bhí déanta dá eireabaill ghearrtha.

Bhuail mná lena chéile le filleadh ghnémaighdine an bhandia a cheiliúradh.Lean seo ar aghaidh go dtí ré naCríostaíochta mar lá fhéile Bríde: ba leagan críostaí í an naomh denbhandia págánach ab iníon Dhagda í.

LEABHAR SAOTHAIR DALTAÍ

Page 19: CLÁR - Curriculum | CCEA

19

BELTAINFéile tinte eile is ea Beltain, a ceiliúradh thart ar an 1ú Bealtaine, ach de bhrí go raibhbaint ag Samhain le bheith ag dul isteachfaoin talamh nó ag tarraing siar, phléascBeltain amach le flúirse torthúlachta.

Scaoileadh na heallaigh ó cheathrúna an gheimhridh agus seoladh idir dhá thine iad i searmanas deasghnách glantacháin a raibh feidhmeanna praiticiúla aige chomh maith.

Ba thréimhse é le haghaidh féastaí agus aontaí. Mar a luadh thuas, i gcás na bhfiann, le teacht féile Beltain cuireadh tús leis an ‘séasúr troda’.

LUGHNASABa fhéile samhraidh í Lughnasa a mhair a fhad le coicís gach taobh den lá é féin, a bhí i dtrátha 31ú Iúil.

Dúradh gur thug an dia Lugh an fhéile go hÉireann, agus mar sin bhí sé beannaithe don dia seo. Chonacthas do na Rómhánaigh go raibh Lugh cosúillena ndia Mearcair. Ar scor ar bith, bhí baint ag an dá dhia le scileanna, agus ceiliúradh an fhéile seo le comórtais scileanna, ina raibh marcaíocht capall san áireamh.

Bhí trádáil capall ann fosta; b’fhéidirgurb é seo an fáth a bhfuil an fhéilebainteach leis an bhandia torthúlachta,Macha, a fuair bás agus í ag breithlinbh i ndiaidh iachall a chur uirthi rith i gcomórtas in éadan chapaill an rí. In Éirinn bhí baint ag an fhéile le hEmain Macha, i gCúige Uladh, ach cuireadh ar siúl in áiteanna éagsúla í, a raibh dún ríoga naTeamhrach san áireamh ann.

LEABHAR SAOTHAIR DALTAÍ

Page 20: CLÁR - Curriculum | CCEA

20

CÁRTAÍ BEANNACHTA AN TSÉASÚIR DE CHUIDNA GCEILTEACH

Is é an tasc atá agat cárta beannachta an tséasúir a dhearadh a bhaineann le ceann amháin de na féilte Ceilteachaseo a leanas: SAMHAIN, IMBOLC, BELTAIN, nó LUGHNASA.

Is féidir an cárta a tharraingt nó é a chruthú ar ríomhaire ag úsáid bogearraí péinte, Microsoft Word nó bogearraí Comic Life.

Má tá tú ag úsáid an ríomhaire, tig leat pictiúir ón idirlíon a íoslódáil le húsáid ar do chárta, nó do phictiúir féin a tharraingt agus bogearraí péinte in úsáid agat.

Is féidir an cárta críochnaithe a phriontáil agus a ghreamú ar phíosa páipéarchláir dhaite atá fillte.

Cén séasúr a roghnaigh tú?

Cad iad na cineálacha pictiúr a sheasfadh don séasúr seo?

Cad é a scríobhfaidh tú ar an chárta?

An tionscadal a phleanáil...

ÚSÁID LITREOIREACHT CHEILTEACH AGUS OBAIR SHNAIDHME LEIS AN CHÁRTA ADHÉANAMH NÍOS BARÁNTÚLA.

SAMHAINSHONA DUIT

SAMHAINSHONA DUIT

LEABHAR SAOTHAIR DALTAÍ

Page 21: CLÁR - Curriculum | CCEA

21

LONNAÍOCHTAÍRoimh theacht na gCeilteach níraibh cathracha nó bailte móra in Éirinn.

Bhí an tír, den chuid is mó, ina foraois, ina móinéar agus ina féarach. Bhí foraoisí lán de ghéim leis na sealgairí Ceilteacha a choinneáil sásta agus dea-chothaithe. Bhí fianna rua, mic tíre agus toirc coitianta.

Bhí na daoine ina gcónaí i mbotháin chruinne chrubóige a raibh díon cónúil tuí orthu.Dá mhéad bothán a bhí agclann is amhlaidh is saibhre a bhí siad.

Tógadh dúnta ar mhullóga ard cré. In amanna tógadhclaí thart ar bhothán marchosaint ar ionróirí.

Tháinig teaghlaigh le chéile i lonnaíochtaí aonaracha, inaraibh botháin de ghnáth.

Is dócha go raibhna botháin dorchaagus deatúil ar an

taobh istigh.

D’fhás na Ceiltigh bairr snacuibhrinn agus thóg siadmuca, caoirigh agus eallach.

LEABHAR SAOTHAIR DALTAÍ

Page 22: CLÁR - Curriculum | CCEA

22

Tógadh teach cruinn thart ar chuaille lárnach. Bhí cuaillí eile ag teacht amach uaidh sin i gciorcal le díon a dhéanamh. Thacaigh cuaillí ceartingearach an díon. D’úsáid siad ábhair ón fhoraois lena gcuid tithe a thógáil. Rinneadh na ballaí as caolach (maidí adhmaid fite) agus dóib (cochán agus clábar) agus bhí ceann tuí ar an díon.

TAOBH ISTIGH DE THEACHCRUINN CEILTEACH

Chónaigh na Ceiltigh i dtithe cruinne a bhí suite i lár an tsráidbhaile. Bhí cónaí ar a lán teaghlach in aon teach cruinn amháin ina raibh seomra mór amháin. Bhí doras an tí maisithe le snoíodóireacht speisialta agus le plandaí le cosc achur ar spioraid an oilc teacht isteach.

