8
Tá Conradh na Gaeilge ag éileamh ar an Aire Oideachais agus Eolaíochta Batt O’Keeffe TD agus ar Ri- altas na hÉireann tabhairt faoi rún Athbhliana chun deireadh a chur le himlitir 0044/2007 agus rogha an luath-thu- moideachais iomláin a fhágáil faoi na Gaelscoileanna féin. Dúirt Pádraig Mac Fhearghusa, Uachtarán Chon- radh na Gaeilge: “Léiríonn Trialacha Léitheoireachta Bunscoile an Rialtais sa Bhéarla agus sa Ghaeilge araon a fheab- has agus a éiríonn leis an tu- moideachas, agus tuigeann ár nAire Oideachais féin gurb an modh is fearr é leis an dara theanga a mhúineadh do dhaltaí. Tá sé de bhuntáiste ag an luath-thumoideachas iom- lán go neartaíonn sé cumas an dalta sa chéad teanga, an Béarla sa chás seo, chomh maith leis an dara theanga a shealbhú go héifeachtach. “Ba chóir go mbeadh an Roinn Oideachais ag sprea- gadh an luath-thu- moideachais, ní ag iarraidh an bonn a bhaint den scoth- chleachtas seo atá in úsáid cheana féin san iliomad Gaelscoileanna, agus atá in úsáid anseo ó dheas ó bunaíodh an stát.” Tá Conradh na Gaeilge ag éileamh go n-aith- neodh an Roinn Oideachais agus Eo- laíochta an luath- thumadh iomlán sa Ghaeilge mar dhea- chleachtas a bhfuil tuismitheoirí agus scoileanna ina thei- deal mar rogha. Creideann an Conradh gur chóir go mbeadh sé mar pho- lasaí ag an Roinn múinteoirí agus ábhair oidí a chur ar an eolas go leanúnach faoi bhuntáistí an luath-thu- moideachais, agus acmhainní eolais agus traenála a chur ar fáil ina leith sin. Is féidir ríomhphost a sheo- ladh chuig an Aire O’Keeffe ó shuíomh an Chonartha ag www.cnag.ie ag tacú le feachtas an tumoideachais inniu! Eagrán 4.3 15 Eanáir 2008 Eagrán 4.3 15 Eanáir 2008 SAN EAGRAN SEO: 1. Rún Athbhliana Oideachais 2. Áthas Locha Riach 2. Oíche Chruinnithe 3. Ealaíon Ógrais 3. Cóisirí Go Leor! 4. Culture Vultures 4. Ceol Chrónáin 4. Cóisirí Go Leor! 4. Siamsóir na Mí 5. Homepages na hÉireann 5. Seirbhísí Eaglaise 6. Ceacht na hEabhraise 6. Caifé Cois Life 7. Saor-Chomhairle Dlí 7. Scoláireachtaí Fulbright 8. Crosfhocal 1 Is féidir scéalta a chur chuig [email protected] Is féidir scéalta a chur chuig [email protected] Rún Athbhliana Oideachais Rún Athbhliana Oideachais Le cabhair ó: Le cabhair ó: Athbhliain faoi shéan ‘s faoi mhaise ar bhaill agus ar chraobhacha uile an Chonartha! Ag súil libh a fheiceáil go luath in 2009, Foireann an Chonartha

Nuachtlitir an Chonartha Eanair 09

Embed Size (px)

DESCRIPTION

4. Culture Vultures 2. Oíche Chruinnithe 2. Áthas Locha Riach 8. Crosfhocal 7. Saor-Chomhairle Dlí 1. Rún Athbhliana 5. Homepages na hÉireann 4. Ceol Chrónáin 6. Caifé Cois Life 4. Siamsóir na Mí 3. Ealaíon Ógrais 5. Seirbhísí Eaglaise 3. Cóisirí Go Leor! 4. Cóisirí Go Leor! 7. Scoláireachtaí Fulbright Is féidir scéalta a chur chuig [email protected] Is féidir scéalta a chur chuig [email protected] 1 1 Le cabhair ó: Le cabhair ó:

Citation preview

Page 1: Nuachtlitir an Chonartha Eanair 09

Tá Conradh na Gaeilge agéileamh ar an AireOideachais agus EolaíochtaBatt O’Keeffe TD agus ar Ri-altas na hÉireann tabhairtfaoi rún Athbhliana chundeireadh a chur le himlitir0044/2007 agusrogha an luath-thu-moideachais iomláina fhágáil faoi naGaelscoileanna féin. Dúirt Pádraig MacF h e a r g h u s a ,Uachtarán Chon-radh na Gaeilge:“Léiríonn TrialachaLéitheoireachta Bunscoilean Rialtais sa Bhéarla agussa Ghaeilge araon a fheab-has agus a éiríonn leis an tu-moideachas, agus tuigeannár nAire Oideachais féingurb an modh is fearr é leisan dara theanga amhúineadh do dhaltaí. Tásé de bhuntáiste ag anluath-thumoideachas iom-lán go neartaíonn sé cumasan dalta sa chéad teanga,an Béarla sa chás seo,chomh maith leis an daratheanga a shealbhú gohéifeachtach.“Ba chóir go mbeadh anRoinn Oideachais ag sprea-gadh an luath-thu-moideachais, ní ag iarraidh

an bonn a bhaint den scoth-chleachtas seo atá in úsáidcheana féin san iliomadGaelscoileanna, agus atá inúsáid anseo ó dheas óbunaíodh an stát.”Tá Conradh na Gaeilge ag

éileamh go n-aith-neodh an RoinnOideachais agus Eo-laíochta an luath-thumadh iomlán saGhaeilge mar dhea-chleachtas a bhfuiltuismitheoirí agusscoileanna ina thei-deal mar rogha.

Creideann an Conradh gurchóir go mbeadh sé mar pho-lasaí ag an Roinn múinteoiríagus ábhair oidí a chur ar aneolas go leanúnach faoibhuntáistí an luath-thu-moideachais, agus acmhainníeolais agus traenála a chur arfáil ina leith sin.Is féidir ríomhphost a sheo-ladh chuig an Aire O’Keeffeó shuíomh an Chonartha agwww.cnag.ie ag tacú lefeachtas an tumoideachaisinniu!

Eagrán 4.3 15 Eanáir 2008Eagrán 4.3 15 Eanáir 2008

SAN EAGRAN SEO:

1. Rún Athbhliana

Oideachais

2. Áthas Locha Riach

2. Oíche Chruinnithe

3. Ealaíon Ógrais

3. Cóisirí Go Leor!

4. Culture Vultures

4. Ceol Chrónáin

4. Cóisirí Go Leor!

4. Siamsóir na Mí

5. Homepages na hÉireann

5. Seirbhísí Eaglaise

6. Ceacht na hEabhraise

6. Caifé Cois Life

7. Saor-Chomhairle Dlí

7. Scoláireachtaí Fulbright

8. Crosfhocal

11Is féidir scéalta a chur chuig [email protected] féidir scéalta a chur chuig [email protected]

Rún Athbhliana OideachaisRún Athbhliana Oideachais

Le cabhair ó:Le cabhair ó:

Athbhliain faoi shéan ‘sfaoi mhaise ar bhaill agusar chraobhacha uile anChonartha! Ag súil libh afheiceáil go luath in 2009,Foireann an Chonartha

