1
Scéalta Aniar agus Scéalta Anoir:
Seanchas as Conamara agus an Achréidh
bailithe i gCathair na Gaillimhe i 1937
arna chur in eagar ag Brian Ó Broin
cóipcheart Brian Ó Broin, Breandán Mac Eochaidh, agus comharbaí na Scéalaithe, 2010
2
Clár
Réamhfhocal ....................................................................................................................... 3
Lucht Inste agus Bailithe na Scéal ...................................................................................... 5
Na Scéalta ........................................................................................................................... 6
An t-Ábhar .......................................................................................................................... 7
An t-Amadán agus an Bréidín Fliuch ............................................................................. 8
An Bairille Meidhreach ................................................................................................... 9
An Píobaire sa Chliabhán.............................................................................................. 10
Na Fathaigh sa Domhan Thoir ...................................................................................... 11
"Sgéal fá Dlighe" .......................................................................................................... 12
An t-Athair Cliste agus Saibhreas na Feirme ................................................................ 14
Poll na dTaibhse agus Leacht na Caillí ......................................................................... 15
Fathach an Domhain Thoir agus an Seomra Draíochta ................................................ 16
Oidhreacht na dTriúr Mac ............................................................................................. 18
An Fear a Ghoid na Síóga a Bhó Uaidh ........................................................................ 19
Na hUibheacha Costasacha agus an Dlí........................................................................ 20
"Sgéal fá Ridire an Ghaisgedhigh" ............................................................................... 21
"Tómhaiseanna" ............................................................................................................ 40
"Leigheasanna" ............................................................................................................. 43
"Biadh" .......................................................................................................................... 45
Tiarnaí Talún i gCeantar an Achréidh .......................................................................... 46
"Tómhaiseanna" ............................................................................................................ 48
"Leigheasanna" ............................................................................................................. 55
"Caitheamh-Aimsire" .................................................................................................... 57
"Sgéal Liam D'Ausiún" ................................................................................................. 60
"Tighearnaí Talamhana" ............................................................................................... 62
Bia ................................................................................................................................. 64
"Bhuail sé amach Beannchor." ..................................................................................... 66
"Is mian leat-sa a' craiceann 's a luach a bheith agat" ................................................... 68
"Is Goire Cabhair Dé ná an Doras." .............................................................................. 72
St. Patrick's Day on the Roxboro Estate ....................................................................... 74
An Gobán Saor agus an Caisleán a Thóg Sé i Sasana .................................................. 76
"Story of St. Kerril" ...................................................................................................... 78
3
Réamhfhocal
Mar chuid de thaighde pearsanta a bhí ar siúl agam ar mo mhuintir i 2004, thugas
cuairt ar Roinn Bhéaloideas Éirinn i gColáiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath, agus rún
agam fáil amach ar bhailigh ceachtar de mo shinsear béaloideas do Sgéim na Sgol i 1937.
Mar a tharla, fuaireas cupla leathanach ó mo sheanathair Thomas Foley, a bhí ina
phríomhoide ar Scoil Náisiúnta Bhaile Bháigh i gCo. na Mí., ach thugas suntas faoi leith
don ábhar a bhailigh mo sheanuncail, Tomás Ó hEochaidh, arbh as an Achréidh ó
dhúchas dó, agus é ina phríomhoide ar Bhunscoil Bharr an Chalaidh, Cathair na
Gaillimhe. Gan dabht ba é an t-ábhar ba chuimsithí agus ba dhúchasaí ná na scéalta a
bhailigh Pádraig a' Bhailís óna athair QQQ, a rugadh agus a tógadh sa Cheathrú Rua,
agus líonadh cóipleabhair le réimse leathan ábhar uaidh, ina measc scéalta, pisreoga,
seanchas, leigheasanna agus tomhaiseanna. Níor fágadh oirthear an chontae in áit na
leithphingine, ámh, agus chuir m'uncail féin agus a mhac Breandán scéalta isteach a
bhailigh siad i gceantair Ghuirtín agus Cúl Árann in aice Bhaile Átha an Ríogh, roinnt
acu i nGaeilge.
Tá rian na hinste ar na scéalta go léir ó Phádraig a' Bhailís, agus is léir gur
athinsint atá sna céad cupla cinn. B'fhéidir gur chuala Pádraig na scéalta seo á n-insint sa
bhaile agus gur thriall sé iad a atáirgiú ar scoil an lá dár gcinn, mar is léir ó chinn áirithe,
mar "An Bairille Meidhreach" a bhfuil codanna áirithe in easnamh a thabharfadh ciall
breise dó. Más ea, ámh, is léir gur éacht a rinne sé le "Ridire an Ghaisgidhidh", a
chuirfeadh scéalaíocht Eamonn a' Búrc i gcuimhne don léitheoir. Is dócha gur ag glúin an
4
scéalaí a bhreac sé síos an scéal, ó is beag doléireacht atá sa scéal mar atá, agus uaireanta
tarlaíonn botúin trascríobhaithe a d'fheicfí le duine atá ag scríobh ó bhéal dhuine eile.
Nóta: Mise a chuir teidil leis na scéalta, ach amháin nuair atá teidil ann cheana
féin. Nuair is amhlaidh seo, taispeántar na teidil "idir uaschamóga".
5
Lucht Inste agus Bailithe na Scéal
[Beatháisnéis ghairid ar a athair]
[Beatháisnéis ar Phádraig]
[Beatháisnéis ar Thomás Ó hEochaidh agus na bailitheoirí eile]
6
Na Scéalta
[Cursíos ar na scéalta]
7
An t-Ábhar
8
Sgéalta
An t-Amadán agus an Bréidín Fliuch
Bhí fear ann fadó agus bhí sé ina chomhnuidhe i dteach beag é féin agus a mháthair.
Bhíodh siad ag sníomh bréidín agus dhá dhíol. An lá seo bhí a mháthair tinn agus chuaigh
sé féin dhá dhíol. An chéad fhear a bhuail air dubhairt sé leis go raibh an bréidín fliuch.
"Is fíor duit", adeir an t-amadán agus chuaidh sé suas agus scar sé ar an talamh é. Faoi
cheann uair an chloig dhuaidh sé suas ach ní fhaca sé an bréidín. Shíl sé gur imthithe síos
ins an talamh a bhí sé agus thosuigh sé ag cuartú. Ní raibh sé i bhfad mar sin nó go
bhfuair sé pota óir agus thug sé leis é. Thug sé dhá mháthair é agus bhailigh leis arís go
dtí an áit a bhfuair sé an t-ór.
Chonnaic sé fear eile san áit chéadna. Rith sé agus bhuail sé ar chlár na báisc é agus do
mharbh sé é. Thug sé abhaile é agus chuir sé san urlár é. Chuaidh sé amach agus d'innis
an sgéal do na gárdaí. Nuair a bhí sé imthighthe d'éirigh a mháthair agus sí dhá /173/
ghabhar (sic.) i náit an fhir mhairbh. Tháinic na gárdaí agus chuaidh siad síos ins an bpoll
agus nuair a chonnaic siad an dá ghabhar thosuigh siad ag gáiridhe 7 d'imthigh leo.
Chuaidh an t-amadán go dtí an áit a raibh an t-ór agus fuair sé go leor óir ann agus bhí
siad saidhbhir uaidh sin amach.
9
Sgéalta
An Bairille Meidhreach
Bhí fear ann fadó agus bhí sé ina chomhnuidhe i dteach é féin agus a mháthair agus
bhíodh solas faoi'n leabaidh chuile oidhche. Oidhche amháin bhí air a dhul go Gaillimh
ag ceannach rudaí. Chuaidh sé ann agus bhí sé ag teacht abhaile nuair a d'éirigh rud ar an
mbóthar roimhe agus shíl cic a thabhairt dó ach d'imthigh sé uaidh. Is gearr go dtáinig cú
mór agus bhí sí ag imtheacht roimhe go deo nó gur shíl sé é a bhualadh. Annsin d'imthigh
sé. Is gearr i n-a dhiaidh sin go bhfaca sé bairille ag damhsadh ar an mbóthar agus is
gearr a bhí [sé] ann nuair a shíl an fear cic a thabhairt dó. Is beag nár thuit an fear as a
sheasamh agus bhí sé go dona go ceann míosa.
/174/
10
An Píobaire sa Chliabhán
Bhí fear i gConnamara fadó 7 bhí sé ag dul ar an aonach go dtí an spidéal ag ceannacht
bó. Ní raibh clog ar bith an an uair sin agus ní raibh a fhios ag duine ar bith cé'n t-am a
mbéadh sé. Chuaidh an fear seo a chodladh agus nuair a bhí sé tamall ina chodladh
d'éirigh sé. Bhuail sé bóthar agus ní raibh sé i bhfad nó go bhfaca sé teach beag ar thaobh
an bhóthair. Chuaidh sé isteach 7 bhí go leor daoine istigh agus bhí píobaire ar an mbord
agus é ag seinnm cheoil. Chuir chuile dhuine fáilte roimhe i n-ainm 7 ina shloinne agus
dubhairt siad leis suidhe síos. Shuidh sé ar chathair (sic) go ceann tamaill bhig annsin.
Thosuidh siad ag dul amach agus dubhairt sé leis féin mara mbeadh éinne le choinneál
istigh ach an píobaire go dtiocfadh sé amach. Nuair a bhí siad ar fad imithe ach an
píobaire d'éirigh sé agus dubhairt sé: is fearr domsa a bheith ag imtheacht. D'éirigh an
píobaire agus dubhairt sé nach bhféadfadh sé dul amach nó go dtiocfadh siad ar ais.
Thosuigh sé féin agus an píobaire ag troid ach bhuail /175/ an fear anuas ar leac agus
bhris sé a dhroim. Ní raibh an fear i bhfad go dtáinic carr air agus chuaidh sé isteach i
dteach. D'iarr sé deoch ag biadh (sic.) ach ní raibh aon uisge istigh agus chuaigh sé
amach ag an tobar. Chuaidh an fear go dtí an cliabhán agus bhreathnuigh sé ar an bpáiste
7 cén duine a bhéadh ann ach an píobaire. Cé thug annseo thusa a deir an fear leis. Nuair
a bhí mé féin 7 tú féin ag troid indé 7 bhuail tú mé 7 thug na daoine leo mé 7 d'fhág siad
annso mé 7 thug siad leo an páiste eile. Nuair a tháinic an bhean isteach thosuigh an fear
ag cur síos teine 7 chaith sé an cliabhán isteach sa teine. Annsin chuaidh sé amach ag an
doras 7 thug sé isteach an páiste.
11
Sgéal
Na Fathaigh sa Domhan Thoir
Bhí fear ann fadó 7 bhí sé an-láidir 7 chuala sé go raibh na fathaigh ag troid ins an
domhan shoir. An lá seo rinne sé bád beag 7 nuair a bhí sé leath-bhealaigh go dtí an
domhan shoir chonnuic sé bád. Ghlaoidh sé ar an gcaiptín 7 thug an caiptín cliadheamh
(sic) dhó /176/ bhuail sé leis ar a bhealach. Nuair a tháinic sé go dtí an áit a raibh an
fathaigh ag troid tháinic faitíos air agus shín sé sior (sic) agus thuit sé i na chodladh. Bhí
go maith is ní raibh go holc. Nuair a bhí máthair an fhathaigh ag dul thart thóig sí é 7
chuir sí isteach ins an gcisean é 7 thug sí abhaile é. Nuair a tháinic an fathach isteach bhí
ceithre fathach eile aige 7 d'ith sé iad. Ar maidin nuair fathach ag dul amach dúirt sé le na
mháthair an ceann eile a ithe. Nuair a d'aire an fear seo teas na teine dhúisigh sé 7 chuir
sé an chailleach go dtí na glúine ins an t-urlár 7 d'imthigh leis.
Fuair mé é seo ó m'athair a rugadh agus a tógadh san gCeathramhan Ruaidh
Pádraig a bhailis
12
"Sgéal fá Dlighe"
Bhí beirt fear ann fadó 7 bhí dhá lár searaigh aca. Bhí an péire capall i riasca i n-aice le
abhann an chláir i mBaile Chláir na Gaillimhe. Ar an maidin áiride seo d'imigh an bheirt
fear amach 7 fuair siad beirthe iad. Bhí ceann de na searaigh cáillte 7 bhí an ceann eile
beo. Bhí an dá lár ag cuadach an cinn a bhí beo. Dubhairt /177/ gach aon duine aca go
mba leis féin an ceann beo 7 chuadar i ndlighe faoi. Do chaith siad gach pighinn dá gcuid
airgid le dlighe agus níor shocrú go deo é go deo é go dtí go ndeacha sé chuig an árd cúirt
i mblá Cliath agus níor shocrú annsin é ach an oiread. Dhubhairt an breitheamh nach
raibh sé i ndon é a shocrú ach an oiread agus go gcaithfidís dul abhaile arís chuig sagart a
pharáisde. Dubhairt seiseann an rud a b'fhearr dóibh a dhéanamh siubhal amach ar an
mbóthair 7 an céad fhear a chasfaidhe ortha iarr air an cás a shocrú. Tharla go raibh fear
seafóideach san áit 7 thugaidís "Sgabhóg" mar leas ainm air. Amach leis an triúir fear
maidin lá ar na bhárach 7 an céad fhear a chonaic siad a' tigheacht i mbéal an bhóthair
ach Sgabhóg. "Anois," arsa fear aca, céard a dhéarfas muid, an bhfeiceann tú an fear atá
ag tigheacht." Dubhairt an sagart nach bhféadfadh siad filleadh ar ais 7 go gcaithfidís an
sgéal a innseacht dó. Mhínigh siad an sgéal dó 7 dubhairt sé go mbeadh sé i ndon é a
/178/ shocrú i gceann nóiméad. Nuair a chuala muinntir na háite go raibh Sgabhóg leis an
sgéal a shocrú chruinnigh siad as chuile cheardhta (sic) go bhfeicfidís céard a bhí sé a' dul
a dhéanamh. Chuaidh siad síos ar a' riasca 7 dubhairt Sgabhóg leobhtha breith ar an
searach 7 é a chaitheadh amach san abhainn. Nuair a chaith siad an searach amach,
amach leis an máthar ceart in a diaidh agus d'fhan an lár eile ar bruach na habhainn agus
13
sin é an caoi ar socruigheadh an cás nach raibh éinne i néirinn i ndon a shocrú ar (sic)
Sgabhóg.