Bhíodh COIRE ar crochadh os cionn na tine ar thrípéad le slabhra inchoigeartaithe. De ghnáth bhí na coirí déanta as cré-umha, ach bheadh coirí iarainn ag na Ceiltigh is saibhre. Bhí bia á chócaráil an chuid is mó den am mar bhí an nós ann bia a thabhairt do chuairteoirí a luaithe agus a tháinig siad isteach.

Bhí bua den scoth ag na Ceiltigh san FHÍODÓIREACHT,rud a rinne siad ar sheol fíodóireachta. Ba mhinic a bhídathanna geala agus patrúin ar na dearaí seo acu.

Bhí TINE curtha síos i gcónaí sa teach Ceilteach le fáiltea chur roimh dhaoine. Théigh an tine an teach agus bhí síin úsáid le bia a chócaráil. Tógadh vása cré isteach i láran urláir le timpistí a sheachaint agus le cosc a chur aran luaith á scaipeadh. D’fhan an tine lasta lá agus oíche mar measadh gur ábhar náire é gan tine a bheith thíos.Go minic shuigh na Ceiltigh thart ar an tine le chéileoícheanta dorcha ag éisteacht le scéalta.

Saoir den scoth a bhí sna Ceiltigh a shnoigh maisiúcháinealaíonta ar a DTROSCÁN. Bhí binsí ann chomh maith abhí in úsáid mar leapacha thart ar na ballaí taobh istighde na botháin. Bhí na tochtanna líonta le féar tirim aguscleití agus clúdaithe le craicne caorach. Bhí stólta, táblaíísle agus cófraí a rinneadh as adhmad agus leathar ar antroscán eile. Ba chosúil go raibh craicne caorach, craicnebó agus craicne fia in úsáid leis an urlár a chlúdach.

LEABHAR SAOTHAIR DALTAÍ

Page 23: CLÁR - Curriculum | CCEA

23

Bhruith na Ceiltigh an fheoil sa choire nó róst siad í os cionn gualaigh, amanna ar BHIORANNA. Leasaigh siad feoil agus iasc i salann don gheimhreadh.Béile a raibh éileamh mór air ná bradán a bhí bácáiltele mil agus luibheanna.

AISTE BIA AGUS BIA A CHÓCARÁILBhí na Ceiltigh i ngrá le bia agus bhí dúil mhór acu i bhféastaí. D’ith siad muiceoil,mairteoil, géim, éisc, cáis, gruthanna, bainne, im, agus brachán. Bhailigh siad cnónnaagus síolta agus d’fhás siad a nglasraí féin. D’ith na Ceiltigh Éireannacha feamainnamhail carraigín.

Bhailigh siad bia i GCISEÁIN SAILÍ. Le ciseáin adhéanamh, d’fhigh siad saileach nua-bhainte isteach i gcruthanna casta sular fhág siad iad le triomú.

D’úsáid siad PRÓCAÍ CRÉ le bia a stóráil. Choinnigh cuid acu an luaithreach créamtha dá gcuid daoinemuinteartha.

Bhí BRÓ déanta as dhá chloch chruinne throma agusúsáideadh í le harbhar nó le cruithneacht a mheilt inaphlúr. Ansin, d’úsáid siad an plúr le harán a dhéanamhsan oigheann.

Ba mhaith leis na Ceiltigh LEANN agus FÍON a ól.D’ól siad fíon meala darb ainm MEÁ a rinneadh as milagus uisce agus ina raibh blastanais ó luibheannafiáine agus torthaí. Rinne siad an leann as eorna, ach corruair úsáideadh seagal nó coirce.

Rinneadh CUPÁIN agus BABHLAÍ as dair agus asadhmaid mhíne eile. D’úsáid siad coirn óil le leann a ólmar choinnigh siad a lán leachta. Rinneadh na coirn óilas adharca eallaigh i ndiaidh iad a mharú. Ba ghnáthleo na coirn a ghlanadh agus a líomhadh sular mhaisighsiad iad le gléasadh miotail. Ba mhinic a adhlacadhcorn óil leis an duine ar leis é.

Bhí na tithe cruinne ar fheabhas le luibheanna a thriomú agus bia a leasú. D’úsáid siadluibheanna le bia a bhlaistiú agus i gcógais leighis. Chuir siad feoil agus éisc ar crochadh ó dhíon an tí, áit a mbíodh siad á leasú agus á mblaistiú ón teas agus ón toit.

LEABHAR SAOTHAIR DALTAÍ

Page 24: CLÁR - Curriculum | CCEA

TEACH CRUINN A PHLEANÁIL

Bunaithe ar an méid atá foghlamtha agat faoin saol i dteach cruinn, tarraing plean urláir de ghnáth-theach cruinn Ceilteach agus na rudaí a bheadh istigh ann.

Ar na rudaí a thiocfadh leat a chur sa léaráid tá:cuaille lárnach, doras tosaigh, plandaí, tine, binsí,oigheann, coire, craicne ainmhithe, luibheanna arcrochadh, stólta, táblaí, cófraí, bró, cupáin,cuaille lárnach babhlaí, coirn óil, feoil agus éisc ar crochadh, seol fíodóireachta, prócaí cré,ciseáin bia, daoine.

Smaoinigh ar na hábhair a d’úsáid siad le rudaíáirithe a dhéanamh agus na dathanna a roghnúagat.

24

LEABHAR SAOTHAIR DALTAÍ

Page 25: CLÁR - Curriculum | CCEA

25

Ó THEACH CRUINN... GO DTÍ DO THEACH FÉIN

Déan comparáid idir an saol i dteach cruinn Ceilteach fadóagus an saol i do theach sa lá atá inniu ann.

An dóigh ar tógadh an teach

.............................................Troscán

.............................................Cócaireacht agus bia

.............................................Teas

.............................................Siamsaíocht

AN TEACH CRUINN

An dóigh ar tógadh an teach

.............................................Troscán

.............................................Cócaireacht agus bia

.............................................Teas

.............................................Siamsaíocht

MO THEACH

Tarraing pictiúir de do theach anseo...

