8
September 2015 Issue 1 NUACHTLITIR Inside this issue: Taobh istigh den eagrán seo: Did you register yet? Ar chláraigh tú fós? 2 Interesting websites Suíomhanna Idirlín suimiúla 3 The 1916 Relatives Association Cumann Gaolta 1916 3 Roll of honour 4 The Pension Records Bailiúchán na bPinsean 5 Commemoration - April 2015 Comóradh - Aibreán 2015 6,7 The Irish Language and 1916 An Ghaeilge agus 1916 A challenge for 2016 Dúshlán do 2016 8 Meán Fómhair 2015 1916 Mendicity Garrison Relatives Gaolta Gharastún Mendicity 1916 “Ní saor amháin ach Gaelach, ní Gaelach amháin ach saor” The 1916 Mendicity Garrison Relatives is an associated Garrison group of the Cumann Gaolta 1916 Relatives Association. It is a forum for relatives of those who fought in the Mendicity Institution during Easter Week 1916. We are currently making plans for the commemoration of the Centenary of the Rising next Easter at the Mendicity Institution on Usher’s Island, Dublin 8. We hope more of you will come to our ordinary meetings so that your views and suggestions can be heard. Those who fought in the “Battle of Heuston’s Fort” in Easter Week 1916 deserve to be remembered and commemorated by us. We also want to gather all their stories. We are citizens of a republic today because of their courage in standing against the largest Empire in the world and demanding their right to self-determination as an independent nation. FÁILTE CHUIG ÁR gCÉAD NUACHTLITIR WELCOME TO OUR FIRST NEWSLETTER Is grúpa gharastún comhlachaithe de Chumann Gaolta 1916 Relatives Association é Garastún Mendicity 1916. Is fóram é do ghaolta na ndaoine a throid in Institiúid na Déircíochta le linn Seachtain na Cásca 1916. Faoi láthair táimid ag déanamh pleananna i gcomhair chuimhneachán Céad Bliain an tÉirí Amach ag Institiúid na Déircíochta, Oileán Uiséir, Baile Átha Cliath 8 an Cháisc seo chugainn. Tá súil againn go dtiocfaidh níos mó díbh go dtí ár ngnáth cruinnithe ionas go gcloistear bhur dtuairimí agus bhur moltaí. Tá sé tuillte ag na daoine a throid i “Cath Dhún Heuston” Seachtain na Cásca go gcuimhnímid orthu agus go gcomóraimid iad. Ba mhaith linn freisin na scéalta uile a bhaineann leo a bhailiú. Is saoránaigh de Phoblacht inniu sinn toisc go raibh an misneach acu seasamh in éadan na hImpireachta ba mhó sa domhan agus féinchinntiúchán mar náisiún neamhspleách a éileamh. Eagrán 1

1916 Mendicity Garrison Relatives NUACHTLITIR

  • Upload
    others

  • View
    5

  • Download
    0

Embed Size (px)

Citation preview

Page 1: 1916 Mendicity Garrison Relatives NUACHTLITIR

September 2015 Issue 1

NUACHTLITIR

Inside this issue:

Taobh istigh den eagrán seo:

Did you register yet? Ar chláraigh tú fós?

2

Interesting websites Suíomhanna Idirlín suimiúla

3

The 1916 Relatives Association Cumann Gaolta 1916

3

Roll of honour 4

The Pension Records Bailiúchán na bPinsean

5

Commemoration - April 2015 Comóradh - Aibreán 2015

6,7

The Irish Language and 1916 An Ghaeilge agus 1916 A challenge for 2016 Dúshlán do 2016

8

Meán Fómhair 2015

1916 Mendicity Garrison Relatives

Gaolta Gharastún Mendicity 1916

“Ní saor amháin ach Gaelach, ní Gaelach amháin ach saor”

The 1916 Mendicity Garrison Relatives is an associated Garrison group of the Cumann Gaolta 1916 Relatives Association. It is a forum for relatives of those who fought in the Mendicity Institution during Easter Week 1916. We are currently making plans for the commemoration of the Centenary of the Rising next Easter at the Mendicity Institution on Usher’s Island, Dublin 8. We hope more of you will come to our ordinary meetings so that your views and suggestions can be heard. Those who fought in the “Battle of Heuston’s Fort” in Easter Week 1916 deserve to be remembered and commemorated by us. We also want to gather all their stories. We are citizens of a republic today because of their courage in standing against the largest Empire in the world and demanding their right to self-determination as an independent nation.

