Upload
others
View
4
Download
0
Embed Size (px)
Citation preview
1
Nuair a tháinig na Ceiltigh go hÉirinn.
Bhí daoine ina gcónaí in Éirinn i bhfad sula dtáinig na Ceiltigh chun na
tíre seo. Deirtear go raibh Fir Bholga ann, go raibh na Tuatha Dé Danann
ann, go raibh na Parthalónaigh ann. Níl muid cinnte faoi rud ar bith ach fuair
muid eolas faoi na daoine seo ó sheanscéalta. Is cinnte nach raibh an tír féin
mar atá anois nuair a tháinig na Ceiltigh. Ní raibh mórán bóithre ann an t-am
sin. Bhí coillte móra ann agus ní raibh an talamh chomh mín agus atá sé
anois. D'athraigh na Ceiltigh seo uilig. Feirmeoirí a bhí iontu agus thóg siad
bóithre agus tithe. Thug siad a dteanga dúinn. Gaeilge an t-ainm a bhí ar an
teanga seo. Tá an teanga seo againn go fóill.
2
Ag cur an leabhair seo le chéile dom fuair mé a lán eolais ó na leabhair
seo a leanas:
1. Celtic Way of Life O'Brien Educational
2. Céimeanna sa Stair 2 An Gúm
3. Éire Sean is Nua Na Bráithre Críostaí
4. An Stair Bheo 2 T. N. McGillicuddy
3
An Réamhstair
9. Is ar an treibh seo a thugaimidna Gaeil. Bhí uirlisí iarainn acu.Ghearr siad bóithre trí na coillteagus mharaigh siad mórán de nahainmhithe fiáine. Diaidh ar ndiaidhleath siad tríd an tír uile.
8. Tháinig cuid acu i dtír igCiarraí agus an chuid eile in aicena Bóinne. Tharla cathannaeatarthu féin agus Tuatha DéDanann. Bhuaigh Clanna Mílegach cath acu.
4. Lucht feasa agus draíochtaba ea iad seo. Bhuaigh siad ar naFir Bholg agus bhí an tír fúthu arfeadh i bhfad go dtí gur tháinigClanna Míle.
5. Ceiltigh ba ea Clanna Míle.Chreid siad go raibh i ndán dóibhoileán a bhaint amach ina mbeadhsonas go deo orthu. Bhíodh siadar feadh i bhfad á lorg.
6. Shroich siad an Spáinn.Tharla, uair, gur imigh scaifte acuan fharraige amach. Ag féachaintdóibh ar an ghrian ag dul faoi,chonaic siad uathu sléibhte nahÉireann.
1. Ba iad na Parthalónaigh anchéad treibh a tháinig go hÉirinn.B'as an Ghréig iad. Chuir siadfúthu i nGleann na Life. Tar éis tríchéad bliain mharaigh plá iad uile.
3. Tháinig na Fir Bholg, dreamláidir cróga. Thóg siad dúnta láidrecloiche anseo is ansiúd. Níorbhfhada gur tháinig Tuatha DéDanann ina ndiaidh.
2. Tháinig Clanna Neimhidh ónGhréig fosta. Bhí siad dhá chéadbliain sa tír. D'fhág siad Éire toisc gombíodh foghlaithe mara, naFomhóraigh, ag déanamh ionsaitheorthu.
7. Abhaile leo agus d'inissiad an scéal. Sheol cabhlachmór díobh an fharraige siar agusan Bhanríon Scoithín marcheann orthu. Shroich siad Éirethart faoi 350 R. Ch.
4
Ceisteanna
1. Cárbh as na Parthalónaigh?
a. Albain b. An Ghréig c. Éire.
2. Bhí na Fir Bholg:
a. léannta b. cróga c. gasta.
3. Cén sórt dreama iad, Tuatha Dé Danann?
4. Cárbh as Clanna Neimhidh?
5. Cá fhad a raibh siad sa tír seo?
6. Cad é a tharla do Chlanna Neimhidh sa deireadh?
7. Cé leo ar throid Clanna Míle nuair a tháinig siad go hÉirinn?
8. Ainmnigh dhá áit ar throid siad sa tír seo.
5
Teacht na gCeilteach
Tháinig na Ceiltigh ó lár na hEorpa. Feirmeoirí a bhí iontu ach bhí siad
iontach maith ag troid. Bhog siad soir siar ó lár na hEorpa agus ghlac siad
seilbh ar thalamh ar fud na hEorpa.
