Upload
dangdieu
View
252
Download
5
Embed Size (px)
Citation preview
1
Focail ag críochnú ar -óir agus -eoir.
1. Tábla i dteach pobail - - - óir
2. Stoitheann sé fiacla - - - - - óir
3. Is leis an siopa é - - - - - - eoir
4. Bíonn sé ag teagasc - - - - - eoir
5. Fear atá i mbun foirne - - - - - - - eoir
6. Glantar clár dubh leis - - - - - óir
7. Leabhar stór focal - - - - óir
8. Bíonn sé ag rince - - - - eoir
9. Tá feirm aige - - - - - eoir
10. Fear a stiúrann cluiche - - - - eoir
11. Bosca fuar sa chistin - - - - - eoir
12. Fear a bhfuil bád aige - - - óir
A. Scríobh síos deich bhfocal eile mar seo.
72
Tráth na gCeisteanna
1. Cad a thugtar ar thalamh a bhfuil
uisce thart timpeall air?
2. Cérbh é Seán Ó Riada?
3. Cá bhfuil Moscó?
4. Cá bhfuil Vársá?
5. Cérbh é Oisín?
6. Cá bhfuil Bordeaux?
7. Cén tír ina bhfuil na sléibhte Aipiníní?
8. Cén sliabh is mó in Éirinn?
9. Cé acu is troime, bainne nó
uachtar?
10. Cad as ar tháinig Superman ar
dtús?
11. Cad é a seasann an uimhir
Rómhánach X dó?
12. Cad is brí d'Oisín?
13. Ainmnigh píobaire in Éirinn.
14. Ainmnigh bodhránaí.
2
Amharc ar na seanfhocail seo.An féidir leat iad a mhíniú?
1. Is binn béal ina thost.
2. Is fearr rith maith ná drochsheasamh.
3. Is buaine clú ná saol.
4. Is minic a bhris béal duine a shrón.
5. Is uaisle onóir ná ór.
6. Is fusa titim ná éirí.
Is fiú na seanfhocail seo a chur de ghlanmheabhair.
A. Mínigh i d'fhocail féin iad.
B. Tarraing 6 phictiúr á míniú.
71
Na Réaltaí
Leo (23 Iúil - 23 Lúnasa) An Leon
Is maith le achan duine Leo. Tá a lán cairde agat agus
tá tú díreach i d'aigne agus láidir i do chorp. Déanann
tú rudaí maithe i dtólamh. Ní bhíonn eagla ort roimh
rud ar bith - beo nó marbh. Má bhíonn rud ar bith de
dhíth ort faigheann tú é. Tugtar duit é go minic! Tá
locht amháin ort - is maith leat an béal bán - is maith
leat bheith ag éisteacht le daoine eile ag rá rudaí
deasa fút!
Daoine mór le rá a rugadh an t-am seo den bhliain:
Fidel Castro Napoléon
3
Na RéaltaíSagittarius An Saighdeoir
(22 Samhain - 22 Nollaig)
70
* Meancóga Arís! *
Aimsigh na meancóga agus ceartaigh iad.
* 1. Rachfaidh mé abhaile amárach.
* 2. Caithigh mé obair a dhéanamh.
* 3. Bhfaca mé an clár sin aréir.
* 4. Níor rinne mé sin.
* 5. Níl sé mise a rinne é.
* 6. An bhfuil sé tusa a rinne é?
* 7. Tá mé ag dul sin a dhéanamh.
* 8. Is fear mór é, nach bhfuil?
* 9. Ní chuaigh mé go dtí an siopa.
* 10. Tá mé ag dul teach a thógáil.
* 11. Bhí mé ar an trá bán.
* 12. Chonaic mé an bhean mór inniu.
Is duine fiosrach thú!
Bíonn neart eolais
agat. Bíonn tú ag
cuartú eolais agus ag
cur ceisteanna an t-am
ar fad. Bíonn tú
cúramach le do chuid
airgid agus mar sin ní
bheidh tú bocht, ach ní
bheidh tú saibhir ach oiread mar is maith leat bheith
ag taisteal. Ba mhian leat an domhan ar fad a
fheiceáil! Is maith leat an dath corcra. Moltar duit gan
Virgo a phósadh.
Daoine a rugadh an t-am seo den bhliain:
Seán Ó Ríordáin Frank Sinatra
Máirtín Ó Direáin Walt Disney
4
Pioc amach an focal corr i ngach tacar.
1. léine, blús, cos, bróg, casóg.
2. ceann, cluas, úll, súil, lámh.
3. aintín, cailín, buachaill, iníon, bean.
4. ispín, stéig, mairteoil, bagún, ubh.
5. léarscáil, peann, deasc, gluaisteán, leabhar.
6. dubh, buí, dearg, uisce, órga.
7. oráiste, piorra, práta, úll, banana.
8. alt, abairt, focal, litir, scuab.
9. basún, óbó, feadóg, fliúit, ab.
10. Albain, Frainc, Spáinn, Aontroim, Iodáil.
11. capall, muc, cat, cearc, madadh.
12. tor, fuinseog, dair, giúis, beith.
13. bradán, breac, scadán, baoite, eascainn.
14. leabharlann, monarcha, óstlann, muintir,
otharlann.
69
Briathra agus Ainmfhocail
1. Féach an sampla: deir > deirtear
Déan amhlaidh anseo.
1. bris 5. cuir 9. ith
2. cuir 6. ceannaigh 10. seol
3. tóg 7. faigh 11. imir
4. tug 8. rith 12. caith
2. Féach an sampla: siúil > ag siúl
Déan amhlaidh anseo.
1. imigh 4. déan 7. abair
2. gabh 5. ith 8. cluin
3. tarraing 6. seinn 9. faigh
3. Scríobh san uimhir iolra:
1. mí 4. gasúr 7. aoi
2. bó 5. lacha 8. cine
3. bliain 6. caora 9. slua
5
Tráth na gCeisteanna
68
1. Cad é an t-ainm a bhí ar an fhear a chuaigh go Tír
na n-Óg?