14
/179/
Sgéal
An t-Athair Cliste agus Saibhreas na Feirme
Bhí feiliméar ann fadó 7 bhí triúr mac aige. Bhí an triúr mac fásta suas san am seo 7
bualadh síos an t-athair le galar eicínt. An oídhche áiride seo bhí an fear bocht i mbéal an
bháis 7 do ghlaoidh sé ar an triúir as a leabadh. Tháinic siad anall chuige 7 dubhairt sé
leobhtha go raibh sé leis an gcomhairle deire a thabhairt dóibh. "Tá saidhbhris mór ar an
bhfeilm, sa talamh 7 na sgar leis go deo mar tá an talamh céadhna sa muinntir ar feadh
dhá sgór bliadhanta" ar seisean go díreach tar éis a bhás thosuigh an triúir ag an obair.
Rómhar siad gach orlach de'n talamh ach ní fuair siad an rud a bhíodar a' tóruigheacht.
Ag deire na bliadna sin thug a gcuid talta i bhfad níos 7 níos (sic) fearr barranaigh ná mar
thug talamh na cumharsanuigh. Bhí ceann de'n clann mac níos grinne ná an bheirt eile 7
dubhairt sé go raibh sé cínte gurb shin /180/ é an saibhreas a bhí i gceist ag an t-athair.
Tar éis é sin a fhághail amach dubhairt siad gur mór an saibhreas é.
Déantuasaidheacht
15
Sgéal
Poll na dTaibhse agus Leacht na Caillí
Nuair a bhí an troid ann fadó idir na clanna neimhidh 7 na fir bolg fuair na fir bolg an
bhuaidh 7 deirtear gur fir iongantacha a bhí ionnta. Rómhar siad poll mór millteach sa
talamh i gcnoc tuagh mar Trap don náimhid. Tá sé trí céad troigh síos 7 tá sé chomh
leathan ar a bharr is nach féidir le aon ghasúr cloc a chaitheadh tharis. Tá sé ag caoladh
de réir mar tá sé ag dul síos, Tá cuma cruinn air 7 tá sé go díreach cosúil le "boul." Tá
carnán mór cloch in aice an phuill sin 7 deirtear gur thug bean de na fir bolg in a h-aprún
é ó chnoc meadha 7 í ag rith i ndiaidh an náimhid. D'éirigh sí tuirseach annsin 7 leag sé
síos iad ar chnoc tuagh agus tá siad ann /181/ indiu. Tá os cionn dá chéad tonna cloch
ann. Tugtar poll na dtaibhse ar an bpoll 7 tugtar leacht na caillghe ar an gcarnán mór
cloch.
/182/
Fuair mé an scéal seo a leanas ó m'athar a rugadh 7 a tógadh san gceathramhan Ruaidh.
Pád a'B. Sráid an Teampuill, Gaillimh.
16
Sgéal
Fathach an Domhain Thoir agus an Seomra Draíochta
Bhí triúir cailíní ina gcónaí i dteach beag thiar ins an domhan thiar fadó. Bhíodh fathach
ag goid gabáiste uatha agus chuaidh ceann aca amach an oídhche seo 7 nuair a tháinic an
fathach thug sé leis í go dtí an domhan thoir. Nuair a bhí sé ag dul amach thug sé cead di
dul isteach i ngach seomra ach i gceann amháin. Nuair a bhí sé bailithe leis chuaigh sé
isteach ins an seomra ach nuair a tháinic sé amach bhí a lámha lán le fuil. Nuair a tháinic
an fathach isteach mharbhuigh sé í agus bhailigh sé leis siar go dtí an domhan thiar. Ní
raibh sé i bhfad ins an ngáirdín nuair a tháinic ceann eile amach agus thug sé leis í go dtí
an domhain thoir. Nuair a bhí sé ag dul amach dúirt sé léi dul isteach i ngach seomra ach i
gceann amháin. Nuair a bhí sé imithe chuaigh sé isteach i ngach seomhra agus nuair a
tháinic sí amach bhí a cuid lámha lán le fuil. Nuair a tháinic an fathach isteach mharaigh
sé í agus rith sé leis go dtí an domhan thiar. Nuair a bhí sé tamall ansin tháinic ceann eile
/183/ amach 7 thug an fathach leis í go dtí an domhan thoir. Nuair a bhí sé ag dul amach
thug sé cead di dul isteach i ngach seomra ach i gceann amháin. Bhí go maith nó gur
raibh sé imithe agus do chuaigh sé isteach ann. Nuair a tháinic sí amach bhí a cuid lámha
lán le fuil ach san am céanna buaileadh an doras agus tháinic fear beag isteach. Thug sé
buidéal beag di agus chaith sí braon de'n buidéal ar a lámha agus d'imigh an fuil. Nuair a
tháinic an fathach isteach líon sé mála óir 7 chuaigh sé amach arís. Nuair a fuair an cailín
é chuir sí an mála ar a druim agus thug sí léi é isteach ins an seomra agus chaith sí braon
de'n bhuidéal ar an gcailín eile 7 bhí sí beo. Nuair a tháinic an fathach isteach chuaigh sí
síos ins an mála 7 chaith an fathach an mála isteach ins a teach. An lá i na dhiaidh
17
chuaigh an ceann eile síos ins an mála 7 ní raibh 'is ag an bhfathach ariamh é nó gur thug
sé an triúir aca go dtí an domhan thiar arís.
/184/
18
Sgéal
Oidhreacht na dTriúr Mac
Bí feiliméar ann fadó 7 bhí trí mhac aige. Nuair a bhí sé ag fágháil bháis thug sé speal
de'n (sic) chéad mhac 7 thug sé cat de'n dárna mac 7 thug sé coileach de'n tríú mac. Thug
an chéad mac an speal leis 7 cirín asal nó go dtáinic sé chomh fada le daoine a bhí ag
tarraingt féir le na lámha. Bhí an tí sin an-t-aidhbhir (sic) ach ní raibh aon speal aca leis
an bhféar a bhaint. Thosuigh an fear ag baint leis an speal 7 ní fada go raibh an féar
bainte aige. Nuair a chonnaic na daoine an speal cheannuigh siad an speal uaidh ar lán
cáirín asail d'airgead. Chuaigh sé abhaile 7 d'innis sé an scéal do'n bheirt eile. Bhailigh an
dárna mac leis nó go dtáinic sé chomh fada le teach a raibh na míllte lochain istigh ann.
Sgaoil sé amach an cat 7 ní raibh siad i bhfad ann 7 dhíol sé an cat leo (sic) ar lán cairín
asail d'airgead. Chuaigh sé abhaile agus d'innis sé an sgéal de'n tríú mac 7 bhailigh
seisean leis freisin. Nuair a tháinic sé go dtí an túr sin bhí siad i na gcodladh 7 /185/
ghlaoigh an coileach agus dhúisigh sé iad. Dhíol sé an coileach ar lán cáirín asail
d'airgead. Thosaigh an cat ag iarradh bainne 7 tháinic faitíos ortha 7 fuair siad gunnaí 7
leag siad a teach. D'éaluigh an cat amach 7 fuair a mháistir arís é.
Fuair mé é seo ó m'athair . . . . P a' bhailís
19
An Fear a Ghoid na Síóga a Bhó Uaidh
/186/
Bhí fear ann fadó 7 ní raibh aon cheard aige ach a bheith ag baint fraoch 7 dhá dhíol. An
lá seo chuaigh sé amach idir dhá loch 7 is gearr gur 'shuigh sé síos ag leigint a sgíth. Ní
raibh sé i bhfad mar sin go bhfaca sé a bhó féin 7 thosaigh sé ag dul abhaile léithe. Is
gearr go dtáinic sé go dtí páirc a raibh na síóga ag bualadh báire. Bhí an-spóirt aige ach is
gearr gur buaileadh an liathróid ins an t-súil air 7 bhí sé dall. Nuair a fuair sé amhrac (sic)
a shúile ar ais bhí an bhó imithe. Chuaigh sé dá cuardú 7 ní raibh aon tuairisc le fáil
uirthi. Ar maidin nuair a dhúisigh sé chuaigh sé amach arís 7 chonaic sé caisleán mór.
Nuair a bhí sé ag breathnú ar an gcaisleán chonaic sé an bhó 7 dhá fhear dá faire. Thairg
siad dhá phunt is deich scilleacha dhó ach ní raibh aon mhaith ann. Thairg siad trí phunt
dhó 7 thóg sé é ach nuair a chuaigh sé abhaile ní raibh aige ach póca follamh.
/187/
20
Sgéal
Na hUibheacha Costasacha agus an Dlí
Bhí fear i dteach fadó 7 dúirt sé leo (sic!) dinnéar a réiteach dhó. Chuaigh sé amach 7
dúirt sé leó go mbeadh sé isteach gan mhoill. Nuair a bhí an dinnéar réitithe ní raibh sé
istigh 7 chuaigh siad amach 7 chuir siad dlighe air. Ní raibh an breitheamh i ndon é a
réiteach 7 cuireadh cúl air. An chéad lá eile thosaigh siad a chómhraigh cé mhéad a
chosnódh sé 7 nuair a rinne siad suas an méid éan a thugadh amach as na huibheacha bhí
an dinnéar céad punt. Bhí an fear i gcrua-chás 7 chuaigh sé go dtí an chuairt arís 7 d'fhan
an fear a bhí le ceart a sheasadh dhó taobh amuigh. Nuair a tháinic an fear isteach
cheistnigh an breitheamh é 7 d'iarfhiadh (sic) sé dó cé'n fá a raibh sé mall. Dúirt an fear
leis go raibh sé ag cur fataí bruite 7 dúirt an fear go dtiocfadh toradh as na fataí bruite
chomh maith leis na huibheacha bruite 7 caitheadh an chúis i náirde.
Fuair mé . . . . . . P a'Bhailís etc.
/188/
21
"Sgéal fá Ridire an Ghaisgedhigh"
Bhí fear ann fadó is fadó a bhí. Dá mbeinnse an t-am sin ann ní bheinn anois ann nó dá
mbeinn bheadh scéal nua nó seanscéal agam nó bheinn gan aon scéal. Bhí rí in Éirinn
fadó 7 rugadh mac dhó. Chuir sé síos i núin (sic) talúna é ag bainliath dá oileamhaint ins
an áit nach bhfaca sé gaoth ná grian. Nuair a bhí sé seacht mbliana d'aois thug an
bhainliath suas ar an mbruach é 7 thug sí comán óir dhó 7 comán airgid dhi féin. Chaith
sí an liathróid amach i lár na páirce 7 bhí siad ag bualadh nó go raibh deamhan 7 deireadh
an lae ag teacht, go raibh an gearán bán ag dul ar chúil an chupóig 7 go raibh an cupóig
ag dul go dtí an domhan thoir le faitíos. Bhí dhá bháire aice air 7 ní raibh aige uirthi ach
aon bháire amháin. Leag sí isteach i mbinn a chóta é agus chuir sí insan úin é. Nuair a bhí
sé ceithre bliana déag thug sí aníos arís é 7 thug sí comán óir dhi féin 7 comán airgid
dhósan. Bhí siad ag bualadh nó go raibh deamhan 7 deireadh an lae ag teacht go raibh an
gearán /189/ bán ag dul .. . le faitíos bhí dhá bháire cige uirthi 7 ní raibh aice air ach aon
bháire amháin. Sin é an uair a dtug sí ridire an ghaisgedhigh mar ainm air. Ar bheatha
(sic) tú aon ghaiscíoch ariamh chomh maith liom ar seisean. "Níor beathas" ar sise ach
má chaster glúin dubh ins an domhan thoir leat ní abróinn nach bhfuil sé go maith leat.
Chuaigh sé abhaile go dtí a mháthair agus a athair. Rug sí greim bárr a láimh air. Fhliuch
sí le deora é 7 is beag nár mhúch sí le póga é 7 thrioma sí le na gruaig a cinn 7 le na síoda
mín 7 garbh é. Chaith siad trían de'n oíche le fiannaíocht 7 trian de'n oíche le scéalta 7
trían de'n (sic) ag caitheamh biadh: bhí cupán meala ar chuile ghreim 7 gan greim ar bith
tor go maidin lá na bhárach. Nuair a bhí píosa de'n lá ann dúirt sé go rachadh sé ag fiach.
Thug sé leis sean ghuna 7 ghlaoidh sé ar sean chú nár chorruigh ar an luaidh le leath-
22
chéad blian. Níor chaith sé aon urchar an lá sin. Tháinic sé abhaile 7 shuigh sé ar an
gcathaoir 7 chuir sé osna as gur bhris sé an gabhail éadain a bfuide uaidh ar an teach.
/190/ Rachfainn i mainéar gur mac rí fá gheasaidh thú indiu arsan mháthair. Níl geasaidh
ar bith orm ach an geasaidh a chur mé féin orm a mháthair ar seisean. An dárna suidh ní
bhéarfainn ar aon chathaoir, ná an dárna oíche ní chodlóchainn ar aon leaba; ná an dárna
greim a ithe ar aon bhord, go mbeidh fhios agam cé fearr an fear mé néin ná glúin dubh
ins an domhain thoir. Coinneochfad go ceann seacht mbliana eile agus ní gá duit an dárna
suidhe ar aon chathaoir, ná an dárna oíche ar aon leaba, ná an dárna greim ar aon bhord
go mbeidh an t-achar sin suas. Nóiméad ní fhanfad ach a bhfuil romham go dtí maidin i
mbárach. A mhochaí is a d'éirigh an lá d'éirigh ridire an ghaisce (sic) níos mochaí.