Chuaigh siad a fhad leis an Spáinn agus soir a fhad leis an Tuirc. Bhí
siad ar an dream ba chumhachtaí san Eoraip trí chéad bliain sular rugadh
Íosa.
Faigh ainmneacha na dtíortha atá ar an léarscáil.
Bhí daoine in Éirinn nuair a tháinig Clanna Míle nó na Ceiltigh. Bhí a
nósanna féin agus a dteanga féin acu. Thug na Ceiltigh nósanna agus
scileanna nua do na daoine agus ar ndóigh thug siad a dteanga féin leo, an
Ghaeilge. Níor tháinig dream ar bith eile isteach sa tír go dtí gur tháinig na
Lochlannaigh níos mó ná míle bliain ina dhiaidh seo.
Nuair a tháinig na Ceiltigh bhí an tír fiáin agus folamh i gcuid mhór
áiteanna. Bhí coillte móra ann. Bhí mánna móra ann fosta. Feirmeoirí ba ea
6
iad agus chuir siad fúthu sna mánna seo. Bhí go leor lochanna agus
aibhneacha ann chomh maith. Mar sin de bhí éisc go leor agus uisce acu.
Níor chónaigh na Ceiltigh i mbailte mar bhí feirmeacha acu. Bhí na bóithre
garbh go leor. Bhí capaill acu má bhí orthu taisteal áit ar bith. Thóg siad
droichid trasna na n-aibhneacha agus bhí siad ábalta dul ó áit go háit gan
mórán fadhbanna. Cé go raibh na bóithre garbh choinnigh na daoine iad go
measartha. Bhí orthu na bóithre a choinneáil go measartha ar thrí ócáid:
a. nuair a bhí rásaí capall ann;
b. sa Gheimhreadh;
c. in am cogaidh.
Bhí ainmhithe ann an t-am sin nach bhfuil anois ann. Bhí mic tíre ar fud
na tíre. Bhí an t-iolar le feiceáil ann chomh maith le muca fiáine. Bhí an fia
le feiceáil ar fud na tíre agus bhíodh feoil an fhia mar bhia ag na Ceiltigh.
Ceisteanna
1. Cad é mar a bhí na bóithre i bhfad ó shin?
(mín, leathan, garbh).
2. Ainmnigh 3 ainmhí a bhí in Éirinn fadó.
3. Cad é a thug na Ceiltigh do na hÉireannaigh atá acu go fóill?
4. Mínigh na focail seo.
1. magh
2. iolar
3. curach
4. muc fhiáin.
5. Bhí saol garbh go leor ag na Ceiltigh. Scríobh 4 líne faoin saol acu.
7
Cuma na gCeilteach
Cén chuma a bhí ar na
Ceiltigh?
Deirtear go raibh siad ard
agus fionn nó rua. Bhí siad
iontach cúramach faoina
gcuma, is cosúil. Bhíodh a
gcuid gruaige fada agus
thaitin dathanna geala leo.
Tá f ianaise againn go
gcaitheadh na mná cumhrán
agus seodra. Bhíodh folcadh
go minic acu.
Scríobh na Rómhánaigh faoi na Ceiltigh a bhí ar fud na hEorpa ag an
am seo. Scríobh STRABO faoi na Ceiltigh a raibh cónaí orthu sa Fhrainc:
"Ní maith leo bheith ramhar. Má éiríonn fear óg ramhar gearrtar fíneáil
air."
Scríobh DIODORUS SICULUS faoi dtaobh de na Ceiltigh chomh maith.
"Is daoine iad atá fionn de ghnáth ach cuireann siad dath fríd a
ngruaig. Bearrann cuid de na fir acu an fhéasóg ach bíonn croimbéal
orthu. Bíonn an croimbéal iontach fada. Tá scéalta iontacha acu ach iad
lán mórtais. Molann siad iad féin cuid mhór. Tá siad cliste ach róthugtha
don fhéinmholadh."
Bhí éadaí na gCeilteach simplí agus geal. Rinne siad a gcuid éadaí ó
olann agus línéadach. Chaitheadh fir agus mná ionair agus clócaí fada agus
iad ceangailte le bioráin agus bróistí. Bhíodh bróga orthu agus iad déanta
as leathar. Chaitheadh fir agus mná seodra: fáinní mar shampla agus toirc.
Tá cuid den seodra seo againn go fóill in iarsmalanna ar fud na hÉireann.