2. Cad é an t-ainm a bhí ar a athair?
3. Cén contae ar a dtugtar "úllord na hÉireann"?
4. Cé hé "Sambo" Mac Neachtain?
5. Cad as a ndéantar cáis?
6. Cad é an t-éan is lú in Éirinn?
7. Cá mhéad contae atá in Éirinn?
8. Cén contae ina bhfuil Na Doirí Beaga?
9. Cén tír a bhfuil cáil na mbleibíní uirthi?
10. Cá bhfuil na Pirimidí?
11. Cad é an rud é mailp?
12. Cén uirlis a sheinneann James Galway?
13. Cá gcaitheann bean tiara?
14. Cén chathair ina bhfuil an Kremlin?
15. Cén chathair trína sníonn an Life?
16. Cad é atá ar bhratach foghlaí mhara?
Aimsir
Mínigh na frásaí seo a leanas a bhaineann leis an
aimsir:
1. Bhí an ghrian ag glioscarnach.
2. Tá sé ag cur de dhíon is de dheoir.
3. Tá nimh sa ghaoth.
4. Tá claochlú air.
5. Tá bun ar an aimsir.
6. Tá cuma na fearthainne ar an lá.
7. Bhí sé ag stealladh aréir.
8. Tá coscairt ann inniu.
9. Tá an ghaoth polltach.
10. Cith is dealán.
11. Tá brothall ann.
12. Tá aimsir mhoiglí ann.
13. Tá an ghrian ag lonrú.
14. Bhí ceobhrán ann i rith an lae
6
Natháin
Tá cuid mhór nathán i nGaeilge. Seo thíos cuid acu.
Cad is ciall leo?
1. uisce faoi thalamh
2. cos ar bolg
3. buille fá thuairim
4. mór le rá
5. éirí in airde
6. beag is fiú
7. dul chun cinn
8. mór is fiú
9. cur i gcéill
10. béal dorais
Cuir isteach an réamhfhocal ceart sna habairtí seo a
leanas:
1. Tá fáilte _______ anseo anocht.
2. Bíonn eagla _______ dhaoine roimh thaibhsí.
3. Bhí éad orm _______ an bhean sin.
4. An bhfuil aithne agat _______ an fhear sin?
5. Bhí brón _______ an fhear.
6. Tá siad ag magadh _______ chailín.
67
Daoine Suntasacha.
Cén sórt duine atá i gceist in achan chás?
1. Slis den tseanmhaide.
2. Oisín i ndiaidh na bhFiann.
3. Píobaire an aon phoirt.
4. Bean Domhnaigh.
5. Páidín an mheánoíche.
6. Tadhg Ó Rodaí.
7. Ceap milleáin.
8. Mioldamaide.
9. Súgán gan chasadh.
10. Plobaire.
11. Áilleagán.
12. Sreamaide.
7
Scéal
Líon na bearnaí:
Tháinig Seán go _______ na traenach ar a deich a
_______ . _______ sé ticéad agus _______ sé síos
ag fanacht _______ an traein. Bhí cúig _______ ar an
ticéad. Ní raibh an _______ le himeacht go dtí leath i
ndiaidh a _______ . Bhí leathuair _______ mar sin.
Chuaigh _______ isteach _______ chaifé
agus_______ sé cupán caife _______ féin. D'ith sé
_______ agus fán _______ sin bhí an traein ______ .
D'fhág sé an _______ agus _______ sé a fhad leis an
_______ . Chuaigh sé ar _______ agus shuigh sé
_______ . Thóg sé amach _______ agus léigh sé
_______ .
66
Abairt don ÓcáidSeo frásaí a úsáidtear ar ócáidí áirithe. Mínigh cá
huair a d'úsáidfeá na habairtí seo.
1. Greim an fhir bháite.
2. Urchar an daill.
3. Fál fán ghort i ndiaidh na foghla.
4. Gol in áit na maoiseoige.
5. An gad is gaire don scornach.
6. An chloch is lú ar mo phaidrín.
7. An dara suí sa bhuaile.
8. Idir dhá thine Bhealtaine.
9. Rogha an dá dhíogha.
10. Focal mór agus droch-chur leis.
8
Daoine
Mínigh i d'fhocail féin cad é dhéanann na daoine seo:
65
* Tuilleadh Meancóg! *
1. dlíodóir
2. múinteoir
3. aisteoir
4. dochtúir
5. cuntasóir
6. innealtóir
7. tréidlia
8. spásaire
9. ailtire
10. síceolaí.
Seo thíos cur síos ar ghaolta.
Roghnaigh focal amháin i ngach cás.
1. Athair athar nó athair máthar.
2. Mamaí, Daidí agus clann páistí.
3. Mac mic.
4. Athair agus máthair.
5. Bean a bhfuil a fear marbh.
6. Páiste gan tuismitheoirí.
7. Máthair tuismitheora.
Aimsigh na meancóga agus ceartaigh iad.
Ceartaitheagam!
Mícheart arís!!
?????
* 1. Is breá liom solas an ghrian.
* 2. Tá an clós ar chúl an scoil.
* 3. Tá an bhó i lár an pháirc.
* 4. Tá an siopa os comhair an teach.
* 5. Tá an bhean le hais an tine.
* 6. Chonaic mé fear an post.
* 7. Bhí mac an fear ag an siopa.
* 8. Níl sé ag déanamh an obair.
* 9. Tá Séamus ag ithe an t-arán.
* 10. Tá Brónach ag imirt an chluiche.
* 11. Tá Seán ag tógáil an teach.
* 12. Tá sé ag stealladh báisteach.
964
Na RéaltaíLibra An Mheá
(24 Meán Fómh. -23 Deir. Fómh.)
Na Réaltaí
dúil agat i gcraic agus i gcuideachta. Ní maith leat
bheith leat féin. Déanann tú dearmad ar rudaí -
airgead a thabhairt ar ais! Ní maith leat argóint -
bíonn tú róghasta leis an fhocal "sea".
Daoine mór le rá a rugadh an t-am seo den bhliain:
Michael Collins Patrick Kavanagh
John Lennon Éamann de Valera
Brigitte Bardot Mahatma Ghandi
Is maith leat gach rud atá go
deas - rudaí áille thart timpeall
ort. Éadaí, tithe, gluaisteáin. Is
maith leat daoine áille ach ní
bhíonn siad seo dílis i gcónaí. Ní
maith leat rudaí atá garbh. Ní
maith leat rudaí gránna. Bíonn
Cancer An Portán(2 Meitheamh -22 Iúl)
Tá do chroí san áit cheart. Déanann tú rudaí a deir do
chroí leat. Tá do chroí níos daingne ná d'aigne. Tá do
chroí sa bhaile, sa ghairdín, sa teaghlach. Is duine
dílis thú. Bí cúramach - is duine grámhar thú ach
éiríonn tú aisteach nuair a bhíonn an ghealach lán!!