Dubhairt sé ará 7 chuimil sé bos dá éadan is dá bhailigh. Thug sé a aghaidh ar an ngrian 7
a chúl ar an ngaoith 7 d'iarr sé ar dia é a chur ar a leas. Rug sé ar a dhá bhuaitisín
chridimeach chraideamach dhá dheospol ghléigeal ghreannacha 7 iad daite le airgead
spáineach. Rug sé a chlaidheamh a bhí fibearnach faibearnach faobhair a beárra faobhar a
gearra faobhar ós cionn 7 treas fhaobhar. Bhuail sé síos ar bhruach na tráigh 7 bhain sé
píosa /191/ dhá mhaide beag agus chaith sé amach é. Bhuail sé buille dhá draoidheachta
air 7 rinne sé bád chomh breá is a snámh fairrge ariamh. Chuir sé a ghuailinn léithe agus
chuir sé iomaire agus seacht n-acra i bhfarraige í. Chuaigh sé seacht gcoiscéim ar a chúl
agus seacht gcoiscéim ar a aghaidh agus d'éirigh sé do chorm talamhana (sic) 7 chuaigh
sé go léim ar an mbord (sic). D'árduigh sé suas na seólta móra pocóideacha pacóideacha
lán mara, mara gcrainn. Níor fhág sé téad tír gan taraingt olmochadóir gan briseadh ná
maide rámh gan ró bhriseadh gur chuir sé an gainimh mín i nUachtar 7 an gaineamh
garbh i níochtar. Chuir sé iasc na farrge tré na chéile 7 thairnigh sé t-oibreacht (sic) fiar-
23
uisge (sic) ar bharr na fairrge go dtug sé aghaidh a shoitheach (sic) amach i n-aghaidh na
fairrge fhior mheasga (sic) dhomhain ceól bínn ag an bhfaoileán ó thús an luing go
deireadh an luing ag déanamh seirbhíse do mhac rígh éirinn. Bhí sé ag seoladh nó go
bhfaca sé talamh i bhfad uaidh is ní i ngar dhó. Thairnigh (sic) sé suas long ar chaladh
nhín éadain na gcéadta /192/ cabhlach. An áit a dtáinic an chéad long ar éirinn ariamh. Ní
baoghal do ghaoith dá bualadh na grian dá sgoilteadh ná sruthán slíochadh. Go dtug sé
feiste go ceann bá is bliadhan uirthi cuir i gcás go bfhéidir nach mbeadh sí ann go ceann
uair a chlog (sic). Chuaidh sé amach 7 bhuail sé an cuaille curac (sic) an crann úa (qqq?)
ag lúbadh, an chrann críon ag pléasgadh, bun sean chaisleán ag teitim, 7 an caisleán nua
ag creathadh. Níor fhág sé úan i gcaora (qqq?), lao i mbó, na (sic) mionán i ngabhar, ná
banbh i muc, gur bhain sé laogh mór dubh as an tsean bhó druimeannach nár rug aon
laogh le deich mbliadhna roimhe sin, le fuaim is le spreacadh a buille 7 ní bhfuair sé
freagra ó dhuine ar bith. Dúirt sé leis féin go siubhlach sé píosa de'n oileán. Ní fada go
bhfaca sé go leor daoine i lár páirce. Chas bean leis 7 í ag teacht ón bpáirc 7 d'fhiafruigh
sé dhi cé'n bailiughadh a bhí ansin.
D'fhiafruigh sé dhó ar as an aer a thuit sé nó as an talamh a d'éirigh sé. Dúirt sé nach eadh
7 ó'n bhfairrge a tháinic sé. Dí go raibh "lady" ag fanacht leis an bhfathach mór go
dtiubhradh sé/ 193/ 'un bealaigh í 7 go raibh cuile chuine cruinnighthe uirthi. D'éirigh sé
go cothrom talúna 7 chuaigh sé de léim ins an áit a raibh an "lady" (qqq?) ina suidhe. Bhí
sí cromtha is í ag caoineadh 7 d'fhiafruigh sé di cé'n fáth a raibh sí ag caoineadh. Dúirt sí
leis go bhfearr dhó dul i na bhealach 7 gan bacacháil le féin.
"Is gaisgidheach as Éirinn mise 7 is maith liom fios cé'n fáth do chaoinnte."
24
"Is mise," ar sise, "iníon ríogh an Tuircéis Fhánach 7 bhí dhá bhean déag de chlann iníon
ag m'athair 7 tháinic fáthach mór as an domhan thiar 7 thug sé frógra do dhuine a bheith
ins an bpáirc lá áiride insan mbliadhan 7 tá siad sguabtha 'un bealaigh aige go mise 7 níl
fhios againn céard a tá sé a dhéanamh linn."
"Ní bhéarfaidh sé leis thusa go mbeidh fhios aige cé againn is fearr mise ná eisean."
"Is fearr duit a dhul i do bhealach," ar san lady. Nuair a bhreathnuigh sí thairistí chonnaic
sí ag teacht é. Chonaic ridre an gaisgidhigh ag teacht freisin é 7 cnoc de thruslóg aige 7
gleann do choiscéime aige go dtáinic sé de léim ins an áit a raibh iníon an ríogh ina
suidhe. Rug sé ar ghualainn uirthi 7 dúirt "An dtiocfadh tú in / éineacht liomsa. Rug ridre
an Ghaisgigh ar an nguailinn eile 7 dúirt go gcaithfeadh sé troid ar a son. Tairaing sé a
lámh 7 bhuail sé ridre an Ghaisgigh de chlouta (sic!) 7 chuir ar mhullach a chinn é.
D'éirigh ridre an G. 7 bhuail sé de cheann é. "Feictear dhom," ar sé le ridre an G. go
bhfuil do clouta níos truine (truime qqq?) ná clouta gasúir. Cé is fearr leat cruadh
chathraoireacht ná cur claidhmhe i mbárr easnacha a chéile.
"Is fearr liom" arsa ridre an ghaisgidhigh troid le mo chlaíomh mar is é a chleachtaigh mé
ariamh ag baile. Thosaigh siad ag troid mar dh'aiteóchadh dá ré réitheach nó dhá tharb
nimhe ar chiúis an tsléibhe gur chaith siad naoi naidhche is naoi lá ag troid is ag fionn
sgarradh 7 da dtiocfadh tú a breathnú ar chruadh cathraoireacht ar bith is ortha a
thiocfadh tú a' breathnú. Rinne siad bogán do chrúán agus cruadhán do bhogán is ní
bheadh fhios agat cé aca a bfhearr ná ba dhona. Tháinic an spideóg ar an gclaí.
"A mhic an righ arsa an spideóg," is dona an áit a bhfuil do bhás. Ní'l fear do shínte ná
bean do chaointe anseo mar gcaoineadh mise nó iníon an rí thú. Sin é an uair a
chuimhnigh sé air féin chaith sé uaidh a chlaíomh agus /195/ d'fháisc sé faoi isteach. An
25
chéad chorr a thug sé chuir sé go dtí na glúna é an dárna corr go dtí na bhásta agus an tríú
corr go dtí na asglaibh. Leig mo cheann is mo chomán beatha liom 7 is tú an gaiscíoch is
fearr dá bhfaca mé ariamh. Béarfaidh mé leath mo dhraíochta ríocht le mo bheó dhuit 7 ar
fada le bharúil tiubhraidh mé mo shlat draoíochta dhuit a dhéanas beo do mharbh agus
mo chlaíomh solais a dhéanas solas ins an dorachadas.
"Cá bhfuil do shlat draíochta 7 do chlaíomh solais."
"Tá siad fá'n lic ghlais atá i gcuinne na páirce má tá tú i ndon i a chrochadh."
"Sgéal cráite ort shílfeá rud ar bith a bhí tusa i ndon a chrochadh go mbeinn-se i ndon a
chrochadh."
"Is fíor dhuit é" arsan fathach mór. Ní bhfuair sé an oiread anró ariamh ach an leac mhór
a chrochadh. Nuair a shíl sé breith ar an gclaíomh leig sí sgréach 7 shíl sí an ceann a
bhaint dhó ach d'éirigh leis breith uirthi 7 shiúil sé go dtí an fathach mór. D'fhiafruigh sé
do cé'n áit a bhféacfadh sé faobhar a chlaídhmhe.
"Féach ar an mbloc is gráinne atá ansin." Níl bloc ar bith ann níos gráinne ná do bhloc
fhéin. /196/ Dá bhualadh i gcoinc i muinéal ó mhaol na gluailne (sic) 7 chuir sé ag feadaíl
a' dul suas é 7 ag gabhál fhuinn ag teacht anuas. Shíl sé teacht ar an gcolainn céadhna arís
ach dheasuigh sé an claidheamh ina dheis-láimh 7 bhuail sé arís. "Ní bfearr dhuit adeir an
ceann "dá dteighinn-se" ar an gcolainn céadna arís leaghidh na bhfinn ní bhaineadh anuas
mé."
"Ní le thú a leigeann suas, arís a bhain mise anuas thú." adeir ridre an Gh. Sháith sé an
claíomh isteach ina chluais 7 tharraing sé isteach i ngarrdha an rí 7 shiúil isteach i ndiaidh
an chailín óig i dteach an rí. Ní fáilte mhaith a chuir an rí roimpi nuair a tháinic sí isteach
26
d'fhiafruigh sé dhi cé'n fáth nár fhan sí ins an bpáirc go dtagadh an fathach 7 go
dtiubhradh sé leis í.
"Ó a athair, tá an ceann ins an ngarrdha mar mharbhuigh an gaiscíoch óg é. Chuaigh sé
amach ag breathnú ar an gceann a bhí ins an ngarraí 7 muair a chonaic sé é rinne sé gáire
chomh mór sin is go bhfaca gach duine an duradán dubh a bhí shíos ar bhun a phutóige.
Séard a dúirt sé go mbeadh stáblaí aige le haghaidh cearc, lachain, 7 capall, 7 beithíoch
fhaid is mharfeadh aon dhuine beo. Nuair a d'imtheóchadh an fheoil dá cheann go raibh
an slinn (sic) /197/ go bráth air ar maidin lá na bhárach dúirt Ridre an Gh. go raibh cuid
mhaith dá shaoghal caite aige leis féin 7 le na ighnean 7 nach raibh a bhealach féin
giorrtha (qqq?) fós aige. Ansin dúirt an ighnean an ríogh (sic) go gcaithfeadh sé í a
phósadh. Dúirt sé nach bpósfadh sé aon bhean go deo nó go dtagadh sé ar ais tar éis a
aistir ach dá dtiocfadh sé slán go bpósfadh sé í. D'fhág sé slán is beannacht aca 7
d'imthigh sé go dtí a shoitheach. Thug sé a aghaidh ar an bhfairrge 7 deireidh an
tsoitheaigh do thír bhí sé ag seoladh nó go bhfaca sé talamh i bhfad uaidh is ní i ngar dhó.
Tháinic sé i dtír ar an talamh tar éis píosa fada ag déanamh air. Nuair a tháinic sé i dtír sé
an t-ainm a bhí ar an talamh an Tuircéis Bhig 7 ní fhaca sé duine beo ná marbh ar an
oileán ná a shiubhal ná ina shuidhe. Cas teach amháin leis ar an oileán 7 chuaigh sé
isteach ann. Bhí bord leagtha i lár an urláir 7 trí chathaoir thart timpeall air agus chuile
short beatha dá fheabhas ar an mbord 7 gan duine ar bith le feiceáil.
"Cé bé cé reidhtigh an beatha íosfaidh mise greim ag suidhe síos ar chathaoir ar an mbord
dhó. Ní raibh ite aige ach trí ghreim nuair a tháinic triúr fáthaigh móra isteach stiallta
stróctha 7 a gcuid feola go talamh leo 7 chuaigh ins an seómra gan focal ar bith a labhairt.
27
Bhuail faitíos é /198/ 7 do chuaigh sé isteach fán mbord. Is gearr go dtáinic na fathaigh
aniar 7 shuidh gach duine i gcathaoir dhó féin.
"Feictear" domh-sa gur baineadh blogam as mo taé sa arsan dárna fathach. "Sílim," a deir
an ceann eile, "go bhfaca mé feitidheach (sic) ag an mbord nuair a tháinic mé isteach.
B'fhéidir gur isteach fán mbord a chuaigh sé nó amach."
"Chrom sé síos is thug sé amach ar a láimh é 7 leag sé ar a ghlúin é," b'fhéidir go bhfuil
ocras ort a ghasúirín" a deir sé, "7 tiubhraidh mé aráin duit."
"Leig amach mé tá mise in ann bidh a saorthodh mé féin ach ní íosfaidh mé ná ní ólfaidh
mé aon bhlas go mbeidh a fhios agam cé'n fáth ar tháinic sibhse isteach 7 bhur gcuid
feola go talamh libh 7 nuair a tháinig sibh aniar as an seómra bhí sibh in bhur bhfir
breághtha."
"Muise," a deir ceann aca "cé'n mhaith dúinn é a innsint duit" "mar a ndéineann maith ní
dhéanfainn olc."
"Ó muise," a deir an dárna ceann do mhaith nó t-olc cé'n mhaith dúinn é a innsint duit.
"Innseochaidh mise duit é arsan tríomhadh fathach."
/199/
Triúir driátháir is eadh muide agus bhí trí oileán againn mar seo agus bhí an bheatha ag
teacht ó neamh mar chonnaic tú romhat annso. Cruinnuigheadh orainn agus baineadh
oileán dinn agus is gearr gur baineadh an toileán eile dúinn agus tá siad ag iarradh an
toileán seo a bhaint dhúinn anois agus tá muid dá marbhughadh na mílte gach lá agus
bíonn siad beo romhainn arís. Mo láimh is m'fhocal dhibh go dtiubhrfaidh mise sgáth
dhíbh ambárach ar seisean.
28
A mhochaighe a d'eirigh an lá ba mhochaighe ná sin a d'éirigh ridre an gaisgidhigh.
Réidhtigh sé é féin amach i narm is i néadach agus nuair a bhí sé ag dul amach
d'fhíafruigh sé dhóibh cé'n a bhfuigheadh sé iad. "Sgéal bán ort a deir fear aca an ait a
bhfuil muide ag dul le bliadhain is fiche go bhfuil cosán ann."
"Is fíor dhuit é," arsa ridre an Gaisgidhigh agus as go bráth leis thug sé dá shiubhal é agus
bhí cnoc do thruslóig agus gleann do choiscéim aige. Chonnaic sé go leór daoine agus
nuair a tháinic sé chomh fada leó chuaidh sé triocha ar nós a thiocfadh seabhac trí bhloc
éanlaith agus ní raibh duine fágtha aige ag a dó dhéag.