8
Bhíodh folcadh go minic acu.
carbad Ceilteach
cloigeann Ceilteach
torc
9
Cormac Mac AirtSeo scéal faoi Rí Cheilteach a ghlac leis an chreideamh nua — an Chríostaíocht.
1. Ar sheanríthe na nGael bhíConn Céadchathach agus agharmhac Cormac Mac Airt. Laochcróga ba ea Conn ach ba é Cormacan rí ba chumhachtaí agus baléannta dá raibh in Éirinn sa ré sin.
2. Nuair a bhí sé an-ógd'ardaigh mactíre leis go dtí a phollé. Shábháil bean darbh ainmLughna é agus is í sin a thóg agus
a d'oil é.3. Bhí Lughaidh Lámhfhada inarí an uair sin. Tíoránach a bhí ann.Bhain na daoine ceannas na tíre deagus rinne siad rí de Chormac Mac
namhaid ar bith eile.6. Daichead bliain a chaithCormac ina rí. Ansin bhí air éirí as
na tíre.8. I Ros na Rí ar an Bhóinn achuala Cormac scéal anFhíorchreidimh agus ghlac sé leis.Chuir na draoithe mallacht air mar
thréig sé an phágántacht.9. Lá amháin nuair a bhí sé agcaitheamh béile tachtadh é lecnámh bradáin. Sula bhfuair sé básd'ordaigh sé dá mhuintir é a chur iRos na Rí.
Airt.4. Bhí rath ar an tír agus flúirseag gach aon duine. Gach tríú bliainbhíodh feis mhór ag na Gaeil idTeamhair agus bhíodh comórtais
de gach saghas acu.5. Namhaid do Chormac ba eaFearghas Dubhfhiaclach, rí Uladh.Bhuaigh Cormac air i gCathChríonna agus ansin níor bhaol dó
mar chaill sé súil leis i gcath.7. Ina dhiaidh sin scríobhCormac roinnt leabhar. Orthu sinbhí 'Teagasc Rí ' inar thug sécomhairle dá mhac, Cairbre, ar rialú
10
Na Ceiltigh sa Bhaile
Bhíodh tithe na gCeilteach tógtha taobh istigh de bhallaí láidre. Bhíodh
siad ciorclach i gcuma. Tógadh le clocha agus adhmad iad. Baineadh úsáid
as tuí chun díon a dhéanamh. Bhíodh tuí ina luí ar an urlár. Dhéantaí tine
i lár an urláir agus bhíodh poll sa díon chun an toit a ligean amach. Ní bhíodh
ach seomra amháin ann, agus seachas stól nó dhó agus soithí ní bhíodh
mórán troscáin ann. Luíodh siad ar thuí san oíche.
Bhíodh tithe móra ag na huaisle. Bhíodh ainmneacha áirithe ar na tithe
móra seo:
1. dún 2. ráth 3. lios 4. cathair 5. caiseal
11
Logainmneacha
Luaigh muid:
1. dún 2. ráth 3. lios 4. cathair 5. caiseal
Seo thuas áiteanna in Éirinn a bhfuil na hainmneacha sin orthu. Mar
shampla tá na hainmneacha seo ann:
1. Lios Mór 2. Dún Phádraig 3. Ráth Luairc
4. Cathair na Mart 5. Caiseal na Mumhan
12
Logainmneacha
Is iomaí logainm atá againn in Éirinn. Seo thíos cuid acu.
1. Ard
2. Aonach
3. Áth
4. Baile
5. Béal
6. Barr
7. Bealach
8. Bun
9. Carn
10. Carraig
11. Coill
12. Doire
13. Droim
14. Dún
15. Eaglais
16. Fionn
33. Poll
34. Port
35. Púca
36. Ráth
37. Ros
38. Rua
39. Sagart
40. Sean
41. Seisceann
42. Sruthán
43. Teach
44. Tír
45. Tobar
46. Tor
47. Trá
48. Tulach
17. Fál
18. Gall
19. Gaoth
20. Garbh
21. Gleann
22. Inis
23. Iúr
24. Lag
25. Leac
26. Leitir
27. Lios
28. Machaire
29. Magh
30. Mín
31. Mór
32. Mullach
13
g. Tramore
h. Tralee
i. Cushendall
j. Cushendun
k. Castlederg
l. Moneymore
m. Moygashel
n. Carrickfergus
o. Ballydownfine
p. Gortin
q. Killybegs
r. Templepatrick
g. Leac
h. Mullach
i. Port
a. Lios Mór
b. Baile Thomáis
c. Béal an Átha
d. Gort an Choirce
e. Dún Garbhán
f. Mainistir Fhear Magha
g. Lios Tuathail
h. Caisleán an Bharraigh
i. Port Omna
j. An tAonach
k. Droichead an Bhrandáin
l. Béal an Átha Mhóir
Is féidir linn an-eolas faoin teanga a bhailiú agus muid ag staidéar
logainmneacha.