Daoine mór le rá a rugadh an t-am seo den bhliain:
Ringo Starr Breandán Ó Beacháin
10
Cuireadh do Mhuire
Máirtín Ó Direáin
1. Cén t-am den bhliain atá i gceist sa dán?
2. Cé leis a bhfuil sé ag caint?
3. Cé hé an "leanbh naofa"?
4. Cén sórt áite atá i gceist ag an fhile?
5. Cá bhfuil an áit?
6. Tarraing pictiúr faoin dán.
An eol duit, a MhuireCá raghair i mblianaAg iarraidh foscaidhDod leanbh naofa,Tráth bhfuil gach dorasDúnta ina éadanAg fuath is uabharAn chine dhaonna?
Deonaigh glacadhLe cuireadh uaimseGo hoileáin maraSan iarthar chianda.Beidh coinnle gealaI ngach fuinneog lastaIs tine mhónaAr theallach adhanta.
63
Tuaimeanna Ainmhithe
Seo thíos dhá liosta. Cuir an t-ainmhí agus an tuaim
cheart le chéile.
(a) (b)
capall ag tafann
muc ag seitreach
tarbh ag béiceach
lacha ag meamhlach
gabhar ag méileach
bó ag géimneach
cat ag gnúsacht
asal ag grágarsach
madadh ag búirfeach
caora ag meigeallach
11
Focail ag críochnú ar -ach nó -each.
1. - - - - ach ceann de na ráithí.
2. - - - - ach barr an chnoic.
3. - - - - each cailín.
4. - - - - - - ach clann.
5. - - - - ach Bíonn sí sa spéir san oíche.
6. - - - - - each fearthainn.
7. - - - - each bean nó cailín gan chiall.
8. - - - - ach duine ollmhór.
9. - - - - ach Baintear móin ann.
10. - - - each feabhas ag teacht.
11. - - - - ach toit.
12. - - - - - ach madadh rua.
A. Faigh deich bhfocal eile mar seo.
62
Ainmfhocail Aicmeacha
Tá focal amháin in achan ghrúpa a chuireann síos ar
na focail eile - aimsigh an focal sin.
1. feoil, arán, bia, subh, práta.
2. préachán, buíóg, druid, éan, dreoilín.
3. dearg, dath, gorm, buí, glas.
4. Eimear, ainm, Aoife, Seán, Úna.
5. nóinín, lus an chromchinn, cróch, bláth, rós.
6. soicind, bomaite, uair, am, bliain.
7. Iúil, Lúnasa, mí, Samhain, Márta.
8. punt, pingin, fiche pingin, airgead.
9. athair, uncail, feirmeoir, fear, garda.
10. uisce, linn, abhainn, farraige, muir.
11. sé, naoi, uimhir, ocht, deich.
12. fearthainn, aimsir, sioc, sneachta, ceo.
12
Níos mó ná ceann amháin.
1. Sampla: bád → báid
Déan amhlaidh anseo:
1. crann
2. mac
3. béal
4. ceann
9. focal
10. milseán
11. urlár
12. gasúr
5. cnoc
6. cat
7. fear
8. leabhar
2. Sampla: bóthar → bóithre (iolraí éagsúla)
1. scéal
2. ceist
3. duine
4. carr
5. lacha
6. bliain
7. rang
8. cos
9. páirc
10. geata
11. teach
12. fuinneog
3. Sampla: mála → málaí
1. pionta
2. seomra
3. cóta
4. rince
5. damhsa
6. cloigín
7. teachín
8. pingin
9. puisín
61
Tuilleadh Frásaí
Faigh focal amháin a fhreagraíonn do gach ceann de
na frásaí seo:
1. ar an phointe
2. an bhliain seo chaite
3. ar ball beag
4. gan magadh ar bith
5. thart timpeall
6. lá den tsaol
7. lom láithreach
8. arú amárach
9. mar an gcéanna
10. as seo amach
11. i bhfad ó shin
12. san aimsir chianaosta
13
Contrárthachtaí
Sampla: mór → beag
1. deas
2. ard
3. glan
4. fada
5. bog
6. fliuch
7. uncail
8. iníon
9. geal
10. gasta
11. te
12. óg
13. daor
14. luath
15. folamh
16. leathan
17. dona
18. láidir
19. donas
20. oscailte
21. mín
22. daibhir
23. trom
24. olc
60
* Meancóga! *
Aimsigh na meancóga agus ceartaigh
iad.
* 1. Tá Seán ina gcónaí mBaile Andarsan.
* 2. Tá Úna ina sheasamh anois.
* 3. Tá Mamaí ina chodladh anois.
* 4. Tá na páistí ina cónaí sa teach sin.
* 5. Tá mé ina luí ar an leaba.
* 6. Tá sibh i bhur tost.
* 7. Tá tú i mo chodladh.
* 8. Tá na mná ina sheasamh.
* 9. Tá Liam ina suí cois tine.
* 10. Tá Nóra agus Síle ina cónaí anseo.
* 11. Tá mé ina sheasamh ar an líne.
* 12. Tá Daidí ina suí ar an urlár.
Ceartaigh,le do thoil.
Ceartaitheagam!
14
Na RéaltaíCapricornus An Gabhar
(22 Nollaig - 20 Eanáir)
59
Líon na Bearnaí
1. Bhí tart orm agus ____ mé deoch
uisce.
2. Luigh mé ar an leaba agus thit
____ orm.
3. Fuair mé bearradh ____ ón ghruagaire.
4. Dhruid mé an doras óir bhí sé ag éirí ____ .
5. Tá siopa ag Úna ____ mBéal Feirste.
6. Abair ____ Nóra teacht isteach.
7. Cuir an litir ____ phost roimh a sé a chlog.
8. Chuir mé scairt gutháin ____ Phól.
9. D'ith siad béile ____ dteach ósta.
10. Tá an lá go breá, buíochas ____ Dia.
11. Rug mé ____ an liathróid.
12. Sin bean a bhfuil Gaeilge____ .
13. Sin fear a bhfuil cáil ____ .
14. Ar chuir tú siúcra ____ chaifé?
Bíonn tú fiosrach agus tá a lán eolais agat. Cuireann
tú a lán ceisteanna. Bíonn tú ag argóint go minic!!
Bíonn tú lán brí agus baineann tú sult as craic agus
cuideachta. Is maith leat obair. Ní thaitníonn duine atá
falsa leat. In amanna bíonn tú dáiríre - ródháiríre. Ní
thiteann tú i ngrá róghasta. Is breá leat saibhreas.
Dubh agus donn na dathanna is fearr leat.
Daoine a rugadh an t-am seo den bhliain:
Richard Nixon Dúghlas de hÍde
Jeanne d'Arc Howard Hughes
15
Samhlacha
Úsáidtear samhlacha le cur síos a dhéanamh ar rud.
Léigh iad seo agus úsáid gach aon cheann acu in
abairt.