"Buel anois" adeir sé ní imcheóchaidh mé as seo go bheidh fhios agam cé atá dá
ndéanadh beó ag sineadh /200/ siar i na measg. Ní bhfada dhó nó go bhfaca sé gearán bán
ag teacht agus fear ag marcaidheacht uirthí. Bhí puithín ioclann aige i na láim agus sguab
agus ní raibh aon duine a raibh sé ag caitheamh braon de'n rud a bhí ins an bpuithín ortha
nach raibh ag éirighe chomh beo is a bhiodar ariamh. Bhí sé ag breathnughadh air go
ceann tamaill agus dubhairt leis féin gur gearr go mbeadh an obair chéadna le déanamh
arís aige. D'éirigh sé i na sheasamh agus thosuidh sé ag sguabhadh na gcloigne dhóibh
aniar le na shála. Nuair a shíl an fear go raibh siad beó arís bhí siad marbh ag Ridre an
Ghaisgidhigh aniar le na dhruim. B'áthuigh sé féin agus an gearán ban a chéile ach ní
raibh aon chic dá raibh sí dhá bhualadh nach raibh sí dhá leagan ach bhí sé ag dul anonn
29
is análl go deo nó go dtug sé buill do'n chlaidheamh ins an mbolg dhí agus níor fhág sé
deóir inntí. Dubhairt sé leis féin go bhfanadh sé tamall eile go bhfeiceadh sé a dtiocfadh
aon bhlas eile agus luigh sé siar. Is gearr go bhfaca sé gabharín maol acrach ag teacht
agus tuitín ioclann aige agus é ag tumadh a smig síos ann agus é dá ndéanamh beo, agus
dubhairt Ridre an Gaisgidhigh nach leighfeadh /201/ sé dó an oiread céadna a dhéanamh
beo is a thug sé do'n ghearán. Thosuigh siad ag troid agus ní raibh aon bhuille dá raibh an
gabhairín a thabhairt dhó nach raibh sé ag tabhairt na feóla dhó agus bhí sé ag cinnt air
bárr an chlaidheamh a chur thríd le teann salachar agus brocamais. Babhta dár deag an
gabhairín é le tomp a bhuail sé air d'éirigh leis gur chuir sé bárr an chlaidheamh i mbonn
a cheathramhan dheieadh agus do stroic sé é amach go dtí a ucht agus níor fhág sé deoir
ann. Shuidh sé síos ag leigint sgíth agus is gearr go bhfaca sé sean chailleach ag teacht
agus fá fá féasóg agus droch chuma ag teacht uirthi. Dubhairt sé leis féin nach dtiubhradh
sé cead dí duine ar bith a dhéanamh beo go rachadh sé fá na déin.
"Go mba seacht is go mba hocht is tú a mharbhuigh mo chlann is mo mhuinntir is mo
shean ghearán bán agus mo ghabhairín maol carach ba mheasa liom ná an mád sin ach
marbhóchaidh mise thú féin anois."
"A chailleach ghranna marbhóchaidh tú tú mise," d'áthuigh siad a chéile i mbárr faobhair
agus ní raibh aon bhuille dá raibh sé a thairraingt nach raibh sí a choisint le na sáil agus ní
raibh aon sgríob a bhí sí a thabhairt dhó le na h-iongaochaí nach raibh sí a tabhairt na
feóla amach ón /202/ gcnáimh.
30
D'éirigh leis a dhul ar a cúl agus bhuail sé i gcúl a cinn í agus níor fhág sé deóir inntí.
Dubhairt sé leis féin go mbeadh sé ag giorradh an bhealaigh agus mar a raibh aon dhuine
eile le teacht go raibh áit ins an áit ar fhág an méid sin. Níor chas rud ar bith dhó go
dtáinic i dteach agus ní fhaca sé duine ar bith istigh ach cat a bhí ins an luaidh agus nuair
a d'éirigh sé chraith sé trí thonna luaidh as féin. "Óra muise arsan cat a shean phleóta
bhradaigh is tú a mharbhuigh mo mháthair is m'athair agus mo chlann is mo mhuinntir
agus is tú a mharbhuigh mo shean ghearán bán agus mo ghabhairín maol carach ba
mheasa liom ná an méid sin ach marbhóchaidh mise tú féin anois."
"Sgéal cráite ort a chaitín gránna cé'n chaoi a marbhóchthá mise. Ní raibh focal eile
ráidhte aige nuair a bhí an cat aige chomh mór le capall. D'áthuigh siad a chéile agus bhí
siad ag troid agus ní raibh aon iongnadh a bhí an cat a thabhairt dhó nach raibh sé ag
tabhairt na feóla ón gcnáimh dhó. Chaith siad dhá oidhce agus dhá lá ag troid agus ní
bheadh a fhios cé aca a bhfearr ná ba dhona go raibh cú leagan ag an mbeirt agus is é an
áit ar thuit siad amach an doras. Chuir an /203/ cat a chrúb isteach idir a dhá easna agus
thug sé amach a chroidhe le na chrúib. Nuair a chonnaic Ridre an Ghaisgidhigh a
chroidhe amuigh dubhairt sé leis féin go raibh sé caillte agus ní dheárna sé ach a lám a
chur isteach i dtaobh an chaith agus thug sé amach a chroidhe agus bhí sé féin agus an cat
caillte i n éinfheacht.
Bhí go maith is ní raibh go holc dubhairt na trí fáthaigh go rachadh siad ar thóir an
Gaisgidheach a thug sgith dhóibh go rachadh siad ar a thóir go bhfeiceadh siad an beó nó
marbh é. Shiubhal leó annsin go dtí an áit a mbíodh siad féin ag troid le seacht mbliadna
31
roimhe sin. Nuair a tháinic siad ann chonnaic siad an méid sin marbh agus d'iontuigh siad
thart iad ó dhuine go duine. Bhí siad i ngar a bheith soiléar dhóibh féin go raibh sé i
measg na marbh agus ní bhfuair siad ann é. Thosuigh siad ag caoineadh agus is go dona a
leig siad uatha é agus bhí aithmhéala ortha go leig siad uatha é mar go dtiubhradh sé
comgnamh dhóibh i bhfad is a mharbadh sé beó ar an talamh. Dubhairt duine aca go
rachadh siad go dtí an áit a raibh na daoine i na gcómhnaidhe is go bhfuigeadh siad
annsin é beó nó marbh. Sin é an áit a bhfuair siad é féin agus an cat marbh. Bhí an dá
chroidhe caithte le chéile agus /204/ ní raibh aon aithne aca ar chroidhe Ridre an
Gaisgidhigh thar chroidhe an chait. Shocruigh siad isteach croidhe an chait ann agus chait
siad braon de'n phuitín íoclann agus bhuail siad buille de'n t-slait draoidheachta air agus
bhí sé chomh beó is a bhí sé ariamh. Is gearr go bhfaca sé loch ag dul thart agus rith sé i
na diaidh ach ní dheárna siad ach é a bhuaileadh de'n chlaidheamh agus mharbhuigh siad
é. Shocruigh siad a chroidhe féin isteach ann agus chaith siad braon de'n phuitín íoclann
air agus bhuail siad buille de'n tslait draoidheachta air agus bhí sé chomh beó is a bhí sé
ariamh ar feadh a shaoghal.
Shiubhal siad leó annsin go dtí an áit a raibh na daoine marbh aige. Dubhairt sé go raibh
codladh ag teacht air agus má's é an codladh céadach é nach ndúiseócadh sé go ceann lá
is bliadhan. Beiridh ar an gcloich mhóir sin agus buailidh anuas insan druim orm í agus
mar a ndúiseóchadh sí sín mé tá codladh orm go ceann lá is bliadhan. Chroch siad an
chloch agus bhuail siad ins an druim air í. D'osgail sé súil leis agus d'fhan sé i na
chodladh. D'imthigh siad abhaile agus bhí siad le h-aghaidh fáltas a fhághail go
ndúisigheadh sé agus gcosnuigheadh sé an bháiste[qqq] uaidh. Is gearr a bhí siad
32
imthighthe uaidh go dtáinic /205/ amadán mór as an domhan thoir nuair a chuala sé go
raibh an marbhú mór sin déanta agus ciseán aige fé ar bith duine a théigheadh thíos ann is
é Ridre an Ghaisgidhigh an chéad duine a leag sé isteach ann. Bhí chúig chéad fear i ndan
maol a chur air bhí sé chomh mór sin agus shiubhal leis abhaile leó agus bhí ocras mór air
nuair a bhí sé ins an mbaile agus thosuigh sé ag bruith is ag rósta agus dhá n-ithe go raibh
sé i na mhaidin lá na bhárach. Nuair a bhí a dhíithin ithte aige ní raibh fágtha aige ar thóin
an chiseáin ach triúir agus chaith sé an triúr suas ar stuic an lota. Dubhairt sé le na
mháithir éirighe go raibh sé i na lá.
"Sgéal bán ort," a deir an mháthair, "is tú an mac is gortaigh dhá raibh ag aon bhean
ariamh, tá tú ag bruith agus ag rósta ar feadh na hoidhche agus níor thug tú aon bhlas
dom sa.
"Tá trí inghean bheag caithte suas ar an lota agus róst dhuit féin iad, tá mise a dul ag
iarraidh ualaigh eile agus nuair a thiocfas mé beidh go leór le n-ithe agat".
D'éirigh sí go mear agus do chuir sí an trúir síos ar an róistín agus nuair a theangnuigh
[recte theagmhaigh?] an teas le Ridre an Gaisgidhigh d'éirigh sé de léim as an teine /206/
ar an urlár.
"Gairm is gcorsuimic thú is tú a theastuigheas uaim se i ndiaidh lachain, cearc agus
géabha agus ag tabhairt uisge isteach"
Níl mise ag dul ag déanamh tada aca sin dhuit a chailleach"
"Mar a bhfuil tú muis, rachaidh tú ar an róistín."
Ní racad a rud gránna a deir Ridre an Ghaisgidhigh ach rachaidh tusa ann. Beireann sí air
agus beireann seisean uirthí se. Bhí siad a dul dá chéile ariamh ach dá mhéid dá ndeacha
sé tríd ariamh is í a thug a sháith dhó sul má marbh sé í. Do stiall sé agus do stróic sí é.
33
Bhí a chuid feóla agus fola ag dul go talamh le de bharr a cuid iongachaibh a bhí sí a
sháith ann.
Bhí sé ag imtheacht le annsin agus bhí sé ag dul thar theach agus is é an tainm a bhí air
grianán. Chonnaic sé aon bhean déag a breathnughadh i na dhiaidh as an bhfuinneóig
uachtar agus dubhairt bean aca go mba fear as Éirinn a bhí ann nó do bhí sí as a meabhair
agus go mba cheart glaodhach air agus an puitín íoclann a chuimilt dó go mba mhór an
truaigh é. Dubhairt an bhean eile nach raibh a fhios aici an puitín íoclann /207/ thar an
bpuitín neimhe agus go mba bhfearr dhí é a leigint i na bhealach go mbféidir go
marbhóchadh sí é. Dubhairt sí nach achar fada dhí é sin a fhághail amach ag sáith a méir i
bpuitín aca agus is ins an bpuitín neimhe a chur sí a méir agus leag sí ar an mbloc í agus
do bhuail sí leis an tuaigh í agus do sháith sí ins an bpuitín íoclann í agus do bhí sí go
maith. Tá fhios agam anois é agus ghlaodh sí air agus tháinic sé isteach agus chuimil sé
an puitín íoclann dhó agus bhí sé chomh maith is a bhí sé ariamh aon lá dá shaoghal.
Leag sí a bhéile aige agus dubhairt sí leis go mbhféidir go raibh ocras air dubhairt sé go
raibh ocras air ach ní íosfaidh mé aon bheatha ar seisean go n-innsighidh sibh dhom cé'n
fáth a bhfuil sibh istigh annso agus gan aon duine i n-éinfeacht libh. Dubhairt an bhean i
ba óige go n-inneóchadh is fáilte.
"Is muide clann rí an tuircéis fhánach agus bhí fathach mór dár dtabhairt 'un bealaigh
duine againn gach aon bhliadhain ar feadh aon bhliadhan déag agus d'imthigh sé tá
bliadhan ó shoin ann ag iarraidh an dárna bean déag agus níor tháinic sé ó shoin."
"Ní thiocfaidh sé sin go bráth," a deir Ridre an Gaisgidhigh mar mharbhuigh mise é agus
d'fhág mé a cheann /208/ taobh istigh de'n gharrdha atá ag t'athair. Chruinnigh na mná i
bhfus is thall i na timcheall agus ní raibh fios aca ceard a dhéanfadh siad leis agus nach
34
sgarfadh siad go deo leis go bhfágadh sé ins an mbaile iad go dtí an tuircéis fhánach go
dtí a n-athair. Dubhairt sé go ndéanadh sé sin agus fáilte. D'fhiafruigh an bhean óg dhó
a'bpósfach sé í.
"Phósfainn" ar seisean ach tá mé geallta do do dheirbhsúir eile atá ins an mbaile ná
theighim beó abhaile.
Bhí siad ag caitheamh na haimsire go spóirteamhail dhóibh féin go raibh píosa de'n
oidhche caithte. Chuala siad béic uthbhásach, ceann, agus ceann eile. D'fhiafruigh sé do
na mnáibh cé'n sórt duine uthbhásach é sin a bhí ag béicighil. Dubhairt siad leis go b'shin
driatháir de'n fathach mór é sin agus nuair a fuair sé a mháthair marbh roimhe go raibh sé
ag iarradh duine againne a choinneóchadh chomhluadar leis go maidin.
"Caithfidh duine agaibh dhul i néindigh leis go maidin."
"Caithfidh" a dubhairt an bhean óg agus is orm sa atá a dhul ann agus beir orm agus déan
cheithre phíosa dhíom agus caith píosa dhíom soir agus caith píosa siar sul má a rachadh i
néindigh leis." /209/
"Más mar sin é," adeir Ridre an Ghaisgidhigh," rachad féin ann."
D'fhág sé slán agus beannacht aca go dtagadh sé ar ais is ghluais leis amach go dtí an t-
amadán mór. Bhí sé féin agus an t-amadán mór ag dul dhá chéile ar feadh na hoidhche
agus maidin an laé bhuail sé do'n chlaidheamh isteach i mbéal a ghoile é agus
mharbhuigh sé é. Is beag nár plúchadh é leis an méid a tháinic amach as a phutógaí
lobhtha. Shiubhail sé isteach go dtí na mná agus bhí fáilte mór roimhe. Ar maidin lá na
bhárach réidhtigh siad iad féin amach go dtiubhradh sé abhaile iad. Chuaidh sé síos ar
bhruach na trágha agus bhain sé píosa dá mhaide beag agus chaith sé amach é agus bhuail
sé buille dá shlat draoidheachta air agus rinne sé bád chomh [maith?] is a sheol fairrge
35
ariamh. Chuir sé a ghuailinn léithe agus do chuir sé míle agus trí ceatharamhaní i
bhfairrge í. Do chuir sé cúigear de na mnáibh ar thaobh amháin agus seisear ar an taobh
eile. Fuair se giota rópa agus cheangail sé iad dá chéile. Chuaidh sé píosa ar a chúl agus
tháinic sé go rite raite agus thug sé cúigear i láimh leis agus seisear ins an láimh eile gho
dtug sé glan isteach iad ar bhord na luinge. Thosuigh sé ag réidhteach go gcuireadh sé sé
chun siubhail í. Chonnaic sé soitheach ag teacht fá ropadh siubhail agus rinne sé staidéar.