Page 2: Nuachtlitir an Chonartha Eanair 09

22 Cuir na scéala chugainn roimh 09 Feabhra 2009Cuir na scéala chugainn roimh 09 Feabhra 2009

Bhronn Áthas, an grúpa carthanachta arson pháistí Searnóbail, teastais buíochaisar Chomhaltas Ceoltóirí Éireann BhaileLocha Riach as ucht a dtacaíocht i rith2008. D’fhreastail scata de na páistí óShearnóbail ar Scoil Cheoil sachomharsanacht le linn an tsamhraidh. Lelinn a dtréimhse ann, d’fhoghlaim siadamhrán breá gaelach agus tugadh deisdóibh an fonn a chleachtadh ar an bh-feadóg stáin fosta. Ghlac siad páirt i gceol-choirm na scoile, áit ar sheinn siad an porta bhí foghlamtha acu go fonnmhar donlucht éisteachta agus ba mhór an sprea-gadh do na foghlaimeoirí eile a leithéid achloisteáil. Tá an grúpa Áthas ag obair leisan gcarthanacht Chernobyl Children’sProject International le trí bliana anuaschun deis a thabhairt do pháistí Searnóbail

a thabhairt ar cuairt go Baile Locha Riachgach bliain le linn laethanta saoire antsamhraidh. Tugann an briseadh beag seofaoiseamh do na páistí ón timpeallacht tru-aillithe contúirteach a chuireann a saolagus a sláinte i mbaol toisc na tubaiste núicléach a tharla ann 22 bliana ó shin. Tuilleadh eolais: http://www.chernobyl-international.com

Beidh cruinniú oscailte maidir le Feach-tas na Feiceálachta ar siúloíche Déardaoin 22 Eanáir2009 i ndiaidh na hoibre óna6.00 – 7.00in in Ard-OifigChonradh na Gaeilge, 6 SráidFhearchair, BÁC 2 agus támórfháilte roimh éinne lespéis san ábhar áirithe seofreastal ar an gcruinniú. Cuireadh tús leFeachtas na Feiceálachta ag SeimineárOireachtais an Chonartha 2008, áit gurdeineadh plé ar phacáistiú dátheangach,ar chódphoist agus ar chomharthaí bóithredátheangacha mar na chéad chéimeannachun an Ghaeilge a dhéanamh níos fe-iceálaí sa sochaí mórthimpeall orainn.Pléifear conas tabhairt faoi na céimeannaseo ag an gcruinniú, socrófar ar sprio-canna ama agus ar phlean oibre don bhli-

ain amach romhainn chuige sin. Mura bhfuil tú in ann freastalar an oíche ach tá spéis agatpáirt a ghlacadh sa bhfeach-tas, is féidir ríomhphost a she-oladh chuig [email protected] do shonraí teagmhála agusaon mholadh atá le déanamhagat roimh 20 Eanáir 2009.

Feachtas na FeiceálachtaFeachtas na Feiceálachta

Áthas Locha RiachÁthas Locha Riach

Leanfaidh Ollchruinniú Choiste ChontaeÁtha Cliath ar an oíche chéanna (22 Eanáir2009) óna 7.00 – 8.00in d’ionadaithe óchraobhacha i mBaile Átha Cliath. Roghnófarbaill an Choiste Chontae ag an ollchruinniúagus beidh ionadaí amháin thar cheannChoiste Chontae Átha Cliath le toghadh arChoiste Gnó an Chonartha freisin. Cuirteachtaireacht chuig [email protected] le hain-mneacha na n-ionadaithe ó do chraobh abheas ag freastal ar an ollchruinniú roimh 20Eanáir 2009.

Page 3: Nuachtlitir an Chonartha Eanair 09

33Is féidir scéalta a chur chuig [email protected] féidir scéalta a chur chuig [email protected]

Tá Comórtas Ealaíne bliantúil á reáchtáil agÓgras le beagnach cúig bliana anuas. Tá ancomórtas oscailte do bhaill Ógrais agus Óg-Ógrais agus is féidir le gach club óige iar-ratas a chur isteach ar an gcomórtas, nó isféidir le daoine aonaracha saothar a churar aghaidh. Bíonn comórtas ealaíne agusfilíochta oscailte do bhaill Óg-Ógrais agus