1. Chomh falsa le hasal.
2. Chomh gasta le giorria.
3. Chomh buí le buachalán.
4. Chomh dall le bonn do choise.
5. Chomh ciúin le cat.
6. Chomh fuar le sioc.
7. Chomh huaigneach le cill.
8. Chomh mín le gloine.
9. Chomh beag le dreoilín.
10. Chomh lag le sicín lae.
11. Chomh fealltach le Sasanach.
12. Chomh dearg le fuil.
58
Na RéaltaíGemini An Cúpla
(22 Bealtaine -21 Meitheamh)
Is maith leat spórt is spraoi. Ní fhanann tú ciúin in am
ar bith. Fleá mór amháin atá sa tsaol seo agat. Is
maith leat greann agus ní maith leat rudaí atá stuama!
Is maith leat corpoideachas agus ceol ach ní maith
leat matamaitic ná litriú!! Ní chuireann rud ar bith
isteach ort, ach cuireann tusa isteach ar
thuismitheoirí, ar mhúinteoirí, ar chairde. Is maith leat
airgead a chaitheamh agus a fháil.
Daoine mór le rá a rugadh an t-am seo den bhliain:
John F. Kennedy W.B.Yeats
Marilyn Monroe James Connolly
16
1. Cad é an t-am den lá san amhrán?
2. Cad é tá an duine san amhrán a dhéanamh?
3. Cad é deir lucht léinn san amhrán?
4. Mínigh na focail seo a leanas:
cloíte, aiteas, suairc, aicíd, soineanta.
5. Cé leis a bhfuil an duine san amhrán ag caint, dar
leat?
Tá mé 'mo shuíTá mé 'mo shuí ó d'éirigh an ghealach aréir.A' cur tine síos gan scíth, 's á fadú go géar;Tá bunadh an tí 'na luí is tá mise liom féin;Tá na coiligh a' glaoch is an saol ina gcodladh ach mé.
Sheacht mh'anam déag do bhéal, do mhala, 's do ghrua,Do shúil ghorm ghlé fár thréig mé aiteas is suairc;Le cumha i do dhiaidh, ní léir dom an bealach a shiúl,Is a charaid mo chléibh, tá na sléibhte idir mé agus tú.
Deireann lucht léinn gur cloíte an galar an grá,Char admhaigh mé é, go raibh sé i ndiaidh mo chroí istigh achrá;Aicíd róghéar, faraoir, nár sheachnaigh mé í,Chuir sí arraing is céad go géar tríd cheartlár mo chroí.
Casadh bean sí dom thíos ag Lios Bhéal an Átha:D'fhiafraigh mé di an scaoilfeadh glas ar bith grá;Is dúirt sí os íseal i mbriathra soineanta sámh' -Nuair a théid sé fán chroí, cha scaoiltear as é go brách.
57
Ceart nó Mícheart?
Ceartaigh na habairtí seo má tá siad mícheart:
a. Bíonn múinteoir ag obair i scoil.
b. Déanann táilliúir doirse.
c. Tá Corcaigh taobh le Baile Átha Cliath.
d. Tá Páras i Meiriceá.
e. Labhraíonn muintir na Fraince Béarla.
f. Bíonn píolóta ag obair i dtraein.
g. Is carr gasta é an Concorde.
h. Itheann ba bananaí.
i. Tá Maigh Eo i gCúige Uladh.
j. Tá 12 ar fhoireann iomána.
k.Tá Madrid san Eoraip.
l. Is sliabh ard é Everest.
m. Tá Gaeltacht i dTír Chonaill.
n. Faightear móin i bportach.
17
Déan
Amharc ar na natháin chainte seo:
1. Bhí sé ag déanamh ar an scoil.
2. Déanann siad neamhiontas den obair.
3. Déanaim gáire faoi sin.
4. Bhí mé ag déanamh nach raibh tú ag teacht.
5. Tá sé ag déanamh de na laethanta seo.
6. Rinne sí gáire liom.
7. Ní dhéanann siad coimhthíos ar bith liom.
8. Déantar neamart ann go minic.
A. An féidir leat iad a mhíniú?
B. Bain úsáid astu in abairtí chun iad a mhíniú.
56
Scéal
Shiúil an múinteoir go dtí an
tábla agus chuir sí a mála air.
Ansin d'amharc sí ar an rang.
Thug sí an glantóir do Liam.
"Glan an clár dubh, le do
thoil," ar sise.
Nuair a bhí an clár cailce glanta aige tharraing an
múinteoir léarscáil d'Éirinn. Thug sí faoi deara go
raibh Antóin ag caint le Máire.
"Is léir go bhfuil obair de dhíth ort, a Antóin,"
arsa an múinteoir. "Goitse anseo agus breac
isteach abhainn na Sionainne agus Ardchlár
Aontroma."
1. An fear nó bean a bhí sa mhúinteoir?
Cad é mar atá a fhios agat?
2. Cén t-ábhar scoile a bhí ar siúl sa rang?
3. Cé leis a raibh Antóin ag caint?
4. Tarraing léarscáil na tíre agus breac isteach an dá
áit atá luaite.
18
Réamhfhocail
Cuir isteach na réamhfhocail chearta sna habairtí
seo:
1. Níl aithne ____ Seán ____ an fhear mhór.
2. Deir sé go bhfuil dúil ____ a chara ____ ghrúpa
ceoil sin.
3. Ná bíodh eagla ____ dhuine ar bith ____ an
mhadadh sin.
4. Bhí fuath ____ an bheirt ____ chéile.
5. Tá suim mhór ____ Liam ____ scannán sin.
6. Níl meas madaidh ____ Úna ____ an drong sin.
7. Tá muid bródúil i gceart ____ ár dtír.
8. Bhí Séamus lán ____ mhisneach.
9. Tá siad tugtha ____ cheol.
10. An bhfuil tú réidh ____ an obair sin?
11. Rug Pól ____ an liathróid.
12. Thosaigh Síle ____ an obair.
55
Fíricí Spéisiúla
An fear ab airde riamh: Robert Walker.
Bhí sé ocht dtroigh aon orlach déag. Fuair sé bás i
Michigan sa bhliain 1940.
An bhean ab airde riamh: June Bunford.
Bhí sí seacht dtroigh agus seacht n-orlach. Bhí sí ina
cónaí i Sasana. Fuair sí bás sa bhliain 1922.
An duine ba sine riamh: Pierre Joubert, 113 bliana.
Chónaigh sé i gCeanada, 1701-1814.