1. Cad é a chiallaíonn na hainmneacha seo?
f. Poll an Phúca
g. An Poll Glas
h. An Chill Bhuí
i. An Trá Liath
j. Barr na Sráide
k. Carn Domhnaigh
l. An Choill Chaol
m. Gleann Bhaile Éamainn
n. Leitir Mhic an Bháird
o. Machaire Rátha
a. An Chluain Ard
b. An Bun Beag
c. Na Doirí Beaga
d. Béal Feirste
e. Lios Dún Bhearna
a. Belfast
b. Dublin
c. Moyard
d. Keady
e. Letterkenny
f. Donegal
2. Seo logainmneacha i mBéarla. Cad é a chiallaíonn siad i nGaeilge?
3. Faigh 3 shampla de na logainmneacha seo:
4. Faigh na háiteanna seo ar léarscáil na hÉireann.
a. Lios
b. Dún
c. Tearmann
d. Aonach
e. Ráth
f. Béal
14
Muintir na Tíre
In aimsir na gCeilteach ní raibh Éire roinnte ina contaetha. Bhí sí roinnte
i gceantair bheaga. 'Tuatha' a thugtaí orthu. Bhí 150 tuath ar fud na
hÉireann. Bhí an tuath rannta ina chodanna.
1. An Rí Tuatha . Bhí seisean i mbun an tuatha agus an airm.
2. Na huaisle . Bhí na laochra, na draoithe, daoine saibhre, gaiscígh
agus ceardaithe oilte ina measc sin.
3. Saoránaigh eile. Feirmeoirí agus mioncheardaithe a bhí iontusan.
Bhíodh cónaí orthu i dtithe beaga.
4. An Daoraicme. Daoine gan talamh agus sclábhaithe. Bhíodh
sclábhaithe ann ó threibheanna eile. Fuarthas iad le linn cogaidh.
Ligeadh saor iad tar éis tamaill (trí bliana de ghnáth). Aoireacht is
mó a dhéanfadh na daoine gan talamh.
15
Laochra
AN TREIBH
Lucht freastail
Sclábhaithe
Feirmeoirí
Ceardaithe
Rí nó Banríon
Draoithe
16
Na Draoithe
Sagairt phágánacha a bhí sna draoithe. Daoine cliste a bhí iontu.
Dhéanadh siad ofráil agus íobairtí chun na ndéithe págánacha. Bhí áiteanna
naofa ag na Ceiltigh. Mholadh siad an crann darach agus bhíodh linnte
naofa acu chomh maith.
Is ann a dhéanadh an draoi an ofráil. Bhíodh féilte speisialta ag na
Ceiltigh: (1) Lá Samhna; (2) Lá Bhríde; (3) Lá Bealtaine; (4) Lá Lúnasa.
An bhfuil a fhios agat cad chuige a raibh na laethanta seo speisialta
acu?
Daghdha an príomhdhia a bhí acu. Bhíodh an draoi ina mhúinteoir,
dhochtúir, bhreitheamh agus ina fhile! Bhíodh an-eolas go deo aige!
Bhíodh na dlíthe de ghlanmheabhair acu.
17
An Chlann
Bhíodh an chlann iontach tábhachtach ag na Ceiltigh. Níba thábhachtaí
ná aon duine aonair. Ba leis an chlann an talamh agus bhíodh meas ag na
Ceiltigh ar na seandaoine sa chlann. Thogh an chlann an duine ab fhearr le
bheith ina Rí. Bhíodh ar an Rí bheith saor ó locht ar bith, locht ar a chorp nó
locht intinne.
Bhí seacht lá na seachtaine leagtha amach faoi choinne an Rí.
1. An Domhnach — ól agus ceol.
2. An Luan — ina bhreitheamh.
3. An Mháirt — ag imirt fichille.
4. An Chéadaoin — ag amharc ar na cúnna.
5. An Déardaoin — ag an bhainis.
6. An Aoine — ag rásaí na gcapall.
7. An Satharn — ina bhreitheamh.
18
Na DlítheDlíthe na mBreithiúna
Nósanna a bhí sna dlíthe seo. Tháinig siad anuas ó ghlúin go glúin ó na
draoithe ar dtús agus ansin na filí.