"Má tá mé beó i soitheach gaisgidheach i sin agus tá Glún Dubh inntí."
Ní raibh focal eile ráidhte aige nuair a bhí an soitheach le na thaobh. Chaith sé aincoire
amach agus cheangail sé an soitheach. Theann Ridre an Ghaisgidhigh leis agus cheangail
an dá shoitheach le na chéile. An tú Glún Dubh a deir Ridre an Ghaisgidhigh is fada mise
ar do thoraidheacht. Níor dhubhairt sé focal ar bith ach d'éirigh sé agus do chuaidh sé de
léim ar an talamh na dhiaidh. Bhí chruaidh-shiubhal maith aige agus bhí Ridire an
Gaisgidhigh ag rith agus bhí sé cinnte air teacht suas leis. Chonnaic sé ag dul isteach i
dteach é agus dubhairt sé leis féin go mbéarfadh sé ins an teach air. Tháinic sé amach
agus a phíopa dearg aige sul má bhí Ridre an Ghaisgidhigh chomh fada leis. Rith Ridre
an Ghaisgidhigh ins na cosa i n-áirde agus bhí sé cinnte air teacht suas leis agus ní raibh
aige ach cruadh-shiubhal.
"Seas," a deir Ridre an Ghaisgidhigh, "tá mé ag ceapadh gur fearr an fear tú ná mé ach is
cuma liom troidfidh mé thú má sheasann tú."
Nuair nach seasfaidh tú bádhfaidh mé mo shoitheach féin ins an áit a bhfuil sí agus
tiubhraidh mé do shoitheach /211/ sa go hÉirinn agus annsin beidh sé le rádh agam gur
fearr an fear mé ná tú.
36
Tháinic Ridre an Ghaisgidhigh ar ais agus chuaidh sé de léim isteach i soitheach ghlúin
Dubh. Bhí pota mór ar deck inntí agus é is é an áit a dtáinic sé ná ar chabhair an phota
agus d'ionntuigh an pota druim ar ais air. Ní túisge a bhí sin déanta ná tháinic Glún Dubh
agus shuidh sé síos ar an bpota. Nuair a d'éirigheadh Glún Dubh de'n phota bhíodh Ridre
an Ghaisgidhigh dá chuir de suas agus shuidheadh Glún Dubh arís air. Choinnigh sé naoi
n-oidhche agus naoi lá fá'n bpota é. Maidin an deicheadh laé dubhairt sé leis féin go mba
cheart dhó a bheith lag go maith. D'éirigh sé de'n phota agus chuaidh sé de léim ar an
talamh. Ní túisge a bhí sé imthighthe ná chuir Ridre an Ghaisge an pota druim ar ais agus
chuaidh sé de léim ar an talamh agus do lean sé é ins na cosaibh in-áirde agus is mó a bhí
sé ag imtheacht uaidh ná sé ag teacht suas leis le cruadhshiubhal.
"Nuair nach bhfuil tú ag dul ag seasamh tá mise ag dul ar ais go dtí do shoitheach agus ní
hé fearacht ché/ana agat é," ní ar bhéal an phota a thugas mé anois. Tháinic sé ar ais go
dtí an soitheach chuaidh sé isteach go / 212/ léim in a shoitheach féin agus thug sé na
mná isteach i soitheach Ghlún Dubh. Rug sé greim barr ballspit ar a shoitheach féin
sháith sé síos i ndiaidh a tóna i síos ins an an bhfairrge agus d'fhág sé báidhte annsin í.
Thug sé aghaidh soitheach Ghlún Dubh ar an Tuircéis Fánach. Bhí sé ag seóladh is ag
síor sheóladh nó go bhfaca sé talamh i bhfad uaidh is ní gar dó. [qqq?] Dubhairt sé leis na
mnáibh go dtiocfadh sé i dtír ar an talamh sin go mba mhaith leis píosa de'n tír a fheiceál.
Dubhairt na mná dá dtógadh sé a gcomhairle nach mbacfadh sé le dul i dtír annsin.
"Cén dochar a dhéanfas sé dúinn," a deir Ridre an Gaisgidhigh. Tháinic sé i bhfocas dhá
chéad míle do'n talamh thug sé aghaidh an shoithigh díreach ar an oilean agus chuir sé ar
ain/coire í. Chuir sé na mná i na seasamh ar an deck agus thug rite raite ó deire tsoithigh
go dtug cúigear de na mnáibh ina asgail leis agus seisear i na asgail eile go ndeacha sé de
37
léim ar an talamh agus is é an tainm a bhí ar an áit sin an Tuircéis Mhór. Shiubhal leis go
siubhligh[qqq?] sé píosa de'n oileán. Casadh isteach i dteach é agus bhí buachaill cearca,
géabha, agus lachain ag rí an Tuircéis agus d'iarr sé air béile a réidhteach dhó féin agus
do na mnáibh. An fhaidh is bhí an béile dá réidhteach chuaidh an /213/ buachaill le sgéal
nua do'n rí. Mara mbeadh sgéal le innseacht aige chaithfeadh sé sgéal a chuma do'n rí.
"Tá sgéal nua agam duit indiú," a deir sé, leis an rí. Tá fear feag ag an teach agus tá aon
bhean déag i néindigh leis chomh breágh is a chonnaic mé ariamh. Thug an rí cuireadh
dinnir dhó féin agus do na mnáibh ar an nóiméad.
Nuair a chonnaic an rí an bhean óg thuit sé i ngrádh léithe. Chuaidh sé go dtí an sean-
fhear glioc agus d'fhiafruigh sé dhó cé'n chaoi báis a chuirfeadh sé ar an bhfear a raibh an
t-aon bhean déag i néinfheacht leis. Thosuigh an sean-fhear glic ar a chuid cleasanna agus
fuair sé amach gurabh Gaisgidheach as Éirinn é.
"Sin Gaisgidheach as Éirinn," a deir an fear agus dhá dhéag - seó mo chomairle d'éistfeá
leis. Bhí mo shean athair ag beathadh do shean-athar agus bhí m'athair ag beathadh do
athair agus tá mé féin dod' beathadh-sa ach greim na blogam ní gheobhfaidh tú níos mó
mar a n-innsigh tú dhom cé'n sligh bháis a bhéarfas mé air. Téirigh a bhaile agus cuir geal
leis go nólfaidh cárt i naghaidh píonta leis agus cuirfidh sé geall leat go n-ólfaidh sé leath
ghalún i naghaidh píonta leat. Deic noidhche agus deich lá a chaithfeas sé ag ól leath-
ghalún i n-aghaidh píonta leat. Chuaidh sé abhaile /214/ agus chuir sé geall le Ridre an
Ghaisgidhigh go nólfadh sé cárt i n-aghaidh pionta leis. [qqq athrú pinn anseo; cuid
mhaith tosú agus atosú; an scéalaí á cheartú féin?] Thosuigh an t-ól agus bhí an sean-
fhear glic ag cur rud draoidheachta go dtí cluais an ríogh agus nuair a bhí na deich lá agus
na deich noidhche thart thuit Ridre an Ghaisgidhigh agus bhí an rí ina sheasamh.
38
Cheangal sé suas é agus chuir an bhean fáinne ar a mhéir agus chaith an rí amach ins an
bhfairrge é, agus bhí [qqq doléite] ... ag a posadh fá cheann lá is bliadhain. Ní raibh
baoghal báis air ó bhí an fháinne air a mhéir aige. Bhí sé ar bhárr an fhairrge an lá seo
agus chonnaic sé long agus thug sé léim agus chuaidh sé ar bhord luinge. Chuir an caiptín
céad míle failte roimhe agus thug sé éadach dhó. Chuaidh sé siad [qqq siar?] indeireadh
na luinge agus thug sé rite rait agus thug sé léim agus bhí dhá chéad míle ó'n áit araibh sé
go dtí an t-oilean sin araibh an bhean óg agus chuir sé cos /215/ ar an talamh agus cos ar
an bhfairrge agus chuaidh sé go teach araibh sean bhean ann. D'iarr sé deoch agus bíadh
ar an t-sean-bhean ach dubhairt sí leis go raibh bainis ag teach an rí agus bféadfadh sé a
dhóthain a fhághail. Bhuail sé leis go teach an ríogh agus bhuail sé a lámh ar an
bhfuinneóg agus thug sé leis mála mór bíadh amach tríd an bhfuinneóg agus d'ith sé a
dhóthain. Chuaidh sé suas go dtí an rí agus bhuail sé dho chlouchta é agus bhí sé marbh.
Annsin iseadh a d'aithne an bhean óg é agus chuir sí céad fáilte roimhe.
Chuaidh sé síos ag an bhfairrge agus tharraing sé sgían aníos as a phóca agus bhain sé
píosa dá mhaide beag agus chaith sé amach é. Bhuail sé buile dá shlat draoidheachta air
agus rinne sé bád chomh breágh is a sheól fairrge ariamh. Chuir sé a ghuailinn léithe agus
chuir iomaire agus trí achra i bhfairrge í. Chuaidh sé seacht gcoiscéim ar a chul agus
seacht gcoiscéim ar a aghaidh d'éirigh sé do chorm [qqq?] talamhana agus chuid sé go
léim ar an mbord. D'árduigh sé suas na seólta móra pocóideacha pacóideacha lán mara,
mara /216/ na gcrainn. Ní fhág sé téad tíre gan tarraingt olmochadóir gan briseadh ná
maide rámha gan ró bhriseadh go dtug sé aghaidh a soitheach ar a bhaile fíor dhúchthais
Éirinn." Ní raibh sé i bhfad abhus nuair a tháinic Glún Dubh ar a thóir.
39
"Cé fearr leat a bhí ag troid ar leacracha glasa ná ag sáith sgeana glasa i mbárr easnacha a
chéile," adeir Glún Dubh.
"Is fearr líom ag troid ar leacracha glasa mar is é a chleachtadh mé ariamh ag baile," adeir
Ridire an Ghaisgidhigh.
Thosuigh siad ag troid mar a thosochadh dá [qqq doléite] nó dhá thairbh nime ar cius an
t-sléibhe. Bhí siad ag tróid go teán tréan ar feadh seacht lá agus seacht n-oidhche agus ní
bheadh fios agat cé aca a bfhearr agus go bhféadtha a radh go raibh Glún Dubh ag failt an
lámh an uachtair. Tháinic an spideóg ar an gclaidhe agus chuimhnigh Ridire an
Ghaisgidhigh go raibh sé ag an bhaile. Rug sé isteach air. Chraith sé agus chaith sé suas
ins an aer é Bhuail sé go chic é agus chuir sé isteach i bhfuinneóg ins an domhan thoir é.
Nuair a dhúisigh Glún Dubh /217/ arís fuair sé é féin ina theach féin ins an domhan thoir
agus bhí sé cruithigh agh Ridire an Ghaisgidhigh gurab é féin an fear ba laidhre ar an
domhan mór, an fhaid is a bhí sé beó.
Fuair mé é seo ó m'athair a rugadh agus a togadh san gCeathramhain Ruaidh. Pádraig Ó
Bhailís, Sráid an Teampuill Gaillimh.
/218/
40
"Tómhaiseanna"
Teach mór mór é. Coinleóir óir é. Tómhais go tapaidh é ná sgaoil thart é
Fr. Na Flathais.
Coinneal agus coinleóir ann agus chuir thusa dán leis sin slat a baineadh ins an ngleann
agus a cuireadh go cheann air theach?
Fr. Dá ndéanthá sa t-airighe i n-am ní bheadh tú in do staic annsin.
Cé'n rud a thuigheas anonn thar an sáile agus gan sgáile a chur air?
Fr. Torann
Cé méid gob a bhuileas an chearc ar an talamh ó thosuigheann sí ag ithe go stopann sí?
Fr. Aon ghob amháin
Cé méid ruball muice a shroicheadh an gheallach?
Fr. Aon cheann amháin dá mbeadh sé sathach fada.
Meig meig taobh istigh de'n chlaidhe
Meig meig taobh amuigh de'n chlaidhe
Ní bhaineadh an meig atá taobh amuigh leis an meig atá taobh istigh?
Fr. Neantóg
41
/219/
Cé'n áit a bhfasann an fata is fearr?
Fr. san talamh.
Ní'l sé istigh agus ní'l sé amuigh agus tá sé ann in dhiaidh sin?
Fr. An Fár Doras.
Cé thuiteas agus nach mbrisean agus cé briseas agus nach dtuiteann?
Fr. An lá agus an oidhche?
Sin amach do lámh ar t-aghaidh is feiceadh tú rud nach bhfuil, nach raibh, nach mbeidh?
Fr. Com fhad do mhéaracha.
Céard atá ní duibhe ná an sioch dubh?
Fr. A chuid chlúmhaigh.
Tá teach annsúd thair is do choómnóchadh na céadta ann agus ní chómnóchadh mé féin
ná leath mó chuid éadaigh ann.
Fr. Teach suingáin.
42
Ceathrar ag crith, ceathrar ag rith, beirt ar an gcairrigín, fear eile ag béicíl agus macaidh
mo ludarna aig rith ar an méid sin?
Fr. Bó ag rith.
(Luigheann sí go híseal agus éirigheann sí go h-árd) [qqq is cosúil gur stop an scríobhaí
anseo, ag cur an tomhais deiridh idir lúibíní]
/220/
43
"Leigheasanna"
Deocacha Fiacal
Dá bhfuightheá fiacal capall gan a bheith dhá thóruigheacht 7 é a coinneál ní bhfuightheá
deocacha fiacal arís go bráth.
Tinneas Cinn
Bhí sean-bhean i mbaile Clár na Gaillimhe fadó. Bhiodh sí ag tomhais cloigne na ndaoine
a raibh tinneas cinn ortha le ribín dubh. Déarfadh sí go raibh na cloigne ataighthe le neart
a'tinnis. Bhí amhar aice le paidreacha eicínt leis an t-at a laighdiú.
Fainí
Sé an leigheas a bhí ag cuid de na sean daoine ortha fadó ná breith ar an gcéad seilmide a'
laigreach a casfaidhe ortha breith air agus é a choimilt de'n fháine i gcuma na croise. Spít
a chur tríd annsin agus é a greamughadh de'n talamh leis. É a fhágail annsin go
dtréigfeadh sé féin is an fháine le chéile.