FÁILTE CHUIG ÁR gCÉAD NUACHTLITIR

WELCOME TO OUR FIRST NEWSLETTER

Is grúpa gharastún comhlachaithe de Chumann Gaolta 1916 Relatives Association é Garastún Mendicity 1916. Is fóram é do ghaolta na ndaoine a throid in Institiúid na Déircíochta le linn Seachtain na Cásca 1916. Faoi láthair táimid ag déanamh pleananna i gcomhair chuimhneachán Céad Bliain an tÉirí Amach ag Institiúid na Déircíochta, Oileán Uiséir, Baile Átha Cliath 8 an Cháisc seo chugainn. Tá súil againn go dtiocfaidh níos mó díbh go dtí ár ngnáth cruinnithe ionas go gcloistear bhur dtuairimí agus bhur moltaí. Tá sé tuillte ag na daoine a throid i “Cath Dhún Heuston” Seachtain na Cásca go gcuimhnímid orthu agus go gcomóraimid iad. Ba mhaith linn freisin na scéalta uile a bhaineann leo a bhailiú. Is saoránaigh de Phoblacht inniu sinn toisc go raibh an misneach acu seasamh in éadan na hImpireachta ba mhó sa domhan agus féinchinntiúchán mar náisiún neamhspleách a éileamh.

Eagrán 1

Page 2: 1916 Mendicity Garrison Relatives NUACHTLITIR

DID YOU REGISTER YET? There will be a Commemoration of the Centenary of the Easter Rising on Saturday 26th March 2016 to which all registered relatives will be invited. There will be a major State Ceremony of commemoration at the GPO, O’Connell Street, Dublin on Sunday 27th March 2016 to which only a number of relatives will be invited because of constraints due to the geography of the street. All who are to receive an invitation will be notified by 15th January 2016. Invitations will be limited to one per person and will be strictly non-transferable. The public will be able to view the Parade along the Parade route and it is intended that there will also be a public viewing area on O’Connell Street. Large screens will also be erected for maximum visibility. Relatives Application forms for registration and details of the GPO ceremony are available on the Department of Defence website www.defence.ie. The Word format form can be completed on the computer and e-mailed as an attachment to [email protected]. The PDF format can be printed off, completed by hand and posted to Executive Branch, Department of Defence, Station Road, Newbridge, Co Kildare.

All applications must be received by Wednesday, 30th September 2015.

Beidh Comóradh Céad Bliain Éirí Amach na Cásca ar an Satharn, 26ú Márta 2016 agus beidh cuireadh chuig seo ag gach gaol atá cláraithe. Tionólfar Searmanas Stáit mór Domhnach Cásca, an 27 Márta 2016, ag Ard-Oifig an Phoist,Sráid Uí Chonaill, Baile Átha Cliath chun comóradh a dhéanamh ar Éirí Amach na Cásca 1916. Beidh cuireadh ag cuid de na gaolta chuig an ócáid seo mar tá srian ar líon na gcuirí ar féidir a eisiúint mar gheall ar gheografaíocht Shráid Uí Chonaill. Cuirfear na daoine sin atá chun cuireadh a fháil ar an eolas faoi 15 Eanáir 2016, áfach. Beidh na cuirí a eiseofar teoranta do cheann amháin an duine agus ní féidir iad a aistriú chuig duine éigin eile. Beidh an pobal in ann féachaint ar an bParáid ar feadh bhealach na Paráide agus tá sé beartaithe go mbeidh láthair féachana poiblí ar Shráid Uí Chonaill chomh maith. Cuirfear scáileáin mhóra in airde le go mbeidh an líon is mó daoine is féidir in ann an ócáid a fheiceáil. Tá foirm iarratais do Ghaolta chun clarú chomh maith le mionsionraí den searmanas ag AOP le fáil ar shuíomh idirlín Na Reanna Cosanta www.defence.ie. Is féidir leat an leagan Word a chomhlánú ar an ríomhaire agus í a sheol ar ais mar cheangaltán do ríomhphoist chuig [email protected]. Is féidir leat an leagan PDF a chlóbhualadh, í a chomhlánú le peann agus í a sheoladh sa phost chuig An Brainse Feidhmiúcháin, An Roinn Cosanta, Bóthar an Stáisiúin, An Droichead Nua, Co. Chill Dara.