tá comórtas díospóireachta, drámaíochtaagus grianghrafadóireachta ann do bhaillníos sine Ógrais. Bhí duais chiste de bhreisagus €6,000 ar fáil i mbliana mar aon le tró-faithe agus t-léinte nó geansaí de chuidÓgras do gach buaiteoir. Beidh bronnadhduaiseanna na Mumhan ar siúl i gceantairéagsúla i gCiarraí agus i gCorcaigh le linnna seachtaine, fad agus a bheas bronnadhduaiseanna Chúige Laighean á reáchtáil aran 19 Eanáir 2009 i Scoil Chearbhaill UíDhálaigh, Léim an Bhradáin, Co. Chill Dara.Is iad Alsún Breathnach, Cian Mag Uidhir,Clár Nic Liam agus Ádamh Hume cuid debhuaiteoirí Laighean na bliana seo.Comhghairdeas ó chroí leo!

Is iomaí cóisir a bhí ar siúl le linn mhí naNollag agus ní haon eisceacht a bhí anni mBaile Locha Riach! D’eagraigh Coistena dTuismitheoirí Ghaelscoil RiabhachComhluadar Lár-Geimhridh i gcomharleis an togra Gaeilge Locha Riach ar sonphobal ghaelach na scoile ar na mal-laibh. Tháinig breis agus caoga teagh-lach ón gcomharsanacht le chéile aguscuireadh sólaistí bia ‘s deochanna ar fáildon chuideachta, le seastáin éagsúlacurtha le chéile ag tuismitheoirí ar sonna bpáistí agus aghaidheanna péinteáilteagus eile ar fáil len’iad a choimeád sonasásta. Bhí deis ag gach uile dalta a n-aghaidheanna féin a dhearadh dontuáille féin. Bhain idir pháistí agus tui-smitheoirí an-sult as imeachtaí nahoíche. Sna sála ar an gcomhluadar ion-tach sin, tháinig scór go leath baill óChumann Óige Locha Riach le chéile agCitylimits, Órán Mór le Cóisir na nÓgiontach a cheiliúradh, iad ag imirtLaserquest agus ag babhláil. Arís, iscosúil gur bhain idir dhéagóirí agus tui-smitheoirí an-sult as imeachtaí nahoíche agus plé ar siúl eatarthu faoi napleananna móra atá i ndán acu don bh-liain úr idir dhrámaíocht, cláracharaidió, ceardlanna ar fhíseáin, arbheocháin agus ar a lán eile.

Cóisirí Go Leor!Cóisirí Go Leor!Ealaín ÓgraisEalaín Ógrais

Buaiteoirí 2008

Page 4: Nuachtlitir an Chonartha Eanair 09

44 Cuir na scéala chugainn roimh 09 Feabhra 2009Cuir na scéala chugainn roimh 09 Feabhra 2009

Beidh Corn Chuimhneacháin MháirtínChonraí ar siúl ar an Satharn 17 Eanáir2009 in Áras Pobail Ráth Chairn ag 8.00in.Is comórtas ar leith é chun teacht ar Shi-amsóir na Mí agus caithfidh nahiomaitheoirí trí cinn de na míreanna seo aleanas a dhéanamh: amhrán Gaeilge achanadh; scéal nó dán Gaeilge a aithris;damhsa; uirlis a sheinm; portaireacht bhéilnó feadaíl a dhéanamh. Tuilleadh eolais:[email protected] / ComharchumannRáth Chairn +353 (0) 46 943 2068 /www.rathcairn.com

Ba mhaith le Gaeilge Locha Riach fáilte achur roimh Chlub na CultureVultures, eagraíocht gaelachnuabhunaithe in Oirthear naGaillimhe. Bunaíodh ancumann seo ar mhaithe lecairdeas agus cuideachtagaelach a chruthú trí chraic asholáthar trí mheán naGaeilge ina mbeidh cúrsaíealaín agus ceoil spreagtha.D’eagraigh an grúpa anchéad imeacht le deireannasi Nead na Culture Vultures idTeampall Mháirtín, Creachmhaoil. Tais-peántas ealaíne agus ceolchoirm a bhíann áit go raibh saothair ealaíne ar tais-peáint ag triúr ealaíontóirí áitiúla le linnna hoíche: Aideen Cahill, BA Ealaíon; Don-ncha Cahill; BA Ealaíon; agus Sorcha NíChróinín atá ag freastal ar CholáisteEalaíon i nGlaschú, Alban faoi láthair.Thug an nead an deis do na healaíontóiríseo a saothar a dhíol ar phraghas réasúntaar an oíche agus cuireadh ábhar bhron-ntanais Nollag ar fáil. Bhí ceolchoirm na