Bhí troscadh iontach tábhachtach. Chun cothrom na Féinne a fháil
dhéanadh fear troscadh ag teach an duine a rinne éagóir air. I gcás duine
a mharú bhí ar an duine a mharaigh an duine eile clann an duine sin a
ghlacadh agus iad a chothú agus a choinneáil ina theach féin.
Bhí áit thábhachtach ag na mná. Dhéanadh siad troid sa chogadh lena
bhfir. Bhí cead acu colscaradh a fháil má bhí cúis mhaith acu. Bhí cuid acu
iontach láidir. Méabh , mar shampla, bhí sí ina banríon láidir. Theagasc
Scatha agus Aoife scileanna an chogaidh do Chú Chulainn.
Draoithe
19
1. Scríobh na focail seo in Ogham:
a. eas b. balla c. scoil d. fás e. ceol f. meas
2. An féidir leat abairt a scríobh?
Scríbhneoireacht na gCeilteachOgham atá ar an scríbhneoireacht luath a bhí ag na Ceiltigh. Scríobh
siad ar chlocha. Níor scéalta iad ach inscríbhinní ar uaigheanna nó ar
theorainneacha talún.
An féidir leat d'ainm féin a scríobh in Ogham?
20
Cluichí agus Ceol
B'iomaí cluiche a bhí ag na Ceiltigh. Bhí siad iontach tugtha don iomáin .
Tá scéalta againn go fóill faoi Shetanta agus an dúil a bhí aige sa chluiche
sin.
Chomh maith leis sin chleachtadh siad lúthchleasaíocht . Bhí dúil acu
i ndá chluiche boird mar a bhí brandubh agus ficheall .
Bhí an-dúil ag na Ceiltigh sa cheol. Bhíodh ceol go minic luaite sna
scéalta móra, agus dúradh gur féidir leis an cheol an t-anam a shocrú.
Bhíodh cláirseach agus timpán acu mar ghléasanna ceoil. Bhíodh
píobaí agus trumpaí acu chomh maith.
Bhí dúil san amhránaíocht fosta agus ba í seo an saghas siamsaíochta
ba mhó a bhíodh acu.
21
Naomh Pádraig
1. Timpeall 401 A.D. thug ant-Ard-Rí, Niall, príosúnaigh abhaileleis ón Bhreatain. Bhí an t-ógánach,Pádraig, ina measc. I mBannavem,cois bhéal na Sabhairne, a rugadhé.
2. Díoladh Pádraig le Miliuc.Chaith sé sé bliana ag aoireachtcaorach ar Shliabh Mis in Aontroim.Bhíodh sé gach lá ag guí chun Dé.
3. Faoi dheireadh d'éalaigh sé.D'éirigh leis dul go dtí Nantes saFhrainc. Chaith sé tamall agfoghlaim chun bheith ina shagart.Rinneadh sagart de in Auxerre.
4. Sa bhliain 432 chuir an PápaCelestín go hÉirinn é. Rinne PádraigCríostaí den taoiseach Dichu. Thugseisean scioból dó mar eaglais.Sabhall (scioból) Phádraig ainm naháite ó shin.
5. D'imigh Pádraig go dtí anTeamhair agus mhínigh sé anChríostaíocht don Ard-Rí, Laoire,agus do na huaisle. Thug an tArd-Rí cead dó an Creideamh amhúineadh do na Gaeil.
6. Thaistil Pádraig ar fud nahÉireann. D'iompaigh sé mórándaoine chun an Chreidimh. Bhaistsé iad sna toibreacha ar anglaoitear ó shin 'toibreacha
Phádraig'.7. Le linn do Phádraig bheithag taisteal na tíre leag sé íola nabpágánach. Ba é Crom Cruach arMhá Sléacht an ceann ba mhó acu.
8. Chaith sé daichead lá agtroscadh ar mhullach cnoic igConnachta. Ó shin i leith tugtarCruach Phádraig ar an chnoc.
Téann na sluaite ar oilithreacht ann.9. Chaith Pádraig tríocha bliain agleathadh an Chreidimh. Bhunaigh sétuairim is 300 eaglais sa tír. Is in ArdMacha a bhunaigh sé anphríomheaglais. D'éag sé i Sabhallagus cuireadh i nDún Phádraig é.