/221/
Easbaidh Bráid
Meacanna - companaighe a fhághail agus é a bhruith 7 cuid de'n sugh a ól agus deireadh
na sean daoine go raibh sé i ndon easbaidh - bráid a leigheas
44
Triuch
Sé an leigheas a bhí ag na sean daoine ar an triuch ná dul amach chuig an doras ar maidin
agus an céad fear a d'feicfeá ag tiomáint capaill bháin iarraidh air an leigheas atá aige air
7 pé bí cé déarfadh sé leigheasfhadh sé sin an triuch.
Dóghadh
Fear ar bith a cuimleóchaidh alluachra le'n a theangaidh bheadh sé i ndon doghadh a
leigheas dá gcoimleochaidh sé a teanga leis.
/222/
45
"Biadh"
Ní bhíodh an t-arán a bheidís ag aoideadh fadó chomh geal leis an aráin atá na daoine ag
aoideadh anois mar ní bhiodh siad ag baint aon bhran chor ar bith dhó agus deirtear go
raibh sé níos folláine ná an t-arán atá ag na daoine anois. As plúr cruithneachtan a bhiodh
siad dá dhéanamh agus bhiodh siad da meilt sa mbaile. Deantaoi arán as plúr
cruithneachtain as fatai, as bocstí, as stampí, as seagal agus as mion-coirce.
Sé an caoi a bhiodh siad dá mheilt ná an cruithneacht a dhóirt isteach idir dhá chloich
cruinn agus ceann de na clocha a chasadh thart le hannlai mar a chasfá cloch liobráin. Sé
an t-ainm a tugtaoi ar na clocha sin ná na bróinte. Séard a bhí ins an mbró dhá cloich
chomh cruaidh le cloich eibhir buailte le na chéile agus an hannla ag gobadh amach as
ceann aca le na chasadh. Níl aon bhró dá cineál sin dá úsáid anois in áit ar bith.
Séard a bhí ins an mbocsti ná fataí /223/ bruighthe brúighthe agus plúr measca tríd. D
bhiodh sé an bhog. Bunáite an rud céadna a bhí ins an staimpí ach gur tugadh ainm eile ar
bocstí in áiteacha ar fud na tíre.
Annsin tuairm is leith-chéad bliadhain o shoin thosuigh na daoine ag meilt an arbhair le
muilte iarainn 7 bíodar dá gcuir ar sul le caiple agus le inneallai 7 tá cuid aca ar bun go
dtí an lá atá indiu ann.
/224/
46
Tiarnaí Talún i gCeantar an Achréidh
Bhí an tighearna Séamus de Bláca i gCaisleán na Creige in Anach Cuan. Ní raibh
seiseann go dona chor ar bith agus bhiodh go leor fearaibh ag obair dhó. Bhí Risteárd Ó
Ciarbhán in Bhain Mhóir. Rinne seiseann an mhaitheas. Thóg sé sgoil do clann na
dtionónta. Bhí tighearna darab ainm Gunning i gCill Rua in Áth Cinn. Bhí sé an géar ar
na tionóntaibh. Bíbir sé tailliúr bocht a dtugaidís Tadhg Bacach air as an teach uair
amháin. Ní bhféadfadh sé aon báille[qqq a fháil?] le'n a cur amach agus leag sé an teach
air. Nuair a chuala sagart a' Paráiste faoi bhí sé a buille agus d'iarr sé ar muinntir a
Pharáiste theacht le chéile leis an teach a chur suas arís.
Tháinic siad aon lá amháin agus cuir siad suas an teach 7 bhí teine ag an táilliúr ann agus
chodail sé ann an oidhche sin. Nuair a [qqq bhí] an teach leath déanta an lá sin bhí Sean
Gunning agus an báille ag tigheacht i mbéal an bhóthair le dhá capall agus cóisde.
/225/
Dubhairt fear eicint leis an sagart go raibh siad ag teacht. "Feicfidh muid má thagann" ars
an sagart. Bhris sréanta an capaill annsin agus d'imchigh an dá capaill abhaile 7 d'fág siad
Gunning agus an báille i lár an bhóthair agus ó'n lá sin amach níor bhac sé le Tadhg
bacach.
47
Bhí tighearna talamh darab lampuirt i gCaisleán Lampuirt lámh le Blá an Riogh agus bhí
sé chomh holc leis an diabhal féin agus nuair a fuair sé bás ní tairneóchaidh na capaill.
Bhí siad dá bualadh agus ag iarraidh ortha siubhal in ainm Dé 7 ní shiubhalfadh siad
coiscéim. Bhí duine an a bhí chomh dona le lampurt fhéin agus d'iarr sé ortha siubhal in
ainm an diabhail ag[qqqus] rith siad leo chomh mear is a bhí in a gcosa agus is cosamhail
gur chuig an diabhail a thug siad é.
Bhí clannaigh na dtighearaigh anseo ar feadh trí nó ceathar de Ghlúntaibh. Níorbh fhéidir
iad a dhíbirt go dtí gur thug muintir na gunnaí amach agus gur /226/ marbhuigheadh corr
ceann aca. D'imthigh na daoine a díbrigheadh go tí tighthe na mbocht, go Americiá agus
isteach go dtí na bailte móra
/227/
48
"Tómhaiseanna"
Luigheann sí go híseal, éirigheann sí go hard caitheann sí bróga agus ní'l aon bhróga aici?
Fr. Líathróid
Céard a fhásas síos?
Fr. Ruball
Mo shean dheaide bocht agus a mhaide. Fá'n ucht agus é ag ól deoch i dtobar na
féasóige?
Fr. An mun sop [sor?] [qqqdoléite]
Cé méid cos ar ocht muilt?
Fr. péire
Chaith mé suas é chomh geal le sgilling agus tháinic sé anuas chomh buidhe le gine?
Fr. Ubh.
Bairille ar an t-sráid agus a dhá shubhail dúinte?
Fr. Ubh.
Tobairín fíor uisge i lár an bhaile, bolta iarainn agus postaí maide?
49
Fr. Ceag fuisge
Chomh bán le bainne, chomh hárd le balla, chomh milis le mil agus chomh dearg le fuil?
Fr. ubhall
Connaic beirt é, bhain cúigear é, agus cheangail dhá sgór é?
Fr. ubhall a chonnaic do dhá shúil é, bhain do chúig mhéir é, agus cheangail do chuid
fiacaill é.
Céard a bhíos ag corruighe is ag corruighe agus nár chorruighe ariamh as a áit?
Fr. Ruball na muice.
Chuir mé suas mo chaoirín bheara lomradh go dtí baile an ghliger agus deamhan cloch ná
crann a d'fh[qqq] suas i mbaile an ghliger nár thuit anuas air mo chaoirín bheara
lomradh?
Fr. Fata a bheadh glanta agus é a chuir suas in do bhéil.
Cuartuigheas is fuaireas is b'fhurasta dhom sin fhághail, Rud nach bhfuair dia is nach
bhfuigheadh go bráth
Fr. mo mhaighistir
Bíonn tú ag siubhal agus bíonn rud agat agus ní'l aon mhaith duit ann agus ní féidir leat
siubhal gan é?
50
Fr. Torann
Tógainn imo ghlaic é agus ní chuireadh an rí glad air.
/229/
Fr. Gainimh
Chuaidh triúr fear do mhuinntir oró [qqq?] ag baint slat la ceo. An t-slat nár bhaineadar,
chugadar leó agus an t-slat a bhaineadar d'fágadar in a ndiaidh?
Fr. Triúr éan a chuaidh ag baint clúmhaigh asta féin.
Siúd thall ort é ní ball de bhall dho chorp é agus tá sé ort ina dhiaidh sin?
Fr. t-ainm
Cé'n fáth a dtéigheann an chearc treasna an bhóthair?
Fr. Mar bíonn sí ag iarraidh dul go dtí an taobh eile?
Cé'n fath a mbreathnuigheann an bhó thar an móta?
Fr. mar ní féidir léithe breathnughadh faoi.
Cé'n chéad rud a théigheas isteach de'n bhó san mbeárna?
Fr. a h-anál.
51
Seo é análl tríd an sruith é fear í lopán is a cos tinn. Bárr a bhróige i gcúl a ghlaice is a
dhá shúil mhóra i gcúl a chinn?
Fr. Luasgan Lathaighe.
Seo é análl thríd an abhainn é fear na coise caoile cruaidh agus mo léin ní fhéadaim rith
/230/
Fr. An bás
Céard atá cosumheal le leath de'n ghealach?
Fr. An leath eile.
Inghin ríogh belte penn, lán a glaice i gcúl a coise is bárr a coise thríd a ceann?
Fr. ál.
Caileach ins an gclúid agus bir ina súil?
Fr. An t-slú.
Caileach ar an teach is í ag caithadh tobac?
Fr. An simléar.
Cé méid cois ar ocht muilt?
Fr. Dá chois
52
Rud beag buidhe ar mhulach an tighe agus ní féidir leis an rí breith air?
Fr. An Ghrian.
Tá dhá chruach mhóna amuigh annsin amuigh, ceann san oidhche agus ceann sa lá?
Fr. An gh[r]ian agus an ghealach.
Trí chosa i n-áirde dhá chos ar an talamh ceann duine beo i mbéal duine marbh?
Fr. Pota ar cheann duine.
Bhreathnuigh mise amach thríd fhuinneóigín mo /231/ dheadeó agus chonnaic mé an rud
marbh ag iomchur an rud beó?
Fr. Fear a bhí ag imtheacht ar rothar.
Póta óir agus é lán d'fheoil beo?
Fr. mearacán
Teactaire beag ó theach go teach is bíonn sé amuigh ins an oidhche?
Fr. Cosán
Cé'n fhaid a ritheas an coinín isteach ins an gcoill?
Fr. leath bealaighe.
Cé'n taobh a bhfuil an lámh ar an gcupán?
53
Fr. An taobh amuigh.
Capaillín bobáilte donn shiúbhalfadh sé Éirinn is ní fhliuchfadh sí cos?
Fr. Beach
Tá sé i bhfus, tá sé thall. Tá sé i ngairdín i Muigheo. Deamhan greim chomh mór le
capall, bhain sé plaic chómh mór le asal, agus ní bhainfeadh sé le an mbídh?
Fr. Speal.
Droichead ar loch agus maide ná cloch?
Fr. Leac oidhre.
Chuaidh mé suas an bóirín, tháinic mé anuas an /232/ bóirín agus thug mé an bóirín ar mo
druim liom.
Fr. Dréimire.
Chuaidh mé suas an bóirín agus tháinic mé anuas an bóirín. Thug mé rud liom nach raibh
mé iarradh agus shiud mé síos is cuarduigh mé é agus dá bhfuighinn é ní thiobhrainn liom
é.
Fr. Dealg.
Cuaidh mé suas an bóirín agus casadh mo mhama liom. Bí mearacha óir uirthi is
fáinnéacha airgid?
54
Fr. Gunna.
/233/
55
"Leigheasanna"
Tinneas Fiacla
Píosa choinneal a fhághail agus í a chur faoi an fhiacal agus beidh tú go maith.
Guiriní
Sé an leigheas orraibh sin ná píosa bagún a chur síos ins an talamh agus nuair a bheadh
an bagún lobhtha bheadh an duine go maith. Dá mbeadh duine ag dul thar abhainn agus a
lámh a thoma síos inntí gan breathnughadh ar an áit beadh sé leigheasta.
Truich
Trí sgréach a bhaint as gandal bán nó fataí róstaí agus braon bainne. An rud a déarfadh
fear a mbeadh capall aige leat a ithe. A dhul amach fá bholg asal trí uairí. Nó bainne
gabhair agus bainne bó aól agus bheadh tú leigheasta.
Blioscóide
Craiceann girrfiadha a leagan isteach leo. Siúcra agus fuisge agus diulaiginí a chur síos
ins an bpóta agus nuair a bheadh siad bruithe iad a ithe agus bheadh tú leigheasta. Cupóg
sráide a chuimilt /234/ dhóibh agus bheadh tú leigheasta nó siúcra agus gallbaoireach
[qqq?] a mheasga le na chéile agus iad a chur le na blioscóide
Leicneac
56
Sé an leigheas atá ar an leicneac ná na focla seo a rádh agus tú ag dul thar mhuic!
"Bhuclach bhuclach seo chugat an leicneach."
Cleithín
Seo an leigheas atá ar sin ná a dhul go dtí fear a bhead indon crámha a shocrughadh agus
tharnóchadh sé an cráimh amach agus bheadh tú leigheasta.
Sleabhnan
Dealg spionáin a sháith isteach ann agus bheadh tú leigheasta.
Dóigh
Do theanga a chuimilt go a luachair agus annsin do theanga a chuimilt de'n dóigh agus
bheadh tú leigheasta.
An bhruitíneac
Sugh neantóga a ól agus é te.
Tinneas Fiacla
Luagán [lusgán?qqq] lathaighe a chur in do bhéal agus trí sgréach a bhaint as.
/235/
57
"Caitheamh-Aimsire"
Súil-Ribe
Píosa sreanga agus súil a chur air a cheann agus an ceann eile a chur amach ann agus é a
chur ar an bpoll a mbeadh an coinín ag codladh ann agus nuair a bheadh sé ag dul isteach
ann chuirfeadh sé a cheann isteach agus ní fheadfadh sé é a fhágáil nó go bhfuigheadh sé
bás.
Cliabhán
Sé an chaoi a déantar cliabhán slatacha a fhághail agus iad a chur le na chéile agus píosa
aráin a chur isteach faoi agus nuair a thagadh an t-éan isteach faoi agus nuair a bheadh sé
ag ithe bhéarfeá air.
Trap a chur ins an áit a mbeadh an girrfiadha agu dul agus nuair a sheasfadh sé anuas ar
an trap choinneóchadh an trap greim ar a chois nó go gcaillfidhe é. Lághaidhe agus píce
agus bláthaí a fhághail agus poll mór a dhéanamh ins an talamh agus ná bláthaí a leagán
anonn is análl air agus nuair a bheadh an coinín a dul thar an bpoll thuitfeadh sé síos ins
an bpoll agus mharbóchaidhe é.
Rópa mór a fhághail agus súil a chur ar cheann de agus cloch a chur ins an t-súil agus
rópa a chaitheamh /236/ leis an gcoinín agus marbhóchaidhe é
58
Píosa de chrann trom a fhághail agus píosa d'iarann a chur ins an tine agus nuair a bheadh
sé dearg é a thógáil aníos agus é a sháith isteach ins an maide agus bheadh poll ins an
maide annsin. Píosa mhaide eile a fhághail nach mbeadh chómh mór leis an gceann eile
agus é a sháith isteach ins an bpoll agus bheadh an guna dénata. Píosa luaidhe a fhághail
agus í a chur isteach ins an guna ins an taobh eile agus an maide a bhualadh le do lámh
agus an luaidhe amach.