hoíche ar siúl i gcistin an tí ina raibh JoeBurke agus Ann Conroy Burkemar aíonna speisialta le tús achur leis an gceol. BhuailMáire O’Keefe roinnt port inandiaidh agus bhí na ceoltóiríóga Katie O’Toole, LouiseDonohue agus Hannah Devineag cur leis an éagsúlachtcheoil. Bhí an-oíche go deo agna Culture Vultures agus tá séi gceist acu a thuilleadhimeachtaí a reáchtáil don bh-liain úr. Gach fáilte roimh

fiosrúcháin ach glaoch ar Áine ar 091846145 i ndiaidh 7.00in.

Culture VulturesCulture Vultures

Siamsóir na MíSiamsóir na Mí

Ceol ChrónáinCeol ChrónáinMás spéis leat éirí gafa leis an gceol traidis-iúnta, buail isteach ar an seisiún seach-tainiúil in ionad cultúrtha Áras Chrónáin,Cluain Dolcáin, BÁC 22 gach oícheChéadaoin óna 9.00in go meánoíche. Fáilteroimh chách, níl uait ach tú féin agus fonnceoil! Tuilleadh eolais: www.araschronain.com / 01 4574847

Page 5: Nuachtlitir an Chonartha Eanair 09

55Is féidir scéalta a chur chuig [email protected] féidir scéalta a chur chuig [email protected]

Tá caoga blagálaí i ndiaidh tarraingt le chéileagus leabhar nua a fhoilsiú le hairgead athiomsú do dhaoine gan dídean in Éirinn.Bailiúchán faoi leith de scéalta agus gri-anghraif atá sa leabhar Homepages | TalesFrom The Irish Blogosphere, curtha le chéileag blagálaithe na tíre ar bhonn deonach agusar mhaithe leis an gcarthanacht Focus Ire-land. I measc na scríbhneoirí iomráiteacha a

ghlac páirt sa tionscnamh, tá giotaí le léamhó na colúnaithe Bryan Mukandi agus JohnButler ón Irish Times agus Twenty Major, abhfuil duais An Blag is Fearr bainte aige inGradaim Bhlagála na hÉireann trí bliana asa chéile. Tagann na scéalta ar fad faoithéama an baile agus ‘sí an t-aisteoir, scríb-hneoir agus blagálaí Pauline McLynn ascríobh an réamhrá atá leis. Cuimsíonn anleabhar réimse iontach pearsantachtaí,stíleanna scríbhneoireachta agus ábhair. Anblagálaí Catherine Brodigan a chur an leab-har le chéile agus a rinne eagarthóireacht arna píosaí. Is féidir an leabhar a cheannach arlíne ionas go bhfoilsítear na leabhair de réiréileamh agus nach bhfuil aon chostas le chlú-dach roimhré. Tá na fáltais uile ó dhíol anleabhair ag dul díreach go Focus Ireland, ea-graíocht charthanach a chuireann seirbhísíagus tacaíocht ar fáil do dhaoine gan dídeanin Éirinn. Gach eolas mar gheall ar an obaira dhéanann Focus Ireland le fáil arwww.focusireland.ie agus eolas faoi conasan leabhar a ordú arhttp://homepagesthebook.wordpress.com.Is féidir rphost a sheoladh go CatherineBrodigan ag [email protected]ó teagmháil trí Ghaeilge a dhéanamh leClare Spáinneach ar [email protected]/ 085 7276292.