22
An Claíomh Órga
Nuair a bhí Naomh Bríd ina cailín óg bhí cónaí uirthiféin agus ar a hathair, Dufach, i gCo. Lú.
Uair amháin thug Dufach cuairt ar Rí Laighean. BhíBríd óg ina chuideachta. Ní raibh cead ag duine bheitharmtha os comhair an Rí. Mar sin d'iarr Dufach ar a iníonfanacht taobh amuigh agus aire a thabhairt dá chlaíomh.Claíomh álainn a bhí ann. Bhí an lann an-ghéar. Bhíseodra go leor i ndorn an chlaímh. Ba bhreá leat breathnúar an dorn órga ag spréacharnach faoi sholas na gréine.
Tháinig bacach bocht ag iarraidh déirce. Rith nadeora le Bríd. Bhí trua aici dó ach ní raibh aon rud aici letabhairt dó. Ansin smaoinigh sí ar an chlaíomh álainn."Seo duit," ar sise. As go brách leis an bhacach agus anclaíomh breá aige.
Go gairid ina dhiaidh sin tháinig an Rí agus Dufachamach. D'fhéach Dufach sa charbad. Leath an dá shúilina cheann.
"Cá bhfuil mo chlaíomh?" ar seisean."Thug mé do bhacach é, a Dhaidí," arsa Bríd.
"Dhéanfása an rud céanna, tá mé cinnte. An créatúrbocht …"
D'fhéadfá Dufach a leagan le cleite. An claíomhálainn a fuair sé óna athair, a tháinig anuas glúin i ndiaidhglúine. Bhí fearg air ach sula raibh faill aige tabhairtamach di labhair an Rí léi:
"A stóirín," arsa an Rí. "Níor leat an claíomh, níorleat é le tabhairt uait."
"Ní fhaca tusa an bacach bocht," arsa Bríd áfhreagairt. "Dá mbeinn chomh saibhir leatsa, a Rí,thabharfainn gach rud do na bochta."
D'fhéach Dufach uirthi go grámhar. Nuair a d'fhás sísuas bhí cáil ar fud na hÉireann uirthi mar gheall ar a croímór. Bhunaigh sí clochar i gCill Dara. Thug muintir nahÉireann leasainm álainn di — 'Muire na nGael'.
23
Naomh Bríd
sise aon duine ach Íosa Críost.7. Bhí sí le pósadh ar ordú ahathar nuair a tháinig galaruafásach ar a haghaidh. Ansintugadh cead di bheith ina bean
Máthair Dé.9. Thóg sí clochar in aice lecrann darach, san áit ina bhfuil CillDara anois. Is ansin a bhunaigh sían chéad ord de mhná rialta inÉirinn. D'éag sí sa bhliain 525.
1. I bhFochairt in aice le DúnDealgan a rugadh Naomh Brídtamall beag tar éis teacht gohÉirinn do Naomh Pádraig.Taoiseach ba ea a athair.
charthanach.3. Lá amháin, tar éis di na ba abhlí, thug sí an bainne do nabochtáin. Tháinig eagla uirthi ansinroimh a máthair.
buicéad lán go béal.5. Bhí sí chomh carthanach sinnár dhiúltaigh sí rud do na bochtáinriamh. Thug sí claíomh a hathar dodhuine acu lá.
6. Bheartaigh a hathair ar í athabhairt le pósadh. Bhí móránógfhear i ngrá léi ach níor ghráigh
4. Ghuigh sí chun Dé anbuicéad a líonadh arís. Nuair abhain sí an baile amach bhí an
2. Dhéanadh Bríd gach saghasobair tí mar ba nós do chailíníuaisle na haimsire sin. Cailínbeannaithe ba ea í agus bhí sí an-
rialta.
8. Chomh luath agus a thug sí íféin do Dhia mar bhean rialta, tháiniga háilleacht ar ais chuici agusdúradh go raibh sí cosúil le Muire,
24
An Eaglais Luath in Éirinn
Nuair a fuair Naomh Pádraig bás ní raibh achan duine in Éirinn ina
Chríostaí. Ní raibh mórán ríthe ina gCríostaithe. Níor ghlac na Draoithe leis
an teagasc úr ar chor ar bith. Ach de réir a chéile rinneadh manaigh de
mhórán fear ar fud na tíre agus tógadh a lán mainistreach. Bhí mainistir ag
Naomh Pádraig féin in Ard Mhacha. Ba é seo lárionad na hEaglaise in Éirinn.