An duine is cliste: Kim Ung-Yong as Korea Theas. Tá
I.Q. 210 aige! Bhí 4 theanga aige sula riabh sé 4
bliana d'aois!
An scríbhneoir ba thapúla: Erle Stanley Gardner, a
scríobh na leabhair fá Perry Mason. Scríobhadh sé
10,000 focal sa lá agus scríobh sé 140 leabhar ar fad.
19
Briathra
Líon isteach an clár seo:
Dún ag dúnadh dúnta
Faigh ag
Bris ag
Déan ag
Las ag
Tar ag
Glan ag
Ceannaigh ag
Ól ag
Cluin ag
Ith ag
Scuab ag
54
Focail a chríochnaíonn ar -óg nó -eog.
1. Éan le brollach dearg - - - - eog
2. Lustan a chuireann cealg ionat - - - - - óg
3. Caitheann tú seo ar do chois - - óg
4. Cóta beag - - - óg
5. Fásann seo ar smig - - - - óg
6. Seinneann tú seo - - - - óg
7. Méar - - - óg
8. Itheann tú seo - - - - óg
9. Planda na Féile Pádraig - - - - - óg
10. Éan binn - - - - eog
11. Tig solas isteach fríd - - - - - eog
12. Itheann tú milseog léi - - - - óg
20 53
Ceithre Ní1. Na ceithre rud is measa amuigh:
Ceann tinn,
Béal searbh,
Intinn bhuartha
Agus póca folamh.
2. Fear dubh dána
Fear fionn glídiúil
Fear donn dualach
Fear rua scigiúil.
3. Ceathrar dá dtug Fionn fuath:
Cú thrua agus each mall,
Tiarna tíre nach mbeadh glic,
Is bean fir nach mbeireadh clann.
4. Deireadh gach gol gáire,
Deireadh gach gáire osna,
Deireadh gach loinge báthadh
Is deireadh gach áithe loscadh.
Na RéaltaíAquarius An t-Uisceadóir
(21 Eanáir -19 Feabhra)
Is tú atá cliste - ach níl an chuma sin ort. Bíonn
d'intinn áit eile i dtólamh. Bíonn tú ag meabhrú fán lá
amárach! Níl dúil agat sa lá inniu. Bíonn tú ag cur
spéise in achan rud - ceol, craic, cuideachta, Micí
Luchóg. Is maith leat rudaí nua ach níl dúil agat in
obair - barraíocht trioblóide duit. Is breá leat airgead -
is maith leat é a fháil - ní thugann tú uait é go minic.
An bhfuil tú falsa? Is cuma leat.
Daoine mór le rá a rugadh an t-am seo den bhliain:
James Joyce Cearbhall Ó Dálaigh
Paul Newman Seán McBride
21
Cuir
Mínigh an focal cuir sna habairtí seo a leanas:
1. Chuir Seán leis an rud a dúirt Liam.
2. Ná cuir orm sin uilig a rá arís.
3. Cad é atá ag cur as duit anois?
4. Tá an t-umar ag cur thairis.
5. Chuir mé romham dán a scríobh.
6. Ní ceart cur idir an bheirt acu mar sin.
7. Cá bhfuil tú ag cur fút anois?
8. Chuir sé an cnoc de go gasta.
9. Níl sí ag cur chugat ná uait.
10. Tá na fiacla ag cur isteach orm.
52
Is duine láidir daingean thú. Ní bhogann tú.
Más buachaill thú is maith leat cailíní. Ní ritheann tú
ina ndiaidh. Tig siad ionsort! Titeann tú i ngrá ach ní
bhíonn tú dáiríre faoi. Ní bhíonn fearg, brón ná
uaigneas ort. Nach maith thú! Is maith leat do
chuideachta féin anois is arís.
Más cailín thú is maith leat greann. Is breá leat
airgead agus maoin an tsaoil. Taitníonn plámás agus
an béal bán leat. Sin mar atá tú féin.
Ní maith le Taurus dearg - is rogha leis gorm.
Daoine mór le rá a rugadh an t-am seo.
Matt Talbot Shakespeare Shirley Temple
Bernadette McAliskey Cromwell
Na RéaltaíTaurus An Tarbh
(21 Aibreán -21 Bealtaine)
22
Seanfhocail
Críochnaigh na seanfhocail seo a leanas:
1. Is fearr rith maith ná ...............
2. Is fusa comhairle a fháil ná ...............
3. Is minic ciúin ...............
4. Is annamh saoi gan ...............
5. Is minic a bhris béal duine ...............
6. Is fusa titim ná ...............
7. Is uaisle onóir ná ...............
8. Is fearr uaigneas maith ná ...............
9. Is namhaid an cheird gan ...............
10. Ní thig ciall ...............
11. Déanann sparán trom ...............
12. Filleann an feall ...............
51
Ainmfhocail agus Briathra
1. Scríobh na focail seo san uimhir iolra.
a. crann
b. bád
c. seol
d. fuinneog
e. doras
f. teach
g. fear
h. bean
i. long
j. páirc
k. ceist
l. díon
2. Féach an sampla: cúl / teach = cúl an tí .
Déan amhlaidh leo seo:
a. mullach / cnoc e. seol / bád
b. clós / scoil f. leac / fuinneog
c. dath / trá g. croí / fadhb
d. lár / lá h. bollóg / arán
3. Sampla: eitil → ag eitilt .
a. tit f. cuir
b. imigh g. abair
c. téigh h. tabhair
d. caith i. druid
e. faigh j. fás
23
Comparáid
Féach an sampla seo:
Tá Seán mór ach tá Úna níos mó .
Críochnaigh na habairtí seo thíos ar an tslí chéanna.
1. Tá an buachaill maith ach tá an cailín níos ______.
2. Tá an t-uisce te
ach tá an tine
níos ______.
3. Tá sé gasta ach tá sise níos ______.
4. Tá an leanbh beag ach tá an cat níos ______.
5. Tá Mamaí ard ach tá Daidí níos ______.
6. Bíonn na páistí luath ach bíonn an
múinteoir níos ______.
7. Bíonn Eoin mall ach bíonn Ferdia
níos ______.
8. Bíonn an tEarrach fuar ach bíonn an Geimhreadh
níos ______.
50
Ag cumadh focal
1. Cum focail as na litreacha atá san fhocal
SAMHRADH.
2. Cum 30 focal as na litreacha atá san fhocal
MEÁNMHÚINTEOIR.
3. Cum 20 focal as na litreacha atá san fhocal
ÉASCAÍOCHT.
4. Cum 30 focal as na litreacha atá san fhocal
NEAMHRÉASÚNACH.