Ní mór gach iarratas a bheith faighte faoi Dé Céadaoin, 30 Meán Fómhair 2015.

AR CHLÁRAIGH TÚ FÓS?

2

Page 3: 1916 Mendicity Garrison Relatives NUACHTLITIR

Page 3 INTERESTING WEBSITES

Facebook 1916 Mendicity Garrison Relatives, is a Facebook page intended primarily for the descendents of Seán Heuston’s command during the Easter Rising but is open also to friends and anyone else interested in the story of “Heuston’s Fort” and our plans for the 2016 Centenary. You will find an historical account of the Battle of the Mendicity in the File section If you are a relative who is not already registered with the 1916 Mendicity Garrison Relatives please contact [email protected] naming the combatant to whom you are related and giving details of your relationship.

Is leathanach Facebook é Facebook 1916 Mendicity Garrison Relatives, dírithe go háirithe ar sliocht iad siúd a bhí faoi cheannas Sheáin Heuston i rith Éirí Amach na Cásca ach is féidir le cairde agus le haon duine eile atá spéis acu i scéal “Dhúin Heuston” agus ár bpleananna don Chomóradh Céad Bliain clárú leis. Tiocfaidh tú ar stair Cath Mendicity sa rannán “File”. Más gaol thú nach bhfuil cláraithe cheana le Gaolta Garastún Mendicity 1916 déan teagmháil le [email protected] ag tabhairt ainm an chomhraiceora lena bhfuil tú gaolta agus ag tabhairt sonraithe faoin ngaol atá agat leis/léi.

JOIN AT/CLÁRÚ AG: www.1916relatives.com This non-political Association recognises the Easter Rising as the seminal event in the independence of Ireland. It focuses exclusively on the build up to Easter 1916 and its immediate aftermath. It commemorates the men and women who fought for Irish freedom in the 1916 Easter Rising. It informs relatives about the events of 1916 and the 2016 commemorations to ensure participation of 1916 relatives and the general public in 2016 commemorations, to promote wider historical understanding of Easter Rising, participants and events, to create a commemoration legacy for future generations and to protect, mark and preserve the existing physical historical sites.

Aithníonn an Cumann neamhpholaitiúil seo Éirí Amach na Cásca mar an príomh-imeacht i neamhspleáchas na hÉireann. Díríonn sé ina hiomláine ar na hullmhúcháin do Cháisc 1916 agus ar na heachtraí a tharla díreach ina dhiaidh. Comórann sé na fir agus na mná a throid ar son saoirse na hÉireann in Éirí Amach na Cásca 1916. Cuireann sé gaolta ar an eolas faoi imeachtaí 1916 agus faoi na cuimhneacháin i 2016 chun a chinntiú go mbeidh baint ag gaolta 1916 agus ag an ngnáthphobal i gcuimhneachán 2016, chun tuiscint stairiúil níos fairsinge faoi Éirí Amach na Cásca, na daoine a ghlac páirt ann agus na himeachtaí féin a chur chun cinn agus chun oidhreacht chomórtha a chruthú do na glúine atá le teacht agus na suíomhanna stairiúla atá ann faoi láthair a chosaint, a mharcáil agus a chaomhnú.