Bhí ab i mbun achan mhainistir agus de réir mar a chruinnigh an Eaglais
cumhacht chuici féin bhí cumhacht na n-abaí ag dul i méid. Bhí mainistreacha
ar fud na tíre. Bhunaigh Naomh Colm Cille roinnt acu. Bhunaigh sé mainistir
i nDarú, i nDoire, i Sord agus i gCeanannas Mór. Ba ghnáth leis na manaigh
taisteal ó mhainistir go mainistir agus roinnt ama a chaitheamh i ngach áit
acu.
25
Saol na Mainistreach
Tá cuid de bhallóga na n-áiteanna seo fágtha againn go fóill. Tá sin agus
nótaí i lámhscríbhinní atá againn go fóill faoin saghas saoil a bhí ag na
manaigh ag an am seo. Is léir gur áit mhór a bhí i mainistir.. Bhí eaglais ann.
Bhí áit ann do dhaoine a tháinig ar cuairt chun na háite. Bhí bialann nó
proinnteach ann. Bhí scoil agus cealla na manach ann. Chónaigh achan
mhanach i gcill. Bhí seo uilig taobh istigh de bhallaí na mainistreach. Tógadh
na cealla le hadhmad. Tógadh cuid acu le clocha agus tá cuid acu sin ann
inniu.
Bhí saol crua go leor ag na manaigh. Bhíodh siad ag guí chun Dé agus
ag obair go crua i rith an lae. Chaitheadh siad cuid mhór ama ag guí.
D'fhásadh siad a nglasraí féin agus bhíodh ainmhithe feirme acu chun iad
féin a chothú. Dhéanadh siad im agus cáis agus bhíodh go leor bainne acu.
D'itheadh siad feoil ar laethanta féile. Ní itheadh siad go dtí go mall Dé
Céadaoin agus Dé hAoine. Dhéanadh siad troscadh dian le linn an Charghais.
26
Doire
Ard Mhacha
Ceanannas
Sord
Baile Átha CliathDarú
Na Mainistreacha
Gleann Dá Loch — Naomh Caoimhín
Glas Naíon — Naomh Mobhaí
Corcaigh — Naomh Fionnbarra
Beannchar — Naomh Comhghall
Cluain Mhic Nóis — Naomh Ciarán
Cluain Fhearta — Naomh Breandán
Cluain Ioraird — Naomh Finín
Oileán Árann — Naomh Éanna
Aird Mhór — Naomh Deaglán
Tógadh a lán mainistreacha ar fud na tíre. Bhí clú agus cáil ar chuid mhór
acu nó bhí a gcuid léinn iontach maith. Ag an am seo tugadh "Oileán na
Naomh agus na nOllamh" ar an tír seo. Tógadh cuid de na mainistreacha in
áiteanna an-uaigneach. Tógadh ceann amháin acu ar Sceilg Mhichíl. Níl san
áit seo ach carraig lom i lár na farraige móire in aice le Ciarraí. Bhí saol garbh
go leor ag na manaigh a chónaigh ar an charraig seo.
Seo liosta de na mainistreacha móra agus na naoimh a bhunaigh iad.
27
Scríbhneoireacht
Bhíodh an obair seo iontach tábhachtach. Dhéanadh siad lámhscríbhinní
a chóipeáil. Na manaigh a thug eolas faoin scríbhneoireacht do mhuintir na
tíre. Ba i Laidin a scríobh na manaigh don chuid is mó. Deirtear gur i Laidin
a scríobh Naomh Pádraig féin. Bhí seomra speisialta ann don obair seo in
achan mhainistir. An Teach Screaptra — An Seomra Scríofa a bhí ar an áit
seo. Ba ghnáth leo roinnt leabhar a chóipeáil, go háirithe na Soiscéil.
Scríobhadh siad ar phár. Bhíodh pár chomh maith sin go bhfuil cuid de na
lámhscríbhinní againn inniu. Craiceann caorach nó gabhair atá ann mar
phár. Bhíodh na manaigh go maith ag déanamh dúigh agus ag déanamh
dathanna as duilleoga agus as feithidí. Scríobhadh siad le peann cleite.
28
Cailís Ardach
Miotalóireacht
Bhíodh na manaigh iontach maith i mbun miotalóireachta. Dhéanadh
siad boscaí óir agus airgid agus iad maisithe go galánta le clocha breátha.