5. Cum 50 focal as na litreacha atá san fhocal
PRÍOMHSMAOINEAMH.
24
Tráth na gCeisteanna
1. Cá mhéad contae in Ulaidh?
2. Ainmnigh an loch is mó in Éirinn.
3. Cá mhéad imreoir a bhíonn ar fhoireann
iománaíochta?
4. Cá bhfuil Droichead an Golden Gate ?
5. Ainmnigh na Seacht nAbhac.
6. Cá mhéad taobh ar bhonn 50p?
7. Cad é an sliabh is airde sa domhan?
8. Cad is gondóla ann?
9. Cén dath atá ar smaragaid?
10. Cá mhéad lá i mBliain Bhisigh?
11. Cén contae ar a dtugtar "Gairdín na hÉireann"?
12. Cad é an t-ainm a bhí ar mhac Fhinn mac
Chumhaill?
49
Trí Ní
1. Na Trí Dhrochnós
Ag ól an ghloine
Ag caitheamh an phíopa
Is ag leagadh na driúcht' go mall san oíche.
2. Na trí cairde is fearr is na trí naimhde is measa -
Tine, Gaoth agus Uisce.
3. Baisteadh, Bainis agus Bás.
Trí choirm ba chóir a bheith ar gach
aon duine.
4. Na trí ní is fíre -
Luí agus Éirí na Gréine agus an Bás.
5. Trí ní gan riail -
Bean, Muc agus Miúil
25
Bríd Óg Ní Mháille
'Is a Bhríd Óg Ní Mháille is tú a d'fhág mo chroí cráite,'S chuir tú arraingeacha'n bháis trí cheartlár mo chroí;Tá na céadta fear i ngrá le d'éadan ciúin náireach,'S go dtug tú barr breáthacht' ar Thír Oirgheall' más fíor.
Níl ní ar bith is áille ná an ghealach os cionn an tsáile,Ná bláth bán na n-airne bhíos ag fás ar an draighean;Ó siúd mar a bhíos mo ghrása níos trilsí le breáthacht,Séilín meala na háilleacht' nach ndearna riamh claon.
Is buachaill deas óg mé 'tá ag triall chun mo phósta,'S ní buan i bhfad beo mé mura bhfaighe mé mo mhian;A chuisle's a stóirín déan réidh agus bí romhamsaCeann deireanach den Domhnach ar Bhóithrín Droim Sliabh.
Is tuirseach 's brónach a chaithimse an Domhnach -Mo hata 'mo dhorn 's mé ag osnaíl go trom -'S mé ag amharc ar na bóithre a mbíonn mo ghrása ag gabháil ann,'S anois ag fear eile pósta agus gan í bheith liom.
Léigh an t-amhrán go cúramach agus freagair na
ceisteanna seo:
1. Cé atá ag caint san amhrán?
2. An cailín deas í, Bríd Óg? Cad é mar atá a fhios agat?
3. Déan cur síos ar an chailín seo.
4. Amharc ar an véarsa deireanach. Cad é tharla ann?
5. Mínigh na focail seo: náireach, buan, stóirín, ag osnaíl,
ceartlár.
6. Cén sórt amhrán é seo?
48
An Foirceann -seach nó -sach
Amharc ar na hainmfhocail seo:
1. báirseach
2. bonsach
3. ciairseach
4. claibseach
5. claimhseach
6. cláirseach
7. cráinseach
8. cróinseach
9. óinseach
10. mangarsach
11. dúirseach
A. Cad é dhéanann na foircinn seo -seach agus
-sach d'fhocal?
B. Mínigh na focail seo thuas.
C. An féidir leat samplaí eile a fháil?
26 47
Na RéaltaíNa RéaltaíScorpio An Scairp
(24 Deir. Fómh. - 22 Samhain)
Tá ciall dona go leor leis an ainm seo Scorpio. Is rud é
a mharaíonn le nimh thú! Mar sin de bíonn eagla ar
dhaoine romhat. Feiceann tú achan rud agus ní
bhíonn tú ciúin ar chor ar bith. Tá teanga ghéar agat.
Ní drochdhuine thú ach cuireann tú eagla ar dhaoine.
Is duine láidir thú agus is maith an fear / bean i mbun
tí nó i mbun na hoibre thú. A mhalairt de Leo atá
ionat. Tugann daoine rudaí dó - tógann tusa rudaí atá
uait. Ní maith leat an Aoine!! Seachain an grá agus ná
pós Gemini nó is duitse is measa!
Scorpio mór le rá:
Pádraig Mac Piarais Richard Burton
Picasso
Marie Antoinette Martin Luther
Aries An Réithe(21 Márta -20 Aibreán)
Aries an chéad réalta sa Sodiac. Is tú an leanbh agus
iompraíonn tú thú féin mar sin - ag caoineadh i rith
ama. Béiceann tú má bhíonn rud de dhíth ort. Ní
chuireann rud ar bith eagla ort. Fiú taibhsí - ní bhíonn
fadhb agat leo. Ní thig leat pian a fhuilstin. Ní maith
leat an fiaclóir!! Is duine ionraic thú. Ní maith leat
bréaga - in amanna. Is duine láidir thú - má tá rud uait
gheobhaidh tú é.
Daoine mór le rá a rugadh an t-am seo den bhliain:
Seán O'Casey Marlon Brando
Lady Gregory Charlie
Chaplin
27
Seo thuas trí véarsa ón amhrán grá Cúl Tiubh na
bPéarlaí. Léigh iad agus freagair na ceisteanna seo:
a. Cá mhéad aidiacht atá ann?
b. Cé scríobh seo - fear nó bean?Cad é mar atá a
fhios agat?
c. Mínigh: dualach, maránta, bángheal, lúbach,
claonach, slaodach, cuacach, clannógach.
Cúl Tiubh na bPéarlaí
IIITá a cúl fada soilseach, torránach, trilseach,Trom trom triopallach, síos go bróig,Is a coirpín borraiceach, cumhra, cuimseach -Sí'n chuach sa choill í lá breá ceoch.
IVTá a ciabhfholt camógach, cluainteach, clannógach,Lúbach, feamainneach, cocánach, donn,Dualach, dlaíógach, cuacach, claonach,Scuabach, slaodach, fada, righin, trom.
VTá dhá dhlaoi óirfhuilteach 'fás go drithleantaSoilseach solasta in imeall a cinn,Ag an pháiste mharánta, mhúinte, mhacánta,Mhúscailte, mharglaí, bhángheal, ghrinn.