SUÍOMHANNA IDIRLÍNE SUIMIÚLA

3

Page 4: 1916 Mendicity Garrison Relatives NUACHTLITIR

ROLL OF HONOUR - ROLLA ONÓRA

4

Page 5: 1916 Mendicity Garrison Relatives NUACHTLITIR

5

THE PENSION RECORDS Access on-line pension records of those who fought in 1916 by googling “military service pensions”. Click on icon with compass, then on the Dublin area on the map and then search “Mendicity” to get the names of the Garrison who claimed pensions. Clicking on the name will give a summary of the applicant and further digital records that are available. Now, see whether your relative is there!

BAILIÚCHÁN NA BPINSEAN Téigh isteach ar líne i mbailiúchán na bpinsean de na daoine a throid i 1916 trí “military service pensions” a gúgláil. Gliogáil ar an deilbhín leis an gcompás, ansin ar cheantar Átha Cliath ar an léarscáil agus déan cuardach faoi “Mendicity” chun ainmneacha na daoine ón Gharastún a d’iarr pinsean. Gliogáil ar an ainm chun eolas a fháil faoin iarratasóir agus faoi chuntais dhigiteacha eile atá le fáil. Anois féach an bhfuil do ghaol ann!

Page 6: 1916 Mendicity Garrison Relatives NUACHTLITIR

COMÓRADH - AIBREÁN 2015

COMMEMORATION - APRIL 2015 On Sunday, 26th April 2015 the Mendicity Garrison Relatives held wreath-laying ceremonies at the front (Usher’s Island) and rear (Island Street) of The Mendicity Institution. Special thanks to John Stephenson, Helen Kelly and Declan Costello for organising the event. Over sixty relatives attended. The wreaths were laid by Councillor Mannix Flynn and Gabriel Kelly. The piper and the men dressed in Irish Volunteer Uniforms contributed greatly to the occasion. The day was a useful trial-run for next year’s ceremonies. If any of you who attended have suggestions to make to enhance such an event please forward your com-ments to us. Lillies were also placed on the grave of Peter Wilson at Dr Steeven’s Hospital.

Ar an Domhnach, 26 Aibreán 2015 bhí searmanais fleascleagain os comhair (Oileán Uiséir) agus ar chúl (Sráid na hInse), Institiúid na Déircíochta. Gabhaimid buíochas do John Stephenson, Helen Kelly agus Declan Costello as an ócáid a eagrú. Bhí os cionn seasca scata de na gaolta i láthair. Leag an Comhairleoir Mannix Flynn agus Gabriel Kelly na bláthfhleascanna. Chuir an píobaire agus na fir gléasta mar Óglaigh na hÉireann go mór leis an ócáid. B’iarracht thrialach an-úsáideach é i gcóir searmanais na bliana seo chugainn. Má tá moltaí ag aon duine agaibh a d’fhreastal ar an searmanas faoi conas ócáid mar seo a dhéanamh níos fearr seolaigí bhur mbarúlacha chugainn le bhur dtoil. Cuireadh lilí freisin ar uaigh Peter Wilson i ngairdín ospidéil Dr Steeven.

6

Page 7: 1916 Mendicity Garrison Relatives NUACHTLITIR

7

Page 8: 1916 Mendicity Garrison Relatives NUACHTLITIR

AN GHAEILGE AGUS 1916 The desire for national independence sprang from the Celtic Revival movement. The Gaelic League was founded in 1883 after Douglas Hyde’s call to action for the de-Anglicisation of Ireland. Thousands of young people joined it and attended its classes and cultural events. These nationalists sought a new vision for an Independent Ireland and not a copy of England. Freedom alone without a distinctive national identity would be an empty freedom. This was understood by many nationalists. “It was only by baptism at the fount of Gaelicism that we would get the strength and ardour to fit us for freedom “ (Thomas Davis). “Not only free but Gaelic, not only Gaelic but free.” (Patrick Pearse). “Irish history will recognise in the birth of the Gaelic League in 1893 the most important event of the nineteenth century. I may go further and say, not only in the nineteenth century, but in the whole history of our nation.” (Michael Collins).