LEABHAR SAOTHAIR DALTAÍ

Page 26: CLÁR - Curriculum | CCEA

26

QUIZ AR ‘AN SAOL I DTEACH CRUINN’

SAOIR TEACH CRUINN SAILEACH

CAOLACH AGUS DÓIB FÉASTAÍ LUIBHEANNA

BRÓ COIRE SEOL FÍODÓIREACHTA

PRÓCAÍ CRÉ TINE DÚNTA

SNOÍODÓIREACHT COIRN ÓIL MEÁ

Líon na bearnaí leis an fhreagra cheart.

Chónaigh roinnt Ceiltigh istigh i ……………, a tógadh ar mhullóga ard cré le díoga thartorthu lena gcosaint ar ionróirí.

Go minic, bhí cónaí ar a lán teaghlach in aon ………….. …………… amháin, ina raibhseomra mór amháin.

Rinneadh ballaí a dtithe le …………. …… …….., nó le hadhmad fite, cochán agus clábar.

D’úsáid na Ceiltigh ……………… ………….. le héadach a fhí ina phatrúin gheala dhaite.

D’úsáid na Ceiltigh ……………… lena gcuid bia a chócaráilagus chuir siad é seo arcrochadh os cionn na tine.

Le ciseáin a dhéanamh, d’fhigh siad ……………. nua-bhainte isteach i gcruthanna sularfhág siad iad le triomú.

D’úsáid siad ………………… …………. go minic le leann a ól mar thiocfadh leo seo a lánleachta a choinneáil.

D’úsáid siad …………….. le bia a bhlaistiú agus i gcógais leighis.

………………… den scoth a bhí sna Ceiltigh a shnoigh maisiúcháin ealaíonta ar a dtroscán.

Bhí dúil mhór ag na Ceiltigh sna ……………., áit ar itheadh siad feolta rósta agus aróladh siad leann.

Bhí dúil mhór acu a bheith ina suí thart ar an ………….. Ar tráthnóna ag éisteacht lescéalta.

Bhí …………….. déanta as dhá chloch chruinne throma agus úsáideadh í le harbhar nóle cruithneacht a mheilt.

D’úsáid siad ............... ............ le bia a stóráil. Choinnigh cuid acu an luaithreach créamtha dá gcuid daoine muinteartha.

Go minic bhí doras an tí chruinn maisithe le …………… speisialta le cosc a chur ar spioraid an oilc teacht isteach.

Ba mhaith leis na Ceiltigh ............ a ól, a rinneadh as mil, uisce, torthaí agusluibheanna.

1

2

3

4

5

6

7

8

9

10

11

12

13

14

15

LEABHAR SAOTHAIR DALTAÍ

Page 27: CLÁR - Curriculum | CCEA

27

AINMHITHE CUMHACHTA

Seasann an FÉILEACÁN do chlaochlú, d’inspioráid agus don athbhreith.

Thiocfadh leis an fhéileacán a bheith ina chuidiú ag amanna atá rudaí ag athrú. D’fhuaigh siad iad isteach i ngúnaí breithe agus i mblaincéid le fáilte a chur roimh leanaí úra isteach sa sráidbhaile.

Seasann MADADH do dhílseacht agus é a bheith inachara dílis. Sa sráidbhaile, chuir madadh ádh mór in iúl. D’úsáid siad iad sa tseilg mar sin ba mhór an t-éileamh a bhí orthu agus an meas a tugadh dóibh.

Cuireann an TARBH toil láidir agus ceanndánacht in iúl,uaidh sin faighimid an téarma Béarla 'bull-headed'. Bhí an tarbh ina shiombail ar shaibhreas agus ar rachmas, mar b’fhoinse mhór bia é do na Ceiltigh.

De réir na gCeilteach, ba é an FIA an t-ainmhí is ársaar an saol. Tá baint aige leis an nádúr, le seilg, le coillearnach agus leis an fhlúirse. Bhí baint ag na beanna go minic le crainn agus le cur agus le baint na ngráinní. Is minic a fheictear carria bán sna miotais Cheilteacha nuair atá athrú mór archarachtar ar tí tarlú.

FÉILEACÁN

TARBH

MADADH

Thiocfadh le FIACHA DUBHA a bheith ina gcomhartha báis. Uaireanta d’eitil fiacha dubha os cionn láithreáin chathannana gCeilteach mar dhia faoi bhréagriocht.

FIACH DUBH

FIA

LEABHAR SAOTHAIR DALTAÍ

Page 28: CLÁR - Curriculum | CCEA

28

Cuireann an BRADÁN eolas agus críonnacht in iúl.

Tá ar Chú Chulainn léim bhradáin a thrasnú sula dtigleis ceird an chogaidh a fhoghlaim ó Scáthach.

I miotaseolaíocht Cheilteach, ba mhinic a ghlac déithecruth ealaí agus iad ag teacht i láthair shaol na mbeo.

Seasann siad don ghalántacht, don áilleacht agus donghrá. Go minic bíonn an céile céanna ag ealaí ar fud a saoil.

Éan é seo a raibh clú air mar gheall ar a chríonnachtaagus a fhadsaoil sna cultúir Cheilteacha. Léirigh sé luas,láidreacht, radharc géar na súl, agus eolas na draíochta.

Cuireann an CAPALL cobhsaíocht, onóir, muinín,éirim agus láidreacht in iúl. Ghlaofá ar an chapallin áiteanna a mbeadh misneach nó muinín de dhíth.

BRADÁN

IOLAR

EALA

Measadh cait a bheith ina gcaomhnóirí ar an saol eile. Tá siad glicagus cliste agus maith lerud a choinneáil ina rún.