Ceiliúrtar seirbhísí rialta i nDeoise BhaileÁtha Cliath agus Gleann Dá Loch trímheán na Gaeilge, faoi choimirce Chu-mann Gaelach na hEaglaise go príomha.Bunaíodh Cumann Gaelach na hEaglaisesa bhliain 1914 chun meon na Sean-Eaglaise Ceiltí a choimeád beo in Eaglaisna hÉireann agus baill na hEaglaise achuireann spéis sa Ghaelachas a bhailiúle chéile, mar aon le húsáid na Gaeilge aleathnú san Eaglais. Tá sé d’aidhm acuiomainn agus ábhar diaga eile a bhailiú ólitríocht na Gaeilge chomh maith le ceolagus ealaíon Éireannach a chur araghaidh in imeachtaí na hEaglaise leis.Eagraíonn an Cumann seirbhísí rialta iséipéal Choláiste Oideachais Eaglais nahÉireann, Ráth Maonais agus in Ardteam-pall Chríost, Baile Átha Cliath 8, mar aonle seirbhísí eile in áiteanna éagsúla ar fudna tíre ó am go ham. Déanfar SeirbhísGaeilge Éacúméineach Idirchreidmheacha cheiliúradh in Ardteampall Chríost lelinn Sheachtain na hAontachta Críostaíoíche Aoine an 23 Eanáir 2009 ag 8.00in.Fáilte roimh chách! Gach eolas: +353 (0)1 8336165 /dublin.anglican.org/resources/seirbhis_as_gaeilge.php / +353 (0)87 2442705

Seirbhísí EaglaiseSeirbhísí EaglaiseHomepages na hÉireannHomepages na hÉireann

Page 6: Nuachtlitir an Chonartha Eanair 09

66 Cuir na scéala chugainn roimh 09 Feabhra 2009Cuir na scéala chugainn roimh 09 Feabhra 2009

Tháinig Coiste Forbartha Gaeltachta ChillRuis ar an bhfód i 2007 chun an Ghaeilge aathbheochan i gContae an Chláir le súil isgo mbronnfar stádas Gaeltachta ar angceantar arís. Chuige seo, d’eagraigh anCoiste Forbartha tráthnóna Gaeilge sanIonad Pobail i gCill Ruis le déanaí agustháinig an tOllamh Ciarraíoch Muiris Ó

Laoire trasna na habhann le léacht dar tei-deal An áit as ar tháinig muid agus cá bh-fuil muid ag dul? a thabhairt do phobal naGaeilge ann. Scríobh an tOllamh Ó Laoirean leabhar Athbheochan Na hEabhraise :Ceacht Don Gaeilge? agus labhair sé leisan slua de dhá scór mar gheall ar a chuidteoiricí ar athbheochan na hEabhraise,conas mar a rinneadh é agus conas go bh-féadfadh an méid seo athbheochan naGaeilge a threorú. Léiríodh an-suim ins anméid a bhí le rá aige agus mar thoradh arrath na hócáide, tá an Coiste ag dul i mbunoibre i gcomhar leis an Ollamh agus micléinn Institiúid Teicneolaíochta Thrá Lí lesuíomh idirlín a chruthú don ghrúpa for-bartha. Tá súil ag an gCoiste léacht eileleis an Ollamh Ó Laoire a eagrú arís goluath, agus tá súil freisin le Seán Ó Neach-tain, Feisire Eorpach, cuairt a thabhairt arIonad Pobail Chill Ruis go gairid chun lab-hairt le baill áitiúla de Chonradh naGaeilge, Coiste Forbartha na Gaeltachtaagus Forbairt Teanga Chontae an Chláirmar gheall ar athbheochan na Gaeilge sachontae. Tuilleadh eolais: Seósamh MacIonnrachtaigh +353 (0)87 1379018 / SinéadNí Choileáin [email protected] /+35 (0)87 6528597

Thosaigh an dara chuid den sraith clár

filíochta agus ceoil Caifé Cois Life arís an

tseachtain seo leis na filí iomráiteacha

Biddy Jenkinson agus Pádraig Ó Snodaigh

ag léamh a gcuid dánta ar an gCéadaoin.