A CHALLENGE FOR 2016 One way we can commemorate our 1916 relatives is to make an effort to reclaim our Gaelic Heritage, to support the Gaelscoileanna and Gaelcholáistí and to foster and encourage a love of the language in our children and grand-children. There are always classes in Irish available at local schools, though Conradh na Gaeilge, Oideas Gael, etc. Supporting books and CDs are available in every library and one can watch TG4 and listen to Radio na Gaeltachta. There is no reason to say “I would love to speak the language but…”. That is just the excuse of the lazy. Our relatives did not say “I would love an independent Ireland but..”. They rose and fought for it. Reconnect with your Irish socially through attending conversation groups and tea & coffee mornings. See peig.ie from Conradh na Gaeilge and nasclegaeilge.org for a list of venues in the Dublin area where people meet and chat in Irish over tea/coffee.

Tháinig an mian do neamhspleáchas náisiúnta ón Athbheochan Cheilteach. Bunaíodh Conradh na Gaeilge i 1883 i ndiaidh treoir chun gníomh Dhúghlas de hÍde Éire a dhíghalldú. Chláraigh na mílte ógánach leis agus d’fhreastail siad ar a ranganna agus ar a n-imeachtaí cultúrtha. Bhí na náisiúnaithe seo ag lorg aisling nua d’Éire Neamhspleách agus ní macasamhail de Shasana. Ní bheidh sa tsaoirse gan sainfhéiniúlacht náisiúnach ann ach an tsaoirse fholamh. Bhí an tuiscint seo ag a lán tírghráthóirí. “Ba é an baisteadh ag umar na Gaeilge amháin a thug an láidreacht agus an díograis chun sinne a chur in oiriúint don tsaoirse” (Tomás Dáibhís). “Ní saor amháin ach Gaelach, ní Gaelach amháin ach saor” (Pádraig Mac Piarais). “Aithneoidh Stair na hÉireann i mbreith Chonradh na Gaeilge i 1883 an eachtra is tábhachtaí sa naoú haois déag. Is féidir liom dul níos faide agus a rá, ní hamháin sa naoú haois déag, ach i stair iomlán ár náisiúin” (Mícheál Ó Coileáin).

DÚSHLÁN DO 2016 Slí amháin inar féidir linn ár ngaolta 1916 a chomóradh ná trí hiarracht a dhéanamh ár nOidhreacht Ghaelach a athghabháil, trí thacaíocht a thabhairt do na Gaelscoileanna, do na Gaelcholáistí agus trí ghrá don teanga a chothú agus a spreagadh inár bpáistí agus inár ngarpháistí. Bíonn ranganna Gaelacha le fáil i gcónaí sna scoileanna áitiúla, trí Chonradh na Gaeilge, trí Oideas Gael agus araile. Tá leabhair thacaíochta agus dlúthdhioscaí le fáil i ngach leabharlann agus is féidir féachaint ar TG4 nó éisteacht le Raidió na Gaeltachta. Níl fáth ar bith le rá “Ba mhaith liom an teanga a labhairt ach...”. Is leithscéal don duine leisciúil é sin. Ní dúirt ár ngaolta i 1916, “Ba mhaith liom go mbeadh Éire neamhspleách ach …”. D’éirigh siad agus throid siad len í a bhaint amach. Athnasc arís le do chuid Gaeilge go sóisialta trí fhreastal ar chiorcail chomhrá agus ar mhaidineacha caife/tae. Féach ar peig.ie ó Chonradh na Gaeilge agus ar nasclegaeilge.org do liosta de na hionaid i gceantar Bhaile Átha Cliath ina mbuaileann daoine le chéile chun caife/tae a ól agus chun caint i nGaeilge.

8

THE IRISH LANGUAGE AND 1916