CAT

CAPALL

LEABHAR SAOTHAIR DALTAÍ

Page 29: CLÁR - Curriculum | CCEA

29

NA LAOCHRA AGUS A GCUIDAINMHITHE CUMHACHTASna miotais Cheilteacha, bhí baint go minic ag na laochra le hainmhithecumhachta.

Go minic mhaisigh na laochra Ceilteacha a gclogaid, a gclaimhteagus a sciatha lena n-ainmhithecumhachta.

Cad é an t-ainmhí cumhachta a bhí ag Cú Chulainn, dar leat?

Cad é mar a fuair Cú Chulainn a ainm?

Cad iad na tréithe a bhí ag an ainmhí cumhachta de chuid Chú Chulainn?

An dóigh leat gur cur síos maith ar Chú Chulainn iad na tréithe seo. Mínigh.

Dá mbeadh an chumhacht, na cáilíochtaí nó na buanna atá ag ainmhí cumhachta seoagat, cén t-ainmhí a roghnófá?Cuir síos ar an dóigh a mbeadh sé úsáideach duit an t-ainmhí cumhachta seo a bheith agat...

LEABHAR SAOTHAIR DALTAÍ

Page 30: CLÁR - Curriculum | CCEA

30

CLOGAD LAOICH A DHEARADHMaisigh an clogad Ceilteach seo leis an ainmhí cumhachta a roghnaigh tú, agus dearaí d’ainmhithe Ceilteacha in úsáid agat mar threoir. Cuir isteach snaidhmeanna agus bíseanna Ceilteacha lena ornáidiú, ansin dathaigh andearadh críochnaithe.

LEABHAR SAOTHAIR DALTAÍ

Page 31: CLÁR - Curriculum | CCEA

31

NA LAOCHRACEILTEACHA

Chuir roinnt laochra tatúnnaorthu le ruaimghorm darb ainmgoirmín lena gcuidnaimhde a scanrú.

D’úsáid siad aol lena gcuid gruaige adhéanamh ina spící.

Bhí adharca ar chuid de na clogaid Cheilteachale heagla a chur ar an namhaid.

Is féidir linn léargas a fháil ar na cineálacha éadaí a chaith na laochraCeilteacha ó na fionnachtana ó shuíomhanna ársa agus ó na hábhair abhí ar fáil dóibh amhail airm, olann agus leathar.

Bhí an chogaíocht coitianta le linnna hIarannaoise agus tógadh a lándúnta (lonnaíochtaí daingnithe) ag an am sin.

Ba dhaoine gan eagla iad nalaochra Ceilteacha. Ba mhinic a bhí siad dóighiúil, cliste, léanntaagus ag maíomh as na héachtaí abhí déanta acu. Bhí onóir agusmeas an-tábhachtach do laochra.

D’úsáid an chuid is mó de laochraCeilteacha sleánna agus miodógaach b’fhearr leo claimhte fada le haghaidh slaiseáilte, a chaithsiad ag a dtaobh nó ar a ndroim.Fuair siad cosaint ag sciatha fadadéanta as leathar agus adhmad nó iarann. Chaith cuid acu máille na lúb.

Throid cuid de na laochra agus iad lom nocht le cur in iúl nachraibh eagla a roimh ghortaithe nó eagla an bháis orthu.

LEABHAR SAOTHAIR DALTAÍ

Page 32: CLÁR - Curriculum | CCEA

DRESS THE CUIR ÉADAÍ AR AN LAOCHCuir a éide ar an laochagus ansin dathaigh é.

B'fhéidir gur mhaith leat cuid acu seo a chur isteach: sleá,claíomh, sciath, tatúnnale ruaim ghorm (goirmín),miodóg, crios scine, clogad, léine olla, brógaleathair, torc, clóca,ceangal clóca, dealg.

LEABHAR SAOTHAIR DALTAÍ

30

Page 33: CLÁR - Curriculum | CCEA

SOCHAÍ NA GCEILTEACH

Fuair muid an chuid is mó den fhianaise atá againn arshochaí na gCeilteach ó na finscéalta agus ó na miotaischáiliúla Cheilteacha, Cú Chulainn mar shampla.

Ba é ‘fine’; teaghlach sínte a bhí dlúth lena chéile, an t-aonad is lú i sochaí na gCeilteach.Cuireadh fine amháin nó níos mó ná fine amháin le chéile le ‘tuath’ nó clann a dhéanamh.Bhí a rí nó a banríon nó a taoiseach féin i gceannas ar gach clann. Bhí a ndlíthe féin aggach clann. I sochaí na gCeilteach bhí céimlathas ann inar cuireadh daoine in aicmí éagsúla.Bhí an dearcadh ann go raibh cuid daoine in aicme a bhí níos airde nó níos ísle ná aicmedaoine eile. Ba iad na móruaisle, an lucht ealaíne agus léinn, agus na comóntaigh na tríghrúpa i sochaí na gCeilteach.

Bhí na laochra agus na húinéirí talaimh mar chuid de na MÓRUAISLE,nó d’aicme na laochra. Ba í seo an aicme is airde a raibh rí, banríonnó taoiseach mar cheannaire uirthi. B'úinéirí talaimh iad na móruaisleagus ba leo talamh, tréada agus saibhreas go léir na treibhe nó naclainne, nó an chuid is mó díobh.

Nuair nach raibh na móruaisle ag cogaíocht chaith siad a gcuid ama i mbun gnó, ag imirt cluichí cláir, ag amharc ar ógánaigh ag imirtcluichí faoin aer, ag glacadh páirte i gcomórtais scile agusláidreachta, ag seilg agus ag féastú.

NA MÓRUAISLE

Bhí AN T-AOS DÁNA nó an lucht ealaíne agus léinn faoi bhun na móruaisle. San áireamh san aicme seo bhí daoine proifisiúnta ann a raibh scil ealaíne, óráidíocht agus eolas acu. Bhí reachtóirí,dochtúirí, ceoltóirí, filí agus fir chráifeacha, na draoithe, ina mbaill san aicme seo.