46
Réamhfhocail
1. D'íoc mé ___ costas an chairr.
2. D'imigh mé amach ___ an tír.
3. Bhuail mé ___ an fhuinneog.
4. D'iarr sé ___ Úna an scéal a léamh.
5. Dhíol mé an bhó ___ céad punt.
6. D'éirigh ___ Seán sa scrúdú.
7. Bhí an halla lán ___ doras.
8. Chuimhnigh mé ___ sheift.
9. Léim an madadh ___ an gheata.
10. Chuaigh an teach ___ tine.
11. Bhí an máistir ___ mire ___ Liam.
12. D'inis Úna scéal ___ na gasúir.
13. D'amharc mé amach ___ an fhuinneog.
14. Theip ___ Shíle sa scrúdú.
15. Chuaigh mé ___ léim ___ an gheata.
16. Bhí mé ann ___ dhuine den slua.
28 45
Ainmfhocail agus Briathra
Déan dhá liosta - Ainmfhocail agus Briathra . Pioc
amach ón alt seo iad.
Chuaigh sé síos staighre, fuair gual don sorn, bhris
cipíní fána choinne, scuab urlár na cistine agus
chóirigh an bord don bhricfeasta. B'fhearr leis na
soithí a fhágáil gan déanamh ach d'fheicfeadh Uncail
Tóbaí iad agus thiocfadh sé fhad leis ag tabhairt
amach. Ba cheart go mbeadh gach rud mar ba
ghnách. Fuair sé a mhála scoile agus d'fholmhaigh sé
é. Chaith sé na leabhair ar fad ar leataobh ach
leabhar amháin.
Trasna
1. Éisteann tú léi.
6. Méar mhór.
8. Caitheann cailín é.
9. Chuir mé __ ar mo bhróga.
11. Bhris an múinteoir a __ ag gáire.
13. Níl sé sean.
15. __ atá ag caint?
16. Chuaigh Síle go __ an siopa.
18. Tá __ leabhar sa mhála.
20. __ Tomás an tine.
21. Bhris Pól an fhuinneog __ bata.
24. Níl sé fada.
25. __ breá atá ann.
Síos
2. Níl sé láidir.
3. Uncail agus __.
4. Fásann géaga air.
5. Bhí an camán __ bheag.
7. Shiúil Eibhlín __ mall.
10. "Inis an __ dom".
12. __ Peadar go tapa.
14. Siúlann tú air seo sa teach.
17. Ainmhí.
19. Déanann éan í.
22. Níl sé aosta.
23. Bhí __ báid ag seoladh.
Crosfhocal1 2 3 4 5
6 7
8
9 10
11 12
13 14 15
16 17 18 19
20 21
22 23
24 25
29
An t-Am
Freagair na ceisteanna seo a leanas:
1. Cad é an lá atá ann inniu?
2. Cad é an lá a bhí ann inné?
3. Cad é an lá a bheidh ann amárach?
4. Ainmnigh laethanta na seachtaine.
5. Ainmnigh míonna na bliana.
6. Cá huair a chríochnaíonn am lóin ar scoil?
Cuir na focail seo in ord:
1. inniu, arú inné, inné, amárach.
2. anuraidh, inné, seachtain ó shin, mí ó shin.
3. samhradh, geimhreadh, earrach, fómhar.
4. Aibreán, Nollaig, Lúnasa, Márta.
5. anocht, arú aréir, maidin inniu, oíche amárach.
6. páiste, seanbhean, cailín, bean.
44
CeardaitheCá mbíonn na daoine seo thíos ag obair?
1. meicneoir
2. mianadóir
3. múinteoir
4. dlíodóir
5. aeróstach
6. freastalaí
7. mairnéalach
8. gruagaire
9. fiaclóir
10. dochtúir
11. clóscríobhaí
12. feirmeoir
13. píolóta
14. siúinéir
15. ceoltóir
16. cléireach
17. bádóir
18. tiománaí bus
19. aisteoir
20. banaltra
1 2 3 4 5
6 7 8 9 10 11 12
13 14 15 16 17 18 19
20 21 22 23 24 25 26
27 28 29 30 31
amharclann, feirm, oifig, bus,
garáiste, an fharraige, scoil,
cúirt, otharlann, ceardlann,
eitleán, óstán.
Beidh cuidiú le fáil ón liosta seo:
30
Focail ag críochnú ar -ín.
1. Bád beag - - - - ín
2. Cat óg - - - - ín
3. Girseach - - - - ín
4. Rí na n-éan - - - - - - ín
5. Bóthar beag - - - - - - ín
6. Píosa beag adhmaid - - - ín
7. Bronntanas - - - - ín
8. Mias - - - - ín
9. Cúl agus .... - - - - ín
10. An méar is lú agat - - - - ín
11. Deirfiúr do mháthar - - - - ín
12. Ainmhí le cluasa fada - - - - - ín
A. Scríobh síos deich bhfocal eile ag críochnú ar -ín.
43
Tráth na gCeisteanna
1. Cén spórt a thugann cáil don Churrach?
2. Is bratach ar longa é Peadar Gorm. Cén uair a
sheoltar í?
3. Cad é a thugann neart do Phopeye?
4. Cá mbíonn peireascóip le fáil?
5. Cén ceardaí a úsáideann ceap?
6. Cén contae lena n-imríonn Jack O'Shea?
7. Cad as a ndéantar cáis?
8. Cad is brí leis na litreacha C.I.É.?
9. Cad is brí leis na litreacha C.L.G.?
10. Ainmnigh an sliabh is airde in Éirinn.
11. Cá bhfaightear an cuála?
12. Chomh dearg le ___ ?
31
Frásaí Úsáideacha
1. Ar ball beag
2. Ní dóigh liom
3. Creid uaim é
4. Chomh luath is
5. Tar éis tamaill
6. Ar dtús
7. Ba ghnách liom
8. San am céanna
9. Gan fhios dom
10 Ba bhreá liom
11. Ar strae12. D'éirigh liom
13 Is ar éigean
14. Cheap mé go raibh
15. Thall is abhus
16. Rinne mé iontas de
17. Ar ndóigh
18. Theip orm
19. Is annamh
20. Ní gá a rá
21. Ní tháinig liom
22. Ar fud na háite
42
An Foirceann -arnach
Cad é is ciall do na hainmneacha briathartha seo a
leanas:
1. ag bruidearnach
2. ag clagarnach
3. ag cogarnach
4. ag díoscarnach
5. ag glioscarnach
6. ag míogarnach
7. ag plobarnach
8. ag siosarnach
9. ag slogarnach
10. ag snagarnach
11. ag brioscarnach
12. ag léidearnach
13. ag dreasarnach
14. ag díogarnach
A. Cad é dhéanann -arnach d'fhocail?
B. An féidir leat samplaí eile a fháil?
32 41
Na RéaltaíPisces Na hÉisc
(20 Feabhra - 20 Márta)
Níl dúil ar bith agat in obair agus ní maith an tuiscint
atá agat ar airgead. Is maith leat airgead ach ní maith
duit é. Tá croí mór fial agat. Mar sin de bíonn tú briste
brúite go minic. Is maith leat an t-uaigneas. Dhéanfá
bean bhreá rialta nó manach ciúin tostach. San am
chéanna is aisteoir maith thú! Ní deir tú drochrud faoi
éinne. Ní chuireann rud ar bith isteach ort - ach obair.