Bhíodh soithí eaglasta galánta acu fosta. Ní gá dúinn ach amharc ar Chailís
Ardach agus beidh an cruthú againn. Más maith leat amharc ar an chailís
ghalánta mar is cóir beidh ort amharc uirthi trí ghloine méadaithe. Tá na
patrúin chomh beag agus chomh beacht sin nach féidir a bhfeiceáil ach ar
an dóigh sin. Sa bhliain 1980 thángthas ar chailís eile a bhí lán chomh deas
léi i bpáirc i gCo. Thiobraid Árann. Cailís Dhoire na bhFlann atá uirthi. Tá sí
le feiceáil in iarsmalann i mBaile Átha Cliath. Nach iontach an bua a bhí ag
na Gaeil ag an am seo?
Cailís Dhoire na bhFlann
Gréas as Cailís Ardach
29
An Ré Órga
Ag an am seo bhí cogadh dearg ag dul ar aghaidh san Eoraip. Bhí dhá
threibh ann, na Hunaigh agus na Vandálaigh, agus rinne siad scrios ar fud
na hEorpa. Bhí eagla ar dhaoine rompu agus ba bheag an léann a bhí ann
an t-am sin. Mar sin de tháinig a lán scoláirí chun na tíre seo. Bhí scoileanna
sna mainistreacha agus bhí clú agus cáil orthu. Thriall daoine ón Mhór-
Roinn agus ó Shasain chun oideachas a fháil in Éirinn. Tugadh "Oileán na
Naomh agus na nOllamh" ar an tír seo ag an am seo. An Ré Dorcha a bhí
ann san Eoraip ag an am céanna. Bhí na Ceiltigh i mbarr a réime anois. Bhí
solas an léinn ní ba ghile in Éirinn ná mar a bhí áit ar bith eile.
Scoileanna Filíochta
Bhí scoileanna eile ann an t-am seo. Ach ní creideamh a bhí á theagasc
iontu ach Gaeilge. Filí agus Baird a bhíodh ag teagasc sna scoileanna seo.
Bhíodh an teanga ag teacht chun cinn anois. Bhíodh sí in úsáid ar fud na tíre.
Ráth — an saghas tí a bhíodh ag teaghlach Ceilteach
30
Ag tógáil Eamhain Macha
Brú na Bóinne, Co. na Mí
31
Ré Órga na hÉireann, 450- 850 a.d.
1. Ghlac na Gaei l gofonnmhar leis an Chreideamh.Críostaithe dílse ba ea iad. Isbeag págánach a bhí sa tír faoicheann na bliana 500.
2. Bunaíodh mainistreachaagus scoileanna. Tháinig daoine,fiú ó thíortha iasachta, chunfoghlaim iontu. Chónaigh na scoláiríi mbotháin a thóg siad féin.
3. Bhunaigh Naomh Brídclochar in aice crann darach, sanáit ina bhfuil Cill Dara anois. Bhíclochar ag Naomh Íde san áit ar adtugtar Cill Íde faoi láthair.
9. Ba é Columbanus an misinéirba cháiliúla ar an Mhór-Roinn.Chaith sé na blianta ag leathadh anChreidimh sa Fhrainc, san Eilvéisagus san Iodáil.
6. Bhí bia agus lóistín le fáil inaisce i ngach mainistir, ag luchttaistil. Rinne na manaigh freastalar bhochtáin, agus ar dhaoinebreoite fosta.
5. Bhíodh manaigh eile ag scríobhagus ag maisiú leabhar. Tá cuid dena leabhair sin againn go fóill. Ar nacinn is áille tá Leabhar Cheanannaisagus Leabhar Ard Macha.
4. Theagasc na manaigh dona daoine an dóigh leis na crainna leagadh agus an talamh ashaothrú. D'éirigh na daoine an-oilte ar chúrsaí feirmeoireachta.
7. Chuaigh cuid mhór daoinenaofa go háiteanna uaigneachaagus chaith siad a saol ag déanamha n-anama. Orthu sin bhí Breandán,Caoimhín, Éanna agus Fionnbharr.
8. Chuaigh a lán Gael thar sáileleis an Chreideamh a leathadh.Chuaigh Colmcille agus dáréagmanach go hOileán Í. Bhunaigh siadmainistir ann.
1994
Fadó inFadó inFadó inFadó inFadó inÉ i r i n nÉ i r i n nÉ i r i n nÉ i r i n nÉ i r i n n
(1) Na Ceiltigh(2) An Chríostaíocht
Leabhar Staire do Rang 5