Ba mhór an meas a bhí ar cheardaithe agus ar shaoir oilte. Ní raibh sé de dhualgas orthu seirbhís mhíleata a thabhairt do na móruaisle. Ní dhearna siad obair sna goirt. Má bhí buanna acu, d’éirigh leo saibhreas agus sócúlacht a bhaint amach. Bhí an tsaoirse acu taisteal agus a gcuid earraí a dhíol do chlanna eile. Bhí meas ar ealaíontóirí agus tugadh spreagadh dóibh.

San áireamh le saoir oilte bhí gaibhne dubha (ag obair le hiarann),gaibhne cré-umha, saoir adhmaid, ceardaithe leathair agus criadóirí. Ba iad na ceardaithe miotail na saoir is tábhachtaí.

AN T-AOS DÁNA, AN LUCHT EALAÍNEAGUS LÉINN

33

Ba CHOMÓNTAIGH iad formhór na gCeilteach, a bhí in aicme níos ísle ná an tAos Dána nó anlucht ealaíne agus léinn. Bhí na comóntaigh saorach ní raibh talamh ar bith acu. Bhí an chuid is mó díobh ina bhfeirmeoirí a d’fhás bairr agusa phóraigh ainmhithe.

NA COMÓNTAIGH

LEABHAR SAOTHAIR DALTAÍ

Page 34: CLÁR - Curriculum | CCEA

MNÁ I SOCHAÍ NA GCEILTEACHI sochaí na gCeilteach bhí cás na mban i bhfad níos fearr namar a bhí sé sa chuid is mó de shochaithe na linne sin. Bhícead ag mná gairm ar bith a leanúint, a fear céile féin aroghnú agus seilbh a bheith acu ar a réadmhaoin féin.

Ba mhná a bhí i mbun laochra a oiliúint, chuaigh siad i mbuncatha agus bhí roinnt acu i gceannas ar airm. Ba léir, óndóigh ar caitheadh le mná, an meas a bhí ag na luathCheiltigh ar an talamh agus ar ealaín na draíochta agus arealaín na cruthaitheachta lena raibh baint ag mná, dar leo.

Aithnítear Danú mar an chéad ollmháthair ag Éirinn, an bandia ónar saolaíodh gach rud beo.

DANÚ

I bhfinscéal Chú Chulainn; Táin Bó Cuailgne, bhíMÉABH, BANRÍON Chonnacht, i gceannas ar chaogamíle saighdiúir in éadan Chúige Uladh, a raibh an lámhin uachtar ag an laoch iontach Cú Chulainn ar gach duine acu.

LAOCHRA BANRÍONA

Fuair Cú Chulainn oiliúint in ealaín an chomhraic ónbhanlaoch Scathach ar Oileán Sgitheanach. Tugadh ‘an laoch is fearr ar an domhan’ ar Scathach.

BANLAOCHRA

34

LEABHAR SAOTHAIR DALTAÍ

Page 35: CLÁR - Curriculum | CCEA

SOCHAÍ NA GCEILTEACH

QUIZ AR SHOCHAÍ NA GCEILTEACHCuir triail ort féin faoi struchtúr sóisialta na sochaí Ceilteacha.Cén aicme ina raibh na carachtair seo a leanas?Tarraing an carachtar nó scríobh a ainm sa bhosca cheart thíos.

CÚ CHULAINN CULANNAN GABHA DUBH

AN RÍ CONCHÚR AN BHANRÍONMÉABH

FEIRMEOIR CRIADÓIR DRAOI BEAN CHÉILEFEIRMEORA

NA MÓRUAISLE

AN T-AOS DÁNA, AN LUCHT EALAÍNE AGUS LÉINN

NA COMÓNTAIGH

35

LEABHAR SAOTHAIR DALTAÍ

Page 36: CLÁR - Curriculum | CCEA

‘SAOL AN CHEILTIGH’A CHUR I LÁTHAIRIs é an tasc atá agat cur i láthair faoishaol an Cheiltigh a dhéanamh agus tú ag úsáid bogearraí ríomhaire amhail PowerPoint nó Slideshow.

GNÍOMHAÍOCHTTFC

Ba cheart gur sleamhnán teidil é an chéad sleamhnán a léiríonn ainm don chur i láthairagus d’ainm féin.

Ba cheart go mbeadh gné difriúil de na Ceiltigh san áireamh i ngach sleamhnán, marshampla éadaí na gCeilteach, laochra, srl...

Ba cheart go mbeadh pictiúr amháin ar a laghad ar gach sleamhnán leis an téacs a léiriú.Thiocfadh le do mhúinteoir na pictiúir seo a chur ar fáil nó thiocfadh leat iad a íoslódáilón idirlíon nó iad a tharraingt agus a scanadh ar an ríomhaire.

ÁBHAIR MHOLTA:

Bunús na gCeilteachTeanga na gCeilteachFionnachtana SeandálaíochtaCoirp PhortaighÉadaíSeodraEalaínLonnaíochtaíTithe CruinneBiaSochaí na gCeilteachMná i Sochaí na gCeilteachAinmhithe CumhachtaLaochraCogaíocht na gCeilteachArmúr na gCeilteachCreideamhFéilteSealgairí na gCloigne

NÓ RUD AR BITH EILEA D’FHOGHLAIM TÚ!

TREOIR DON CHUR I LÁTHAIR...Caithfidh deich sleamhnán ar leith ar a laghad a bheith sa chur i láthair seo agat.

LAOCH

SEODRA

CREIDEAMH

36

LEABHAR SAOTHAIR DALTAÍ

Page 37: CLÁR - Curriculum | CCEA

Cérbh as na Ceiltigh agus cád é an bunús a bhí acu?

Lonnaíochtaí agus Tithe... Sochaí...

Éadaí agus Seodra... Religiún agus Creidimh... Féilte...

Fionnachtana Seandálaíochta... Laochra... Eolas ar bith eile ba mhaithleat a chur isteach...