B’iad Rónán Ó Snodaigh agus Mick O’Brien

aoi-cheoltóirí na hoíche agus beidh

aíonna as an nua ar an gclár gach oíche

Chéadaoin óna 8.00in sna seachtainí

amach romhainn. Beidh gach ócáid á

taifead ag Raidió na Life agus tugann an

comhlacht léiriúcháin Scéal Eile cuireadh

don phobal a bheith i láthair. Beidh filí

mór le rá dá leithéid Liam Uí Mhuirthile,

Tadhg Uí Dhúsláine, Ailbhe Ní Ghearb-

huigh agus Colm Breathnach ag léamh sa

Chaifé agus ceoltóirí amhlaidh Pól Ó

Seachnasaigh, Micheál Ó Raghallaigh,

Tristan Rosenstock, Damien Stenson agus

Paul Finn ag casadh mar thionlacan acu.

Saor cead isteach agus sólaistí ar fáil. Tá

an Caifé lonnaithe in Uimhir a Seacht,

Cearnóg Mhuirfean, Baile Átha Cliath 2

agus tá tuilleadh eolais le fáil ar +353

(0)87 7443037 / +353 (0)87 74159355

Caifé Cois LifeCaifé Cois LifeCeacht na hEabhraiseCeacht na hEabhraise

Page 7: Nuachtlitir an Chonartha Eanair 09

Tá iarratais á lorg do scoláireachtaí Ful-bright chun deis a thabhairt do Ghaeilgeoirí

a bheith ina gcúntóirí chun an Ghaeilge amhúineadh mar theanga iasachta do mhicléinn sna Stáit Aontaithe in 2009 – 2010. Tásé mar aidhm ag an gClár Fulbrightcomhthuiscint agus meas a chothú ar fud nacruinne idir muintir Mheiriceá agus pobal

tíortha eile trí mhalartáin chultúrtha agusoideachasúla. Ní mór do gach iarrthóir abheith líofa sa Ghaeilge; a bheith in annsárchaighdeán pearsanta agus acadúil aléiriú; a bheith i ndiaidh foirm iarratais chuía líonadh; agus a bheith ar fáil le hagallamha dhéanamh i mBaile Átha Cliath ar an 9 Feabhra 2009.

Tuilleadh eolais ó Janine Torell [email protected] / + 353 (0) 1 6607670/ www.fulbright.ie. Sprioc na n-iarratas:30 Eanáir 2009

Scoláireachtaí FulbrightScoláireachtaí Fulbright

77Is féidir scéalta a chur chuig [email protected] féidir scéalta a chur chuig [email protected]

Page 8: Nuachtlitir an Chonartha Eanair 09

88 Cuir na scéala chugainn roimh 09 Feabhra 2009Cuir na scéala chugainn roimh 09 Feabhra 2009

Trasna

2 comórtas; achrann (8)

4 píosa mór de rud (4)

6 bíoma; substaint chrua chalctha (4)

8 sórt; saghas (6)

9 fear atá i gceannas ar mhainistir (2)

11 doirteadh fearthainne (7)

12 toradh an draighin (5)

14 iníon mic nó iníne (8)

15 éigniú mná

Síos

1 saoiste (3)

3 cneasta; ionraic (7)

5 soiléir; cruinn (9)

7 gort curaíochta (10)

9 slogadh gan chogaint (6)

10 muisiriún (6)

13 an t-alt? (2)

Crosfhocal Mhí EanáirCrosfhocal Mhí Eanáir

Más spéis leat dearbhán ar luach €30 don siopa potadóireachta Louis Mulcahy

a bhuacaint, líon isteach an crosfhocal agus seol chuig:

An Crosfhocal, 6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2.

Buaiteoir Mhí na Nollag: Feargus Ó Snodaigh, Baile Átha Cliath.