Púicín
Píosa éadach a fhághail agus é a chur ar do shúile agus rithfeadh na gasúir agus an té a
mbeirte air chaitheach sé a bheith ina phúicneach.
Tobán uisge a fhághail agus ubhall a chur síos ann agus an té a bheadh indon an t-ubhall
a thabhairt aníos le na bhéal bheadh sé aige.
An t-iasgaire
Bíonn fear amháin ina shean-fear agus an chuid eile ina ndaoine a thagas isteach ins an
ngarradh. Fiafruigheann siad do an bhfuil cead aca a bheith ag spraoi ins an ngarradha.
Deireann sé leo / 237/ go bhfuil indiú ach nach mbeidh ambhárach agus tosuigheann siad
ag rith isteach agus an chéad duine a mbéirear air caithfidh seisean a bheith ina shean-
fear.
59
Fuair mé é seo ó m'athair a rugadh agus a tógadh ins an gCeathramhain Ruaidh. Pádraig a
Bhailís 3 sd an Teampuill Gaillimh.
/238/
60
"Sgéal Liam D'Ausiún"
Gabha bocht a bhí i Liam D'Asuin. Mhair sé san t-sean aimsir. Bhí Liam ag obair aon lá
amháin sa gCeartan. Tháinig aingeal i gcrut fear bocht isteach chuige agus d'fiarr deirce
ar Liam. Ní'l aon ceo agam ach trí fhataí agus goradh maith de'n teine ar sa liam. Nuar a
bhí sin fáighte ag an bhfear bocht dubairt sé, "Is aingil mise agus trí athchuingní ar bith a
iarras tú gheobhfaidh tú iad. "Boil" adeir Liam. "An duine a bhuaileas ar mo órd mór gan
é a stopadh ag bualadh an ionneon no go dtiubhradh mise cead dó. "Á," adeir an t-aingil
"ní'l agat ach peire eile agus iarr ceann maith. "Boil," adeir Liam, "Tá cathaoir sa mbaile
agam agus aon duine a shuidheas uirthí ní féidir leis éirghe go dtí go dtiurfaidh mise cead
dó a éirghe. "Anois," adeir a t-aingil, "ní'l agat anois ach ceann amháin." "Bhoil," adeir
liam, "dá mhéid airgid a bhainfeadh mé as mo sparán bheadh sé líonta le airgead. "Boil",
adeir an t-aingil "a dhuine dhona níor iarr tú grásta ná trócaire. D'imthigh an t-aingil leis
agus lá na mbárach tháinig Sátan an deabail chuige agus é gléasta mar a bheadh duine
/239/ uasal. Dúbhairt sé le liam "má thugann tú líne sgríobhtha dhe do chuid fola agam
tiubhradh mé oiread airgid is óir agus a dhéanas thú ar feadh seacht bliadhan. D'imthigh
an deabhail annsin. Nuair a bhí na seacht bliadhain thart tháinig sé arais. Bhfuil tú réidh
le tigheacht adeir sé le liam. Ní'lim fós adeir liam. Tá rághsuir [?qqq] le déanamh agam
agus beir ar an ord go gcuireadh tú crúach inntí. Rug sé ar an ord (go) bhí sé ag bualadh
agus dubhairt sé go leigfidh sé saor é ar feadh seacht mbliadhain. Nuair do bhí an seacht
mbliadhain shuas. Tháinig sé arais arís agus dubairt sé an bhfuil tú réidh anois adeir an
deabhail.
61
/240/
Story St. Kerril.
Outside the parish of Gurteen of which he is Patron Saint, and the name of St. Kerril is
little known. Litte reference is made to him in any of the Lives of the Saints.
[qqqNóta: is cosúil gur tús trialach é seo don scéal ar lth 263.]
/241/
62
"Tighearnaí Talamhana"
Bhí tighearna talamhana ann fadó agus bhí sé an-t-saibhir agus d'fhág sé tighearna eile ós
cionn an talamh. Thárla go raibh bean an-bhocht san áit agus ní raibh sé indon an cíos a
ioc agus bhí an tighearna seo a dul dá a chur amach as an teach an lá seo. Bhí an
tighearna mór ag dul thart an lá seo agus tháinic slabhradh ocrais air. Chuaidh sé isteach i
dteach na mná seo agus d'iarr sé béile ar an mbean. Chuirfinn-se síos pota fataí dhuit ach
cé'n mhaith dhuit iad gan aon bhlas leo. Tá an tanlan agam féin adeir sé agus rug sé greim
ar sgian phóca a bhí ar an mbord agus sháith sé an mhuic agus dubhairt sé léithe a bheith
ag ithe go mbeadh a sáith ithte aice. Thug sé leitir dhí nuair a bhí sé ag imtheacht agus
nuair a tháinic an tighearna talamhana eile thug sí an leitir dhó agus dubhairt sé léithe go
raibh a chosa nighte aice.
Bhí fear ann fadó agus bhíodh sé ag ioc a chuid cíosa go maith nó gur bríseadh as a phost
é. Nuair a bhriseadh ní raibh aon airgead aige le h-aghaidh an cíos a ioc. Ní raibh aon ola
aige agus ní raibh siad indon aon /242/ choinnle a dhéanamh le haghaidh solas a thabhairt
dhóibh. Bhí sé ag ithe a shuipéar le solas na geallaigh nuair a tháinic fear cnoice leis agus
d'fhiafruigh sé dhó an raibh aon mhaith leis ag bualadh báire. Chuaidh sé féin agus
fuireann eile ag bualadh agus bhí an báire thart nuair a chuir sé amach an liathróid annsan
gcool agus bhí sé saidhbhir uaidh sin amach.
63
Fuair mé é seo ó m'athair a rugadh agus tógadh ins an gCeathramhain Ruaidh. Pádraig
a'Bhailís 3 Sr. an Teampuill Gaillimh.
/243/
64
Bia
Aráin na Sean-Aimsire
Ní raibh aon arán le fághail ins na siopaí ins an t-sean-aimsir agus chaithfeadh na daoine
an t-arán a dhéanamh. Is é an chaoi a ndéantaí an t-arán ná bróinte a fhághail an chéad
uair. Dá chloch a fhághail agus poll a chur i lár ceann aca. Annsin píosa iarann a chur ina
sheasamh ins an bpoll agus poll a chur ins an gcloch eile agus í a leagann anuas ar an
bpíosa iarainn. Annsin poll eile a chur ins an gcloch uachtar agus giota mhaide a sháith-
síos ann. An bró a leagan ar an seastan agus eadach a chur faoi. Bheadh an maide i
ngreim i do lámh dheis agat agus an chruithneachtan a chaitheamh isteach ann leis an
láimh chlé.
Bosctí (sic.)
Sgríobadóir agus fataí a fhághail agus na fataí a ghlanadh agus iad a bhrúgh leis an
sgríobadóir. Annsin iad a chur isteach i n-éadach agus an a bhrugh amach (sic.) agus
d'fhanfadh an bidh ins an éadach. An duine a bheadh dá dhéanamh chuireadh sé mála air
agus é a chur ar an tlú agus é a /244/ rósta.
Stampy
Mion choirce a fhághail agus í a mhilt agus í a fhuint agus í a chur síos ar an róistín agus
nuair a bheadh sí leath bhruite chuireadh siad an taobh a bheadh shuas síos agus an taobh
a bheadh shíos suas agus nuair a bheadh sé bruite d'iosfadh siad é.
65
Fuair mé é seo ó m'athair a rugadh agus a tógadh ins an gCeathramhain Ruaidh. Pádraig a
Bhailís 3 Sr. an Teampuill Gaillimh.
/245/
66
"Bhuail sé amach Beannchor."
Bhí Beannchor in-a fhear chomh maith's bhí in-a thír ar pastime ar bith 7 casadh an
diobhal leis an lá seo. "Bhel, a Bheannchoir" adeir a' diabhal "tá tú in d'fhear maith 7 an
cháin [qqqcháil?] ort sa tír seo." "Bheitheá in d-fhear fá dhó chomh maith is 'tá tú ma
gheallann tú domsa go dtiocfaidh tú liom fá cheann bliadhain's lá" "Geallfad" adeir
Beannchoir "acht go gcaithfi[dh tú] trí cheist a fhuasgailt a chuireas mé ort sul dá bhéas
mé ceannuighthe agat." Bhí an sgéal saoruighthe annsan idir an diabhal 7 Beannchoir.
Bhí Beannchoir ag dul thart 7 ní raibh rud ar bith ag clis air na raibh sé indan a
dhéanamh. Bhí an bliadhain indail a bheith caithte 7 cailleadh comharsa Bheannchair.
Bhí sé amuigh ag teach a chuirp. D'éirigh Beannchair suas 7 bhí sé ag siubhal thart ar fud
a' tighe 7 é ag caitheadh tobac "Turn" dá dtáinig sé in aice a'dorais, cé a sheasadh sa doras
ach an diabhal. "Anois" adeir a' diabhal "tá an bliadhan 's an lá /246/ caithte, bhfuil tú a'
teacht liom." "Tá" adeir Beannchuir má tá tusa réidh leis na trí ceisteanna do fhuasgailt a
chuireas mé ort. Sheas Beannchair amach sa doras. Rug sé ar a'bpíopa as a bhéal. Sgaoil
sé gall leis an gaoth. "Anois" adeir Beannchar "tabhair an gall ar ais aríst agam thíos i
mbuidéal 7 carc air." "Ní'l mé indon adeir a'diabhal. Tá mé réidh leat a Bheanncoir. Chas
Beannchair isteach as a' doras 7 sheathchan sé gall d'fhear a bhí ina shuidhe le 'nais. Bhí
Beannchair ag siubhal thart 7 an ríméad air. Sheachain an fear a phíopa ar-ais do
Bheannchair. Ach dubhairt Beannchair leis a píopa a thabhairt do'n fhear ba ghaire dhó.
Chaith an fear sin a sháith tobac. Thóg a' píopa ar ais 7 líon sé é 7 dubhairt sé sé an píopa
a sgaoileadh thart ar fud a'tighe. Sgaoileadh a píopa thart 7 ariamh o shoin tá píopaí 7
tobac ar fud tighe a'chuirp.
67
/247/
68
"Is mian leat-sa a' craiceann 's a luach a bheith agat"
Bhí fear fadó dárab ainm an "gobán saor["] 7 ní raibh fear ar bith le obair cloch a
dhéanamh. Phós sé an bliadhain seo 7 nuair a bhí sé bliadhain pósta bhí oighre óg le teach
ar a shaoghail ag a mhnaoi. Ní raibh rud ar bith a' cur imnidhe air a' ngabán ach le faitcíos
nach mbeadh mac aige. Bhí sé déanta suas ag a bhean le'n a muintir mara mac a bheadh
ann gan innseacht do'n ghobán. Nuair a rugadh an páste, inghean a bhí innte. San am
ceadna bhí mac óg ag bean a dhearbhrathara 7 dubairt bean a'ghobáin an páiste mná a
thabhairt doibh-sin 7 a'páiste a thabhairt dhuit féin lár'r na bhárach h'innsigheadh don
gobán go raibh mac óg i gceann a mhná agus ní raibh fear ar bith ba riméadaighe ná an
gobán /248/ Tóigeadh an páiste go maith agus chuir an gobán ar sgoil é agus nuair a bhí
sé réidh ar sgoil tháinig sé abhaile chuig an ngobán. Dubhairt an gobán leis go raibh a
sháith sgoile is foghlumtha anois aige 7 go ndéanfadh sé saor cloiche dhe - an céard a bhí
aige fhéin.
Bhí an gobán is a mhac an lá seo ag siubhail a bóthair agus iad ag tarraint ar an áit a raibh
siad ag máisiuntacht ann. Dubhairt a athair leis an bóthar a giorrú. Siubhal an mac amach
roimh an athair 7 thosuigh sé ag siubhal chomh maith is d'féad sé. D'fhéach an gobán in a
dhiaidh agus craith sé a cloigeann. Dubhairt: "Ní mac liomsa atá ann ar chor a bith". Ní
sin é an caoi leis an mbóthar a giorrú. Nuair a iarrfas mise arís ort an bóthar a giorrú
tosuigh /249/ ag innseacht sgéal. Siubhal an Gobán 7 an mac babhta in éinfheacht agus
thosuigh an mac óg ag innseacht scéil dó nó go ndeachaidh siad ag obair. Tháinic siad
69
abhaile in éinfheacht tráthnóna aríst. Nuair a d'ith siad a ndinnéar dubhairt a athair leis an
mac nach raibh siad ag dul ag obair ó'n lá dár gcionn. Lá craiceann annsin adeir an t-
athair. Tiubhraidh tqqq chuig an margadh ambarach é 7 tiubhraidh tú an craiceann 7 a
luach a bhaile. Cuaidh sé amach ar a margadh lár ar na bhárach leis an gcraiceann. Bhí sé
a fhághailt an ceannacht ar a gcraiceann ach ní bhfuigheadh an craiceann agus a luach ar
ais. Shiubhal an bhean óg seo suas chuige agus d'fiafruigh sí dó cé mhéad a bheadh aige
ar a gcraiceann. Dubhairt sé leithe go gcaithfeadh sé an craiceann agus a luach a thabhairt
abhaile. Tiubhraidh mise an craiceann 7 a luach duit má dhéanann muid an margadh
/250/ Rinne siad a' margadh agus d'iompuigh an bhean thart 7 rug sí ar a gcraiceann 7
tarraing sí siosúr aníos as a phóca. Bhearr sí an olna anuas de'n craiceann agus thug sí an
craiceann ar ais do'n fhear agus a luach agus bhailigh sí féin leithe an slua. "Anois" adeir
sí "nach bhfuil a craiceann is a luach ag dul abhaile". "Tá adeir a' fear. D'fhág siad
beannacht i gceann a chéile agus d'iompuigh an fear abhaile do'n mhargadh agus tháinic
sé abhaile. "Ar dhíol tú an craiceann a mhic" adeir an t-athair. "Dhíolas["] adeir a'mac
"agus an bhfuil a' craiceann ansin agat agus a luach" adeir a' t-athair. "Tá" adeir a' mac.
"An fear nó bean a cheannuigh a'craiceann uait". "Bean" adeir a 'mac. "Cailín óg
gliaomhail[???] ag a leithéid seo d'áit ag tabhairt a h-ainm is a sloinne uirthi. "Iarrfaidh
mé í sin le posadh dhuit" adeir a' t-athair. Thuig sé gurab í a [251] inghean a bhí innti.