CAD É ATÁ FOGHLAMTHAAGAT FAOI NA CEILTIGH?

‘SAOL AN CHEILTIGH’PLEAN DON CHUR I LÁTHAIRLíon na boscaí leis an fhaisnéis a d’fhoghlaimtú faoi na Ceiltigh. Má tá tuilleamh spáis dedhíth ort, lean ort ar chúl an leathanaigh nóar leathanach eile.

LEABHAR SAOTHAIR DALTAÍ

37

Page 38: CLÁR - Curriculum | CCEA

GLUAISAINMHITHE CUMHACHTA. Úsáideadh ainmhithe éagsúla a bheith ina shiombail archumhachtaí, ar bhuanna nó ar thréithe pearsantachta éagsúla (amhail láidreacht, misneach,foighne). Ghlaofadh na Ceiltigh ar ‘na hainmhithe cumhachta’ seo lena gcuid cumhachtaí nó a gcuid cáilíochtaí a thabhairt isteach ina saol féin.

AN MORRÍGHAN. Ba bhandia na gcogadh, na beatha agus an bháis í an Morríghan. Ba ghnách léi, mar sin, í féin a thaispeáint do na laochra móra nuair a bhí siad i mbaol báis.Casadh an Morríghan ar Chú Chulainn é féin i bhfoirmeacha éagsúla.

AN T-AOS DÁNA. Bhí an tAos Dána nó an lucht ealaíne agus léinn faoi bhun na móruaisle i sochaí na gCeilteach. San áireamh san aicme seo bhí daoine proifisiúnta ann a raibh scilealaíne, óráidíocht agus eolas acu. Bhí reachtóirí, dochtúirí, ceoltóirí, filí agus firchráifeacha, na draoithe, ina mbaill san aicme seo.

BELTAIN. Féile tinte eile is ea Beltain, a ceiliúradh thart ar an 1ú Bealtaine, ach de bhrígo raibh baint ag Samhain le bheith ag dul isteach faoin talamh nó ag tarraing siar, phléascBeltain amach le flúirse torthúlachta. Scaoileadh na heallaigh ó cheathrúna an gheimhridhagus seoladh idir dhá thine iad i searmanas deasghnách glantacháin a raibh feidhmeannapraiticiúla aige chomh maith. Ba thréimhse é le haghaidh féastaí agus aontaí. Mar a luadhroimhe, i gcás na bhfiann, le teacht féile Beltain cuireadh tús leis an ‘séasúr troda’.

BRACAE. Cineál de bhriste a chaith na fir Cheilteacha.

BRÍD. Ba í Bríd bandia na torthúlachta. Ba í an mháthair-dhia nach raibh dia ar bith eile ar chéim níos airde ná í ach amháin Dagda. Is bandia trí-aonta í agus sin an fáth a bhfuiltrí airí aici: banfhile, banlia agus gabha.

BRÓ. Bhí bró déanta as dhá chloch chruinne throma agus úsáideadh í le harbhar nó lecruithneacht a mheilt ina phlúr. Ansin, d’úsáid siad an plúr le harán a dhéanamh sanoigheann.

CAOLACH. Ábhar déanta as cochán agus clábar a d’úsáid siad le tithe Ceilteacha a thógáil.

CARBAID. Throid na Ceiltigh ó chapaill nó ó charbaid éadroma adhmaid ar tharraing capailliad.

CEILTEACH. Bhí cónaí ar na Ceiltigh i dtreibheanna aonaracha agus bhí cultúr agus teanga i gcoitianta acu. I ndiaidh dóibh forbairt in Alpa na hEorpa láir, leathnaigh na Ceiltigh a gcultúr trasna na Gearmáine agus na Fraince an lae inniu agus a fhad leis an Tuirc. Bhainsiad an Bhreatain agus Éire amach timpeall 500 RCh agus taobh istigh de chúpla céad bliain,bhí cultúr na Cré-Umhaoise in Éirinn scriosta ar éigean, agus bhí cultúr na gCeilteach i réimar fud an oileáin iomláin. Pobal bródúil agus onórach a bhí iontu agus bhí clú agus cáil orthumar laochra fíochmhara.

CLANN. Cuireadh fine amháin nó níos mó ná fine amháin le chéile le clann a dhéanamh.

CLÓCA. Chroch na Ceiltigh iad seo thart ar a lámha lena gcoinneáil te. De ghnáth bhí siaddéanta as olann agus ceangailte le dealg.

CLOGAD. Cuid d’éide an laoich leis an chloigeann a chosaint. Bhí adharca ar chuid de na clogaid Cheilteacha le heagla a chur ar an namhaid.

COIRE. I dteach Ceilteach bhíodh coire ar crochadh os cionn na tine ar thrípéad le slabhrainchoigeartaithe. De ghnáth bhí na coirí déanta as cré-umha, ach bheadh coirí iarainn ag naCeiltigh is saibhre. Bhí bia á chócaráil sa choire an chuid is mó den am mar bhí an nós annbia a thabhairt do chuairteoirí a luaithe agus a tháinig siad isteach.

Page 39: CLÁR - Curriculum | CCEA

COIRN ÓIL. D’úsáid siad coirn óil le leann a ól mar choinnigh siad a lán leachta. Rinneadh na coirn óil as adharca eallaigh i ndiaidh iad a mharú. Ba ghnáth leo na coirn a ghlanadh agusa líomhadh sular mhaisigh siad iad le gléasadh miotail. Ba mhinic a adhlacadh corn óil leis anduine ar leis é.

COMÓNTAIGH. Ba chomóntaigh iad formhór na gCeilteach, a bhí in aicme níos ísle ná an tAos Dána nó an lucht ealaíne agus léinn. Bhí na comóntaigh saor ach ní raibh talamh arbith acu. Bhí an chuid is mó díobh ina bhfeirmeoirí a d’fhás bairr agus a phóraigh ainmhithe.