Tá tú chomh falsa le muc!!
Daoine mór le rá a rugadh an t-am seo den bhliain:
Na RéaltaíVirgo An Ógh
(24 Lúnasa -23 Meán Fómhair)
Bíonn tú ag brionglóidigh go minic. Níl duine ar bith
chomh maith leat, dar leat. Beidh tú ábalta iomáin a
imirt don chontae, nó amhrán iontach a scríobh nó cúl
a scóráil i gcluiche ceannais nó leabhar iontach a
scríobh nó pictiúr álainn a tharraingt nó ....................
Tá tú iontach cliste agus is maith le daoine thú - tá
greann ionat agus craic, ach - éirigh agus ná bí i do
luí an t-am ar fad!!
Daoine mór le rá a rugadh an t-am seo den bhliain:
D. H Lawrence Sophia Loren
Seán Ó Faoláin
Chopin
Arthur Griffith
Michelangelo
Elizabeth Taylor
Ronnie Delaney
33
An Foirceann -achán
Amharc ar na focail seo:
40
é, í, iad
Cuir é, í nó iad sna habairtí seo.
1. Is gasúr breá ____ .
2. Is iontach an bhean ____.
3. Is aisteach na daoine ____.
4. Is olc an scéal ____.
5. Is galánta an lá ____.
6. Is uafásach an scian ____.
7. Nach deas an fhuinneog ____ ?
8. An ____ sin do mhála féin?
9. Is ____ sin mo thuismitheoirí.
10. An ____ sin na fir a thóg an teach?
11. Ní ____ Máire a bhí ann.
12. An bean bheag chiúin ____?
13. Ní fear mór ard ____.
14. Is ____ Seán a dúirt é.
meatachán
ciotachán
somachán
scáineachán
sceamhlachán
cloíteachán
gioblachán
mullachán
ceanrachán
1. Cad é an chiall atá leis na focail seo?
2. Cad é dhéanann an foirceann -achán d'fhocal?
3. An féidir leat samplaí eile a fháil?
34
Lámh
Mínigh an focal lámh in achan abairt.
1. D'úsáid Sasain an lámh láidir in Éirinn.
2. Bhí an lámh in uachtar ag Aontroim sa chluiche.
3. Tá lán an dá lámh ag an fhear shaibhir.
4. Rinne tú drochlámh den aiste sin.
5. Tá lámh is focal idir Brian agus Úna.
6. An nglacfaidh sé an obair as láimh?
7. Tá sé ina chónaí lámh le Gaoth Dobhair.
8. Ná cuir do lámh san obair sin!
9. Ghabh sé de láimh an leabhar a scríobh.
10. Ba mhaith leis lámh isteach sa dráma sin.
39
Scéal le críochnú.
Tá Seán ina _____ i dteach _____ dhá urlár ar _____
na cathrach. Tá an teach _____ i lár sráide. Tá _____
ag an teach agus fágann Daidí an carr _____ gach
oíche. Tá _____ in aice _____ an teach. _____ lán-
Ghaelach atá ann. Tá _____ amháin aige. Úna is ainm
_____ . Tá sí trí _____ déag d'aois. Is maith léi ceol.
Tá _____ aici a bhfuil Niamh _____ . Cailín _____
fionn atá ann. Bíonn Seán ag _____ iomána ag
deireadh na _____ . Tá _____ maith aige. Cheannaigh
_____ dó é. Tá clogad dearg _____ chomh maith. Ní
_____ leis ceol ach tá _____ aige in iascaireacht.
35
An Tuiseal Ginideach
Cuir isteach foirm cheart na n-ainmfhocal sna habairtí
thíos.
1. Tá mála (an cailín) donn.
2. Tá casóg (an buachaill) deas néata.
3. Bhí sé ag guí chun (Dia).
4. Bhí mé ag lorg (an bhean).
5. Bhí an feirmeoir ag baint (an féar).
6. Bhí bean an (teach) i lár (an tsráid) ag imirt
(leadóg).
7. Thit hata (an fear) i lár (an t-urlár).
8. Chuaigh páistí (an scoil) go barr (an cnoc) agus
chonaic siad áilleacht (an tuath).
38
Déan
Mínigh déan in achan abairtín.
1. Bhí mé ag déanamh ar an teach.
2. Bhí mé ag déanamh go raibh sé tinn.
3. Tá sé ag déanamh de.
4. Déanaim gáire faoi.
5. Déanaim gáire léi.
6. Déantar neamart sa Ghaeilge.
7. Déantar neamhiontas den obair bhaile.
8. Ní dhéanann sé coimhthíos ar bith liom.
9. Déanann sé mórtas as a chuid airgid.
10. Dhéanfainn amach go bhfuil sé cliste.
11. Tá sé ag déanamh as dó féin.
36
Tráth na gCeisteanna
1. Cad é an contae is mó in Éirinn?
2. Cá bhfuil droichead na Banna?
3. Ainmnigh triúr a shínigh Forógra na Cásca i 1916.
4. Cá mhéad atá i ndosaen an bháicéara?
5. Cé acu is troime, punt feola nó punt milseán?
6. Cá bhfuil an Algarve ?
7. Cén spórt lena mbaineann Corn Davis?
8. Cén dath atá ar an liathróid snúcair is airde scór?
9. Cén t-éan nach dtógann nead?
10. An iasc nó mamach an míol mór?
11. Cár rugadh Íosa?
12. Cén abhainn ar a bhfuil Corcaigh
suite?
37
Bain
Mínigh bain in achan chás thíos.
1. Bain as!
2. Bhain mé an baile amach.
3. Bain fad as.
4. Bhain mé greim as an úll.
5. Bhain sé scread asainn.
6. Bhain taisme dom.
7. Bhain sé taca as an bhata.
8. Ná bain dó!
9. Cad é bhain duit?
10. Bhain sé faoi i mBéal Feirste.
11. Bhain tuisle di.
12. Bain úsáid as an leabhar seo.