Siúid a' gobán lá'r na bhárach agus d'iarr sé an cailín óg. Fuair sé an cailín do'n mhac.
Pósadh iad as sin go ceann seachtmhaine. Bhí siad ag maireachtáil go maith le chéile.
Thóig a' gobáin cúirt do rí Shasana le déanamh. D'imthigh sé féin is a' mhac anonn go
Sasana dá dhéanamh. Thóig sé bliadhian iad é a dhéanamh (Nuair a bhí' cúirt
críochnuighthe tháinic a' rí agus d'fhiafruigh do'n gobán a raibh a cúirt críochnuighthe)
70
Bhí sé déanta suas ag a' rí 7 ag a mhac an gobán 7 a mhac a mharbhú le faitchíos go
ndeanfadh siad aon cúirt eile mar í. Tháinic a' Rí agus d'fhiafruigh sé de'n Ghobán a raibh
an cúirt criochnuighthe 7 dubhairt a'Gobán go raibh rud beag eile le déanamh léithe ach
go raibh an t-acra (tool) sa mbaile. A chuirfeadh cur in aghaidh an chuir agus an cam in
aghaidh an chaim sa gcúirt 7 nach mbeadh aon chúirt sa domhan mar í annsin. [252] Ach
go raibh an t-acra sa mbaile in Éirinn agus go gcaithfeadh sé dul abhaile dá choinne. Ní
rachaidh tú abhaile adeir a' Rí tá do sháith oibre le déanamh annsin agat. Cuirfidh mise
mo mhac fhéin dá choinne. Sgriobh a' Gobán síos ainm an acra do mhac an Riogh agus
thug sé an nóta dó agus dubhairt leis an nóta a thabhairt do bhean a'mhic. D'imthigh mac
an Riogh agus ní raibh i bhfad go dtáinic anall go h-Éirinn agus tháinic go teach a'
Ghobáin. Saoir sheachain sé an nóta do'n bhean óg. Leigh sise é. "Sin acra ná'r fhág an
teach seo riamh" adeir sí. Ghabh sise suas ag comhra mór a bhí sa gcisteannach.
D'fhosgail suas clár na comhrann agus chrom sí isteach ann ag toruigheacht an acra a
raibh cor in aghaidh an choir agus cam in aghaidh an chaim ann. D'ionntuigh sí thart ag
mac an Riogh agus dubhairt leis go raibh an comhra ró dhomhain 7 a dhul anall é féin 7
cromadh agus go shroichfeadh sé é. Tháinic sé anall 7 chrom isteach sa [253]
gcomhrainn. Nuair a fuair cromtha isteach air rug sí ar chois air agus chaith sí isteach é sa
gcomhrainn. Dhún sí anuas a' chlár air 7 bhuail sí glas air. Sgriobh sí anonn ag a' Rí 7
dubhairt sí leis nuair a chuirfeadh sé an fear a h-athair anall go sgaoilfeadh sí anonn a
mhac. D'ioc a Rí amach a' Gobán agus a mhac agus sgaoil sé abhaile iad agus nuair a
tháinic siad abhaile d'fhosgail a' bhean óg a' clár de'n comhrainn. "Bí a dul abhaile anois"
adeir sí le mac a' Riogh. "Tá m'athair 7 mo mhac sa mbaile agam-sa. Shiubhal a' t-athair
suas 7 dubhairt sé léithe go dtóigfeadh sé inghean Gobáin Saoir iad a thabhairt abhaile.
71
Fuaireas an sgéal seo ó Mháirtín a' Cúlshléibhe, Cúl Árann (Caithrín Uath), Baile Átha 'n
Ríogh
T Mac Eochaidh
/254/
72
"Is Goire Cabhair Dé ná an Doras."
Bhí sean lanamhain fadó le linn an droch shaoghail. Bhí siad an-bocht 7 bhí an saoghal
go dona ar fad aca. Mhair an lanamhain in aoinfeacht i dteach áir beag agus bhí a saoghal
ag eirghe an dona. Ní raibh aon giollacht acu. Bhí ocras ag tigheacht ar a tsean bheanín.
Dubhairt sí le'n a fear nach seasfadh sí i bhfad eile leis an ocras. "Ah" adeir a' fear "is
goire cabhair Dé ná an doras." Tosuigh an bhean ag siubhal thart ar fud a' tighe. Ní raibh
aon ceo aice a d'íofadh sí. "Tá an doras annsin anois a Phatch 7 níl cabhair Dé níos goire
dúinn." Dún do bhéal "Is goire Dé ná an doras." Tosuigh sí ag siubhail thart ar fud ' tighe
7 í ag féachaint thart uirthi. "Suidh síos" adeir sé nár dubhairt mé cheana gur goire
cabhair Dé ná an doras. Bhí an lá sin caithte 7 tháinic lá ar na bháireach 7 bhí an
tseanbheanín ag eirghe lag leis an ocras /255/ 7 d'fhógair sí ar Patch nach seasfadh sí i
bhfad eile. Is gearr gur dtáinic fear a phósta 7 é ag marcuigheacht ar asal. Cheangal sé an
t-asal amuigh ar a' tSráid do sgiach. Bhain sé leitir aníos as a' mála 7 sheas sé ag doras 7
shín sé an leitir isteach sa doras. D'éirigh an tSean Bhean 7 rug sí ar a leitir. D'fhosgail sí í
7 bhí seic ar £2 innte. Anois adeir Patch nár dhubhairt mé leat go mba gaire cabhair Dé
ná an doras. Ní abróchaidh mé faic no go sinseáilfeadh mé an seic. Ghabh sé amach ag an
siopa. Ba goire gur tháinic sí ar ais ag Patch. Abróchaidh mé coidhchin gur goire cabhair
Dé ná an doras.
Fuair mé an sgéilín seo ó Mháirtín 'ac Cúl Shléibhe, Cúl Árann, Baile Átha 'n Riogh
M Mac Eochaidh
73
/256/
74
SGÉAL
St. Patrick's Day on the Roxboro Estate
About a hundred hears ago the terms on which tenantry were allowed to have holdings on
the Roxboro Estate were that they had to be available on the landlord's Estate at any or
every time he required them, sometimes without any wages with the exception of a
shilling a day, but whether they were paid or not they had to be available to report for
duty on the landlord's Estate when the tenantry bell rang.
At that time Candlemas Day was a holiday of Obligation, but as the tenantry bell rang
that morning the men had to go to work on the demense [sic] and therefore could not hear
or attend Mass. The Parish Priest noticed that the congregation was much smaller than
usual and as /257/ a result of inquires [sic] the following week he found out the cause of
it. In his sermon the next Sunday he complained bitterly about the members of his
congregation who had missed mass on the Holiday and informed them very earnestly that
no account whatsoever were they to go to work on the next Sundays or on St. Patrick's
Day which was the next Holiday.
As the tenantry bell rang as usual on St. Patricks Day but no tenants arrived on the Estate,
they had gone to mass. About Eleven o'clock the landlord was walking on his estate and
noticed that there was no work in Progress and made inquires [sic] as to the cause off his
steward who was a protestant Scotchman and was told that it was a papish Holiday. This
75
made the /258/ landlord very angry and he told the steward to have the tenantry bell rung
and if the tenants did not arrive to get the horses and to go out and seize all the tenants'
cows. As none of the tenants turned up so the landlords orders were carried out. They
seized all the cows and put them into the Pound.
When the tenants returned from Mass they found what the landlord had done so they
went to the Priest and told him the whole story. The Priest went to the steward and asked
him for the key of the pound but he refused so the Priest went over to the pound and
Prayed then he touched the gate and immediatly[sic] it opened and the tenants got their
cows /259/ back again. Shortly after the landlord got a disease and odaur[qqq?] that was
from would hunt anyone away. Noone could go near him with food or drink and so he
died.
Seán Ó Fathaigh
Sg. Bhreandáin, Gaillimh
Fuair sé an sgéal ó n-a athair Éamonn Ó Fathaigh, Barr a' Chaladh, Gaillimh.
/260/
76
Sgéal
An Gobán Saor agus an Caisleán a Thóg Sé i Sasana
Bhí fear ann fadó is fadó bhí agus sé an t-ainm a bhí air an Gobán Saor. Is é an céird a bhí
aige ná a bheith ag tóghál caisleain. Chuaidh sé go Sasana ag déanamh caisleán agus
nuair a bhí an caisleán tóigte aige bhí ag iarriadh[sic] dul abhaile. Thainig rí Sasana agus
D'fhiafruigh sé dhó an raibh sé ag dul abhaile ach bhí sé ag leigint air bhí sé le h-aghaidh
é a mharbhugh ach d'éaluigh Gobán Saor. Nuair a bhí sé imthighthe fuair sé cuireadh dul
a anonn aris. Chuaidh sé anonn agus rinne sé caisleán agus nuair a bhí an caisleán déanta
tháinic Rí Sasana aris agus d'fhiafruigh sé dhó an bé sin a caisleán a bfhearr a d'fheadach
sé a dhéanamh. Dubhairt sé nach é agus go raibh báll ornas [qqq?] eile aig agus go bé an
t-ainm a bhí air /261/ cam i n-aghaidh cam agus cor i n-aghaidh cor agus cas é. Dubhairt
an rí go gcuireadh sé a mhac ina coinne. Chuir agus nuair a léigh an bean an leitir
bubhairt sí go raibh sé síos ins an gcofra. Chuir sé an stóilín faoi na chosa agus chuaidh
sé síos do chas sí an glas agus dubhairt sí leis nach leigfeadh sí abhaile ó go dtagach a
mhuintir féin abhaile aice. Tháinic sgéal anál o Sasana é a cuir anonn ach níor cuireadh
anonn é. Chuaidh an rí suas agus d'fhiafruigh sé dhó cé'n áit a gcuirfeadh sé an maid
[qqq?] sáith isteach i bpoll ar bith é a deir Gobán mar tá tú réidh. Thuit an rí anuas agus
níor fagadh deóir ann. Tháinic sé anál agus nuair a bhí sé ag dul thar an gcaisleán gearr
annseo i gCo na Gaillimhe. Chonnaic sé sgata fear ag tógáil caisleán agus d'iarr sé obair
ar an mbos. Céard atá tú indon a /262/ dhéanamh a deir an bos is iomdha rud atá mé
77
indon a dhéanamh a deir sé. Gearr cat is dá ruball isteach ins an mballa a deir an bos go
dtagadh mise arais. Bhí an caisleán déanta aige agus is dá ruball gearrtha ins an mballa
aige. Tá an caisleán an fós. Nuair a bhí sé a fághail bháis chuaidh an bhean seo siar ins an
seomra. Dubhairt sí leis go raibh a leigheadh seo de caisleán leagaí. Is mór an
tionghnamh é sin a deir Gobán Saor. Tar éis gur chuir mé corr i n-aghaidh cam in aghaidh
cam agus slogán ostar mar spalla faoi. Agus sin é an caoi a bhfuair na daoine amach an
caoi le h-aghaidh cuirteanna agus caisleáin a dhéanamh.
Máirtín Mac Casarlaigh
Fuair mé an sgéal ó Shéamus Mac Casarlaigh, Ceathramha Rúna
78
"Story of St. Kerril"
Outside the parish of Gurteen of which he is patron Saint, the name of St. Kerril is little
known. Little reference is made to him in any of the lives of the Saints. O'Hanlon
mentions in his "Lives" about a "St. Kerril" Bishop of Tiross, but there is nothing to
indicate that he is the St. Kerril of Gurteen. Definate (sic.) information as to his real
history can scarcely be said to be available even in the parish of his labours. Many
beautiful and quaint traditions associated with him, however have been handed down and
now that his image has been inscribed on the monument recently erected to Father Griffin
in Loughrea, it may be of interest to place a few of them on record.
According to the most popular local belief he hailed from the /264/ County Kildare and
lived in his monastery at Cloonkeen-Kerril sometime during the sixth century. His name
is thus perpetuated in the place-name, which in Irish, is Cluain Caoin Choirill meaning
Kerril's level meadow land. The whole parish was originally called by his name, but now
the title is confined to a small village, Gurteen, having "stepped in" and the parish name.
A few old ruins of a monastery and a quaint little graveyard at present mark the site of St.
Kerril's original building. The ruins are those of a church or monastery built by a Bishop
O'Kelly in the thirteenth century on the spot where the Saint's cloister stood. The little
burying ground has the singular distinction of never having had a corpse buried inn in on
a Monday.
The custom has its origin in a quarrel /265/ which Kerril had with St. Connell of
Kilconnell, Balinasloe. Both were building their monasteries at the same time. Connell
79
was granted the service of a number of masons by Kerril on condition that they would
return on a certain Monday morning. At mid-day on that day they had not returned, and
Kerril, much angered, set out for Kilconnell which was about eight miles away. He met
the other Saint on the way coming to ask the further use of the men. Kerril refused this
and thereby aroused the anger of the other who gave vent to his passion by cursing
Kerril(sic) building and praying that a corpse would be buried every Monday morning in
Kerril's churchyard. The latter then prayed that the corpse would be that of an unclean
bird. Kerril left it as his last /266/ wish that no human being should ever be buried in it on
Monday, and his wish has been faithfully carried out during the thirteen centuries that
have since elapsed.
On 13th June, his feast day the people make a pilgrimage to what is locally called the
"monster's hole". During Kerril's time, the story goes, an unnatural monster made it's (sic)
appearance in the parish. It lived in the pool or "hole" by day and prowled forth by night
causing immense destruction to the crops and stock. The Saint, being known to be very
holy, was requested to banish it. He came to the pool and successfully invoked Divine
aid. Not far from the pool, which is now only a kind of marshy spot or "swallow hole", is
St Kerril's well. It's (sic) waters possess the extraordinary powers of remaining
permanently fresh in any vessel, cork/267/ed or uncorked.
Before his death Kerril requested God to preserve the parish of his labours from
destruction by lightning. It was never yet known that man or beast was injured in the
parish through the effects of that element. The Saint is buried in his own church-yard, and
80
a little hallow in the north west corner marks his grave. It is called "Kerril's bed", and
every coffin is reverently "rested" in it for a few moments before the burial.
Tomás Mac Eochaidh, Canal Rd., Galway a thug a sgéal seo dom.
Breandán. Mac. Eochaidh do sgríobh.
Nóta. Ó Mhuintir an pharáiste Guirtín, Attymon, a fuar an t-eolas seo thuas. Pádraic Ó
Fionnachta (Finerty) Cluain Chaoin Coirill a thug an chuid is mó dom.
TMacEochaidh