CORP PORTAIGH. Coirp leasaithe a fuarthas i bportaigh. Is dhá chorpán portaigh ón Iarannaois a fuarthas in Éirinn iad Fear Chruacháin agus Fear Chluain Uí Chaomháin. Cuireann easpa ocsaigine agus aigéid sa phortach cosc ar ábhair ar leith a mheath, amhailleathar, adhmad, cnámh agus teicstílí agus míníonn sé seo an fáth a bhfanann déantáin nófionnachtana a fuarthas i bportaigh i riocht fíormhaith.

CÚ CHULAINN. Rugadh Cú Chulainn mar Shetanta agus é ina mhac ag tuismitheoirí an tsaoilseo, Sualtam, laoch cróga agus Dechtire, leathdheirfiúr Chonchuir, rí Uladh. Bhí sé ina shinsear ar Dhagda - an dia maith, agus mac Lugh, dia na gréine nó dia an tsolais. Bhí sé i ndán dó a bheith ar an laoch is mó ar fud na hÉireann. Tugadh an t-ainm Cú Chulainn arShetanta i ndiaidh dó an lámh uachtar a fháil ar chú fiánta an ghabha, Culann. Gheall sé a bheith ina chosantóir do Chulann go dtí go bhfuair sé cú eile agus go raibh sé oilte.

DAGDA. Ba é Dagda athair-dhia na gCeilteach. Thug siad an ’dia maith’ air mar chosain sé a gcuid barr. Bhí coire darbh ainm an ‘Undry’ aige a thug soláthar bia gan teorainn aguscruit bheo darach aige darbh ainm ‘Uaithne’ a thug ar na séasúir athrú ina n-ord.

DANÚ. Aithnítear Danú mar an chéad ollmháthair d’Éirinn, an bandia ónar saolaíodh gach rud beo. Is bandia na talún í, atá bainteach le torthúlacht, le fás, le neart, le flúirse, le talmhaíocht, le saothrú agus le cothú na talún.

DEALG. Píosa seodra mhaisiúil a úsáideadh le clócaí a cheangal.

DECHTIRE. Máthair Shetanta, tugadh go saol na ndéithe í le leanbh speisialta a bhreith.

DÓIB. Ábhar déanta as cochán agus clábar a d’úsáid siad le tithe Ceilteacha a thógáil.

DRAOI. Bhí na Ceiltigh ag brath ar na sagairt a bhí acu, na draoithe, lena gcoinneáil saor ó thrioblóid. Bhí freagracht na ndeasghnáth reiligiúnach go léir ar na draoithe mar ba é andraoi an t-aon duine a raibh cead aige labhairt le dia.

DÚN. Tógadh dúnta ar mhullóga ard cré. In amanna tógadh claí thart ar bhothán mar chosaint ar ionróirí.

EALAÍN LA TÉNE. Ó thimpeall 500 RCh, ba iad dearaí álainn, casta agus patrúin shnaidhmena gnéithe a dhealraigh an tréimhse La Tène.

EMAIN MACHA. Seo an áit a raibh pálás ag an rí, Conchúr Mac Neasa. Reáchtáil sé cóisiranseo dá dheirfiúr Dechtire. Ba é suí ríoga Uladh an áit seo ó 700 RCh go dtí AD500.

FINE. Teaghlach sínte a bhí dlúth lena chéile, an t-aonad is lú i sochaí na gCeilteach.

GOIRMÍN. Chuir roinnt laochra tatúnna orthu le ruaim ghorm darb ainm goirmín lena gcuidnaimhde a scanrú.

IMBOLC. Tharla sé ag am breithe uan, timpeall 31ú Eanáir, cheiliúir Imbolc (nó Oimelc) tús an chuid deiridh den gheimhreadh. Rugadh uain úra, agus d’ith siad béile a bhí déanta dá eireabaill ghearrtha. Bhuail mná lena chéile le filleadh ghné maighdine an bhandia a cheiliúradh. Lean seo ar aghaidh go dtí ré na Críostaíochta mar lá fhéile Bríde: ba leaganCríostaí í an naomh den bhandia págánach ab iníon an Dhagda í.

Page 40: CLÁR - Curriculum | CCEA

LAOCH. Bhí an chogaíocht coitianta le linn na hIarannaoise agus tógadh a lán dúnta (lonnaíochtaí daingnithe) ag an am sin. Ba dhaoine gan eagla iad na laochra Ceilteacha. Ba mhinic a bhí na laochra Ceilteacha dóighiúil, cliste, léannta agus ag maíomh as na héachtaí a bhí déanta acu. Bhí onóir agus meas an-tábhachtach do laochra. D’úsáid an chuid is mó de laochra Ceilteacha sleánna agus miodóga ach b’fhearr leo claimhte fadaslaiseáilte, a chaith siad ag a dtaobh nó ar a ndroim. Fuair siad cosaint ag sciatha fadadéanta as leathar agus adhmad nó iarann. Chaith cuid acu máille na lúb. Throid cuid de na laochra agus iad lom nocht le cur in iúl nach raibh eagla a bheith gortaithe nó eagla an bháis orthu.

LÉINE. Cineál d’éadaí ba ghnách leis na Ceiltigh a chaitheamh. Chlúdaigh siad an chuiduachtar den chorp síos go dtí na glúine. Léinte glún ruaimnithe agus bróidnithe le dathannageala agus crios plátáilte le hór nó le hairgead thart orthu.

LIR. Ba é Lir athair-dhia na mara. Ba é a mhac, Manannan, a bhí i gceannas ar na tonntaina dhiaidh. I ndiaidh bás a chéad mhná, phós sé Aobh a raibh na páistí clúiteacha aici athiontaigh Aoife, a n-aintín agus a leasmháthair éadmhar, ina n-ealaí iad.

LONNAÍOCHT. Tháinig teaghlaigh le chéile i lonnaíochtaí aonaracha, ina raibh botháin de ghnáth. Roimh theacht na gCeilteach ní raibh cathracha nó bailte móra in Éirinn. Bhí antír, den chuid is mó, ina foraois, ina móinéar agus ina féarach.

LUGH. Ba é Lugh dia an tsolais nó an fhómhair. Comóradh féile ina onóir i mí Lúnasa ar tugadh Lughnasa uirthi mar Lúnasa an mhí bheannaithe a bhí aige. Creidtear gurb eiseanathair diaga Chú Chulainn.

LUGHNASA. Ba fhéile samhraidh í Lughnasa a mhair a fhad le coicís gach taobh den lá éféin, a ceiliúradh i dtrátha 31ú Iúil. Dúradh gur thug an dia Lugh an fhéile go hÉireann,agus mar sin bhí sé beannaithe don dia seo. Chonacthas do na rómhánaigh go raibh Lughcosúil lena ndia Mearcair. Ar scor ar bith, bhí baint ag an dá dhia le scileanna, agus ceiliúradh an fhéile seo le comórtais scileanna, marcaíocht capall san áireamh. In Éirinn bhían fhéile bainte le hEmain Macha, i gCúige Uladh, ach cuireadh ar siúl in áiteanna éagsúla í,a raibh dún ríoga na Teamhrach san áireamh ann.

MEÁ. D’ól na Ceiltigh fíon meala darb ainm meá a rinneadh as mil agus uisce agus ina raibhblastanais ó luibheanna fiáine agus torthaí.

MÉABH, BANRÍON CHONNACHT. I bhfinscéal Chú Chulainn; Táin Bó Cuailgne, bhí Méabh,banríon Chonnacht, i gceannas ar chaoga míle saighdiúir in éadan Chúige Uladh, a raibh anlámh in uachtar ag an laoch iontach Cú Chulainn ar gach duine acu.

NA MÓRUAISLE. Bhí na laochra agus na húinéirí talaimh mar chuid de na móruaisle, nód’aicme na laoch. Ba í seo an aicme is airde a raibh rí, banríon nó taoiseach mar cheannaireuirthi. B'úinéirí talaimh iad na móruaisle agus ba leo talamh, tréada agus saibhreas go léirna treibhe nó na clainne, nó an chuid is mó díobh.

SAMHAIN. Thosaigh an bhliain Cheilteach le Samhain, a ceiliúradh thart ar 31ú DeireadhFómhair. Am a bhí ann nuair a measadh go raibh an chaille idir an saol seo agus an saol eilechomh tanaí sin gur féidir leis na mairbh teacht ar ais le hiad féin a théamh ag teallaigh na mbeo, agus bhí cuid de na beo - go háirithe na filí - ábalta dul isteach sa saol eile trídhoirse an lucht sí, mar shampla an ceann ar chnoc na Teamhrach in Éirinn. Is ón tSamhaina shíolraigh an ceiliúradh a bhíonn againn ar oíche Shamhna sna laethanta seo.

SAOIR. Ba mhór an meas a bhí ar shaoir i sochaí na gCeilteach. San áireamh le saoir bhígaibhne dubha (ag obair le hiarann), gaibhne cré-umha, saoir adhmaid, ceardaithe leathairagus criadóirí.

SCATHACH. Fuair Cú Chulainn oiliúint in ealaín an chomhraic ón bhanlaoch Scathach arOileán Sgitheanach. Tugadh ‘an laoch is fearr ar an domhan’ ar Scathach.

Page 41: CLÁR - Curriculum | CCEA

SEALGAIRÍ NA GCLOIGNE. De réir staraithe na Róimhe, ghearr na Ceiltigh, a bhí ina sealgairí cloigne, na cinn dá sinsear, agus fiú dá naimhde, agus d’adhair siad na blaoscanna.Chroch siad na cinn os cionn doirse a mbothán.

SEANDÁLAÍOCHT. Is é atá i gceist le seandálaíocht ná staidéar ar dhéantáin agus ar ithirlena fhoghlaim faoi chultúr na ndaoine san am a chuaigh thart.

SEOL FÍODÓIREACHTA. Bhí bua den scoth ag na Ceiltigh san fhíodóireacht, rud a rinnesiad ar sheol fíodóireachta. Ba mhinic a bhí dathanna geala agus patrúin ar na dearaí seoacu.

SETANTA. Féach Cú Chulainn.

SUALTAM. An fear uasal a bhí pósta ar Dhechtire, máthair Shetanta.

TITHE CRUINNE. Chónaigh na Ceiltigh i dtithe cruinne a bhí suite i lár an tsráidbhaile. Bhí cónaí ar a lán teaghlach in aon teach cruinn amháin ina raibh seomra mór amháin. Tógadh teach cruinn thart ar chuaille lárnach. Bhí cuaillí eile ag teacht amach uaidh sin i gciorcal le díon a fhoirmiú. Thacaigh cuaillí ceartingearach an díon. D’úsáid siad ábhair ón fhoraois lena gcuid tithe a thógáil. Rinneadh na ballaí as caolach (maidí adhmaid fite)agus dóib (cochán agus clábar) agus bhí ceann tuí ar an díon.

TORC. Fáinne muiníl a rinneadh as slat mhiotail (casta in amanna) a bhí ann agus é déanta de chré-umha nó d’ór ag brath ar mhaoin an duine a bhí á chaitheamh. Bhí dhá cheann ar antorc nach raibh ach spás beag eatarthu.

TRÍ-AONTA. Ciallaíonn trí-aonta trí rud in aon rud amháin. Tugadh adhradh i bhfoirm trí-aonta (i dtrí ghné) do chuid mhór de na déithe Ceilteacha. Seasann na gnéithe seo do 3 rud dhifriúla. Ba í Bríd, mar shampla, bandia na filíochta, an leighis agus cheird anghabha. Is féidir leis an Morríghan an cruth d’fhiach dubh, de chailleach nó de mhaighdeanóg a ghlacadh.